Ag plé le haincheisteanna measúnaithe i suíomhanna luathbhlianta Gaelscolaíochta

Mhic Aoidh, Eibhlín

This paper describes elements of a thesis as part of requirements for an EdD (Doctorate in Education) at Queen’s University Belfast. The subject is assessment in early years (ages 4-6) Irish-medium [IM] primary schools in the north. It will analyse assessment practices in a sample of IM schools and units, with a focus on participants’ perspectives  through the narratives of teachers and principals. The analysis is embedded in Lave’s socio-cultural framework of arenas and settings (1988). The data explains how practitioners address contradictions in assessment policy in their settings. The data show the interactive nature of early years IM assessment and the value of teacher observation but also the paucity of appropriate assessment tools for foundation stage IM pupils compared to those available in English. The study cautions against the practice of assessing pupils educated through the medium of Irish by tools designed and normed for monolingual pupils.

Dáta foilsithe:
19/10/2017

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
suíomhanna, fearainn, polasaí measúnaithe, measúnú suimitheach, measúnú múnlaitheach, luath-thumoideachas

DOI:
10.18669/ct.2017.02

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Déanfar scagadh san alt seo ar thaighde a rinneadh mar chuid de chéim Dochtúireachta san Oideachas (EdD). Measúnú sna luathbhlianta (aois 4-6) i scoileanna lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann is ea ábhar an ailt. Déanfar anailís ar chleachtais mheasúnaithe i sampla de scoileanna agus d’aonaid lán-Ghaeilge de réir mar a chuireann múinteoirí agus príomhoidí síos ar na cleachtais sin. Tá an anailís neadaithe i bhfráma teoiriciúil soch-chultúrtha Lave (1988) ar fhearainn (‘arenas’) agus ar shuíomhanna (‘settings’). Míníonn na sonraí taighde an dóigh a ndéanann cleachtóirí codarsnachtaí sna polasaithe measúnaithe a láimhseáil i suíomhanna ar leith. Léiríonn na sonraí go bhfuil an measúnú i luathbhlianta na Gaelscolaíochta idirghníomhach, go bhfuil breathnóireacht an mhúinteora luachmhar agus gur tearc an líon uirlisí measúnaithe atá ar fáil do dhaltaí Bonnchéime trí Ghaeilge i gcomparáid le líon na n-uirlisí atá ar fáil trí Bhéarla. Cuireann an staidéar ar ár n-airdeall sinn faoin chaoi nár chóir daltaí a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge a mheas le huirlisí atá deartha agus caighdeánaithe do pháistí aonteangacha Béarla.

© Eibhlín Mhic Aoidh, 2017

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Mhic Aoidh, Eibhlín

Teagmháil:

e.mhicaoidh@smucb.ac.uk

Beathaisnéis:

Is léachtóir sinsearach san Oideachas trí mheán na Gaeilge í Eibhlín Mhic Aoidh i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Bíonn sí ag teagasc ar chúrsaí B.Oid, TICO (Teastas Iarchéime san Oideachas) agus M.Oid. Tá suim faoi leith aici i bhfoghlaim sna luathbhlianta in earnáil na Gaelscolaíochta agus sna deiseanna a chuireann an súgradh ar fáil le Gaeilge a fhoghlaim agus a shaibhriú.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.