Ainm Baiste Douglas Hyde i nGaeilge

Diarmuid Ó Sé

1 Dúirt Risteárd Ó Glaisne é seo a leanas i nóta brollaigh a chuir sé le leabhar beathaisnéise (1993: ix) mar gheall ar Chéad Uachtarán na hÉireann:

Is iontach an méid leaganacha Gaeilge d’ainm agus de shloinne Douglas Hyde atá feicthe agam i gcló: Dúbhglas de hÍde, Dubhglas de h-Íde, Dubhglas de hÍde, Dubhghlas de hÍde, Dúglas de hÍde, Dúghlas de hÍde, Dughlas de hÍde, Dúghlas de Híde, Dubhglas de Híde … an oiread sin ar a laghad … Is cosúil gur ‘Dúbhglas de h-Íde’ a scríobhadh Hyde féin ar dtús, tráth nár dhona a chuid Gaeilge, agus is leis sin a chloímse sa leabhar seo i mo chuid scríbhneoireachta féin.

2 Tá an chuma ar an scéal gur chloígh Hyde leis an litriú a raibh ‘g’ lom ann i rith a shaoil. Mar shampla, sa leagan athchóirithe dá eagrán de shaothar Raiftearaí a foilsíodh sa bhliain 1933, tá ‘Dubhglas de h-Íde’ le feiscint go soiléir ar an leathanach teidil faoi chló ‘Gaelach’ (de h-Íde 1933); tá ponc an tséimhithe ar an ‘b’ ach tá sé in easnamh ar an ‘g’ ina dhiaidh. B’fhéidir go n-áiteofaí nach féidir bheith ag brath ar na clódóirí toil an údair a thabhairt slán, go háirithe maidir le rud chomh mionchúiseach le ponc an tséimhithe, ach tá fianaise a láimhe féin againn. Is é an síniú lámhscríofa a chuir sé leis an bportráid líníochta a dhein Seán Ó Súilleabháin RHA de sa bhliain 1938 ná ‘Dubhglas de h-Íde’, agus ponc an tséimhithe in easnamh ar an ‘g’ arís; tá an phortráid sin le feiscint ar shuíomh idirlín Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá an síniú céanna le feiscint ar an seanbhille £50, mar is léir ó na híomhánna de atá ar líne. Agus bhí an tslí a ndeireadh sé a ainm ag teacht leis an síniú sin. ‘Dúglas’ a dúirt sé nuair a ghlac sé móid na hUachtaránachta ar an 25 Meitheamh 1937, rud a thugann le fios gur iarracht ar an bhfuaimniú ba rogha leis féin a chur in úil ab ea an litriú sin ‘Dubhglas’, bíodh an síneadh fada ar an ‘u’ ann nó as. Tá glacadh na móide le cloisint ar chlár faisnéise de chuid TG4, ceann de shraith cláracha mar gheall ar Uachtaráin na hÉireann (ar an 18.04.07 a craoladh, agus é ar fáil ar líne faoin teideal ‘Dubhghlas de hÍde’; ag 30.03 a thosaíonn an mhóid). Tá a fhios againn nach raibh fuaimniú na teanga gan cháim aige, ach tabharfar faoi deara nár theip an foghar séimhithe air agus é ag rá mo dhualgais mar chuid den mhóid. Is léir go raibh sé ar a chumas consain shéimhithe na Gaeilge, gh ina measc, a rá go cruinn, is cuma cén locht eile a bhí ar a chuid Gaeilge (go háirithe r caol a bheith in easnamh air). An amhlaidh a dhein sé rogha fheasach maidir leis an g lom sin más ea? Áiteofar anseo gur dhein.

3 Mar sin féin, tá fianaise luath ann, le linn Hyde féin, ar ‘Dubhghlas’ a bheith á úsáid mar litriú Gaeilge ar a ainm baiste. Tá samplaí de chomh fada siar le 1893 le feiscint ar Chorpas Stairiúil na Gaeilge 1600–1926 (http://corpas/ria/ie, sv. ‘dubhghlas’). Míníonn Uí Chollatáin an fáth ar roghnaigh sí féin an litriú ‘Dubhghlas’: ‘Tá leaganacha difriúla den ainm ar fáil, leaganacha ar bhain Dubhghlas de Híde féin úsáid astu. An leagan seo a úsáidtear tríd an leabhar seo, leagan atá leagtha síos ag an gCoiste Téarmaíochta, Foras na Gaeilge’ (Uí Chollatáin 2004: 14). Ní féidir talamh slán a dhéanamh de gurbh é Hyde féin a roghnaigh an litriú ‘Dubhghlas’ aon uair ar baineadh úsáid as i gcló; ní mór dúinn cuimhneamh go mbeadh a ainm gafa trí lámha daoine eile sular buaileadh ar an leathanach é, agus ní raibh i gceist an uair úd ach ponc an tséimhithe a bheith ann nó as. Snámh in aghaidh easa ab ea an litriú ‘Dubhglas’ ar shlí toisc go dtagann sé salach ar nósanna litrithe na teanga, agus bheadh sé i mbaol a leasaithe i gcónaí.

4 Níor éirigh liom ráiteas sin Uí Chollatáin maidir le faomhadh an Choiste Téarmaíochta a dheimhniú. Níl ainmneacha dílse faoi chúram an Choiste agus níl aon iontráil ar téarma.ie a bhfuil ainm Hyde mar chuid de [8 Meán Fómhair 2023]. Tá ‘Dubhghlas de hÍde’ ar focloir.ie faoi na ceannfhocail ‘alias’ agus ‘founder’ áfach, ach is dócha nach bhfuil i gceist ach gur leanadar nós atá forleathan le fada. Is é an litriú ‘Dubhghlas’ atá le feiscint ar fuaid an bhaill, mar shampla ag Ó Murchú (2002) agus ar ainm.ie (ach amháin nuair a luaitear saothar Uí Ghlaisne), agus ar dib.ie (Dictionary of Irish Biography). Is é atá ar president.ie, suíomh idirlín Uachtaránacht na hÉireann. Leagan leasaithe de, ‘Dúghlas’, atá ag Nollaig Ó Muraíle ina atheagrán breá d’amhráin agus dánta Raiftearaí (Ó Muraíle 2018); níl i gceist ansin ach an litriú a bheith ag teacht le litriú leasaithe an lae inniu. Duine fánach a thug aitheantas don litriú a bhíodh ag Hyde féin; deir de Bhulbh agus é ag trácht ar an sloinne Douglas, ‘It has become common as a first name, e.g. Dubhglas de Híde, co-founder of Conradh na Gaeilge and first President of Ireland’ (de Bhulbh 1997: 18).

5 Ní miste dúinn muinín a bheith againn as na ráitis seo a leanas:
(a) gurbh é an fuaimniú Dúglas, agus ‘g’ lom ann, a bhí ag Hyde i rith a shaoil;
(b) gurbh é an litriú ‘Dúbhglas’, agus ‘g’ lom ann, a roghnaigh sé agus é ag cur Gaeilge ar a ainm den chéad uair, agus gurbh é an litriú sin, nó an leagan ‘Dubhglas’ gan síneadh fada, ba rogha leis ina dhiaidh sin nuair a bhí a shaothar acadúil á chur i gcló;
(c) gurbh é an síniú a chleachtadh sé ná ‘Dubhglas’ (sa seanchló);
(d) go raibh an litriú ‘Dubhghlas’ (sa seanchló) ar a ainm baiste i gcúrsaíocht luath go leor, fiú amháin ag deireadh an 19ú céad;
(e) nár thug Hyde aon treoir ná soiléiriú poiblí i dtaobh fhuaimniú nó litriú a ainm; dá ndéanfadh ba dhóigh leat gur fadó shin a bheadh an t-eolas sin aimsithe ag leithéidí Uí Ghlaisne, Uí Mhurchú agus Uí Chollatáin.

6 Rud eile atá soiléir, go bhfuil ainm Gaeilge Douglas Hyde ina ábhar mearbhaill ag cainteoirí na teanga ó shin i leith. Nuair a bhíos féin ar scoil, ag na Bráithre Críostaí, is éard a deirimís ná ‘Dúglás de hÍde’, agus an bhéim ar an dara siolla den ainm baiste. Dúirt daoine eile a bhí ar scoil ag na Bráithre liom gurbh é an fuaimniú céanna a chualadar féin riamh. Is é an fuaimniú sin atá ag an tráchtaire (comhaimseartha linne) a chuireann mír físe mar gheall ar ‘Óid an Oireachtais (1897)’, a chum Hyde, i láthair ar shuíomh idirlín Chonradh na Gaeilge. Níl aon bhunús staire ná teanga leis an bhfuaimniú Dúglás, dar ndóigh. B’fhéidir nach bhfuil i gceist ach an t-ainm úd a bheith ag teacht faoi anáil ainmneacha seanbhunaithe dar críoch -ás ar nós Tomás, Nioclás, agus Labhrás, leaganacha Gaeilge a cumadh nuair a tugadh Thomas, Nicolas, agus Laurens isteach sa teanga tar éis theacht na nAngla-Normannach (Risk 1970–71: 611, 648; Risk 1974: 84).

7 Ardaíonn na leaganacha éagsúla sin cúpla ceist shuimiúil. Cén fáth ar bhain an fear féin úsáid as an litriú ‘Dúbhglas’ nó ‘Dubhglas’, gan aon séimhiú ar an dara cuid, agus fuaimniú dá réir aige? Agus ní miste a fhiafraí cén fáth ar tháinig an litriú ‘Dubhghlas’ chun cinn mar mhalairt air, agus é i réim anois ag scríbhneoirí acadúla agus uile. Ní mór dúinn bunús a ainm bhaiste as Béarla, Douglas, a iniúchadh mar chéad chéim chun an gaol idir an dá litriú sin, ‘Dubhglas’ agus ‘Dubhghlas’, a thabhairt chun solais.

8 Mar seo a mhínítear bunús an ainm bhaiste Douglas i bhfoclóir ainmneacha baiste a d’fhoilsigh preas Ollscoil Oxford (Hanks & Hodges, 1990, sv. Douglas):

Douglas (m.) Scottish and English: transferred use of the surname borne by what was one of the most powerful families in Scotland, the earls of Douglas and of Angus, also notorious in earlier times as Border reivers. Today this name is sometimes assumed to be connected with Dougal, but it seems more likely that the surname is derived from the place in the Southern Uplands of Scotland where the family had their stronghold. This is probably named with the Gaelic elements dubh black + glas stream’.

9 Athúsáid ar shloinne atá i gceist más ea, nós a bhí agus atá coitianta ag daoine de bhunús Protastúnach Angla-Sacsanach. Bhí an sloinne sin ar dhaoine sa tír seo chomh maith; deir Muhr agus Ó hAisibéil (2021; sv. ‘Douglas’) gur le Contae Aontroma, Contae an Dúin agus Contae Dhoire is mó a bhain sé sna blianta 1847–64. Mar seo a dúirt Hanks agus Hodges mar gheall ar bhunús an tsloinne sin i bhfoclóir sloinnte ó phreas Ollscoil Oxford (1988, sv. Douglas):

Douglas Scots: habitation name from any of the various places so called from their situation on a river named with the Gael. elements dubh dark, black (see DUFF) + glais stream (a deriv. of glas blue; cf GLASS 2). There are several localities in Scotland and Ireland so named, but the one from which the surname is derived in most if not all cases is 20 miles south of Glasgow, the original stronghold of the Douglas family and their retainers. The traditional pronunciation of the name is /ˈduːgləs/, but now /ˈdʌgləs/ is more common.

10 Tugann George Fraser Black (1971, sv. Douglas) eolas níos mine mar gheall ar an teaghlach sin robálaithe agus uaisle. Níl aon iontráil a bhaineann leo ag Thomson (1994) áfach, toisc nár Ghaeil iad; de shliocht Normannach ab ea iad de réir Black.

11 Maidir leis an dá leagan den fhocal úd a bhfuil an bhrí ‘sruthán’ leis sna sleachta thuas, is amhlaidh a bhí trí leagan de ann ar dtús; deir eDIL (sv. glais, glaise, glas):

n f. There seem to be four distinct declensions: (1) glais ī,f. g s. and n p. glaise, glaisi, IGT Decl. § 14.7 . (2) glaise f. g s. glaisedh; d s. glaisidh (as if from a d-stem), § 7 . (3) glaise iā,f. (4) glas ā,f. a p. glasa, AU i 336.22 (an. 835).

12 Maidir le húsáid an fhocail glais ‘sruthán’ i logainmneacha na hAlban, deir Watson (1926: 457–8) é seo:

Dubhghlais... ‘black stream’, becomes Douglas in English. There is a Douglas Burn in Aberdeenshire. Douglas Water enters Loch Lomond north of Luss, and another, from Loch Sloy, has its confluence at Inbhir Dhubhghlais, Inveruglas, near Arrochar (dh silent after r). Another enters Loch Fyne on the west; there are besides Douglas Water in Lanarkshire and Douglas Muir west of Milngavie.

13 Is é an ceann i Lanarkshire a bhí mar bhunús le hainm an teaghlaigh a bhí ag rialú an cheantair sin tráth, an dream atá luaite thuas. Is dócha gurb é an baile arb ainm dó Dubhghlais is mó a bhfuil cur amach air ná an ceann atá ina phríomhbhaile ar Oileán Mhanann, Douglas as Béarla.

14 Tá roinnt sruthán nó aibhneacha in Éirinn a bhfuil Dúghlaise mar ainm orthu. Ina measc sin atá luaite ar logainm.ie tá an Dúghlaise / Douglas River i bparóiste dlí Mhaigh Oirthir, atá cóngarach do Lios Tuathail i mbarúntacht Oireacht Uí Chonchúir i gContae Chiarraí. Tá ainmneacha áitribh ann chomh maith a ainmníodh i ndiaidh aibhneacha a raibh an t-ainm úd orthu, mar shampla An Dúghlaise / Douglas, baile fearainn i bparóiste dlí Chill Orglan, i mbarúntacht Thriúcha an Aicme i gCiarraí. Is é an ceann is suimiúla ó thaobh an chúraim atá idir lámha anseo againn ná an bruachbhaile de chathair Chorcaí a dtugtar Douglas air as Béarla. Tugann an fhianaise stairiúil, faoi mar a chuirtear i láthair ar logainm.ie í, le fios gur Dubhghlaise eile é seo ó bhunús. Ní Dubhghlaise a thugann Oifig na Logainmneacha air sa lá atá inniu ann áfach, ná Dúghlaise, ach Dúglas.

15 Tá an chuma ar an scéal gurb amhlaidh a buaileadh litriú Gaeilge anuas ar ainm Béarla ár linne féin, Douglas, in ionad filleadh ar an bhfoirm stairiúil Dubhghlaise. Rithfeadh sé leat ón nguta fada sa chéad siolla de Dúglas gur thuig an dream a chum é gur guta fada a bhí san ainm sin ar dtús sa Bhéarla. Mar a chéile ag Douglas Hyde nuair a chum sé leagan Gaeilge dá ainm. Ní foláir gur thuig Hyde go maith an bunús stairiúil a bhí leis, agus b’fhéidir go raibh an seanfhuaimniú Dooglas (a luann Hanks agus Hodges 1988) fós i mbéala daoine nuair a bhí sé ag fás aníos, ag an tseanghlúin i measc a phobail chreidimh féin pé scéal é. Sa tslí chéanna a tháinig an leagan Gaeilge d’ainm Douglas i gCorcaigh agus an leagan Gaeilge d’ainm baiste Douglas Hyde ar an bhfód.

16 Má ghlacaimid leis gur ceart géilleadh don rogha a dhein Douglas Hyde maidir le gaelú a ainm féin, faoi mar a ghlactar coitianta le foirmeacha ‘neamhchaighdeánacha’ mar ‘Diarmuid’ agus ‘Pádhraic’, is é an leagan dá ainm baiste ar cheart aitheantas a thabhairt dó ná ‘Dubhglas’, an leagan a bhí mar shíniú aige féin agus atá ag teacht leis an bhfuaimniú a chleachtadh sé. D’fhéadfaí dul céim eile agus ‘Dúglas’ a dhéanamh den ainm baiste, ar aon dul leis an áit sin i gCorcaigh, ach bheimís ag tabhairt tús áite don litriú leasaithe nua-aoiseach ar an litriú a bhí ann le linn Hyde féin.

17 Is furasta a thuiscint go nglacfadh scoláirí Gaeilge col leis an litriú ‘Dubhglas’, agus ‘g’ lom ann, toisc é a bheith bun os cionn le nósanna litrithe na Gaeilge. Is ainm é a bhfuil bunús Gaelach leis, dar ndóigh, más go hindíreach féin é toisc gur tríd an mBéarla a tháinig sé chomh fada le Gaeil na hÉireann, agus ní deacair féachaint air agus comhfhocal Gaeilge a fheiscint ann. Tá roinnt samplaí i gCorpas Stairiúil na Gaeilge (sv. Dubhghlas) den litriú ‘Dubhghlas’ a bheith á úsáid mar ghaelú ar an ainm Béarla Douglas, ag tagairt do phearsana stairiúla seachas Hyde. I leabhair staire a foilsíodh ag tús an fichiú céad is mó atá siadsan. Mar shampla, Dubhghlas a thug Breathnach (1911) ar an nGinearál James Douglas, oifigeach in arm Liam Oráiste, fear a bhain leis an treabhchas Albanach úd. Is léir gur tuigeadh do dhaoine a bhí comhaimseartha le Hyde gurb é ‘Dubhghlas’ ba bhunús leis an ainm Béarla Douglas, ach bhí dul amú orthu faoi mar atá feicthe againn. Ní haon iontas mar sin go raibh ‘Dubhghlas’ á dhéanamh ag eagarthóirí agus clódóirí den ‘Dubhglas’ ba rogha le Douglas Hyde féin.

18 Tá ceataí eile ag baint le húsáid ‘Dubhghlas’ mar ghaelú ar ainm baiste Hyde, taobh amuigh den mhíthuiscint ar stair an ainm. Téarma datha seachas ainm dílis ab ea dubglas sa tSean-Ghaeilge agus sa Mheán-Ghaeilge, de réir na samplaí atá in eDIL. Cé go bhfuil roinnt samplaí déanacha de dubhghlas mar théarma datha i gCorpas Stairiúil na Gaeilge 1600–1926 (as ‘Cín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin’, 1831), níl aon rian de in FGB ná ar focloir.ie. Níl aon sampla de dubhghlas i dtráchtas an-mhion a dhein Deirdre Ní Mhóráin ar na téarmaí datha i nGaeilge Chorca Dhuibhne, cé go bhfuil dúghorm agus dúdhearg ann (Ní Mhóráin 2004: 32); as cnuasach cártaí ó láimh Phádraig Uí Mhaoileoin i gCartlann na gCanúintí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a baineadh na samplaí sa tráchtas sin. Téarma datha a ligeadh i léig le himeacht ama ab ea dubhghlas, más ea. Ba mhór idir é agus bunús Gaeilge an ainm Bhéarla Douglas. Faoi mar a chonacamar, Dubhghlaise ‘sruthán dorcha’ ab ea é sin. Is é an dála céanna é ag a leathchúpla san ainmeolaíocht, Fionnghlaise ‘sruthán geal’; dar ndóigh, is féidir glais a bheith in ionad glaise iontu sin, agus b’fhéidir go bhfuil dáileadh tíreolaíochta an-suimiúil ag baint le húsáid an dá leagan sin den fhocal ach is gnó é sin nach mbaineann leis an gcúram atá idir lámha anseo. Dá bhrí sin, dá mbeifí chun Gaelú dílis a dhéanamh ar ainm baiste Gaeilge Douglas Hyde, is amhlaidh a chaithfí ‘Dubhghlais(e) de hÍde’ a thabhairt air, rud a bheadh áiféiseach agus bun os cionn ar fad le haon ní a samhlaíodh dó féin.

19 Is dóigh liom gur deacair cur i gcoinne na fianaise gur déantús leathGhaelach é ‘Dubhglas’ a chum Douglas Hyde d’aon ghnó mar ghaelú ar (shean)fhuaimniú a ainm bhaiste Béarla, ar nós an ‘Dúglas’ a nglactar leis mar ainm Gaeilge ar Douglas Chorcaí. Cosán caoch is ea ‘Dubhghlas’. Dá bhrí sin, ba cheart dul ar ais go dtí an litriú ‘Dubhglas’ agus é a rá mar ‘Dúglas’. Cé go mb’fhéidir go bhfuil an chuma air gur glas ar an ngeata tar éis na foghla é níor mhiste iarracht a dhéanamh an cruth ba mhian le Douglas Hyde féin a chur ar ais ar leagan Gaeilge a ainm bhaiste.

Saothair a ceadaíodh

Black, G. F. (1971) The surnames of Scotland: their origin, meaning and history. New York: New York Public Library.

Breathnach, M. (1911) Stair na hÉireann III. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge.

de Bhulbh, S. (1997) Sloinnte na hÉireann: Irish surnames. Faing: Áras Íde.

de hÍde, D. (1933) Abhráin agus dánta an Reachtabhraigh. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais.

eDIL: Electronic Dictionary of the Irish Language www.edil.ie [faighte 15 Meán Fomhair 2023].

Hanks, P. & Hodges, F. (1988) A dictionary of surnames. Oxford: Oxford University Press.

Hanks, P. & Hodges, F. (1990) A dictionary of first names. Oxford: Oxford University Press.

Muhr, K. & Ó hAisibéil, L. (2021) The Oxford dictionary of family names of Ireland. Oxford: Oxford University Press.

Ní Mhóráin, D. (2004) ‘Téarmaíocht na ndathanna i gCorca Dhuibhne’. Tráchtas MA i Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Ó Glaisne, R. (1993) Dúbhglas de h‑Íde (1860–1949): náisiúnach neamhspleách 1910–1949. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge.

Ó Muraíle, N. (2018) Amhráin agus dánta Raiftearaí. An Spidéal: Futa Fata.

Ó Murchú, M. (2001) Cumann Buan-choimeádta na Gaeilge: tús an Athréimnithe. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Risk, H. (1970–1971) ‘French Loan-Words in Irish (I)’. In: Études Celtiques 12: 585–655.

Risk, H. (1974) ‘French Loan-Words in Irish (II)’. In: Études Celtiques 14: 67–98.

téarma.ie, Foras na Gaeilge [faighte 8 Meán Fómhair, 2023]

Thomson, D. (1994) The companion to Gaelic Scotland. Glasgow: Gairm Publications.

Uí Chollatáin, R. (2004) An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Watson, W. J. (1926) The Celtic placenames of Scotland. Edinburgh: Blackwood.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626