I mBealtaine 2023 a seoladh Bunachar Bhéaloideas na Féinne go hoifigiúil ach tá stair fhada taobh thiar de. Tá an bunachar bunaithe ar chatalóg a d’fhoilsigh Natasha Sumner mar aguisín lena tráchtas dochtúireachta (Sumner 2015). I réamhrá na catalóige sin, tugann an Dr Sumner aitheantas do na réamhtheachtaithe a chuir ar a cumas liosta cuimsitheach de bhéaloideas na Féinne a sholáthar: ar na saothair a luaitear, tá A Handbook of Irish Folklore le Seán Ó Súilleabháin, imleabhar 3 de Dhuanaire Finn le Gearóid Ó Murchadha, Gaelic Folktales and Mediaeval Romances le Alan Bruford, agus nótaí neamhfhoilsithe a scríobh Mícheál Briody ag tréimhsí éagsúla idir 1978 agus 1990 (Sumner 2015: 1–2). Rinne Sumner obair thaighde shuntasach ar na foinsí chomh maith agus tá 3326 mír ar fad san áireamh ina catalóg. I réamhrá an bhunachair atá faoi léirmheas anseo, mínítear dúinn gur cuireadh bun leis an dtionscadal digiteach seo i dtosach na bliana 2019 agus gur chuir Ollscoil Harvard agus Rialtas na hÉireann maoiniú ar fáil dó, agus tugtar liosta den mbuíon taighdeoirí a thug cúnamh do Sumner agus an bunachar á chruthú (https://fionnfolklore.org/#/about-us).
Acmhainn nua atá againn i mBunachar Bhéaloideas na Féinne, mar sin, agus cé gur as an gcatalóg réamhráite a baineadh formhór na sonraí, tá curtha go mór leis an méid eolais a thugtar; más áis do scoláirí a bhí sa chatalóg, tá an bunachar dírithe ar an bpobal chomh maith le lucht léinn. Tugtar, mar shampla, eolas ar phríomhcharachtair na Féinne (https://fionnfolklore.org/#/characters), gluais ina mínítear focail agus frásaí a bhaineann leis an bhFiannaíocht nó leis an scoláireacht ar an bhFiannaíocht (https://fionnfolklore.org/#/glossary) agus soláthraítear achoimrí ar na scéalta go léir e.g. an ceann seo ar scéal Oisín i dTír na nÓg: https://fionnfolklore.org/#/lays/oto. Is eol dúinn go bhfuil an-éagsúlacht sna leaganacha difriúla d’aistear Oisín (feic Ó Briain 1989), ach is mór an chabhair é cnámha an scéil a bheith ar fáil, pé acu an don léitheoir ginearálta a bheadh ag lorg buneolais é nó don dtaighdeoir a bheadh ag tabhairt faoi staidéar comparáideach a dhéanamh.
Is bunachar trítheangach é seo: tá rogha ag an léitheoir é a úsáid i nGaeilge na hÉireann, i nGaeilge na hAlban nó i mBéarla cé nach bhfuil gach aon chuid de aistrithe go Gaeilge fós. Ina theannta sin, tá an t-ábhar féin ilteangach – tá míreanna ann i mBéarla agus i nGaeilge Mhanann chomh maith le Gaeilge na hÉireann is Gaeilge na hAlban. Ní hionann stair bhailithe an bhéaloidis in Éirinn agus in Albain, rud a fhágann gur mó d’ábhar ón ochtú agus ó thús na naoú haoise déag atá againn as Albain agus gur mó d’ábhar ó dheireadh na haoise sin agus ó thús an fichiú haois atá againn as Éirinn: tá plé cuimsitheach ar na nithe a spreag na bailitheoirí le fáil in Sumner (2022). Tugtar eolas ar na faisnéiseoirí chomh maith leis na bailitheoirí cé nach mbíonn ar fáil ach ainm agus áit chónaithe go minic.
542 mír i mBéarla atá sa bhunachar: léiriú iad so ar an athrú teanga a bhí ag titim amach go pras agus an t-ábhar á bhailiú. Léirigh Cormac Ó Cadhlaigh drochmheas ar an gcuid seo den gcorpas: ‘Tá na scéalta san ’sa Bhéarla chomh hait chómh háiféiseach chómh beag éifeacht san ar fad, ná deintear acht magadh fútha féin agus fén nduine go n-innstear ’na thaobh iad, i dtreo gur beag béarlóir a chuireann aon tsuim i n-aon chor i bhFionn ná ’san bhFéinn’ (Ó Cadhlaigh 1947: 217). Tá an breithiúnas seo ábhar dian agus bheadh fonn orm féin aitheantas agus ómós a thabhairt do na scéalaithe a rinne a ndícheall cuid de na sean-thraidisiúin a chaomhnú. Tá mórán de na téacsanna Béarla dílis go leor d’éirim na leaganacha Gaeilge agus, sa lá atá inniu ann, is doras isteach sa traidisiún iad do dhaoine atá ar bheagán Gaeilge. Féachaimis, mar shampla, ar thuairisc i gCnuasach na Scol ar bhaisteadh Oisín a bailíodh ó Tom Reaney, Cathair an Chaonaigh, Co. na Gaillimhe. Míníonn Oisín a dheacra is atá sé tuairisc a thabhairt ar phianta ifrinn mar leanas: ‘if all the land on earth were paper and the sea were ink and all the quills of the fowl were pens and all that were born since Adam and Eve were clerks they could not write down the one third of the pains of hell’ (https://www.duchas.ie/ga/cbes/4562127/4561863?HighlightText=ois%C3%ADn&Route=stories&SearchLanguage=ga). Ní rófhada iad na focail seo ón leagan Gaeilge seo:
Dá mba páipéar an talamh glas,
dá mba pinn cleiteacha na n-éan,
dá mba dúch an fharraige mhór
agus Clann Éabha a bheith uile ina gcléirigh…
dúshlán an iomláin
leath phianta Ifrinn a chur i gcéill (Ó Briain 1999: 66–67).
Caomhnaíonn an leagan Béarla an greann i ndeireadh an scéilín chomh maith: cuireann Naomh Pádraig a bhachall trí chois Oisín trí thionóisc ach fanann Oisín ina thost mar ceapann sé gur cuid de shearmanas an bhaiste é sin!
Bua mór a bhaineann leis an mbunachar ná go bhfuil mapáil déanta ar gach mír ann. Tá an t-eolas seo léirithe ar léarscáil de chuid OpenStreetMap: ar an leathanach dar teideal ‘Áiteanna’ (https://fionnfolklore.org/#/places), is féidir féachaint ar na háiteanna go léir le chéile agus tá léarscáil ag dul le gach iontráil aonair chomh maith. In Éirinn agus in Albain atá formhór na suíomh ar an léarscáil, gan amhras, ach tá áiteanna níos sia ná sin ann leis ós rud é gur bailíodh cuid bheag den ábhar i Meiriceá Thuaidh. Rud spéisiúil mar gheall ar OpenStreetMap ná go léiríonn sé anaclanna phobal na gCéad Náisiún i gCeanada agus má fhéachaimid ar Oileán Cheap Bhreatainn, chímid go soiléir go raibh béaloideas na Féinne á bhailiú ar thalamh a bhí i seilbh na Micmeacach roimh theacht na nEorpach agus go raibh cónaí ar chuid d’fhaisnéiseoirí na Fiannaíochta cóngarach d’áiteanna ina bhfuil anaclanna ag na Micmeacaigh inniu: tá taighde déanta ag Michael Newton (2012) ar an gcaidreamh idir Gaeil agus Micmeacaigh Oileán Cheap Bhreatainn ina n-aimsítear samplaí de chomhbhá idir an dá phobal ach a thugann léiriú chomh maith ar chiníochas i leith na Micmeacach. Níor bailíodh ach fíorbheagán samplaí de sheanchas na Féinne ó Ghaeil de bhunadh na hÉireann i Meiriceá Thuaidh mar a luann Sumner (2022: 172) ach tá samplaí de théacsanna Fiannaíochta againn i lámhscríbhinní a thug Éireannaigh leo go Meiriceá nó a scríobhadh thall agus atá ar coimeád anois in áiteanna mar Leabharlann Ollscoil Villanova in Pennsylvania agus Leabharlann Houghton in Ollscoil Harvard: níl na lámhscríbhinní seo sa bhunachar mar áirítear gur leis an traidisiún liteartha a bhaineann siad. Níl scéal iomlán na Fiannaíochta i Meiriceá Thuaidh le fáil sa bhunachar, mar sin, ach is cinnte gur acmhainn luachmhar é do dhaoine atá i mbun taighde ar dhiaspóra na nGael.
Tá traidisiún na Fiannaíochta chomh saibhir sin agus tá an oiread sin taifead de chineálacha éagsúla ann nach mór don taighdeoir mianach an phóirseálaí a bheith ann nó inti agus dá bhrí sin tá an réimse leathan roghanna cuardaigh a chuirtear ar fáil mar chuid den mbunachar le moladh go mór. Is féidir cuardach a dhéanamh de réir teanga, de réir teidil, de réir foirme (seanchas, laoi, cluiche, scéal, etc.) agus de réir cartlainne. Ní thugtar tras-scríbhinní ar an suíomh féin, ach tá naisc go dtí foinsí eile ar líne curtha ar fáil i gcuid de na hiontrálacha. Tugtar naisc, mar shampla, go dtí an suíomh duchas.ie (https://www.duchas.ie/ga), rud a chiallaíonn gur féidir le daoine teacht ar na téacsanna féin gan dua. Tá an t-idirnascadh seo an-úsáideach don té a bheadh ag múineadh na Fiannaíochta agus ciallaíonn sé gur féidir le mic léinn nó daltaí scoile a gcuid taighde féin a dhéanamh sa seomra ranga. I gcásanna eile, ní mór dul go dtí leabharlanna agus cartlanna chun teacht ar na foinsí agus i gcásanna eile fós, go háirithe nuair is seanfhoinsí clóite seachas bunscríbhinní a luaitear, tá cuid acu seo ar fáil ar líne cé ná luaitear é seo ar an suíomh: sampla de seo ná na téacsanna a tógadh as Leabhar na Feinne (1872) le John Francis Campbell, leabhar atá ar fáil ar an suíomh archive.org (https://archive.org/). Chaithfeadh duine saineolas a bheith acu ar na foinsí chun lán-tairbhe a bhaint as an mbunachar, mar sin: ní haon cháineadh é seo ar an slí a bhfuil an t-eolas curtha ar fáil ach léiriú ar chastacht an traidisiúin agus na bhfoinsí.
Tá cuid mhaith scéalta mór le rá sa bhunachar agus tá teacht ar líon na gcóipeanna gan dua (https://fionnfolklore.org/#/lays). Tá 227 mír ann a bhaineann le Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, cuir i gcás, agus 253 leagan de Mhacghníomhartha Fhinn. Bhí dúil mhór leis ag daoine sa scéal Baisteadh Oisín a luadh thuas cé nach ceann é sin a fheictear i leabhair scoile agus i leabhair ‘mhiotaseolaíochta’ dírithe ar an mórphobal sa lá atá inniu ann: tá 122 cóip de sa bhunachar. Rud an-úsáideach don taighdeoir ná go dtugtar gearrchuntas ar dháileadh gach scéil. I gcás Baisteadh Oisín, bailíodh é ‘i gContae Aontroma, i gContae an Chabháin, i gContae an Chláir, i gContae Chorcaí, i gContae Dhún na nGall, i gContae na Gaillimhe, i gContae Chiarraí, i gContae an Longfoirt, i gContae Mhaigh Eo, i gContae Ros Comáin, i gContae Shligigh, i gContae Thír Eoghain agus i gContae Phort Láirge in Éirinn agus in Siorrachd Earra-Gháidheal in Albain’ (https://fionnfolklore.org/#/lays/bo). D’fhéadfadh an dáileadh a bheith níos srianta i gcásanna eile: is i gcontaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo amháin a bailíodh na cóipeanna go léir de Laoi (nó Eachtra) Chab an Dosáin (https://fionnfolklore.org/#/lays/ecd) ach ar an dtaobh eile den scéal, léiríonn fianaise na lámhscríbhinní dúinn go raibh teacht ar an laoi tráth in áiteanna eile in Éirinn chomh maith (feic Watson 1990). Fós, is mór an cúnamh é an bunachar chun spléachadh a fháil ar na scéalta agus na laoithe a bhí ar fáil i gceantracha ar leith, agus ós rud é go bhfuil leaganacha canúnacha níos coitianta i dtéacsanna béaloidis ná mar atá i dtéacsanna na lámhscríbhinní traidisiúnta, is acmhainn luachmhar é an bunachar seo don té a bheadh ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar chanúintí ar leith. Tá seanfhocail agus nathanna a bhaineann leis na Fianna le fáil sa bhunachar chomh maith: tá ‘Oisín i ndiaidh na Féinne’ ann, gan amhras, chomh maith le nathanna neamhchoitianta e.g. an ceann seo a bhailigh Roibeard Mac Ádhaimh in 1828: ‘Ca raibh tu a ríamh gan Diarmuid agad’, arb é an míniú a thugtar air ná ‘said to a person who had a habit of saying or doing something on all occasions’ (https://fionnfolklore.org/#/lays/pvms).
Luann Sumner féin cuid de na heasnaimh atá ar an mbunachar go fóill: luann sí go háirithe gur dhírigh sí ar na scéalta agus na laoithe agus a catalóg á cruthú aici agus nach raibh deis aici mionstaidéar a dhéanamh ar bhlúiríní seanchais eile a bhaineann le logainmneacha na Féinne agus scéilíní beaga a bhaineann le carachtair ar leith (https://fionnfolklore.org/#/creating-the-catalogue). Tá sé tábhachtach leis go dtuigfeadh daoine nach dtugann an bunachar léiriú ar thraidisiún iomlán na Fiannaíochta a théann siar go dtí tréimhse na Sean-Ghaeilge. Dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa luath-thraidisiún, saothar luachmhar eile a tháinig amach le déanaí agus a thugann cuntas ar na téacsanna Fiannaíochta ón gcuid is luaithe acu go dtí thart ar 1200 AD ná The Early Fenian Corpus le Caoimhín Ó Muirigh (Murray 2021). Chun teacht ar eolas ar na foinsí ó thréimhse na Nua-Ghaeilge Moiche agus ón dtréimhse iar-chlasaiceach, ní mór cuardach a dhéanamh sna catalóga lámhscríbhinní agus i nótaí na n-eagrán atá déanta de théacsanna Fiannaíochta na linne sin ach tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil borradh faoin taighde ar an Fhiannaíocht i láthair na huaire agus is dócha nach fada uainn treoir bhreise do na tréimhsí seo. Cinnteoidh taighde den gcineál seo a thugann tuairisc chruinn ar na bunfhoinsí go leanfaidh an scoláireacht ar an Fhiannaíocht ar aghaidh ag dul ó neart go neart san aonú haois is fiche.
Rud amháin eile nár mhór a chur san áireamh agus aon acmhainn dhigiteach á breithniú againn ná an inbhuanaitheacht. Is minic a scriostar suímh bhreátha de dhroim an idirlín nuair a thagann deireadh leis an sruth maoinithe a thacaigh lena gcruthú. An bhfuil an baol ann go gcaillfear Bunachar Bhéaloideas na Féinne mar seo? Tá plé déanta ar na ceisteanna seo in agallamh a rinne Virginia Blankenhorn le Sumner agus le taighdeoirí eile i ngort na ndaonnachtaí digiteacha le déanaí (Blankenhorn 2024). San alt sin, míníonn Sumner na dúshláin a bhaineann le tacaíocht theicniúil a chur ar fáil d’acmhainn dhigiteach agus míníonn sí na slite a bhfuil sí ag féachaint chuige go seasfaidh an suíomh an aimsir. Tá an chuma ar an scéal go mairfidh an bunachar, mar sin, agus is maith an rud é sin mar is céim mhór chun cinn é sa scoláireacht ar an Fhiannaíocht agus tá tionchar á imirt aige cheana féin ar na slite ina dtéann an pobal agus taighdeoirí i ngleic le traidisiún saibhir bhéaloideas na Féinne.
Síle Ní Mhurchú
Coláiste na hOllscoile Corcaigh
SAOTHAIR A CEADAÍODH
Blankenhorn, V. (2024) ‘Digital developments in Scottish Studies’. In: Scottish Studies 40: 65–81. Ar fáil ag: http://journals.ed.ac.uk/ScottishStudies/article/view/9290/12198 [faighte 31 Bealtaine 2024].
Murray, K. (2021) The early Fenian corpus. Cork: Cork Studies in Celtic Literatures.
Newton, M. (2012) ‘The Macs meet the “Micmacs”: Scottish Gaelic first encounter narratives from Nova Scotia’. In: Journal of Irish and Scottish Studies 5.1: 67–96.
Ó Briain, M. (1989) ‘Some material on Oisín in the Land of Youth’. In: Ó Corráin, D., Breatnach, L., agus McCone, K. (eag.) Sages, saints and storytellers. Maynooth: An Sagart: 181–199.
Ó Briain, M. (1999) ‘Créacht do dháil me im árthach galair agus baisteadh Oisín’. In: Éigse 31: 60–72.
Ó Cadhlaigh, C. (1947) An Fhiannuidheacht. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair. An seisiú cló.
Sumner, N. (2015) ‘A catalogue of Fenian folklore: supplement to a dissertation titled The Fenian Narrative Corpus, c.600–c.2000: A Reassessment’. Aguisín le tráchtas PhD, Ollscoil Harvard. Ar fáil ag: https://scholar.harvard.edu/files/natashasumner/files/catalogue_final.pdf [faighte 31 Bealtaine 2024].
Sumner, N. (2022) ‘The Fianna and the folklore collectors’. In: Arbuthnot, S.J., Ní Mhurchú, S., agus Parsons, G. (eag.) The Gaelic Finn Tradition II. Dublin: Four Courts Press: 159–173.
Watson, S. (1990) ‘Laoi Chab an Dosáin: background to a late Ossianic ballad’. In: Eighteenth-Century Ireland/Iris an Dá Chultúr 5: 37–44.