Gallán an Ghúim: Caidreamh an Stáit le Scríbhneoirí na Gaeilge: Máirtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna agus Seán Tóibín

Gearóidín Uí Laighléis

Coiscéim (2017) | clúdach bog, xvi + 348 lch | ISBN: 10: 6660012170326; 13: 6660012170326 | €12

1 Cuntas tuairisciúil stairiúil ar bhunú an Ghúim agus ar chaidreamh triúr scríbhneoirí leis an eagraíocht sin atá sa leabhar taighde seo ó Choiscéim. Mar ba dhual do mhonagraf a bhfuil leabhair an Ghúim mar ábhar aige, is breá agus is toirtiúil an leabhar é a bhfuil 348 leathanach ann agus a thugann léargas cuimsitheach ar stair agus ar straitéisí foilsithe na heagraíochta. Tá an t‑údar, an Dr Gearóidín Uí Laighléis, iomlán mícheart agus míchruinn, áfach, nuair a deir sí nach nochtann a cuid taighde ach ‘cúinne beag’ de stair ghabhlánach an Ghúim. Seo an anailís agus an mionscrúdú is fearr agus is mine dá bhfuil foilsithe faoin nGúm. Ní minic a fhoilsítear leabhar a chruthaíonn gur ‘beo ar mhiotas atáimid leis na blianta fada’ (x). Is dána an ráiteas é a rá nach bhfuil i gcuid mhaith den tráchtaireacht a bhíonn ar bun ag scoláirí agus iad ag cáineadh an Ghúim ach iad ‘ag déanamh macalla clichéúil ar a chéile agus ar na scríbhneoirí thuasluaite’ (279) (Ayant péché moi aussi, je me trouve parmi les coupables). An mó leabhar a chuireann iallach ar scoláirí athmhachnamh a dhéanamh ar bhuntuiscintí dá gcuid faoi ghné lárnach den ghort léinn? Is leabhar den chineál sin é Gallán an Ghúim.

2 Athraíonn an leabhar seo ár dtuiscint ar an nGúm go hiomlán; soláthraítear anseo eolas nua beathaisnéise, tugtar cúlra agus stair cuid de na leabhair mhóra agus déantar mionanailís ar chur chuige aistritheoirí. Is beag leabhar a dhéanann a leithéid sin. Ba bhotún é, dar leis an údar, a cheapadh go raibh aon intinn amháin ag an nGúm. D’fhás an Gúm as an idirphlé leanúnach idir saineolaithe a raibh an oiread éagsúlachtaí eatarthu agus a bhí idir na scríbhneoirí féin, a bhí go minic in earraid leo (85). Tugann an leabhar iontach seo sárléargas cuimsitheach soléite dúinn ar an idirphlé leanúnach sin agus ar éagsúlachtaí an Ghúim, idir mhaith agus olc.

3 Tá obair na gcapall curtha i gcrích ag an nGúm ó bunaíodh é agus is léir sin go háirithe le tamall de bhlianta anuas. Cuimhnigh ar fheabhas na leabhar — maidir le hábhar, dearcadh, cur i láthair agus slacht de — a d’fhoilsigh an Gúm le déanaí: Gluaiseacht (Alan Titley); An Fear a Chuireadh Crainn (Jean Giono/Antain Mac Lochlainn); Amsterdam (Éamonn Ó Ruanaí); Úbalonga (Áine Ní Ghlinn); An Saor Cloiche Míshona (Charlotte Guilain); Drubal (Maolíosa Ní Chléirigh) agus Cén Fáth a mBím ag Broimneach? (Thomas Kingsley Troupe) gan trácht ar athfhoilsiú na gclasaiceach: leagan nua de Dracula (Maolmhaodhóg Ó Ruairc); An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (aistriúchán nua le hAntain Mac Lochlainn); Pádhraic Mháire Bhán (Seán Ó Ruadháin) agus Seanchas na Féinne (Niall Ó Dónaill). Ach in ainneoin na hoibre sin idir fhoilseacháin, aistriúcháin, thaighde ar stair na heagraíochta féin (agus bhí comhdháil den scoth ann a bhfuil a himeachtaí ar fáil) maireann na scéalta agus na hachasáin cháiliúla. Mar a deir an t‑údar: ‘Glacadh gan cheist gur chun aimhleasa na scríbhneoireachta ba ea an Gúm riamh anall. Bhí an drochscéal sin amuigh ar an scéim a thionscnaigh siad de bharr na polaitíochta agus de bharr an tseasaimh a bhí ag scríbhneoirí…’ (ix). Ba chuid de bhéaloideas na Gaeilge na scéalta seo agus ipso facto, b’fhíor iad, ach ‘tharlódh nach raibh an ceart ag Máirtín Ó Cadhain, ná ag Seosamh Mac Grianna. Tharlódh gur beo ar mhiotas atáimid leis na blianta fada’ (x).

4 Sa leabhar seo roghnaíodh triúr údar — Máirtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna agus Seán Tóibín — agus rinneadh mionscrúdú orthu agus ar a gcaidreamh leis an nGúm le solas a chaitheamh ar mhodh oibre, ar thuiscint agus ar fhealsúnacht an Ghúim. Dá bharr sin, aimsíodh eolas luachmhar faoin triúr scríbhneoirí úd agus faoi thuiscint na linne maidir le dea-stíl na Gaeilge, le caighdeán na Gaeilge, le moráltacht agus le meon na linne. Is fiú go mór d’aon duine ar spéis leis nó léi saothar an Chadhnaigh nó saothar Mhic Grianna, an leabhar seo a chíoradh go mion. Tá go leor anseo atá nua agus nár tugadh chun solais roimhe seo. D’fhéadfaí ceist a chur cén fáth nár roghnaíodh údar mná ar bith ach ceist shuarach shimplí a bheadh ina leithéid nuair a chuimhnítear ar theirce na mban — scéal ann féin — a d’fhoilsigh ábhar leis an nGúm. Cosnaíonn an t‑údar í féin go ciallmhar, go macánta agus go hionraic ar an gceist seo (xi). Mura mbeadh ach an réamhrá agus Caibidil 1 agus 2 (70 leathanach) sa leabhar seo, bheadh leabhar breá ann agus cleite eile ina sciathán ag Gearóidín Uí Laighléis, scoláire a d’fhoilsigh Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge (Cois Life 2003), monagraf léannta eile. Is i gCaibidil 3, 4 agus 5 a fheictear toradh an taighde cartlainne, tar éis don taighdeoir a bheith ag póirseáil agus ag fiach sna comhaid sa Chartlann Náisiúnta ar Shráid an Easpaig. Agus a bhfuil de mhioneolas agus eolas nua sa leabhar seo, is díol trua é nach bhfuil innéacs cuimsitheach ag dul leis mar is cinnte go gcabhródh a leithéid le scoláirí amach anseo agus go gcuirfeadh se le luach an leabhair. Ina ainneoin sin, tá Innéacs na bPríomhphearsanra ann agus cé gur maith ann é, is trua easpa an innéacs thraidisiúnta. Ach is mionlocht é sin. Is iontach mar a chuirtear litreacha ó údair éagsúla agus ó eagarthóirí éagsúla ar fáil ar chúl an leabhair agus is mór an t‑ábhar spéise iad na 55 litir don ghnáthléitheoir agus don speisialtóir araon. Is í breith an údair gur ‘dual go mbeadh teannas idir an scríbhneoir cruthaitheach agus an maorlathas a bhíonn ag iarraidh é a thachtadh, dar leis’ (62) ach go gcaithfear ‘a rá gur dream cantalach gearánach ba ea go leor de na scríbhneoirí a bhí ag obair don Ghúm ach nach gcluintear faoi sin go minic’ (61). Plus ça change, plus c’est la même chose!

5 Tá Caibidil 2 ar an gcaibidil is spéisiúla sa leabhar don té ar spéis leis nó léi an Gúm mar eagraíocht Stáit agus de bharr an eolais a thugtar ann faoi staid na Gaeilge, faoi mheon lucht labhartha na Gaeilge agus faoi chás na Gaeilge ó cuireadh tús leis. I measc na mblúirí eolais agus na seod feasa atá anseo tá a leithéidí seo a leanas: an ráta a socraíodh ar an 1 Nollaig 1927 ná cúig scillinge déag in aghaidh gach míle focal den teanga bhunaidh agus cead ag an gcoiste an tsuim a mhéadú go dtí fiche scilling de réir dheacracht na hoibre (25). In 1930 chuir 79 duine isteach ar an gcéad chomórtas agus an duais airgid a d’fhógair an Gúm (27). Fuair léitheoirí an Ghúim punt in aghaidh an leabhair/na lámhscríbhinne agus ardaíodh na rátaí sin go dtí £1 agus £2 i mí an Mhárta 1945 (30). Ceapadh bean, Miss Maire Walsh, mar leaseagarthóir cé nár ghlac sí leis an bpost i ndeireadh na dála (31). Bhí leisce ar an nGúm ‘seandaoine’ nó daoine nach raibh i mbarr a sláinte a earcú — is léir nárbh ann do rannóg na n‑acmhainní daonna — agus tugadh le fios faoi rún go raibh Seán Tóibín róshean. Bhí sé 47 mbliana d’aois. Léadh na heagarthóirí — Domhnall Mac Grianna agus an Seabhac — idir 1,500,000 agus 2,000,000 focal in aghaidh na bliana (32). Tar éis don eagarthóir agus na léitheoirí glacadh le leabhar, théadh an leabhar ó pheann an scríbhneora go hinnill an Ghúim, go dtí Oifig an tSoláthair, go dtí na clódóirí, as sin ar ais go dtí Oifig an tSoláthair, agus ar ais go dtí an Gúm le go léifí na profaí (37). Ba chrá croí don Ghúm iad na haighnis inmheánacha agus na himpireachtaí beaga a bhí ag fás taobh istigh den Státseirbhís agus na cluichí cumhachta ag fáil an ceann is fearr ar ghnóthaí polasaí (37–8). Agus an Gúm ag tosú amach diúltaíodh do shaothair le Séamus Ó Grianna agus le Pádraic Óg Ó Conaire ar an ábhar go raibh siad rólag (45). Diúltaíodh do leabhar a scríobh triúr ollamh le Gaeilge as Coláiste Oiliúna, Coláiste Phádraig, Droim Conrach (48). Tarraingíodh aighneas de bharr leabhair le Tomás Mac Thomáis inar cuireadh teoiric na héabhlóide ‘the non-christian application of the theory of evolution’ chun tosaigh (51). Cuireadh an focal ‘cros’ in áit ‘abhlann’ in Dracula, ‘b'fhéidir, an píosa scríbhneoireachta is fearr ar fad a rinneadh faoi scéim an aistriúcháin’ (52). Duine ar bith ar spéis leis stair na hÉireann agus stair na Gaeilge sa tréimhse sin, bainfidh sé / sí an-sult, an-leas agus an-tairbhe as an gcaibidil seo.

6 I gCaibidil 3, 4 agus 5 déantar anailís ar chaidreamh triúr údar leis an nGúm: Máirtín Ó Cadhain (a raibh ‘pearsantacht throdach neamhghéilliúil … spleodrach easaontaitheach’ aige), Seosamh Mac Grianna agus Seán Tóibín (a d’fhéadfadh ‘a bheith cancarach agus ceartaiseach’). Eagraítear gach caibidil de réir na leabhar a d’fhoilsigh an Gúm leis an údar áirithe sin agus is cinnte go mbeidh scoláirí Gaeilge ag tarraingt ar na ranna éagsúla seo agus iad ag trácht ar úrscéalta agus ar aistriúcháin faoi leith agus bheadh súil agat go spreagfaí a thuilleadh scoláirí le dul ag tochailt sa chartlann nuair a osclófar í — le cúnamh Dé — arís tar éis COVID. Ríomhtar dea-chaidreamh an Chadhnaigh leis an nGúm i dtús báire ach a chuaigh in olcas le himeacht na mblianta. Rud nach ionadh, is dócha, agus Seán Mac Giollarnáth á cháineadh de bharr easpa tagairtí do Dhia a bheith sna scéalta in An Braon Broghach (74–75). Ach mar a dhearbhaíonn an t‑údar dúinn, scáthán ba ea an Gúm ar luachanna mhuintir na hÉireann agus ar an dearcadh a bhí acu. D’iarr an Cadhnach in 1946 cead ar an nGúm a chuid scéalta a aistriú go Béarla agus a chur i gcló i Meiriceá. Tugadh an cead cé nár tháinig aon toradh ar an iarracht sin. Is é an Corcaíoch Seán Tóibín is ábhar do Chaibidil 4 agus is anseo a fheictear an fhéinchinsireacht. Murab ionann agus an bheirt eile, bhí go leor aistrithe ag an Tóibíneach (‘An Fear Faire’, ‘Lugh Mac Céin’, ‘Seán na Sguab’, ‘Seán na Tiachóige’, ‘Simeon Mac Stairm’) sular bunaíodh an Gúm agus bhí caidreamh níos fearr agus níos béasaí aige le foireann an Ghúim in imeacht na mblianta seachas an bheirt údar eile. Caidreamh ab ea é seo, ‘a chuaigh chun sochair dóibh ar aon. Is léir gur caidreamh é a chuaigh chun leas na Gaeilge chomh maith céanna’ (131), ach seachas an bheirt eile níorbh aon ‘mhórscríbhneoir ó thaobh na samhlaíochta é an Tóibíneach, ba scríbhneoir cruinn Gaeilge é’ (131).

7 Murar bhain mórán coimhlint ná drámaíocht le taithí an Tóibínigh, níorbh amhlaidh do Sheosamh Mac Grianna, an té a ndéantar plé air i gCaibidil 5. Ba é an tUltach seo ‘is mó a tharraing achrann agus droch-chlú’ (132). ‘Scéal spéisiúil tragóideach truamhéalach’ is ea scéal chaidrimh leis an nGúm ‘ar scáthán é ar bhealaí ar shaol an Ghriannaigh’ (133). Tugann an chaibidil seo an bhréag don bhéaloideas gur ‘de dheasca an Ghúim a thráigh an tobar ar Sheosamh, agus gur éirigh sé tinn dá bharr. Ní mar sin a bhí …’ (134). A mhalairt a bhí fíor. Léiríonn na comhaid gur caitheadh go maith leis ‘maidir le híocaíocht an chuid is mó den am’ (155). £1,300 a thuill sé in imeacht deich mbliana go leith agus íocadh £200 leis do Ben Hur. Soláthraítear an-chuid eolais nua faoina shaol agus beidh beathaisnéisithe Mhic Grianna ag tarraingt go fial as an taighde seo amach anseo. Tugtar le fios nárbh é Mac Grianna é féin a d’aistrigh The Wreck of the Grosvenor ‘ar an iomlán’ (209). I measc na n‑imeachtaí a tharla, chaill Oifig an tSoláthair profa gaille, rud a chuir moill ar Teacht Fríd an tSeagal. Aistríodh a ainm ar chlúdach An Grá agus an Ghruaim go ‘Mac Grianna’ i ngan fhios dó. Bhí an fhreagracht ar Sheosamh na cóipeanna léirmheasanna a chur chuig na nuachtáin; dhá chóip déag a tugadh dó chuige sin. Léirítear anseo an teannas agus an t‑aighneas idir an t‑údar agus a fhear gaoil, Domhnall, duine arbh fhiú do scoláire éigin taighde a dhéanamh air. Is spéisiúil leis gurbh é an Béarla teanga na cumarsáide go minic. Agus nochtar an tuairim gur ‘Seoid aistriúcháin is ea Ivanhoe, eiseamláir den saghas oibre a d'fhéadfaí a dhéanamh chun an Ghaeilge a shaibhriú ar bhealach nádúrtha’ (150).

8 Fócas eile ar fad atá i gCaibidil 6 ar caibidil í a mbeidh ríspéis inti ag aistritheoirí agus iadsan ar spéis leo dul, saibhreas agus stíl na Gaeilge. Is é atá ann ná mionléamh agus mionchomparáid idir na haistriúcháin agus na bunsaothair le cur chuige agus rogha an aistritheora a iniúchadh — is mionbheachtú é seo. Mar a admhaíonn an t‑údar tar éis di na leabhair a léamh ‘dhírigh mé ar iad a léamh go mion, alt ar alt, agus abairt ar abairt, uaireanta, an dá leabhar (an bunleabhar agus an t‑aistriúchán Gaeilge) os mo chomhair ag an aon am amháin’ (xiii). Cur chuige an scoláire, cur chuige traidisiúnta léannta, an téacs a léamh, a athléamh agus a léamh go mion. Ach ní hé sin le rá gur anailís leamh é seo, ní hea ná baol air. Is de bharr na mionléitheoireachta sin, arb é croílár an léinn í, gur aimsigh an scoláire críochnúil mionchúiseach seo na difríochtaí maidir le habairtí, le nathanna, agus le foclóir an scéil féin. Bhí sé sin le feiceáil, go háirithe, sa láimhseáil a rinneadh ar chúrsaí cultúir agus ar chúrsaí creidimh (xiii). Bréagscéal eile a tháinig chun solais sa leabhar seo ná go ndearnadh cinsireacht fhorleathan ar leabhair. Ní fíor sin, dar le húdar Gallán an Ghúim. Rinneadh cinsireacht ar chuid bheag de na leabhair ach gur chinsireacht phearsanta ba ea cuid mhór de seo agus ‘níos minicí ná a chéile is féinchinsireacht, nó féinchoiriú a bhí a dhéanamh ag an aistritheoir’ (xiv).

9 Feictear féinchinsireacht an Tóibínigh anseo, mar is léir nuair a d’aistrigh sé an abairt: ‘Do I understand that you admitted to the lady that you were the father of the child’ mar ‘an amhlaidh a dheinis admháil léi gur …’ (215). Pléitear seachantacht an aistritheora seo tagairt ar bith a dhéanamh do chíoch nó do bhrollach mná. D’aimsigh Uí Laighléis neart samplaí a chruthaigh nach raibh sé sásta aon tagairt a dhéanamh do bhrollach mná (219–220). Níorbh amhlaidh don Chadhnach, áfach, in Saile Ní Chaomhánaigh rud a thugann le fios gur féinchinsireacht a bhí i gceist. Ós rud é go mbaineann na haistriúcháin seo leis na 1950idí, is fiú an glacadh a bhí ag leithéidí an Tóibínigh, agus a mhacasamhail, le saothar na n‑údar óg Gaeilge a fhiosrú: ‘An Scáthán’ le Liam Ó Flaithearta; ‘Máire Ní Ógáin’ le Máire Mhac an tSaoi; agus ‘Adhlacadh mo Mháthar’ le Seán Ó Ríordáin, nó fiú ‘Cúirt an Mheán Oíche’ le Merriman, gan trácht ar na hamhráin ghrá atá ag cur thar maoil le cíocha? Praeteritum alienam. Dá thoradh seo, is minic maolú ar an aistriúchán ag an Tóibíneach, go háirithe nuair a bhaineann sé le mothúcháin agus le paisean. I dteannta na gcíoch a ndearnadh cinsireacht orthu, sheachain sé frasaí ar nós: ‘ladies of damaged reputation’ — rud nach raibh riamh i gCorcaigh ar ndóigh — agus tagairt ar bith d’fhéinmharú. Ní hamháin, dar leis an údar, gur ‘ag cur Gaeilge na hÉireann ar an mBéarla atá sé, ach nósanna cainte na Gaeilge Caitlicí chomh maith céanna’ (227). Athinsint agus athscríobh seachas aistriúchán a bhí ar bun ag an gCadhnach go minic agus ba é an tuiscint a thug sé don Ghúm ar an dea-Ghaeilge ná ‘Gaeilge fhir graftha’ (239). Tá neart le foghlaim sna sleachta anseo ó shaothar an Chadhnaigh: mar shampla ‘he had not been familiar for years / go raibh an brochan doirte eatorra leis na cianta’; ‘Sally Cavanagh was a remarkable fine specimen / Go dearrbhtha, chuirfeá slat ar pharáiste sul a bhfuighthea leitheide eile Shaile Ní Chaomhánaigh’; ‘… better, perhaps, than a long description / ná dhá ndéanfadh muid clogán streille den sgéal’; ‘He went directly / Níor bhain sé méar dhá shróin’. Is fiú praghas an leabhair seo don saibhreas seo amháin. Agus nuair a chuimhnítear ar an saibhreas seo, is mór an trua é gan an chéad dréacht de Saile Ní Chaomhánaigh, dréacht a bhí níos faide, a bheith ar fáil níos mó.

10 In ainneoin na n‑ainneoin, tá an Gúm ar cheann de na heagraíochtaí Gaeilge is fearr ar éirigh léi. Ní bréag ar bith í sin agus is maith agus is cuí mar a thugann an leabhar seo léamh nua ar an nGúm agus an eagraíocht sin ag tarraingt ar an gcúig scór. Aithnítear éacht an Ghúim anseo, agus moltar é ar an gcúis gur chothaigh sé dúil i leabhair agus sa léitheoireacht ‘ar doiligh í a thomhas, gur oil siad glúin nua i scileanna eagarthóireachta’ gan trácht ar dheis a thabhairt do scríbhneoirí airgead ‘réasúnta’ a thuilleamh.

11 Táthar ag druidim le 2026 agus comóradh bhunú an Ghúim. Is minic an Gúm cáinte, damnaithe, is minic locht faighte air, is minic an milleán curtha air, ach ó chuaigh an Gúm i mbun oibre den chéad uair in 1926 tá tuairim is 2,000 leabhar agus tuairim is 350 píosa ceoil foilsithe aige agus tá tithe eile foilsitheoireachta tagtha agus imithe: Sáirséal agus Dill, An Clóchomhar, Cois Life, FNT agus An Sagart. Agus stair an Ghúim idir chamáin ní féidir neamhshuim a dhéanamh de staid na foilsitheoireachta Gaeilge i gcoitinne. Bhí tráth ann agus ba é an Clóchomhar an caighdeán ab airde do leabhar taighde Gaeilge. Tháinig deireadh leis an inphrionta sin cúpla bliain tar éis bhás Stiofáin Uí Annracháin. Ó chlis ar an Tíogar Ceilteach, tá foilsitheoireacht na Gaeilge i ndroch-chaoi, rud atá ag dul chun donachta de bharr COVID de réir dealraimh. Ó tháinig deireadh le Cois Life, An Sagart, An Clóchomhar, is lú leabhair thaighde atá á bhfoilsiú. Beidh olltionchar ag an gcasadh seo ar chúrsaí léinn. Ní bheidh na scoláirí sin a bhfuil an dochtúireacht bainte amach acu, gan trácht ar lucht MA, in ann ‘an tráchtas leasaithe’ a chur i gcló, rud a thiocfaidh ina gcoinne agus iad ag dul faoi agallamh nó ag cur isteach ar ardú céime. Ní bheidh de rogha acu ach iompú ar an mBéarla. Má tá toradh an taighde le foilsiú i mBéarla, cén fáth nach ndéanfaí an buntaighde i mBéarla? Bíonn leisce, ní nach ionadh, ar fhoilsitheoir ar bith leabhar mór taighde, nach ndíolfaidh níos mó ná cúpla cóip, a sholáthar. Is creidiúint é do Coiscéim go rabhthas, agus go bhfuiltear, sásta, leabhair mhóra a fhoilsiú ar nós: An Béaslaíoch (Pádraig Ó Siadhail); Pobal an Stáit agus an Ghaeilge, 1920–1939 (Seán Breandán Ó hUallacháin); An Séimhiú (Micheál Ó Cearúil). Is leabhair iad seo a mbeidh miondíol orthu fiú i dtéarmaí mhargadh na Gaeilge ach tá scoth na scoláireachta iontu; tá taighde, tuiscintí agus tuairimí iontu nach bhfoilseofaí murach Coiscéim. Tá le sonrú go bhfuil Coiscéim ag teacht chun cinn mar fhoilsitheoir leabhair acadúla, i bhfad níos mó ná mar a bhíodh tráth dá raibh. Le tamall anuas tá cuid de na monagraif is tábhachtaí, is snasta agus is fearr á bhfoilsiú ag Teach Uí Shnodaigh i mBinn Éadair agus ba chóir sin a aithint. Ní hamháin sin ach is leabhair snasta iad a bhfuil feabhas leanúnach ag teacht orthu in imeacht na mblianta. Sampla den cheardaíocht sin is ea Gallán an Ghúim, lena chlúdach tarraingteach, dea-dhearadh le neart spáis ar an leathanach ionas go bhfuil an leabhar soléite idir leagan amach, chló trom, chló iodálach agus cheannteidil.

Brian Ó Conchubhair

Ollscoil Notre Dame

Saothair a ceadaíodh

Giono, J. (1997) L’homme qui plantait des arbres. Aistrithe ag Mac Lochlainn, A. An Fear a Chuireadh Crainn. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Guillain, C. (2018) The Unhappy Stone Mason. Aistrithe ag Ó hIcí, C. An Saor Cloiche Míshona. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Kickham, C.J. (1934) Sally Kavanagh. Aistrithe ag Ó Cadhain, M. Saile Ní Chaomhánaigh. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais.

Kingsley Troupe, T. (2016) Cén Fáth a mBím ag Broimneach? Agus Mórcheisteanna Eolaíochta Eile. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Lewis, C.S. (2014) The Lion, the Witch and the Wardrobe. Aistrithe ag Mac Lochlainn, A. An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Mac Grianna, S. (1929) An Grá agus an Ghruaim. Baile Átha Cliath: Muinntir C.S. Ó Fallamhain, Teo., i gcomhar le hOifig an tSoláthair.

Mathers, H. (1933) Comin’ thro’ the Rye. Aistrithe ag Mac Grianna, S. Teacht fríd an tSeagal. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais.

Ní Ghlinn, Á. (2010) Úbalonga. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ní Chléirigh, M. (2014) Drubal. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ó Cadhain, M. (1948) An Braon Broghach. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Cearúil, M. (2016) An Séimhiú ar an ainm briathartha agus ar an ainmfhocal éiginnte sa ghinideach ar lorg ainmfhocal eile. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Dónaill, N. (1996) Seanchas na Féinne. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ó Flaithearta, L. (1953) ‘An Scáthán’. In: Dúil. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill: 31–36.

Ó hUallacháin, S.B. (2010) Pobal an Stáit agus an Ghaeilge, 1920–1939. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Ríordáin, S. (1985) ‘Adhlacadh mo Mháthar’. In: Scáthán Véarsaí. Baile Átha Cliath: Sáirseal Ó Marcaigh: 32–34.

Ó Ruadháin, S. (1994) Pádhraic Mháire Bhán. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ó Siadhail, P. (2007) An Béaslaíoch: beatha agus saothar Phiarais Béaslaí (1881–1965). Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Ruanaí, E. (2010) Amsterdam. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Mhac an tSaoi, M. (1988) ‘Máire Ní Ógáin’. In: An Cion go Dtí Seo. Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh: 56–59.

Ó Murchú, Liam P. (eag.) (1982) Cúirt an mheon-oíche le Brian Merriman. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Russell, W.C. (1955) The Wreck of the Grosvenor. Aistrithe ag Mac Grianna, S. Báthadh an Ghrosvenor. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Stoker, B. (1997) Dracula. Aistrithe ag Ó Cuirrín, S. In eagar ag Ó Ruairc, M. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Titley, A. (2009) Gluaiseacht. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Uí Laighléis, G. (2003) Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Wallace, L. (1933) Ben Hur. Aistrithe ag Mac Grianna, S. Ben-Hur, scéal fá Chríost. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2022.
ISSN: 2009-8626