Léann na Sionainne

Fintan Keegan

Léann na Sionainne

Aengus Ó Fionnagáin agus Gordon Ó Riain (eag.)

Cló Léann na Gaeilge (2022) | xxvii + 301 lch | ISBN: 978-1-7392551-0-7 | €25

 

Cuirtear os ár gcomhair san imleabhar seo dhá aiste dhéag ar théamaí éagsúla, maille le brollach ina bpléitear ról agus teagasc na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh agus sna hinstitiúidí ardoideachais a tháinig roimpi. Ó tharla gur bunaíodh na haistí seo ar pháipéir a tugadh ag comhdháil i Luimneach in 2018, agus tuairim is leath de na cainteoirí ina mbaill nó ina n-iarbhaill d’ollscoil na cathrach sin, ní ábhar iontais é go bhfuil réimse leathan ábhar plé faoi chaibidil in Léann na Sionainne a bhaineann le tréimhsí áirithe idir an 14ú haois agus an 21ú haois. Saothar inmholta taitneamhach atá i gceist tríd is tríd: tugtar anseo, mar sin, achoimre lom ar ábhar na n-aistí. Tagraíonn na huimhreacha idir lúibíní thíos (seachas dátaí) d’uimhreacha na leathanach in Léann na Sionainne.

I ndiaidh an bhrollaigh tugtar tús áite d’aiste fhada (1–60) le hAoibheann Nic Dhonnchadha a líonann tuairim is an cúigiú cuid den leabhar iomlán. Cuntas mionsonraithe atá inti ar thráchtas leighis ar féidir a léiriú gur cumadh é chomh fada siar le lár na 14ú haoise. Is cóir, mar sin, cuid mhaith spáis a thabhairt d’aiste Nic Dhonnchadha anseo. Dealraíonn sé nach bhfuil againn ach aon chóip iomlán amháin (geall leis) den tráchtas, é breactha ar mheamram (ARÉ LS 23F19 (473)), agus na codanna tosaigh de doléite anois. Tá a theideal, Metegni Gaileni, ar coimeád i gceann de na hocht lámhscríbhinní leighis eile inar cóipeáladh seacht gcinn de shleachta agus de phroibheirbeacha as corp an tráchtais. Ó tharla nach bhfuil baint fhollasach ag an tráchtas le De Ingenio Sanitatis Ghailéin (alias Megategni), áitíonn Nic Dhonnchadha gurb ‘éard a thuigfí as san … ná gur mar thráchtaireacht … ar Megategni Ghailéin is ea a cumadh’ é (2). Tá tuairim is 22,000 focal (19, nóta 81) sa mhéid de atá inléite go fóill in ARÉ LS 23F19, mar aon le colafan ina n-áitítear gur in 1352 ‘doronad in lebar so’ (7). I ndiaidh di gearrthuairisc a thabhairt ar an lámhscríbhinn go ginearálta déanann Nic Dhonnchadha mionphlé ar an gcolafan (7–15). Toisc go mbíonn cuid mhaith de na téarmaí a úsáidtear i gcolafain cosúil doiléir, ar ndóigh – sgríobh, tug fá de(a)ra, sli(o)cht + ‘eiseamláir,’ srl., agus toisc go mbaineann na samplaí is luaithe de thráchtais indátaithe leighis den chineál seo le tús na 15ú haoise, ba chuid amhrais agus údar mearbhaill é an colafan seo thar na blianta, sa dóigh gur féachadh lena mhíniú ar dhóigheanna éagsúla. Cuireann Nic Dhonnchadha síos na léamha éagsúla a rinne Seán Ó Donnabháin, Eoghan Ó Comhraidhe, Winifred Wulff, Walter J. Purton, Pól Breathnach agus Richard Sharpe ar an gcolafan: (i) gur dearmad é an dáta 1352 (dar le Pól Breathnach, cé go bhfuil an dáta scríofa i bhfocail sa lámhscríbhinn); (ii) go dtagraíonn 1352 do dháta tiomsaithe an tráchtais; (iii) gur baineadh an colafan go díreach ó cibé eiseamláir a úsáideadh le ARÉ LS 23F19 a scríobh; nó (iv) gur cóipeáladh ARÉ 23F19 (473) í féin go díreach sa bhliain 1352.

Agus é léirithe aici (13–14) gur eascair tuairim Phóil Bhreathnaigh ó mhíthuiscint i dtaobh leaganacha Gaeilge den Lilium Medicinae, fáisceann Nic Dhonnchadha dhá thátal as an bhfianaise ar fad: (i) nach bhfuil ‘aon fhianaise théacsúil’ (15) sa lámhscríbhinn a mheabhródh dúinn gur breacadh aon chuid di i ndiaidh 1352; agus (ii) go gcuireann dáta an cholafain in iúl dúinn, cibé brí go díreach a bhaineann leis, gur tiomsaíodh an tráchtas in 1352 ar a dhéanaí. Fágann sé sin ar fad gur sampla é Metegni Gaileni de thráchtas leighis Gaeilge a cuireadh le chéile, ó fhoinsí Laidineacha, sa 14ú haois (15). Sa dara cuid den aiste (18–38), tráchtar ar ábhar Metegni Gaileni. Cuirfidh na saineolaithe dianspéis sna tagairtí mionsonraithe a thugtar sna fonótaí iomadúla, ní foláir; beidh an chuid eile againn buíoch den údar as soiléireacht an phríomhchuntais, agus as na sleachta inspéise as an tráchtas féin – na codanna a bhaineann leis na baill spioradálta, oiliúnacha agus ghiniúnacha go háirithe. Rud eile: is féidir go gcuirfidh gontacht agus simplíocht theanga an tráchtais iontas ar léitheoirí a shamhlaíonn lámhscríbhinní na tréimhse sin le stíl mhórfhoclach fhilíocht na scol agus na scéalta rómánsacha. Tráchtar sa chuid deiridh (38–43) den aiste ar fhoinsí an tráchtais; agus liostáiltear go beacht sna haguisíní agus táblaí (43–60), taobh le nithe eile, sleachta agus proibheirbeacha as an téacs a bhfuil teacht orthu i lámhscríbhinní eile. Táthar ag súil leis, tar éis na faillí a rinneadh orthu sa dara leath den 20ú haois, go gcuirfidh tuilleadh aistí den chineál seo leis an tuiscint atá againn ar na lámhscríbhinní leighis, mar chuid de chorpas iomlán na lámhscríbhinní Gaeilge. Ba dheas an ní é, cinnte, dá ndéanfaí sainstaidéar úr ar theanga na lámhscríbhinní amach anseo, agus ar a dtábhacht ó thaobh stair an aistriúcháin Ghaeilge.

Leanann dhá aiste spéisiúla le Síle de Cléir agus le hAilbhe Nic Giolla Chomhaill an méid thuas, agus an béaloideas faoi chaibidil acu. Pléann de Cléir (61–71) ról an tsníomha i dteaghlaigh na hÉireann anallód agus scéalta ina luaitear an cheird seo (ATU 500); díríonn Nic Giolla Chomhaill (73–96) ar ábhar a bailíodh ó sheanchaí amháin, Sorcha Mhic Grianna (alias Sorcha Ní Dhuibheannaigh, Sorcha Chonaill; 1875–1964) ó Rann na Feirste. Díreach mar a bhaineann aiste de Cléir le léirithe ar ról traidisiúnta de chuid na mban sa bhéaloideas, tugann Nic Giolla Chomhaill faoi deara nach bhfuil go leor fianaise sna cartlanna ar thraidisiún na scéalaíochta i measc ban go ginearálta (75–6). Luaitear go sonrach gur theip ar Choimisiún Béaloideasa Éireann oiread agus aon bhailitheoir baineann amháin a cheapadh ar bhonn lánaimseartha ó 1935 nó gur scoireadh é in 1971 (76). Cuirtear béim ar leith ar leagan neamhghnách de ATU 707, a bhfuil cóip de ag deireadh na haiste (90–6).

Filíocht thraidisiúnta na Gaeilge is ábhar do na chéad chúig aiste eile, agus soláthraítear idir eagráin agus anailísí iontu. Tráchtann Gordon Ó Riain (97–121) ar Meisde mh’inmhe mh’fhad ó Shaidhbh, dán a chum Maol Eachlainn na nUirsgéal Ó hUiginn sa 15ú haois, agus é ‘i gcomhrag dhá chomhairle’ (100) dul ar cuairt go dtí a phátrún, Sadhbh Ní Bhriain (obit 1410) i gCúige Mumhan, nó fanacht ina dhúiche féin i gCúige Chonnacht. Is é beart an fhile, mar a mhíníonn Ó Riain, a chuairt a chur ‘ar an méar fhada … rud a bhaineann an ghoimh den diúltú’ (100, 118). Má bhain an banphátrún seo le Leath Mhogha ó cheart, léiríonn plé ar an dán agus ar a ginealas (106–8) gur de Chlanna Cuinn (.i. muintir Leath Chuinn) í fosta, más go fulangach féin é. Seo an dóigh a dtagraítear di sa dán: ‘Inghean Í Bhriain do-bheir damh / grádh muintire is muirn dheóradh’ (109). Luann Ó Riain gur léiriú iad na téarmaí seo ‘ar fhéiniúlacht thábhachtach … ar bhain gné áitiúil léi is a bhí bunaithe ar an dá leath sin’ (109), 200 bliain sular tharla Iomarbháigh na bhFileadh. Cuireann Meidhbhín Ní Úrdail (123–54) ar fáil eagráin de dhá dhán atá i Leabhar Uí Ghadhra nach raibh ach leaganacha leathdhioplomáideacha díobh i gcló go n-uige seo. Eagráin iomlána de na téacsanna atá i gceist anseo, maille le heolas ar a gcúlra, aistriúcháin agus nótaí cuimsitheacha ar léamha na lámhscríbhinní agus ar chinntí eagarthóireachta. Cumadh an dá dhán i ndeibhidhe measartha scaoilte (126, 129): Fada dar nargain Áth Cliath, ar marbhna é ar Dhiarmaid Ó Briain (obit 1552), an 2ú Barún Inse Uí Chuinn; agus Ní tráth dod dhul, a Dhiarmaid le Tadhg mac Dáire, marbhna eile a ceapadh ar an 5ú Barún, Diarmaid Ó Briain (1594–1624) eile, iarua leis an gcéad Diarmaid thuas.

Cuntas ó pheann Shíle Ní Mhurchú ar laoi fiannaíochta (measartha mall) is ábhar don chéad aiste eile (155–88). ‘Laoi Cholainn gan Cheann’ is teideal di; agus cuirtear ar fáil eagrán iomlán de leagan den téacs (céadlíne: A Oisín, is fada do lá) mar a thugtar é in ÓR LS 5, mar aon le nótaí agus le haistriúchán. Ba é Daniel Mac Cloy(e) (alias Daniel Fullerton) a chuir an chóip áirithe seo i gcrích i Loch gCaol, Co. Aontroma, ar an 23 Deireadh Fómhair 1755; ní léir go bhfuil cóip eile den leagan áirithe seo ar coimeád i lámhscríbhinn eile ar bith (156). Tá leaganacha eile den laoi sna lámhscríbhinní, áfach, agus a dtromlach fite isteach i gcóipeanna de ‘Agallamh Oisín agus Phádraig’ (155–6, 159 nóta 23, 169). Pléitear fosta na cóipeanna fada den téacs atá ar fáil i lámhscríbhinní Connachtacha – ar scríobhadh cuid acu chomh mall leis na 1870idí. Priontáiltear tras-scríbhinní ó lámhscríbhinn Mhuimhneach, CT LS H.6.7 (1411), agus ó cheann de na lámhscríbhinní Connachtacha (le haistriúchán) sna haguisíní (176–85).

Scrúdaíonn Pádraig A. Breatnach (189–219) pailteas marbhnaí ealaíonta a cumadh ar bhaill de Chlann Choitir Cho. Chorcaí san 18ú haois. Anailís mhion ar na téacsanna, ar lámhscríbhinní, ar mheadarachtaí na dtéacsanna agus ar a gcomhdhéanamh is ábhar dá aiste. Is cuid suime ‘a ngiorracht—nó a n-easpa faid, mar ba chirte a rá’ (206). Pléitear téacs fada, Tarla gné dhaoldatha d’fhoiligh gach rian (204–14), rud a chuir Breatnach in eagar cheana féin mar chuid den tsraith ‘Togha na héigse, 1700–1800’; tugtar liosta marbhnaí gaolmhara ó thaobh stíle agus dáta i gceann de na haguisíní (217–19). Cuirtear aistriúcháin phróis ar fáil fosta (215–17). Pléann Tríona Ní Shíocháin (221–33) parrhesia (‘nochtadh na fírinne’) i gcomhthéacs beirt fhilí de chuid na 19ú haoise—Máire Ní Dhroma (alias Molly na Páirce; obit circa 1850) agus Máire Bhuí Ní Laeire (1774–circa 1848) a scaiptí a gcuid saothar ‘sa tseachadadh béil’. Dírítear go mór ar ‘Na prátaí dubha’ (Ní Dhroma) agus ar ‘Tá Gaeil bhocht’ cráite’ (Ní Laeire) (226–30). Meabhraíonn Ní Shíocháin pointe tábhachtach dúinn: ‘Nuair a leagtar an iomarca béime ar an dtraidisiún scríte i gcomórtas le foinsí ón dtraidisiún béil, is fuirist neamhshuim a dhéanamh de chumhacht an taibhléirithe agus na béalaireachta’ (230).

Baineann na ceithre aiste deiridh leis an 20ú haois agus leis an 21ú haois. Pléann Éamonn Costello (235–54) comórtais fonnadóireachta an Oireachtais (agus tréithe a gcuid buaiteoirí) idir na blianta 1897 agus 1924. Scrúdaítear brí an téarma ‘sean-nós’ ó thaobh na gcomórtas seo, tionchar an náisiúnachais (238), agus meon ‘Victeoiriach’ lucht na hAthbheochana i leith chultúr agus mhuintir na Gaeltachta, rud a chinntigh nár tháinig fonnadóirí agus ‘gnáthphobal na Gaeltachta isteach go hiomlán i ngluaiseacht na Gaeilge sa tréimhse seo’ (245). Filíocht Sheáin Uí Ríordáin (1916–77) is ábhar d’aiste Ríona Ní Churtáin (255–68), an dán ‘Saoirse’ (1952) go háirithe. Ceanglaítear ceisteanna moráltachta an dáin seo le dearcthaí Fyodor Dostoevsky, mar a léirítear iad in Crime and Punishment. Cuirtear faisnéis ar fáil gur thaitin an saothar áirithe sin le hÓ Ríordáin (256). Áitítear go n-eascraíonn an cheist seo ó easpa (luaineach?) creidimh na beirte, agus gurbh fhiú athanailís a dhéanamh ar dhánta Uí Ríordáin i bhfianaise na gcosúlachtaí seo (256, 264). Tugann Conal Mac Seáin (269–82) faoi phlé a dhéanamh ar mhodhanna eagarthóireachta Énrí Uí Mhuirgheasa (1874–1945). Cuirtear ar fáil tábla a léiríonn an úsáid a bhain Ó Muirgheasa as lámhscríbhinní agus as foinsí béil ina chuid mórshaothar (270), ach is é fócas na haiste seo, an ‘saorghlanadh’ a rinne Ó Muirgheasa ar théacsanna a mheas sé a bheith gáirsiúil nó lochtach (271–80). Tuairimítear gur féidir gurbh é an spriocphobal léitheoireachta a bhí ag Ó Muirgheasa – gnáthléitheoirí na Gaeilge seachas ‘lucht léite scolártha’ – a thug air na hathruithe sin a dhéanamh (281–2). San aiste dheiridh (283–301), amharcann Cassie Smith-Christmas ar an dóigh a n-úsáidtear mionteangacha i measc páistí in dhá theaghlach ó Dhún Chaoin agus ó Steòrnabhagh na hAlban. Déantar scrúdú ar an dóigh a dtéann siad i ngleic le constaicí teanga agus iad ag imirt cluichí, agus an tábhacht a bhaineann le polasaithe teanga ag leibhéal an teaghlaigh i gcás mionteangacha.

Cnuasach ilchineálach aistí atá sa leabhar seo, mar sin. Maidir leis an mbrollach (xi–xxvii), is deas an rud gur fhéach Aengus Ó Fionnagáin le cuid de chuimhní cinn lucht na n-institiúidí seo a bhailiú agus cló a chur orthu in am trátha, taobh le sleachta ó fhoinsí eile. Léargas atá ann, mar sin, ar na hathruithe as cuimse a tháinig ar institiúidí tríú leibhéal na hÉireann ó thús na 1970idí – idir fhorbairtí agus chlaochluithe. Is fíor go bhfuil roinnt sleamhnuithe pinn thall is abhus sna haistí, ach cuirfidh lucht a léite spéis mhór sa taighde úr agus sna léasacha léargais nua ar sheanábhair atá le fáil in Léann na Sionainne trí chéile.

Fintan Keegan

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

 

GIORRÚCHÁIN

ARÉ                Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath.

ATU               Innéacs Aarne–Thompson–Uther

CT                   Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

ÓR                   Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath.

Údar:
Fintan Keegan

Institiúid:
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.