Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1&2, 1940

Pádraig Ó Liatháin (eag.)

Cló Iar-Chonnacht (2022) | 248 lch | ISBN: 9781784442415 | €18

Ní insint dán ach bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh

Ríona Ní Churtáin agus Tríona Ní Shíocháin (eag.)

An Sagart (2019) | 230 lch | ISBN: 9781911330110 | €25

1 Cad a dhéanfaimid feasta gan chanóin? Tá cuma chlaonta sheanchaite anois ar an nós idirdhealú neamhleithscéalach a dhéanamh idir an bhó bheannaithe agus an bhó bhradach in éiceachóras na litríochta. Teastaíonn uainn a bheith ionchuimsitheach oscailte, agus is maith sin. Ach faoi mar a bhí riamh, tá scríbhneoirí agus Scríbhneoirí ann: scríbhneoirí, a shoilseoidh staidéar téamach ó am go chéile, agus Scríbhneoirí a spreagfaidh allagar, aistí agus tráchtais i gcónaí.

2 Duine de na Scríbhneoirí sin é Seán Ó Ríordáin. Is cuma cé mhéad dúigh atá caite á spíonadh cheana, geitfidh a shaothar muid chun machnaimh agus chun pinn go ceann i bhfad. Ní gá ‘iarraim cúis’ a lorg chun tuilleadh tochailte a dhéanamh sa taisce; dá fheabhas iad criticeoirí na linne go dtí seo, tuigtear nach bhfuil an focal deireanach ráite fós. Ba dheacair, mar sin, gan fáilte a chur roimh Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1 & 2, 1940 agus Ní insint dán ach bheith, cnuasach aistí faoi smaointeoireacht an fhile.

3 D’fhéadfá breathnú ar an dá shaothar mar leathchúpla agus machnamh Uí Ríordáin ag a gcroílár araon, ach i bhfírinne is mór eatarthu. Baineann Na Dialanna le hÓ Ríordáin mar neach daonna – teoranta, fabhtach, agus suarach, fiú – fad is a chíorann na haistí a thábhacht mar scríbhneoir agus mar smaointeoir radacach a d’fhág comaoin orainn ‘a bheadh ionchurtha leis na saothair is mó tábhacht i dtraidisiún na hEorpa ó Nietzsche i leith’ (Ní Shíocháin 2019: 23).

4 Is in 2022 a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht Na Dialanna, arna gcur in eagar ag Pádraig Ó Liatháin. An mórdhifear idir tionscnamh Uí Liatháin agus an leas a baineadh as na dialanna go dtí seo (Ó Coileáin 1982; Ó Dúshláine 2014; Mitchell 2019) ná go bhfuil sé i gceist an corpas iomlán a fhoilsiú mar atá, gan mórán d’ionchur a bheith ag an eagarthóir ar an téacs.

5 Ní fhágann sin go raibh an fear eagair díomhaoin, ná baol air. Le cois an tras-scríofa féin, sa chéad chnuasach seo soláthraítear réamhrá gearr a chuireann an file féin agus an togra inár láthair, maille le nótaí mínithe teanga i gcás téarmaí neamhchaighdeánacha, agus innéacs ainmneacha ag cúl an leabhair. Is maith ann an lámh éadrom eagarthóireachta ar an téacs, óir tá an Ríordánach chomh tábhachtach sin gur fiú an t-iomlán dearg a fhoilsiú don chéad ghlúin eile scoláirí. (Ní fhágann sin nach bhfuil spás ann i gcónaí do Anamlón Bliana, rogha Thaidhg Uí Dhúshláine as saolré na dialainne ar fad, don té a fhaigheann blas ar an bheagán).

6 Ní maise ar chlú an fhile gach iontráil sna Dialanna, mar a admhaíonn Ó Ríordáin féin: ‘In inead an leabhar so do bheith ina monumentum i ndiaidh mo bháis is amhlaidh a bheidh sé ina fhianaise im choinnibh am dhamnú go síoraí’ (153). Ní hannamh an blas drámatúil féincháinteach seo ar na hiontrálacha agus uaireanta labhraíonn sé go leithscéalach linne, léitheoirí:

Gabh mo leithscéal, a léitheoir. Do tharraingíos argóint anuas inné – argóint ná raibh oiriúnach don chuntas so – agus do leanas á phlé agus á chíoradh go dtí go raibh tinneas ar chnámhaibh mo mhéar ó bheith ag scríobh raiméise agus tuirse tur ortsa ó bheith á léamh má bhí sé de dhíchéille ionat a leithéid a dhéanamh. (31)

7 Is deacair locht a fháil ar an chosaint a dhéanann sé air féin ina thaobh seo, áfach:

Tá seó rudaí anso go mba mhaith liom a athscríobh anso ach caithfidh mé cuid díom a fhágaint im dhiaidh [...] Tá an méid seo de leithscéal agam ná féadfainn cuntas mo shaoil a bhreacadh anso mar níl saol ar bith agam. Nílim ach ag féachaint ar an saol tré chaolfhuinneog mo phríosúin sa bhfásach. (83)

8 Braitear a bheaguchtach faoi thogra na dialainne féin in iontráil shuntasach amháin a d’fhágfadh an-mhíchompord ar an léitheoir gur gliúcaíocht gan chead atá ar siúl aici ar nochtadh anama ‘Sheáin an mhí-áidh’(21):

Bhuel tá obair míosa curtha i gcrích agam agus is baol liom gur obair gan mhaith agus saothar in aisce é. Níl sé de mhisneach agam féin filleadh air agus é a léamh agus is beag an baol go gcuirfeadh aoinne eile de chúram air féin a leithéid a dhéanamh. Chun an fhírinne d’insint ní leogfainn d’aoinne é dhéanamh mar tá an iomad salachair ann – salachar nimhneach. Fanfaidh mé féin anso ag an doras go doicheallach doilíosach agus ní sheasfaidh mé fáilte roimh neach beo, ach oiread agus a chraobhscaoilfinn m’fhaoistin. (89)

9 Féach fós go leanann sé ar aghaidh ag caint linn ar feadh an chuid eile dá shaol: ‘... ach mar sin féin ní bhogfad as an gcathaoir so duitse, a léitheoir, le súil go dtiocfaidh tú im dhiaidh á léamh agus a leathfhios agam ná tiocfaidh tú’ (118).

10 Is dealraitheach nach lena shaothar féin amháin a bhaineann an t-amhras síoraí seo. Admhaíonn sé go luath sa chnuasach ‘ná fuil fios m’aigne féin agam. Ní bhím i gcónaí ar aon aigne. Poblachtánach mé lá amháin agus Nazi lá eile...’ (30). Pearsa an-mhíshocair a fheictear sa dialann – go mothálach, go sóisialta agus go polaitiúil – agus ní fhéachann sé lena chuid anbhuaine a cheilt ar an léitheoir. Maíonn Ní Shíocháin go fórsúil gur cuid riachtanach dá ghinias fileata an anbhuaine seo, agus gurbh é an léiriú par excellence a dhéanann Ó Ríordáin ar shuibiacht mhíshocair na Nua-aimsire mórbhua fealsúnach an tsaothair (Ní Shíocháin 2019: 32–33).

11 Tá súil ag Ó Liatháin go gcuirfidh na dialanna le stádas an fhile ‘mar scríbhneoir agus mar smaointeoir leathanaigeanta, scóipiúil’ (15) agus go dtabharfaidh siad éachtaint dúinne ‘ar ré chorrach i stair na hÉireann agus an domhain mhóir’ (5). Tá an méid sin déanta cheana sa chéad chnuasach seo. Más fíor do Ní Shíocháin gur éirigh leis na dánta breith ar úire na nua-aoise, faightear spléachadh indíreach i ndialann Uí Ríordáin ar choimeádachas, ar aicmeachas agus ar ghnéasachas a linne. Ceann de na rudaí is suntasaí faoin imleabhar seo ná an tslí go dtiteann scáth an chogaidh de réir a chéile ar shaol ciúin cúng an fhile. Fiú má bhíonn sé ar nós cuma liom uaireanta faoin ‘[g]cogadh leadránach’ (209), is léir fós gur bhraith sé éigean suimiúil ann féin a bheith ina fhinné dá léitheoirí. Tugann sé cuntas dílis ar imeachtaí móra an lae agus maíonn go dóite, fiú, go bhfuil sé buíoch de Hitler as ábhar dialainne a sholáthar dó (167).

12 Braitear urchóid sna cuntais seo nár léir don fhile ag an am, agus is mithid don léitheoir comhaimseartha ceacht a fhoghlaim ó fhuarchúis Uí Ríordáin i leith réimeas Hitler. Fear machnamhach, éirimiúil, engagé a bhí san fhile gan aon agó, ach feictear ina dhialann an tuiscint chomhaimseartha nach bhfuil buntáiste na féachana siar aici. Fágfaidh tagairtí fabhracha Uí Ríordáin do Hitler seanbhlas i mbéal na léitheoirí, ach is tairbhí agus is tráthúla an rabhadh seo gur deacair breith ar an chomhaimsir agus tú sáite inti.

13 Is mar amhábhar is fearr amharc ar na dialanna seo. Tá seoda i dtaisce iontu – blúiríní giniais anseo, léargas an-phaiteanta ar mheon an fhile ansiúd – ach ní mór treabhadh trí iontrálacha eile atá fadálach prósach, leithéid

D’éiríos um mheán lae. Do bhíos ag comhrá le Donncha Ó Brollacháin agus le Mícheál Ó Ceocháin thíos ag an ngeata. Do bhuaileas le Liam Mac Samhraidh, leis [...] Inniu a ritheadh rás na Croise Deirge. Jack Chaucer a bhuaigh é. Sterling Duke an dara capall agus do tháinig Knocadroleen ina dhiaidh an [sic] tríú háit. (73-4)

14 Tá roinnt mhaith mionchur síos mar seo i gceist, agus chuirfeadh sé frustrachas ar an té a bhí ag lorg an chineál machnaimh an-saibhir a bhí ar chumas an fhile a dhéanamh. Ach dá leimhe iad na hiontrálacha sin, tugann siad léargas ar shaol a bhí uaigneach agus cúng. Ní fhéadfaí locht a fháil ar Ó Ríordáin nach raibh scéalta móra eachtraíochta le reic aige nuair ba é a dhícheall go minic éirí ón leaba roimh am dinnéir. Ní nach ionadh, luann sé éifeacht thragóideach na heitinne air féin go rímhinic síos tríd an chuntas, ó náire faoina chreimeadh colanda go faitíos go scaipfidh sé an galar ‘mar Dia go deo linn ní duine glan mé’ (25).

15 Agus ní hé nach bhfuil cuid den ábhar ar fheabhas ar fad – déanann sé cur síos fíorspéisiúil ar a chreideamh ann-agus-as i nDia, ar a dhearcadh i leith na heaglaise, ar a thuiscint air féin mar ealaíontóir, ar thábhacht na Gaeilge dó agus a chuid imní fúithi, ar stádas dearóil a mhuintire, ar an choimhthíos a bhraith sé i measc a phobail, ar an fhrustrachas agus an díomá a bhraith sé mar gheall ar mhianta collaí nó mianach gan comhlíonadh, srl. Níl ann ach gur gá dul ag tochailt chun teacht ar na píosaí léargasacha spéisiúla seo.

16 Is amhlaidh, dar liom, go raibh dhá chuspóir ag an Ríordánach agus gur tháinig siad salach ar a chéile: theastaigh uaidh dialann a scríobh mar chaitheamh aimsire, nó mar shaghas teiripe, seans, ach nuair a bhí an misneach aige theastaigh uaidh memoir ealaíontóra a fhágáil ina dhiaidh fosta. Ní bheidh a fhios againn go dtí go bhfoilseofar na díolamaí eile ar éirigh leis an fhile tús áite a thabhairt don dara cúram agus an nós buanaithe aige, ach fiú munar éirigh beidh scoláirí na todhchaí in ann dul ag póirseáil tríothu leis an scothábhar a bhailiú le chéile. Is fiú an obair sin a dhéanamh, agus maisiú ar cháil an fhile a bheas i bhfoilsiú an tsaothair sin amach anseo. Ach roimhe sin, is gá an chartlann iomlán a bheith ar fáil, agus beimid faoi chomaoin Phádraig Uí Liatháin as an chúram sin a dhéanamh sna blianta atá amach romhainn.

17 Is léir gur cloch ar charn Uí Ríordáin atá i gceist leis an chnuasach aistí Ní insint dán ach bheith a d’eascair as comhdháil a reáchtáladh in ómós an fhile i mBaile Bhuirne siar in 2016. Tá éagsúlacht bhreá ábhair agus stíle idir clúdaigh an leabhair seo arna chur in eagar ag Ríona Ní Churtáin agus Tríona Ní Shíocháin. Cuimsíonn na haistí insint phearsanta ó fhilí na linne seo faoin spreagadh a thug Ó Ríordáin dóibh (Colm Breathnach, Caitríona Ní Chléirchín, Dairena Ní Chinnéide), chomh maith le grinnléitheoireacht chumasach chriticiúil (Máire Ní Annracháin) agus comhthéacsú luachmhar an tsaothair i dtraidisiún na Gaeilge (Gearóid Denvir) agus na hEorpa (Seán Ó Briain). Cabhraíonn sleachta as dánta agus dialann an fhile an t-iomlán a thabhairt le chéile, bíodh is nach cruinn ar fad gur staidéar aontaithe téamach ar ‘smaointeoireacht an Ríordánaigh’ atá le fáil sa chnuasach mar a thugann an fotheideal le fios. Mar sin féin, braitear sceitimíní na scríbhneoirí uile agus a mbrí féin á haimsiú acu sa saothar.

18 Is díol spéise réimse na bpointí féachana éagsúla seo ann féin: téann cuid de na haistí i muinín na critice ‘traidisiúnta’ téacslárnaithe, fad is go bhféachann údair eile le saothar Uí Ríordáin a shoilsiú trí lionsaí teoiriciúla an lae inniu. Ní hannamh na húdair éagsúla ag iarraidh ceangal a chruthú idir Ó Ríordáin agus smaointeoir eile (Nietzsche, mar shampla), nó é a leabú i gcomhthéacs faoi leith smaointeoireachta, cuir i gcás an tsuibiachtúlacht iarchoilíneach nó an oidhreacht Eorpach. Bhraith mé uaireanta gur iarracht a bhí anseo tábhacht Uí Ríordáin a ‘chruthú’ trína nascadh leis an domhan mór, ach le bheith cothrom, ní dhéanann an cnuasach faillí i dtaobh an dúchais ach an oiread. Faoi mar is dual dóibh faoi seach, mar shampla, úsáideann Tadhg Ó Dúshláine comhthéacs an Chaitliceachais chun córas machnaimh Uí Ríordáin a léirmhíniú fad is a théann Máire Ní Annracháin níos faide siar i dtraidisiún na Gaeilge chun claochlú i saothar an fhile a scrúdú.

19 Seasann alt sin Mháire Ní Annracháin amach don léitheoir seo mar scothshampla den chritic liteartha – ní hamháin go n-aithníonn sí móitíf nár pléadh mórán cheana, déanann sí anailís úrnua agus an-áititheach uirthi a shoilsíonn an saothar ar fad agus a léiríonn nach bhfuil an focal deiridh ráite faoin Ríordánach ná baol air.

20 Cad é an chéad chéim eile anois i léann an Ríordánaigh? Feictear dom go bhfuil an claonadh ann i gcónaí béim a leagan ar bheathaisnéis agus ar thionchar an fhile, cuir i gcás i sé chaibidil sa chnuasach seo agus i roinnt mhaith den chnuasach Tar Éis A Bháis (Ní Loingsigh 2008) chomh maith. Seans maith go spreagfaidh foilsiú na ndialann tuilleadh plé den chineál sin, rud nach miste. Bíodh sin mar atá, agus é áitithe go fórsúil i Ní insint dán ach bheith go bhfuil Ó Ríordáin inchomórtais le fealsúna móra a linne as feabhas agus úire a mhachnaimh, ní mór tuilleadh taighde a dhíriú anois ar an mhachnamh sin. Is díol suntais, mar shampla, nach bhfuil ról níos lárnaí ag réamhrá Eireaball Spideoige síos tríd an chnuasach seo. Amach anseo, ba mhór ab fhiú staidéar comparáideach a dhéanamh ar an saothar sin le hais aistí eile i réimsí na fealsúnachta agus na haeistéitice ó scríbhneoirí a ré, macasamhail ‘Religio Poetae’ Eoghain Uí Thuairisc agus Páipéir Bhána Mháirtín Uí Chadhain.

21 Mar a luadh cheana, ní héiginnte go hÓ Ríordáin agus is gné shuimiúil den chnuasach mar aonad go bpléitear coincheapa lárnacha ar nós na hanbhuaine síos tríd, ach ar shlite an-éagsúil. Luaitear ceist an chreidimh, ceist na teanga, tionchair scríbhneoirí eile agus stádas an fhile ina phobal go rímhinic, cuir i gcás, ach cheal spáis ní hacmhainn na peirspictíochtaí éagsúla ar fad a achoimriú anseo. Fós féin, is mithid tionchar na héiginnteachta féin ar na haistí a phlé go mear. Feictear dom go n-eascraíonn teannas an-tairbheach as tuiscintí éagsúla na n-údar faoi seo ag brath ar cé acu, cuir i gcás, ‘saoirse’, ‘neamhspleáchas’, ‘coimhthíos’ nó ‘tairseachúlacht’ a f(h)ráma tagartha agus an ghné lárnach seo de shaothar an fhile á léirmhíniú acu.

22 Míníonn Dairena Ní Chinnéide agus Caitríona Ní Chléirchín mar a mheall saoirse na héiginnteachta nó ‘smidiríneacht na miseanna’ (180) iad i dtreo Uí Ríordáin le linn laethanta rí-eagraithe a gcuid meánscolaíochta. Is í an éiginnteacht praghas na saoirse agus non serviam Uí Ríordáin idir chamáin ag Gearóid Denvir ina léamh eisiach siúd ar mheon an fhir féin. Áitíonn Seán Ó Briain gurbh é an t-aistear fisiciúil ón rud aithnidiúil – an saol i mBaile Bhuirne – go dtí an chathair choimhthíoch ‘ba bhun le léargas nua ar an saol aige’ (129), agus go n-eascraíonn cuid mhaith de thábhacht an tsaothair as an teannas idir sean agus nua i bhféiniúlacht an fhile. Tuiscint níos urchóidí, braitear, atá ag Tríona Ní Shíocháin faoi ‘iomar doimhin na saoirse’ agus tá an tsaoirse chéanna sin ceangailte go dlúth leis an imeall nó an tairseachúlacht féin in aistí Ríona Ní Churtáin agus Ghearóid Uí Chrualaoich, bíodh is nach samhlaíonn na húdair é seo mar rud diúltach.

23 Dá éagsúla an cur chuige a úsáideann scríbhneoirí an chnuasaigh, tacaíonn na haistí seo uilig le stádas an Ríordánaigh mar fhathach i bhfilíocht agus i bhfealsúnacht na hEorpa. Is mór an trua nach maireann an file, nó ní fios cén t-ardú meanman a chuirfeadh sé ar chréatúr cráite na dialainne a ainm féin a fheiceáil luaite le laochra a linne, macasamhail Camus, Sartre, Rimbaud, Baudelaire, Joyce, Eliot agus mórán Éireann eile nach iad. Más fear casta crampánach a labhraíonn linn go minic sna dialanna, slánaíonn aistí ómósacha an chnuasaigh dínit an ghiniais arbh é Seán Ó Ríordáin é chomh maith.

Caitlín Nic Íomhair

Ollscoil Mhá Nuad

Saothair a ceadaíodh

Mitchell, A. (2019) ‘Níl sé d’acmhainn agam bheith im fhear’: An Fearfhile, An Traidisiún Fireann Agus An Fear Mífhearúil i Scríbhneoireacht Sheáin Uí Ríordáin. Tráchtas neamhfhoilsithe PhD. Ollscoil Mhá Nuad.

Ní Churtáin, R., agus Ní Shíocháin, T. (eag.) (2019) Ní insint dán ach bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh. Maigh Nuad: An Sagart.

Ní Loingsigh, M. (2008) Tar Éis a Bháis: Aistí ar Sheán Ó Ríordáin. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Cadhain, M. (2003) Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Coileáin, S. (1982) Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Dúshláine, T. (eag.) (2014) Anamlón Bliana ó dhialanna an Ríordánaigh. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Liatháin, P. (eag.) (2022) Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1&2, 1940. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Ríordáin, S. (1952) Eireaball Spideoige. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Tuairisc, E. (1963) ‘Religio Poetae’. In: Comhar 22.6: 6–12.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626