‘A bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin’: an teanga fhíortha agus próiseas an deasghnátha i seoithín traidisiúnta ó Ghaeltacht Mhúscraí

Ní Shíocháin, Tríona

‘Oh woman down there by the stream’: figurative language and ritual process in a traditional lullaby from the Muskerry Gaeltacht

Abstract

This paper discusses the concept of Bean an Leasa, or the woman of the fairy fort, as represented in a traditional lullaby from the Muskerry Gaeltacht beginning ‘Oh woman down there by the stream’. The lullaby form is closely associated with the domestic sphere and constitutes an every-day and elusive creative practice that might well escape notice. It is argued here, however, that the lullaby form was an important medium through which Irish-speaking women could negotiate existential challenges in their personal lives. Key to this was the liminality of song which combined with discourses of the fairy realm in the lullaby to create a world of its own outside of ordinary life, a place of veiled communication and contestation. Drawing on the work of Máire Ní Annracháin on figurative language in the Irish tradition, and on the work of Angela Bourke on fairy legend, the connections between metaphor, the otherworld, and the ritual function of the lullaby form is explored. The traditional lullaby contains strong overtones of magic and ritual (Ó Madagáin 1989, 1992), and is here theorised as a liminal experience that punctuates ordinary domestic life, allowing the subject to create meaning out of marginality, thus passing safely through difficulty or crisis. It is argued that the embodiment through song of the woman in the fairy fort generates bonds of communitas between women, both real and imagined, that enabled female resilience and resistance within the world of men. Thus, this beautiful yet unassuming song can be understood as part of a conceptual world integral to Irish-speaking women’s traditions of thought.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
30/11/2020

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
an smaointeoireacht, an tairseachúlacht, an teanga fhíortha, an saol eile, an seoithín

DOI:
10.18669/ct.2020.05

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Déanfar plé sa pháipéar seo ar choincheap Bhean an Leasa mar atá le fáil sa seoithín traidisiúnta ‘A bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin’ ó Ghaeltacht Mhúscraí. Ba ghnáthchuid de chleachtais thraidisiúnta amhránaíochta é an seoithín a bhí ceangailte go dlúth le saol an teaghlaigh agus le cúram leanaí go háirithe. Bhí rian an deasghnátha agus na draíochta go láidir air (Ó Madagáin 1989, 1992) agus ba chleachtas cruthaitheach é dá réir sin a tuigtí mar chosaint ar an dainséar, agus a bhí nasctha go dlúth le tuiscintí an phobail ar an osnádúr. Ag tarraingt ar shaothar Mháire Ní Annracháin ar an teanga fhíortha i dtraidisiún na Gaeilge, agus ar shaothar Angela Bourke ar na scéalta sí, cíorfar an nasc idir an meafar, an saol eile, agus feidhm dheasghnáthaíoch na hamhránaíochta i gcás an tseoithín seo. Díreofar go speisialta ar an aistear tairseachúil a chruthaíodh an seoithín traidisiúnta don tsuibiacht bhaineann, ar an ionchollú trí mheán na hamhránaíochta ar bhean shamhailteach an leasa, agus ar an bhfeidhm ar leith a bhí le domhan fíorúil an amhráin mar le ‘communitas’ nach beag a chruthú idir mhná. Sholáthraigh dioscúrsaí trí mheán na hamhránaíochta ar an bhfuadach sí smaointeoireacht shofaisticiúil choincheapúil a chuir ar chumas na mban dul i ngleic le gnéithe fíordhúshlánacha dá saol. Ní hamháin go raibh tábhacht nach beag ag baint leis an seoithín traidisiúnta mar le teachtaireachtaí rúnda agus dioscúrsaí faoi cheilt a nochtadh agus a phlé i measc na mban, dá réir, ach d’fhág feidhm dheasghnáthaíoch an tseoithín teacht aniar ar leith sna mná in am an ghátair.

© Tríona Ní Shíocháin, 2020

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International (CC BY-NC 4.0).

Údar:
Ní Shíocháin, Tríona

Teagmháil:

triona.nishiochain@mu.ie

Beathaisnéis:

Scoláire idirdhisciplíneach Gaeilge agus Ceoil is ea an tOllamh Tríona Ní Shíocháin a bhfuil suim ar leith aici i léann an taibhléirithe, i dtraidisiúin bhéil agus amhránaíochta na Gaeilge, sa cheol traidisiúnta, sa chleachtas cruthaitheach, i bhfilíocht an ochtú agus an naoú haois déag, i dtaibhléiriú na suibiachtúlachta, agus i stair na smaointeoireachta. Ceapadh í ina hOllamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona in Ollscoil Mhá Nuad in 2021. Roimis sin do bhí sí ina Ceann Roinne agus ina Léachtóir le Ceol Gaelach i Roinn an Cheoil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus roimis sin arís do bhí sí ina Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh, áit inar chaith sí roinnt blianta mar Cheann Léann na Gaeilge. Foilsíodh Bláth ’s Craobh na nÚdar: Amhráin Mháire Bhuí léi in 2012, Singing Ideas: Performance, Politics, and Oral Poetry léi in 2018, agus foilsíodh cnuasach aistí dar teideal Ní Insint Dán ach Bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh in 2019 a chuir sí in eagar i gcomhpháirt leis an Dr. Ríona Ní Churtáin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.