Seoladh ar COMHARTaighde: Eagrán 5
Seolfaidh an tOllamh Alan Titley Eagrán 5 de COMHARTaighde Déardaoin 28 Samhain i Téatar Uí Chadhain i gColáiste na Tríonóide ar a 6:15pm. Fáilte roimh chách.
Is mór ag foireann COMHARTaighde an cuireadh ó Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide leis an eagrán a sheoladh ann.
Tá cúig alt taighde agus cúig léirmheas scolártha leabhar mar chuid den eagrán, a thugann clabhsúr le Céim 2 de COMHARTaighde
Fógrófar an painéal nua eagarthóirí ag an ócáid sheolta.
