An ginideach ar lorg an réamhfhocail seach

Peadar Ó Muircheartaigh

1. Réamhrá

1 De réir a bhfuil againn d’fhoinsí scríofa, leanadh an tuiseal áinsíoch an réamhfhocal seach ‘past, beyond’ le linn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge (Thurneysen 1946: 530; Lewis & Pedersen 1937: 162; www.dil.ie, s.v. sech). Is amhlaidh a bhí an scéal i dteanga na Gaeilge Clasaicí (McManus 1994: 433, § 10.1) chomh maith. Agus córas na dtuiseal sa Ghaeilge scríofa á shimpliú i dtreo dheireadh na tréimhse clasaicí, tosaíonn an t-idirdhealú moirfeolaíochta a bhíodh idir an t-ainmneach, an t-áinsíoch agus an tabharthach ag titim as a chéile, más go mall féin é (Williams 1994: 450–451, §3.1–4; 463, §6.3). Tá de thoradh ar an athstruchtúrú sin go dtéann an t-idirdhealú idir áinsíoch agus tabharthach tar éis na réamhfhocal i léig cuid mhaith (O’Rahilly 1932: 213; Williams 1994: 463, §6.3). Mar sin bíodh is go leanann an tuiseal áinsíoch seach in Scáthán Shacramuinte na hAithridhe le hAodh Mac Aingil ag tús an seachtú céad déag (Ó Maonaigh 1952), ní fada go bhfaightear samplaí den tuiseal tabharthach ag teacht ina dhiaidh sna lámhscríbhinní chomh maith (féach Jackson 1938: 168; Williams 1979: 34). Maidir le húsáid an réamhfhocail shimplí seach i nGaeilge na haoise seo agus na haoise seo caite, tá sé nach mór imithe i léig. Gabhann an nóta Lit. leis an réamhfhocal in FGB (s.v. seach), rud a léiríonn gur focal é a fhaightear i ‘seanlitríocht na Nua-Ghaeilge nach n-úsáidtear go coitianta anois’, bíodh is go n-úsáidtear go fóill é i nGaeltacht Thír Chonaill (cf. Wagner 1959: 201, §523).

2 Is é is cás leis an alt gairid seo, dornán beag téacsanna iar-chlasaiceacha ina ndéantar ainmfhocail a infhilleadh sa ghinideach ar lorg an réamhfhocail seach. Baineann na téacsanna seo ar fad le tréimhse ón dara leath den seachtú céad déag anuas go dtí an naoú haois déag. Is suntasach dáileadh geografach infhilleadh seo an ghinidigh ar lorg an réamhfhocail seach; tréith is ea í a fhaightear i gceantar ar leith a chuimsíonn codanna d’Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, Liatroim, an Cabhán agus Fear Manach. Faightear sampla amháin i véarsa atá luaite le Tiobraid Árann chomh maith. Is i dtaobh le fianaise Corpas Stairiúil na Gaeilge 1600–1926 atáthar san alt seo agus is é atá fúm a dhéanamh, dáileadh geografach an fhoráis a chur i láthair, áitiú a dhéanamh maidir le húdar an fhoráis agus roinnt bheag impleachtaí a phlé.

2. Dáileadh geografach

3 2.1 Sligeach
Is i Sligeach a fhaightear ceann de na samplaí is luaithe agus an sampla is déanaí d’úsáid an ghinidigh ar lorg seach a phléitear san aiste seo. Tá neamhchinnteacht áirithe ag baint le húdar an scéil Eachtra mhacaoimh an iolair. Ghlactaí leis go forleathan gurbh é Brian Ó Corcráin, file a shaothraigh do Mhag Uidhir Fhear Manach, a údar ach tá an t-áitiú sin ceistithe ó shin ag Caoimhín Breatnach (2004). Cibé ní faoi údar an scéil, lámhscríbhinn le Dáibhí Ó Duibhgheannáin (fl. 1651–1696), an scríobhaí mór le rá, a bhfuil an dáta 1651 luaite léi is ea ARÉ LS 24 P 9 agus is ann a fhaightear an chóip is luaithe den téacs. Is minic Ó Duibhgheannáin luaite le Tír Oirill in oirdheisceart Shligigh, ceantar atá buailte le teorainn Liatroma agus Ros Comáin (Walsh 1947: 32–33). Tá leagan na lámhscríbhinne ARÉ LS 24 P 9 in eagar ag de Teiltiún & Laoide (1912) agus faightear na samplaí seo a leanas den ghinideach ar lorg seach ann:

seacha an teaghlaigh (lch 29)
seach aon bhaill eile (lch 30)
seach baill eile (lch 31)
seach cáich (lch 35)
seach cáich (lch 41)

4 I dtéacs eile de chuid Chontae Shligigh a fhaightear an sampla is déanaí den ghinideach ar lorg seach a phléitear anseo, i leabhar leis an mbíoblóir Tadhg Ó Coinnialláin (1780–1854) as an gCorcach Bheag i bparóiste an Teampaill Bhaoith (de Brún 2009: 15). I measc na n-iliomad leabhar clóite a chuir Ó Coinnialláin i dtoll a chéile tá Reidh-leighin air ghnothuibh cearba (1835), aistriúchán Gaeilge ar an leabhar Easy Lessons on Money Matters (1831), leis an Ardeaspag Richard Whately. Faightear an sampla seo a leanas den ghinideach tar éis seach ann:

seach an adhbhair (Ó Coinnialláin 1835: 22)

5 2.2 Liatroim
Ní fios go cinnte cé a bhreac an chuid sin de lámhscríbhinn ARÉ LS C IV 1 a bhfuil tráchtas ar ghinealas Muintir Ruairc inti ach ba é tuairim James Carney (1950: 239), fear eagair an tráchtais, ‘[that] the author … was in all probability a native of Co. Leitrim’. Sa bhliain 1714 a breacadh an lámhscríbhinn. Faoi mar a thug Carney féin (1950: 270) faoi deara, leanann an tuiseal ginideach an réamhfhocal seach sa téacs:

seach luirg Thaidhg na cCáor (l. 533)

6 Tá cóip eile den tráchtas seo i Leabharlann Huntington, California, pléite ag Nioclás Mac Cathmhaoil (2020: 329) le déanaí ach ní scrúdaíonn sé gaol na leaganacha seo le chéile. Tuairimíonn sé go mb’fhéidir gurb é Doiminic Ó Duibhgheannáin, gaol gairid le Dáibhí, a ghraf an chóip i Leabharlann Huntington. I bhfianaise na lámhscríbhinne ARÉ LS 24 P 9 a pléadh in §2.2 thuas, ní údar iontais a bheadh ann dá bhfaighfí an tréith chéanna i lámhscríbhinn Leabharlann Huntington.

7 2.3 ‘Tuaisceart Chonnacht’
Ní gach uile théacs ina bhfaightear an ginideach ar lorg seach gur féidir áit ar leith a lua go cinnte leis. Tá an téacs Buaidh na naomhchroiche ar cheann de na téacsanna sin. Aistriúchán é a rinneadh ar Triumphus Crucis Girolamo Savonarola i lár an seachtú céad déag. Scoláire darb ainm Bonaventúr Ó Conchúir a d’aistrigh, fear nach eol dúinn mórán ina thaobh ach gur bhain sé le ‘north Connacht’ (Ó Súilleabháin 1972: xiii). Is dóigh liom gur féidir a rá gur le Ros Comáin, Sligeach, nó Liatroim a bhain an Conchúrach. Faightear an ginideach ar lorg seach go coitianta sa téacs:

seach na beatha (lch 35)
seach na bpeacthach eile (lch 55)
seach na n-uile (lch 90)
seach a gheineamhuin ó mhnaoi (lch 133)
seach na neithe (lch 148)
seach foinn na neithe eile (lch 152)
seach an dlighidh nádúrtha (lch 156)
seach na n-uile (lch 174)
seach an chreidimh chríostaidhe (lch 181)
seach na céille gnáthaighe (lch 209)
seach na n-uile (lch 216)
seach na méide si (lch 230)
seach na beathadh (lch 233)

8 2.4 Fear Manach/An Cabhán
Faightear an tréith chéanna i roinnt téacsanna naomhsheanchais a bhreac an scríobhaí Séamus Mag Uidhir i dtús an ochtú haois déag. Ba as iardheisceart Fhear Manach é Séamus Mag Uidhir (Ó Muraíle 2006: 208) agus is dá phátrún – Brian Mag Uidhir Chnoc Ninnidh – sa bhliain 1712 a breacadh ARÉ LS 23 A 15 ina bhfuil cóip de Beatha Bhrighde agus mórán beathaí eile (cf. Cunningham & Gillespie 1998: 41). Tá Beatha Bhrighde in eagar ag Ó Domhnaill (1940) agus faightear an sampla a leanas san eagrán sin:

seach na n-óigheadha eile (lch 64)

9 Ní fios cé a d’aistrigh an téacs Beatha San Froinsias ach glactar leis go coitianta gur le deisceart Chúige Uladh a bhaineann sé (Ó Súilleabháin 1957: xvii). Tá an téacs caomhnaithe in aon lámhscríbhinn amháin, ARÉ LS 23 O 41, a bhreac Séamus Mag Uidhir idir sna blianta 1721–22 i ndeisceart Fhear Manach (Ó Súilleabháin 1957; Cunningham & Gillespie 1998: 41). Tá sampla amháin d’úsáid an ghinidigh tar éis an réamhfhocail seach le fáil sa téacs. Bíodh is go bhféadfaí é seo a léamh mar shampla den tuiseal tabharthach chomh maith, is fearr é a léamh mar ghinideach toisc an fhianaise eile ó Shéamus Mag Uidhir a luadh thuas:

seach an bhalla oile (l. 2262)

10 Is do Bhrian Mag Uidhir, Mag Uidhir Chnoc Ninnidh, a breacadh TCD LS H.2.6 chomh maith. Seán Mac Gabhráin (Mag Shamhradháin) a bhreac an lámhscríbhinn timpeall na bliana 1716 (Dillon 2013: 33). Is i bhFear Manach a breacadh an lámhscríbhinn ach le Bréifne a bhain muintir Mhic Gabhráin ó cheart. I measc na dtéacsanna atá sa lámhscríbhinn tá an scéal rómánsaíochta Eachtra ridire na leomhan, atá curtha in eagar ag Ní Chróinín (1952). Faightear an ginideach ar lorg seach sna samplaí seo a leanas ó eagrán Ní Chróinín:

seach choimhthighe (l. 1584)
seach na cruinne (l. 2658)

11 2.5 Uíbh Fhailí
Bíodh is gur foilsíodh Lucerna fidelium nó Lóchrann an chreidimh sa Róimh sa bhliain 1676, ba as Contae an Rí – Uíbh Fhailí an lae inniu – fear a scríofa, Froinsias Ó Maolmhuaidh (c. 1606–1677). Bhain Ó Maolmhuaidh leis an gcuid sin d’Uíbh Fhailí a d’áirítí i ndeoise na M, is cosúil agus tá sé luaite le Fir Cheall, ceantar a bhí faoi smacht na Maolmhuadhach agus a chuimsigh ina dhiaidh sin na barúnchtaí Baile Mhic Comhainn, Baile Átha Buí agus Eaglais (Ó Súilleabháin 1962: x). Is i leabhar Uí Mhaolmhuaidh a fhaightear an t-aon léargas téacsúil deimhnithe dá bhfuil ann ar chanúint Uíbh Fhailí (cf. Williams 1998). I measc na dtréithe canúna sin tá úsáid an ghinidigh ar lorg seach:

seach lae oile (l. 1578)
seach chaich oile (l. 2157)
seach chaich oile (l. 4310)
seach an leabhair (l. 4507)
ag cuid diobh seach choda oile (l. 5641)

12 2.6 Tiobraid Árann
Sampla amháin d’úsáid an ghinidigh tar éis seach a fhaightear, chomh fada le m’eolas, i bhfoinse atá luaite le Tiobraid Árann. Is i véarsa de chuid an fhile Pádraigín Haicéad (+ 1654) a fhaightear an sampla sin. Is i gcomharsanacht Chaisil a rugadh Haicéad, is cosúil agus is i dTiobraid Árann agus i Luimneach a rinne sé a chuid léinn sular thug sé faoin mór-roinn. Baineann castacht sa bhreis leis an sampla sin toisc é a bheith i bhfoirm véarsaíochta:

Éirghe mo dhúithche le Dia,
a musgladh le Mac Mairia,
seach na ndionn bhus daingean di
aingeal os cionn na críche.
(Ní Cheallacháin 1962: 33)

13 Ginideach iolra atá i gceist le seach na ndionn. Deibhí meadaracht an véarsa agus chuige sin teastaíonn ‘two internal rimes between c and d(Knott 1957: 19). Sin iad dionn : cionn agus daingean : aingeal. Is deacair a bheith lánchinnte an foirm í seo a bhaineann le teanga Haicéad féin nó an ar mhaithe leis an meadaracht an ginideach anseo.

3. Toradh Analaigh

14 D’fhéadfaí a áitiú gur faoi thionchar na réamhfhocal ainmfhoclach chun ‘towards’ (< dochum, ainm briathartha do-cing), timpeall ‘around’ (< timchell, ainm briathartha do-immchella) nó trasna (FGB, sv trasna 3) a tharraing an réamhfhocal seach an ginideach air féin. Ach ní mór réamhfhocal eile a chur sa meá chomh maith, seachnó(i)n, a bhfuil an chiall ‘throughout (expressing movement or position)’ leis (eDIL, sv). Ón seachnón seo a eascraíonn seachrán an lae inniu, de thoradh díshamhlaithe, más fíor do R.A. Breatnach (1954). Mhínigh Thurneysen (1918: 287) seachnón féin mar fhoirm de sethnón (< sethnu) a tháinig faoi thionchar an réamhfhocail seach (Thurneysen 1946: 536; O’Brien 1932: 171). Is cosúil gur tharla a mhalairt de phróiseas níos faide anonn agus gur tháinig an réamhfhocal seach faoi thionchar seachnón, sa mhéid is gur dócha gur uaidh sin a scaip úsáid an ghinidigh go dtí an réamhfhocal simplí seach.

15 Tá samplaí eile sa teanga atá inchurtha leis an bhforás seo. I bhfrásaí áirithe, cuir i gcás, go mór mór agus tráthanna ama i gceist, faightear an ginideach tar éis an réamhfhocail roimh, faoi anáil na réamhfhocal comhshuite tar éis / i ndiaidh. Cloistear an nós seo i nGaeilge Chorca Dhuibhne (Ó Sé 2000: 176, §382–3, 195), i nGaeilge Chonnacht (Ó hUiginn 1994: 600, §7.12), agus i gcineálacha eile Gaeilge. Samplaí eile de ghinideach neamhstairiúil iad an ginideach a fhaightear tar éis chuig, más go hannamh féin é, i nGaeilge Chorca Dhuibhne (Ó Sé 2000: 181, §392), faoi anáil chun, agus an ginideach iolra tar éis roimh a thuairiscíonn Ó Curnáin (2007: 1406, §7.71) i nGaeilge Iorras Aithneach, faoi anáil na réamhfhocal comhshuite ar aghaidh, in aghaidh, etc. i gcomhthéacsanna ar leith. Léiríonn na samplaí seo ar fad gur féidir le réamhfhocal an ginideach a tharraingt chuige féin nuair a thagann siad faoi anáil réamhfhocail nó réamhfhocail chomhshuite eile. Cé acu ilghiniúint nó ceantar canúna atá i gceist maidir leis an réamhfhocal seach agus an ginideach a leanann é sna téacsanna a chíortar anseo?

4. Ceantar Canúna?

16 Tá ARÉ LS 24 P 9, an lámhscríbhinn a ghraf Dáibhí Ó Duibhgheannáin ar cheann de na finnéithe is luaithe a pléadh anseo a léiríonn go mbaintí úsáid as an nginideach ar lorg an réamhfhocail shimplí seach. Tá Dáibhí luaite le Tír Oirill i Sligeach ach bhí ceangal láidir stairiúil ag Muintir Duibhgheannáin le Cill Rónáin sa chuid is faide ó thuaidh de Chontae Ros Comáin, ceantar atá buailte le Contae Shligigh agus Contae Liatroma, agus gan ach roinnt bheag de mhílte idir é agus Loch Aillionn na Sionainne (Walsh 1947: 10–11). Ba as Cill Tiobrad Liatroma, ar thaobh thoir na Sionainne do mháthair Dháibhí Uí Dhuibhgheannáin (Walsh 1947: 33). Dá luaithe é fianaise Uí Dhuibhgheannáin, mar sin, baineann sí go dlúth le ceantar a chuimsíonn codanna de Shligeach, Ros Comáin, Liatroim, Fear Manach agus an Cabhán. Is ón gceantar céanna d’fhormhór mór na bhfoinsí ábhartha eile ón ochtú agus ón naoú céad déag. Is é is dóchúla dá réir sin go bhfuiltear ag plé le hiseaghluais anseo. I lár an cheantair seo, tá an chuid is faide ó thuaidh d’abhantrach na Sionainne.

17 Maidir le fianaise Uí Mhaolmhuaidh agus fianaise Haicéad, an mbaineann úsáid an ghinidigh ar lorg seach sna téacsanna sin leis an iseaghluais chéanna seo nó an é go bhfuil ilghiniúint i gceist leis an tréith teanga seo sna ceantair sin? Thagair T.F. O’Rahilly (apud Lloyd 1912: 21) dá chosúla is a bhí teanga Lucerna fildelium le canúint Sheáin Uí Neachtain arbh as Ros Comáin ó dhúchas dó agus tá tréithe eile teanga a cheanglaíonn Gaeilge Uí Mhaolmhuaidh le Gaeilge oirthuaisceart Chonnacht. Ní féidir iad ar fad a bhreithniú anseo cheal spáis ach ar cheann de na tréithe is spéisiúla tá úsáid an dobhriathair go seadh ‘yet, hitherto’. Agus é ag trácht ar an dobhriathar go seadh, tugann Ó Dochartaigh (1987: 195) le fios ‘[that it] represents a lexeme not found in Gaelic dialects outside East Ulster … [but that] Omeath … shows both words [go seadh agus go fóill] and may indicate a connection with now extinct dialects to the south’. Bhí dul amú ar Ó Dochartaigh nuair a mhaígh sé nach bhfuil lorg ar an dobhriathar taobh amuigh d’oirthear Uladh, ach i gcead dó, is an-ghann iad na samplaí. Bhí lán an chirt aige áfach maidir le ‘now extinct dialects to the south’. Leanann dáileadh go seadh taobh amuigh d’oirthear Uladh pátrún seach + ginideach, cuid mhaith. Ní hamháin go bhfaightear an dobhriathar go seadh in Lucerna fidelium, ach faightear chomh maith é i nGaeilge Thaidhg Uí Choinnialláin (1835: xvi), fear a rugadh agus a tógadh i Sligeach, agus i gcín lae Chathail Uí Chonchúir Bhéal Átha na gCarr, duine a rugadh i Sligeach ach a chaith cuid mhór dá shaol i dtuaisceart Ros Comáin (Ní Chinnéide 1957: 9). Is é is dóchúla mar sin gur iseaghluais a bhí i gceist le go seadh a chuimsigh codanna ar leith ar dhá thaobh na Sionainne (agus oirthear Uladh). Tá a fhios le fada gur spréigh tréithe teanga sa Ghaeilge le cladach agus ar farraige (Ó Sé 2002; Ó Curnáin 2012: 89–90). An amhlaidh gur spréigh tréithe teanga le habhantrach na Sionainne? Is é a mhaíonn Ó Sé agus é ag trácht ar bhéim an fhocail i gcanúintí oirthear Chonnacht:

It is possible that stress shifting to the extent outlined above [in oirthear Chonnacht] was in fact a feature of the Shannon basin and that the north-east Connacht area of stress shifting was not an accentual island, being linked to north Tipperary and perhaps to parts of Longford’ (Ó Sé 1989: 157–8).

18 Is suntasach go mbaineann ceantar dúchais Uí Mhaolmhuaidh le cuid eile d’abhantrach na Sionainne agus shamhlófá gur ar éigean gur ‘island’ atá i gceist leis an nginideach ar lorg seach in Lucerna fidelium ach oiread, ach gur chuimsigh an iseaghluais a fhaightear in oir-thuaisceart Chonnacht cuid d’Uíbh Fhailí chomh maith. Tráchtann Finnegan chomh maith ar a chosúla is a bhí na canúintí Gaeilge ar gach aon taobh den tSionainn:

… it can be said with a degree of certainty that the Irish spoken in at least the western half of Westmeath had many features in common with that which was spoken across a wider area encompassing west Offaly, southwest Longford, and eastern Connacht (Finnegan 2013).

19 Ní údar iontais a bheadh ann mar sin dá n-aimseofaí samplaí den ghinideach ar lorg seach i dtéacsanna a bhain le Ros Comáin, leis an Longfort nó le hiarthar na hIarmhí, cuir i gcás. Faraor is beag téacs Gaeilge ón ré iar-chlasaiceach gur féidir a lua leis na contaetha sin go cinnte (Williams 1972: 114; 2012). Ní hamháin go bhfuil téacsanna in easnamh, tá úsáid an réamhfhocail seach neamhchoitianta le hais úsáid réamhfhocal eile. Is líonmhaire i bhfad iad téacsanna Gaeilge as Ros Comáin ná téacsanna Gaeilge as an Longfort, cuir i gcás, ach níl sampla ar bith den réamhfhocal seach in Cath Lisín Uí Dhúnagáin (Mahon, le foilsiú) ná in Sgéal Jacobídes agus Carína (Ó Blioscáin 1961), dhá théacs fhada a bhaineann le Ros Comáin nach bhfuil taifead orthu in i gCorpas Stairiúil na Gaeilge, 1600–1925.

20 Is deacra fianaise Phádraigín Haicéad a mheas. Ní hamháin go bhfuil véarsaíocht i gceist agus ceist na meadarachta ann dá réir, ach is faide ceantar dúchais Haicéad ó na pointí eolais eile. Bíodh sin mar atá, baineann cuid mhór de Thiobraid Árann le habhantrach na Sionainne agus cuimhnítear gur i Luimneach a cuireadh oideachas ar Haicéad. Cheal tuilleadh fianaise, ní féidir a bheith deimhin de, ach d’fhéadfadh gur bhain ceantar dúchais Haicéad leis an iseaghluais chéanna seo.

5. Tátal

21 Maidir le dáileadh geografach úsáid an ghinidigh ar lorg seach, mar sin, ach fianaise na dtéacsanna thuasluaite ar fad a chur san áireamh, is léir go bhfuil tréith teanga i gceist anseo a bhaineann le ceantar ar leith. Baineann an fhianaise le tréimhse ón seachtú céad déag nó go gcúlaíonn an Ghaeilge ón gceantar seo ar fad sa naoú céad déag. Taobh le fianaise Corpas Stairiúil na Gaeilge, 1600–1925 atáthar san alt seo go príomha, ach is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil samplaí eile fós le lorg sna téacsanna sin nach bhfuil taifead orthu sa chorpas sin. B’fhiú go mór breathnú arís ar thréithe eile a spréigh ar bhruacha na Sionainne, ach chuige sin, is dócha go dteastódh mionchorpas ar leith. Leid bheag atá anseo maidir leis an gcineál Gaeilge a bhí á cleachtadh i lár na tíre nuair a bhí an Ghaeilge i dtreis ann, bíodh is nach bhfuil ann, ar deireadh thiar, ach tréith amháin. Spréigh úsáid seo an ghinidigh tar éis seach níos forleithne ná úsáid neamhghnách an chlásail choibhneasta a scrúdaigh Ó Buachalla (1983) i roinnt téacsanna as ceantar ar leith in oirdheisceart Uladh, ach d’fhéadfadh úsáid seo an ghinidigh feidhmiú mar shaintréith dhiagnóiseach chomh maith, don té a bheadh ag iarraidh log scríofa a leagan ar théacs amach anseo, ach é a chur i gcomórtas le tréithe eile.

Figiúr

Léarscáil 1

Dáileadh na tréithe seach + ginideach i dtéacsanna a bhfuil log luaite leo.

Giorrúcháin

ARÉAcadamh Ríoga na hÉireann
eDILwww.dil.ie
FGBFoclóir Gaeilge-Béarla, Ó Dónaill 1977
lchleathanach
l.line
TCDLeabharlann Choláiste na Tríonóide

Saothair a ceadaíodh

Breatnach, C. (2004) ‘Brian Ó Corcráin and Eachtra mhacaoimh an iolair’. In: Éigse 34: 44–48.

Breatnach, C. (2017) ‘The language and manuscript tradition of Eachtra an mhadra mhaoil and Eachtra mhacaoimh an iolair’. In: Carey, J. (eag.) The matter of Britain in medieval Ireland: reassessments. London: The Irish Texts Society: 1–28.

Breatnach, R.A. (1954) ‘Varia etymologica’. In: Éigse 7 (3): 156–161.

Carney, J. (1950) ‘A tract on the O’Rourkes’. In: Celtica 1 (2): 238–279.

Corpas Stairiúil na Gaeilge 1600–1926: www.corpas.ria.ie

Cunningham, B. & Gillespie, R. (1998) ‘The purposes of patronage: Brian Maguire of Knockninny and his manuscripts’. In: Clogher Record 13.1: 38–49.

Dillon, C. (2013) ‘Features of the Irish dialect of counties Cavan / Fermanagh, as evidenced in 18th century manuscript production’. In: Zeitschrift für celtische Philologie 60: 27–50.

de Brún, P. (2009) Scriptural instruction in the vernacular: The Irish Society and its teachers 1818–1827. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

de Teiltiún, I. & Laoide, S. (1912) Eachtra mhacaoimh an iolair mhic Ríogh na Sorcha. Baile Átha Cliath.

Finnegan, A. (2013) ‘What kind of Irish was spoken in Westmeath?’. In: Ríocht na Midhe 24: 294–310.

Jackson, K. (1938) Cath Maighe Léna. Dublin: Stationary Office.

Knott, E. (1957) Irish classical poetry. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Lewis, H. & Pedersen, H. (1937) A concise comparative Celtic grammar. Göttingen: Vandenhoeck & Ruprecht.

Lloyd, J. (1912) ‘Mid-eighteenth century conversation’. In: Gadelia 1 (1): 19–31.

Mac Cathmhaoil, N. (2020) ‘The Irish manuscripts in Box STO 1413 in the Huntington Library’. In: Ó Corráin, A., de Brún, F. & Fomin, M. (eag.) Scotha cennderca cen on: A Festschrift for Séamus Mac Mathúna. Uppsala: Uppsala Universitet: 327–339.

Mahon, W. Le foilsiú: Cath Lisín Uí Dhúnagáin.

McManus, D. (1994) ‘An Ghaeilge Chlasaiceach’, In: McCone, K., McManus, D., Ó Háinle, C., Williams, N., & Breatnach, L. (eag.) Stair na Gaeilge in ómós do Pádraig Ó Fiannachta. Maigh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Maigh Nuad: 335–445.

Ní Cheallacháin, M. (1962) Filíocht Phádraigín Haicéad. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ní Chinnéide, S. (1957) ‘Dialann Í Chonchúir’. In: Galvia 4: 4–17.

Ní Chróinín, Á. (1952) Eachtra ridire an leomhan. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Blioscáin, S. (1961) Sgéul Jacobídes agus Carína. MA neamhfhoilisthe, Ollscoil na Gaillimhe.

O’Brien, M.A. (1932) ‘Varia IV: 18. Some contamination-products in Irish’. In: Ériu 11: 170–171.

Ó Buachalla, B. (1983) ‘The prepositional relative clause in SE-Ulster Irish’. In: Celtica 15: 69–77.

Ó Coinnialláin, T. (1835) Reidh-leighin air ghnothuibh cearba, trachtail, tuarasdal, reic & ceannach. Baile Átha Cliath: R. Graisberridhe.

Ó Curnáin, B. (2012) ‘An chanúineolaíocht’. In: Ó hIfearnáin, T. & Ní Neachtain, M. (eag.) An tsochtheangeolaíocht: Feidhm agus tuairisc. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Dochartaigh, C. (1987) Dialects of Ulster Irish. Belfast: Institute of Irish Studies.

Ó Domhnaill, M. (1940) Beatha Bhrighde. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Dónaill, N. (1977) Foclóir Gaeilge-Béarla. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó hUiginn, R. (1994) ‘Gaeilge Chonnacht’. In: McCone, K., McManus, D., Ó Háinle, C., Williams, N., & Breatnach, L. (eag.) Stair na Gaeilge in ómós do Pádraig Ó Fiannachta. Maigh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Maigh Nuad. 539–609.

Ó Maonaigh, C. (eag.) (1952) Scáthán shacramuinte na haithridhe. Baile Átha Cliath: Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath.

Ó Muraíle, N. (2006) ‘Séamus Mág Uidhir, a scribe of Bréifne, and his work’. In: Breifne 11/42: 207–226.

O’Rahilly, T.F. (1932) Irish dialects past and present with chapters on Scottish and Manx. Dublin: Browne and Nolan.

Ó Sé, D. (1989) ‘Contributions to the study of word stress in Irish’. In: Ériu 40: 147–178.

Ó Sé, D. (2000) Gaeilge Chorca Dhuibhne. Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Ó Sé, D. (2002) ‘Tréithe canúna de chuid an chósta thiar-theas’. In: Ó Briain, M. & Ó Héalaí, P. (eag.) Téada dúchais: Aistí in ómós don Ollamh Breandán Ó Madagáin. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Súilleabháin, P. (eag.) (1957) Beatha San Froinsias. Baile Átha Cliath: Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath.

Ó Súilleabháin, P. (eag.) (1962) Lucerna fidelium. Baile Átha Cliath: Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath.

Ó Súilleabháin, P. (eag.) (1972) Buaidh na naomhchroiche. Baile Átha Cliath: Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath.

Thurneysen, R. (1918) ‘Zur keltischen Literatur und Grammatik’. In: Zeitschrift für celtische Philologie 12: 271–289.

Thurneysen, R. (1946) A grammar of Old Irish. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Wagner, H. (1959) Gaeilge Theilinn: Foghraidheacht, gramadach, téacsanna. Baile Átha Cliath: Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath.

Walsh, P. (1947) Irish men of learning. Ó Lochlainn, C. (eag.). Dublin: Sign of the Three Candles.

Williams, N. (1972) ‘Eachtra Éachtaigh mhic ríogh na mban fionn’. In: Zeitschrift für celtische Philologie 32: 96–119.

Williams, N. (eag.) (1979) Dánta Mhuiris Mhic Dháibhí Dhuibh Mhic Gearailt. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Williams, N. (1998) ‘The Irish language in county Offaly’. In: Nolan, W. & O’Neill, T. (eag.) Offaly history and society: Interdisciplinary essays in the history of an Irish county. Dublin: Geography Publications: 543–567.

Williams, N. (2012) ‘Gaeilge na hIarmhí’. In: Mac Cárthaigh, E. & Uhlich, J. (eag.) Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle. Indreabhán: An Clóchomhar: 1009–1058.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626