Pictiúr a tharraing Pablo Picasso agus é ag bogadh i dtreo na teibíochta agus an Chiúbachais atá ar chlúdach an leabhair seo mar a bhfuil trí cinn d’aistí suaithinseacha le Máirtín Ó Cadhain as cartlann Choláiste na Tríonóide curtha in eagar go cumasach ag Mícheál Briody agus Máirín Nic Eoin. Ar an tairseach idir dhá ré agus dhá mhodh ealaíne a bhí Picasso nuair a dhathaigh sé ‘Horta de Ebro’ mar a bhfuil tírdhreach sceirdiúil i ndeisceart na Spáinne snaidhmthe aige le cruth na bhfoirgintí ar an mbaile sa tslí go mbraitear an timpeallacht ‘nádúrtha’ agus an baile ‘mínádúrtha’ ag bualadh le chéile ar shlí phléascach. Is deacair don té atá ag féachaint ar an bpictiúr an sean-idirdhealú sólásach idir an domhan nádúrtha agus an táirge saorga atá déanta ag láimh an duine a shlánú. Níl fanta ach cruthanna agus dathanna agus samhlaíocht dána an ealaíontóra ag tabhairt orainn iontas an domhain mar a chíonn sé féin é a admháil.

Agus é ar cuairt sa Rúis sa bhliain 1960, deir an Cadhnach linn i gceann de na haistí sa leabhar seo gur chaith sé tamall fada ag féachaint ar phictiúirí de chuid Picasso agus ar chnuasach íocón beannaithe. Is é a bhain geit as ná iad a bheith chomh dealrach lena chéile agus chomh deoranta le cruth ‘nádúrtha’ an duine: má chuir Picasso deireadh leis an seanréalachas i gcúrsaí ealaíne aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda, bhí a mhacasamhail ar siúl cheana chomh fada siar leis na meánaoiseanna in ealaín thraidisiúnta na Rúise. ‘B’fhéidir gur leagan nua den réalachas é’, a deir Ó Cadhain. Pé ní ina thaobh san, ar seisean, léiríonn an leanúnachas idir an sean agus an nua gurb é an rud atá riachtanach san ealaín ná saoirse an ealaíontóra: ‘tá roghain ar ábhar agus ar fhoirm i gcónaí ann, roghain scrupallach déanta ar rudaí áirid agus rudaí eile cuileáilte go míthrócaireach’ (59).

Tá an ceangal le Picasso agus leis an Rúis i gceartlár a bhfuil le rá ag an gCadhnach sna haistí seo mar a bhfuil sé ag broic leis na dúshláin a bhí roimhe sa scríbhneoireacht ag tréimhsí éagsúla dá shaol. Is maith mar a roghnaigh na heagarthóirí na haistí áirithe seo as an iliomad cáipéisí atá i gcartlann thoirtiúil Uí Chadhain i gColáiste na Tríonóide. Mar atá ráite acu féin, baineann gach ceann de na haistí le tréimhse fé leith i bhforbairt an Chadhnaigh agus é ar thairseach thábhachtach idir modhanna éagsúla scríbhneoireachta. Scríobhadh an chéad cheann, ‘Ábhar aiste réidhscríofa faoi chumadóireacht’ ag deireadh na 1940idí nó ag tús na 1950idí. Bhí Idir Shúgradh agus Dáiríre (1939), An Braon Broghach (1948) agus Cré na Cille (1949) i gcló agus cuid de na scéalta is fearr in Cois Caoláire (1953) scríofa aige fén dtráth san agus a ainm in airde cheana féin mar mhórscríbhneoir próis sa Ghaeilge. Díríonn an aiste ar mheath na scéalaíochta béil i gConamara le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda nuair a tháinig traidisiún na scéalta fada gaisce fé bhrú ag an bhfocal scríofa agus ag teicneolaíocht an chló; ar na tréithe fé leith a bhain le scéilíní a insint; agus a ghiorracht dá chéile a bhí ealaín na ‘riseoirí’ sa traidisiún béil agus ealaín an úrscéalaí. Rud is ionann is a rá, mar a deir Ó Cadhain i dtús na haiste, go bhfuil gad an imleacáin gan scoitheadh fós, idir an traidisiún béil agus an nualitríocht, gurb í an chumadóireacht réamh-nua-aimseartha ‘sinsear agus ceap na litríochta’ is gur ‘aisti a shíolraigh an litríocht’ (45).

As díospóireacht raidió le Brian Ó Nualláin agus Seán Ó hÉigeartaigh a craoladh ar Raidió Éireann ar an 9 Márta 1952 a d’eascair an dara haiste ‘Gur i gcathracha amháin is féidir litríocht a chumadh’. Cé go mbíonn níos mó den ‘tíriúlacht’, a deir Ó Cadhain, sa litríocht a chruthaítear fén dtuath is gur gaire í ‘don choirpís mhór nádúrtha smaointe’ a bheathaíonn an béaloideas, tá níos mó den ‘spreagadh intleachta’ agus den ‘spreagadh pinn’ sa chathair agus deis níos fearr chun dul amach ar nádúr an duine i measc na ‘sluaite fuadracha gleomhara’. Ar deireadh, ar seisean, pé áit a bhfuil sé, fén dtuath nó sa chathair, ‘caithfidh an scríbhneoir a theacht chun réitigh le cúrsaí an tsaoil agus caithfidh gach scríbhneoir é a dhéanamh ar a bhealach féin agus do réir cúrsaí a shaoil féin’ (53). Taca an ama chéanna, i mí Bealtaine 1952, mar a mheabhraíonn na heagarthóirí dúinn, thug an Cadhnach dhá chaint ar Raidió Éireann inar labhair sé ar an rún a bhí aige féin tabhairt faoi ‘teicníc úr, b’fhéidir, nár féachadh sa nGaeilge go fóill’ le go bhféadfadh sé a léargas féin ar an ‘súmaireacht fhola’ a bhí ar siúl sna ‘scórtha oifigí, idir chinn Rialtais agus eile’ i mBaile Átha Cliath a bhreacadh ar pháipéar (Ó Cadhain 1978: 80). Comhartha ar an dua a bhain leis an teicníc sin a shaothrú is ea nár foilsíodh An tSraith ar Lár (1967) agus An tSraith dhá Tógáil (1970), an dá leabhar is láidre a bhfuil léargas Uí Chadhain ar an maorlathas nua-aimseartha cathrach iontu, go ceann blianta fada ina dhiaidh sin.

Tá gaol gairid ag an tríú aiste, ‘Cumadóireacht’, leis an gcaint cháiliúil a thug Ó Cadhain do Chumann Merriman in Aonach Urmhumhan sa bhliain 1969 is a foilsíodh ina dhiaidh sin faoin teideal Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca (1969). ‘Tiomna roimh bhás’ a thug Seán Ó Tuama ar Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca ach ba dhóigh leat ón aiste seo a réitíodh mar ábhar cainte do mhic léinn i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh i dtreo dheireadh na bliana 1966 gur tuigeadh don gCadhnach go raibh sé tréis tairseach eile a thrasnú ina chuid scríbhneoireachta, go raibh tuiscint nua aimsithe aige ar bhunfhoinse na samhlaíochta a ghineann an ealaín is ar phréamhacha a chuid scéalaíochta féin. Is san aiste seo a labhrann sé ar an gcosúlacht idir saothar réabhlóideach nua-aimseartha Picasso agus saothar deabhóideach meánaoiseach na Rúise. Díríonn sé chomh maith ar an teannas idir dóchas agus éadóchas a bhaineann le bheith ag scríobh i mionteanga; ar an dochar a dhein Cogadh na gCarad do scéalaíocht an laochais sa traidisiún béil; ar an tslí go raibh an béaloideas agus an litríocht scríofa ag cothú a shamhlaíochta féin lena óige sa tslí go raibh ábhar béaloidis á bhailiú agus á scagadh aige agus é ‘ag siúl an domhain ar ráillí an chló’ (60) ag an am céanna. Luann sé an léitheoireacht amplach a d’éirigh leis a dhéanamh agus é sa ghéibheann ar Churrach Chill Dara le linn an Dara Cogadh Domhanda; an tábhacht a bhain le Jung agus Freud don scríbhneoir a bhí fé bhrú ag an teicneolaíocht nua-aimseartha ar thaobh amháin agus ag obair scoláirí síceolaíochta ar an taobh eile is é ag iarraidh a léargas ar shaol is ar nádúr an duine a léiriú i bhfocail. Cuireann sé béim arís ar an tionchar a bhí ag scríbhneoirí ón Rúis ar a shamhlaíocht féin. Ní hamháin gurb iad a chruthaigh dó go raibh saol a mhuintire féin oiriúnach mar ábhar litríochta, is iad a mhúin dó chomh maith nár ghá bheith teanntaithe ag an ngearrscéal clasaiceach réadúil. Luann sé chomh maith an rian doimhin a d’fhág ‘foirmiúlacht an chiúbachais agus na stíle nua san ealaín’ (64) air agus é ag dul i dtreo na fantaisíochta agus an neamhréadachais ina shaothar féin. I measc na scríbhinní Béarla agus Gaeilge leis ná raibh foilsithe go fóill luann sé Barbed Wire go speisialta ‘maingín aistí, nó aistí-scéalta […] agus ansin aor fada tuatach, gan a bheith gáirsiúil, ar Éirinn an lae inniu […] an saothar is déine cumadóireacht’ a bhí déanta aige riamh. Sna haguisíní i gcúl an leabhair, tá breithiúnas mholtóirí an Oireachtais ar leaganacha de Cré na Cille (1947), Athnuachan (1951) agus Barbed Wire (1964).

Maisiú ar Cumadóireacht Uí Chadhain is ea an leagan amach soiléir slachtmhar atá air agus tráchtaireacht na n‑eagarthóirí ar na haistí atá curtha in eagar acu. Áitíonn siad orainn sa réamhrá go raibh an Cadhnach chun cinn ar scoláirí béaloidis a linne féin maidir leis an tuiscint a bhí aige ar thábhacht na scéilíní sa traidisiún ó d’fhág an claochlú a chuaigh ar an saol trí chéile ó aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda nach raibh an tóir chéanna feasta ar na seanscéalta gaisce agus iontais. Tarraingíonn siad aird ar an ngaol gairid idir modh reacaireachta na scéilíní agus modh scéalaíochta Uí Chadhain in Cré na Cille agus Athnuachan agus deimhníonn gur gné bhunúsach de shamhlaíocht an Chadhnaigh an nasc leanúnach leis an mbéaloideas. Labhrann siad ar an teannas idir dóchas agus éadóchas i saothar critice Uí Chadhain agus na contrárthachtaí ina chuid aistí poleimice, an nós a bhí aige maolú ar a thuairim ‘le frithagra nó le seasamh frithbheartach’ (27). Tá na haistí suite acu i gcomhthéacs a shaoil féin agus comparáid déanta acu idir iad agus a bhfuil i gcló cheana dá shaothar critice. Ina theannta san ar fad, tá tagairtí acu don iliomad ábhar eile sa chartlann agus i leabharlann Uí Chadhain go bhfuil scagadh fós le déanamh orthu sara mbeidh ar ár gcumas ‘éirim agus fiosracht an Chadhnaigh mar smaointeoir agus mar ealaíontóir a mheas i gcomhthéacs leathan Eorpach agus domhanda’ (36).

Chomh maith leis an réamhrá tathagach, is díol suntais iad na nótaí iomadúla a dhíríonn ar an bhfriotal áirithe a chleacht an Cadhnach ina chuid aistí agus a chuid scéalta. Tá an friotal sin ar cheann dá bhuanna iomadúla agus ar cheann de na dúshláin is mó dá chuid léitheoirí. Is mór an áis dúinn sa mhéid sin an mionscagadh atá déanta ag Mícheál Briody agus Máirín Nic Eoin ar eochairfhocail áirithe sna haistí a bhfuil a macasamhail sna scéalta aige. Deimhníonn an anailís sin dúinn gur gné aiceanta de shamhlaíocht Uí Chadhain an claonadh chun caint mheafarach, nó meafair bháite, a úsáid fiú agus saothar critice nó poileimice á scríobh aige. Meabhraítear dúinn chomh maith go bhfuil an claonadh san ceangailte leis an mioneolas a bhí aige ar theanga agus litríocht na Gaeilge agus ar theangacha agus litríochtaí eile sa tslí nár mhór do léitheoirí eolas cuíosach fairsing a bheith acu ar na foinsí céanna chun éirim a chuid scríbhneoireachta a thabhairt leo. Agus é ag caint mar gheall ar an gcomaoin a chuir an traidisiún béil ar an litríocht, mar shampla, deir Ó Cadhain nach bhfuil sa chumadóireacht ó bhéal lena linn féin ‘ach dílleachta: Garlach Coileánach nach bhfaighidh aon cheart ón leasmháthair’ (45). Is iontach agus is cruinn an tsamhail sin ná beifí ag súil léi in aiste léirmheasa de ghnáth, leide, b’fhéidir, faoin tslí go bhféadfaí an dioscúrsa acadúil féin a cheangal leis an traidisiún dúchais béil ach scéal an Gharlaigh Choileánaigh a bheith ar eolas ag an léitheoir leis. Ag cur síos dó ar scil an scéalaí a cheileann ealaín an chur i gcéill atá á chleachtadh aige, deir an Cadhnach gurb é a bhíonn ar siúl aige ná ‘sciath a chur thar lorg i gcónaí’ (50). Meabhraíonn na heagarthóirí dúinn gurb é bunús an mheafair sin ná an tslí go go gcuireadh an laoch sa seanlitríocht a sciath chosanta idir a lucht leanúna agus iadsan a bhí sa tóir orthu is go bhfuil an leagan céanna ag an gCadhnach sa scéal ‘An tAonú Fleasc Déag’ (86). Bleachtaireacht liteartha agus teangeolaíocht chruthaitheach den tsaghas is fearr atá i gceist leis an míniú atá acu ar na habairtí ‘Rinne sé cineál ceol breac den leabhar’ (63) agus ‘Chorraigh sé iasc eicínt i lucht na Gaeilge, iasc a bhí ag fáil bháis’ (70). Níl aon amhras ná go gcabhródh a thuilleadh den saghas san anailíse linn chun ealaín neamhchoitianta an Chadhnaigh a shoiléiriú agus a thuiscint, chun dlús agus doimhneas na canúna liteartha a chleacht sé a aithint agus a cheiliúradh.

Cé go raibh sé teann a dhóthain as a raibh déanta aige nuair a labhair sé leis na mic léinn i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh i ngeimhreadh na bliana 1966, tá iarracht den duairceas le brath i dtreo dheireadh na haiste ar an gcumadóireacht nuair a deir Ó Cadhain nach dóigh leis go bhfuil sé i ndán dá ghlúin féin ‘oidhríocht liteartha […] a chur de chomaoin ar an nGaeilge’ (73). Ba thábhachtaí, dar leis, ‘go bhfaighe na glúinte amach romhainn oidhríocht na teanga féin’ le go mbeadh ar a gcumas san a chinntiú ‘go dtiocfaidh litríocht Ghaeilge comhleanúnach, gan bhascadh gan bhearna, le Amhra Cholm Cille’ (74). Is breá mar a chuireann na haistí seo lenár dtuiscint ar an éacht a dhein an Cadhnach féin, an té is mó, b’fhéidir, i measc scríbhneoirí na Nua-Ghaeilge a chuir roimhe an méid sin a bhaint amach ina shaothar féin. Táimid faoi chomaoin aige i gcónaí agus ag na heagarthóirí a chóirigh na haistí seo chomh slachtmhar sin dúinn. Tá dearadh agus leagan amach an leabhair ar an gcaighdeán a mbeifí ag súil leis ó mhuintir Scolaí agus Leabhar Breac, rud a chuireann go mór le pléisiúr na léitheoireachta.

Louis de Paor

Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe