Nuair a foilsíodh Ealaín na hAmharclainne le Gearóid Ó Lochlainn in 1966, sonraíodh i léirmheas san iris Comhar go raibh talamh úr á bhriseadh ag an údar, sa phlé a rinne sé ar ghnéithe d’fhorás na drámaíochta in Éirinn. Cuntas neamhiomlán a bhí ann mar sin féin, dar leis an léirmheastóir. ‘… [N]íl sa leabhar ar fad ach cnámhscéal — tá taighde iomlán le déanamh fós ar stair agus ar fhorás na drámaíochta i nGaeilge’ (Tuathail 1966: 22). Chuir scoláirí éagsúla tuilleadh feola ar an gcnámhscéal úd ó shin, agus tá cuntais chuimsitheacha ar ghnéithe éagsúla de stair dhrámaíocht na Gaeilge foilsithe ag Ó Siadhail (199320072020), Ní Chinnéide (2008), Nic Eoin (2008), Ó Conchubhair (2016) agus McNulty agus Ní Ghairbhí (2017), gan ach beagán a lua. Tá moladh ar leith ag dul do Philip O’Leary as an obair mhór atá déanta aige sa ghort seo, ina shraith údarásach ar litríocht na hAthbheochana agus na hiar-Athbheochana (1994200420102011) agus ina leabhar An Underground Theatre: Major Playwrights in the Irish Language 1930–1980 (2017). Líonann a shaothar úr, Setting the Stage: Transitional playwrights in Irish 1910–1950 (2021) bearna eolais eile fós i stair amharclainne na hÉireann agus cuireann lenár dtuiscint ar dhrámaíocht an fichiú haois tré chéile.

Leanann an leabhar nua seo múnla An Underground Theatre: Major Playwrights in the Irish Language 1930–1980, agus tugtar cuntas ar chúigear drámadóirí agus ar an lorg a d’fhág siad ar stáitse a linne. Is iad Piaras BéaslaíGearóid Ó LochlainnLeon Ó BroinSéamus de Bhilmot agus Walter Macken na drámadóirí atá faoi chaibidil san fhoilseachán seo agus tugtar léargas freisin ar an gcomhthéacs sóisialta agus liteartha inar cumadh agus inar léiríodh na drámaí. Tugtar gearrchuntas beathaisnéise i dtaobh na n‑údar go léir agus déantar mionphlé ar na drámaí féin, le hachoimrí ar phlotaí agus anailís ar théamaí na ndrámaí. Tugtar tuairisc an-chuimsitheach ar stair léirithe na ndrámaí go léir agus ar an nglacadh a bhí leo ag an am. Baintear leas an-éifeachtach as léirmheasanna le spléachadh a fháil ar na drámaí mar léirithe stáitse agus ar an gcaoi a ndeachaigh siad i bhfeidhm ar lucht féachana. Cé go dtugann teideal an leabhair le fios go bpléitear saothair an chúigir mar ‘dhrámadóirí’ nó mar údair, le fírinne tá scóip i bhfad níos leithne leis an bplé agus rianaítear na róil éagsúla a bhí acu i ngort na drámaíochta — mar aisteoirí, léiritheoirí, bainisteoirí, léirmheastóirí agus moltóirí.

Bhí baint fhada ag Piaras Béaslaí (1881–1965) le cúrsaí drámaíochta agus cíortar a dhrámaí agus an tionchar a d’imir sé ó aimsir na hAthbheochana ar aghaidh in aiste théagartha sa chéad chaibidil. Bhí sé lárnach i mbunú Na hAisteoirí (1913) agus An Comhar Drámaíochta (1923) agus sholáthair sé roinnt mhaith scripteanna don dá dhream freisin. Bhí éileamh ar fhronsaí éadroma ag an am, ‘simple farcical comedies of elementary humour, with conventional situations and themes’ (37) agus léiríodh drámaí grinn Béaslaí go minic ar fud na tíre — leithéidí Beirt na Bodhaire BréigeFear an Sgéilín GrinnCluiche CártaíAn SgaothaireFear na Milliún Púnt agus An Fear as Buenos Aires. Chuaigh sé i ngleic le díospóireachtaí comhaimseartha faoi chúrsaí canúna sa dráma grinn Cúigeachas freisin. Cé go bhfuil féith an ghrinn chun tosaigh i saothar Béaslaí tré chéile, is é an tragóid stairiúil An Danar an dráma is forbartha agus is cumasaí leis, dar le O’Leary, agus tugann sé ardmholadh don dráma trí-ghníomh sin.

Tuiscint dhomhain Ghearóid Uí Lochlainn (1884–1970) ar an amharclannaíocht a chuirtear faoinár mbráid sa dara caibidil. Díol spéise cúlra idirnáisiúnta ilteangach Uí Lochlainn, agus an oiliúint a fuair sé agus é i mbun staidéir sa Danmhairg. Chaith sé seal ag aisteoireacht in amharclanna Chóbanhávan agus i scannáin thostacha. Bhí ilghnéitheacht ag baint le saothar Uí Lochlainn freisin agus tá drámaí grinn (m.sh. Na Gaduithe) agus dráma faoi Chogadh na Saoirse (Na Fearachoin) i measc na ndrámaí a scríobh sé. Faightear léargas ar fhís uaillmhianach an Lochlannaigh agus a mhian go mbunófaí amharclann Ghaeilge i mBaile Átha Cliath ina léireofaí ‘ní h-amháin bun-drámaí Gaedhealacha, ach scoth saothar drámaidheachta na dtíortha eile chomh maith. I n‑aon bhriathar amháin, amharclann inarbh’ í an Ghaedhilg scathán a thabharfaidh radharc dúinn ar an uile ghné den nádúr daonna’ (87). Tá an aisling áirithe sin fós le fíorú.

Ocht mbundráma a scríobh Leon Ó Broin (1902–1990) agus d’aistrigh sé neart drámaí go Gaeilge chomh maith. Tá cáil Uí Bhroin bunaithe cuid mhaith ar a bheathaisnéisí agus ar na leabhair staire a scríobh sé, seachas ar a shaothar drámaíochta. ‘Accidental playwright’ a bhí ann, dar le O’Leary, a spreagadh le drámaí a scríobh mar chuid de ghluaiseacht na teanga. Fiú más drámadóir dá ainneoin féin a bhí ann, áfach, léiríonn O’Leary go raibh tábhacht ag baint lena shaothar lena linn agus gur cheart an t‑aitheantas cuí a thabhairt dó.

Dírítear ar Shéamus de Bhilmot (1902–1977) sa cheathrú caibidil agus is cás-staidéar an-spéisiúil é. Ba dhrámaí dúshlánacha iad Prólóg don Réim Nua agus Grádh níos Mó a d’ardaigh ceisteanna móra sóisialta agus polaitiúla faoin saol sa bhaile agus i gcéin agus a thug lón machnaimh do lucht féachana a raibh cleachtadh acu ar gheandrámaí. Leagtar béim ar leith ar mhianach neamhchoitianta Grádh níos Mó, dráma a cuireadh ar an ardán den chéad uair in 1938 agus an Eoraip ag druidim i dtreo an Dara Cogadh Domhanda.

If the general impression, even at the time, was that writing in Irish was almost of necessity insular, focusing overwhelmingly on just Irish or even Gaeltacht concerns, de Bhilmot’s play engaged in an entirely contemporary, relevant and even prophetic way with the pressing issues of European and world significance (158).

An t‑ildánaí Walter Macken is ábhar don chaibidil dheireanach agus déantar scagadh críochnúil ar a chuid drámaí Béarla agus Gaeilge. Déantar cur síos freisin ar na blianta a chaith sé mar bhainisteoir ar Thaibhdhearc na Gaillimhe agus ar na cúraimí iomadúla a bhí air sa ról sin: ‘He himself was to keep up this kind of workload for nine years, in addition to producing and directing ninety-six shows, seventy-six of them plays, in almost all of which he had a role, often a major one’ (199). Éacht nach beag!

Bíodh is go bpléitear saothair na ndrámadóirí go léir ceann ar cheann i gcaibidlí éagsúla, tá cosúlachtaí eatarthu agus feictear go raibh cuid de na dúshláin chéanna le sárú acu go léir. Tugtar cuntas ar na deacrachtaí a bhain le meitheal aisteoirí a chruinniú le chéile agus le lucht féachana a mhealladh le féachaint ar na drámaí. Déantar plé inter alia ar amharclanna agus compántais éagsúla; tá plé ar ghnéithe de stair na Taibhdheirce agus tá cuntas ar an ngaol a bhí ag Gearóid Ó Lochlainn le hAisteoirí Ghaoth Dobhair.

Díol suime an plé a dhéantar ar chúrsaí aistriúcháin chomh maith agus an meon a bhí ag drámadóirí éagsúla ina leith. Bhí ganntanas bundrámaí maithe ann, agus aithníodh go gcabhródh aistriúcháin leis an mbearna sin a líonadh agus le hoiliúint a chur ar dhrámadóirí nua na Gaeilge. Os a choinne sin, áitíodh uaireanta go raibh An Taibhdhearc agus An Comhar Drámaíochta ag brath an iomarca ar aistriúcháin agus nach gcabhródh sé go fadtéarmach le bundrámaí Gaeilge a spreagadh. D’aistrigh an t‑ilteangaí Gearóid Ó Lochlainn neart drámaí ón Danmhairgis, ón nGearmáinis agus ón mBéarla agus léirigh An Comhar Drámaíochta sna 1920idí agus 1930idí iad — mar shampla Heirciléas (Verdems Hercules le Adolf Reche), Námhaid don Phobal (En Folkefiende le Heinrik Ibsen), Bean an Iasgaire (The Fisherman’s Wife le T.H. Stafford). Chuir sé Gaeilge ar shleachta ó dhrámaí Shakespeare chomh maith (87–88). Tháinig sé cinn d’aistriúcháin ó Leon Ó Broin, rud a chuir leis an stór drámaí a bhí ar fáil do chompántais (123). Níl an t‑idirdhealú idir aistriúcháin agus bundrámaí chomh néata céanna i gcás saothar Phiarais Béaslaí. D’aistrigh sé roinnt drámaí Béarla agus Gearmáinise go Gaeilge agus léirigh An Comhar Drámaíochta a leagan Gaeilge de She Stoops to Conquer le Goldsmith in 1923. Bhí ‘bundrámaí’ áirithe leis an mBéaslaíoch bunaithe ar bhealach níos scaoilte ar shaothair eile, áfach, agus iad cóirithe agus curtha in oiriúint don Ghaeilge agus do chultúr na hÉireann (44–47). Níor leasc le Walter Macken aistriúcháin a léiriú agus é ina bhainisteoir ar Thaibhdhearc na Gaillimhe agus b’ábhar aighnis leis an mbord bainistíochta ag an am é (179). Má thuill na haistriúcháin cáineadh ó léirmheastóirí go minic, nochtar tuairim eile ar fad sa chaibidil ar Shéamus de Bhilmot agus ba dhóigh le léirmheastóir amháin gur imir siad tionchar dearfach agus gur réitigh saothar drámata na hEorpa an bealach do dhrámaí turgnamhacha de Bhilmot (159). Tá léargais shuimiúla ar cheist an aistriúcháin le fáil i ngach caibidil, agus go deimhin, spreagtar ceisteanna eile atá taobh amuigh de scóip an leabhair áirithe seo, ach arbh fhiú a fhiosrú tuilleadh. Cé na haistriúcháin a raibh éileamh orthu? Cén cur chuige a bhí ag aistritheoirí le hábhair a chur in oiriúint don sprioctheanga? Cén tionchar a d’imir siad ar na seánraí agus na stíleanna drámaíochta a forbraíodh sa Ghaeilge?

Snáithe spéisiúil eile sa leabhar ná an argóint a dhéantar gur réitigh na drámadóirí idir 1910–1950 an bealach don ghlúin a tháinig ina ndiaidh sna 1960idí. Ba chéim mhór chun cinn na drámaí seo ó thús-iarrachtaí na hAthbheochana. Ní mhaítear go bhfuil gach dráma gan locht, agus go deimhin, ní chuireann O’Leary aon fhiacail ann nuair a mheasann sé go raibh mór-laigí ina gcuid iarrachtaí. (Féach, mar shampla, an breithiúnas lom a dhéantar ar dhráma áirithe: ‘This play, which he also directed, was either intended as a parody of moralistic melodramas … or a front-runner in the highly competitive contest for the worst play ever written in Irish.’ (212)) Mar sin féin, d’éirigh le Béaslaí, Ó Lochlainn, Ó Broin, de Bhilmot agus Macken láimhseáil thuisceanach chaolchúiseach a dhéanamh ar ábhair ilghnéitheacha sa chuid is fearr dá saothair. Tugtar aitheantas cuí sa leabhar seo don dúshraith láidir a leag siad faoin ngluaiseacht agus don ról a bhí acu in éabhlóid na drámaíochta san fhichiú haois.

It broadened the horizons and suggested future possibilities for the Gaelic stage. It challenged Gaelic actors, directors and other theatre personnel to a greater level of professionalism and sophistication, and showed audiences, particularly those in Irish cities, that plays in Irish could engage as well as amuse (229).

Ceist a rithfeadh le lucht léite an leabhair, ná: an bhféadfaí na drámaí seo a chur ar stáitse arís? Is fada ó léiríodh aon cheann acu agus d’fhéadfadh cuma sheanaimseartha a bheith ar chuid acu ó thaobh ábhair agus stíle de anois. Tuairimíonn O’Leary go bhféadfaí cuid acu a chóiriú beagán agus a athléiriú sa lá atá inniu ann, go háirithe an dráma neamhshaolta Ag an Ladhrán le Gearóid Ó Lochlainn. Triúr carachtar atá ann agus tá sé suite i stáisiún traenach tuaithe go mall san oíche. Tá toise uilíoch ag baint leis an eachtra agus nádúr an duine mar chroí an scéil. Cá bhfios nach spreagfadh an leabhar seo léiritheoir nó compántas éigin le tabhairt faoi léiriú suíomhoiriúnaithe i stáisiún traenach tréigthe! Agus cad a cheapfadh lucht féachana anois den dráma frithchogaidh Grádh níos Mó, le Séamus de Bhilmot, a scríobhadh in 1938 agus an Dara Cogadh Domhanda ag bagairt, ach atá gach pioc chomh tráthúil sa lá atá inniu ann:

Set in the present in the capital city of the fictitious European country of Urania, the play dramatises the events surrounding the invasion of the country by its former imperial overlord, which uses the pretext of a border dispute to reduce Urania to its previous colonial status (160).

Plus ça change, plus c’est la même chose!

Luaitear ar chúl an leabhair gurb é sprioc an tsaothair seo bearna a líonadh i stair na drámaíochta Gaeilge. Níl aon amhras ach gur bhain sé an sprioc sin amach. Ní haon ‘chnámhscéal’ ná sceach i mbéal bearna é seo, ach leabhar slachtmhar scolártha uileghabhálach. Déantar mionscagadh ar shaothair na ndrámadóirí ach tá sé thar a bheith soléite mar théacs chomh maith céanna. Cuirfear an-fháilte roimhe i léann na Gaeilge agus i léann na drámaíochta araon.

Éadaoin Ní Mhuircheartaigh

Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU