Nuacht COMHARTaighde

Eagrán 12 agus Eagrán 13

Ba mhaith le Bord Stiúrtha COMHAR buíochas a ghabháil leis na heagarthóirí ar Chéim 2 den togra seo COMHARTaighde: Caomhín Mac Giolla Léith, Ríona Nic Congáil agus Peadar Ó Muircheartaigh, a bhfuil a seal chúig bliana anois istigh. Gaisce a rinneadh le cúig eagrán anuas – ardchaighdeán na hirise a dheimhniú agus leithne sa bhreis bronnta ar léitheoirí scolártha, idir ailt agus léirmheasanna. Fógrófar buíon úr eagarthóireachta sa bhliain 2026.

Beidh idir-eagrán speisialta ag COMHARTaighde anois in Eagrán 12, ar aon dul le hEagrán 6, agus beidh Léann an Mhíchumais sa Ghaeilge faoi chaibidil. Foilseofar é i mí na Samhna 2026, agus tá an ghairm ar ailt don eagrán sin, anuas ar an ngairm d’Eagrán 13 beo anois.

 

Bronnadh Dhuais an Chomhchaidrimh 2025

Fear an tí Pádhraic Ó Ciardha
Cuid den slua i láthair

Bronnadh an dara leagan de Dhuais an Chomhchaidrimh, maoinithe ag Gael Linn, ar bheirt scoláirí acadúla luath-ghairme. Dr Chris McCann (Ollscoil na Gaillimhe) agus Dr Dean Farrell (Ollscoil Concordia).

Bhronn Réamonn Ó Ciaráin, príomhfheidhmeannach na duaiseanna ar Chris McCann, agus ar Mháire Ní Annracháin, in áit Dean Farrell.

Bronnadh Duais an Chomhchaidrimh 2024

Bronnadh an chéad leagan de Dhuais an Chomhchaidrimh, maoinithe ag Gael Linn, ar an Dr Peter Weakliam (TCD) ag seoladh COMHARTaighde 10. Bronntar an duais ar an aiste is fearr ó scoláire luathghairme san eagrán.

    

Seoladh COMHARTaighde Eagrán 10

Rinneadh seoladh breá ar eagrán 10 de COMHARTaighde Déardaoin 27 Samhain 2024. Le cúig alt scolártha, agus seacht gcinn de léirmheasamnna acadúla, tá lón breá machnaimh san eagrán reatha a sheol an Dr Deirdre Nic Mhathúna mar chuid de mhórsheoladh Fiontar & Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Deirdre Nic Mhathúna

Cuireadh chun seolta: Eagrán 10 de CT, agus Duais an Chomhchaidrimh maoinithe ag Gael Linn

Foilseofar eagrán 10 (2024) de COMHARTaighde  i mí na Samhna, le cúig alt scolártha úra agus seacht léirmheas breise ar ábhar foilsithe nua i Léann na Gaeilge.

Tugtar cuireadh do gach duine a bheith i láthair nuair a sheolfaidh an Dr Deirdre Nic Mhathúna CT #10 Déardaoin 28 Samhain ar a 4:30pm i gColáiste na Naomh Uile, DCU, agus nuair a fhógróidh Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach COMHAR, duaisbhuaitheoir ‘Duais an Chomhchaidrimh 2024’, maoinithe ag Gael Linn.

an ghairm ar ailt fógartha d’eagrán 11 de CT, agus glacfar le hábhar ailt go dtí 1 Feabhra 2025 – tá tuilleadh sonraí ag comhartaighde.ie/gairm.

Anuas air seo, fógraítear freisin faisnéis faoi ‘Duais an Chomhchaidrimh 2025, maoinithe ag Gael Linn’ – don alt is fearr a tháinig i dtreo COMHARTaighde in aon bhliain ó scoláire ar bith a réitigh dochtúireacht i léann na Gaeilge le tamall anuas.

Duais an Chomhchaidrimh

Fógraítear Duais úr, urraithe ag Gael Linn, don saothar is fearr san iris COMHARTaighde a fhoilsítear ó scoláire luathghairme

Cuireann COMHARTaighde fáilte ar leith roimh ailt scolártha den chéad scoth ó thaighdeoirí luathghairme.

Bronnfar ‘Duais an Chomhchaidrimh’ de €750, agus buanghradam, maoinithe ag Gael Linn, ar an alt is fearr a scríobh taighdeoir luathghairme agus a fhoilseofar sa deichiú heagrán de COMHARTaighde. Iris phiarmheasta í COMHARTaighde agus déanfar gach iarratas cuí a phiarmheasúnú de réir ghnáthnósanna na hirise. Ainmnítear an duais seo i gcuimhne ar an gcumann idir-ollscoile as ar shíolraigh COMHAR agus Gael Linn.

Tá gach eolas maidir le Duais an Chaidchaidrimh ar fáil anseo.