Máirtín Ó Cadhain 2020
Eoin Mac Cárthaigh agus Pádraig de Paor (eag.)
Cló Léann na Gaeilge (2024) | xiv + 167 lch | ISBN: 978-1-7392551-9-0| €25
Ina aiste thábhachtach faoin insint chiclipéideach, rianaíonn an scoláire Meiriceánach Edward Mendelson dream beag údar ó thíortha agus ó thréimhsí éagsúla a d’fhéach le heispéireas iomlán náisiúin nó cultúir áirithe a léiriú laistigh de shaothar liteartha amháin, úrscéal de ghnáth. I measc saothair eile, luann an aiste Don Quixote le Cervantes, Gargantua et Pantagruel le Rabelais, agus Ulysses le Joyce (1976: 1267). Tá cúiseanna ar leith gur féidir Cré na Cille le hÓ Cadhain a áireamh ina measc mar úrscéal ciclipéideach a chuimsíonn, ar bhealach íorónta sineicdicéach, saol Chois Fharraige, cultúr na hÉireann, agus, go pointe, an domhan ar fad (Markus 2023: 75).
Ceann de na comharthaí sóirt a bhaineann leis na húdair chiclipéideacha ná go mbunaítear ‘tionscadal’ mór acadúil chun a saothar a phlé (Mendelson 1976: 1268) – rud atá an-fheiceálach, ó pheirspictíocht na hÉireann, maidir le James Joyce go háirithe. D’fhéadfaí a áiteamh go bhfuil ‘tionscadal’ den sórt sin ar bun timpeall Mháirtín Uí Chadhain chomh maith – sainspéis scolártha nach bhfuil inchomparáide le Léann Joyce, ach atá suntasach pé scéal é, go háirithe má chuirimid san áireamh gur údar i dteanga mhionlaithe atá i gceist a bhfuil cáil na deacrachta ar a shaothar. Áitíonn Máirín Nic Eoin gur méadaíodh ar an ábhar scolártha faoi Ó Cadhain go suntasach ó 2006, nuair a comóradh 100 bliain ó bhreith an údair (2020: 633). Mar a scríobhann Gearóid Denvir sa leabhar atá faoi léirmheas anseo, tá ‘372 iontráil le 142 údar éagsúla i leabharliosta de shaothar tánaisteach faoin gCadhnach a chuir […] Lee Vahey le chéile tamall de bhlianta ó shin’, (81) uimhir atá tar éis dul in airde fós go cinnte.
Ar cheann de na foilseacháin is déanaí tá Máirtín Ó Cadhain 2020, cnuasach aistí a d’eascair as comhdháil a reáchtáladh i Samhain 2020, 50 bliain tar éis bhás an údair. Ba ghá an t-imeacht a eagrú ar líne de bharr na paindéime ach níor chuir sé sin isteach ná amach ar chaighdeán acadúil na comhdhála, pé aiféala a bhí ar na rannpháirtithe faoi easpa an toise shóisialta. Is cloch mhíle thábhachtach é an leabhar seo sa taighde ar an gCadhnach, a thagann sna sála ar chnuasaigh eile ar nós Criostalú: Aistí ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain (1998), Léachtaí Cholm Cille 37: Saothar Mháirtín Uí Chadhain (2007), Canadian Journal of Irish Studies 34.1 (2008) agus Léachtaí Uí Chadhain (2020).
Más féidir cur síos a dhéanamh ar na deich n-aiste in Máirtín Ó Cadhain 2020 le focal amháin, an focal is túisce a rithfeadh le duine ná ‘éagsúlacht’. Pléitear iontu a lán tréithe de shaothar agus de bheatha Uí Chadhain, an litríocht, an fhoclóireacht agus an teagasc ina measc. Cuireann a n-údair frámaí éagsúla léirmhínithe i bhfeidhm, an stair liteartha, an cur chuige beathaisnéiseach, fealsúnachtaí ar leith agus an dearcadh pearsanta san áireamh. Chomh maith leis sin, déanann siad anailís ar fhoinsí d’iliomad cineálacha – gearrscéalta ar leith agus an t-úrscéal Athnuachan, ach chomh maith leis sin, litreacha, léachtaí neamhfhoilsithe, cnuasaigh béaloidis, bailiúchán foclóra agus eile. Léiriú maith é an cnuasach ar a bhisiúla agus ar a fhairsingí atá an taighde ar an gCadhnach faoi láthair.
Ní ghabhann aon réamhrá leis an leabhar a dhéanfadh achoimre ar na haistí agus, dá bharr sin, is fiú iad a phlé anseo ceann ar cheann. Osclaíonn an cnuasach le caint nia an scríbhneora, Seán Ó Cadhain, a sheol an chomhdháil thar ceann Iontaobhas Uí Chadhain. Caithfear cuimhneamh go bhfuil muidne scoláirí faoi chomaoin mhór ag an Iontaobhas – go háirithe mar gheall ar a n-iarracht leanúnach saothair neamhfhoilsithe Uí Chadhain a chur i gcló de réir a chéile agus de bharr a bhflaithiúlachta agus cead á thabhairt acu leas a bhaint as an ábhar cartlainne sa taighde. Murach sin, ní fhéadfaí cuid mhór de na haistí sa chnuasach a scríobh, gan trácht ar a lán foilseachán scolártha eile.
Tá an aiste le Cathal Ó Háinle, ‘Litreacha Mháirtín Uí Chadhain chuig Eoghan Ó hAodha’, go hiomlán bunaithe ar an ábhar cartlainne. Nascann sí an taobh scolártha leis an taobh pearsanta, ós rud é gurbh uncail de chuid Uí Háinle é Eoghan Ó hAodha (1908–1987), poblachtach, sóisialaí agus comhairleoir contae. Díríonn Ó Háinle, thar aon rud eile, ar an bhfianaise a thugann na litreacha faoin tréimhse a chaith Ó Cadhain mar léachtóir i gColáiste na Tríonóide ó 1956 ar aghaidh. Faigheann an léitheoir sraith sleachta as na litreacha a thugann léargas ar an ullmhúchán a rinne Ó Cadhain le haghaidh léachtaí, ar na fáthanna ar éirigh sé as ailt a scríobh don Irish Times agus ar na deacrachtaí a bhí aige mar Chaitliceach liobrálach i gcoláiste Protastúnach a raibh drochamhras ag an Eaglais Chaitliceach air. Foinse luachmhar is ea an aiste seo don té ar mhaith leis / léi beatha nó tuairimí Uí Chadhain sa tréimhse sin a iniúchadh.
Cuireann aiste Mháirín Nic Eoin, ‘Díothú cathrach agus díothú teanga: Máirtín Ó Cadhain agus an ré adamhach’ eochair léirmhínithe nua ar fáil a osclaíonn bealaí úra chun cuid mhaith de scríbhinní Uí Chadhain a léamh. Tar éis anailís a dhéanamh ar an ngearrscéal fíorghairid, ‘An Sean agus Nua’ (ó An tSraith ar Lár), a chuireann síos ar scrios cathrach le buama adamhach, díríonn Nic Eoin ar sheasamh Uí Chadhain maidir le dubhimní a linne (agus ár linne féin chomh maith, ar an drochuair). I ndiaidh an comhthéacs idirnáisiúnta a iniúchadh agus breathnú ar shaothar Mháirtín Uí Dhireáin agus Eoghain Uí Thuairisc, beirt a phléigh an téama sa tréimhse chéanna, téann Nic Eoin i mbun cuardaigh i measc scríbhinní Uí Chadhain, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe, chun léargas breise a aimsiú ar an mórcheist seo. Pléann sí, go háirithe, an léacht a thug Ó Cadhain do Chumann Chairde an Aontais Shóivéadaigh in Éirinn in 1962 mar gheall ar a chuairt ar an gCirgis. Is é an tátal a bhaineann Nic Eoin as an bhfianaise ar fad, gurbh é Ó Cadhain an chéad scríbhneoir Gaeilge a rinne nasc idir an bhagairt núicléach agus leochaileacht na Gaeilge agus teangacha mionlaithe eile ar fud an domhain. Ar an mbealach seo, déanann Nic Eoin an chéad léamh éiceolaíoch riamh (sa chiall is leithne) ar shaothar an Chadhnaigh.
Tugann an aiste ‘Scríbhinní neamhfhoilsithe Mháirtín Uí Chadhain: a raon agus a dtábhacht’ le Mícheál Briody léargas leathan ar a bhfuil ann den ábhar cartlainne i gColáiste na Tríonóide (agus in áiteanna eile, go pointe). Tá breis is cúig bliana déag caite ag Briody ag iniúchadh pháipéir Uí Chadhain agus, dá bharr sin, tá sé ar dhuine de na scoláirí is cáilithe chun an cuntas seo a thabhairt. Ina réamhrá pearsanta, labhraíonn sé faoin draíocht a chuir an bailiúchán air agus faoi fhlaithiúlacht Chaoimhe Ní Ghormáin, an té atá i gceannas ar an gcartlann – agus mar dhuine a rinne roinnt oibre ar na páipéir sin freisin, is féidir liom féin an méid sin a dheimhniú. Tar éis mionphlé a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla an bhailiúcháin, leagann Briody béim ar na léachtaí poiblí a caomhnaíodh sa chartlann agus tugann sé achoimre ar sciar maith acu. Is cruthúnas ar thábhacht an ábhair cartlainne é an leabhar atá faoi léirmheas – tarraingíonn leath de na haistí air go suntasach. Ach níl san obair sin ach an tús – go háirithe má chuirimid san áireamh go bhfaightear cúpla monagraf neamhfhoilsithe, fiú, i measc pháipéir Uí Chadhain (63).
Is pearsanta amach is amach an aiste le Gearóid Denvir dar teideal ‘Cuimhní Cadhnacha’. Cuireann Denvir síos ar na bealaí éagsúla a ndeachaigh Ó Cadhain i bhfeidhm air agus é ina mhac léinn meánscoile agus ollscoile, idir an meon réabhlóideach agus an feabhas liteartha. Tá Cadhan Aonair (1987), atá bunaithe ar thráchtas dochtúireachta Denvir, fós ina bhunchloch sa taighde ar an gCadhnach agus meabhraíonn an aiste dúinn a dhifriúla a bhí na cúinsí inar scríobhadh é ón lá atá inniu ann – idir easpa foinsí, easpa treoracha ó na teagascóirí agus easpa téarmaíochta critice, fiú. Is iomaí léim chun tosaigh a rinne critic liteartha na Gaeilge ó shin, ach ní bhaineann sé sin puinn ó éacht Denvir.
San aiste dar teideal ‘Cód mór an Bhíobla i scéalta Mháirtín Uí Chadhain’, forbraíonn Máire Ní Annracháin téama ar fhill sí air go rialta ó dheireadh na 1970idí ar aghaidh (féach Ní Annracháin 1979, mar shampla), is é sin an Chríostaíocht agus na tagairtí don Bhíobla i saothar Uí Chadhain. Sa chnuasach seo, díríonn sí ar an ngearrscéal ‘An Seanfhear’ (ó Cois Caoláire) go sonrach, á léamh mar leagan nua den scéal Bíobalta faoi Thitim an duine agus ag rianú an téama i scéalta eile an údair. I bhfianaise na béime a chuirtear ar na foinsí cartlainne sa chnuasach seo, b’fhiú a fhiosrú an bhfuil aon nasc idir téama na Críostaíochta sna gearrscéalta agus an léitheoireacht fhairsing a rinne an t-údar ar fhealsúna forásacha Caitliceacha a linne, m.sh. Jacques Maritain, ach sin téama do thionscnamh taighde eile, ar ndóigh.
Ina haiste ‘“Bró mhuilinn an tsaoil”: an fáinne fí i luathscéalta Mháirtín Uí Chadhain’ tugann Caitlín Nic Íomhair aghaidh ar cheann de na móitífeanna is suntasaí i saothar an scríbhneora, is é sin an ghluaiseacht chiorclach i saol an duine. Breathnaíonn Nic Íomhair ar charachtair ar leith sna cnuasaigh An Braon Broghach agus Cois Caoláire go háirithe, ag rianú slite ina bhfuil siad sáite san ‘fháinne fí’ agus ag fiosrú an bhfuil aon slánú nó éalú ar fáil dóibh. I gcodarsnacht leis na scoláirí eile a phléigh an téama roimhe seo, cuireann Nic Íomhair béim ar éabhlóid na móitífe, ag aimsiú pointe i scríbhneoireacht Uí Chadhain ina bhfeictear ‘maoithneas an luathshaothair á chur de ag an údar, ach gan an géilleadh don áiféis agus don áibhéil a d’fheicfí ar ball’ (107).
Díríonn aiste Ian Uí Chaoimh, ‘Athnuachan: téacs, paraitéacs, caitheamh aimsire agus tórraimh’ ar cheann de na téacsanna le hÓ Cadhain nach bhfuil an oiread sin plé acadúil déanta air go fóill. Tá drogall áirithe ar scoláirí roimh Athnuachan toisc nár thoiligh Ó Cadhain é a fhoilsiú le linn a shaoil agus go mbraitear go bhfuil sé lochtach, b’fhéidir, ar bhealaí éagsúla. Luann Ó Caoimh cuid mhaith pointí a thugann léargas úrnua ar an saothar. Ina measc tá an chaoi a bhfeidhmíonn an paraitéacs san úrscéal, an ról atá ag tráma an reacaire san insint agus an nasc is féidir a aithint idir Athnuachan agus deasghnátha an tórraimh in Éirinn. Dála údar eile sa chnuasach, baineann Ó Caoimh leas scóipiúil as an gcartlann, ag plé, i measc rudaí eile, na hathruithe a rinne an t-údar ar an lámhscríbhinn. Léiríonn siadsan gur scríobh Ó Cadhain Athnuachan leis an dúthracht ba dhual dó agus nach bhfuil róbhunús, b’fhéidir, leis an neamhaird a dhéantar air. Bímis ag súil go dtarraingeoidh léamh nuálach Uí Chaoimh tuilleadh airde ar an úrscéal neamhghnách seo.
Treisítear ar an ngné phearsanta arís in aiste Alan Titley, ‘Máirtín Ó Cadhain: an dúshlán aistriúcháin’, a chuireann síos ar thaithí an údair ar shaothair éagsúla Uí Chadhain a aistriú go Béarla. Tá The Dirty Dust (2015), an t-aistriúchán a rinne sé ar Cré na Cille, pléite ag Titley in áit eile (2016) – anseo, díríonn sé go sonrach ar an nóibhille Fuíoll Fuine agus ar na gearrscéalta a d’iompaigh sé go Béarla ó shin do Yale University Press. An tréith is suntasaí den aiste ná an plé ar chúrsaí stíle a fhaightear ann. Áitíonn Titley go bhfuil ‘iliomad na gCadhnach san aon Chadhnach amháin’, (132) rud atá aitheanta ag scoláirí (agus léitheoirí) roimhe ach a bhailíonn brí nua má fhéachtar leis na ‘Cadhnaigh’ a iompú go teanga eile. Lena chois sin, deir Titley go bhfuil níos mó ná ‘cúrsaí foclóra’ agus ‘cúrsaí comhréire’ (137) i gceist le ‘stíl’, gur puball é nó árthach nó domhan ar féidir siúl ann (137–138). Ar na cúiseanna seo, cosnaíonn Titley a mhodh aistrithe féin ina n-imíonn sé go minic ó bhrí litriúil na bhfocal. I gcodarsnacht leis an gcuid eile den leabhar, úsáidtear córas tagartha difriúil san aiste áirithe seo ar chúis éigin, rud a bhaineann, beagáinín, de shlacht an chnuasaigh atá ar ardchaighdeán seachas sin.
Osclaíonn an aiste ‘Máirtín Ó Cadhain: foclóirí’ le Colm Ó Cuaig agus le Charles Dillon toise de shaothar Uí Chadhain nach ndearnadh aon taighde go fóill air: a obair fhoclóireachta. Ar dtús, tugtar cúlra do mhórobair an Chadhnaigh agus é ag bailiú ábhar foclóra don Ghúm idir 1937 agus 1946. Cuimsíonn an bailiúchán seo suas le milliún focal (146), rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na saothair is suntasaí de chuid an údair, ó thaobh na toirte de ar a laghad. Léiríonn an aiste go raibh cur chuige an-chruthaitheach ag an gCadhnach agus é i mbun oibre, gur scríobh sé na sainmhínithe ar bhealach an-chaolchúiseach agus gur geall le mionghearrscéalta cuid mhaith de na samplaí nach léir ar bhailigh sé nó ar chum sé iad. D’fhéadfadh tionscnaimh iomadúla taighde eascairt as an mbailiúchán foclóra seo, ag breathnú air mar shaothar litríochta, abraimis, ag iniúchadh an naisc idir é agus Cré na Cille nó ag breathnú air mar fhoinse eolais faoin saol i nGaeltacht Chois Fharraige ag an am. Ós rud é go bhfuil cuid mhaith den fhoclóir ar líne anois, a bhuí le húdair na haiste seo, níl baic ollmhóra feasta roimh a leithéid sin de thaighde.
Ag deireadh an chnuasaigh, go tráthúil, faighimid aiste Phádraig de Paor, ‘Cré na Cille: sna críocha deiridh’. Déanann an Paorach forbairt anseo ar a aiste ‘Ends, Endings and Endlessness in Cré na Cille’ a foilsíodh in 2016. Filleann sé ar cheist an chiorcail, an athrá nó na heaspa críche a phléann, laistigh den chnuasach seo, Caitlín Nic Íomhair agus Ian Ó Caoimh chomh maith. Agus é ag leanúint treoracha ón bhfealsamh Alasdair MacIntyre agus ó smaointeoirí Caitliceacha eile, áitíonn de Paor go ndearna Ó Cadhain éacht mór in Cré na Cille, .i. úrscéal a scríobh faoi dhomhan nach bhfuil aon sprioc chinnte ag beatha an duine ann, ach ar saothar é ag an am céanna a bhfuil na léitheoirí in ann ionannú lena chuid carachtar. Iarracht, ar bhealach, í aiste de Paor chun taobh Caitliceach an Chadhnaigh a thabhairt chun soiléire, rud a nascann le haiste Ní Annracháin í.
Léiríonn an cnuasach aistí seo a fhairsinge atá fós na téamaí is féidir a iniúchadh i saothar Uí Chadhain – rud a chruthaíonn go bhfuil bunús maith, go deimhin, faoin ‘tionscadal acadúil’ a luaigh mé thuas. Caithfear a rá arís agus arís eile gur geall le míorúilt go bhfuil an oiread sin taighde ar siúl ar shaothar le húdar dúshlánach i dteanga mhionlaithe. Rud amháin atá ag teastáil go fóill, ámh, ná léamha sintéiseacha. Fiú laistigh den chnuasach seo, tá cuid mhaith aistí gan aon téis lárnach, cé go bhfuil siad an-luachmhar ar bhealaí eile. Lena chois sin, cnuasaigh aistí agus ailt ar leith scaipthe ar fud na n-irisí atá i bhformhór an ábhair chriticiúil ar an gCadhnach trí chéile. Tá léamha níos fairsinge ag teastáil freisin, iadsan nach féidir a fhorbairt ach i spás monagraif. Tá muid fós ag fanacht ar bheathaisnéis chuimsitheach an údair, cé go bhfuil an t-eolas bunúsach in Costigan agus Ó Curraoin (1987) agus léamh fiúntach ar an taobh polaitiúil de bheatha Uí Chadhain déanta ag Ó Cathasaigh (2002). Seachas sin, níl ach trí mhonagraf scolártha ann a dhíríonn ar shaothar an scríbhneora, dhá cheann acu ón mílaois seo caite – Cadhan Aonair le Gearóid Denvir (1987), Faoin mBlaoisc Bheag Sin le Louis de Paor (1991) agus m’iarracht féin (Markus 2023). Líon beag é sin i gcomparáid lena bhfuil scríofa ar Bhrian Ó Nualláin, gan trácht ar Joyce, ar ndóigh. Bímis ag súil go spreagfaidh na féidearthachtaí atá rianaithe in Máirtín Ó Cadhain 2020 agus an t-ábhar cartlainne trí chéile tuilleadh tionscnaimh uaillmhianacha amach anseo.
Radvan Markus
Ollscoil Shéarlais, Prág
SAOTHAIR A CEADAÍODH
Costigan, B. agus S. Ó Curraoin (1987) De Ghlaschloich an Oileáin: Beatha agus Saothar Mháirtín Uí Chadhain. Béal an Daingin: Cló Iar-Chonnachta.
De Paor, L. (1991) Faoin mBlaoisc Bheag Sin: An Aigneolaíocht i Scéalta Mháirtín Uí Chadhain. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
De Paor, L. (eag.) (2008) The Canadian Journal of Irish Studies 34.1: Máirtín Ó Cadhain.
De Paor, P. (2016) ‘Ends, Endings and Endlessness in Cré na Cille.’ In: Bloch-Trojnar, M., Looby, R., Ó Fionnáin, M. agus Bednarski, A. (eag.) New Trails and Beaten Paths in Celtic Studies. Lublin: Wydawnictvo KUL: 75–89.
Denvir, G. (1987) Cadhan Aonair. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Mac Amhlaigh, L. agus Mac Giolla Léith, C. (eag.) (2020) Léachtaí Uí Chadhain. Baile Átha Cliath: Cló Léann na Gaeilge.
Markus, R. (2023) Carnabhal na Marbh: Cré na Cille agus Litríocht an Domhain. Indreabhán: Leabhar Breac.
Mendelson, E. (1976) ‘Encyclopedic Narrative: From Dante to Pynchon’. In: MLN 91.6: 1267–1275.
Ní Annracháin, M. (1979) ‘Gnéithe den Chríostaíocht i nGearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain’. In: Léachtaí Cholm Cille 10: 57–74.
Ní Annracháin, M. (eag.) (2007) Léachtaí Cholm Cille 37: Saothar Mháirtín Uí Chadhain. Má Nuad: An Sagart.
Nic Eoin, M. (2020) ‘Athnuachan agus Athghabháil Shaothar Liteartha Uí Chadhain’. In: Mac Amhlaigh, L. agus Mac Giolla Léith, C. (eag.) Léachtaí Uí Chadhain. Baile Átha Cliath: Cló Léann na Gaeilge: 633–666.
Ó Cathasaigh, A. (2002) Ag Samhlú Troda. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Ó Háinle, C. (eag.) (1998) Criostalú: Aistí ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Titley, A. (2016) ‘Translating Máirtín Ó Cadhain’. In: Bloch-Trojnar, M., Looby,R., Ó Fionnáin, M., agus Bednarski, A. (eag.) New Trails and Beaten Paths in Celtic Studies. Lublin: Wydawnictvo KUL: 195–208.