Raidió na Gaeltachta: Cultúr agus Pobal

Dáithí de Mórdha

Cló Iar-Chonnacht (2022) | 422 lch | ISBN: 978-1-78444-239-2 | €20

1 Tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer don gcéad uair Domhnach Cásca 1972, bíodh is gur fógraíodh a leithéid a bheith ar na bacáin i dtús ré an tSaorstáit. Siléig eipiciúil a lean, áfach, go dtí gur bhrostaigh agóidíocht lucht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag deireadh na seascaidí an Rialtas chun gnímh.

2 Thosaigh Raidió na Gaeltachta le foireann bheag, stiúideo amháin i gCasla, uaireanta agus raon craoltóireachta an-teoranta. Ach d’fhás agus d’fhorbair: in am trátha stiúideonna i gCorca Dhuibhne agus sna Doirí Beaga, breis foirne, feabhas leanúnach ar áiseanna teicneolaíochta; raon craoltóireachta ag fairsingiú ar feadh an ama: ón ard-mhinicíocht go dtí raon gan teorainn i ré seo na satailítí agus an idirlín.

3 Bíodh is gur fhan (agus go bhfanann) Raidió na Gaeltachta dílis i gcónaí dá bhunchuspóir – freastal ar phobal na Gaeltachta – níorbh fhada ar an bhfód dó go raibh lucht éisteachta ag an stáisiún ‘ar fud na tíre’, agus an tseirbhís nuachta agus cúrsaí reatha ag plé le scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta. I ré an idirlín tá teacht ar Raidió na Gaeltachta ar fud na cruinne.

4 Ar ndóigh, tá athrú ó bhonn tagtha ar an nGaeltacht le caoga bliain anuas, ó thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh: san eacnamaíocht (go háirithe an struchtúr fostaíochta), agus sa saol sóisialta. I gcomhthéacs an chultúir chumarsáide ina bhfuil Raidió na Gaeltachta ag feidhmiú agus inar féidir a thionchar a mheas, tá claochlú ceart tarlaithe – gréasán de raidiónna áitiúla (ar bhonn tráchtála agus pobail) bunaithe ar fud na tíre ó na 1990idí, TG4 tagtha ar an bhfód ó 1996, agus caithréim an ‘fhóin chliste’ ó thús na mílaoise nua. Tá tionchar na n-athruithe seo le tabhairt faoi deara, go héagothrom ó cheantar go ceantar. Ach fíric amháin faoi scéal na Gaeltachta le caoga bliain anuas nach féidir a shéanadh ná a bhfuil tarlaithe don nGaeltacht mar bhunphobal teanga: creimeadh, cúngú agus cúlú, an tuairisc ó shaineolaithe agus ó fhaisnéis na ndaonáireamh (Ó Giollagáin & Charlton 2015). Ní gá dul chun leadráin leis seo, ach is cuid lárnach é sin den gcomhthéacs ina gcaithfear áitiú agus téis an leabhair seo a mheas.

5 Deich mbliana i ndiaidh bhunú RnaG foilsíodh leabhar le Risteard Ó Glaisne, a d’eachtraigh an cúlra staire agus an fhorbairt i mblianta tosaigh an stáisiúin (Ó Glaisne 1982). Sna blianta i ndiaidh fhoilsiú shaothar Uí Ghlaisne, foilsíodh dornán alt (aistí measúnaithe, den gcuid is mó) agus roinnt caibidlí i leabhra faoi stair na meán in Éirinn, na meáin Ghaeilge, ach go háirithe (Watson 2003: 62–87). Anois, tá saothar tábhachtach, toirtiúil scríofa ag Dáithí de Mórdha, ina ndéanann sé grinniniúchadh ar Raidió na Gaeltachta ‘tré shúile na heitneolaíochta’.

6 Tá na dintiúirí aige don ngnó seo: bunchéim sa Ghaeilge agus sa Stair, ardchéim sa Bhéaloideas, agus dochtúireacht sa Bhéaloideas agus san Eitneolaíocht, do thráchtas ar a bhfuil an leabhar seo bunaithe. Le cois na gcáilíochtaí acadúla, áfach, is fear Gaeltachta é an t-údar a fáisceadh as dúchas Dhún Chaoin agus a tógadh i dteaghlach ina raibh Raidió na Gaeltachta mar chuid sheasta d’fhuaimrian an tí. Craoltóir fíorchumasach ar Raidió na Gaeltachta athair an údair, Mícheál de Mórdha, nó gur ghlac sé cúram stiúrthóra ar Ionad an Bhlascaoid. B’é Mícheál fé ndear don Ionad cóip a fháil de chartlann na Mumhan de Raidió na Gaeltachta (cartlann ‘Bhóthar na Léinsí’), agus ba le linn do Dháithí a bheith ag obair san Ionad a chuir sé eolas ar an gcartlann agus thit faoina draíocht. Agus, le tamall de bhlianta anuas (ó thús 2017), tá Dáithí é féin ag obair mar chlár-reachtaire le Raidió na Gaeltachta. Ní gan chúis, mar sin, a mhaíonn sé: ‘go bhfuil taithí [aige] ar ábhar an leabhair seo, is é sin, Raidió na Gaeltachta, mar thaighdeoir ón dtaobh amuigh den eagraíocht, agus mar oibrí ón dtaobh istigh, rud a thugann léargas faoi leith dom ar an ábhar’ (12).

7 Cad iad príomhthorthaí an léargais seo, más ea? Ní leabhar staire é an leabhar seo, i gciall choinbhinsiúnach an fhocail, ná grinnscrúdú ar sheirbhís raidió logánta, laistigh de fhráma anailíse staidéar na meán. Tá sciar maith den leabhar – níos mó ná a leath, an chaibidil le Reiviú Litríochta san áireamh – tógtha suas le cúlra staire bhunú Raidió na Gaeltachta: an Ghaeilge ar 2RN/Radio Éireann; tuiscintí páirtithe leasmhara ar chultúr, theanga agus fhéiniúlacht, agus impleachtaí dá réir don tseirbhís ‘náisiúnta’ craoltóireachta; na feachtais agus an brú polaitíochta chun seirbhís faoi leith raidió d’fháil do phobal na Gaeltachta. Tá níos mó i gceist sna codanna seo den leabhar ná suimiú slachtmhar ar scéal atá pléite cheana: tá de Mórdha ag tarraingt ar chomhaid stáit nach raibh ar fáil d’údair roimhe, rud a ligeann dó an cuntas is iomláine agus is grinne go dtí seo a thabhairt ar dhearcadh polaiteoirí, státseirbhísigh agus daoine eile a bhí taobh thiar den chinneadh Raidió na Gaeltachta a bhunú ar deireadh thiar. Tá raon fairsing foinsí tánaisteacha ceadaithe aige, gné láidir chomparáideach tríd síos, agus é os cionn a bhuille ag plé le coincheapa agus teoiriciúlacht i ndisciplíní éagsúla acadúla agus a gciallaíonn siad dá iniúchadh ar Raidió na Gaeltachta (mar shampla, an coilíneachas, cás agus meon na n-íochtarán, cearta cultúrtha mionlaigh agus bundúchasaigh, sainmhínithe ar ‘bhéaloideas’).

8 Ní hé an chuid is lú de thábhacht an tsaothair seo, cuntas soiléir de Mórdha ar na hathruithe teicneolaíochta fé ndear fás agus forbairt Raidió na Gaeltachta le leathchéad bliain anuas agus na céimeanna éagsúla taobh thiar de chruthú agus chlárú chartlann an Raidió. Tá mionsonraí luachmhara tugtha aige faoi thoirt na cartlainne agus na coinníollacha faoina bhfuil sí á coimeád. Ní leasc leis laigí áirithe sa tionscnamh cartlannaíochta go dtí seo a lua agus moltaí a dhéanamh (m.sh. faoin innéacs agus faoi bhogábhar cuardaigh) chun inrochtaineacht agus éascaíocht úsáide na cartlainne a fheabhsú.

9 Ach, is í an chuid is bunúla den leabhar an cás láidir a dhéanann de Mórdha gur chóir cartlann Raidió na Gaeltachta (agus is le cartlann na Mumhan i mBóthar na Léinsí atá sé ag plé tríd an leabhar) a aithint mar chartlann luachmhar béaloidis. Go deimhin, áitíonn sé gurbh í cartlann Raidió na Gaeltachta fíor-chomharba Choimisiún Bhéaloideasa Éireann (1971 bliain scoir an Choimisiúin), maidir le bailiú béaloidis ó fhaisnéiseoirí Gaeltachta: ach é de dhifríocht bhunúsach idir an dá eagras gur ‘béaloideas beo’ é an taisce ag Raidió na Gaeltachta, sa mhéid is gur lena chraoladh – lena ‘thabhairt as ais’ don bpobal ónar bailíodh é – a bhailíonn agus a chartlannaíonn Raidió na Gaeltachta an t-ábhar. Faoi mar a deir sé: ‘Is féidir cartlann RnaG a fheiscint mar cháipéis eitneolaíochta nó mar bhailiúchán de scéalta na Gaeltachta. Tá taifead ann de chultúr nó de chultúir mhuintir na Gaeltachta, faoi mar a bhí sé agus mar a d’athraigh sé i saolré an dara leath den fhichiú haois, díreach sa tslí chéanna gur blaiseadh samplach den chéad leath den fhichiú haois é Cnuasach Bhéaloideas Éireann’ (14).

10 Bhí forluí suntasach idir CBÉ agus Raidió na Gaeltachta, maidir leis an gcineál béaloidis a bhí á bhailiú, agus baineann an taisce béaloidis is díol spéise le de Mórdha, den gcuid is mó, le hábhar a bhailigh clár-reachtairí Raidió na Gaeltachta ó phobail Ghaeltachta na Mumhan, idir na 1970idí agus 2002. Stair agus stairsheanchas, seanchas saoil, scéalta (cé gur lú scéalta fada a bhailigh Raidió na Gaeltachta – de bharr riachtanais chraolta – ná mar a thóg bailitheoirí CBÉ síos): sin agus, ar ndóigh, oidhreacht shaibhir cheoil agus amhránaíochta na Gaeltachta. Agus bhí ceangal pearsanta, leis, idir an dá fhoras; fear a bpléitear a shaothar do Raidió na Gaeltachta sa leabhar seo mar shaothar eiseamláireach de bhéaloideas beo chartlann Raidió na Gaeltachta; is é sin, Seosamh Ó Dálaigh, a raibh clár seachtainiúil aige ar Raidió na Gaeltachta (‘Cúinne Joe Daly’) idir 1977 agus 1990, agus fear a bhí ag obair roimhe sin mar bhailitheoir ag CBÉ.

11 Ach níorbh ionann ar fad meon ná rún an dá eagras – CBÉ agus RnaG – faoi cad a bhí taobh thiar de bhailiú an bhéaloidis seo ar fad, a dtuiscint ar shruth na staire agus ar thodhchaí an bhunphobail teanga sa Ghaeltacht. I gcás obair an CBÉ, níorbh é Ó Duilearga amháin a chreid gurbh í práinn na hoibre ná oiread agus ab fhéidir a shábháil de chultúr (de shibhialtacht) a bhí ag dul ó sholas go tréan, tapa. An ‘cinniúnachas’ dorcha seo (faoi ‘chlabhsúr’ na Gaeltachta), bhrostaigh sé na bailitheoirí chun a raibh de bhéaloideas ag ‘an scéalaí deireanach’ sa dúthaigh seo, nó ag an té a bhí fós beo le stór maith amhrán sa chéad pharóiste eile, a shábháil, mar nárbh fhada go mbeadh na daoine seo ag fógairt dá chéile ón uaigh.

12 Is léir ó chuntas seo de Mórdha go raibh rún ag clár-reachtairí Raidió na Gaeltachta ón tús gan géilleadh don chinniúnachas seo: ag craoladh cultúir bheo do phobal beo a bheadh siad. Léiríonn sé – ó ráitis iomadúla ó na 1970idí agus 1980idí – nóta dúshlánach na gclár-reachtairí agus iad meáite ar an gcinniúnachas áirithe seo a chloí. Tá lorg an mheoin dhúshlánaigh chéanna ar chuid d’áitiú de Mórdha féin anseo. Ach i bhfianaise thorthaí taighde na sochtheangeolaithe faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht (creimeadh leanúnach, go fiú sna ceantair is ‘láidre’), ní haon ionadh é nach n-éiríonn ar fad le de Mórdha éaló ó scáil na himní faoi thodhchaí an bhunphobail teanga sa Ghaeltacht.

13 Os a choinne sin, tá béaloideas ‘beo’ á ghiniúint i gcónaí ar chláracha Raidió na Gaeltachta. An cheist is deacra a fhreagairt, b’fhéidir, ná cad é an luach atá ar ábhar den tsaghas seo ag lucht éisteachta an lae inniu sa Ghaeltacht. Níl eolas cruinn staitistiúil faoi lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta (a líon agus a chomhdhéanamh – próifíl aoise, inscne ná tíreolaíochta) sa leabhar seo, ach níor chóir an milleán faoi seo a chur ar an údar. Ní fhoilsítear faisnéis dá sórt go poiblí. Is féidir nach bhfuil faisnéis ar fáil do lucht ceannais an stáisiúin féin a léireodh go beacht an lucht éisteachta áirithe atá ag cláracha de chineálacha éagsúla. Is fiú a lua anseo nár ligeadh don údar cibé comhaid atá i gcartlann RTÉ i nDomhnach Broc agus a bhaineann le Raidió na Gaeltachta a cheadú.

14 De cheal faisnéise ar chomhdhéanamh an lucht éisteachta do chláracha éagsúla Raidió na Gaeltachta, is gá tuairim faoin gcás a bhunú ar sheachfhaisnéis: aiseolas a thagann isteach chuig cláracha, iarratais le haghaidh amhráin agus foinn faoi leith ar chláracha ceoil, agus a leithéid. Níl aon amhras ná go raibh (agus go bhfuil) ról tábhachtach – cinniúnach, b’fhéidir – ag Raidió na Gaeltachta sa bhláthú atá tagtha ar amhránaíocht ar an sean-nós le leathchéad bliain anuas: tá focal na bhfonnadóirí agus a lucht leanúna againn faoi seo, gan trácht ar an éileamh láidir ar ranganna sa sean-nós i measc óige na Gaeltachta agus áit ghradamúil na healaíne áirithe béil seo ag éigsí, féilte agus ag an Oireachtas féin (Ní Chéilleachair 2022).

15 Mar gheall ar na hathruithe atá tagtha ar shaol na Gaeltachta le caoga bliain anuas, ní haon ionadh, is dócha, go bhfuil blas ar chuid den mbéaloideas a bailíodh i mblianta tosaigh na seirbhíse a thabharfadh le tuiscint go mbaineann sé le saol atá caite: ní hamháin seanchas saoil agus saothair (gairmeacha agus ceirdeanna), béaloideas faoi chúrsaí tí agus teaghlaigh (troscán, trealamh, éadaí agus modhanna taistil). Ach chomh maith leis sin, seanchas faoi chleachtais shóisialta agus chreidimh (siamsaíocht agus caitheamh aimsire, gnáis dheabhóideacha agus a leithéid) – cleachtais shóisialta a gceapfadh riar maith d’aos óg na Gaeltachta inniu fúthu gur le saol agus le háit aduain ar fad a bhaineann siad.

16 Ar ndóigh, tá gnéithe den saol atá neadaithe go domhain i stair, samhlaíocht agus seanchas na Gaeltachta le fada an lá agus atá ag saibhriú bhéaloideas beo na glúine atá suas i nGaeltacht an lae inniu, faoi mar a dhein ariamh. Seanchas na mbád agus na farraige, cuirim i gcás, nó an béaloideas faoi shaothrú na talún nó, arís, faoin aeráid agus comharthaí aimsire. Agus, ar ndóigh, tá téama na himirce lárnach do stair na muintire. Téama é seo – imirce nó deoraíocht (deis nó díbirt) – lena bhfuil tráchtairí ó dhisciplíní éagsúla gafa le fada (Ní Dhonnchadha agus Nic Eoin 2008). Ach an rabharta iarratas ar amhráin nuachumtha (ach ar mhúnla dúchasach) ar an téama seo ar chláracha ceoil Raidió na Gaeltachta, is cruthúnas é ar dhraíocht na healaíne béil seo i gcónaí do phobal beo na Gaeltachta agus ar athlíonadh leanúnach an tseanchais ar Raidió na Gaeltachta (Denvir agus Ó Fatharta 2020).

17 Ceann den dá phríomháitiú ag de Mórdha, gur taisce thar luach í cartlann seo Raidió na Gaeltachta agus gur chóir earraíocht níos fearr a bheith á baint as – ag taighdeoirí agus ag an mórphobal Gaeilge: ‘… tá cartlann ag RnaG atá … ar cheann de na cartlanna fuaime is mó ar domhan d’aon teanga neamhfhorleathan’ (328). Is féidir gur mó fós an dara gaisce atá a mhaíomh aige do Raidió na Gaeltachta; is é sin, gurbh í an Raidió a chruthaigh agus a chothaíonn an ‘náisiún Gaelach’. Faoi mar a deir sé: ‘Thar aon fhoras eile, chruthaigh nó chothaigh RnaG an Ghaeltacht mar phobal … seachas mar limistéar tíreolaíoch. … Feictear dom gur chruthaigh RnaG … an náisiún Gaelach, trí naisc a chruthú idir an Ghaeltacht agus Gaeilgeoirí, ach níos tábhachtaí ná sin idir na pobail éagsúla Gaeltachta’ (376–377). Pobail Ghaeltachta scaipthe i bhfad ó chéile, ar bheagán teangmhála lena chéile agus, de dheasca difríochtaí canúna, go minic ar easpa tuisceana ar a chéile, dhein Raidió na Gaeltachta pobal amháin díobh. Leagan de ‘phobal samhlaithe’ (‘imagined community’) Benedict Anderson atá anseo, ach gur thaispeáin Raidió na Gaeltachta go bhféadfaí an pobal samhlaithe seo (‘náisiún’) a chruthú agus fós iolrachas canúna a choinneáil. Tá neart teistiméireachtaí ó éisteoirí Raidió na Gaeltachta faoi conas mar a chuadar i dtaithí ar na canúintí éagsúla (agus ar ghnéithe eile den gcultúr Gaelach – stíleanna éagsúla sean-nóis) faoi thionchar Raidió na Gaeltachta.

18 Ach oiread leis ‘an aigne dhúchais’, coincheap achrannach is ea ‘an náisiún Gaelach’, a tharraingíonn iomarbhá agus coimheascar pinn ó am go ham (Kearney 1985; O’Brien 1988: 192–198). An léamh atá déanta ag de Mórdha ar thráchtaireacht na n-údar ar an dtéama seo, tá sé tomhaiste agus tuisceanach, cé go bhféadfadh scagadh níos mine a bheith déanta ar scríbhinní Uí Ríordáin ar an ábhar (Ó Cadhla 1998: 101–131).

19 Is mó cúis a bhíonn ag daoine cluas a thabhairt do stáisiún raidió amháin seachas do cheann eile. In Éirinn, ó tháinig ann do na stáisiúin raidió áitiúla ag craoladh i mBéarla ó na 1990idí, tá teacht go réidh ar eolas logánta (idir nuacht agus shiamsaíocht) ag pobail éagsúla ar fud na tíre. Tá rogha ag éisteoirí sna ceantair Ghaeltachta. Caithfidh Raidió na Gaeltachta dul in iomaíocht leis na stáisiúin áitiúla seo chun a chuid éisteoirí a choinneáil. Ach ní raidió ‘áitiúil’ é Raidió na Gaeltachta sa ghnáthchiall den bhfocal ‘áitiúil’. Is seirbhís í do phobal faoi leith teanga. Is í an teanga a mheallann éisteoirí chuig Raidió na Gaeltachta: na meafair, na samhlacha, na nathanna, seanfhocla, ciútaí cainte, léargais, léaspairtí, gaois agus greann: an cur amach faoi leith ar an saol i dteanga faoi leith atá saothraithe thar na céadta bliain. Is í an teanga agus an cultúr a léirítear inti agus tríthi a choinníonn éisteoirí Raidió na Gaeltachta faoi gheasa. A leithéid seo, go paiteanta, ag Mícheál de Mórdha ar an 13 Deireadh Fómhair 2006: ‘Is é Raidió na Gaeltachta croí, cuisle, caidreamh, caint, ceol, comharsanacht agus coinsias na Gaeltachta … Gheobhair ar an stáisiún seo … seanchas, scéalta, scáthán agus sciath na Gaeltachta. Is ann atá ár dtaitneamh, ár dtaithí agus ár dtodhchaí’ (327).

20 Agus do phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, is ionann dóibh éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus athdhearbhú daingean gur baill iad de bhunphobal teanga, le stair ársa agus mentalité sainiúil faoin saol agus faoi nádúr an duine: is é sin le rá, dearbhú ar a mballraíocht sa ‘náisiún Gaelach’.

21 Is cinnte gurbh í an teanga táin gan áireamh chartlann Raidió na Gaeltachta. Níl aon amhras ná go dtiocfaidh lucht taighde ag triall ar an gcartlann san am atá le teacht. Bainfear earraíocht aisti ar iliomad cúiseanna agus le hiliomad cuspóirí. Agus beidh lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta – go rialta nó scaití – gafa le cuid de na téamaí lena a bhfuil cartlann béaloidis Raidió na Gaeltachta ar maos, agus an tseirbhís ag giniúint béaloidis bheo, lá i ndiaidh lae, ón bpobal agus don bpobal, fad a mhairfidh bunphobal bisiúil Gaeilge sa Ghaeltacht. Sin, ar ndóigh, croí na ceiste.

22 Ní hacmhainn do Raidió na Gaeltachta aisti féin – ach oiread le hÚdarás na Gaeltachta ná TG4 – bunphobal teanga na Gaeltachta a thabhairt slán ná é a bhuanú. Próiseas casta é próiseas na pleanála teanga, in am seo an ghátair: bearta éifeachtacha téarnaimh a cheapadh agus a chur i bhfeidhm. Ach tá a chion – agus níos mó ná a chion – déanta ag Raidió na Gaeltachta chun féintuiscint, féinmheas agus féiniúlacht an bhunphobail Ghaeltachta a neartú, agus an pobal san a mhisniú dá réir. Tá cás láidir déanta ag Dáithí de Mórdha ar son aitheantas a thabhairt do Raidió na Gaeltachta mar ‘ghuth an náisiúin Ghaelaigh’. Tá scóip agus saibhreas chartlann Raidió na Gaeltachta mar fhoinse eolais agus pléisiúir curtha ar ár súile dúinn aige sa leabhar seo. Ní beag de chomaoin í an méid sin.

Gearóid Ó Tuathaigh

Ollscoil na Gaillimhe

Saothair a ceadaíodh

Anderson, B. (2016) Imagined Communities: Reflections on the Origins and Spread of Nationalism. New York: Verso.

Denvir, S. agus Ó Fatharta, C. (2020) Tom a’ tSeoighe — Amhráin. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht.

Kearney, R. (eag.) (1985) The Irish Mind: Exploring Intellectual Traditions. Dublin: Wolfhound Press.

O’Brien, C.C. (1988) ‘“The Irish Mind”: A Bad Case of Cultural Nationalism’. In: Passion & Cunning: Essays on Nationalism, Terrorism & Revolution. New York: Simon and Schuster: 192–198.

Ó Cadhla, S. (1998) Cá bhFuil Éire? Guth an Ghaisce i bPrós Sheáin Uí Ríordáin. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ní Chéilleachair, O. (2022) ‘RTÉ Raidió na Gaeltachta: slánaitheoir an tsean-nóis?’. In: Fogarty, P, Falzett, T. agus Ó Laoire, L. (eag.) Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean-Nós. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht: 359–397.

Ní Dhonnchadha, A. agus Nic Eoin, M. (eag.) (2008). Ar an gCoigríoch: Díolaim Litríochta ar Scéal na hImirce. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Giollagáin, C. agus Charlton, M. (2015) Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2006–2011. Údarás na Gaeltachta.

Ó Glaisne, R. (1982) Raidió na Gaeltachta. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Watson, I. (2003) Broadcasting in Irish. Minority Language, Radio, Television and Identity. Dublin: Four Courts Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626