Seoltar eagrán 5 de COMHARTaighde

Seoltar eagrán 5 de COMHARTaighde

Chuir an tOllamh Alan Titley an cúigiú heagrán den iris i láthair an phobail ar an 29 Samhain 2019 ag ócáid speisialta a reachtáladh ar chuireadh ó Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide.

Sa chúigiú heagrán, tá sraith eile alt taighde agus léirmheasanna ar leabhair nuafhoilsithe acadúla. Is iad na scríbhneoirí a bhfuil alt acu san eagrán seo ná: Deirdre Ní Chonghaile, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, Hugh Rowland, Nicholas Williams agus foireann scoláirí ó réimse an Oideachais ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach (T.J. Ó Ceallaigh, Mairéad Hourigan agus Aisling Leavy). Ar na hábhair a dtugtar aghaidh orthu, tá an nualitríocht, an scéalaíocht sa bhéaloideas, luibheolaíocht, an stair chultúrtha agus shoch-pholaitiúil agus staidéar an Oideachais. Tá léirmheasanna ó Fhiach Mac Conghail, Róisín Ní Ghairbhí, Liam Ó hAisibéil, Ciarán Ó Gealbháin agus Lillis Ó Laoire chomh maith, a chuimsíonn réimse ábhar, ina measc staidéar na hamharclannaíochta, úrscéalaíocht, léann na Fiannaíochta agus léann na hamhránaíochta.

 

 

© Comhar Teoranta, 2023.
ISSN: 2009-8626