Breithiúnas an Bhoird Snip Nua agus Toil an Troika: Polasaí Gaeilge i bPoblacht na hÉireann, 2008–2018

Ben Ó Ceallaigh

Réamhrá

1 I bhFómhar na bliana 2008 thosaigh an ghéarchéim eacnamaíochta ba mheasa a bhí i bPoblacht na hÉireann (‘Éire’ feasta, de ghrá na gontachta) ó bunaíodh an stát. Cuid de ghéarchéim idirnáisiúnta a bhí ann — cliseadh a bhí beagnach chomh dona le ceann 1929, a áirítear mar an ghéarchéim ba mheasa riamh i stair an chaipitleachais thionsclaithe (Gamble 2009). In Éirinn bhí an ghéarchéim a thosaigh in 2008 ní ba mheasa ná mar a bhí i go leor tíortha eile, agus bhí tionchar i bhfad ní ba mhó aige ar an tír ná a bhí ag cliseadh Wall Street in 1929. I dtuairisc a réitíodh don Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI feasta; IMF i mBéarla), maíodh gurb í géarchéim na hÉireann ‘the costliest banking crisis in advanced economies since at least the Great Depression’ (Laeven agus Valencia 2012: 20). I dtuairisc eile a cuireadh faoi bhráid na heagraíochta céanna, dúradh ‘[t]he extent and rapidity of Ireland’s fiscal deterioration in the latter part of the 2000s was virtually unprecedented among post war industrial country experiences’ (Donovan 2016: 11).

2 Ar ndóigh, ba mhór an tionchar a bhí aige seo ar chúrsaí sóisialta agus polaitiúla, agus tá neart plé déanta air sin ó shin (m.sh. Coulter agus Nagle 2014; Roche et al. 2017). Is beag aird a tugadh go dtí seo ar an tionchar a bhí ag an tréimhse chorraitheach seo ar pholasaí Gaeilge, áfach. Cé go n‑aithnítear i litríocht na pleanála teanga gur chóir an ‘teangalárnachas’ a sheachaint (Edwards 2007), is ar chúrsaí teanga per se a díríodh formhór an fhuinnimh i sochtheangeolaíocht na Gaeilge ó 2008 i leith (m.sh. Lenoach et al. 2012; Ó hIfearnáin agus Walsh 2018).

3 D’fhonn peirspictíocht eile a chur ar fáil, déantar plé san alt seo ar thionchar na géarchéime eacnamaíochta ar chuid de na forbairtí ba thábhachtaí i bpolasaí oifigiúil Gaeilge idir 2008 agus 2018. Pléitear go háirithe an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus Acht na Gaeltachta 2012 (Rialtas na hÉireann 2010; 2012), agus an tionchar a bhí ag tréimhse na déine (‘austerity’) ar na polasaithe seo agus ar na príomhinstitiúidí a bhaineann lena gcur i bhfeidhm. Cuirfear béim faoi leith ar nádúr nualiobrálach an stáit, agus léireofar an chaoi a dtagann sé seo salach ar riachtanais an aisiompaithe teanga.

4 Le cur le dearcadh Uí Riagáin ‘[that the] various dimensions of Irish language policy have been heavily conditioned by the way the Irish economy and, in turn, Irish society has developed since independence’ (1996: 36), áitítear gur sampla é an tréimhse seo de chothromaíocht phoncaithe (‘punctuated equilibrium’), mar a thugann scoláirí polasaí poiblí air — athrú tobann i bpolasaithe nach raibh ag athrú ach go mall roimhe sin (Cairney 2012: 172–199). Maífear gurb ionann na hathruithe móra a tháinig ar chur chuige an stáit i leith na Gaeilge le linn an ama seo agus nualiobrálú pholasaí teanga na tíre.

Bás an Tíogair Cheiltigh

5 Tar éis blianta fada d’fhás an-mhall, mhéadaigh geilleagar na hÉireann as cuimse le linn na 1990idí agus le linn bhlianta luatha na mílaoise nua. Bhí an ‘Tíogar Ceilteach’ seo bunaithe, cuid mhaith, ar pholasaithe an nualiobrálachais, agus Éire aitheanta go hidirnáisiúnta ag an am mar eiseamláir de na polasaithe sin (Kirby 2010). Cé go mbaintear mí- nó ró-úsáid as an téarma amanta, is é is ciall leis an nualiobrálachas ná tréimhse reatha an chaipitleachais. Tháinig sé chun tosaigh sna 1970idí mar fhreagra ar chúlú eacnamaíochta an ama sin. Cuireadh i bhfeidhm é sa mBreatain Mhór agus i Meiriceá ar dtús (bhí Margaret Thatcher agus Ronald Reagan beirt an-oscailte faoina meas ar theoiriceoirí nualiobrálacha), agus lean formhór thíortha an domhain a sampla ó shin. Áitíonn teoiricithe nualiobrálacha nár chóir don stát idirghabháil a dhéanamh sa margadh ach amháin le tacú le lucht caipitil (Mirowski 2013). In Éirinn an Tíogair Cheiltigh, b’ionann seo agus rátaí cánach an-íseal a ghearradh ar chorparáidí (dar le scoláirí amhail McCabe (2013) gur tearmann cánach í Éire), agus tacú le forbróirí réadmhaoine le polasaithe pleanála fabhracha. Cé gur fhás an geilleagar go mór, dar le Kirby (2010) gur ‘teip shóisialta’ a bhí ann, toisc nár úsáideadh an saibhreas nua seo le héagothromaíocht struchtúrtha a leigheas.

6 Nuair a phléasc an bolgán, ba dhuairc an cás inar fágadh an tír. Mar a mhínítear thuas, ba mheasa i bhfad an ghéarchéim idirnáisiúnta in Éirinn ná i bhformhór na dtíortha eile — dá mhéad an fás a spreag polasaithe nualiobrálacha sa ngearrthéarma, thit cúrsaí as a chéile dá réir nuair a chuaigh bainc mhóra idirnáisiúnta amhail Lehman Brothers faoi leachtú, agus nuair a lean bainc Éireannacha iad gan mhoill. Le dul i ngleic leis seo, tarrtháladh bainc phríobháideacha in Éirinn le €70 billiún d’airgead poiblí. Tosaíodh ar pholasaithe na déine a chur i bhfeidhm agus rinneadh ciorruithe ollmhóra ar chaiteachas poiblí sna blianta tar éis 2008.

7 Ó thaobh chomhthéacs an ailt seo de, is tábhachtach a lua freisin gur ghlac an CAI, an Banc Ceannais Eorpach agus an Coimisiún Eorpach (an ‘Troika’) smacht ar stiúradh an gheilleagair in 2010, le himpleachtaí suntasacha do pholasaí teanga, mar a phléitear thíos.

An Bord Snip Nua agus An Troika

8 Ba leasainm é an ‘Bord Snip Nua’ ar ghrúpa dar teideal an Special Group on Public Service Numbers and Expenditure Programmes — leasainm a bhí bunaithe ar cheann an chéad Bhoird Snip, grúpa a mhol ciorruithe móra mar fhreagra ar chúlú eacnamaíochta na 1980idí. Thionóil aire airgeadais na linne, Brian Lenihan, an grúpa seo ag deireadh 2008 le moltaí a chur faoi bhráid an rialtais faoin gcaoi ab fhearr le dul i ngleic leis an ngéarchéim. Foilsíodh a dtuairisc i mí an Mheithimh 2009 (McCarthy et al. 2009a, 2009b). Níor aistríodh an tuairisc — ná fiú ainm oifigiúil an ghrúpa — go Gaeilge riamh. Baisteadh The McCarthy Report air seo sna meáin, de bharr ainm chathaoirleach an ghrúpa, Colm McCarthy, fear a bhí páirteach sa gcéad Bhord Snip freisin. Mar a deir Mercille agus Murphy, is fada cáil ar McCarthy mar gheall ar a dhílseacht do ‘the virtues of laissez-faire economics and market discipline’ (2015: 133). Ag teacht leis an gcáil seo, moladh €5.3 billiún de chiorraithe ina thuairisc. Dá antoiscí sin, ba bheag é i gcomórtas leis na ciorruithe a chuirfí i bhfeidhm sna blianta tar éis fhoilsiú na tuairisce — arbh fhiú breis is €20 billiún iad (MacCarthaigh 2017: 149).

9 Ní dheachaigh an Bord Snip Nua ar chúl sceiche faoina dtuairim faoi thacaíocht don Ghaeltacht ná don Ghaeilge. Go deimhin, mhaígh siad go neamhbhalbh ‘differential schemes aimed at Gaeltacht areas are not justifiable’ (McCarthy et al. 2009b: 41). Aithníodh ról forásach na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (mar a bhí air ag an am; ‘RGPTG’ feasta) mar roinn a bhí ann

to promote and support the sustainable and inclusive development of communities, both urban and rural, including Gaeltacht and island communities, thereby fostering better regional balance and alleviating disadvantage, and to advance the use of the Irish language (McCarthy et al. 2009b: 33).

10 Mar sin féin, moladh go ndúnfaí an roinn ar fad, de bharr ‘a relatively lower priority in terms of the existing pressures on the public finances’ agus go bhfágfaí na dualgais i leith na Gaeilge nár cuireadh deireadh leo faoin Roinn Oideachais (McCarthy et al. 2009a: 37; 2009b: 36).

11 Mhol an Bord Snip Nua go ngearrfaí caiteachas stáit 9.4%. Ach ba throime i bhfad an ciorrú a moladh don RGPTG, 38%. Ba é seo an gearradh ba mhó a moladh do roinn stáit ar bith. Taobh istigh den RGPTG, bhí ciorrú 58% molta ar chaiteachas na Gaeltachta agus na n‑oileán — céatadán a bhí píosa maith ní b’airde ná aon fho-rannóg eile (Guth na Gaeltachta 2010). Cé nár dúnadh an roinn, mar a phléifear thíos, chaill sí breis is 70% dá buiséad in achar cúig bliana, ag cloí le spiorad na tuairisce, fiú murar cloíodh lena fuarlitir. Mar atá maíte agam in áiteanna eile (m.sh. Ó Ceallaigh 2020), baineann na ciorruithe éagothroma seo ar sholáthar don teanga le nádúr an nualiobrálachais, agus an claonadh atá aige in aghaidh idirghabhálacha stáit ar son rudaí nach bhfuil luach ard margaidh orthu.

12 Is ar mholadh an Bhoird Snip Nua a cuireadh deireadh le go leor scéimeanna tacaíochta don Ghaeltacht, dála Scéim Labhairt na Gaeilge, deontais tithíochta agus ollscolaíochta do mhuintir na Gaeltachta, agus scéimeanna eile a bhíodh ann le bonneagar pobail a mhaoiniú. Cé nár bhain siad leis an nGaeltacht ná le cúrsaí teanga go sonrach, bhí tionchar ag gearradh scéimeanna tacaíochta eile don tuath ar an saol sa nGaeltacht freisin, mar shampla an Clár um Fhorbairt Áitiúil agus um Ionchuimsiú Sóisialta agus na ciorruithe do scoileanna le níos lú ná 100 dalta (.i. formhór na scoileanna Gaeltachta).

13 Chomh maith le tuairisc an Bhoird Snip Nua, bhí tionchar nach beag ag an Memorandum of Understanding (MOU), a d’aontaigh an rialtas leis an Troika (CAI 2010), ar fhreagra an stáit ar an ngéarchéim. Cé go bhfuil sé deacair an tionchar a bhí ag an Troika ar pholasaithe stáit a thomhas go cruinn, ba dheacair a shéanadh gurbh ann dó, go háirithe nuair a chuimhnítear ar a gcáil mar institiúidí atá lárnach i gcur chun cinn an nualiobrálachais go hidirnáisiúnta (Allen agus O’Boyle 2013: 13–20). Go deimhin, mar atá aitheanta ag údair eile (m.sh. Murphy agus Dukelow 2016: 322), b’iomaí cosúlacht a bhí idir an MOU agus an National Recovery Plan 2011–2014. De réir an MOU, bhí gá le déine agus príobháidiú ar réimsí den saol poiblí a bhí cosanta ar an bpríobháidiú roimhe sin (Mercille agus Murphy 2015: 90–106). Mar a deir Dukelow (2015), áfach, de bharr chomh mionnaithe is a bhí an stát don nualiobrálachas fiú roimh 2008, ar bhealach ní raibh an Troika ach ag moladh polasaithe a bhí ó lucht na cumhachta cheana. Is fiú a aithint anseo freisin gur beag saoirse a bhíonn ag tíortha beaga mar Éire de ghnáth le haon cheo a dhéanamh nach dtagann le riachtanas an mhargaidh. Fiú dá mba mhian leis na polaiteoirí é, bíonn faitíos orthu i gcónaí go bhfágfaidh infheisteoirí móra an tír le hinfheistiú in áit atá níos fabhraí dóibh agus go gcaillfear poist dá bharr. Ar an gcaoi seo cuireann an caipitleachas bac ar athruithe móra polasaí a thiocfadh salach ar rátaí brabúis na huasaicme (Block 2020 [1977]).

14 Bíonn sé deacair a chruthú má chuirtear iachall ar stát polasaithe áirithe a chur i bhfeidhm (Cairney 2012: 256). Mar a mhíníonn Murphy agus Dukelow, áfach, níl aon dabht ach go raibh tionchar an Troika le feiceáil cuid mhaith i luas na n‑athruithe polasaí, agus an tsaoirse a bhí ag lucht na cumhachta ‘to advance change without the domestic vetoes they might otherwise have expected’ (2016: 322). Mar a mhínigh Crenson ina shaothar tábhachtach ar pholasaí poiblí (1971: 125), is minic gur leor cáil institiúidí cumhachtacha leis an méid atá uathu a bhaint amach — is olc an seans go raibh ar an Troika ciorruithe don Ghaeilge a lua, fiú. Tugann saothar Bachrach agus Baratz (1963) agus Lukes (1974), scoláirí a bhí páirteach sa díospóireacht ar ‘chumhacht pobail’ — díospóireacht cháiliúil san eolaíocht pholaitiúil ar nádúr na cumhachta — tuiscint níos doimhne dúinn air seo. Mar a mhínigh na húdair seo, is minic ‘dara aghaidh na cumhachta’ (‘the second face of power’) in úsáid ag grúpaí le rudaí a choinneáil ó shúile an phobail, nó ó chlár follasach oibre an stáit. Ar ndóigh, is beag an méid a chaitear ar chúrsaí teanga i gcomhthéacs chaiteachas iomlán an stáit. Ach de bharr na cáile atá ar an Troika agus donacht an chruacháis eacnamaíochta, chomh maith leis an ngá do stáit bheaga mar Éire le hinfheisteoirí a shásamh agus cloí le gnáthchleachtas idirnáisiúnta i bpolasaí poiblí (Cairney 2012: 11, 16), ba bheag an seans go dtiocfadh polasaithe Gaeilge slán le linn na héigeandála seo.

15 Cé gur léirigh Ó Giollagáin et al. in 2007 go raibh géarghá le tuilleadh infheistíochta sa nGaeltacht, le tús na géarchéime eacnamaíochta in 2008, ba é a mhalairt glan a tharla. Mar a thuarfadh go leor den scoláireacht ar an mbeartas poiblí, ar bhealach eacnamaíochta ‘treospleách’ (‘path dependent’) a bhí Éire roimh 2008, is é sin le rá ‘initial moves in one direction elicit[ed] further moves in that same direction … [with] the trajectory of change up to that point constrain[ing] the trajectory after that point’ (Kay 2005: 553, béim sa mbuntéacs). Cuireadh, dá bharr, go leor polasaithe nualiobrálacha i bhfeidhm sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha tar éis 2008, le tionchar suntasach ar pholasaithe Gaeilge a tháinig isteach tar éis an chliste, mar a phléifear anois.

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030

16 Is ar éigean a d’fhéadfadh an t‑am a seoladh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 (‘Straitéis’ feasta) a bheith mórán ní ba mhífhabhraí — cuireadh é os comhair an phobail an tseachtain chéanna ar ghlac an Troika smacht ar gheilleagar na tíre. Is beag an t‑ionadh, mar sin, nach raibh inti ach spriocanna teibí, gan mórán taca — go háirithe i gcomparáid le tuairisc Uí Ghiollagáin et al. (2007), a raibh an Straitéis in ainm is a bheith mar fhreagra air (féach an chomparáid idir an dá cháipéis in Ó Giollagáin 2018).

17 Mar bharr ar a príomhaidhm chun líon na saoránach dátheangach a mhéadú, deirtear sa Straitéis go bhfuil sé de sprioc ag an stát 250,000 cainteoir laethúil taobh amuigh den chóras oideachais a chruthú faoi 2030, méadú 25% ar líon na gcainteoirí laethúla sa nGaeltacht san áireamh (Rialtas na hÉireann 2010: 3, 9). Chuige seo, theastódh méadú bliantúil de bheagnach 6%.

18 Dá uaillmhianaí na spriocanna seo (agus dar le Ó hÉallaithe (2017) go bhfuil siad doshroichte), ba shuarach na moltaí sonracha a tugadh lena mbaint amach, agus ba shuaraí arís an iarracht a rinneadh leis na moltaí sin a chur i bhfeidhm ó shin i leith. Cé gur chuir scoláirí fáilte roimpi ag an tús (Walsh 2011), ba ghearr nó gur léir dóibh gur ‘geall le corpán’ í (Walsh 2014). Léiriú beacht air seo é tuairisc Roinn an Taoisigh ar chur i bhfeidhm na Straitéise sa roinn sin, a foilsíodh in 2015. Ní raibh sa ‘tuairisc’ úd ach 225 focal, inar tugadh le fios gurb é an Taoiseach cathaoirleach an choiste Oireachtais a bhí ann leis an Straitéis a bhainistiú, go raibh plé á dhéanamh leis an AE chun deireadh a chur leis an moill ar sheirbhís iomlán aistriúcháin ansin, agus go mbeadh poist sa roinn amach anseo a mbeadh an Ghaeilge riachtanach lena n‑aghaidh, cé nárbh ann dá leithéid ag an am (Roinn an Taoisigh 2015).

19 Chomh maith leis sin, bhí cosúlachtaí chomh mór sin idir an tuairisc mhonatóireachta ar an Straitéis a d’fhoilsigh an RGPTG in 2014 gur cosúil gur bradaíl ó thuairiscí ranna éagsúla a bhí ann (Ó Coimín 2014). Léiriú é seo ar an bhfáth a raibh saineolaithe den tuairim gur chóir go mbeadh cúram na monatóireachta ar an gCoimisinéir Teanga, seachas cead a bheith ag an RGPTG monatóireacht a dhéanamh uirthi féin. Gan ach an iarracht lag seo déanta chun an Straitéis a chur i bhfeidhm, is beag difríocht a rinne sé gur foilsíodh í riamh, go háirithe agus na ciorruithe buiséid a phléitear thíos curtha san áireamh.

20 Mar bharr ar an donas seo uile, in 2017 cuireadh deireadh leis an gcoiste Oireachtais a bhí ann le cur i bhfeidhm na Straitéise a stiúradh, coiste a raibh an Taoiseach mar chathaoirleach air. Cé nach gcasadh siad ar a chéile ach go fíorannamh i gcomórtas le coistí eile (Tuairisc.ie 2017), ba bhuille eile do bhrí na Straitéise é seo. Tagann coincheap ‘pholasaí an phlacebo’ chun cuimhne (Jordan agus Richardson 1987: 233) — polasaí nach ann dó ach leis an gcuma a chur ar chúrsaí go bhfuil rud ag tarlú i réimse nach cloch mhór ar phaidrín an stáit é.

21 Ina fhianaise seo uile, ní údar iontais é gur léirigh tuairisc a rinneadh do TG4 in 2018 nach raibh aon chuid de na struchtúir a moladh leis an Straitéis a chur i bhfeidhm ag feidhmiú, agus nár bunaíodh a bhformhór riamh (Tuairisc.ie 2018a).

22 Bunaithe ar an bhfianaise stairiúil, d’fhéadfaí a áiteamh gurbh olc an seans go gcuirfí an Straitéis ar fad i bhfeidhm fiú muna mbeadh géarchéim eacnamaíochta ann (Ó Ceallaigh 2019: 9–16), ach ó tharla go raibh, ba mheasa arís an scéal. Ach cé go ndúirt polaiteoirí gur chuir an ghéarchéim as do chur i bhfeidhm na Straitéise (Brennan 2010; Seanad Éireann 2017), is dóigh freisin gur leithscéal úsáideach a bhí sa ngéarchéim le gearradh siar ar bhealach ar thacaíocht don Ghaeilge. Thapaigh lucht na cumhachta an deis leis seo a dhéanamh, óir mholfadh teoiricí an nualiobrálachais nár chóir dó a bheith chomh láidir is a bhí. Pléann scríbhneoirí cosúil le Klein (2007), Mirowski (2013) agus Krugman (2015) — a bhuaigh an duais Nobel don eacnamaíocht — an cur chuige seo i dtaobh beartas poiblí i go leor réimsí éagsúla. Tugann Klein ‘caipitleachas na hanachaine’ (‘disaster capitalism’) air, agus is cosúil gur sampla eile de é polasaí Gaeilge an stáit tar éis 2008.

23 Ar an gcaoi seo, bhí an stát in ann luas a chur faoin tarraingt siar ó iarrachtaí athneartaithe teanga a thosaigh sna 1970idí (Ó Riagáin 1997). Mar a deir Mercille agus Murphy (2015: 27) agus iad ag caint ar bheartas poiblí in Éirinn go ginearálta, ‘the financial and economic crisis that began in 2008 has facilitated the rolling out of drastic reforms more rapidly and thoroughly than would otherwise have been possible’. Mar ghné lárnach de na leasuithe seo, rinneadh nualiobrálú ar bheartas poiblí, beartas teanga ina measc, ‘to a level that had not yet been seen and with a noted vigour on the part of political and economic elites’ (Mercille agus Murphy 2015: 27).

24 In 2018 foilsíodh cáipéis inar leagadh amach plean oibre nua do chur i bhfeidhm na Straitéise. Bhí an plean oibre seo in ainm is a bheith i bhfeidhm idir 2017 agus 2022, ach athainmníodh é mar Plean Gníomhaíochta 2018–2022 tar éis moill thipiciúil eile (Dáil Éireann 2018a). Athrá ar an Straitéis féin a bhí i gcuid mhaith den phlean seo, ach le clár ama curtha le cuid dá moltaí, ocht mbliana tar éis sheoladh na Straitéise ar dtús. Mar a mhíníonn Ó Giollagáin (2018), is beag atá ann le dul i ngleic le dúshláin reatha na teanga — rud atá chomh fíor céanna faoi Acht na Gaeltachta 2012, a phléitear sa gcéad rannóg eile.

Acht na Gaeltachta 2012

25 D’fhéadfaí a mhaíomh gur tábhachtaí i bhfad Acht na Gaeltachta 2012 (‘an tAcht’ feasta) ná an Straitéis do thodhchaí na Gaeilge, ó tharla go bhfuil an tAcht á chur i bhfeidhm, murab ionann agus an Straitéis. Ceapadh an tAcht, áfach, chun feidhm reachtúil a thabhairt do chuid de na forálacha a leagadh amach sa Straitéis agus le huasdátú a dhéanamh ar Acht na Gaeltachta 1956, a leag amach teorainneacha na Gaeltachta reatha. Ba é Acht 2012 an chéad phíosa suntasach reachtaíochta a bhain leis an nGaeltacht le breis is tríocha bliain roimhe ó achtaíodh an reachtaíocht a bhunaigh Údarás na Gaeltachta.

26 Ba mhór an chonspóid a tharraing an tAcht seo nuair a bhí sé á phlé sa Dáil i samhradh na bliana 2012, agus rinne idir an fhreasúra agus ghrúpaí teanga cáineadh géar air. Cé gur moladh breis agus 150 leasú ar an Acht, dhiúltaigh an rialtas do gach aon cheann acu, rud a spreag an freasúra le siúl amach as an Dáil mar agóid in aghaidh an easpa airde seo ar an daonlathas (O’Brien 2012).

27 Bunaithe ar mholtaí Uí Ghiollagáin et al. (2007), moltaí ar glacadh leo sa Straitéis, más fíor di (Rialtas na hÉireann 2010: 20), bhí sé de sprioc ag an Acht teorainneacha na Gaeltachta a ath-tharraingt le go dtiocfaidís ní b’fhearr le cleachtas teanga an lae inniu. Is cosúil go raibh tionchar freisin ag moltaí Choimisiún na Gaeltachta (2002: 10) ar an Straitéis, óir ar bhealaí is cosúla a moltaí siúd leis an méid atá sa Straitéis faoi ath-tharraingt na dteorainneacha ná an méid a mhol Ó Giollagáin et al. (2007). Le dul i ngleic le hathshocrú na dteorainneacha, mar chuid d’fhoráil san Acht roinneadh an Ghaeltacht ina 26 limistéar pleanála teanga, agus cuireadh dualgas ar ghrúpaí pobail sna ceantair sin pleananna teanga a scríobh lena stádas Gaeltachta a choinneáil (Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán 2020: 45–55).

28 Céim shuntasach a bhí anseo agus dualgas na pleanála teanga, dualgas a bhíodh ar an stát, á leagan ar ghrúpaí deonacha — rud a thugann chun cuimhne cur síos Williams agus Morris (2000: 180) ar an gcaoi a n‑úsáideann an nualiobrálachas struchtúir áitiúla go minic le leasuithe suntasacha a chur i gcrích. Tá trácht déanta ag Peck agus Tickell air seo freisin ina n‑alt tábhachtach faoin nualiobrálachas, agus go háirithe ar an gcaoi a bhfaigheann grúpaí áitiúla ‘responsibility without power, while international institutions and actors [gain] power without responsibility: a form of regulatory dumping … at the local scale, while macrorule regimes [are] remade in regressive and marketized ways’ (2002: 386).

29 Cé go maítear amanta go mba ‘frith-ionsaí’ in aghaidh lucht stocaireachta na Gaeilge é laige an Achta, toisc go raibh an státseirbhís míshásta gur bunaíodh leithéid TG4 agus Oifig an Choimisinéara Teanga (féach Ó Ceallaigh 2019: 92–93), ní mór cuimhneamh arís ar an gcomhthéacs eacnamaíochta a bhí ann ag an am. Bhí an ráta dífhostaíochta méadaithe ó 5% ag tús 2008 go beagnach 15% in 2012, bhí €70 billiún caite ag an stát ar tharrtháil na mbanc, agus bhí MOU an Troika fós i bhfeidhm, ‘[which] required a continued liberalisation of Ireland’s political economy and increased marketisation of previously protected public spheres’ (Murphy 2014: 134). Mar a scríobh Hardiman agus Regan ag an am, ‘[a]ll budget decisions must be cleared with the Troika, fiscal performance is subject to quarterly reviews and Troika personnel are embedded in the core government departments’ (2012: 9).

30 Go deimhin, tá rian na déine le feiceáil go han-soiléir ar an Meabhrán Míniúcháin agus Airgeadais a théann i bpáirt leis an Acht, áit a ndeirtear

[m]eastar gurb é a bheidh sa tsábháil a leanfaidh as Cuid 3 den Bhille [a chuir deireadh le toghchán Údarás na Gaeltachta] ná sábháil tuairim is €100,000 sa bhliain agus sábháil suas go €500,000 gach cúig bliana. Ní shamhlaítear go leanfaidh aon chostais bhreise don Státchiste as na Codanna eile den Bhille (Rialtas na hÉireann 2012: 17).

31 Is mór idir seo agus na ráitis ó pholaiteoirí éagsúla a mhaígh go mbeadh acmhainní cuí ann leis an Acht a chur i bhfeidhm. Go deimhin, ag teacht le spiorad an mheabhráin seo, baineadh an méid atá curtha ar fáil ó shin do chur i bhfeidhm phróiseas na pleanála teanga ón mbuiséad a bhíodh ann d’fheabhsuithe bóithre sa nGaeltacht, feabhsuithe a theastaíonn go géar i go leor ceantar (Dáil Éireann 2017).

32 Bhain conspóid agus dua le cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga seo idir 2012 agus 2018, tréimhse inar ullmhaíodh pleananna d’fhormhór na Gaeltachta. I measc na dtrioblóidí a bhí ann, bhí ganntanas comhairleoirí pleanála teanga le cuidiú le scríobh na bpleananna. Toradh é seo, cuid áirithe ar a laghad, ar an gcaoi ar cuireadh deireadh leis na scoláireachtaí a bhíodh ann do dhaoine le tabhairt faoin máistreacht sa bpleanáil teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Go deimhin, i leaba cumas a thógáil le tacú le feidhmiú an pholasaí nua seo, rud a mholfaí de réir an dea-chleachtais sa bpleanáil teanga, cuireadh deireadh leis an scoláireacht seo an bhliain chéanna ar tháinig an tAcht seo isteach. Níor chuidigh nádúr gearrthéarmach, ‘neamh-thipiciúil’ na hoibre comhairleoireachta sin ach an oiread (Ó Ceallaigh 2019: 241–242). Is fiú a lua chomh maith gur ullmhaíodh pleananna teanga sna codanna is laige den Ghaeltacht, agus dá bharr sin, nach dtiocfaidh aon athrú ar theorainneacha na Gaeltachta sa deireadh, rud a bhí mar sprioc ag an bpróiseas pleanála teanga a moladh in Ó Giollagáin et al. (2007). Cé go bhfuil daoine ann a mhaíonn gurbh fhiúntaí i bhfad an buiséad teoranta atá ann don Ghaeltacht a dhíriú ar cheantair nach bhfuil an t‑iompú teanga curtha i gcrích iontu i measc fhormhór an phobail cheana (Ó hÉallaithe 2017), is dóchúla ná a mhalairt go mbeadh laghdú ar an mbuiséad pleanála teanga dá ndéanfaí an Ghaeltacht oifigiúil ní ba lú. Ceal spáis, ní dhéanfar tuilleadh plé anseo ar na deacrachtaí eile a bhain leis an bpróiseas pleanála teanga (féach, áfach, Ó Ceallaigh 2019: 237–247).

Polasaí folaithe teanga

33 Mar a mhíníonn Shohamy (2006), chomh maith le haird a thabhairt ar pholasaithe oifigiúla mar a pléadh thuas, ní mór dúinn a bheith airdeallach ar ‘pholasaí folaithe teanga’, ar céard a dhéanann an stát, seachas céard a deirtear sa reitric. Agus dá shoiléire nualiobrálú polasaí teanga sa Straitéis agus san Acht, is soiléire fós é nuair a bhreathnaítear ar an méid a gearradh de bhuiséid institiúidí Gaeltachta agus Gaeilge le linn an chúlaithe eacnamaíochta.

34 Mar a luadh thuas, ba chuid de chúram an Achta airgead a shábháil trí dheireadh a chur le toghchán an Údaráis, rud a moladh i dtuairisc an Bhoird Snip Nua freisin. Go deimhin, ba é a mhol McCarthy et al. (2009b: 42) deireadh iomlán a chur leis an Údarás, agus a fheidhmeanna a thabhairt d’Enterprise Ireland de bharr an ‘high cost per job created’ ag an Údarás (McCarthy et al. 2009b: 42). Cosúil leis an RGPTG, níor dúnadh an tÚdarás (is dóigh toisc nárbh fhiú an fhearg phoiblí a spreagfadh gníomh dá leithéid), ach gearradh é go dtí an dúid — ó €25.5 milliún go €6.7 milliún (73.7%) idir 2008 agus 2015 (Údarás na Gaeltachta 2010: 8; 2016: 11). Rinneadh an ciorrú seo ainneoin moltaí i dtuairisc neamhspleách inar dúradh in 2010 gur ghá buiséad €12 milliún ar a laghad a bheith ag an Údarás leis na poist a bhí ann cheana a chaomhnú. Ar ndóigh, thit líon na bhfostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis go mór de bharr an ghearrtha seo (Conradh na Gaeilge 2017: 10–11), agus chaill an tÚdarás féin go leor dá fhoireann — ó 130 fostaí in 2008 go 79 in 2018, cuid mhaith de na daoine ba mhó taithí ina measc (Oireachtas Éireann 2018a). Ceal maoinithe, cuireadh deireadh le grúpaí fiúntacha pobail a bhíodh á maoiniú ag an Údarás, amhail Pléaráca (Ó Ceallaigh 2019: 251–255). Cé gur gearradh an tÚdarás chomh trom sin, thug an RGPTG freagracht as an bpróiseas pleanála teanga a pléadh thuas dóibh freisin. Is é an tÚdarás atá freagrach as na coistí deonacha áitiúla a spreagadh chun oibre agus le monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn.

35 Cé gur bhain fadhbanna le toghchán an Údaráis mar a bhí (Ó Ceallaigh 2019: 100–101), ba bhuille mór é gur cuireadh deireadh leis, go háirithe i bhfianaise an méid atá ráite ag go leor scoláirí faoin ngá atá leis an daonlathas áitiúil chun an Ghaeltacht (nó pobal mionteanga ar bith) a chosaint (m.sh. Ó Neachtain 2014). I leaba ceapacháin a bheith bunaithe ar vótaí mhuintir na Gaeltachta, is de réir thoil an aire agus na gcomhairlí contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram a cheaptar an bord anois. Cuid de lárnú cumhachta ní ba leithne a bhí anseo, rud a tharla taobh amuigh den Ghaeltacht freisin. Mar a dúirt Murphy (2014: 134) ‘further centralisation of power has been a key institutional strategy of both crisis governments’, le go leor ‘key decisions and legislative changes hav[ing] bypassed parliamentary processes’ le linn na géarchéime. Go deimhin, sa litríocht faoi ‘dhara aghaidh na cumhachta’ a luadh thuas, tagraítear don chaoi a gceapann stáit a dtacaitheoirí do róil bhainistíochta chun toil lucht na cumhachta a dhéanamh (Bachrach agus Baratz 1970: 54–9, 70; féach freisin Hay 2002: 175).

36 Cosúil leis an Údarás, chaill an RGPTG formhór a buiséid ag an am céanna ar leagadh tuilleadh dualgas uirthi. Nuair a athainmníodh í mar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta in 2016 thug polaiteoir amháin ‘a Frankenstein department’ uirthi, roinn a bhfuil ‘bean an tí, ballet, bogs, and broadband’ faoina cúram (O’Halloran 2016). Mar a luadh, gearradh buiséad na roinne breis is 70%, ó €105 milliún go €30 milliún idir 2008–2011 (Ó Murchú 2014). Cuireadh an ciorrú seo i bhfeidhm i leath an ama a maíodh go dtógfadh sé nuair a tagraíodh dó ar dtús (Roinn an Airgeadais 2010: 101) — an chéad phlean riamh a bhaineann leis an nGaeltacht a cuireadh i bhfeidhm roimh an spriocdháta, seans. Cé go bhfuair an roinn €2.5 milliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2018, ní raibh anseo ach leath an mhéid a theastaigh ón Roinn (Tuairisc.ie 2018b). Mar sin, cé nár cuireadh deireadh léi ar fad, rud a mhol an Bord Snip Nua, ní thagann an nós coitianta le tagairt do ‘Roinn na Gaeltachta’ le fírinne an scéil (agus níor tháinig le fada, i ndáiríre), mar ní ann don roinn sin anois nuair nach bhfuil sa nGaeltacht ach driobaillín caol ag deireadh liosta fada cúraimí fánacha.

37 Gearradh maoiniú Fhoras na Gaeilge go trom freisin — ó €20,125,000 in 2007 go €14,532,000 in 2018; agus boilsciú san áireamh, b’ionann seo agus ciorrú de 39% (Conradh na Gaeilge 2017: 8–9). Cé gur mhaígh an Foras gur theastaigh atheagar a dhéanamh ar an earnáil beag beann ar an ngéarchéim eacnamaíochta, is dóichí ná a mhalairt gur chuir na ciorruithe seo leis an gcinneadh a rinne siad in 2014 deireadh a chur le 13 de na 19 eagraíocht teanga a bhíodh á maoiniú acu (Ó Murchú 2014: 237–296).

38 Cailleadh maoiniú do na meáin Ghaeilge chomh maith, cé gur gealladh sa Straitéis go ndéanfaí iad a fhorbairt. Gearradh buiséad Gaeilge RTÉ 29% idir 2008 agus 2011. Thit tromlach an ualaigh sin ar Raidió na Gaeltachta, agus faoi 2017 bhí buiséad Raidió na Gaeltachta fós 23% ní b’ísle ná mar a bhí in 2008. Go deimhin, le linn scríobh an ailt seo, mhaígh aighneacht ó fhoireann Raidió na Gaeltachta go bhfuil ‘creimeadh’ á dhéanamh ar an tseirbhís de bharr easpa acmhainní, agus go bhfuil 30–40% níos lú daoine anois ag obair ann ná a bhí in 2008 (Tuairisc.ie 2021). Is amhlaidh an cás do TG4, cuid mhaith: i ráiteas don Choiste um Chumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaol in 2016 dúirt bainistíocht an stáisiúin ‘[t]he combination of the downturn and media market developments have resulted in TG4's advertising and sponsorship income declining by approximately 50% between 2008 and 2016’ (TG4 2016: 3–4; féach freisin Ó Gairbhí 2017: 278–297). Tá an patrún suntasach seo le feiceáil i gcás mionteangacha eile san Eoraip freisin — gearradh maoiniú S4C sa mBreatain Bheag ar bhealach a bhí ‘severe and disproportionate’ (ar a laghad 36%), de réir an choiste rialtais a dhéanann monatóireacht air, agus gearradh tacaíocht don chraoltóir Bascaise, EPiT, go mór freisin (Culture, Welsh Language and Communications Committee 2017: 10, 2019: 41). Ní mór a lua chomh maith gur tháinig deireadh le roinnt mhaith meán clóite Gaeilge tar éis 2008 freisin, nuachtáin agus tréimhseacháin san áireamh, toradh eile ar na ciorruithe ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge (Ó Ceallaigh 2019: 115–132). Cé gur tháinig bláth ar na meáin ar líne ó shin, léiriú eile iad na ciorruithe seo ar an leisce atá ar stát nualiobrálach tacú le cur chun cinn mionteanga.

39 I gcomórtas le tír cosúil le hAlbain, áit a gcaitear sciar suntasach den bhuiséad teanga ar chúrsaí oideachais, ní áirítear caiteachas ar mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna mar chuid de bhuiséad na Gaeilge de ghnáth. Cé gur gearradh siar ar bhuiséid oideachais le linn na tréimhse atá faoi chaibidil anseo, níor tháinig aon laghdú mór ar sholáthar ranganna Gaeilge sna scoileanna dá bharr. Agus go deimhin, is dóigh gurb é an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022 an rud ab fhearr a tharla ó thaobh polasaí Gaeilge sa tréimhse 2008–2018, cé nár cuireadh leath a dhóthain acmhainní ar fáil do scoileanna lena chur i bhfeidhm i gceart. Ar an drochuair níl spás san alt seo leis an nganntanas acmhainní seo a phlé go mion, ach ba léir go raibh míshástacht fhairsing ann mar gheall ar an nganntanas acmhainní (Ó Coimín 2017). Gearradh freisin, ar ndóigh, na scoláireachtaí a bhíodh ann leis na costais a chlúdach d’ábhair oidí le linn a dtréimhsí riachtanacha sa nGaeltacht (Conradh na Gaeilge 2012). Rinneadh dul chun cinn san oideachas tríú leibhéal in 2019, áfach, nuair a tosaíodh scéim nua a thugann deis do mhic léinn ráithe nó tuilleadh a chaitheamh sa nGaeltacht (Ó Caollaí 2019).

40 Mar chuid dá ghealltanas i leith ‘neartú creatlach tuaithe na hÉireann’, maíodh sa Plean Forbartha Náisiúnta 2018–2027 go ndéanfar €178 milliún a infheistiú sa nGaeltacht idir 2018 agus 2027, ag cur san áireamh ‘méadú incriminteach sa leithdháileadh caipitil bliantúil’ don Údarás go €12 milliún (Rialtas na hÉireann 2018: 54). Níor luadh aon spriocdháta cinnte leis seo, ach fiú má chuirtear i bhfeidhm ina iomláine é, ní bheidh fiú 50% den bhuiséad ag an Údarás in 2027 is a bhí in 2008 (Tuairisc.ie, 2018b).

41 Mar bharr air sin, de réir taighde a choimisiúnaigh an grúpa feachtasaíochta Teacht Aniar, sna trí bliana idir 2005 agus 2008 caitheadh €299 milliún ar an nGaeltacht agus na hoileáin, i bhfad ní ba mhó ná an €178 milliún a luaitear sa Plean Forbartha Náisiúnta don tréimhse 19 mbliana, 2008–2027. Cosúil le cás an Údaráis, fiú má chloítear leis na gealltanais chaiteachais seo, faoi 2028 is lú i bhfad a bheas buiséad na Gaeltachta agus na n‑oileán ná mar a bhí in 2008. Go deimhin, níl sa €178 milliún seo ach beagáinín níos mó ná leath ar caitheadh san earnáil idir 2006 agus 2016, cé gurb shin aimsir na gciorruithe (Byrne 2018: 10). Ina fhianaise seo uilig, ba dheacair a shéanadh gur shampla den chothromaíocht phoncaithe i bpolasaí Gaeilge a bhí sa tréimhse a lean 2008, agus athrú ollmhór tagtha ar mhéid na tacaíochta a thugann an stát don teanga in achar gearr.

Tátal

42 Cé go bhfuil roinnt scéimeanna fiúntacha is féidir a chur i bhfeidhm ar bheagán costais, ní rud saor é an t‑athneartú teanga. Mar a mhíníonn Ó Riagáin:

[i]f language policies are to have any significant impact, they will require large resources on a scale which has not been hitherto realised. Effective language policies will and must affect all aspects of national life and will have to be sustained for decades, if not forever (Ó Riagáin 1997: 283).

43 Is é an breac sa mbainne i gcás polasaí Gaeilge, áfach, ná go bhfuil an stát sna 26 contae diongbháilte don nualiobrálachas mar fhealsúnacht eacnamaíochta. Is cur chuige é seo a tharraingíonn tacaíocht stáit siar ó go leor réimsí den pholasaí poiblí, agus an tuairim ann go mbeidh toradh níos fearr orthu má fhágtar iad faoi riaradh chumhacht an mhargaidh. Cuireadh luas mór faoi tharraingt siar tacaíochta stáit do pholasaí Gaeilge sa tréimhse a lean cliseadh eacnamaíochta 2008, mar a léiríodh san alt seo. Cé gur thuill an nualiobrálachas an-droch-chlú mar gheall ar an ngéarchéim sin, leanann sé air, ceal gluaiseacht láidir go leor lena athrú.

44 Ar ndóigh, ní hé an t‑airgead tús agus deireadh cheist an athneartaithe teanga, ach gan maoiniú cuí ní féidir na tacaíochtaí a chur ar fáil a theastaíonn le pleanáil teanga a dhéanamh go héifeachtach. Cé go maítear go minic gur gá aghaidh a thabhairt ar ‘mheonta’, nó idé-eolaíochtaí teanga (m.sh. Ó Cuaig 2021) i leaba a bheith ag caint ar chúrsaí geilleagair, ní aithnítear i dtráchtaireacht den chineál sin an dlúthnasc atá idir coinníollacha ábhartha eacnamaíochta agus na hidé-eolaíochtaí atá i réim sa tsochaí, rud atá léirithe go minic ag eolaithe polaitiúla. Go deimhin, mar a thaispeánann taighdeoirí amhail Pickett agus Wilkinson (2010) agus Inglehart (2018), cinntíonn an éagobhsaíocht a chruthaíonn an nualiobrálachas go mbíonn clocha níos mó ar a bpaidríní ag formhór na ndaoine ná cúiseanna ‘iar-ábharaíocha’ mar dhán mionteangacha (Ó Ceallaigh 2019: 149–52).

45 Is ábhar suntais é gur ar éigean a aithnítear an col atá ag an nualiobrálachas le polasaí sóisialta sa litríocht ar pholasaí teanga, ar cineál polasaí sóisialta é, ar ndóigh. Cé go n‑admhaítear go minic go gcuireann fórsaí eacnamaíochta le hiompú teanga, is fíorannamh samplaí den phróiseas seo tugtha ná aon chás leagtha amach a mhíníonn é go beacht, gan trácht ar mholtaí a thabhairt le dul i ngleic leis. Is beag caint a bhíonn ar an neamhréiteach bunúsach seo idir polasaí athneartaithe teanga agus an nualiobrálachas sa dioscúrsa poiblí ar an nGaeilge ach an oiread. Go deimhin, le linn na mblianta ba mheasa den ghéarchéim eacnamaíochta, ní dhearna formhór mór na ngrúpaí teanga sa tír aon iarracht a gcás a nascadh leis an iliomad grúpa a bhí ag troid in aghaidh na déine. Tuigeadh ionsaithe ar an teanga mar rud a bhain le polaiteoirí aonair a raibh fuath pearsanta acu ar an nGaeilge ar chúis éigin, ní mar rud struchtúrtha atá lárnach don chaoi a n‑oibríonn an stát. Mar a deir Ó Murchú, ‘[r]ómhinic sa tír seo cuirtear an locht ar dhaoine nuair is cirte é a chur ar chóras nó ar choinníollacha’ (2006: 27). Cé go raibh na mórshiúil ‘Dearg le Fearg’ ann in 2014, is léir nach raibh siad sách láidir le cur i gcoinne na n‑ionsaithe móra a rinneadh ar thacaíocht do phobal na teanga, mar a pléadh thuas. Agus ar ndóigh, chuir an stát an ghluaiseacht ba mhó in aghaidh na gciorruithe sa nGaeltacht, Guth na Gaeltachta, faoi chois in 2012 (Ó Ceallaigh 2019: 219–235).

46 Tá sé ríthábhachtach a aithint freisin nach feiniméan Éireannach amháin é seo, ach go raibh an cineál patrúin chéanna de chiorruithe tar éis 2008 le feiceáil le teangacha mionlaithe eile freisin, cé nach bhfuil ach fíorbheagán taighde acadúil ann faoin gceist seo go hidirnáisiúnta. Bhí tionchar na déine le feiceáil go soiléir sa mBreatain Bheag (Cymdeithas Yr Iaith Gymraeg 2015), i dTír na mBascach agus sa gCatalóin chomh maith (Casado Del Río et al. 2016). Ag tabhairt rátaí boilscithe san áireamh, gearradh a bhí ann ar bhuiséad suarach Ghaeilge na hAlban freisin — le rud beag ní ba mhó ná 30% de chiorrú idir 2008 agus 2019 (Misneachd 2021). Ní haon iontas é seo uile — is córas idirnáisiúnta é an caipitleachas. Bíodh is go raibh ciorruithe ní ba mheasa ann don Ghaeilge in Éirinn, níl ansin ach léiriú ar an gcaoi ar ghlac Éire leis an gcur chuige nualiobrálach ar bhealach ní ba dhíograisí ná go leor tíortha eile, agus ar dhonacht na géarchéime eacnamaíochta a tharla sa tír seo dá bharr.

47 Mar is léir, leis an nualiobrálachas mar idé-eolaíocht chomónta ag lucht na cumhachta in Éirinn (Murphy 2014: 139–40) agus i dtíortha eile chomh maith, tá gá le hanailís níos doimhne a dhéanamh ar an bhfadhb struchtúrtha seo atá taobh thiar de chuid mhaith de na dúshláin atá romhainn. Tá súil agam go gcuirfidh an t‑alt seo leis an iarracht anailís den sórt sin a dhéanamh.

Saothair a ceadaíodh

Allen, K. agus O’Boyle, B. (2013) Austerity Ireland: The Failure of Irish Capitalism. London: Pluto Press.

Bachrach, P. agus Baratz, M. (1963) ‘Decisions and Nondecisions: An Analytical Framework’. In: The American Political Science Review 57 (3): 632–642.

Bachrach, P. agus Baratz, M. (1970) Power and Poverty. Oxford: Oxford University Press.

Block, F. (2020) [1977] The Ruling Class Does Not Rule. Ar fáil ag: https://jacobinmag.com/2020/04/ruling-class-capitalist-state-reform-theory [faighte 5 Iúil 2021].

Brennan, M. (2010) ‘Vow to triple our Irish speakers Government unveils its 20-year strategy’. In: Irish Independent, 22 Nollaig 2010. Ar fáil ag: http://www.independent.ie/irish-news/vow-to-triple-our-irish-speakers-26608582.html [faighte 22 Eanáir 2021].

Byrne, S. (2018) An Plean Forbartha Náisiúnta agus an Ghaeltacht 2018–2027. Ar fáil ag: https://teachtaniar.eu/proxy/pdf/anaili-s-ar-chaiteachas-an-rialtais-ar-an-ngaeltacht-agus-an-ghaeilge-leagan-deif-22052018-g/ [faighte 23 Eanáir 2021].

CAI (2010) Ireland: Letter of Intent, Memorandum of Economic and Financial Policies, and Technical Memorandum of Understanding. Ar fáil ag: https://www.imf.org/external/np/loi/2010/irl/120310.pdf [faighte 4 Aibreán 2020].

Cairney, P. (2012) Understanding Public Policy. Basingstoke: Palgrave Macmillan.

Casado Del Río, M. A. et al. (2016) ‘The impact of the cuts to regional public service broadcasters on the audiovisual industry: the Basque Country and Catalonia (2007–2014)’. In: Communication & Society 29 (4): 9–27.

Coimisiún na Gaeltachta (2002) Tuarascáil/Report. Baile Átha Cliath: An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

Conradh na Gaeilge (2012) Scannal Deireadh A Chur Le Deontas Gaeltachta na nÁbhar Oidí. Ar fáil ag: https://cnag.ie/ga/nuacht/166-no-coordination-in-decision-to-abolish-gaeltacht-grants-for-trainee-teachers.html [faighte 23 Eanáir 2021].

Conradh na Gaeilge (2017) Infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ó 2018 ar aghaidh — An cás le haghaidh maoiniú bhreise. Leagan 5.0. Ar fáil ag: https://www.cnag.ie/images/GaelV%C3%B3ta/24SA2017_Plean_MaoiniuBreise.pdf [faighte 21 Iúil 2020].

Coulter, C. agus Nagle, A. (2015) Ireland under Austerity: Neoliberal Crisis, Neoliberal Solutions. Manchester: Manchester University Press.

Culture, Welsh Language and Communications Committee (2017) Outside the Box: The Future of S4C. Ar fáil ag: https://senedd.wales/laid%20documents/cr-ld11157/cr-ld11157-e.pdf [faighte 8 Iúil 2021].

Culture, Welsh Language and Communications Committee (2019) Supporting and Promoting the Welsh Language. Ar fáil ag: https://senedd.wales/laid%20documents/cr-ld12636/cr-ld12636-e.pdf [faighte 8 Iúil 2021].

Cymdeithas Yr Iaith Gymraeg (2015) Lack of investment in the Welsh language: Welsh Government draft budget proposals for 2015–16. Response from Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (The Welsh Language Society). Ar fáil ag: https://business.senedd.wales/documents/s30197/FIN4%20-%2015-16WGDB17%20The%20Welsh%20Language%20Society.pdf [faighte 8 Iúil 2021].

Dáil Éireann (2017) Scéim na mBóithre Pobail. Dáil Éireann Debate, Tuesday — 11 April 2017. Scéim na mBóithre Pobail. Written Answers. Ceist 470 ó Pearse Doherty don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta Seán Kyne. Ar fáil ag: https://www.oireachtas.ie/en/debates/question/2017-04-11/470/?highlight%5B0%5D=na [faighte 22 Eanáir 2021].

Dáil Éireann (2018a) Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Dáil Éireann Debate, Tuesday — 23 January 2018. Ar fáil ag: https://www.oireachtas.ie/ [faighte 22 Eanáir 2021].

Donovan, D. (2016) Independent Evaluation Office of the International Monetary Fund Background Paper: the IMF’s Role in Ireland. Ar fáil ag: https://ieo.imf.org/~/media/IEO/Files/evaluations/completed/07-28-2016-the-imf-and-the-crises-in-greece-ireland-and-portugal/eac-bp-16-02-04-the-imf-s-role-in-ireland-v5.ashx [faighte 4 Iúil 2021].

Edwards, J. (2007) ‘Language Revitalization and its Discontents: An essay and review of Saving languages: An introduction to language revitalization’. In: Canadian Journal of Applied Linguistics 10 (1): 101–120.

Gamble, A. (2009) The Spectre at the Feast: Capitalist Crisis and the Politics of Recession. Basingstoke: Palgrave Macmillan.

Guth na Gaeltachta (2010) Open letter to An Taoiseach and An Tánaiste about the future of the Gaeltacht. Ar fáil ag: https://web.archive.org/web/20130709031701/http://guthnag.com/summary.html [faighte 23 Eanáir 2021].

Hardiman, N. agus Regan, A. (2012) ‘The politics of austerity in Ireland’. In: Intereconomics 48 (1): 9–13.

Hay, C. (2002) Political Analysis: A Critical Introduction. Basingstoke: Palgrave Macmillan.

Inglehart, R. (2018) ‘The Silent Revolution in Reverse: The Rise of Trump and the Authoritarian Populist Parties’. In: Inglehart, R. (eag.) Cultural Evolution: People's Motivations are Changing, and Reshaping the World. Cambridge: Cambridge University Press: 73–199.

Jordan, A. G. agus Richardson, J. J. (1987) British Politics and the Policy Process. London: Allen & Unwin.

Kay, A. (2005) ‘A Critique of the use of Path Dependency in Policy Studies’. In: Public Administration 83 (3): 553–571.

Kirby, P. (2010) Celtic Tiger in Collapse: Explaining the Weaknesses of the Irish Model. Basingstoke: Palgrave MacMillan.

Klein, N. (2007) The Shock Doctrine: The Rise of Disaster Capitalism. London: Allen Lane.

Krugman, P. (2015) ‘The Austerity Delusion’. In: The Guardian, 29 Aibreán 2015. Ar fáil ag: http://www.theguardian.com/business/ng-interactive/2015/apr/29/the-austerity-delusion [faighte 22 Eanáir 2021].

Laeven, L. agus Valencia, F. (2012) Systemic Banking Crises Database: An Update. Ar fáil ag: https://www.imf.org/external/pubs/ft/wp/2012/wp12163.pdf [faighte 22 Eanáir 2021].

Lenoach, C. et al. (2012) An Chonair Chaoch: An Mionteangachas sa Dátheangachas. Indreabhán: Leabhar Breac.

Lukes, S. (1974) Power: A Radical View. London: Macmillan.

MacCarthaigh, M. (2017) ‘Reforming the Irish public service: A multiple streams perspective’. In: Administration 65 (2): 145–164.

McCabe, C. (2013) Sins of the Father: The Decisions that Shaped the Irish Economy. Dublin: History Press.

McCarthy, C. et al. (2009a) Report of the Special Group on Public Service Numbers and Expenditure Programmes Volume I. Dublin: Department of Finance.

McCarthy, C. et al. (2009b) Report of the Special Group on Public Service Numbers and Expenditure Programmes Volume II: Detailed Papers. Dublin: Department of Finance.

Mercille, J. agus Murphy, E. (2015) Deepening Neoliberalism, Austerity and Crisis: Europe’s Treasure Ireland. Basingstoke: Palgrave Macmillan.

Mirowski, P. (2013) Never Let a Serious Crisis go to Waste: How Neoliberalism Survived the Financial Meltdown. London: Verso.

Misneachd (2021) ‘Empowering Gaelic Communities: A New Deal for Gaelic Language Community Development — Cumhachd ann an Làmhan nan Coimhearsnachdan: Cothrom Ùr do Leasachadh Coimhearsnachd na Gàidhlig. Discussion paper’. Ar fáil ag: https://drive.google.com/file/d/1kWBw6y_OP_dskF9Yebt4dJeY4x-Ut9C5/view [faighte 8 Iúil 2021].

Murphy, M. P. (2014) ‘Ireland: Celtic Tiger in Austerity — Explaining Irish Path Dependency’. In: Journal of Contemporary European Studies 22 (2): 132–142.

Murphy, M. P. agus Dukelow, F. (2016) The Irish Welfare State in the Twenty-First Century. Basingstoke: Palgrave MacMillan.

Ó Caollaí, É. (2019) ‘‘Erasmus na Gaeilge’ to bring 175 students to Gaeltacht areas’. In: Irish Times, 13 Bealtaine 2019. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/news/education/erasmus-na-gaeilge-to-bring-175-students-to-gaeltacht-areas-1.3890310 [faighte 26 Deireadh Fómhair 2021].

Ó Ceallaigh, B. (2019) Neoliberalism and Language Shift: the Great Recession and the Sociolinguistic Vitality of Ireland’s Gaeltacht, 2008–18. Tráchtas PhD, Ollscoil Dhún Éideann (neamhfhoilsithe). Ar fáil ag: https://era.ed.ac.uk/handle/1842/37133 [faighte 23 Eanáir 2021].

Ó Ceallaigh, B. (2020) ‘Neoliberal globalisation and language minoritisation: Lessons from Ireland 2008–18’. In: Language and Communication 75: 103–116.

Ó Coimín, M. (2014) ‘Cóipeáil, comhtharlú nó comhcheilg?’ In: Tuairisc.ie, 9 Deireadh Fómhair 2014. Ar fáil ag: http://tuairisc.ie/coipeail-comhtharlu-comhcheilg/ [faighte 23 Eanáir 2021].

Ó Coimín, M. (2017) ‘Imní ar phríomhoidí Gaeltachta faoi easpa múinteoirí do chur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta’. In: Tuairisc.ie, 15 Bealtaine 2017. Ar fáil ag: http://tuairisc.ie/imni-ar-mhuinteoiri-gaeltachta-faoin-easpa-muinteoiri-ata-a-gcur-ar-fail-do-chur-i-bhfeidhm-an-pholasai-oideachais-gaeltachta/ [faighte 23 Eanáir 2021].

Ó Cuaig, S. (2021) ‘Le go mbeadh seans ar bith ag an nGaeltacht caithfimid éirí i bhfad níos bródúla aisti’. In: Tuairisc.ie, 12 Eanáir 2021. Ar fáil ag: https://tuairisc.ie/le-go-mbeadh-seans-ar-bith-ag-an-ngaeltacht-caithfimid-eiri-i-bhfad-nios-brodula-aisti/ [faighte 8 Iúil 2021].

Ó Gairbhí, S. T. (2017) Súil Eile. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Giollagáin, C. (2018) ‘Tús áite d’fhealsúnacht na bhfoghlaimeoirí Gaeilge seachas do riachtanais an phobail Ghaelaigh i bplean nua an Rialtais’. In: Tuairisc.ie, 5 Iúil 2018. Ar fáil ag: https://tuairisc.ie/tus-aite-dfhealsunacht-na-bhfoghlaimeoiri-gaeilge-seachas-do-riachtanais-an-phobail-ghaelaigh-i-bplean-nua-an-rialtais/ [faighte 23 Eanáir 2021].

Ó Giollagáin, C. et al. (2007) Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó hÉallaithe, D. (2017) ‘Athraímis na teorainneacha, ach ‘cultural appropriation’ a bheadh i stádas Gaeltachta do leithéid Chluain Dolcáin’. In: Tuairisc.ie, 24 Feabhra 2017. Ar fáil ag: http://tuairisc.ie/athraimis-na-teorainneacha-ach-cultural-appropriation-a-bheadh-i-stadas-gaeltachta-do-leitheid-chluain-dolcain/ [faighte 23 Eanáir 2021].

Ó hIfearnáin, T. agus Walsh, J. (2018) An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Murchú, H. (2014) More Facts About Irish, volume 2. Ar fáil ag: https://web.archive.org/web/20171222121044/http://www.gaelport.com/uploads/documents/More%20Facts%20About%20Irish%20(2014)%20-%20Helen%20%C3%93%20Murch%C3%BA.pdf [faighte 23 Eanáir 2021].

Ó Murchú, M. (2006) Ag Dul Ó Chion? Cás na Gaeilge 1952–2002. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Neachtain, E. (2014) ‘The Irish Gaeltacht: the limitations of regional development and linguistic autonomy’. In: Salat, L. et al. (eag.) Autonomy Arrangements around the World: A Collection of Well and Lesser Known Cases. Editura Institutului pentru Studierea Problemelor Minorităţilor Naţionale: 367–415.

Ó Riagáin, P. (1996) ‘Reviving the Irish language: 1893–1993: The first one hundred years’. In: Nic Craith, M. (eag.) Watching One’s Tongue: Issues in Language Planning. Learpholl: Liverpool University Press: 33–55.

Ó Riagáin, P. (1997) Language Policy and Social Reproduction: Ireland 1893–1993. Oxford: Clarendon Press.

O’Brien, P. (2012) ‘Opposition TDs stage walkout… over Gaeltacht’. In: Irish Examiner, 20 Iúil 2012. Ar fáil ag: http://www.irishexaminer.com/ireland/politics/opposition-tds-stage-walkout-over-gaeltacht-201372.html [faighte 22 Eanáir 2021].

O’Halloran, M. (2016) ‘Arts now a ‘Frankenstein department’, says Sinn Féin’. In: Irish Times, 23 Meitheamh 2016. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/news/politics/oireachtas/arts-now-a-frankenstein-department-says-sinn-f%C3%A9in-1.2695535 [faighte 22 Eanáir 2021].

Oireachtas Éireann (2018) ‘Joint Committee on Culture, Heritage and the Gaeltacht díospóireacht — Dé Céadaoin, 9 Beal 2018. Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé (Atógáil)’. Ar fáil ag: https://www.oireachtas.ie/ga/debates/debate/joint_committee_on_culture_heritage_and_the_gaeltacht/2018-05-09/3/ [faighte 22 Eanáir 2021].

Peck, J. agus Tickell, A. (2002) ‘Neoliberalizing Space’. In: Antipode 34: 380–404.

Picket, K. & Wilkinson, R. (2010) The Spirit Level: Why Greater Equality Makes Societies Stronger. New York: Bloomsbury Press.

Rialtas na hÉireann (2010) An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Rialtas na hÉireann (2012) Acht na Gaeltacht, 2012 agus Meabhrán Míniúcháin Agus Airgeadais. Ar fáil ag: https://www.oireachtas.ie/ga/bills/bill/2012/53/ [faighte 23 Eanáir 2021].

Rialtas na hÉireann (2018) Tionscadal Éireann 2040: An Plean Forbartha Náisiúnta 2018–2027. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/pdf/?file=https://assets.gov.ie/99108/b7cd12f1-f418-4308-af67-7cdf74b97bd1.pdf#page=null [faighte 23 Eanáir 2021].

Roche, W. K. et al. (2017) Austerity and Recovery in Ireland: Europe’s Poster Child and the Great Recession. Oxford: Oxford University Press.

Roinn an Airgeadais (2010) Infrastructure Investment Priorities 2010–2016: A Financial Framework. Ar fáil ag: http://edepositireland.ie/bitstream/handle/2262/79898/infrastructure%20investment%20priorites%202010-2016.pdf [faighte 23 Eanáir 2021].

Roinn an Taoisigh (2015) An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 Tuarascáil ar dhul chun cinn: Iúil 2013–Meán Fómhair 2014 Roinn an Taoisigh. Ar fáil ag: https://web.archive.org/web/20190208153910/https://www.taoiseach.gov.ie/irish/Foilseach%C3%A1in/Foilseach%C3%A1in_2014/Tuairascail_Strait%C3%A9is_20_Bliain_don_Ghaeilge_2010-2030.pdf [faighte 12 Eanáir 2021].

Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (2020) Acht na Gaeltachta 2012: Treoirlínte Pleanála Teanga. Eagrán 5. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/treoirlinte-pleanala-teang/ [faighte 22 Eanáir 2021].

Seanad Éireann (2017) Seanad Éireann díospóireacht — Déardaoin, 2 Feabh 2017 Irish Language: Statements. Ar fáil ag: https://www.oireachtas.ie/ga/debates/debate/seanad/2017-02-02/12/?highlight%5B0%5D=irish [faighte 23 Eanáir 2021].

Shohamy, E. (2006) Language Policy: Hidden Agendas and New Approaches. New York: Routledge.

TG4. (2016) Joint Committee on Communications, Climate Action and Environment: Public Consultation on Funding of Public Service Broadcasting in Ireland. 22nd November 2016. Ar fáil ag: https://web.archive.org/web/20180429152034/http://www.oireachtas.ie/parliament/media/committees/communicationsclimatechangenaturalresources/publicservicebroadcasting/opening-statements/TG4-PaipearCulraComhchoisteOireachtais.docx [faighte 1 Nollaig 2021].

Tuairisc.ie (2017) ‘Coiste Gaeilge an Rialtais ag bun an tábla maidir le cruinnithe — figiúirí nua’. In: Tuairisc.ie, 25 Bealtaine 2017. Ar fáil ag: http://tuairisc.ie/coiste-gaeilge-an-rialtais-ag-bun-an-tabla-maidir-le-cruinnithe-figiuiri-nua/ [faighte 23 Eanáir 2021].

Tuairisc.ie (2018a) ‘Níl feidhm ar bith le haon chuid den struchtúr a bhí in ainm is an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích — taighde nua’. In: Tuairisc.ie, 21 Márta 2018. Ar fáil ag: https://tuairisc.ie/nil-feidhm-ar-bith-le-haon-chuid-den-struchtur-a-bhi-in-ainm-is-an-straiteis-20-bliain-don-ghaeilge-a-chur-i-gcrich-taighde-nua/ [faighte 23 Eanáir 2021].

Tuairisc.ie (2018b) ‘Leath an méid airgid bhreise a mheas siad a bhí ag teastáil don Ghaeilge a fuair Roinn na Gaeltachta do 2018’. In: Tuairisc.ie, 22 Feabhra 2018. Ar fáil ag: https://tuairisc.ie/leath-an-meid-airgid-breise-a-mheas-siad-a-bhi-ag-teastail-don-ghaeilge-a-fuair-roinn-na-gaeltachta-do-2018/ [faighte 23 Eanáir 2021].

Tuairisc.ie (2021) ‘‘Creimeadh’ á dhéanamh ar sheirbhís Raidió na Gaeltachta de dheasca easpa acmhainní’. In: Tuairisc.ie, 12 Feabhra 2021. Ar fáil ag: https://tuairisc.ie/creimeadh-a-dheanamh-ar-sheirbhis-raidio-na-gaeltachta-de-dheasca-easpa-acmhainni/ [faighte 7 Iúil 2021].

Údarás na Gaeltachta (2010) Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2009/Annual Report and Accounts 2009. Ar fáil ag: https://web.archive.org/web/20171218085514/http://www.udaras.ie/wp-content/uploads/2012/06/2009-Annual-Report-and-Accounts.pdf [faighte 23 Eanáir 2021].

Údarás na Gaeltachta (2016) Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2015/Annual Report and Accounts 2015. Ar fáil ag: http://www.udaras.ie/wp-content/uploads/2016/12/Tuarascail-Bhliantuil-2015-D.pdf [faighte 23 Eanáir 2021].

Walsh, J. (2011) ‘An Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ní bheidh deis níos fearr ar fáil’. In: Comhar 71 (2): 3–6.

Walsh, J. (2014) ‘An ceart ag an gCoimisinéir’. In: Comhar 74 (1): 10–11.

Williams, G. agus Morris, D. (2000) Language Planning and Language Use: Welsh in a Global Age. Cardiff: University of Wales Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2022.
ISSN: 2009-8626