The Gaelic and Indian Origins of the American Revolution: Diversity and Empire in the British Atlantic, 1688–1783
Samuel K. Fisher
Oxford University Press (2022) | xv + 319 lch | ISBN: 978-0-19-755584-2 | £36.99
Is é seo an chéad leabhar taighde le Samuel K. Fisher. Tá an t-údar ina ollamh cúnta le stair sa Catholic University of America faoi láthair ach d’eascair an leabhar ó thráchtas a scríobhadh nuair a bhí sé ina mhac léinn in ollscoil Notre Dame. Aithneofar a ainm in Éirinn, i measc lucht léite na Gaeilge go háirithe, mar dhuine de bheirt chomheagarthóirí na díolama dar teideal Bone and Marrow/Cnámh agus Smior: An Anthology of Irish Poetry from Medieval to Modern a foilsíodh in 2022. Cé gurb iad na coilíneachtaí Briotanacha i Meiriceá Thuaidh is mó atá faoi chaibidil ag an údar sa mhonagraf seo, tá sé ar an líon beag staraithe a bhíonn ag plé leis an 18ú céad ar féidir leo foinsí Gaeilge a léamh, rud a chuireann ar a chumas comparáid a dhéanamh idir cúinsí sna coilíneachtaí trasatlantacha, in Éirinn, agus i nGaeltacht na hAlban.
Tá téis shimplí ag Fisher agus tá an téis sin curtha i láthair go gonta i dteideal an leabhair. Áitíonn sé gurbh iad na dúshláin a thug na pobail dhúchasacha i Meiriceá, in Éirinn agus sna Garbhchríocha do riarthóirí na himpireachta ba chúis le réabhlóid Mheiriceá. Is é is ábhar don leabhar, i bhfocail an údair, ‘the imperial crisis of diversity out of which the American Revolution emerged’ (69). Sa tréimhse atá faoi chaibidil aige – is é sin idir 1688, nuair a theith Séamas II chun na Fraince, agus 1783, nuair a d’aithin Seoirse III neamhspleáchas na Stát Aontaithe – bhí dhá pholasaí chontrártha ag airí na corónach in Whitehall chun géarchéim na héagsúlachta in impireacht na Breataine a bhainistiú. Tugann Fisher ‘eisiamh’ (‘exclusion’) agus ‘ionchuimsiú’ (‘inclusion’) ar na polasaithe a cleachtadh. Nuair a bhí polasaí an eisiata i bhfeidhm, bhí lánchead ag ‘provincial Britons’ nó an ‘imperial people’ – is é sin, ag Béarlóirí Protastúnacha de bhunadh Shasana nó Ghalltacht na hAlban – na pobail dhúchasacha a cheansú de réir mar a d’oir dóibh féin. Chiallaigh an polasaí seo gurbh iad na comhthionóil choilíneacha i Meiriceá a réitigh polasaí na gcoilíneachtaí i leith na náisiún Indiach, agus gur fágadh polasaí an stáit i leith na nGael faoin aos polaitiúil i mBaile Átha Cliath nó i nDún Éideann. Ach nuair a bhí an cur chuige ionchuimsitheach in uachtar, choinnigh airí na corónach in Whitehall lámh ar an stiúir agus féachadh leis na pobail dhúchasacha a thabhairt chun suaimhnis d’fhonn coimhlintí a sheachaint i gcríocha imeallacha na himpireachta.
Ba é an t-ionchuimsiú – an cairéad seachas an bata – rogha Shéamais II. I Meiriceá, chuir an rí comhthionóil thofa na gcoilíneach ar ceal agus cheap sé Sir Edmund Andros, oifigeach de chuid na corónach a raibh conradh síochána déanta aige leis na hIroquois, ina ghobharnóir ar thiarnas mór aontaithe a bunaíodh in áit na seanchoilíneachtaí beaga i Sasana Nua agus i Nua-Eabhrac. In Albain, d’fhéach an rí ar Ghaeil na nGarbhchríoch mar bhac ar Phreispitéirigh na Galltachta – oidhrí na gCúnantóirí a d’éirigh amach in éadan a athar sna 1640idí. In Éirinn, earcaíodh Caitlicigh mar shaighdiúirí, ceapadh ina mbreithimh iad, agus tugadh cúraimí stáit dóibh. Tá ceathrú de dhán comhaimseartha le Diarmaid mac Sheáin Bhuí Mac Carthaigh luaite ag Fisher (25):
Is iomdha Diarmaid ciallmhar ceannasach
Is iomdha Tadhg go meidhreach meanmnach
I gcrích Éibhir budh tréan san mhacaire
Na Gaill gé d’fhuathaigh buan a n-ainm sin.
Maíonn Fisher gurbh é an ‘diverse and tolerant authoritarianism’ (45) a chleacht Séamas II a spreag bunús na Sasanach chun tacú le hUilliam, stadtholder na hOllainne, nuair a tháinig sé i dtír in 1688. Ní nach ionadh, chuaigh an rí nua i muinín an bhata chun na ‘Gaelic and Indian people’ a cheansú. I Meiriceá, cuireadh deireadh le tiarnas Shasana Nua, bronnadh cairteacha ríoga ar na coilíneachtaí éagsúla in athuair, agus fágadh an caidreamh idir an ‘pobal impiriúil’ agus na náisiúin dhúchasacha faoin gcomhthionól tofa i ngach coilíneacht. In Albain, fágadh na Gaeil a bhí dílis do Shéamas II gan treoir nuair a thit Iain Greumach, Bíocunta Dhún Dé, ag cath Raon Ruairidh in 1689, agus ba é pobal Preispitéireach na Galltachta crann taca an réimis nua. In Éirinn, coigistíodh eastáit na huaisle a throid ar son Shéamais II i gCogadh an Dá Rí agus achtaíodh péindlíthe a chuir laincisí daora ar an bpobal Caitliceach i gcoitinne. Chuir an réabhlóid réimeas eisiach ar bun ar fud na himpireachta, réimeas ina raibh an svae ag cinsealacht Ghallda: ‘an Anglophone, Protestant empire that privileged British Protestants in the provinces and left to them the management of those who did not fit that description’ (123) i bhfocail an údair.
Ach d’athraigh cur chuige na corónach le linn Chogadh Chomharbas na hOstaire. Mar a scríobh Fisher, ‘imperial government would have to seize the management of diversity from the provincials who had botched the job’ (130). Chuir éirí amach Seacaibíteach na bliana 1745 an phraiseach ar fud na mias in Albain agus b’éigean don choróin rialú na nGarbhchríoch a ghlacadh uirthi féin: ghabh an rialtas dúichí na dtaoiseach a throid ar son an Phrionsa Séarlas agus cuireadh dlínsí oidhreachtúla ar ceal ar fud na Gaeltachta. I Meiriceá, bhí baol nár bheag ann go rachadh náisiúin Indiacha i bpáirt leis na Francaigh de bharr na drochíde a thug coilínigh Shasanacha dóibh; b’éigean d’oifigigh na corónach dul i mbun caibidle le taoisigh dhúchasacha agus deontais a íoc leo le cinntiú go bhfanfaidís neodrach. Má bhí cúrsaí in Éirinn socair i gcaitheamh an chogaidh, ba é an tátal a bhain airí na corónach as sin nár ghá dóibh bheith chomh cáiréiseach leis an uasaicme Angla-Éireannach feasta.
Cuireadh dlús leis an bpróiseas athraithe de réir a chéile. Tharla sé gurbh é Gilleasbaig Caimbeul (Mac Chailein Mhòir agus Diúc Earra-Ghàidheal) an polaiteoir ba chumhachtaí in Albain faoi lár an 18ú céad agus d’fhéach sé le hathmhuintearas a chothú idir rítheaghlach Hannover agus Gaeil na nGarbhchríoch trí reisimintí a earcú sa réigiún d’arm na Breataine. Bhí rath ar an earcaíocht agus chruthaigh na reisimintí nua Gaelacha go maith i gCogadh na Seacht mBliana. Tháinig rí óg, Seoirse III, i gcoróin in 1760 agus d’eisigh sé forógra in 1763 a choisc Briotanaigh ar chur fúthu sna críocha laistiar de na Sléibhte Apaláiseacha a gabhadh ón bhFrainc ag deireadh an chogaidh. Iarracht ba ea an forógra chun achrann idir bundúchasaigh agus coilínigh a sheachaint, ach má thaitin an forógra leis an gcéad dream spréach sé an dara dream a bhí ag iarraidh coilíneachtaí Shasana a leathnú siar i dtreo an Mhississippi. In Éirinn, cuireadh deireadh le bainistiú indíreach na parlaiminte trí mheán na ‘undertakers’ agus thóg fear ionaid an rí an cúram air féin ó 1769 amach. Nuair a ritheadh acht in 1774 a lig do Chaitlicigh mionn dílseachta don choróin a thabhairt, tuigeadh go ndéanfaí maolú éigin ar na Péindlíthe sula i bhfad.
Chonacthas do choilínigh Mheiriceá go raibh Seoirse III tar éis iompú ar na polasaithe ionchuimsitheacha ba chúis le réabhlóid na bliana 1688 agus ghníomhaíodar dá réir. Ós rud é nár aithin lucht rialaithe na himpireachta stádas na Meiriceánach mar chuid den phobal impiriúil Briotanach, ‘the American patriots choose to leave that empire and constitute an imperial people of their own’ (213). I bhfocail Fisher, ‘James II had lost his throne as a result of the empire’s lurch towards inclusion, and George III would lose thirteen colonies for the same reason’ (213).
Ní féidir a shéanadh go bhfuil bunús éigin le hinsint Fisher, agus tá fianaise a thacaíonn lena théis bailithe aige go treallúsach. Ar an drochuair, tá neamart déanta ar lear fianaise eile a thaispeánann nárbh í ‘géarchéim na héagsúlachta’ ba chúis leis na réabhlóidí a tharla in 1688 ná in 1775. Sa ‘Declaration of Rights’ a dhréachtaigh comhdháil Shasana i bhFeabhra na bliana 1689 chun an t-athrú réimis a mhíniú, maíodh go raibh iarracht déanta ag Séamas II ‘to subvert and extirpate the Protestant Religion and the Lawes and Liberties of this Kingdome’, agus go raibh sé ‘inconsistent with the Safety and Welfaire of this Protestant Kingdome to be governed by a Popish Prince’ (‘An Act declareing the Rights and Liberties of the Subject and Setleing the Succession of the Crowne’). Thairis sin, d’fhógair an chomhdháil go raibh sé mídhleathach dlíthe a chur ar ceal, cánacha a ghearradh gan cead na parlaiminte, nó arm seasta a earcú in aimsir síochána mar a bhí déanta ag Séamas II. Níl aon tagairt sa cháipéis fhuaimintiúil seo do Ghaeil na hÉireann ná na hAlban, ná do bhundúchasaigh Mheiriceá ach oiread. Bhí ceisteanna reiligiúnacha agus bunreachtúla chun tosaigh arís nuair a chuir comhdháil na hAlban coireanna iomadúla i leith Shéamais VII sa ‘Claim of Right’ dhá mhí dár gcionn:
King James the Seventh being a profest papist … Invaded the fundamentall Constitution of the Kingdome and altered it from a legall limited monarchy To ane arbitrary despotick power, and hath Exercised the same, to the subversione of the protestant religion and the violation of the lawes and liberties of the Kingdome, inverting all the Ends of Government, wherby he hath forfaulted the right to the Croune and the throne is become vacant (The Acts of the Parliaments of Scotland 1822: 38–39).
Níl aon tagairt sa ‘Claim of Right’ do Ghaeil na nGarbhchríoch. Is fíor, áfach, gur dhréachtaigh comhdháil na hAlban cáipéis eile dar theideal ‘Articles of Grievances’ ina bhfuil tagairt amháin do na Garbhchríocha: ‘That the not taking ane effectuall course to repress the depredations and robberies by the Highland clannes is a grievance’ (The Acts of the Parliaments of Scotland 1822: 45). Níl anseo ach gearán uimhir a naoi as liosta a bhfuil cúig ghearán déag ar fad air, agus tugadh tús áite do cheisteanna reiligiúnacha agus bunreachtúla sa téacs seo freisin. Má bhí gné eitneach ag an réabhlóid in Albain, bhí an ghné sin imeallach go leor le hais na gconspóidí móra eaglasta agus polaitiúla a thiontaigh aos polaitiúil na ríochta i gcoinne an rí.
Is é an dealú eitneach atá lárnach i leabhar Fisher: tá níos mó ná seachtó tagairt aige do ‘Gaelic and Indian people(s)’ agus tá an leagan aduain ‘Gaeldom and Indian country’ coitianta go leor freisin (46, 47, 86, 100, 170, 187). Is mar seo a chosain an t-údar an téarmaíocht neamhghnách a d’úsáid sé i gcás na hÉireann:
The choice of “Gaels” as a primary term is unconventional in a history of eighteenth-century Ireland. It is more common to refer to “Catholics” and “Protestants” rather than “Gaels/Gaeil” and “English/Gaill,” the assumption being that by the eighteenth century, religious divisions have become more prominent and important than ethnic or cultural ones. The Gaelic poetry examined here does not bear out that assumption (xiv).
Ní féidir glacadh leis an ráiteas seo. Ní gnách le staraithe trácht a dhéanamh ar ‘Ghaeil’ toisc gur bheag duine – fág ársaitheoirí agus lucht ginealais as an áireamh – a chuir suim sa dealú sinseartha idir Gaeil agus Sean-Ghaill san 18ú céad. Mhínigh Breandán Ó Buachalla an scéal mar seo a leanas:
An rangú nua a bhí á dhéanamh ag Ó Súilleabháin Béarra is ag Céitinn araon ar aicmí eitneacha na hÉireann agus an t-ailíniú nua is an dearcadh nua ideolaíoch a bhí laistiar de, is cinnte go dtéann a bhfréamhacha is a mbunús stairiúil siar go dtí an séú haois déag. Go dtí sin níor ghá d’idirdhealú a dhéanamh ach ceann simplí ciníoch dénártha idir Gael agus Gall. Le teacht na Nua-Ghall anall sa séú haois déag agus de bharr a gcomhdhéanamh reiligiúnda, níor leor feasta an sean-idirdhealú ciníoch, ba ghá do Ghael is do Shean-Ghall teannadh le chéile le ‘báidh cleamhnais … combáidh creidimh’ mar a dúirt Céitinn (Ó Buachalla 1996: 80).
Moladh an cónascadh idir an dá chine i litríocht na Gaeilge. Seo mar a scríobh Seán Ó Conaill faoi na ‘seanGhaill tséimhe’ in ‘Tuireamh na hÉireann’, ceann de na dánta is coitianta i lámhscríbhinní an 18ú céad:
Do bhíodar caoin sibhialta tréitheach,
ba mhaith a ndlíthe, a gcreideamh ’s a mbéasa.
Gach duine d’umhlaig, do bhí a chuid féin leis.
Do bhíodar ceannsa mar cheann cléire.
Do shíolraigh a bhfuil trí na chéile,
do bhí an Gaeul Gallda ’s an Gall Gaeulach (O’Rahilly 1977: 71–72).
Ba Shean-Ghall é Seathrún Céitinn, ar ndóigh, amhail Piaras Feirtéir agus Pádraigín Haicéad sa 17ú céad, agus leithéidí Mhichíl Choimín, Phiarais Mhic Gearailt nó Uilliam Inglis san 18ú céad. Níorbh iad na ‘Confederate Gaels’ ach na ‘Confederate Catholics’ a chuir cogadh ar an rí agus ar pharlaimint Shasana i lár an 17ú céad. Cé go raibh an t‑aontas idir an dá chine leochaileach go leor i rith Chogadh na Comhdhála, ba náisiún comhdhlúite amháin iad faoin am a troideadh Cogadh an Dá Rí i dtreo dheireadh an chéid. Ba dheacair laoch ní b’ionadaí a shamhlú don náisiún nua ná Pádraig Sáirséil: fear ar Shean-Ghall é a athair agus ar Ghael í a mháthair. Bhí an chinsealacht Phrotastúnach a bunaíodh in Éirinn tar éis na réabhlóide ar aon tuairim le Seán Ó Conaill: ritheadh dlíthe i gcoinne an tSeacaibíteachais agus an Chaitliceachais, ach níor cuireadh aon leithcheal ar Ghaeil de bharr a sinsearachta.
Bhí ceisteanna bunreachtúla agus reiligiúnacha chun tosaigh arís sna conspóidí idir coilínigh Mheiriceá agus a máthair-thír. Nuair a ritheadh acht parlaiminte (‘An Act for making more effectual Provision for the Government of the Province of Quebec in North America’) i Meitheamh na bliana 1774 a shocraigh go mbeadh an eaglais Chaitliceach ina heaglais bhunaithe in Quebec, agus go mbeadh rialú na coilíneachta sin i lámha gobharnóra ríoga agus comhairle a d’ainmnigh sé, cuireadh idir scéin agus fhearg ar choilínigh Bhriotanacha sna coilíneachtaí eile. Scríobh toscairí na chéad chomhdhála Meiriceánaí litir oscailte chuig a gcomh-ghéillsinigh sa Bhreatain Mhór i mí Dheireadh Fómhair na bliana céanna, litir inar chásaigh siad an ‘Quebec Act’ sna focail seo a leanas:
That we think the Legislature of Great-Britain is not authorized by the constitution to establish a religion, fraught with sanguinary and impious tenets, or, to erect an arbitrary form of government, in any quarter of the globe (Journal of the Proceedings of the Congress 1774: 80).
Lena chois sin, d’áitigh an chomhdháil go raibh an ceart céanna ag parlaimint Westminster cánacha a ghearradh ar na coilíneachtaí agus a bhí ag pápa na Róimhe ríthe a bhriseadh (Journal of the Proceedings of the Congress 1774: 81). Níl aon tagairt sa litir oscailte do na náisiúin dhúchasacha. Nuair a dhréachtaigh an chomhdháil chéanna achainí chuig Seoirse III, rinneadh gearán eile faoin ‘Quebec Act’ toisc gur bhunaigh sé ‘an absolute Government and the Roman Catholic Religion throughout those vast regions, that border on the westerly and northerly boundaries of the free, Protestant, English settlements’, ach níor luadh bundúchasaigh na mór-roinne in aon chor (Journal of the Proceedings of the Congress 1774: 138). Agus sa deireadh thiar thall, nuair a d’eisigh an dara comhdháil Mheiriceánach forógra neamhspleáchais na Stát Aontaithe ar an 4 Iúil 1776, ní raibh ach tagairt amháin ann do na hIndiaigh i measc na líomhaintí go léir a rinneadh in aghaidh Sheoirse III:
He has excited domestic insurrections amongst us, and has endeavoured to bring on the inhabitants of our frontiers, the merciless Indian Savages, whose known rule of warfare, is an undistinguished destruction of all ages, sexes and conditions (‘Declaration of Independence’).
Ba é seo an ceann deireanach de ocht líomhain déag in aghaidh an rí, agus thagair sé do bheart míleata a d’imir arm na Breataine sa chogadh a thosaigh breis agus bliain roimhe sin. Is cosúil gur chuir an éagsúlacht eitneach idir coilínigh agus Indiaigh faobhar ar an naimhdeas a bhí ag borradh idir Meiriceánaigh agus Sasanaigh ón uair a scaoileadh céad urchar an chogaidh ag Lexington i mí Aibreáin 1775, ach ní raibh an éagsúlacht sin chun tosaigh i measc na n‑imreas a spreag an réabhlóid.
Tá léargas spéisiúil le fáil i leabhar Fisher ar ghné thánaisteach amháin de réabhlóid Mheiriceá, gné nár tharraing aird na staraithe roimhe seo, ach caithfear an ghné sin a shuíomh i gcomhthéacs atá níos leithne agus níos traidisiúnta. Níor phléigh an t-údar na cáipéisí inar mhínigh réabhlóidithe na mblianta 1688 agus 1776 na cúiseanna a bhí acu le Séamas II a dhíbirt, ná le neamhspleáchas na Stát Aontaithe a fhógairt. Ní léir cén fáth nár ghlac sé leis na mínithe a thugadar ach b’fhéidir go bhfuil leid le fáil sa réamhrá:
But ultimately the book tries to explain the imperial origins of certain ways of thinking about diversity, inclusion, and exclusion among white Americans (xiii).
Má chuirtear an comhthéacs iomlán san áireamh, ní féidir éalú ón tuairim go bhfuil an bhéim a leagann Fisher ar an éagsúlacht cine agus cultúir iomarcach, agus gur mó an bhaint atá ag a théis le smaointeoireacht acadúil na linne seo – le ‘polaitíocht na féiniúlachta’ go háirithe – ná leis na hábhair chointinne a ghríosaigh réabhlóidithe an 18ú céad.
Tá dea-shampla tugtha ag Fisher do staraithe eile a thabharfaidh faoi startha na hÉireann nó na hAlban san 18ú céad trí litríocht pholaitiúil na Gaeilge a cheadú. Is údar faoisimh é go bhfuil na sleachta Gaeilge agus formhór na n-aistriúchán cruinn, rud nach fíor faoi leabhair staire i gcónaí, ach tá corr-bhotún thall is abhus. Tá na Cayuga luaite faoi dhó agus níl aon trácht ar na hOneida i liosta de na sé náisiún Iroquois (xiii). Níor mhair an ‘Popish plot’ a thosaigh in 1678 chomh fada le 1689 (23). Is mór idir ‘Giúdaigh dár gcrá’ agus ‘tormented like Jews’ (71). Cé gur liostáil Aodh Buí Mac Cruitín in arm na Fraince, níor throid sé riamh (78). Tá ‘Donnchadh Bhàn’ ar Dhonnchadh Bàn Mac an t-Saoir tríd síos (160–161, 168, 170, 188, 192–193). Ní leis an Ríocht Aontaithe ach leis an mBreatain Mhór a aontaíodh Éire (257).
Vincent Morley
SAOTHAIR A CEADAÍODH
‘An Act declareing the Rights and Liberties of the Subject and Setleing the Succession of the Crowne’. Ar fáil ag:
https://www.legislation.gov.uk/aep/WillandMarSess2/1/2/introduction [faighte 30 Nollaig 2023].
‘An Act for making more effectual Provision for the Government of the Province of Quebec in North America’. Ar fáil ag: https://statutes.org.uk/site/the-statutes/eighteenth-century/1774-14-george-3-c-83-the-quebec-act/ [faighte 30 Nollaig 2023].
‘Declaration of Independence’. Ar fáil ag: https://www.archives.gov/founding-docs/declaration-transcript [faighte 30 Nollaig 2023].
Fisher, S.K. agus Ó Conchubhair, B. (eag.) (2022) Bone and Marrow/Cnámh agus Smior: An Anthology of Irish Poetry from Medieval to Modern. Winston-Salem: Wake Forest University Press.
Journal of the Proceedings of the Congress, Held at Philadelphia, September 5, 1774 (1774). Philadelphia.
The Acts of the Parliaments of Scotland. Imleabhar 9 (1822): 38–39.
Ó Buachalla, B. (1996) Aisling Ghéar: na Stíobhartaigh agus an tAos Leinn 1603–1788. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.
O’Rahilly, C. (eag.) (1977) Five Seventeenth-century Political Poems. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.