‘Cogadh na dTeangan’: Cogadh na mBórach (1899–1902) agus Soiscéal Chonradh na Gaeilge

Cathal Billings

1 Dé Domhnaigh an 16 Márta 1902 cuireadh tús mórthaibhseach leis an gcéad cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge nuair a ghlac suas le 20,000 duine páirt i Mórshiúl na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. De réir tuairiscí nuachtáin (An Claidheamh Soluis (ACS feasta), 22 Márta 1902: 10; Freeman’s Journal, 17 Márta 1902: 4, 5; Irish Daily Independent (IDI feasta), 17 Márta 1902: 5), bhí an Mórshiúl ar na taispeántais ba bhreátha san ardchathair leis na blianta fada agus bhí an slua chomh mór sin gur ghlac sé uair go leith orthu a mbealach a dhéanamh thar Cholún Nelson. I measc an tslua bhí ionadaithe ó 50 craobh de Chonradh na Gaeilge, mar aon le múinteoirí, daltaí scoile agus mic léinn ollscoile; ceardaithe agus lucht saothair; sagairt agus bráithre; ionadaithe ó bhardais, ceardchumainn agus cumainn náisiúnaíocha; bannaí ceoil agus briogáidí óige; agus ‘reisimint’ mhór d’iománaithe agus peileadóirí. Gné shuntasach den mhórshiúl ab ea na tablónna a cuireadh ar taispeáint ann freisin (IDI, 17 Márta 1902: 5). I measc na dtablónna sin bhí léirithe ealaíonta de chúigí na hÉireann; eiseamláirí de thionscail bhaile; samhlacha de churacha, cloigtheach, cros Cheilteach agus cú faoil; agus baill de Chumann na bhFeisteas gléasta mar sheantaoisigh agus laochra Gaelacha. Ba é ba chuspóir le léirithe dá leithéid ná blúirí de stair, litríocht agus béaloideas na hÉireann a chur i láthair an lucht féachana, rud a bhain go dlúth leis an aidhm a bhí ag Conradh na Gaeilge an stair a úsáid mar ábhar inspioráide don ré chomhaimseartha (de hÍde 1899: viii). Is díol spéise é, mar sin, go raibh le fáil i measc na dtablónna ball de Chumann na bhFeisteas a bhí gléasta mar ‘a Boer’, é go han-fheiceálach ar muin capaill, hata cromdhuilleach air agus raidhfil Mauser ina lámh aige (Íomhá 1).

2 B’fhéidir go gceapfaí gurbh aisteach an rud é feirmeoir Cailbhineach as lár na hAfraice Theas a bheith á léiriú taobh le samhail de Bhrian Boróimhe, ach faoin am ar reáchtáladh an mórshiúl bhí na Bóraigh – agus an cogadh a bhí á throid acu in aghaidh Shasana ó Dheireadh Fómhair 1899 – tar éis a rian a fhágáil ar nach mór gach gné den phlé ar ghnóthaí an Chonartha sa dá nuachtán Gaeilge a bhí ar an bhfód ag an am – Fáinne an Lae (FAL) agus An Claidheamh Soluis (ACS). Is beag dáiríre a bhí i bpáirt ag Gaeil le Bóraigh i dtéarmaí creidimh, cultúir ná geopholaitíochta (Boehmer 2002: 27). Ba mhinic gur bheag an cur amach a bhí ag gnáth-Ghaeil ar na ‘daoine a dtugann siad na Boers orthu’ freisin (Ó Grianna 1942: 151). Dá ainneoin sin, shaothraigh scríbhneoirí Gaeilge naisc shiombalacha idir an dá phobal agus rinne siad idéalú ar na Bóraigh mar phobal náisiúnta ar chóir do Ghaeil aithris a dhéanamh orthu.

Figiúr

Íomhá 1

In Dunne 1902

3 Tá an tionchar ríthábhachtach a bhí ag Cogadh na mBórach ar an náisiúnachas Éireannach léirithe ag McCracken (2003) go háirithe, agus tá iniúchadh déanta ag an taighdeoir seo (2020; 2021) cheana ar an léargas a thugann Cogadh na mBórach ar an náisiúnachas forchéimnitheach a bheith beo beathach i gConradh na Gaeilge ag fíorthús an fichiú haois. San alt seo, forbrófar téamaí a tugadh isteach sa taighde sin agus léireofar gur bhain tábhacht ollmhór le scéal Chogadh na mBórach sa phreas Gaeilge maidir le hidéil teanga, eacnamaíochta agus shóisialta an Chonartha a phlé, a fhorbairt agus a chur chun cinn. Agus gníomhaithe teanga ag glacadh idir inspioráid agus mhúnlaí praiticiúla agus teoiriciúla ó scéal na mBórach, áiteofar gurb ionann an casadh a bhain na nuachtáin Ghaeilge as an gcogadh agus eiseamláir éifeachtach de ‘anti-imperial interaction across the colonial borderline’, mar atá pléite ag Boehmer (2002). Aithneofar san am céanna go raibh íomhá ar leith de na Bóraigh á cur faoi bhráid phobal na Gaeilge agus go ndearna scríbhneoirí idéalú seiftiúil ar na Bóraigh ar bhealach a shásaigh a gcuspóirí agus a gclaontaí féin. Ar deireadh, taispeánfar gur mhór a chuaigh an cogadh chun sochair do Chonradh na Gaeilge, go háirithe maidir le nuachtáin a dhíol agus baill nua a mhealladh isteach i dtosach ré órga an chumainn (Mathews 2003: 24).

Scéalta an Domhain Mhóir sa Phreas Gaeilge

4 Bunaíodh Conradh na Gaeilge i mí Iúil 1893 mar chumann neamhpholaitiúil neamhsheicteach a raibh sé de phríomhaidhm aige an Ghaeilge agus a litríocht a chaomhnú agus a chothú, ach chuimsigh an clár leathan cuspóirí eacnamaíochta agus sóisialta freisin. Ba iad FAL agus ACS na foilseacháin neamhoifigiúla agus oifigiúla, faoi seach, a bhí ag an gConradh agus cé go raibh na nuachtáin dírithe ar chúrsaí baile go príomha, d’aithin lucht a stiúrtha an tábhacht a bhain leis an nuacht idirnáisiúnta iontu freisin. Ó lár an naoú haois déag i leith, bhí an nuacht idirnáisiúnta tar éis éirí ina gné lárnach den phreas Éireannach agus is mór an tsuim a chuir an pobal i gcoitinne in imeachtaí polaitíochta coigríche (O’Halpin 2018: 812). B’fhíor sin fiú amháin i gcás na ndaoine ba bhoichte sa tír, faoi mar is léir sa chur síos a rinne an feisire Justin McCarthy ar chosmhuintir na hÉireann in 1883:

The Irish peasant is an intelligent man. Of late years he has become a great politician and an eager reader of the newspapers. When I speak of him as a reader of the newspapers I fear I may be conveying a wrong idea or indulging in too wide a generalisation, for it is unfortunately true that in many cases even now the Irish labourer cannot read. But he is a student of the newspaper all the same, for in the evenings, or at least in some evening of every week, when the papers come down from Dublin, there is a gathering at the house of some one who has a rather better room than his neighbours, and the political contents of a newspaper are read aloud and made the subject of keen and earnest comment. Many a labourer will go to a second house the same night to hear the contents of the same paper read out again. [...] Even among the scattered and remote populations of the west, even in those wild regions of Connemara and Mayo, where few speak anything but Irish, I am told that the labourers still contrive to get the contents of a newspaper interpreted to them, and are never entirely ignorant of what is going on in the world around them (McCarthy 1883: 399–400).

5 Is cosúil go raibh lucht stiúrtha FAL agus ACS ar an eolas faoin tsuim seo nuair a bhí na nuachtáin á dtionscnamh acu agus d’aithin siad an tábhacht a bhainfeadh le ‘the struggles for National languages in other countries’ (FAL, 8 Eanáir 1898) agus ‘the main events in the doings of the world’ (Irisleabhar na Gaedhilge (IG feasta), Márta 1899: 333) mar chuid díobh. Is liosta le háireamh iad na tíortha agus na teangacha a luadh sa phreas Gaeilge ina dhiaidh sin dá réir:

Leaving aside revival efforts in the other five Celtic languages ... we find in the Gaelic press reports in various degrees of detail on language issues in Belgium, Bohemia, Poland, the Ukraine, Hungary, Malta, the Orkneys, Finland, Serbo-Croatia, Denmark, Greece, Holland, Provence, the Channel Islands, Rumania, Norway, Portugal, Catalonia, and Switzerland. Among non-European languages that attracted attention were Esperanto, Quebec French, Hebrew, Yiddish, Japanese, ‘Egyptian,’ Afrikaans, Guarani (Paraguay), Nahuatl (Mexico), Chippewa, and Sioux (O’Leary 1994: 72).

6 Léiríonn an aird seo ar chúrsaí domhanda an toise iltíreach idirnáisiúnta a bhí á cothú i rith na hathbheochana ag an dream sin de Chonraitheoirí a dtugann O’Leary (1994: 19–90) ‘progressives’, nó forásóirí, orthu. Murab ionann agus ‘nativists’, nó dúchasóirí, a d’fhéach leis an teanga a aonrú agus a chosaint ar thionchar na hiasachta, theastaigh ó fhorásóirí naisc níos tréine a chothú idir an Ghaeilge agus cultúir choimhthíocha agus foghlaim ó eiseamláir na bpobal sin. Is i gcomhthéacs cúrsaí litríochta is mó a bhí meon na bhforásóirí le feiceáil, ach rinne siad sáriarracht freisin ‘tuairimíocht agus cúrsaí idirnáisiúnta’ a chur faoi bhráid phobal na Gaeilge agus ceachtanna a mhúineadh dóibh tríd an bplé ar thíortha eile (Uí Chollatáin 2004: 94–95). Bhain an-tábhacht lena leithéid seo de scéalta mar ghné den phreas mionteanga freisin toisc gur thug siad ardú meanman don phobal léitheoireachta: ‘[Thuigfidís] go raibh tacaíocht ar fáil ... ó thíortha eile a raibh taithí acu ar na fadhbanna agus ar na constaicí a bhí le sárú acu mar chiníocha ag déanamh a ndíchill ar son dhúchas agus oidhreacht a dtíre’ (Uí Chollatáin 2004: 59).

7 Is é atá sa chleachtadh iriseoireachta seo dá réir ná eiseamláir de ‘anti-imperial interaction across the colonial borderline’, nó an idirghníomhaíocht fhrithimpiriúil thraschoilíneach (Boehmer 2002). B’fheiniméan í seo a tháinig chun cinn sa phreas idirnáisiúnta i ndeireadh an naoú haois déag nuair a thosaigh náisiúnaithe agus gníomhaithe frithchoilíneacha ag glacadh ‘inspirational solidarity and instructive models’ (Boehmer 2002: 1–2) óna chéile:

Native resistance movements are by no means sealed off from one another. In the oppressive conditions they share with other colonized peoples, they find not only ‘informatory’ but ‘operative’ stirring images of preparedness and zeal springing out of situations of resistance analogous to their own. [...] In a development that continued across the twentieth century, movements may thus be both nationally focused in terms of political organization, and yet cross- or transnational in their range of reference and reception of influence. [...] Especially under the difficult, beleaguered conditions of emergent colonial resistance, oppositional nationalist, proto-nationalist, and anti-colonial movements learn from one another as well as drawing from their own internal political and cultural resources or the political culture of the oppressor (Boehmer 2002: 3).

8 Tugadh an idirghníomhaíocht fhrithimpiriúil thraschoilíneach chun mine agus chun foirfeachta i nuachtáin náisiúnaíocha na hÉireann le linn Chogadh na mBórach, nuair a d’aithin gníomhaithe ar nós Airt Uí Ghríofa an luach agus an chumhacht a bhain le hionannú a dhéanamh idir cruachás na mBórach agus na nÉireannach, ‘in particular their alleged continual struggle against England in the cause of liberty and nationality’ (Boehmer 2002: 25–29). Ní raibh na Bóraigh ag troid ar son a saoirse polaitiúla amháin, áfach; bhí a dteanga agus a nósanna maireachtála dúchais á gcosaint acu ar fhórsaí an impiriúlachais dar leo féin, agus ba mhaith a d’fheil sé seo do bholscairí Gaeilge a chonaic deis i gceist na hAfraice Theas chun soiscéal an Chonartha a chur chun cinn.

9 Mar thoradh air sin, foilsíodh gleadhradh alt in FAL agus ACS idir 1899 agus 1902 inar cothaíodh naisc shiombalacha agus dáimh idir Gaeil agus Bóraigh. B’éasca é seo a dhéanamh freisin de bharr na gcosúlachtaí a samhlaíodh agus a saothraíodh idir an dá phobal. Cuireann McCracken síos ar na Bóraigh mar a bhí siad an t-am sin mar ‘a religious people ... essentially simple pastoralists [with] a language movement [and] folk memories’ (2003: xvi). Is mór an chosúlacht atá idir sin agus an cur síos a dhéanann Nelson ar na hÉireannaigh sa ré chéanna: ‘a uniquely spiritual people [...] proudly rural and agricultural [...] chaste, god-fearing, [...] Catholic, [and] fiercely devoted to a traditional culture rooted in family, faith, and fatherland’ (Nelson 2012: 46). Ní mór a aithint, áfach, go ndearna an t-ionannú idir Éireannaigh agus Bóraigh neamhshuim de dhifríocht ríthábhachtach eatarthu – ba choilínitheoirí iad na Bóraigh féin. Ní hamháin gur shíolraigh siad ó choilínitheoirí de chuid Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir, ach in 1899 bhí siad ag troid i gcoinne Shasana ar son tailte a bhí goidte go foréigneach ag a sinsir féin leathchéad bliain roimhe sin ó na pobail Afracacha a bhí ann rompu (Pakenham 1982: xxi). Mar sin is cogadh idir coilínitheoirí a bhí i gCogadh na mBórach ach is beag Éireannach a d’aithin an fhíric sin agus a léirigh tacaíocht don dream a raibh sí tuillte acu dáiríre .i. na pobail Afracacha bhí á gciapadh ag na Sasanaigh agus na Bóraigh araon (Kelly 2018: 56). Chinntigh an forchiníochas, an seineafóibeachas agus an frithshasanachas a chuir bonn faoin náisiúnachas Éireannach ag an am gur fhan formhór mór de phobal na hÉireann dall ar a gcruachás siúd: ‘to the Irish in 1899, it was the Boers who were the downtrodden and the underdog’ (McCracken 2003: xviii).

An Ghaeilge agus de Taal

10 Gan amhras ar bith, ba é an ghné de throid na mBórach ba mhó a d’fheil do bholscaireacht Chonradh na Gaeilge ná an chosaint dhiongbháilte a bhí á déanamh acu ar de Taal, teanga a shíolraigh ón Ollainnis a thug lonnaitheoirí Dúitseacha chuig an Afraic Theas leo sa seachtú haois déag. Nuair a ghabh an Bhreatain ceannas ar Chúige na Rinne in 1814, chuir siad teanga agus cultúr Shasana i gcion ar an bpobal ann agus cuireadh cosc éifeachtach ar de Taal a úsáid i gcúrsaí oifigiúla. Chuir an saighdeadh seo leis an bhfrithshasanachas i measc na mBórach agus ba ghearr gur bheartaigh tuairim agus 5,000 poblachtach as a measc aghaidh a thabhairt ar thailte nua mar chuid den Groot Trek [.i. an t-aistear mór] (van Niekerk 2015: 380). Ar neamhchead do na pobail dúchais a bhí ann rompu, bhunaigh na ceannródaithe sin, ar tugadh Voortrekkers orthu, dhá phoblacht dóibh féin – Poblacht na hAfraice Theas, nó an Transbháil, agus an Saorstát Oráisteach. Bhí cead a gcinn ag na Bóraigh iontu sin go dtí gur aimsíodh fosú óir ollmhór ar an Witwatersrand, sa Transbháil, in 1886, rud a mheall rabharta d’eachtrannaigh – Uitlanders i dteanga na mBórach – chuig an tír chun na mianaigh a shaothrú. Ba Shasanaigh iad a bhformhór siúd agus ba ghearr gur fágadh na Bóraigh ina mionlach sa Transbháil agus iad faoi bhagairt an tSacsanaithe arís (Pakenham 1982: 16–21). Mar fhreagra, dhiúltaigh Rialtas na Transbháile cearta saoránachta do na Uitlanders agus d’fhéach siad leis an teanga agus an cultúr Bórach a chosaint. In 1888, cuir i gcás, rialaigh siad gurbh í an Ollainnis an t-aon teanga oifigiúil a bhí ceadaithe i gcúrsaí trádála, dlí, polaitíochta agus oideachais sa tír feasta, agus d’fhéach siad lena gcuid scoileanna a dhéanamh ‘níos Dúitsí’ trí mhúinteoirí a earcú isteach ón Ísiltír freisin (Grey 1900: 21; Kuitenbrower 2012: 53; Pakenham 1982: 16–21; van Niekerk 2015: 380). Chuir sé seo olc ar na Uitlanders, a bhí ag íoc cáin mhór le rialtas na Transbháile, agus d’éiligh siad cearta saoránachta agus teanga dóibh féin le tacaíocht ó rialtas Shasana, a bhí ag santú na mianach óir. Sheas na Bóraigh an fód, áfach, agus bhí ceisteanna teanga ina gcnámh spairne i gcónaí nuair a cuireadh tús leis an gcogadh i mí Dheireadh Fómhair 1899.

11 Níor leasc le scríbhneoirí Gaeilge an deis bholscaireachta seo a thapú agus ceist na teanga a lonnú i gcroílár na coimhlinte. Ba é an bhunfhealsúnacht a bhí ag an gConradh ná nach bhféadfadh náisiún a bheith ann dáiríre gan a theanga féin a bheith aige, agus b’eiseamláir iad na Bóraigh maidir leis an tuiscint a bhí acu ar an gcreideamh sin. Nuair a bhí an cogadh ar na bacáin, cuir i gcás, fógraíodh in ACS go raibh na Bóraigh dílis do theagasc a sinsear Dúitseach a chum an mana ‘No Language, no nation’ agus iad sásta dul chun cogaidh ar son a ndúchais. Ba ríléir an ceacht a bhí le foghlaim ag Gaeil ón méid sin:

One of the four final demands sent by Great Britain to the Transvaal was for the introduction of the English language on equal terms with the language of the Boers in the Volksrad or Transvaal Parliament. [...] To this one they returned an unqualified refusal. [...] Irishmen, compare your attitude with that of the Boers. They, in the face of the mightiest empire that ever was, with her legions and her engines of destruction closing in around them, do not quail to refuse to admit a foreign language to an equality with their own in the public institutions of their own country. You – how do you suffer your language to be treated? You have permitted it to be nearly wiped out in fifty years. You allow it to be thrust into a back place in your churches, your schools, your public meetings (30 Meán Fómhair 1899: 8).

12 Nuair a bhí Craobh Charraig an Chabhaltaigh á bunú roinnt seachtainí ina dhiaidh sin, nocht an timire Tomás Ó Concheanainn an spreagadh mór a bhí á ghlacadh aige féin ó chúis na mBórach:

We should not forget that a good deal of the present war may be attributed to the British desire to have English taught in the Transvaal schools, and to have it adopted as the official language of their parliament. Of the four propositions presented to President Kruger, as conditions of peace, he promised to give his consideration to three, but with regard to the fourth, which had for its object the adoption of the English language and the abandonment of their own, Kruger expressed his country’s determination that they would rather be cut to pieces before they gave up the language of their country, as the worthy descendants of the great Dutchman, who said in a few words, short and sweet, ‘No language, no country’. Three cheers for the Boers! (FAL, 18 Samhain 1899: 7)

13 Is léir ó na sleachta seo go raibh leas á bhaint as ceist na mBórach chun bunfhealsúnacht an Chonartha a chur abhaile ar léitheoirí. Chomh maith leis, sin tugann siad spléachadh dúinn ar an éabhlóid a bhí ag teacht ar chuspóirí an Chonartha ag an am. Ba iad na haidhmeanna bunaidh a bhí ag an gcumann ná ‘the preservation of Irish as the national tongue, its propagation as a spoken tongue and the cultivation of Irish letters’ (Nowlan 1972: 44; IG, Samhain 1893: 226). Ba ghearr gur tháinig clár níos uaillmhianaí chun cinn sa Chonradh i bhfianaise an fháis agus an ratha a tháinig ar an gcumann, áfach, agus thart ar chasadh an chéid thosaigh siad ar stádas níos fearr a éileamh don Ghaeilge ag leibhéal poiblí agus stáit (Mathews 2003: 23–25). Cuireadh bonn foirmeálta faoin gclár seo i Samhain 1901 nuair a d’fhoilsigh an Coiste Gnótha a bPolasaí Poiblí (ACS, 16 Samhain 1901: 6, 8). Sa pholasaí sin, d’impigh an Conradh ar lucht an oideachais, lucht an dlí agus lucht na polaitíochta an ‘áit is uaisle’ a thabhairt don teanga agus ‘an gnó puiblidhe, idir eaglais ⁊ thuaith, [a dhéanamh] tré Ghaedhilg, an oiread ’sis féidir de’ (ACS, 16 Samhain 1901: 6). An mhí dar gcionn, tarraingíodh ar chomhthéacs na mBórach chun an polasaí a chur i gcion ar na léitheoirí arís eile:

The Boers were willing to listen to proposals to give up a part of any other part of their nationality, but they would not give ear at all to the proposal to put English on the same footing as Dutch. Now in Ireland we do not require penal laws to spurn the Irish language. Nationalists do it for us at public meetings, managers and teachers do it in the law courts and railway companies do it for us in business; so in one guise or another we humbly eat the bread of slavery (ACS, 7 Nollaig 1901: 8).

14 I gcomhthéacs an oideachais, rinneadh na Bóraigh a mholadh go mionmhinic as a bheith teann ar úsáid a bhaint as an Ollainnis i scoileanna na Transbháile. Réitigh an seasamh sin go deas leis na feachtais oideachais a bhí ar bun ag an gConradh san am céanna ar son an Ghaeilge a aithint mar ghnáthábhar scoile, ar son clár dátheangach a chur i bhfeidhm agus ar son an Ghaeilge a cheadú mar mheán teagaisc i scoileanna Gaeltachta (Ó Buachalla 1984: 81). Áitíodh in ACS gur den íoróin é go raibh na Sasanaigh ag cur cogadh ar na Bóraigh toisc nach ngéillfidís cearta teanga do pháistí na Uitlanders fad a bhí an ceart sin á shéanadh ag na Sasanaigh ar pháistí in Éirinn (ACS, 2 Meitheamh 1900: 8). Rinne ‘Conán Maol’/Padraig Ó Séaghdha ceist na teanga sa chóras oideachais a lonnú i gcroílár na coimhlinte freisin nuair a scríobh sé faoi na gunnaí móra Bóracha, ‘Tomás Fada... ⁊ a dhearbhráthairí móra’, a raibh 60,000 Sasanach leagtha acu cheana mar fhreagra ar an éileamh go múinfí an Béarla i scoileanna na Transbháile: ‘Is í an Táil [.i. de Taal] do bheidh i n-uachtar annseo ⁊ ní hé an Béarla’, a mhaígh na gunnaí sin, dar leis (ACS, 28 Iúil 1900: 1). Agus comhthéacs na hAfraice Theas á úsáid chun plé a dhéanamh ar thábhacht na Gaeilge sa chóras oideachais arís i mBealtaine 1902, nochtadh a raibh idir camáin le feachtais oideachais an Chonartha dáiríre:

One would not take a British general in the field to be an authority on the part a language takes in the life of a nation. Sir Hector MacDonald, however, appreciates the truth of the proverb, anam tíre a teanga. When asked did he think the English would ever succeed in winning over the friendship of the Boers, he is reported to have said – ‘I look for the future to education. It is through the young idea that we must succeed in South Africa. English must be the language there. It may seem hard, but it is a sure way and the best way. Nothing but English should be taught, and then the Children would think in English, and act as English children! To make another country’s language compulsory on a nation is certainly a sure way of killing that nation’ (ACS, 3 Bealtaine 1902: 10).

15 Ó thaobh an dlí de, ceanglaíodh scéal na mBórach le hiarrachtaí a bhí ar bun ag an gConradh cearta teanga mhuintir na Gaeltachta a chosaint. I nDeireadh Fómhair 1899, dhiúltaigh an Breitheamh Dane i mBaile an Róba cás Michael Connors a éisteacht as Gaeilge (Uí Chollatáin 2004: 79–80) agus an mhí dar gcionn chuir ‘Conán Maol’ (ACS, 18 Samhain 1899: 1) mianach na mbreithiúna Éireannacha i gcomparáid lena macasamhla Bóracha a bhí sásta páirt ghníomhach a ghlacadh i gcosaint a bpobail:

Dhruid tuarasgóir páipéir i ndiaidh an chatha leis an t-octhar laoch ’na luighe ar ghualainn an chnocáin. Bhí ceann acu ’na bheathaidh acht bhí an bás ag teacht air go tiugh, fear mór breágh do b’eadh é i n-aois a dheich mbliadhan ⁊ trí fichid. Bhí féasóg fhada go caol air. [...] Breitheamh imeasg na mBórach do b’eadh an duine uasal úd, ⁊ féach air annsúd ag fághail bháis le tuitim na hoidhche, ciúineas ⁊ uaigneas ag teacht d’éis fothraim na bruighne. Sólás na glóire dá anam. Féach ar an mbreitheamh Éireannach ⁊ machtnuigh. Féach sprallaire iasachta acu i gCúige Connacht darab ainm Dane ag tabhairt easonóir d’fhear chreideamhnach darab ainm Micheál Ó Conchubhair mar gur thug sé fiadhnuiseacht i dteanga Mheidhbhe ⁊ Bhriain. Féach air adeirim leat ⁊ má tá brígh ionnat cuirfir faobhar ar d’fhiaclaibh.

16 Réimse eile den saol poiblí ina luaití cleachtaí na mBórach a bheith eiseamláireach ab ea cúrsaí polaitíochta. De bharr idéal neamhpholaitiúil an Chonartha, is annamh a bhíodh trácht in ACS ar ghnóthaí na bpáirtithe parlaiminte féin, ach níorbh ionann sin agus a rá nár shíl an Conradh go raibh ról le himirt ag na polaiteoirí gairmiúla san athbheochan (Uí Chollatáin 2004: 86). Níor leasc le Conraitheoirí cáineadh a dhéanamh ar na polaiteoirí a shíl siad a bheith ag déanamh faillí i gcúram na teanga ach oiread agus thug scéal na mBórach deis mhaith dóibh saighdeadh a dhéanamh fúthu arís. Cheistigh scríbhneoir amháin, mar shampla, céard é a bheadh le rá ag Paul Kruger faoin bhfeisire a raibh de Taal ar a thoil aige ach a labhair Béarla amháin ina chuid gnó (ACS, 18 Lúnasa 1900: 8). Rinne scríbhneoir eile móradh ar na Bóraigh as an seasamh daingean a ghlac siad i leith a dteanga féin a úsáid sa pharlaimint. Réitigh sé seo leis an diancháineadh a bhí á dhéanamh in ACS san am céanna ar an tacaíocht phatuar a bhí tugtha ag Léig na nÉireannach Aontaithe do chúis na Gaeilge (ACS, 16 Samhain 1901: 15; ACS, 23 Samhain 1901: 14), agus bhain an scríbhneoir leas as cúpla focal de chuid de Taal fiú agus a mholadh á thabhairt do na Bóraigh aige:

Sin iad na fir a dubhairt le Seághan, nuair d’iarr sé cead an Béarla a labhairt i dteach na feise sul thosuigh an cogadh, onz zal niet, erst met jullie over de taal praaten niet, sé sin le rádh, ní chainteochaidh muid libh ar an teangaidh, ní hé amháin í ligeann isteach nár measg. Ó thús go deireadh, bhíodar chomh muinghineach asta féin gnóthughadh, chomh muinghineach ⁊ dá mbeadh buaidh le feiceáil rómpa aca os a gcomhair (ACS, 9 Samhain 1901: 2).

17 Bhí an dea-eiseamláir seo i ndáil le cosaint a dteanga sa saol poiblí fós á lua san meáin Ghaeilge tar éis do na Bóraigh síocháin a dhéanamh ag Vereeniging ag deireadh mhí na Bealtaine 1902. D’ainneoin go raibh an cath caillte ag na Bóraigh, d’fhéadfadh bolscairí Gaeilge a mhaíomh gur ‘ghnóthuigheadar’ an cogadh toisc gurbh é ‘an chéad choingeall do’n tsíothcháin, teanga dhúthchais na tíre bheith ins na sgoilteachaibh ⁊ ins na tighthibh cúirte’ fad a bhí muintir na hÉireann ‘ag leigean dá dteangaidh dhúthchais imtheacht uatha ar fán le faillighe agus díth-chéille’ (ACS, 28 Meitheamh 1902: 3). Agus a leithéid seo á scríobh, rinneadh bunsoiscéal an Chonartha maidir le tábhacht na teanga don náisiúntacht a dhaingniú arís i meon na léitheoirí, faoi mar a rinne ‘Conán Maol’ cothrom le bliain i ndiaidh dheireadh an chogaidh:

Bhí Laoiseach Botha ag gabháil chomhráidh tá tamall ó shoin ⁊ dubhairt sé gur chaill na Bóraigh a saoirseacht, ‘Acht tar éis sin is eile’, ar seisean, ‘tá ár dteanga dhúthchais againn fós; dá gcaillimís í sin ba thruagh é ár scéal.’ An té do smaoinigh an smaoineamh soin is do chum na focail sin ní’l sé i ndán dó bheith ’na thráill (Banba, Bealtaine 1903: 187).

18 Ní mór a aithint, áfach, gur mhinic a léirigh an tráchtaireacht seo agus an t-ionannú idir an Ghaeilge agus ‘teanga dhúthchais’ na mBórach an easpa feasachta a bhí ag Gaeil ar chúrsaí teanga san Afraic Theas dáiríre. Nocht sí seo fiú sna téarmaí a d’úsáid scríbhneoirí Gaeilge agus iad ag cur síos ar an teanga sin go hinmhalartaithe mar ‘Ollainnis’/‘Dutch’ agus ‘de Taal’/‘an Táil’, gan aon aird a thabhairt ar na difríochtaí tábhachtacha eatarthu ó thaobh staire, stádais agus úsáide de. Ba í an Ollainnis a bhí mar bhunchloch ag de Taal ceart go leor, ach níorbh ionann an dá theanga in aon chor faoi 1899. Ó tugadh an Ollainnis chuig deisceart na hAfraice níos mó ná 250 bliain roimhe sin, bhí teangacha éagsúla dulta go mór i gcion uirthi, lena n-áirítear teangacha Afracacha agus Áiseacha (Roberge 2002: 79; McClintock 1995: 368). Bhí an oiread sin de dhifríochtaí idir de Taal agus an Ollainnis faoi lár an ochtú haois déag go rabhthas ag cur síos orthu mar theangacha éagsúla fiú, agus léirigh na hainmneacha a tugadh ar de Taal gur bhain easpa gradaim léi i súile na nOllainniseoirí: ‘Variously described at the time as geradbraakte/gebroke/ombeskaafde Hollands (“multilated/broken/uncivilized Hollandic”), verkeerde Nederlands (“incorrect Dutch”) and kombuistaal (“kitchen language”)’ (Biberauer 2006: 102). Níor tosaíodh ar de Taal a fhorbairt mar theanga liteartha go dtí na 1870idí nuair a d’fhéach grúpa beag náisiúnaithe as measc na mBórach i dTír na Rinne le ‘caint na ndaoine’ a uaisliú agus aitheantas a fháil di mar theanga mheasúil a bhí neamhspleách ar an Ollainnis – ‘an Afracáinis’ an t-ainm a cheap siad di (Jansen 2017: 340). Níor tugadh aitheantas don Afracáinis mar theanga oifigiúil san Afraic Theas go dtí 1925, áfach, agus idir an dá linn leanadh den Ollainnis a úsáid mar theanga ardaicme agus ardréime sa sféar poiblí, san eaglais agus san oideachas go háirithe (Biberauer 2006: 102). Mar sin bhí idirdhealú tábhachtach á dhéanamh fós tráth an chogaidh idir an teanga ‘íseal’ a labhair na Bóraigh – de Taal – agus an teanga a aithníodh mar theanga oifigiúil i gConradh Síochána Vereeninging in 1902 – an Ollainnis (Reitz 1902: 607). Is cosúil go raibh Gaeil dall ar an idirdhealú sin nuair a bhí siad ag móradh an ‘bhua’ a bhí bainte ag na Bóraigh i dtéarmaí teanga – níorbh í ‘caint na ndaoine’ a bhí i réim in aon chor, ach teanga eile ar fad.

19 Le cois na neamhréireachtaí téarmaíochta sin, nocht an easpa feasachta ar chúrsaí teanga san Afraic Theas san íomhá de theanga na mBórach a bhí á cur os comhair léitheoirí ag scríbhneoirí Gaeilge – más easpa feasachta ba chúis léi in aon chor. San idéalú a rinne siad ar de Taal, agus san ionannú a rinne siad idir í agus an Ghaeilge mar theangacha náisiúnta faoi bhagairt, threisigh scríbhneoirí Gaeilge an nóisean gur bhain de Taal leis na Bóraigh amháin agus gur theanga aonchineálach í a d’aontaigh iad mar náisiún. Ach rinne an léiriú sin neamhiontas den fhírinne gur theanga ileitneach ilchiníoch í de Taal:

Afrikaners had no monolithic identity to begin with, no common historic purpose and no single unifying language. They were a disunited, scattered people, speaking a medley of High Dutch and local dialects, with smatterings of the slave, Nguni and Khoisan languages scorned as the kombuistaal (kitchen-language) of house-servants, slaves and women. Afrikaners therefore had, quite literally, to invent themselves. The new, invented community of the Volk required the conscious creation of a single print-language, a popular press and a literate populace. At the same time, the invention of tradition required a class of cultural brokers and image-makers to do the inventing (McClintock 1995: 368–369).

20 Ghlac Gaeil leis an íomhá idéalaithe seo de de Taal scunscan agus níor aithin siad an stair mheasctha a bhí aici, iad ag géilleadh do bholscaireacht náisiúnaíoch na mBórach féin. Is mór is díol spéise an fhíorstair sin freisin. De réir thuiscintí na linne sin, ba í an teanga a chuirfeadh bonn faoin náisiún. Níor mhór an teanga a choinneáil íonghlan ‘fíor-Ghaelach’ má theastaigh uathu náisiún dlisteanach a chruthú freisin. Cuireadh go tréan i gcoinne an chódmheasctha agus an Bhéarlachais sa Ghaeilge dá réir toisc gur ‘sheacht n-uaire níos measa’ an ‘Ghall-Ghaeilge’ ná an Béarla féin, de réir Uí Chonchubhair: ‘Ní raibh inti ach meascán mearaí de theanga ná aithin Béarlóirí ná Gaeilgeoirí mar theanga cheart, ghléghlan’ (2009: 88). Cár fhág sé seo teanga na mBórach, áfach? Ar theanga ‘cheart, ghléghlan’ í i bhfianaise na staire a bhain léi? Agus ar chóir í a chur i gcomparáid leis an nGaeilge? Níor chuir Gaeil na ceisteanna sin ag an am, ar ndóigh, agus lean siad den ionannú idir an Ghaeilge agus de Taal. Is féidir gur míthuiscintí ar chúrsaí teanga san Afraic Theas ba chúis leis an léiriú idéalaithe róshimplí seo ar theanga na mBórach sa phreas Gaeilge, rud a thacódh le tuairim O’Leary (1994: 81) maidir le mórán scríbhneoirí a bheith aineolach ar na teangacha agus na tíortha a bhíodh á bplé acu go minic. Ach faoi mar atá aitheanta ag Ní Ghearbhuigh i ndáil leis an íomhá den Fhrainc a chothaíodh scríbhneoirí Gaeilge ag an am céanna, d’fhéadfadh sé freisin gur bheartaigh siad an plé ar na ceisteanna ciotacha seo a sheachaint ar mhaithe leis an íomhá de na Bóraigh a theastaigh uathu a theilgean, ‘íomhá a bhí á múnlú acu de réir a gcuid riachtanas féin’ (2013: iv).

An féintuilleamaí eacnamaíochta agus an neamhspleáchas náisiúnta

21 Le cois a gcláir teanga, shaothraigh an Conradh clár eacnamaíochta agus chonacthas dóibh go raibh dlúthcheangal idir an athbheochan chultúrtha agus forbairt thionsclaíoch na tíre. Léirigh sé seo an meon forásach nua-aoiseach a bhí ag athbheochanóirí áirithe a thuig go raibh todhchaí na teanga ag brath ar cheisteanna saolta agus ar dheiseanna fostaíochta a bheith ar fáil do chainteoirí dúchais sa bhaile go háirithe. Ag an am céanna, chuir an Conradh an argóint chun cinn gurbh í an athbheochan chultúrtha is mó a spreagfadh ré nua muiníne, fuinnimh agus beochta sa tír, rud a chuirfeadh bonn faoin athbheochan thionsclaíoch ansin (Mathews 2003: 28; McMahon 2008: 140–145). Nochtadh an meon seo sna chéad eagráin de na nuachtáin Ghaeilge agus tagairt á déanamh iontu do thíortha eile inar tharla athbheochan chultúrtha agus thionsclaíoch in éineacht a chéile (FAL, 8 Eanáir 1898: 1; ACS, 18 Márta 1899: 2, 5). As sin amach, dhírigh scríbhneoirí ar chúrsaí cánach, tráchtála, talmhaíochta, curadóireachta agus táirgiúlachta, cuir i gcás, agus impíodh ar Ghaeil tacú leis an tionsclaíocht bhaile go háirithe mar mhodh chun Éire a dhéanamh féintuilleamaíoch agus neamhspleách (Uí Chollatáin 2004: 84–86; McMahon 2008: 143). Deis a bhí i scéal na mBórach chun an clár seo a chur chun cinn arís eile agus trí lionsa an chogaidh is féidir spléachadh a fháil ar idéil agus feachtais eacnamaíochta a bhí á bhforbairt agus á bplé ag conraitheoirí ag an am, fiú roimh bhunú fhochoistí eacnamaíochta an chumainn i mí Iúil 1902 (McMahon 2008: 145; Walsh 2010: 78).

22 Roinnt míonna roimh thús an chogaidh, rinne Donnchadh Pléimionn móradh ar na Bóraigh as an gcáin mhór a bhí á gearradh acu ar na Uitlanders sa Transbháil, agus as an airgead a úsáid ansin chun ‘gunnaí ⁊ púdar den tsaghas is fearr’ a cheannach. Bhí sé tuillte ag na Sasanaigh, dar leis, ‘go mbeadh gléas a dtreasgartha, téad a gcrochta, [agus] ádhbhar a sgriosta dá sholáthar ag a gcomh-dhúthchasaibh féin.’ Chuir sé an suíomh sin i gcodarsnacht le hÉirinn ansin, mar a raibh na daoine ‘ag soláthar cána do Riaghaltas Sasana [agus] a gcuid airgid dá chaitheamh ar inneallaibh cogaidh chum iad féin do chonghbháil síos’ (FAL, 1 Iúil 1899: 2). Phléigh an Pléimionnach cúrsaí cánach agus dleachta i gcomhthéacs an chogaidh freisin, é ag áitiú ar léitheoirí go raibh siad féin ‘ag díol as an gcogadh’ ar na Bóraigh i ngan fhios dóibh trí earraí áirithe a cheannach, an t-alcól agus an tobac go háirithe (FAL, 10 Márta 1900: 1). Thug ‘Conán Maol’ aghaidh ar cheisteanna eacnamaíochta in ACS agus é ag scríobh faoin gcúbláil a rinne na Sasanaigh agus na Meiriceánaigh ar phraghsanna tráchtearraí (10 Samhain 1900: 1). Bhí sé seo chun aimhleas na náisiún beag amhail Éire agus na poblachtaí Bóracha, dar leis, agus mhol sé do Ghaeil tacú leis an tionsclaíocht bhaile chun iad féin a chosaint ar an éagóir sin.

23 Ba í an aird sheasta a bhí ‘Conán Maol’ a thabhairt ar an gcogadh a spreag díospóireacht bhríomhar faoi thodhchaí an náisiúin in ACS i dtosach 1901. Nochtadh le linn na díospóireachta sin freisin nach raibh conraitheoirí ar aon tuairim faoi bhunidéal eacnamaíochta an Chonartha, is é sin, go raibh an neamhspleáchas cultúrtha ina réamhriachtanas ag an neamhspleáchas eacnamaíochta agus polaitiúil (Ó Conchubhair 2009: 36–41). Agus é ag gearán faoin mbéim seo ar chúrsaí thar lear seachas ar chúrsaí baile, d’áitigh ‘Fearghus Finn-Bhéil’ / Diarmuid Ó Foghludha (ACS, 12 Eanáir 1901: 1) gurbh amaideach an mhaise do Ghaeil tacú leis na Bóraigh toisc go mbeadh treascairt na Sasanach tubaisteach dóibh. Ba é ba chúis leis sin ná go raibh Éire ceangailte go dlúth le Sasana, faoi mar a bheadh bád ceangailte le long, agus ‘dá mbeadh Sasana ’s a brígh ’s a cómhachta gá cur fá loch amárach go súighfeadh sí Éire síos le na cois.’ Ní go maith a thaitin an tuairim sin le ‘Conán Maol’, a chuir in iúl gur chion ar Shasana ba bhunús leis an neamhshuim a chuir ‘Fearghus’ sna Bóraigh (ACS, 19 Eanáir 1901: 1). Nocht scríbhneoir eile, ‘Cnú Deireoil’ (ACS, 26 Eanáir 1901: 3), an luí a bhí aige le náisiúnachas na láimhe láidre agus eiseamláir mhíleata na mBórach á moladh aige go háirithe mar bhealach chun Éire a shaoradh luath seachas mall. Mar fhreagra air sin ar fad, d’áitigh ‘Fearghus’ (ACS, 2 Feabhra 1901: 1) go raibh todhchaí na tíre ag brath ar an bhféintuilleamaí eacnamaíochta agus cultúrtha in éineacht, seachas ar an bpolaitíocht. Tharraing sé féin ar eiseamláir na mBórach ina dhiaidh sin freisin chun a chuid tuairimí a chur in iúl. Thug sé le fios go raibh na Bóraigh féintuilleamaíoch ar fad agus ‘[nach] baoghal dóibh gan a ndóthain de mhin bhuidhe ⁊ d’fheoil úr a bheith acu dá mbeadh na Sasanaigh an fhaid eile ag creachadh ⁊ ag cosgairt.’ Níorbh amhlaidh an scéal do na Gaeil, dar leis, a tháirg níos lú cruithneachta in 1900 ná mar a tháirg siad sa bhliain dhubh féin 1847 (ACS, 23 Márta 1901: 1).

24 Chuir Art Ó Gríofa a ladar isteach sa díospóireacht seo freisin. Bhí seal caite ag an nGríofach sa Transbháil roimh an gcogadh. Ar theacht ar ais dó thacaigh sé go mór leis na Bóraigh ina nuachtán féin, United Irishman (UI feasta), agus mar chuid dá ghníomhartha le Coiste Transbháile na hÉireann, an cumann a bhunaigh sé in 1899 d’fhonn cúis na mBórach a chur chun cinn (McCracken 1989; 1999). Ghlac an Gríofach col leis an tuairim a nocht ‘Fearghus’ i leith na mBórach agus leis an nóisean go raibh Éire ceangailte go dlúth le Sasana, agus d’áitigh sé gur mhór an masla é do 90% de léitheoirí ACS a leithéid a chur i gcló toisc iad a bheith ina náisiúnaigh dhílse. Shíl sé gurbh fhearr i bhfad d’Éirinn é dá mbuafadh na Bóraigh ar Shasana, mar d’fhágfadh sé sin an neamhspleáchas aici: ‘[and] there is not an example in all history of a country having suffered by gaining its independence’ (UI, 9 Feabhra 1901: 2). Fiú dá gciallódh treascairt na Sasanach go bhfágfaí Éire faoi riail ceann de na cumhachtaí eile ansin, mhaígh sé gurbh fhearr leis sin do mhuintir na hÉireann agus nár ghá ach spléachadh a thabhairt ar na huafáis a bhí á ndéanamh ag na Sasanaigh san Afraic Theas chun fírinne a ráitis a thuiscint. I ndeireadh an ailt, thapaigh an Gríofach an deis sonc amháin eile a thabhairt don Chonradh i dtaobh a mbeartais neamhpholaitiúil nuair a mhol sé go bhfágfaí an plé ar chúrsaí polaitíochta fúthu sin a raibh tuiscint cheart acu orthu:

It is to be hoped that the Editor of the Claidheamh Soluis will ponder on these matters, and not allow any more stuff into its pages like what has already appeared. The resuscitation of our national language is a noble work. Every Irishman should support it, and help those who are working at it. But it should be remembered that it is the national idea, and it alone, can make the resuscitation of the Irish language a real success. Those who, on account of their position as government employees, cannot express national ideas, should have the decency to hold their tongues about political matters. They can do good work for the language ... without airing their politics; but the less control they have in the Gaelic League the better it will be for it (UI, 9 Feabhra 1901: 2).

25 Nocht an t-allagar seo an teannas idé-eolaíoch arbh ann dó i gcónaí idir an Gríofach agus Coiste Gnótha an Chonartha i ndáil le ról an chumainn teanga sa ghluaiseacht náisiúnaíoch níos leithne. Ní raibh an Ghaeilge go maith ag an nGríofach riamh ach thug sé spás in UI don phlé ar chúrsaí teanga agus ghlac sé páirt in obair na bhfochoistí eacnamaíochta freisin (Laffan 2016: 56; McMahon 2008: 145). Chonacthas dó mar sin féin gur thug an Conradh an iomarca airde ar cheisteanna cultúrtha acadúla seachas ar chúrsaí praiticiúla saolta, amhail an eacnamaíocht agus an pholaitíocht. Ní raibh sa mhana No language, no nation ach frása agus frása amháin, dar leis, agus mhaígh sé nár ghá ach féachaint ar na Stáit Aontaithe chun a chruthúnas sin a fheiceáil (UI, 15 Márta 1902: 3).

26 Ghlac sé breis agus mí sula ndearna Eoin Mac Néill cosaint ar na tuairimí a bhí nochta ag ‘Fearghus’ ina bhunalt. Dar le Mac Néill gurbh fhíric dhoshéanta é go raibh ‘greim an fhir bháidhte’ ag Éirinn ar Shasana ag an am agus go raibh sí ag brath go hiomlán ar Shasana ‘for intellectual food and clothing, fire and light and shelter.’ Rinne sé bunfhealsúnacht eacnamaíochta an Chonartha a athdhearbhú ansin, ‘that national intellectual self-reliance is the best guarantee, if not the absolute essential of national economic self-reliance.’ Níor ghlac Mac Néill leis ach oiread gur mhasla do léitheoirí ACS é an méid a scríobh ‘Fearghus’ agus dheimhnigh sé gur pholasaí de chuid a nuachtáin é gan ábhar a bhí ‘repugnant to the principles of our readers’ a fhoilsiú (ACS, 23 Márta 1901: 7). Ba léir, áfach, go raibh conraitheoirí eile ar aon tuairim leis an nGríofach maidir leis an tsaoirse pholaitiúil a bheith níos práinní ná an athbheochan chultúrtha. Ina measc sin bhí ‘Cnú Deireoil’, a thagair do na Bóraigh agus é ag maíomh gur ghá dóibh Sasana a bhá sula mbeadh neamhspleáchas ag Éirinn: ‘Báithfear Seán Buidhe ⁊ snámhfaidh Páidín. [...] Greim an fhir bháidhte, is é thachtas an fear snámha. Is ag an mBúrach bocht atá an greim sin ar Sheán ⁊ ní againne’ (ACS, 30 Márta 1901: 3). Bhí siar agus aniar ann ar feadh roinnt seachtainí ina dhiaidh sin agus scríbhneoirí éagsúla ag cáineadh ‘Fhearghuis’ nó ag tacú leis. Fágadh focal deiridh na díospóireachta faoi ‘Chonán Maol’ mar sin féin, é ag impí ar Ghaeil eiseamláir na mBórach maidir leis an bhféintuilleamaí eacnamaíochta agus cultúrtha a leanúint má theastaigh uathu a bheith saor riamh: ‘Pé olc maith linn é támuid ag brath ar an luing ⁊ dá mbiadh an Bórach ’sa chruth céadna ní bhiadh an fuadar bainte as Seághan aige mar atá’ (ACS, 27 Aibreán 1901: 1).

Slua Beag Feirmeoirí

27 Ba ghné lárnach den phlé ar an gcogadh san Afraic Theas i nuachtáin na hÉireann trí chéile é an t-idéalú a rinneadh ar na Bóraigh mar phobal Críostúil tuathánach, rud a chothaigh an-dáimh leo i measc ghnáthmhuintir na tíre (McCracken 2003: 43). Réitigh an léiriú seo go deas le móitíf an tréadachais a bhí tagtha chun cinn mar ghné den náisiúnachas cultúrtha in Éirinn agus a bhí le sonrú go háirithe i reitric Chonradh na Gaeilge, a rinne rómánsú ar iarthar na hÉireann mar áit a raibh na ‘fíor-Ghaeil’ ag maireachtáil de réir a ndúchais fós (Nelson 2012: 143; Leersen 1995: 143; Ó Torna 2005: 23). Ba fhreagra é an meon rómánsach seo ar an imní fin-de-siècle go raibh deireadh ré ag teacht agus go raibh ciníocha daonna, pobail náisiúnta agus cultúir dhúchais i mbaol a ndíothaithe. De réir thuiscintí na hathbheochana, d’fhéadfaí cur i gcoinne an díothaithe agus neart, beocht agus fuinneamh an chine a athbheochan ach filleadh ar na tréithe cultúrtha orgánacha ba bhunús leo (Ó Conchubhair 2009: 66). I súile a lucht tacaíochta, bhí an neart, an bheocht agus an fuinneamh seo le fáil i measc na mBórach mar phobal a bhí teann ar a ndúchas agus a modhanna maireachtála traidisiúnta a chosaint ar fhórsaí nua-aoisithe na himpireachta (Ó Conchubhair 2009: 57). Bhí an t-idéalú seo le brath go láidir ar fhocail Eoghain Uí Neachtain san aiste a scríobh sé faoi na Bóraigh le haghaidh IG, aiste a bhí bunaithe ar sheal a chaith sé sa Transbháil roimh an gcogadh:

Is iad na Búra na daoine ag a bhfuil ordlámh ar an dtír sin, ⁊ ann a dteangaidh-san is Búr (Boer) do thugaidh feilmeoir. Cheapfadh duine gur aisteach, simplidhe, b’éidir cealgach na daoine iad na Búra, acht is iongantach spioradamhail atáid, ⁊ is mór a ngrádh ar an tsaorsacht. Do bheidheadh saorsacht aca cia bé áit ann a mbeidís, ⁊ is uime sin do throideadar ⁊ do shíor-throideadar ar a son, ionnus gur díbrigheadh ⁊ gur sgaipeadh iad isteach ar dhruim sléibhte an fhásaigh ar feadh fiche ceud míle. Is dócha gur mar gheall ar an anró ⁊ an easbaidh d’fhulaingeadar de ghnáth ar an mbealach so atáid i gcomhnuidhe gabhtha leis an tsean-stáid sean-nósach atá d’fhiacaibh orra a chleachtadh, ⁊ úsáid do dhéanamh de gach nidh a castar orra. [...] Gidh go ndeunann cogadh athrúiteacha cumasacha i ndaoinibh go hiondamhail, ní dóigh liom go ndeunfadh sé aon athrughadh mór i mbeusaibh ná i n-imtheacht na bhfeilmeoiridhe símplidhe neimh-spleádhach so. [...] Tá siad sásta leis an ngunna, an bíobla ⁊ an baile (Ó Neachtain 1900: 500).

28 Bhí rian láidir de choincheap rómánsach an noble savage le sonrú san aiste seo, is é sin, ‘idéal an tuathánaigh a raibh simplíocht, diagacht, nádúrthacht agus uaisleacht ann ó dhúchas’ (Ó Torna 2005: 22). Bhí an t-idéalú céanna le haithint sna cuntais iomadúla sa phreas Gaeilge inar léiríodh na Bóraigh mar ‘feirmeoirí simplí’ a bhí beag beann ar ábharachas an tsaoil nua-aoisigh thionsclaíoch. B’ionann seo ar mhórán bealaí agus an íomhá rómánsach a chothaigh athbheochanóirí áirithe den Ghael idéalach mar ‘íomhá scátháin ar dhrochthionchar na hiasachta’ agus mar thobar dúchais ba ghá a chosaint (Ó Torna 2005: 146). Dá ‘shimplí’ na feirmeoirí iad na Bóraigh, chruthaigh a lucht tacaíochta nárbh aon bhrúideanna iad ach oiread. Léirigh siad na Bóraigh mar phobal náisiúnta éirimiúil a raibh a rialtas agus a bparlaimint féin acu, a bhí féintuilleamaíoch ar fad agus a raibh saighdiúirí agus uirlisí cogaidh acu nach raibh a sárú le fáil ar domhan. Cuireadh leis an íomhá seo tríd an teanga a d’úsáid scríbhneoirí chun cur síos a dhéanamh ar a gcleasa cogaidh, iad ag ceapadh téarmaí agus nathanna nua chuige sin fiú (Nic Pháidín 1998: 100). Ar an gcaoi seo, d’fhéadfadh idir fhorásóirí agus dúchasóirí sa Chonradh sásamh a fháil ó scéal na mBórach. San aon am amháin, bhí siad ina bpobal náisiúnta nua-aoiseach féintuilleamaíoch agus ina bpobal orgánach tréadach a bhí meáite ar an oidhreacht a thug dlisteanacht dóibh mar náisiún a chosaint: ‘a small nation of poor peasants setting itself to protect from the rich flood-tide of a rival civilisation the treasures of its traditions and the signs of its life and genius’ (ACS, 25 Eanáir 1902: 10).

Mar a chuaigh Cogadh na mBórach chun sochair don Chonradh

29 Is ríléir gur tháinig scríbhneoirí Gaeilge i dtír ar an gcogadh san Afraic Theas d’fhonn a n-idéil agus a n-aidhmeanna féin a chur chun cinn ar bhonn seiftiúil éifeachtach. Ba chliste an mhaise seo dóibh freisin óir ba é Cogadh na mBórach an scéal nuachta ba mhó ar domhan lena linn agus bhí ‘Boer fever’ ag baint do mhuintir na hÉireann go háirithe (McCracken 2003: 35). Chuaigh sé seo i gcion ar phobal na Gaeilge freisin. Tá léargas ar an dúshuim a chuir siad i gcúrsaí san Afraic Theas le fáil ón gcuntas a rinne ‘Máire’ / Séamus Ó Grianna ar an tréimhse seo in Nuair a Bhí Mé Óg, agus é ag tabhairt le fios ‘[nach] rabhthas ag caint ar a dhath i Rinn na Feirste ach ar an chogadh’ (1979: 151–152). Ba mhaith a thuig ‘Conán Maol’ (ACS, 13 Eanáir 1900: 1) an t-éileamh seo chomh maith nuair a mhaígh sé i mí Eanáir 1900 gurbh éigean dó scríobh faoi na Bóraigh dá mba mhian leis go ndíolfaí cóip ar bith dá nuachtán; an mhí dar gcionn, nocht sé an tuairim nár léigh an chuid is mó de phobal na Gaeilge ‘pioc acht tuairisg an chogaidh’ (ACS, 17 Feabhra 1900: 1). Tá fianaise ann a thacaíonn leis na tuairimí sin. Agus é ag cuimhneamh siar ar na colúin a scríobh ‘Conán Maol’ faoin gcogadh, thug Muiris Ó Droighneáin chun cuimhne go mbíodh ‘airc ar na sean-Ghaedhilgeoirí chun na nuachta san gach deire seachtaine’ (1936: 12). Sna nótaí ó na craobhacha a foilsíodh in ACS, bhíodh trácht mionrialta freisin ar an taitneamh a bhí á bhaint ag na baill as na colúin chogaidh. Dhéantaí na scéalta a léamh os ard agus a aistriú i mórán de na craobhacha agus luadh go sonrach i gcuid de na nótaí gur spreag an cleachtas seo níos mó díobh chun an nuachtán a cheannach (Billings 2021: 228–229).

30 Chuaigh an t-éileamh seo chun sochair do chiorclaíocht ACS agus tháinig méadú seasta ar an díol i rith an chogaidh, rud a bhí fíorthábhachtach maidir le cúinsí airgeadais an Chonartha agus maidir leis an aidhm a bhí acu an preas a úsáid chun pobal mór léitheoireachta Gaeilge a chruthú (ACS, 11 Lúnasa 1900: 8; Uí Chollatáin 2004: 23). Bhí an tionchar dearfach tobann a bhí ag an gCogadh ar ACS le feiceáil roinnt seachtainí i ndiaidh thús na coimhlinte fiú, faoi mar is léir i miontuairiscí an Choiste Gnótha:

The manager of An Claidheamh Soluis reported that during the past five weeks the circulation of the paper had increased 300. Advertisements which in no 33 were worth about 11s 6d were now worth about £4:1:3 (estimates), and next week would be worth £4:15:0 (Conradh na Gaeilge, 5 Nollaig 1899).

31 Lean an borradh ar aghaidh i rith na bliana 1900 ina dhiaidh sin nuair a d’fhás an chiorclaíocht ‘ó thart fá 1900 go 2700 cóip in aghaidh na seachtaine’ (Uí Chollatáin 2004: 29). Faoi Aibreán 1901 ‘cláraíodh ciorclaíocht an nuachtáin ag 3200 cóip’ in aghaidh na seachtaine, méid is ionann agus thart faoi 166,400 cóip in aghaidh na bliana (Uí Chollatáin 2004: 29). I ndeireadh 1901, agus arís i dtosach 1902, beartaíodh cur le líon na leathanach in ACS ar ócáidí ‘owing to the increasing demands on its columns’ (Uí Chollatáin 2004: 258). Is fíor gur lean an borradh ar aghaidh i ndiaidh an chogaidh – tháinig méadú 50% ar an gciorclaíocht arís le linn 1903 mar thoradh ar eagarthóireacht an Phiarsaigh, agus díoladh 174,044 chóip le linn 1904 – ach thosaigh an díolachán ag laghdú go suntasach nach mór gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 1912 (Uí Chollatáin 2004: 29). Ar an iomlán, mar sin, bhí blianta an chogaidh ar na cinn ba rathúla ag ACS lena linn ar fad (Tábla 1).

Tábla 1: ciorclaíocht ACS 1900–1912 (feic Uí Chollatáin 2004: 27–31, 258–266)

BliainCiorclaíocht
1900ca. 140,400*
1901ca. 166,400*
1904174,044
1905152,152
1906158,756
1907125,840
1908130,936
1909113,984
1910110,396
1911102,492
1912104,809
*bunaithe ar an díol seachtainiúil

32 Léirigh an chiorclaíocht mhéadaithe seo an flosc nua fuinnimh a bhí tagtha isteach sa Chonradh ag an am céanna. De réir Clery (1919: 402), scaip an ghluaiseacht ar nós ‘prairie fire’ ag casadh an chéid agus d’aithin an Coiste Gnótha (ACS, 3 Samhain 1900: 8) gur ghníomhaí agus gur dhíograisí na craobhacha i rith 1900 ná riamh roimhe sin. Bhí sé seo ag teacht leis an méadú suntasach sciobtha a tháinig ar líon na gcraobhacha sa tréimhse chéanna:

After expanding modestly between 1893 and 1899 (when there were only 80 total branches at the time of the Oireachtas), the League quintupled in size by 1902 and continued to grow, albeit at a slower pace, between 1903 and 1908 (McMahon 2008: 88).

33 De réir Foster (1988: 488), ba é Cogadh na mBórach ba mhó ba chúis leis an bhfás seo agus d’aithin Dubhglas de hÍde (1918: 2) deathionchar an chogaidh maidir le baill a mhealladh agus beocht nua a chothú sa chumann nuair a chuir sé síos air mar ‘the first public happening since the foundation of the G[aelic] League to give a real impetus to the language movement.’ Dealraíonn sé nárbh ann don fhuinneamh céanna i measc na mball i ndiaidh an chogaidh. Thug cuairteoir ar Stad na nGaedhilgeoirí, ‘Brícíní’ (An Stad III: 143), le fios i nDeireadh Fómhair 1903 go raibh an ‘fuinneamh ⁊ neart imthighthe as Connradh na Gaedhilge’ le tuairim agus dhá bhliain roimhe sin, agus aithníodh an meath céanna in Banba an mhí dar gcionn:

In spite of the constant multiplication of branches, or rather, perhaps, as a result of it, there is at present a lull in Gaelic League work the like of which we have not noticed in Dublin for the past couple of years at least (Nollaig 1903: 293).

34 Is amhlaidh gur lean na craobhacha ag méadú go mór i ndiaidh an chogaidh, ag dul ó 400 in 1902 suas go 964 faoi dheireadh 1906, agus bhí 671 craobh fós ar an bhfód in Éirinn in 1908 (McMahon 2008: 88). B’ionann na blianta seo agus buaicphointe an Chonartha ó thaobh líon na mball de, ach is den suntas é gur lú an t-éileamh ar ACS i rith na tréimhse sin 1906–1908 ná mar a bhí sé i rith bhlianta an chogaidh. Ar an iomlán, is cosúil gur bhain deireadh an chogaidh cuid den ghaoth de sheolta an Chonartha, rud a d’aithin W.B. Yeats i ndáil leis an saol náisiúnta trí chéile ag an am: ‘when all thought of a general revolution had vanished from the minds of the people, the interest in Irish history and romance which it [the Boer War] had sustained also flagged’ (Foster 1997: 278).

35 Cén éifeacht, áfach, a bhí ag an gcogadh ar bhunmhisean an Chonartha, is é sin, chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn in Éirinn? Aithníonn Ó Conchubhair (2009: 20) gur bhain tábhacht ollmhór leis an gcogadh san Afraic Theas maidir le daoine a spreagadh chun suim a chur sa teanga, rud a réiteodh leis an mborradh a tháinig faoin gConradh ag an am. Ní hionann suim sa teanga agus í a labhairt, áfach. Áitíonn McMahon (2008: 217–218) gurbh é an meon a bhí ag an gcuid is mó den phobal i leith na hathbheochana teanga ná go raibh siad sásta cúpla focal a fhoghlaim agus tacú le feachtais agus féilte an Chonartha gan dul i ngleic le foghlaim na teanga riamh. Níorbh ionann sin agus a rá nár ghlac siad inspioráid phearsanta thábhachtach ón athbheochan, áfach, agus chreid siad go raibh páirt ghníomhach á glacadh acu i gcaomhnú na teanga fós. Ach filleadh ar Mhórshiúl na Gaeilge 1902, agus ar thrácht a rinneadh air sa Telegraph, is féidir léargas an-mhaith a fháil ar an meon seo a bheith beo beathach i measc conraitheoirí ag an am:

It is true that most of the processionists spoke Irish very imperfectly, or not at all – but what of that? […] Here we have the youth of Dublin turning out in their thousands to show the world that they have a new hope and a new aim (luaite in Dunne 1902: 81).

Conclúid

36 Ba é a mhaígh Pádraig Mac Suibhne i mí Feabhra 1902 ná go raibh ‘cogadh na dteangan ag dul ar aghaidh ar fuid an domhain ... [agus] na náisiúin mhóra ag iarraidh teangaidhe na náisiún mbeaga do mhúchadh ⁊ do chur as’ (ACS, 1 Feabhra 1902: 1). Ba iad na Bóraigh a bhí sa chéad líne den chogadh sin i dtosach an fichiú haois agus d’fhág siad a lorg ar chuid mhór den ábhar a foilsíodh in ACS agus FAL dá bharr. De réir chomhaireamh an taighdeora seo, foilsíodh ar a laghad 230 alt sa dá nuachtán Ghaeilge sin idir 1899 agus 1902 ina raibh trácht ar chúrsaí san Afraic Theas ar bhealach amháin nó eile. Ní d’fhonn léitheoirí a chur ar an eolas is déanaí ón bhfronta a bhí na scéalta seo á scríobh, ach rinne scríbhneoirí idéalú seiftiúil ar na Bóraigh agus bhain siad leas as cúrsaí san Afraic Theas chun soiscéal an Chonartha a chur chun cinn agus léitheoirí a spreagadh chun gnímh. Is é atá sa tráchtaireacht ar Chogadh na mBórach sa phreas Gaeilge dá réir ná eiseamláir éifeachtach den idirghníomhaíocht thraschoilíneach fhrithimpiriúil. De réir Boehmer (2002: 12), tugann a leithéid seo scríbhneoireachta an tuiscint do phobail choilínithe go bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh ó phobail eile atá ag troid i gcoinne na n-éagóirí céanna, rud a chothaíonn muinín agus cumhacht nua iontu. Bhí an mhuinín agus an chumhacht sin le haithint ar Chonradh na Gaeilge i rith Chogadh na mBórach, gan amhras. Chuidigh scéal an chogaidh go mór leis an gConradh aird níos leithne a tharraingt ar a gcuid feachtas, tuilleadh cóipeanna dá nuachtáin a dhíol agus baill nua a mhealladh isteach go díreach san am a raibh sé ag fás as cuimse agus ag teacht in inmhe mar chumann mórthionchair ríthábhachtach ar bhonn náisiúnta.

Saothair a ceadaíodh

Íomhá

Dunne, J.P. (1902) ‘Weekly Independent, Account of Parade’. In: JP Dunne ’98 Centenary Album, NLI MS 5181/92. In: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Ailt i nuachtáin

An Claidheamh Soluis (1899) ‘Earraidhe na hÉireann’. In: An Claidheamh Soluis, 18 Márta 1899: 2.

An Claidheamh Soluis (1899) ‘Irish Industries’. In: An Claidheamh Soluis, 18 Márta 1899: 5.

An Claidheamh Soluis (1899) ‘Notes’. In: An Claidheamh Soluis, 30 Meán Fómhair 1899: 8; 2 Meitheamh 1900: 8; 3 Samhain 1900: 8; 16 Samhain 1901: 8; 7 Nollaig 1901: 8; 25 Eanáir 1902: 10; 3 Bealtaine 1902: 10.

An Claidheamh Soluis (1900) ‘Strengthen the Weak Points’. In: An Claidheamh Soluis, 11 Lúnasa 1900: 8.

An Claidheamh Soluis (1900) ‘Irish at Public Meetings’. In: An Claidheamh Soluis, 18 Lúnasa 1900: 8.

An Claidheamh Soluis (1900) ‘The Elections’. In: An Claidheamh Soluis, 29 Meán Fómhair 1900: 6.

An Claidheamh Soluis (1901) ‘An Long ’s an Bád’. In: An Claidheamh Soluis, 26 Eanáir 1901: 3.

An Claidheamh Soluis (1901) ‘An Cogadh’. In: An Claidheamh Soluis, 9 Samhain 1901: 2.

An Claidheamh Soluis (1901) ‘Do Chum ár Muinntire Féin’. In: An Claidheamh Soluis, 16 Samhain 1901: 6.

An Claidheamh Soluis (1901) ‘The Gaelic League’s Public Policy’. In: An Claidheamh Soluis, 16 Samhain 1901: 6.

An Claidheamh Soluis (1901) ‘The Anglicising League in Donegal’. In: An Claidheamh Soluis, 16 Samhain 1901: 15.

An Claidheamh Soluis (1901) ‘The Anti-Irish Conspiracy in Donegal’. In: An Claidheamh Soluis, 23 Samhain 1901: 14.

An Claidheamh Soluis (1902) ‘Baile Átha Cliath na nGaedheal!’. In: An Claidheamh Soluis, 22 Márta 1902: 10.

An Claidheamh Soluis (1902) ‘Craobh i mBaile a’ Mhuilinn’. In: An Claidheamh Soluis, 28 Meitheamh 1902: 3.

‘Cnú Deireoil’ (1901) ‘Greim an Fhir Bháidhte’. In: An Claidheamh Soluis, 30 Márta 1901: 3.

Fáinne an Lae (1898) ‘Extract from Prospectus of Fáinne an Lae’. In: Fáinne an Lae, 8 Eanáir 1898.

Fáinne an Lae (1898) ‘Sinn Féin’. In: Fáinne an Lae, 8 Eanáir 1898: 1.

Fáinne an Lae (1899) ‘News of the Movement: Meeting at Carrigaholt’. In: Fáinne an Lae, 18 Samhain 1899: 7.

Fáinne an Lae (1900) ‘Gaelic in Bootle’. In: Fáinne an Lae, 10 Feabhra 1900: 6.

Fáinne an Lae (1900) ‘As others see us’. In: Fáinne an Lae, 31 Márta 1900: 6.

Fáinne an Lae (1900) ‘Celticism in America’. In: Fáinne an Lae, 9 Meitheamh 1900: 6.

Freeman’s Journal (1902) ‘Editorial: Yesterday in Dublin’. In: Freeman’s Journal, 17 March 1902: 4.

Freeman’s Journal (1902) ‘Irish Language’. In: Freeman’s Journal, 17 March 1902: 5.

Irish Daily Independent (1902) ‘An Irish Ireland’. In: Irish Daily Independent, 17 March 1902: 5.

Irisleabhar na Gaedhilge (1893) ‘The Gaelic League’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 4.47. Samhain 1893: 226–229.

Irisleabhar na Gaedhilge (1897) ‘Fáinne an Lae’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 8.91. Samhain 1897: 1.

Irisleabhar na Gaedhilge (1899) ‘An Claidheamh Soluis’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 9.105. Márta 1899: 333.

Mac Néill, E. (1901) ‘Greim an Fhir Bháidhte’. In: An Claidheamh Soluis, 23 Márta 1901: 7.

Mac Suibhne, P. (1902) ‘Teanga na bPólach’. In: An Claidheamh Soluis, 1 Feabhra 1902: 1.

Ó Foghludha, D. / ‘Fearghus Finn-Bhéil’ (1901) ‘Éire’. In: An Claidheamh Soluis, 12 Eanáir 1901, 1; ACS, 23 Márta 1901: 1.

Ó Foghludha, D. / ‘Fearghus Finn-Bhéil’ (1901) ‘An Long ‘s an Bád’. In: An Claidheamh Soluis, 2 Feabhra 1901: 1.

Ó Gríofa, A. (1901) ‘Could Ireland Exist without England?’. In: United Irishman, 9 Feabhra 1901: 2.

Ó Gríofa, A. (1902) ‘Language and Other Things’. In: United Irishman, 15 Márta 1902: 3.

Ó Neachtain, E. (1900) ‘An Coigríoch Tar Sáile’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 10.115: 497–503.

Ó Neachtain, E. (1902) ‘Notes’. In: An Claidheamh Soluis, 29 Samhain 1902: 10.

Ó Séaghdha, P. / ‘Conán Maol’ (1899) ‘Tar Lear’. In: An Claidheamh Soluis, 18 Samhain 1899: 1; 25 Samhain 1899: 1; 6 Eanáir 1900: 1; 13 Eanáir 1900: 1; 17 Feabhra 1900: 1; 28 Iúil 1900: 1; 1 Meán Fómhair 1900: 1; 10 Samhain 1900: 1; 8 Nollaig 1900: 1; 19 Eanáir 1901: 1; 27 Aibreán 1901: 1.

Ó Séaghdha, P. / ‘Conán Maol’ (1903) ‘Indé is Indiu’. In: Banba 5.2. Bealtaine 1903: 187.

Pléimionn, D. (1899) ‘Tar Sáile’. In: Fáinne an Lae, 1 Iúil 1899: 2; 23 Nollaig 1899: 1; 3 Feabhra 1900: 1; 24 Feabhra 1900: 2; 3 Márta 1900: 1; 10 Márta 1900: 1.

Ábhar Cartlainne

An Stad (1903) Leabhair Sínithe Stad na nGaedhilgeoirí III. 29 Deireadh Fómhair 1903. In: Leabharlann Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.

Conradh na Gaeilge (1899) Miontuairiscí Choiste Gnótha Chonradh na Gaeilge 1899–1902, NLI MS9800, 5 Nollaig 1899. In: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath.

de hÍde, D. (1918) Cuimhní Cinn — bosca 2, rannóg 4. In: Cnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Dunne, J.P. (1902) ‘Telegraph Comment’. In: JP Dunne ’98 Centenary Album, NLI MS 5181/81. In: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Foinsí Clóite

Biberauer, T. (2006) ‘Afrikaans’. In: Brown, K. (eag.) Encyclopedia of Language & Linguistics. Oxford: Elsevier: 102–106.

Billings, C. (2020) ‘“Can the Irishman not take a lesson from the Boer?”: The Gaelic League Ideal and the Boer War (1899–1902)’. In: Australasian Journal of Irish Studies 20: 38–58.

Billings, C. (2021) ‘Cogadh na mBórach agus an Pholaitíocht Fhorbartha Náisiúnach i gConradh na Gaeilge’. In: Éigse 41: 213–235.

Boehmer, E. (2002) Empire, The National and the Postcolonial 1890–1920: Resistance in Interaction. Oxford: Oxford University Press.

Clery, A.E. (1919) ‘The Gaelic League, 1893–1919’. In: Studies: An Irish Quarterly Review 8(31): 398–408.

de hÍde, D. (1899) A Literary History of Ireland: From Earliest Times to the Present Day. London: T. Fisher Unwin.

Foster, R.F. (1988) Modern Ireland 1600–1972. London: Allen Lane.

Foster, R.F. (1997) W.B. Yeats: A Life. 1: The apprentice mage, 1865–1914. Oxford: Oxford University Press.

Grey, The Earl (1900) ‘England and the Transvaal’. In: The North American Review 170 (518): 9–24.

Jansen, E. (2017) ‘Afrikaans: A Language on the Move’. In: Gosselink, M., Holtrop, M. agus Ross, R. (eag.) Good Hope: South Africa and the Netherlands from 1600. Amsterdam: Vantilt Publishers: 335–343.

Kelly, M. (2018) ‘Radical Nationalisms, 1882–1916’. In: Bartlett, T. (eag.) Cambridge History of Ireland Volume 4: 1880 to the Present. Cambridge: Cambridge University Press: 33–61.

Kuitenbrouwer, V. (2012) War of Words: Dutch Pro-Boer Propaganda and the South African War. Amsterdam: Amsterdam University Press.

Laffan, M. (2016) ‘Arthur Griffith’. In: Biagini, E. agus Mulhall, D. (eag.) The Shaping of Modern Ireland: A Centenary Assessment. Dublin: Irish Academic Press: 52–61.

Leersen, J. (1995) ‘Language Revivalism before the Twilight’. In: Leersen, J., van der Weel, A. agus Westerveel, B. (eag.) Forging in the Smithy: National Identity and Representation in Anglo-Irish History. Amserdam: Rodopi: 133–144.

Mathews, P.J. (2003) Revival: the Abbey Theatre, Sinn Féin, the Gaelic League and the Co-Operative Movement. Cork: Cork University Press.

McCarthy, J. (1883) ‘The Irish Peasantry’. In: Longman’s Magazine 1 (4): 392–408.

McClintock, A. (1995) Imperial Leather: Race, Gender, and Sexuality in the Colonial Contest. London: Routledge.

McCracken, D.P. (1989) The Irish Pro-Boers, 1877–1902. Michigan: Perkskor.

McCracken, D.P. (1999) MacBride’s Brigade: Irish Commandoes in the Anglo-Boer War. Dublin: Four Courts Press.

McCracken, D.P. (2003) Forgotten Protest: Ireland and the Anglo-Boer War. Belfast: Ulster Historical Foundation.

McMahon, T.G. (2008) Grand Opportunity: The Gaelic Revival and Irish Society 1893–1910. Syracuse: Syracuse University Press.

Nelson, B. (2012) Irish Nationalists and the Making of the Irish Race. New Jersey: Princeton University Press.

Nic Pháidín, C. (1998) Fáinne an Lae agus an Athbheochan 1898–1900. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ní Ghearbhuigh, A. (2013) An Fhrainc Iathghlas? Tionchar na Fraince ar Athbheochan na Gaeilge, 1893–1922. Tráchtas PhD neamhfhoilsithe: Ollscoil na hÉireann, Gaillimhe.

Nowlan, K. (1972) ‘The Gaelic League and Other National Movements’. In: Ó Tuama, S. (eag.) The Gaelic League Idea. Corcaigh: Mercier Press: 40–51.

Ó Buachalla, S. (1984) ‘Educational Policy and the Role of the Irish Language from 1831–1981’. In: European Journal of Education 19(1): 75–92.

O’Halpin, E. (2018) ‘Endword: Ireland looking outwards, 1880–2016’. In: Bartlett, T. (eag). Cambridge History of Ireland Volume 4: 1880 to the Present. Cambridge: Cambridge University Press: 809–838.

Ó Grianna, S. / ‘Máire’ (1979) Nuair a Bhí Mé Óg. Corcaigh: Mercier.

Ó Conchubhair, B. (2009) Fin de Siècle na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa. Gaillimh: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Droighneáin, M. (1936) Taighde i gComhair Stair Litridheachta na Nua-Ghaeihilge ó 1882 anuas. Baile Átha Cliath: Oifig Dhíolta Foillseachán Rialtais.

O’Leary, P. (1994) The Prose Literature of the Gaelic Revival: Ideology and Innovation 1881–1921. Philadephia: Penn State University Press.

Ó Torna, C. (2005) Cruthú na Gaeltachta 1893–1922: Samhlú agus Buanú Chonstráid na Gaeltachta i rith na hAthbheochana. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Pakenham, T. (1982) The Boer War. London: MacDonald & Co.

Reitz, F.W. (1902) ‘Is it peace?’. In: The North American Review 175 (552): 607–612.

Roberge, P.T. (2002) ‘Afrikaans: Considering Origins’. In: Mesthrie, R. (eag.) Language in South Africa. Cambridge: Cambridge University Press.

Walsh, J. (2010) Contests and Contexts: The Irish Language and Ireland’s Socio-Economic Development. Oxford: Peter Lang.

Uí Chollatáin, R. (2004) An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae. Baile Átha Cliath: Cois Life.

van Niekerk, G. (2015) ‘Multilingualism in South African Courts: The Legislative Regulation of Language in the Cape during the Nineteenth Century’. In: Fundamina 21(2): 372–391.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626