Eagrán 12 agus Eagrán 13

Ba mhaith le Bord Stiúrtha COMHAR buíochas a ghabháil leis na heagarthóirí ar Chéim 2 den togra seo COMHARTaighde: Caomhín Mac Giolla Léith, Ríona Nic Congáil agus Peadar Ó Muircheartaigh, a bhfuil a seal chúig bliana anois istigh. Gaisce a rinneadh le cúig eagrán anuas – ardchaighdeán na hirise a dheimhniú agus leithne sa bhreis […]
Bronnadh Dhuais an Chomhchaidrimh 2025

Bronnadh an dara leagan de Dhuais an Chomhchaidrimh, maoinithe ag Gael Linn, ar bheirt scoláirí acadúla luath-ghairme. Dr Chris McCann (Ollscoil na Gaillimhe) agus Dr Dean Farrell (Ollscoil Concordia). Bhronn Réamonn Ó Ciaráin, príomhfheidhmeannach na duaiseanna ar Chris McCann, agus ar Mháire Ní Annracháin, in áit Dean Farrell.