Nuacht COMHARTaighde

  • Seoltar Eagrán 3 de COMHARTaighde

    Seoltar Eagrán 3 de COMHARTaighde

    Chuir Bob Collins, Iar-ardstiúrthóir ar RTÉ, an triú heagrán den iris i láthair an phobail ar an 19 Deireadh Fómhair 2017 ag deireadh Léacht Uí Chadhain na bliana seo, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

    Sa tríú heagrán seo, tá sraith alt taighde agus léirmheasanna ar leabhair nuafhoilsithe acadúla. I measc na scríbhneoirí san eagrán seo tá: Cathal Billings, Eibhlín Mhic Aoidh, Aisling Ní Churraighín, Tracey Ní Mhaonaigh, Pádraig Ó Siadhail, agus Caitríona Ó Torna. Ar na hábhair a dtugtar aghaidh orthu, tá: an stair chultúrtha agus Cumann Lúthchleas Gael, measúnú sa chóras Gaeloideachais, an fhoilsitheoireacht agus an fhoclóireacht san aois seo caite, bailiú gairmiúil an bhéaloidis mar thuigtear in An Béal Bocht é, Pádraig Ó Broin agus staidéar litríocht agus iriseoireacht na Gaeilge i gCeanada, agus an Ghaeilge i gcampa géibhinn Frongoch. Tá léirmheasanna ó Eoin Mac Cárthaigh, Caoimhín Mac Giolla Léith, Ian Ó Caoimh, Breandán Ó Cróinín, Cathal Ó Háinle, Fidelma Ní Ghallchobhair agus Éadaoin Ní Mhuircheartaigh chomh maith, a chuimsíonn réimse ábhar ón bhfilíocht chomhaimseartha chuig taibhealaíona na Gaeilge agus critic ar an staidéar ar Ghaeilge na hAlban.

    Tá COMHARTaighde anois ag glacadh le hailt scolártha don cheathrú heagrán (a fhoilseofar i Meán Fómhair 2018). Tá tuilleadh eolais faoin ghairm ar ailt ar fáil anseo. Is é an spriocdháta d’ailt don cheathrú heagrán ná 1 Feabhra 2018.

    Léitear an preasráiteas anseo.

  • Seolfar eagrán 3 de COMHARTaighde ag Léacht Uí Chadhain

    Seolfar eagrán 3 de COMHARTaighde ag Léacht Uí Chadhain

    Seolfaidh Bob Collins, iar-ardstiúrthóir RTÉ, an tríú heagrán den ríomhiris ag Léacht Uí Chadhain sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar 19 Deireadh Fómhair 2017.

    Bhain sprioc den 1 Feabhra leis an ngairm ar ailt don tríú heagrán agus tá áthas ar COMHAR a fhógairt go seolfaidh Bob Collins, iar-ardstiúrthóir RTÉ, an triú heagrán den ríomhiris. 

    Beidh idir ailt scolártha agus léirmheasanna acadúla san eagrán, a bhfuil ballchríoch á cur air faoi láthair, agus i dtiúin leis an tuairim seoladh na hirise a reáchtáil comhthreomhar le tionóil acadúla éagsúla na Gaeilge, in institiúidí éagsúla, tá sé ar intinn an tríú heagrán seo a sheoladh ag Léacht Uí Chadhain sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar 19 Deireadh Fómhair.

    Anuas ar an eagrán féin, tá riocht á chur ar shuirbhé ar léitheoirí na hirise, tráth fhoilsiú na ríomhirise. Beidh fáil ar a leithéid i bhfoirm phreabfhuinneoige ar an scáileán le ceisteanna éagsúla a bhaineann le cruth agus dul chun cinn an eispéiris léitheoireachta. Anuas air sin, agus mar chuid d'fheabhsuithe teicniúla Chéim 2 den togra, cuirfear nuachtfhógraí beaga uathoibríocha amach faoi ailt éagsúla agus a bhfuil iontu ar na meáin shóisialta le cúrsaí aitheantais a mhéadú. Tá cúlchóras eagarthóireachta an tsuímh á fhorbairt freisin le deis a thabhairt do phiarmheastóirí agus scríbhneoirí an córas a úsáid freisin amach anseo, dá mba mhian leo.  

  • Céim 2 den togra le fógairt!

    Céim 2 den togra le fógairt!

    Céim 2 de COMHARTaighde ar an bhfód: tréimhse a mhairfidh ó 2017-2019 (thuas: Donall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, i mbun eagrán a dó de COMHARTaighde a sheoladh ag Comhdháil Ollscoil na Gaillimhe i nDeireadh Fómhair 2016).

     

     

    Agus Céim 1 den togra seo críochnaithe an bhliain seo caite leis an dara heagrán den iris á fhoilsiú, rinneadh athbhreithniú chun pleanáil do Chéim 2, tréimhse a mhairfidh 3 bliana eile: 2017 - 2019. Sa mheá sa phleanáil sin, bhí feabhsuithe measta in ullmhúchán na ríomhirise agus sa teicneolaíocht a dhéanann seachadadh ar an ábhar i dtreo na léitheoirí. Is deas le COMHAR a lua gur tugadh tacaíocht trí bliana eile ag Coiste Léann na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann do Chéim 2, anuas ar an tiomantas atá léirithe ag COMHAR mar fhoilsitheoirí leis an togra. Beidh trí eagrán sa chéim seo ag tosú amach le heagrán an Fhómhair seo.

    Ó 24 Samhain 2015 - 5 Aibreán 2017, bhí 4,714 léitheoir, 7,462 seisiún léitheoireachta, agus líon de 18,848 amharc ar leathanaigh na hirise i gceist.

    Seoladh suíomh idirlín nua ag cuideachta COMHAR le déanaí, www.comhar.ie. Is ionann an suíomh seo agus máthairshuíomh do ghnóthaí na bhfoilsitheoirí COMHAR, agus feictear COMHARTaighde go soiléir ar an leathanach baile seo. Ag an tráth céanna leis seo, athraíodh an URL de COMHARTaighde chuig www.comhartaighde.ie. Athrú beag mar chuid de chéim 2.

  • Seoltar Eagrán 2 den ríomhiris

    Seoltar Eagrán 2 den ríomhiris

    Chuir Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an iris i láthair an phobail ar an 7 Deireadh Fómhair 2016 le linn na Comhdhála ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

    Sa dara heagrán, tá sraith alt taighde agus léirmheasanna ar leabhair nuafhoilsithe acadúla. I measc na scríbhneoirí san eagrán seo tá: Síobhra Aiken, Pádraig de Paor, Ríona Ní Churtáin, Caitlín Nic Íomhair, Síle Ní Mhurchú, Hugh Rowland, agus foireann scoláirí ó réimse an Oideachais (Gabrielle Nig Ghuidhir, Seán Ó Cathalláin agus Pádraig Ó Duibhir). Ar na hábhair a dtugtar aghaidh orthu, tá: léann na lámhscríbhinní, an fhoilsitheoireacht agus an chritic i dtréimhse na hAthbheochana, an t-aistriúchán liteartha, an nuafhilíocht, gluaiseacht na Gaeilge agus beartas teanga an stáit sna 1960idí, agus an Gaeloideachas. Tá léirmheasanna ó Mhichael Cronin, Pádraig Ó Liatháin, Michelle O Riordan agus Diarmuid Ó Sé ann chomh maith, a chuimsíonn réimse ábhar ón aistriúchán i litríocht na nÓg chuig saothar litríochta agus stair na teanga.

    Tá COMHARTaighde anois ag glacadh le hailt scolártha don tríú heagrán (a fhoilseofar i Meán Fómhair 2017). Tá tuilleadh eolais faoin ghairm ar ailt ar fáil anseo. Is é an spriocdháta d’ailt don tríú heagrán ná 1 Feabhra 2017. 

    Preasráiteas — 7 Deireadh Fómhair 2017

    Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

    Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus Eagrán 2 den ríomhiris á sheoladh aige.

    Síobhra Aiken, Máirín Nic Eoin, agus Seán Ó Cathalláin

    Máirín Nic Eoin, duine d’eagarthóirí COMHARTaighde, sa lár, le beirt a bhfuil saothar leo an dara heagrán de COMHARTaighde, Seán Ó Cathalláin agus Siobhra Aiken.

    An tOllamh Máirín Nic Eoin, duine d'eagarthóirí COMHARTaighde

    An tOllamh Máirín Nic Eoin, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, duine d'eagarthóirí COMHARTaighde, agus í ag caint le linn sheoladh an dara an eagráin ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 

  • COMHARTaighde i mbabhta ceannais na Realex Web Awards

    COMHARTaighde i mbabhta ceannais na Realex Web Awards

    Tá an ríomhiris ainmnithe i mbabhta ceannais na Realex Payments Web Awards sa chatagóir Suíomh Gréasáin Oideachais/Tríú Leibhéil is Fearr.

    Fógraíodh gearrliosta na n-iarrthóirí ar na Realex Payments Web Awards 2016 ar an Aoine 3 Meán Fómhair. Tugann na gradaim seo, atá ar an bhfód le naoi mbliana anuas, aitheantas do scoth na suíomh gréasáin a fhoilsítear in Éirinn. Is féidir breathnú ar ghearrliosta iomlán na n-iarrthóirí anseo. Bronnfar na gradaim ag ócáid in Amharclann Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath ar an 28 Meán Fómhair.

    Beidh an dara heagrán COMHARTaighde á fhoilsiú i mí Dheireadh Fómhair nuair a chuirfidh Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an iris i láthair an phobail ag an gComhdháil ar Litríocht agus Chultúr na Gaeilge 2016, Dé hAoine 7 Deireadh Fómhair ar a 5pm, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i bhforhalla Áras na Gaeilge.

  • Seoladh COMHARTaighde: Aoine 7 Deireadh Fómhair ar a 5pm

    Beidh an dara heagrán COMHARTaighde á fhoilsiú i mí Dheireadh Fómhair nuair a chuirfidh Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an iris i láthair an phobail ag an gComhdháil ar Litríocht agus Chultúr na Gaeilge 2016, Dé hAoine 7 Deireadh Fómhair ar a 5pm, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i bhforhalla Áras na Gaeilge. 

    Cuireann COMHARTaighde saothar scolártha ardchaighdeáin ar fáil do phobal na Gaeilge ar fud an domhain i réimsí éagsúla de léann na Nua-Ghaeilge. Sa dara heagrán, tá réimse alt scolártha ar ábhair a chuimsíonn léann na lámhscríbhinní, an fhoilsitheoireacht agus an chritic i dtréimhse na hAthbheochana, an t-aistriúchán liteartha, an nuafhilíocht agus an teangeolaíocht fheidhmeach, chomh maith le léirmheasanna ar leabhair nuafhoilsithe acadúla. Tá COMHARTaighde ar an gcéad fhoilseachán Gaeilge a bhain áit sa Directory of Open Access Journals (DOAJ) amach agus is mór an teist ar pholasaí piarmheastóireachta agus ar pholasaí saor-rochtana na hirise é.

  • Glactar le COMHARTaighde sa Directory of Open Access Journals

    Glacadh le COMHARTaighde sa Directory of Open Access Journals (DOAJ) ar na mallaibh. Céim thábhachtach chun cinn atá anseo i dtaca le sofheictheacht agus scaipeadh an taighde a fhoilsítear sa ríomhiris.

    Is éard atá sa DOAJ ná eolaire domhanda ina bhfuil breis agus 10,000 irisleabhar agus ríomhiris piarmheasta acadúla i réimsí mar na daonnachtaí, na heolaíochtaí sóisialta, an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an leigheas. Sula nglactar le hirisleabhar sa DOAJ déantar measúnú ar pholasaithe piarmheastóireachta, saor-rochtana agus cóipchirt an fhoilseacháin agus déantar monatóireacht ar fheidhmiú na bpolasaithe seo ar bhonn bliantúil. Is é COMHARTaighde an chéad tréimhseachán i nGaeilge a cuireadh leis an eolaire seo. 

    Tá na hailt ar fad a foilsíodh in Eagrán 1 de COMHARTaighde innéacsaithe agus liostaithe sa DOAJ anois agus cuirfear ailt nua leis an mbunachar de réir mar a fhoilseofar iad. Is féidir le cách bunachar an DOAJ a chuardach agus bíonn an DOAJ ina fhoinse ag catalóga leabharlann agus ag bunachair áirithe acadúla eile.   

    Léigh níos mó faoin Directory of Open Access Journals anseo.

Leathanach 2 as 2
Ar aghaidh »
© Comhar Teoranta, 2023.
ISSN: 2009-8626