An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach: an meon i leith éagsúlacht teanga sa Ghaeilge

Noel Ó Murchadha

Cló Iar-Chonnacht (2018) | 219 lch | ISBN: 978-1-784441-90-6 | €20

1 Tá athruithe bunúsacha, neamhsheasmhacht agus éiginnteacht le brath ar an nGaeilge atá á labhairt agus á scríobh thart timpeall orainn sa lá atá inniu ann, bíodh sí sin sa Ghaeltacht, ar na meáin chraolta nó eile. Teastaíonn scagadh córasach chun an feiniméan teangeolaíoch agus sochtheangeolaíoch seo a thuiscint i gceart. Ní mór fáilte chroíúil a fhearadh roimh An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach: an meon i leith éagsúlacht teanga sa Ghaeilge leis an Dr Noel Ó Murchadha mar sin, saothar taighde a chíorann urlabhra Ghaeilge ár linne. Tuigtear don údar gurb é seo an chéad mhórthogra a luíonn isteach go heimpíreach ar an nasc idir an aird ar an éagsúlacht teanga agus na hathruithe atá ag teacht ar urlabhra chomhaimseartha na Gaeilge. Feictear dó gur pointe tosaigh é an saothar seo aige ‘a chuireann lena bhfuil ar eolas cheana féin faoin nasc idir an idé-eolaíocht ar an éagsúlacht teanga agus an treo a n-athraíonn an teanga’ (261).

2 Faoi mar a tharlaíonn sé, tá An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach ar cheann de ghlac leabhar fónta acadúil a eisíodh le blianta beaga anuas agus a phléann le gnéithe éagsúla de chúinsí sochtheangeolaíocha na Gaeilge. Is iad na cinn eile ná An Meon Folaithe: idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain le Tadhg Ó hIfearnáin agus John Walsh (eag.) (2018), Immersion Education: lessons from a minority language context le Padraig Ó Duibhir (2018), An tSochtheangeolaíocht: taighde agus gníomh le Tadhg Ó hIfearnáin (eag.) (2019), Irish Speakers and Schooling in the Gaeltacht, 1900 to the Present le Tom O’Donoghue agus Teresa O’Doherty (eag.) (2019), Pobal na Gaeilge: daonra, institiúidí, stádas, agus cumhacht le Pádraig Breandán Ó Laighin (2022), One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922–2022 le John Walsh (2022) agus Neoliberalism and Language Shift: lessons from the Republic of Ireland post–2008 le Ben Ó Ceallaigh (2023). Cé go mb’fhéidir go gceapfaí ó líon na leabhar nuafhoilsithe seo go bhfuil rath ar an réimse seo den teangeolaíocht fheidhmeach, ní hamhlaidh atá dáiríre. Is baolach go bhfuil na hearnálacha taighde a bhaineann le hábhar, mar atá, an tsíctheangeolaíocht agus an tsochtheangeolaíocht, lagaithe go mór ó scoireadh Institiúid Teangeolaíochta Éireann (ITÉ) sa bhliain 2004, agus na réimsí taighde sin taobh le hiarrachtaí agus spéiseanna scoláirí aonair ó shin. Ba cheart an cineál infreastruchtúr taighde a bhíodh ag ITÉ a sholáthar athuair, faoi mar a d’áitigh Seosamh Mac Donnacha, Comhordaitheoir Acadúil in Ollscoil na Gaillimhe, i gcomhthéacs fhoilsiú thorthaí daonáirimh 2022 le déanaí. Dúirt Mac Donnacha go raibh ‘géarghá’ le ‘taighde leanúnach’ a dhéanamh ar cheisteanna faoi labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di (Tuairisc.ie, 20 Meitheamh 2023).

3 Cuid thábhachtach de chúlra teangeolaíoch An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach is ea an tuiscint atá ag fás i measc scoláirí le tríocha éigin bliain anuas nach bhfuil an urraim chéanna á tabhairt a thuilleadh do na leaganacha caighdeánacha den Bhéarla agus de theangacha Eorpacha eile, agus a bhíodh le céad bliain roimhe sin. Tagraítear go minic sa leabhar seo don staidéar atá déanta ag Tore Kristiansen ar chás na Danmhairgise, agus an tslí a bhfuil leagan nua-aimseartha de chanúint Chóbanhávan ag leathnú amach as an ardchathair ar fud na tíre, agus é faoi mheas ‘folaithe’ seachas ‘follasach’ i dtéarmaíocht Uí Mhurchadha. Ar ndóigh, tá sé le tabhairt faoi deara le glúin anuas go bhfuil cúl á thabhairt ar na meáin Shasanacha don urlabhra chaighdeánach a dtugtar ‘received pronunciation’ air. Tharlódh go bhfuil fréamhacha an fheiniméin seo le fáil sa chraoltóireacht bheo spóirt, craoltóireacht mós neamhfhoirmeálta timpeall ar chluichí sacair is a leithéid, ach tá sé le brath go láidir ar na feasacháin nuachta agus ar chláracha cúrsaí reatha chomh maith um an dtaca seo. Ní hé nach bhfuil foirmeáltacht áirithe ag roinnt leo seo i gcónaí – srian áirithe ar an raon canúintí agus an cineál foghraíochta a chleachtar, abair – ach tá na teorainneacha níos scaoilte ná mar a bhídís. Tá an speictream urlabhra atá le cloisteáil ar chláracha eile i bhfad níos leithne ná mar a bhíodh roimhe seo, agus tá bheith istigh á thabhairt ag an BBC do láithreoirí nuachta le tuin réigiúnach nó le tuin de chuid na hÁise. Tá cíoradh cuimsitheach ar cheist na gcaighdeán agus an claonadh nua chun díchaighdeánaithe atá le brath ar theangacha na hEorpa le fáil i gcnuasach spreagúil aistí, Standard Languages and Language Standards in a Changing Europe, a chuir Tore Kristiansen agus Nikolas Coupland in eagar (2011). Cé gur ar rianú na staide reatha i dtíortha éagsúla atá an bhéim sa saothar seo, cíortar gnéithe teoiriciúla chomh maith.

4 Ceist shuimiúil í sainstaid urlabhra na Gaeilge sa chomhthéacs ginearálta Eorpach seo. Pléann Ó Murchadha an fhianaise atá ann maidir le haontacht foirme i ré na Sean-Ghaeilge, na Meán-Ghaeilge agus na Gaeilge Clasaicí i gCaibidil 4. Nuair a thosaigh gluaiseacht athbheochan na Gaeilge ag bailiú nirt i dtreo dheireadh an 19ú haois, bhí luí ag go leor de na scríbhneoirí leis an leagan déanach den Ghaeilge Chlasaiceach a chleacht an sagart Muimhneach, Seathrún Céitinn (c.1580–c.1644), go cumasach ina chuid saothar. Bheadh de bhuntáiste ag an rogha seo mar chaighdeán scríofa go raibh sé réidh le húsáid, agus go raibh a bheag nó a mhór de cheangal idir na foirmeacha deilbhíochta is eile a bhí i gceist ann agus gach ceann de na canúintí réigiúnacha comhaimseartha. Ach faoi mar a léiríonn Ó Murchadha, tháinig na hathbheochanóirí faoi thionchar an Rómánsachais, gluaiseacht Eorpach a mhóraigh gach ar bhain le gnáthmhuintir na tuaithe. Dá bharr sin, ba iad na trí mhórchanúint réigiúnacha – Gaeilge na Mumhan, Gaeilge Chonnacht agus Gaeilge Uladh a thug an svae leo, nuair a fuair idé-eolaíocht ‘chaint na ndaoine’, a chuir sagart Muimhneach eile, an tAthair Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), chun cinn go fuinniúil, an lámh in uachtar ar Ghaeilge an Chéitinnigh mar sprioc a ceapadh a bheith inmholta agus insroichte.

5 Maidir leis an gcaint de, thug na glúnta foghlaimeoirí a n-aghaidh ar an nGaeltacht san fhichiú haois agus d’fhéach le ceann de na canúintí traidisiúnta pobail a shealbhú. Maidir leis an scríobh de, bhítí dílis do na canúintí agus ábhar béaloidis á bhreacadh, nó nuair a théití i mbun saothar liteartha a chumadh. Cé gur tuigeadh go mbíodh an teanga ag athrú le himeacht aimsire sa tslí go raibh difríochtaí áirithe le brath ar ghnásanna cainte daoine d’aois dhifriúil ó lár an 19ú haois i leith (féach Stenson 1982), ba gheall le bunchloch chreidimh é nach raibh canúintí Gaeilge ár linne deighilte ó thaobh aicme sóisialta de, .i. uasaicme, meánaicme agus lucht oibre.

6 Is ar an mbonn seo a chuathas i mbun an teanga a dhaingniú agus a leathnú. Ansin, nuair a aontaíodh Caighdeán Oifigiúil don Ghaeilge scríofa sa bhliain 1958, is amhlaidh a socraíodh ar leagan den Ghaeilge a bhí ionadaíoch go maith ar an teanga a shaothraigh na príomhscríbhneoirí liteartha i ngach ceann de na trí mhórchanúint réigiúnacha sa chéad leath den fhichiú haois. Chiallaigh an cinneadh seo, áfach, go raibh séala Stáit á chur ar bhearna, nó neamhréir, idir an aonfhoirmeacht lárnach nua a leagadh síos i gcás na teanga scríofa agus an éagsúlacht réigiúnach a bhí i réim cheana féin maidir le labhairt na teanga.

7 Pé scéal é, is mór idir an chinnteacht a bhain le tuiscintí na n-athbheochanóirí tosaigh ar chomhdhéanamh na Gaeilge agus an ghuagacht a bhaineann leis an éagsúlacht dhinimiciúil shochtheangeolaíoch sa lá atá inniu ann atá faoi chaibidil ag an Dr Ó Murchadha in An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach.

8 Maidir le struchtúr an leabhair, pléitear leagan amach agus bonn teoiriciúil an tsaothair sa Réamhrá agus sa chéad chaibidil, ‘Idé-eolaíochtaí ar an éagsúlacht teanga sa nua-aoiseacht dhéanach’. ‘Athruithe teangeolaíocha ar urlabhra na Gaeltachta’ agus ‘Cainteoirí agus urlabhra na hiar-Ghaeltachta’ is téamaí do chaibidlí 2 agus 3, faoi seach. ‘Gradam na héagsúlachta sa Ghaeilge’ a phléitear i gcaibidil 4, is é sin an difríocht idir an dearcadh a mhaíonn daoine a bheith acu nuair a chuirtear ceist dhíreach orthu (an meon ‘follasach’) agus an dearcadh dáiríre, gníomhach atá le léamh ar an tslí a luachálann siad saghsanna éagsúla Gaeilge nuair a théitear i mbun an fhiosraithe ar bhealach indíreach (an meon ‘folaithe’). Is é rud a deir Ó Murchadha féin i dtaca leis an dá mheon chontrártha a thagann chun solais: ‘Is amhlaidh go moltar canúintí traidisiúnta na Gaeltachta agus iad ag imeacht i léig fad is a cháintear saghsanna iarthraidisiúnta Gaeilge atá ag teacht sa treis sa Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht araon’ (165). Is téarma é ‘iar-Ghaeltacht’ a úsáidtear anseo de rogha ar ‘Galltacht’, nó focal éigin eile, chun tagairt a dhéanamh don chuid fhairsing sin d’Éirinn lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta a mbíodh an Ghaeilge á labhairt iontu tráth. Tá na torthaí a chuirtear i láthair i gcaibidil 5, ‘Freagraí suibiachtúla ar éagsúlacht teanga na Gaeilge comhaimseartha’, bunaithe ar thaighde eimpíreach a deineadh i measc 262 dalta ó shraith shinsearach na meánscoile i gCúige Mumhan ag tosach na bliana 2010. Déagóirí a rugadh idir 1990 agus 1994 a ghlac páirt san obair ghoirt (175). Sleachta comhrá a taifeadadh idir 2007 agus 2009 a cuireadh ina láthair.

9 Cíortar comharthaí sóirt Ghaeilge an dreama a saolaíodh sa Ghaeltacht ó 1960 i leith i gcaibidil 2. Tarraingítear aird ar na hathruithe atá ag teacht ar ghnéithe den chanúint thraidisiúnta a labhraíonn na daoine is sine sa Ghaeltacht, a saolaíodh roimh 1960. Mar shampla, tá lagú ar an gcodarsnacht caol–leathan ó thaobh an chórais consan de, agus tá ‘r’ aisfhillteach an Bhéarla ag teacht i dtreis in áit ‘r’ leathan agus ‘r’ caol na Gaeilge (78–9). Thar aon ghné eile, b’fhéidir, tá córas na gclaochluithe tosaigh a bhí bunúsach rílárnach i struchtúr na Gaeilge riamh anall ag dul i léig, agus leithéidí ‘an airgead’, ‘ar an páirc’ agus ‘ag léamh an t-aifrinn’ le cloisteáil go rialta anois (85). Tá an mearbhall céanna le tabhairt faoi deara ar chaint Ghaeilgeoirí na hiar-Ghaeltachta, a phléitear go mion i gcaibidil 3. B’fhurasta cur leis na samplaí ar ndóigh, agus leithéidí ‘an aire’, ‘ag an t-aire’ le cloisteáil síoraí ar nuacht TG4 chomh maith le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Maidir le hurlabhra na hiar-Ghaeltachta trí chéile, scarann Ó Murchadha urlabhra an nua-chainteora, a bhfuil a fhéiniúlacht féin aige mar dhuine a labhraíonn an teanga coitianta, ón bhfoghlaimeoir nach bhfuil an tairseach sin sroichte aige (104–5). Cheal sonraí taighde eile, is taobh le torthaí ar staidéir a deineadh timpeall ar an gcóras oideachais, ar dhaltaí scoile thuaidh agus theas is mó a bhraitear chun tréithe Ghaeilge na hiar-Ghaeltachta a shainiú (114–15). Bíodh is go gcuirtear i láthair raon leathan difríochtaí a idirdhealaíonn urlabhra na scoláirí óga seo ó urlabhra thraidisiúnta na Gaeltachta maidir le foghraíocht, deilbhíocht, comhréir agus séimeantaic de, leagtar béim ar an tátal ginearálta a bhain Henry et al. (2002: 4) as a gcuid taighde ó thaobh na cumarsáide de: ‘An important point to stress is that the children at all ages from P3 onwards have a very high level of communicative skill; they rarely have problems getting a point across, and they use Irish fluently and willingly. Moreover, they have command of a wide range of vocabulary and structures, which increases rapidly as they progress through school.’ (134)

10 Tá leabharliosta cuimsitheach ag deireadh an tsaothair, mar aon le hAguisín a leagann amach an córas fogharscríofa a úsáideadh. Ó tharla go dtagann mórchuid coincheap agus téarmaí teangeolaíocha nuálacha i gceist in An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach, is trua nár tapaíodh an deis chun iadsan a liostáil agus a mhíniú in aguisín eile.

11 Is dócha gurb é an fhaisnéis nua a aimsíodh de thoradh na tástála ar an éagsúlacht teanga croí an tsaothair. Cuirtear é seo i láthair i gcaibidil 5. Bhíothas ag iarraidh fáil amach (1) cad iad na tuairimí a nochtfaí nuair a bheadh a fhios ag na rannpháirtithe go rabhthas ag iarraidh orthu an meas a bhí acu ar leaganacha éagsúla Gaeilge a rangú – a meon follasach, más ea, agus (2) an luí a bhí acu leis na leaganacha céanna nuair a d’iarrfaí orthu a dtuairimí i leith tréithe sóisialta difriúla a shamhlú leis na cainteoirí ar na sleachta taifeadta, bunaithe ar an tslí ar chuir siad iad féin in iúl – a meon folaithe. D’fhonn comparáid a dhéanamh idir an dá shraith tuairimí a dearadh an togra taighde, féachaint an mbeadh tuairimí na ndaltaí de réir a chéile sa dá chás. Tástáil tuairimí bunaithe ar 11 sliocht taifeadta comhrá, gach ceann acu 15 soicind ar fhad, a bhí i gceist leis an togra taighde. Cé nár mhair gach mír ach ceathrú nóiméad, is iontach an éagsúlacht foghar agus an raon tréithe teanga/canúna a cuimsíodh, agus tháinig iliomad pointí éagsúla chun solais ab fhéidir a phlé agus anailís a dhéanamh orthu. Dá ainneoin sin, ní mór a aithint nach bhféadfaí ach sciar teoranta de thréithe uile na saghsanna difriúla Gaeilge a chur i láthair agus a bhreithniú ar an gcuma sin. Guthanna ban amháin a roghnaíodh d’fhonn líon na n-athróg tástála a theorannú (180).

12 Cainteoirí óga agus traidisiúnta ó Na Déise, Múscraí agus Corca Dhuibhne i gCúige Mumhan, i gConnachta agus in Ulaidh, agus cainteoir amháin iar-Ghaeltachta (as Baile Átha Cliath) a seinneadh do na rannpháirtithe. Maidir leis an dearcadh follasach, bhí na freagróirí dearfach go maith i leith gach saghas urlabhra, á mheas go raibh ‘Gaeilge mhaith’ ag na cainteoirí ar fad, cé go raibh tosach áirithe ag na leaganacha Muimhneacha, ní nach ionadh (215, go háirithe). Ba é ‘an tslí a labhrann’ an dream óg agus an cainteoir iar-Ghaeltachta is mó a thaitin leo, áfach, agus bhí na hUltaigh chun deiridh coitianta, toisc easpa taithí ar a modhanna cainte a chloisteáil, de réir dealraimh (217, 219–20), agus toisc an fad teangeolaíoch idir an chanúint sin agus canúintí na Mumhan, leis, ba dhóigh le duine.

13 Maidir leis an dearcadh folaithe a fhéachann le tréithe teangeolaíocha a shamhlú is a nascadh le tréithe pearsanta, tuigeadh do na freagróirí gurbh iad na cainteoirí óga trí chéile, agus an cainteoir iar-Ghaeltachta go háirithe, a bhí ‘díograiseach’ seachas ‘leamh/gan spréach’, ‘eachtrúil’ seachas ‘cúthaileach’ agus ‘suimiúil’ seachas ‘leadránach’. Cé go raibh na torthaí ábhar níos cothroime i gcás roghanna eile, ‘iontaofa-neamhiontaofa’ agus ‘muiníneach-neamhchinnte’, cuirim i gcás, chruthaigh an cleas óg agus an cainteoir iar-Ghaeltachta go láidir tríd síos. Anuas air sin, léiríodh deighilt ghlan idir na cainteoirí óga agus an cainteoir iar-Ghaeltachta ar thaobh amháin, agus na cainteoirí traidisiúnta ar an taobh eile, i gcás na codarsnachta ‘faiseanta-neamhfhaiseanta’ de. Go deimhin, bhí an cainteoir iar-Ghaeltachta chun tosaigh ar gach aon duine eile, dar leis na freagróirí as Ciarraí agus Na Déise, agus sa dara háit ag muintir Mhúscraí.

14 Mar sin, murab ionann agus an luacháil cheannasach, a thugann tús áite d’urlabhra na Gaeltachta, tá meas follasach ag na freagróirí ar na leaganacha nua Gaeltachta chomh maith leis na cinn thraidisiúnta, agus tá siad sásta glacadh le tréithe cainte na hiar-Ghaeltachta chomh maith céanna. Is í urlabhra na gcainteoirí óga agus an chainteoir iar-Ghaeltachta is fearr a thaitníonn leo, áfach. Maidir leis an ngradam folaithe de, is leis na cainteoirí óga agus leis an gcainteoir iar-Ghaeltachta is mó a shamhlaítear tréithe dearfacha.

15 Ar ndóigh, tá an togra tástála seo bunaithe ar an tuiscint gurb iad na difríochtaí teanga (amháin) faoi deara na torthaí, ach tharlódh go bhféadfadh gnéithe dioscúrsa eile dul i bhfeidhm ar na freagróirí óga agus gurbh fhiú do thaighdeoirí bealach a aimsiú chun iadsan a chur san áireamh chomh maith. Níor mhiste cúpla féidearthacht a lua. Bíonn aois le brath ar ghuth duine, cuirim i gcás. Ar spreag meon comhghrúpa, fonn comhghuaillíochta ar bhonn aoise, fiú amháin, cuid de fhreagraí na ndaltaí? Féach an toradh soiléir a aimsíodh ó thaobh na míre ‘Faiseanta-Neamhfhaiseanta’, mar shampla. Rud eile de, bíonn brí agus fuinneamh i nguthanna daoine seachas a chéile. Tar éis an tsaoil, nach ar an mbonn sin, i measc tréithe eile, a roghnaítear láithreoirí agus ‘guthanna’ lucht raidió? Féadann tuin chainte a bheith leamh, neamh-engagé nó láidir, áititheach. Ní le tréithe canúna a bhaineann sé seo. Ar an gcuma chéanna, féadann tuirse a bheith le brath ar ghuth duine. Ar ndóigh, níltear á mhaíomh anseo gur ghá gur imir aon cheann de na cúinsí seo tionchar ar na torthaí – fág ceist na comhaoise, na hóige, b’fhéidir. Is é an pointe atá á ardú ná go bhféadfadh gnéithe seachas tréithe teangeolaíocha a bheith ag dul i bhfeidhm ar na rannpháirtithe. Ní fheadar an bhfuil aon tástálacha a deineadh go hidirnáisiúnta a chaithfeadh solas ar an ngné seo?

16 Léiríonn An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach go bhfuil éagsúlachtaí móra idir na saghsanna Gaeilge atá á labhairt sa lá atá inniu ann agus go bhfuil meas ar na hurlabhraí difriúla. Thairis sin, léirítear go bhfuil cosúlachtaí go leor idir urlabhra an aosa óig sa Ghaeltacht agus nuachainteoirí na hiar-Ghaeltachta. Má tá pobail Ghaeltachta ag dul i léig, agus gréasáin chainteoirí ag teacht chun cinn sa Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht araon, an bhfuil sprioc a chothódh aontacht foirme éigin le cur os comhair lucht labhartha na Gaeilge? Má tá iliomad fórsaí ag cothú na héagsúlachta atá le tabhairt faoi deara faoi láthair, conas ab fhéidir urlabhra aitheanta áirithe a chur chun cinn? An leor laissez-faire, nó an fiú comhtháthú éigin a dhéanamh ar a bhfuil á labhairt? Ba mhór an dul chun cinn é anailís a dhéanamh taobh amuigh den seomra ranga ar thréithe na Gaeilge atá á labhairt lena chéile ar bhonn gairmiúil agus i suímh shóisialta ag múinteoirí, lucht tríú leibhéal, iriseoirí agus eile i láthair na huaire, daoine a thagann ó gach cearn den tír.

17 Tá céim mhór chun cinn tógtha ag Noel Ó Murchadha le An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach: tá léiriú déanta aige ar an éagsúlacht teanga atá i réim sa Ghaeilge agus ar na tuairimí comhfhiosacha agus neamh-chomhfhiosacha atá ann ina taobh. Bíodh is go bhfuil dúil mhór idé-eolaíoch i gcanúintí traidisiúnta na Gaeltachta mar mhúnlaí follasacha teanga, níl na múnlaí sin á gcothú go rathúil. Urlabhra dhifriúil atá ag teacht sa treis sa Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht araon. Tá neamhréir nó teannas idir an t-idéal agus gnáthchaint na ndaoine.

18 Ní mór a shaothar cumasach ceannródaíoch a thréaslú le Noel Ó Murchadha. Beifear ag súil leis go spreagfaidh sé tuilleadh machnaimh agus taighde, mar aon le moltaí praiticiúla a dhlúthóidh urlabhra chomhaimseartha phobal na Gaeilge.

Liam Mac Mathúna

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

Henry, A., Andrews, A. agus Ó Cainín, P. (2002) Developing Linguistic Accuracy in Irish-medium Primary Schools. Bangor: Department of Education.

Kristiansen, T. agus Coupland, N. (eag.) (2011) Standard Languages and Language Standards in a Changing Europe. Oslo: Novus Press.

Ó Ceallaigh, B. (2023) Neoliberalism and Language Shift: lessons from the Republic of Ireland post–2008. Berlin/Boston: De Gruyter Mouton.

O’Donoghue, T. agus O’Doherty, T. (eag.) (2019) Irish Speakers and Schooling in the Gaeltacht, 1900 to the Present. Cham: Palgrave Macmillan.

Ó Duibhir, P. (2018) Immersion Education: lessons from a minority language context. Bristol/Blue Ridge Summit: Multilingual Matters.

Ó hIfearnáin, T. (eag.) (2019) An tSochtheangeolaíocht: taighde agus gníomh. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Ó hIfearnáin, T. agus Walsh J. (eag.) (2018) An Meon Folaithe: idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Laighin, P. B. (2022) Pobal na Gaeilge: daonra, institiúidí, stádas, agus cumhacht. Baile Átha Cliath: Cló na nGael.

Stenson, N. (1982) ‘On short-term language change: developments in Irish morphology’. In: Ahlqvist, A. (eag.) Papers from the 5th International Congress on Historical Linguistics. Amsterdam: John Benjamins Publishing Company: 324–31.

Walsh, J. (2022) One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922–2022. Oxford: Peter Lang.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626