An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair
Cathal Póirtéir
Cló Iar-Chonnacht (2023) | 391 lch | ISBN: 9781784442484 | €20
Bhí tríreog chainte i seanchas na ndaoine i nGaoth Dobhair a bhfuil ‘Na trí bheagán is fearr ar bith’ mar theideal air: ‘Beagán uaisle i dtír, beagán ba ar mhórán féir, beagán síl ar fhairigh mhaith’ (Ó Baoill 1986: 63). Mar a léiríonn an leabhar seo le Cathal Póirtéir ar An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair, ní rómhinic a bhíodh fís idéalach na tríreoige agus fíorshaol na ndaoine ag teacht lena chéile sa tréimhse a raibh George Hill ar dhuine de na tiarnaí talaimh ba mhó sa pharóiste ó 1838 go dtína bhás sa bhliain 1879. Tá aithne ar Phóirtéir mar chraoltóir agus mar scríbhneoir a bhfuil taighde cuimsitheach déanta aige ar bhéaloideas an Ghorta. Sa leabhar úr seo óna pheann, cuireann sé hata an staraí agus an bheathaisnéisí air féin le scéal corrach casta a ríomh faoi Hill agus a oidhreacht i bpobal Ghaoth Dobhair.
Nuair a thug Hill a chéad chuairt ar Ghaoth Dobhair sa bhliain 1834, in éineacht lena chara James Dombrain, ardchigire ar an Gharda Cósta agus fear a raibh eastát ceannaithe aige féin i nDún Lúiche sa bhliain 1829, bhí teannas sa chaidreamh idir tiontóntaí agus úinéirí talaimh sa cheantar. In iontráil a scríobh Dombrain i Leabhar na gCuairteoirí sa Gweedore Hotel roinnt blianta dar gcionn, thug sé le fios gur spreag an drochriocht ina raibh cúrsaí sa taobh sin tíre Hill le talamh a cheannach agus lena chuid tuiscintí féin ar chúrsaí bainistíochta agus ‘sibhialtachta’ a chur i bhfeidhm ar phobal na háite:
…his Lordship [Hill] accompanied me on a tour around the West and N.W. Coast of Ireland. The wretched sights he then saw and the bad management, or rather the absence of any management, of many Estates first suggested to his honourable mind the idea of purchasing a property and working out his own views as to raising the People to a moral and social scale of civilisation. (luaite in Póirtéir 2023: 66)
Téama is ea ‘tabhairt chun sibhialtachta’ an phobail agus an tírdhreacha áitiúil a thagann chun cinn go minic sna nótaí a scríobh aíonna an óstáin a thóg Hill ar bhruach na Cláidí sa bhliain 1842, agus a bhain clú amach mar ‘thearmann i lár an fhiántais’ do na ‘maithe agus móruaisle’ a bhíodh ag tarraingt air as Éirinn, an Bhreatain agus níos faide i gcéin (123). Ach an oiread leis an timpeallacht fhisiciúil a smachtú agus a fhorbairt, cloch mhór ar phaidrín an tiarna talaimh sa tréimhse seo ab ea ‘bisiú’ morálta agus sóisialta na ndaoine a bhí ag cur fúthu ar a chuid talaimh. Tá an fhoclaíocht chéanna a d’úsáid Dombrain sa nóta thuas le léamh go fóill ar leacht cuimhneacháin a choimisiúnaigh baill de phobal Eaglais na hÉireann i dTeampall Naomh Pádraig, ar an Bhun Bheag, i ndiaidh bhás Hill: ‘he devoted his life and fortune to civilize Gweedore, and to raise its people to a higher social and moral level’ (315, liomsa an bhéim).
Ba sa bhliain 1838 a cheannaigh Hill talamh i nGaoth Dobhair den chéad uair, agus lean sé air go dtí go raibh 23,000 acra ina sheilbh aige i bparóiste Thulacha Beigile Thiar, mar a thugtaí air go hoifigiúil san am. Chuir na margaí a rinne sé le limistéir mhóra talaimh a cheannach ó thiarnaí talaimh eile tús le caidreamh fadsaolach leis an cheantar a mhairfeadh i gcuimhne na ndaoine i bhfad i ndiaidh do Hill féin imeacht ar shlí na fírinne. Pearsa chonspóideach is ea Hill i stair Ghaoth Dobhair go dtí an lá atá inniu ann, agus, mar a mhíníonn Póirtéir i réamhrá an leabhair, ‘ní raibh, agus níl, achan duine ar aon intinn faoin mhéid a rinne [sé] sa pharóiste’. Iarracht atá sa leabhar seo, mar sin, ‘fíricí agus barúlacha faoi Hill agus Gaoth Dobhair a tharraingt le chéile lena gcomhthéacs staire agus pearsanta agus lena oidhreacht sa cheantar a mheas go cothrom’ (10).
Go gairid i ndiaidh dó talamh a cheannach sa cheantar, dhírigh Hill ar scéimeanna forbartha a chur i bhfeidhm le feabhas a chur ar infreastruchtúr na háite, ina measc áith, cé agus stór coirce a thógáil ar an Bhun Bheag sa bhliain 1839 (63), agus an Gweedore Hotel a osclaíodh ag deireadh an tsamhraidh sa bhliain 1842 (122). Mar a phléann Póirtéir sa chaibidil dar teideal ‘Gaoth Dobhair roimh Hill’, áfach, bhí an paróiste seo ar cheann de na ceantair ba bhoichte in Éirinn i dtaca le cúrsaí talmhaíochta de. Roimh theacht Hill chun na háite sna 1830idí ‘ba bheag an spéis a bhí ag na húinéirí [talaimh] i bhforbairt na talmhaíochta ansin ná sna cíosanna beaga a bhain siad ó na daoine le dua’ (70). Tá an chaibidil seo ar an cheann is faide sa leabhar (66 leathanach). Tugtar léargas cuimsitheach inti ar thíreolaíocht agus stair shóisialta an cheantair san ochtú agus sa naoú haois déag, ó chúrsaí lonnaíochta agus tithíochta go cúrsaí talmhaíochta agus iascaireachta, chomh maith le heacnamaíocht an cheantair agus an tábhacht a bhain leis an fhostaíocht shéasúrach in Albain agus i gceantar an Lagáin do theacht isteach na ndaoine. Déanann Póirtéir mionphlé ar ‘rundale’, córas traidisiúnta feirmeoireachta a raibh an roinnt cuibhreann mar bhunús leis, agus ar chleachtais eile a bhí ag pobal Ghaoth Dobhair leis an leas is fearr a dhéanamh de dhrochthalamh an cheantair.
Bhí a mhacasamhail de chóras i gceist le ‘runrig’ na hAlban, agus bhí solúbthacht agus an-chiall ag baint leis i gcomhthéacs thírdhreach agus thalamh Ghaoth Dobhair. Bhí sé fite fuaite leis an bhuailteachas agus le gnásanna lárnacha eile i saol na ndaoine, go háirithe an mheitheal agus an t-airneál. Faoin am ar tháinig Hill go Gaoth Dobhair sna 1830idí, áfach, bhí an córas traidisiúnta talmhaíochta seo faoi bhrú mar go raibh athroinneadh á dhéanamh ar an talamh ‘glúin i ndiaidh glúine agus an daonra ag dul i méid’ (95). Mar a mhíníonn Breandán Mac Suibhne in alt tábhachtach leis ar Chogadh na gCaorach i nGaoth Dobhair, ‘[s]ubdivision had reduced most arable holdings to about five acres made up of lilliputian plots’ (1995: 551). Ní hé amháin sin, ach chuaigh fealsúnacht comhphobail an chórais seo, a raibh cearta an phobail ar thalamh coiteann mar bhunús leis, go hiomlán i gcoinne fhealsúnacht an chaipitleachais, a raibh smacht agus cearta an tiarna talaimh ar thalamh príobháideach fréamhaithe inti. Mar a aithníonn Póirtéir: ‘Bhí coimhlint idir an focal scríofa agus an focal béil, idir traidisiún neamhscríofa an phobail agus dlíthe scríofa na dtiarnaí talaimh’ (98).
Ach an oiread le tiarnaí talaimh eile a raibh tailte acu sa cheantar sna blianta roimh an Ghorta, chreid Hill gur chóras mí-éifeachtach amach is amach é ‘rundale’ agus chuir sé féin agus a ghníomhaire, Francis Forster, rompu deireadh a chur leis:
Bhí sé doiligh do Hill an loighic taobh thiar den chóras traidisiúnta a thuiscint mar gur tógadh é le dearcadh agus taithí eile ar fad ar thalamh mhéith in oirthear Uladh. Iarsma gan bhrí ón tseansaol a bhí i rundale dar le Hill agus a chuid comhairleoirí agus b’éigean fáil réidh leis (97).
Dar le Póirtéir, chuaigh Hill i muinín shaothar an Chaiftín John Pitt Kennedy, fear de bhunadh Thír Chonaill a raibh cúlra aige mar innealtóir míleata agus mar bhainisteoir feirme do thiarna talaimh i gceantar Bhealach Féich, sna hiarrachtaí a rinne sé gabháltais talaimh Ghaoth Dobhair a dheighilt ina bhfeirmeacha cearnógacha. Nuair a chonaic na tionóntaí na pleananna do na feirmeacha nua, áfach, chuir siad ina gcoinne ar an bhunús nach roinnfí an talamh go cothrom. Chuir an sagart paróiste agus na tionóntaí coiste le chéile ‘le tabhairt ar an tiarna talaimh athmhachnamh a dhéanamh le cinntiú go mbeadh talamh maith agus talamh measartha ag achan duine’ (101). Ba é an réiteach a bhí ar an scéal gur roinneadh an talamh ina stráicí fada ag dul síos chomh fada leis an fharraige, ionas go raibh talamh de mheascán caighdeáin ag gach tionónta: tá na cutanna seo, mar a thugtar orthu go háitiúil, le feiceáil i bpatrúin lonnaíochta an cheantair go dtí an lá atá inniu ann, mar shampla ar thaobh na farraige den bhealach idir an Bun Beag agus na Doirí Beaga. Ach an oiread leis an athroinnt a rinne sé ar ghabháltais na dtionóntaí, chuir Hill 11,000 acra de thalamh sléibhe an cheantair, a bhíodh in úsáid ag na tionóntaí mar choimíneacht le blianta fada, ar leataobh dá úsáid féin amháin.
In ainneoin na n-athruithe éagsúla a chuir Hill i bhfeidhm i nGaoth Dobhair sna blianta roimh an Ghorta, dar le Póirtéir nach raibh ‘teannas mór ar bith sa chaidreamh idir Hill agus an mhórchuid de na tionóntaí’ go dtí na blianta i ndiaidh an Drochshaoil. Fíric a chuirfeas iontas ar léitheoirí, b’fhéidir, ná gur tháinig fás beag ar dhaonra an pharóiste idir 1841 agus 1851, de réir an daonáirimh; maíonn Póirtéir gur féidir ‘iarrachtaí Hill ar son na dtionóntaí a áireamh ar na príomhchúiseanna a bhí leis an toradh dearfach sin i bparóiste Ghaoth Dobhair’ (171). Díol suntais é gurbh amhlaidh an scéal i bparóiste Chloich Chionnaola, a ndeir Lillis Ó Laoire faoi gurbh ‘fhearr a tháinig an pobal as an Ghorta ná mar a tháinig cuid mhór pobal eile’, mar go raibh bunús na dtiarnaí talaimh ina gcónaí ar a gcuid eastát ‘agus bhí siad gníomhach ag soláthar bidh le linn na géarchéime’ (Ó Laoire 2000: 81). Ní hionann sin is a rá nár bhuille uafásach é an Gorta sa cheantar, mar atá le feiceáil sna cuimhní atá le léamh in Glórtha ón Ghorta, leabhar eile le Póirtéir (1996). Faoin am ar tháinig an dubh ar na prátaí i samhradh na bliana 1845, bhí cleachtadh ag sciar maith de dhaonra an pharóiste ar an anás, nó bhíodh drochfhómhair ann go minic sna 1830idí. Tugann an achainí a scríobh máistir scoile i Mín an Chladaigh, Patrick M’Kye, chuig an Tiarna Leifteanant Mulgrave sa bhliain 1836, léargas ar an bhochtaineacht leitheadach agus na coinníollacha truacánta a raibh bunús mhuintir Ghaoth Dobhair ag streachailt leo deich mbliana roimh aimsir an Drochshaoil: ‘the most needy, hungry and naked condition of any people that ever came within the precincts of my knowledge … I have … never witnessed the tenth part of such hunger, hardships and nakedness’ (76). Thug cuairteoirí go Gaoth Dobhair cuntas ar a mhacasamhail de chruatan agus d’anás sna blianta idir 1845 agus 1848. Mhair cuimhne ar fhulaingt an phobail le linn na tréimhse seo go láidir i gcuimhne na ndaoine nuair a bhí Coimisiún Béaloideasa Éireann i mbun bailithe i nGaeltacht Thír Chonaill céad bliain dár gcionn sna 1930idí agus 1940idí (147–148; 175–177). Is cinnte gur bua de chuid an tsaothair é an dóigh a sníonn Póirtéir scéalta a bailíodh ó bhéalaithris na ndaoine san fhichiú haois le foinsí ó lár an naoú céad déag. Más deacair na cuntais ar fhulaingt na ndaoine i mblianta sin an ocrais a léamh, is truamhéalaí arís iad nuair a dhéantar comparáid idir taithí chuid de thionóntaí Hill agus an t-eispéireas a bhí ag cuairteoirí chuig an Gweedore Hotel sna blianta céanna: ‘Good food and excellent wine, and above all good Cooking and attendance with great civility and attention’. Ba é sin a scríobh J. Marshall, a bhí ag obair leis an Gharda Cósta, faoina chuairt ar an óstán i samhradh 1846 (180), an bhliain chéanna a raibh méadú ar na tuairiscí go raibh cuid de mhuintir na háite ag ithe feamainne lena mbeatha a thabhairt i dtír (146).
Chuaigh an caidreamh idir Hill agus a chuid tionóntaí in olcas sna blianta i ndiaidh an Ghorta, tráth ar chuir Hill arduithe cíosa a bhí ar an mhéar fhada aige le fada i bhfeidhm, agus ar thosaigh sé ag éileamh táillí innilte ar chuid den talamh ard: ‘Bhí a chuid báillí ag cur ainmhithe sa phunta agus ag gearradh fíneáil ar thionóntaí a ndeachaigh a gcuid ainmhithe gan cead ar an talamh s’aige’ (197). Mar bharr ar an donas, thosaigh Hill agus tiarnaí talaimh eile sa cheantar ag ligean talamh sléibhe ar cíos le feirmeoirí caorach as Sasana agus as Albain. Míníonn Póirtéir go raibh tionóntaí agus a lucht tacaíochta in Éirinn ar an eolas faoin ghortghlanadh a rinneadh ar Ghaeil na hAlban san ochtú agus san naoú haois déag, ‘nuair a bhain tiarnaí talaimh móra úsáid as an lámh láidir leis an ruaig a chur ar thionóntaí le breis airgid a dhéanamh as an talamh sin ar níos lú trioblóide’, agus go raibh imní orthu go dtitfeadh a mhacasamhail de chinedhíothú amach i dTír Chonaill (191). Sa mhullach air sin, theip ar na prátaí sna blianta 1852, 1854 agus 1856, rud a mhéadaigh an teannas idir Hill agus pobal Ghaoth Dobhair. Ba sa chomhthéacs seo a bhris Cogadh na gCaorach amach sa cheantar idir 1856 agus1858, eachtra a dtugann Breandán Mac Suibhne ‘a highly organised campaign against specific targets which entailed both outrages and political activity’ uirthi (1995: 576). Ba thréimhse chorraitheach í seo a raibh eachtraí uafáis, ina measc ionsaithe ar thiarnaí talaimh agus ar shréadaithe, goid agus marú caorach, agus baint na n-eireaball de bheithígh, ag tarlú go rialta. Bhí teannas cuimsitheach idir na tiarnaí talaimh agus na sréadaithe Albanacha, ar lámh amháin, agus na tionóntaí agus a lucht tacaíochta ar an lámh eile. Aibhsíonn Póirtéir an ról lárnach a bhí ag sagairt Ghaoth Dobhair, go háirithe an sagart paróiste Seán Ó Dochartaigh, agus an t-iriseoir Dennis Holland san fheachtas bolscaireachta i gcoinne Hill a bhí faoi lán seoil sa tréimhse seo.
Mar a mhíníonn Póirtéir, spreag na líomhaintí a rinne Holland agus na sagairt i gcoinne Hill agus tiarnaí eile an cheantair gníomhaíocht idirnáisiúnta ar son na dtionóntaí agus chuidigh siad le bunú roghchoiste parlaiminte a d’fhiosraigh anás sa cheantar (229–232). Shuigh an Roghchoiste Parlaiminte ar Anás (Gaoth Dobhair agus Cloich Chionnaola) i Westminster ó 8 Meitheamh go 2 Iúil 1858 agus thug 31 duine fianaise:
Ba iad tiarnaí talaimh Ghaoth Dobhair agus Chloich Chionnaola ba mhó a thug fianaise lena n-iompar féin a chosaint. Ba iad na sagairt agus a lucht tacaíochta a rinne iarracht anás a léiriú agus an locht a chur ar na tiarnaí talaimh (249–250).
Tugadh fianaise thruacánta don Roghchoiste faoi chúinsí maireachtála na ndaoine sa cheantar. Dúradh go raibh an pobal áitiúil ní ba mheasa sa bhliain 1858 ná mar a bhí siad sna blianta i ndiaidh an Ghorta, agus go raibh ceantair áirithe ina raibh bochtaineacht uafásach ar fad. Ceann de na téamaí a thagann chun cinn san fhianaise ná go raibh náire ar mhná an teach a fhágáil ceal éadaí fóirsteanacha a bheith acu: ‘many of the females had but one garment upon them, and very few had shawls or anything else, and some of them shrank behind the others to hide their half-clad persons’ (257). Is fada radharcanna den chineál seo ón chur síos a fhaightear i gcéadchaibidil an leabhair ar an ‘liosta le háireamh’ d’éadaí galánta a chaith Cassandra Knight an lá a phós sí George Hill i Londain sa bhliain 1834 (29). In ainneoin na fianaise a cuireadh os comhair an Roghchoiste, chinn na baill ‘nach raibh anás i nGaoth Dobhair ná i gCloich Chionnaola agus nach raibh locht ar na tiarnaí talaimh as an bhochtaineacht a bhí ann. Mhol [an coiste] an imirce mar leigheas ar na fadhbanna sa cheantar’ (293). Dar le Póirtéir, ba thoradh é seo a d’fhíoraigh tuar John F. Maguire, bunaitheoir an Cork Examiner agus an t-aon Chaitliceach ar an choiste, ‘[that the select committee] would see with the landlord’s eyes, hear with the landlord’s ears and judge with the intellects of the landed aristocracy’ (294).
Is saothar cuimsitheach é seo a mhéadaíonn ár dtuiscint ar George Hill mar phearsa stairiúil agus a chuireann go mór lenár dtuiscint ar oidhreacht Hill i bparóiste Ghaoth Dobhair. Is cinnte go bhfuil éacht taighde déanta ag Cathal Póirtéir, a bhfuil ceithre leabhar foilsithe aige ar an Ghorta Mhór, agus a bhfuil lorg a chuid saineolais ar an tréimhse sin le sonrú sa leabhar is deireanaí seo uaidh. Is mór an cuidiú iad na fonótaí agus an liosta foinsí, idir fhoinsí cartlainne neamhfhoilsithe, nuachtáin, agus fhoinsí foilsithe, don té ar mian leis breis cíortha a dhéanamh ar ghné ar bith de na heachtraí a ndírítear orthu síos tríd an saothar. Bíodh is go bhfuil stíl na scríbhneoireachta an-soiléir, éiríonn an bhéim a leagtar ar eolas fíriciúil agus ar shleachta fada athfhriotail ó fhoinsí bunaidh trom ar an léitheoir in áiteanna, agus tá an léim ó rannóg amháin go rannóg eile rud beag tobann anseo is ansiúd. Sna caibidlí luatha, mar shampla, ina ndéantar comhthéacsú ar chúlra agus teacht in inmhe Hill ‘i gceann de na teaghlaigh ba shaibhre in Éirinn nó sa Bhreatain’ (11), cuirtear líon mór eolais fhíriciúil os comhair an léitheora faoi dhaoine a raibh teidil thaibhseacha acu. Téann sé deacair ar an léitheoir cuntas a choinneáil ar na pearsana agus a mbaint leis an scéal, in amanna. Baineann easpa soiléire le mír i gCaibidil 3, mar shampla, áit a luaitear go raibh Hill agus a pháistí gar do ‘Lizzy ag Dame Court’ (59) nuair a d’aistrigh siad go Kent sa bhliain 1842, ach ní luaitear sloinne Lizzy agus níl sé an-soiléir ó na leathanaigh roimhe sin cérbh í féin, ná cén caidreamh a bhí aici le Hill agus a theaghlach. Is dóigh liom go seachnófaí cuid den mhearbhall a eascraíonn ón líon mór ainmneacha agus eolas fíriciúil dá mbeadh innéacs ainmneacha pearsanta, agus crann ginealaigh mhuintir Hill agus a mhná céile, san áireamh leis na mapaí de cheantar Ghaoth Dobhair agus na haguisíní de chúrsaí airgeadais Hill a chuirtear ar fáil don léitheoir.
Mar sin féin, tugann Póirtéir léargas suimiúil síos tríd an leabhar ar chaidreamh Hill lena thionóntaí, agus éiríonn leis mórán de na heachtraí a phléitear a shuíomh ina gcomhthéacs náisiúnta. Ceadaíonn sé riar maith foinsí ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann a bhaineann le hábhar, cinneadh inmholta a thugann léargas ar na cuimhní agus na tuairimí a bhí ag muintir na háite ar ré Hill sa phobal breis is 60 bliain i ndiaidh dó bás a fháil. Mar a deir Póirtéir, is minic a dhéanann daoine George Hill a mheascadh lena mhac Arthur, a tháinig i gcomharbacht air mar thiarna talaimh i nGaoth Dobhair agus a chaith i bhfad ní ba mheasa lena thionóntaí ná mar a chaith a athair: ‘Ní hionadh ar bith é, mar sin, nuair a bhíonn an sloinneadh Hill agus paróiste Ghaoth Dobhair faoi chaibidil go gcuirtear peacaí an mhic ar an athair anois agus arís’ (328). Cuireann an tsraith grianghraf i lár an leabhair go mór lenár dtuiscint ar chuid de na príomhphearsana, ina measc Hill agus a bhean chéile Cassandra Knight, a cailleadh go tragóideach sa bhliain 1842 i ndiaidh di ceathrú páiste na lánúine a thabhairt ar an tsaol; Louisa Knight, deirfiúr Cassandra a phós Hill cúig bliana i ndiaidh bhás a chéad mhná; Francis Forster, gníomhaire Hill; agus baill de phobail Ghaoth Dobhair ar ghlac cuairteoirí chun na háite grianghraif díobh in 1889 agus 1890. Tá ceann de na grianghraif seo, ‘Muintir Mhachaire Chlochair’ as bailiúchán Robert French i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ar chlúdach an leabhair, rud a réitíonn go maith leis an chúram a chaitheann Póirtéir le scéal an phobail a thabhairt chun cinn síos tríd an insint. Níl amhras ach go gcuireann an saothar seo go mór lenár dtuiscint ar ghníomhartha agus oidhreacht Hill i nGaoth Dobhair sa naoú haois déag. Is leabhar é a mbeidh ar aon duine ar suim leis stair Ghaoth Dobhair agus an iarthuaiscirt sa tréimhse chorraitheach seo a cheadú más mian leis tuiscint cheart a fháil uirthi. Idir an leabhar is deireanaí seo le Cathal Póirtéir, agus an leabhar The Peer, the Priests and the Press: A Story of the Demise of Irish Landlordism, a foilsíodh le gairid le Roy Greenslade (2023), cuirfear lón saibhir machnaimh ar fáil dóibh siúd ar cás leo scéal na tréimhse.
Ailbhe Nic Giolla Chomhaill
Ollscoil na Gaillimhe
SAOTHAIR A CEADAÍODH
Greenslade, R. (2023) The Peer, the Priests and the Press: A Story of the Demise of Irish Landlordism. Belfast: Beyond the Pale Books.
Mac Suibhne, B. (1995) ‘Agrarian Improvement and Social Unrest: Lord George Hill and the Gaoth Dobhair Sheep War 1856–1860’. In: Nolan, W., Ronayne, L. agus Dunlevy, M. (eag.) Donegal History and Society: Interdisciplinary Essays on the History of an Irish County. Dublin: Geography Publications: 547–582.
Ó Baoill, D. P. (1986) ‘Seanchas agus Dinnsheanchas i nGaoth Dobhair’. In: Scáthlán: Iris Chumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair 3: 48–64.
Ó Laoire, L.L. (2000) ‘Gort an Choirce agus Toraigh’. In: Ó Tuathaigh, G., Ó Laoire, L.L. agus Ua Súilleabháin, S. (eag.) Pobal na Gaeltachta: A scéal agus a dhán. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta: 75–98.
Póirtéir, C. (1996) Glórtha ón Ghorta. Baile Átha Cliath: Coiscéim.