An tSochtheangeolaíocht: Taighde agus Gníomh

Tadhg Ó hIfearnáin (eag.)

Cois Life (2019) | 289 lch | ISBN: 978-1-907494-89-5 | €20

1 Cé gur léirmheas ar An tSochtheangeolaíocht: Taighde agus Gníomh (2019) atá á chur i láthair anseo agam níor mhiste foilseachán tábhachtach eile a tháinig roimhe a thabhairt isteach sa scéal chomh maith, is é sin An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc (Ó hIfearnáin agus Ní Neachtain 2012), mar go bhfuil dlúthbhaint ag an dá shaothar seo lena chéile. Ba thráthúil go maith a tháinig Feidhm agus Tuairisc amach in 2012, nó sular foilsíodh é seo níorbh ann d’aon fhoilseachán údarásach i nGaeilge a dhírigh ar mhic léinn ollscoile agus a shoiléirigh ‘ceisteanna teoirice, cúlra agus cur chuige na sochtheangeolaíochta mar dhisciplín idirnáisiúnta léinn agus cás na Gaeilge agus lucht a labhartha mar eiseamláir agus mar sprioc acu’ (2012: réamhrá). Dá bhféadfaí, mar sin, caitheamh le Feidhm agus Tuairisc mar bhuntreoir agus soiléiriú do lucht léinn na Gaeilge ar na gnéithe ba thábhachtaí i ndisciplín comhaimseartha na sochtheangeolaíochta, d’fhéadfaí caitheamh leis an dara foilseachán seo Taighde agus Gníomh (2019) mar shaothar a eascraíonn go nádúrtha as sin, ar léiriú úrnua iad aistí an leabhair ar an taighde scolártha atá á dhéanamh sna réimsí éagsúla den tsochtheangeolaíocht le déanaí chun breis treorach agus spreagtha a thabhairt do lucht léinn na sochtheangeolaíochta le Gaeilge.

2 Is ar na dóigheanna éagsúla le taighde sochtheangeolaíochta a dhéanamh ‘ar chaint agus ar phobail thraidisiúnta agus iarthraidisiúnta na Gaeilge’ (2019: xi) is mó a leagtar béim san fhoilseachán seo, ‘ag tarraingt ar mhodheolaíochtaí éagsúla ón tsochtheangeolaíocht chomhaimseartha agus stairiúil’ (2019: xi) mar bhunchloch. Is éard atá in Taighde agus Gníomh aon cheann déag d’aistí le Tadhg Ó hIfearnáin (an t‑eagarthóir), Máire Ní Neachtáin, Siobhán Ní Laoire, Noel Ó Murchadha, Peadar Ó Muircheartaigh, Iarfhlaith Watson, Helena Ní Ghearáin, John Walsh, Eoghan Mac Éinrí, Muiris Ó Laoire, agus Pádraig Ó Duibhir agus Laoise Ní Thuairisg, in éineacht le réamhrá ginearálta, cuntais ghairide ar na húdair féin, agus innéacs. Ó tharlaíonn go bpléann gach aiste sa leabhar le sainghné ar leith den taighde sochtheangeolaíochta, nach mór, nó le cur i ngníomh an taighde sin, níor mhiste plé a dhéanamh ar gach caibidil acu faoi seach.

3 I gCaibidil 1, ‘Beartas teanga agus pleanáil teanga’, pléann Tadhg Ó hIfearnáin le ‘stair na pleanála teanga mar dhisciplín acadúil agus mar ghníomh feidhmiúil’ (2019: 1). Ábhar maith machnaimh atá sa choincheap féin, agus teacht i dtreis léann na pleanála teanga i gcomhthéacs lár an chéid seo caite nuair a bhíothas ag téarnamh ón Dara Cogadh Domhanda (2019: 1). Míníonn an t‑údar gur eascair saincheisteanna sochaí agus teangeolaíochta amach as an tréimhse seo i ndiaidh an chogaidh, nó bhí gá le réiteach a fháil ar fhadhbanna teangeolaíochta na mionlach agus deacrachtaí lucht labhartha na mionteangacha sna stáit nua neamhspleácha ar fud an domhain a bhíodh faoi smacht ag cumhachtaí eile roimhe, agus sna seanstáit féin chomh maith. As an chomhthéacs seo a tháinig coincheap na pleanála teanga chun cinn; ‘bhí na teangacha go ginearálta le bheith ina spriocanna do bheartais phoiblí’ (2019: 2). Tugtar léargas an-luachmhar ar chás roinnt teangacha, taighdeoirí mór le rá i réimse na sochtheangeolaíochta agus a gcuid saothar féin, chomh maith le feidhm na hoibre úd sa bheartas teanga. Léirítear an chodarsnacht idir cás na Gaeilge agus cás na dteangacha eile agus lucht a labhartha. An rud is luachmhaire ar fad, b’fhéidir, don té a chuireann spéis i saol reatha agus i dtodhchaí na Gaeilge, ná go soiléiríonn Ó hIfearnáin an buneolas teoiriciúil agus eiseamláirí domhanda de i gcomhthéacs na hÉireann, na Gaeltachta agus na Gaeilge féin síos tríd an chaibidil. Cuirfidh an méid sin soiléiriú agus treoir ar fáil don mhac léinn nó don ghníomhaí teanga faoina bhfuil ar bun ag lucht deartha an bheartais teanga agus taighde reatha in Éirinn, agus ar cheisteanna móra i leith na Gaeilge agus na pleanála teanga faoi láthair.

4 Pléann Máire Ní Neachtáin an dátheangachas agus an t‑ilteangachas i gCaibidil 2, ‘An pobal urlabhra agus an t‑ilteangachas’. Dar liomsa go bhféadfaí an aiste seo a léamh mar léirbhreithniú éifeachtach ar an obair scolártha atá ar bun faoi láthair i gcomhthéacs na bpobal urlabhra éagsúla in Éirinn. Sa léirbhreithniú seo tá léargas soléite ar a chasta atá feiniméin an dátheangachais agus an ilteangachais ar fud an domhain agus déanann an t‑údar téarmaíocht chasta an réimse seo a dhíphacáil i gcomhthéacs an duine aonair, na sochaí, agus an riaracháin agus an rialtais. Mínítear agus pléitear cad is sealbhú teanga ann, débhéascna, an t‑idirdhealú idir na cineálacha éagsúla dátheangachais atá ann (m.sh., an dátheangachas cothrománach vs an dátheangachas ingearach vs an dátheangachas trasnánach) agus cuirtear na gnéithe seo ar fad i gcomhthéacs na Gaeltachta agus na gceantar uirbeach in Éirinn chomh maith. Intreoir an-bhreá ar an dátheangachas agus ar an ilteangachas atá sa chaibidil seo don mhac léinn le Gaeilge, nó don speisialtóir teanga, mar go gcuirtear plé ar chreatlacha teoiriciúla stairiúla agus taighde ábhartha comhaimseartha ar fáil san áit chéanna.

5 ‘Códmhalartú, códmheascadh agus trasteangú: Teangacha i dteagmháil’ le Siobhán Ní Laoire an tríú caibidil. Léiríonn an t‑údar a shuntasaí, agus a nádúrtha, atá na gnéithe seo sa chaint — an códmhalartú, an códmheascadh agus an trasteangú — ag dátheangaigh agus ilteangaigh an domhain. Is fiú don mhac léinn ar spéis leis/léi taighde éifeachtach a dhéanamh ar chaint bheo na Gaeltachta an feiniméan seo a thuigbheáil mar is ceart. Is amhlaidh nach ‘Gaeilge lochtach’ atá sa chódmheascadh (2019: 68), ach nuair a chloistear a leithéid ‘misseálfaidh muid go mór é, really(2019: 52) is minic a mheastar a mhalairt i measc phobail éagsúla na teanga. Míníonn an t‑údar gur próiseas an-nádúrtha agus an-chasta é a tharlaíonn nuair a bhíonn teangacha i dteagmháil lena chéile ar feadh i bhfad, agus nár ghá gur leisciúlacht, droch-Ghaeilge ná creimeadh teanga ba chúis leis. Scagann Ní Laoire an téarmaíocht a théann leis an tsainréimse seo agus tuigbheáil an phobail uirthi siúd, agus léiríonn sí taighde idirnáisiúnta a bhaineann leis na feiniméin seo mar aon le léiriú a thabhairt i gcomhthéacs phríomhtheangacha na hÉireann. Tagraítear sa chaibidil seo do roinnt ceisteanna maithe taighde ó thaobh an chódmhalartaithe de nár freagraíodh go fóill, chomh maith, rud a d’fhéadfadh a bheith mar thúsphointe luachmhar ag taighdeoirí nua sa réimse seo.

6 Tugann Noel Ó Murchadha faoi ‘An aird ar an éagsúlacht teanga, an daonteangeolaíocht agus canúintí na Gaeilge’ i gCaibidil 4. Ní raibh aon chur amach agamsa roimhe ar an daonteangeolaíocht (folk linguistics) mar choincheap, ach dar liom gur réimse spéisiúil taighde é mar go bpléann sé leis na dearcthaí éagsúla a bhíonn ag gnáthdhaoine — seachas ag speisialtóirí — ar an éagsúlacht teanga, lena gcleachtann gnáthdhaoine ina leith sin, agus leis an tábhacht atá leis an bhreithiúnas sin; ‘tá easnamh mór ar an eolas daonna ar shaincheisteanna sochtheangeolaíochta má thugtar neamhaird ar léargas agus ar bhreithiúnas an phobail ar an éagsúlacht teanga’ (2019: 80). Sa teangeolaíocht, ar ndóigh, déantar iniúchadh eolaíoch ar na foirmeacha a fhaightear sa teanga sin, ach sa daonteangeolaíocht agus san éagsúlacht teanga is i meon na ngnáthdhaoine ar an éagsúlacht úd is mó a chuirtear spéis (2019: 81). Is minic a bhíonn bunús idé-eolaíoch nó polaitiúil i gceist le dearcthaí an ghnáthphobail ar an éagsúlacht teanga, rud a phléann Ó Murchadha i gcomhthéacs na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hiar-Ghaeltachta, chomh maith leis an ghradam a bhaineann le saghsanna éagsúla Gaeilge thar shaghsanna eile. Tá an-luach sa chaibidil seo don taighdeoir ar spéis leis/léi an daonghné seo den tsochtheangeolaíocht in Éirinn mar ní hamháin go dtugtar léargas cuimsitheach anseo ar thaighde stairiúil ar an éagsúlacht teanga agus ar mheon na ndaoine ina leith, ach tugtar léargas fosta ar thaighde comhaimseartha atá á dhéanamh sa réimse seo ag an údar féin agus ag scoláirí eile i gcomhthéacs na hÉireann sa lá atá inniu ann.

7 Sa chúigiú caibidil, ‘An tsochtheangeolaíocht stairiúil’, déanann Peadar Ó Muircheartaigh iniúchadh ar milieu na sochtheangeolaíochta Gaeilge ó luathstair na teanga go dtí an lá inniu. Sonraíonn an t‑údar nach mbíonn an oiread sin béime á cur ar an bhrainse seo den tsochtheangeolaíocht agus a bhíonn ar bhrainsí eile; ‘toisc cúinsí reatha na Gaeilge agus na Gaeltachta, is minic nach samhlaítear an tsochtheangeolaíocht ach le Gaeilge na linne seo, leis an bpleanáil teanga nó leis an iompú teanga ó Ghaeilge go Béarla’ agus ‘[go ndéantar] dearmad uaireanta gur daoine daonna a bhí i lucht labhartha agus scríofa na Gaeilge san am a caitheadh’ (2019: 109). Is léir go bhfuil fiúntas agus tairbhe chomh mór céanna le taighde a dhéanamh ar an tsochtheangeolaíocht stairiúil, taobh leis an tsochtheangeolaíocht chomhaimseartha agus leis an teangeolaíocht féin, mar ‘[gur] féidir leis an tsochtheangeolaíocht stairiúil léargas eile a chur ar fáil’ (2019: 109), is é sin go bhféadfaí léargas ní ba chruinne a bhaint amach i dtaobh fhorbairt stairiúil na teanga agus lucht a labhartha, ach fianaise stairiúil ó gach brainse den léann seo a chur le chéile. Tá ábhar an-leitheadach ar fáil sa chaibidil seo le cur i bhfeidhm na sochtheangeolaíochta stairiúla a chomhthéacsú; pléitear ina measc an tSean-Ghaeilge agus a laghad atá le sonrú ón tréimhse sin ó thaobh na héagsúlachta canúna de, teangacha eile agus lucht a labhartha a bheith i dteagmháil le cainteoirí Gaeilge, comhfhreagras i nGaeilge na hAlban, agus an prós cráifeach. Tugann Ó Muircheartaigh an-léargas ar thaighde atá á dhéanamh aige ar chineálacha éagsúla teanga a bheith i dteagmháil lena chéile, contact varieties, gné nach bhfuil mórán taighde déanta uirthi go fóill i measc chainteoirí dúchais Gaeilge. Léiríonn sé a chuid oibre féin ar chanúint Ghaeilge Acla (Co. Mhaigh Eo), stair phobal a labhartha agus an teagmháil stairiúil le Gaeilge Uladh, agus foirmiú nua-chanúna de bharr na teagmhála sin. Is cinnte go gcuirfidh idir chanúineolaithe, staraithe, shochtheangeolaithe agus theangeolaithe spéis ar leith san ábhar seo.

8 I gCaibidil 6, ‘Féiniúlacht agus teanga’ le hIarfhlaith Watson, cíorann an t‑údar castacht na ceiste ‘cad is brí le bheith i do dhuine daonna?’ (2019: 152) i gcomhthéacs na féiniúlachta, an náisiúin, na teanga agus na sochtheangeolaíochta. Tá dhá roinn ar leith i gceist leis an chaibidil seo; pléitear i dtús ‘roinnt de choincheapa ábhartha’ na féiniúlachta — ‘machnaím, agus dá bhrí sin is ann dom(2019: 134) — agus mínítear roinnt de na creatlacha teoiriciúla agus na díospóireachtaí a bhaineann leo siúd. Tá lorg láidir léann na fealsúnachta le sonrú sa chéad chuid den chaibidil. Soiléiríonn an t‑údar na ceangail atá idir an fhéiniúlacht aonair, an náisiún, agus feiniméin an iltíreachais agus an ilchultúrachais. Ar ndóigh, tá baint thábhachtach ag cúrsaí teanga leis na gnéithe seo ar fad, don duine aonair agus do phobail labhartha na dteangacha araon, agus tugann Watson cuntas soléite anseo ar an dioscúrsa leathan a bhaineann leis. Sa dara cuid léiríonn an t‑údar an fhéiniúlacht i gcomhthéacs stairiúil na hÉireann agus ról na Gaeilge sa chomhthéacs úd roimh shaothrú an neamhspleáchais don Phoblacht, i rith na tréimhse sin, agus sa lá atá inniu ann. Dírítear ar choincheap an náisiúin agus ‘na heilimintí as a gcomhdhéantar “náisiúin”’. Pléitear cás na hÉireann agus ról na Gaeilge sa chomhthéacs sin síos tríd agus ardaíonn an t‑údar roinnt ceisteanna faoin ábhar seo atá le freagairt go fóill, ceisteanna ar díol spéise iad do thaighdeoirí nua, ní hamháin don lucht acadúil, ach do thaighdeoirí a oibríonn in earnáil na pleanála teanga chomh maith.

9 Sa seachtú caibidil, ‘Caighdeán, caighdeánú agus cumhacht’, déanann Helena Ní Ghearáin cíoradh ar shaincheisteanna éagsúla a bhaineann le leaganacha caighdeánaithe de theangacha, le próiseas an chaighdeánaithe féin, agus leis an ghradam, an idé-eolaíocht, agus an fheidhm a bhaineann leis seo ar fad i measc lucht a labhartha agus lucht a riartha. Ó thaobh chaighdeánú na Gaeilge de, is fiú a lua gur mó a dhírítear sa phlé seo ar an teanga scríofa seachas an teanga labhartha; rud nach luaitear, mar shampla, ná an ‘Lárchanúint’ agus na hiarrachtaí a rinneadh sna 1980idí chun canúint chaighdeánaithe a chur chun cinn le haghaidh na teanga labhartha. D’fhéadfaí a mhaoímh gur cuid lárnach de shaol comhaimseartha na Gaeilge An Caighdeán Oifigiúil lena samhlaítear gradam agus stádas go minic, agus is amhlaidh gur ‘bunchloch de chuid na sochtheangeolaíochta […] nach mar a chéile leaganacha éagsúla teanga; go meastar leaganacha áirithe a bheith níos fearr, níos cirte, nó níos luachmhaire i gcomhthéacsanna ar leith nó níos oiriúnaí d’fheidhmeanna áirithe cumarsáide’ (2019: 155). Léiríonn an t‑údar na céimeanna a bhaineann le próiseas an chaighdeánaithe teanga féin i gcoitinne (roghnú, códú, leathnú feidhme, cur i bhfeidhm), agus pléann sí feidhm agus tionchar an Chaighdeáin Oifigiúil i gcomhthéacs phobal na Gaeilge agus na gcanúintí éagsúla, go háirithe sa nua-aois dhéanach.

10 Díríonn John Walsh ar choincheapa stairiúla agus comhaimseartha na Gaeltachta san ochtú caibidil, ‘Sainiú na Gaeltachta: Pobail, ceantair agus líonraí’. Tá tuigbheáil ar leith i ndiaidh éirí aníos in aigne an phobail den Ghaeltacht mar spás geografach agus teangeolaíochta ó bhunú an stáit, ach ‘[g]o stairiúil in Éirinn, samhlaíodh an téarma “Gaeltacht” le cainteoirí Gaeilge agus le dálaí cultúrtha agus polaitiúla seachas le críocha tíreolaíochta amháin’ (2019: 187). Is éard atá sa chaibidil seo cur síos luachmhar ar shainiú na Gaeltachta, go háirithe sa nua-aois dhéanach, ar shaothar Choimisiún na Gaeltachta agus Ordú na Limistéirí Gaeltachta (agus téarmaí achrannacha mar ‘an fhíor-Ghaeltacht’ agus ‘an bhreac-Ghaeltacht’), agus ar na Líonraí Gaeilge, Limistéirí Pleanála Teanga agus Bailte Seirbhíse Gaeltachta, rudaí a d’eascair as Acht na Gaeltachta 2012. Déantar plé fiúntach ar ‘choincheapa eile den Ghaeltacht’ sa chaibidil chomh maith, lena n‑áirítear rath Ghaeltacht Bhóthar Seoighe in iarthar Bhéal Feirste, mar shampla. Lena chois sin tugann Walsh léiriú ar an taighde sochtheangeolaíochta atá déanta ar chaint na Gaeltachta agus ar na nuachainteoirí Gaeilge, araon. Is amhlaidh a athraíonn an Ghaeltacht de shíor, ní hamháin mar spás fisiciúil, ach mar limistéar daonna, teanga agus cultúrtha, agus cuireann ábhar na caibidle seo go mór leis an dioscúrsa ar a bhfuil i gceist leis an Ghaeltacht anois, í ina ceantar tíreolaíoch agus ina spás coincheapúil ilsrathach san am céanna.

11 Baineann na trí chaibidil dheireanacha sa leabhar leis an Ghaeilge in earnáil an oideachais, thuaidh agus theas. I gCaibidil 9, ‘An Ghaeilge sa chóras oideachais i dTuaisceart Éireann’, tugann Eoghan Mac Éinrí cuntas mionsonraithe ar an riocht ina bhfuil an Ghaeilge i gcóras oideachais an tuaiscirt. Is amhlaidh gur timpeallacht ar leith atá sa scolaíocht ó thuaidh, timpeallacht ar macasamhail í go minic den tsochaí dheighilte i gcoitinne lena samhlaítear na deacrachtaí seanbhunaithe céanna ó thaobh creidimh agus féiniúlachta de. D’fhéadfaí a shamhlú gan mórán stró go mbíonn an Ghaeilge ina cnámh spáirne ag dreamanna áirithe sa timpeallacht seo, agus go mbíonn saincheisteanna ar leith ann don teanga fiú sa lá atá inniu ann. Is minic a chuireann Mac Éinrí an plé sa chaibidil seo i gcomhthéacs theagasc na nuatheangacha ar fad i scoileanna an tuaiscirt, mar ‘murab ionann agus Poblacht na hÉireann, aithnítear an Ghaeilge mar Nuatheanga […] i gcóras oideachais TÉ’ (2019: 214), seachas mar theanga oifigiúil, agus tugann an comhtheacsú seo léargas breise ar na treochtaí atá ag titim amach i bhfoghlaim teangacha ag na heochairchéimeanna éagsúla sa chóras oideachais. Tá rannóga eile sa chaibidil seo a thugann spléachadh ar an Ghaeloideachas, ar dhaltaí nuathagtha ó thíortha agus ó chultúir eile sa chóras oideachais, agus ar mhúineadh na dteangacha ar leibhéal na bunscoile. Is amhlaidh, chomh maith, a léiríonn an t‑údar ról na Gaeilge i gcomhthéacs na ngnéithe sin thuas agus an tionchar a bhíonn aige seo ar fad ar chúrsaí ó thuaidh go ginearálta.

12 Is ar ‘An Ghaeilge sa chóras oideachais: Pleanáil sealbhaithe agus curaclam’ a dhíríonn Muiris Ó Laoire i gCaibidil 10. Murab ionann agus áit na Gaeilge sa chóras oideachais ó thuaidh, mar a pléadh sa chaibidil roimhe, tá ról ar leith ag an Ghaeilge sa chóras oideachais ó dheas mar theanga oifigiúil an stáit. Is léir go raibh dlúthbhaint ag teagasc na Gaeilge leis an phleanáil teanga agus leis an athbheochan ó bhunú an stáit i leith; míníonn Ó Laoire ‘[nach] mór sealbhú, seachas foghlaim na sprioctheanga a dheimhniú sa seomra ranga trí úsáid a bhaint as na modhanna is éifeachtaí’ (2019: 244), gné ‘ar a dtugtar an phleanáil sealbhaithe’ (2019: 243). Istigh sna chéad rannóga den chaibidil seo, a dhíríonn ar an Ghaeilge sa chóras oideachais ó bhunú an stáit go dtí lár an fichiú haois, tá plé ar stair theagasc na teanga sa tréimhse sin, ar an tionchar a bhí ag cuspóirí Chonradh na Gaeilge ar an scolaíocht dá réir sin, agus ar úsáid an mhodha dhírigh i dteagasc na Gaeilge sna bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Pléitear cur chuige na modhanna closamhairc a tháinig isteach i dteagasc na Gaeilge sna 1960idí, an curaclam cumarsáide sna 1980idí agus sna 1990idí ina raibh ‘an bhéim ar fheidhmeanna úsáide na teanga i réimsí iomadúla an phobail teanga’ (2019: 252) agus an curaclam comhtháite teangacha a tháinig ann in 2015, rud a dhéanann ‘comhtháthú idir an Ghaeilge agus an Béarla in aon churaclam teanga amháin do gach páiste i ngach comhthéacs scoile’ (2019: 253). Tá plé an-luachmhar ann, chomh maith, ar an easpa siollabais a bhí sa chóras oideachas go dtí le fíordhéanaí do pháistí ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge ar fud an stáit, agus ar thábhacht an tumoideachais i gcomhthéacs na pleanála sealbhaithe.

13 I gcaibidil dheireanach an leabhair seo, ‘An tumoideachas agus soláthar cainteoirí nua’ le Pádraig Ó Duibhir agus Laoise Ní Thuairisg, leantar den phlé ar fheidhm agus éifeachtacht an tumoideachais agus an sprioc atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge dlús a chur le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge faoin bhliain 2030. Cíorann údair na caibidle seo dearcadh na ndaltaí gaelscoile agus a dtuismitheoirí ó thaobh úsáid na Gaeilge de, agus cuireann siad anailís agus torthaí taighde i láthair a bhaineann leis sin. In ainneoin na gceisteanna móra atá le freagairt go fóill faoina bhfuil i ndán don Ghaeilge mar theanga laethúil, léiríonn torthaí an taighde seo dearcadh thar a bheith dearfach ar an teanga ag daltaí gaelscoile agus inniúlacht mhaith labhartha acu, ach ‘is dúshlán ollmhór é go fóill an cumas sin a aistriú go húsáid’ (2019: 279). Déantar trácht fiúntach chomh maith ar an scéal faoi mar atá sé taobh amuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta, mar ‘is beag atá déanta go fóill lasmuigh den Ghaeltacht chun pobail lán-Ghaeilge a chothú’ (2019: 279) diomaite de na pobail sin in iarthar Bhéal Feirste, i gCarn Tóchair agus Na Gaeil Óga CLG i mBaile Átha Cliath (2019: 279). Pléitear noirm theanga i measc daltaí gaelscoile taobh istigh agus taobh amuigh den chlós scoile agus an nasc a d’fhéadfadh a bheith ann idir labhairt na Gaeilge dóibh agus daoine údarásacha a bheith i láthair (múinteoirí, mar shampla). Ina dhiaidh sin ar fad tugann na húdair moltaí faoin dóigh a bhféadfaí deiseanna a chur ar fáil don phobal chun labhairt na Gaeilge a ghríosú ní ba mhinice taobh amuigh de chomhthéacs na scoile, agus an ról lárnach atá ag an phleanáil teanga chun sin a chur i ngníomh. Tarraingíonn an t‑ábhar seo aird ar a phráinní atá sé iompar teanga na gcainteoirí nua a thuigbheáil agus a mheas más mian linn deimhin a dhéanamh d’fheidhmiúlacht na Gaeilge agus tacú léi mar theanga laethúil san am atá le teacht.

14 Is cnuasach luachmhar ilchineálach é An tSochtheangeolaíocht: Taighde agus Gníomh d’aistí Gaeilge a dhíríonn ar ghnéithe ar leith de léann na sochtheangeolaíochta, léann a bhfuil béim níos mó á cur air le tamall anuas in Éirinn ó thaobh na Gaeilge de go háirithe. Tugann an foilseachán seo léargas ar na modheolaíochtaí stairiúla agus comhaimseartha a bhaineann leis an disciplín sin, agus éiríonn leis an leabhar achoimre bhreá ar an taighde reatha sa réimse a chur ar fáil do phobal iomlán na Gaeilge. Is léir gur mian leis na húdair scoláirí eile a spreagadh chun gnímh fosta, agus dar liom go gcuirfidh ábhar leitheadach na gcaibidlí seo go mór leis an dioscúrsa reatha i measc speisialtóirí agus mac léinn, ní hamháin ar léann na sochtheangeolaíochta féin, ach ar fholláine agus ar thodhchaí na Gaeilge mar theanga laethúil chomh maith.

John Tracey

Ollscoil na Banríona Béal Feirste

Saothair a ceadaíodh

Ó hIfearnáin, T. (eag.) (2019) An tSochtheangeolaíocht: Taighde agus Gníomh. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Ó hIfearnáin, T. agus Ní Neachtáin, M. (eag.) (2012) An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2022.
ISSN: 2009-8626