Múinídh dom Glao: Éifeacht Mhothálach an Ghairmigh ag Filí na Gaeilge

Michelle O Riordan

Leabhar Breac (2016) | 78 lch | ISBN: 978-1-909907-99-7 | €15

1 Ón dán ‘A sheanfhilí, múinídh dom glao’ le Seán Ó Ríordáin a thagann teideal an leabhair seo. Sa chéad véarsa, maíonn pearsa an dáin go bhfuil focail á gcuardach aige atá ‘Folaithe i gceo na haimsire’ agus ‘scaipithe i leabhraibh léinn / Is fós i gcuimhne seanóirí’ (Ó Coileáin 2011: 48). Tá mórán dá bhfuil folaithe i gceo na haimsire agus scaipthe i leabhraibh léinn scagtha ag Michelle O Riordan sa saothar seo. Mar is léir ó fhotheideal an leabhair, ‘Éifeacht mhothálach an ghairmigh ag filí na Gaeilge,’ cuireann an t‑údar roimpi iniúchadh a dhéanamh ar chiúta ar leith atá le fáil i bhfilíocht na Gaeilge. Léiríonn sí an leas fairsing ab fhéidir le filí a bhaint as bheith ag tagairt do dhuine sa tuiseal céanna: ‘Meas, dímheas; cion, fuath; fíor-aithne, bréag-aithne; uasal le híseal; sinsear le sóisear; bocht le saibhir — is féidir na céimeanna seo go léir a chur in iúl le ciútaí trína mbaintear leas nó aimhleas as an ainm dílis’ (8). Déantar scagadh ‘ar ghnéithe ar leith d’úsáid an ghairmigh sna dánta atá roghnaithe anseo’ (8). Chuige seo, pléitear mórán samplaí d’úsáid an ghairmigh chun dul i bhfeidhm ar an éisteoir / léitheoir agus is cumasach mar a úsáidtear an plé ar theicníc fhileata ar leith mar lionsa trína dtugtar léargas ar litríocht na Gaeilge thar thréimhse fhada.

2 I measc na saothar a chíortar, tá ‘Slán fat fholcadh’, dán le Tadhg Mór Ó hUiginn a cumadh ar Fhionnghuala, iníon Mhághnusa Uí Chonchobhair, bean a cailleadh sa bhliain 1310 (23–27). Glaoitear uirthi as a hainm sa chéad rann:

Slán fat fholcadh
a Fhionnghuala réidh roicheolchar;
th’fholt idir é
ní fhidir mé nach moitheochthar. (24)

3 Tugtar athfhriotal ar an rann i nGaeilge na linne seo, cur chuige cuiditheach a leantar in áiteanna eile sa saothar chomh maith: ‘Go n‑éirí t’fholcadh leat, a Fhionnghuala álainn, tabharfar do chuid gruaige faoi deara, pé scéal é’ (24). Is díol suime mar a aithnítear gur ‘céim dhíphearsantaithe’ atá i sampla eile d’ainmniú Fhionnghuala, áit a ‘measctar d’aon ghnó, an duine — Fionnghuala — leis an rí/dia Nuadha’ (25):

Do néimh th’aighthe
do áilnigh th’fholt cas claonbhuidhe
fionnNuadha Fáil
a Fhionnghuala Chláir Caonruighe

4 Is mar ‘Chuir Nuadha Fáil loinnir bhreise i do chuid gruaige trí áilneacht t’aghaidhe, a Fhionnghuala Chláir Chaonruighe’ (25) a thugtar an rann i nGaeilge na linne seo.

5 Pléitear an tionchar atá ag úsáid an ghairmigh ar cháilíocht liteartha an dáin ‘Déanam cunntus, a Chathail’ (33–35). Is dán é seo a chum Tadhg Dall Ó hUiginn ar Chathal Ó Conchobhair a maraíodh sa bhliain 1581. Is coscrach mar a labhrann an file leis an bhfear marbh as a ainm i rann 9:

Créad an tost atá oraibh,
a Chathail Í Chonchobhair,
gi bé do dáileadh damhsa
gan é d’áireamh oramsa?

6 Trí ghrinnléamh a dhéanamh ar an bhfriotal, léiríonn an t‑údar gur ‘d’aon ghnó a deineadh grádú nó céimniú chun an ainmnithe’ sa dán seo agus i ndánta eile (35).

7 Pléitear chomh maith an úsáid thar a bheith snoite a bhaintear as an ngairmeach in ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ le hEibhlín Dubh Ní Chonaill. Cuirtear samplaí iomadúla as an gcaoineadh ina dtagraítear d’Art i bhfrásaí ar nós ‘Mo chara go daingean thú’ agus ‘Mo chara is m’uan tú’ i láthair. Ina theannta sin, labhartar go díreach leis: ‘A mharcaigh na mbán-ghlac’ agus ‘A Airt an bhrollaigh ghil,’ mar shampla. Áitítear gur ‘buaic mhothálach’ an chuid sin den saothar dar tús na línte seo a leanas:

Mo chara is mo lao thu!
A Airt Uí Laoghaire
Mhic Conchubhair, Mhic Céadaigh,
Mhic Laoisigh Uí Laoghaire,
Aniar ón nGaortha
Is anoir ón gCaolchnoc

8 Léirítear gur trí ghlaoch ar Art as a ainm agus as a shinsear a dheimhnítear an tuiscint gur ar dhuine ar leith a ceapadh an caoineadh seo, ainneoin an saothar a bheith préamhaithe go domhain i dtraidisiún ársa (38–41).

9 Tugtar eolas cuí ar chúrsaí teanga agus ar an gcomhthéacs stairiúil le tacú leis an gcíoradh ar aeistéitic na saothar a phléitear sa leabhar seo agus cuirtear an t‑ábhar i láthair go heolgaiseach muiníneach i bprós atá soléite taitneamhach. Ní sheachnaítear téarmaí teicniúla agus mínítear go soiléir iad nuair a bhaintear leas astu. Tá Múinídh dom glao: Éifeacht mhothálach an ghairmigh ag filí na Gaeilge curtha amach go slachtmhar tarraingteach ag Leabhar Breac. Is éifeachtach mar a chuireann an plé ar theicníc fhileata ar leith lenár dtuiscint ar na dánta agus is saothar é seo a thugann léargas luachmhar dúinn ar shaibhreas liteartha na filíochta Gaeilge.

Deirdre Nic Mhathúna

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

Ó Coileáin, S. (eag.) (2011) Seán Ó Ríordáin: Na Dánta. Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Cló Iar-Chonnacht.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626