‘Gaoth Anoir’ le Conleth Ellis agus an ré iar-Chernobyl

Laoighseach Ní Choistealbha

Réamhrá

1 Phléasc freasaitheoir uimhir a ceathair den stáisiún núicléach Chernobyl, i dtuaisceart na hÚcráine, ar an 26 Aibreán 1986. Maraíodh 31 duine ar an toirt de bharr na radaíochta a scaoileadh ón bhfreasaitheoir, ach tá impleachtaí fadtéarmacha Chernobyl fós le soiléiriú (Ramberg 1986: 313). Lena chois sin, ní féidir teorainneacha ama ná áite a chur leis an tubaiste, mar a áitíonn Goatcher agus Brunsden ina n‑anailís ar thurasóireacht chuig Chernobyl sa lá atá inniu ann:

Whilst the Chernobyl disaster was a dramatic event, and the consequent evacuation of Pripyat a locally traumatic one, there are no precise temporal or spatial boundaries to the extent of the disaster (Goatcher agus Brunsden 2011: 117).

2 Agus é ag trácht ar an phléascadh, mhaígh an scoláire fealsúnachta Michael Marder gur bhain uafás Chernobyl le níos mó ná an eachtra a tharla in 1986:

What exploded in Chernobyl was more than a nuclear reactor. Its ultimate casualty was the future of human dwelling in what we succinctly term our natural environment […] It was symptomatic of the loss of a world where one could still breathe, live, and just be, the loss which could be sudden, triggered by an explosion, or gradual as in the case of global climate change (Marder agus Tondeur 2016: 42).

3 Níorbh aon údar iontais é, mar sin, gur spreag tubaiste mhillteach an lae sin roinnt filí Gaeilge chun pinn. I measc na ndánta a thagraíonn go sonrach d’ollphléasc Chernobyl, agus a théann i ngleic leis na ceisteanna eitice a d’eascair as an tubaiste, tá na dánta seo: ‘Chernobyl’ le Claire Dagger (2004: 40); ‘I ndiaidh Il-Loisceadh’ le Deirdre Brennan (1989: 13); ‘Trí Thrua na Bealarúise’ (2008: 12) agus ‘Na Trí Nithe is iontaí amuigh tar éis Chernobyl’ (1992: 13) le Bríd Ní Mhóráin; ‘Pobal Chernobyl Abú’ (1987: 66) agus ‘Chernobyl’ (1987: 68) le Ciarán Ó Coigligh; ‘Picnic i Reilig sa Bhílearúis’ le Celia de Fréine (2001: 67); ‘An Pháirc Fíogadáin’ le hEithne Strong (1998: 66–67) agus ‘Chernoble - Sellafield’ le Brian Ó Baoill (1992: 9). Pléann na dánta seo topaicí éagsúla a bhaineann leis an tubaiste: tinneas na radaíochta, saol mhuintir Pripyat, scrios na timpeallachta, iarmhairtí na radaíochta in Éirinn, agus araile.

4 Is é an dán ‘Gaoth Anoir’ le Conleth Ellis, áfach, an dán Gaeilge is toirtiúla agus is cuimsithí a scríobhadh faoi Chernobyl. Tá an dán seo suntasach, ní hamháin de bharr a ghainne is atá filíocht faoi Chernobyl ar an iomlán, ach sa mhéid is go gcuimsíonn sé na topaicí ar fad a luadh leis na dánta eile agus tuilleadh nach iad. Tugann an dán léargas suntasach don léitheoir ar ‘ultimate casualty’ an phléasctha a luann Marder thuas — scrios na timpeallachta ina maireann an duine. Ar an ábhar sin, is ar an téacs sin a dhíreofar san alt seo, ionas gur féidir peirspictíocht chaolchúiseach an fhile ar eachtra Chernobyl, agus ar na himpleachtaí eitice a bhí mar dhlúthchuid den tubaiste, a chíoradh. Tabharfar cuntas ar chúlra an dáin i dtosach, déanfar mionléamh teacsúil ar an dán féin ansin, agus mar chlabhsúr ar an alt, pléifear a thráthúla is atá an dán sa lá atá inniu ann.

Cúlra an Dáin

5 Foilsíodh an dán fada ‘Gaoth Anoir’ den chéad uair san iris liteartha Feasta i Meitheamh na bliana 1988. Ní fhaca Ellis an dán i gcló riamh, áfach, óir bhásaigh sé i mí na Bealtaine 1988. Níor cnuasaíodh an dán go ceann tríocha bliain beagnach ina dhiaidh sin, tráth ar fhoilsigh Coiscéim Stór na Síthe: Dánta Gaeilge Conleth Ellis, cnuasach a chuir Cathal Ó Háinle in eagar. I bplé an ailt seo baintear úsáid as an leagan seo den dán, ina bhfuil roinnt difríochtaí ó thaobh na teanga de, i gcomparáid le leagan Feasta, le sonrú ann. I mbrollach Stór na Síthe pléann an t‑eagarthóir an luí a bhí ag Ellis leis an dán fada. Bronnadh duais Oireachtais ar na dánta ‘Aincheist an Phiarsaigh’, ‘Lettre de Cachet’ agus ‘Táin’, sa Chomórtas don Dán Fada sna blianta 1979, 1981, agus 1982 faoi seach (Ó Háinle 2013: 65). Ag tagairt dó do chorpas filíochta Ellis agus don dán ‘Gaoth Anoir’ go speisialta, deir Ó Háinle:

Agus nach cuí gur dán fada traigéideach é an dán deireanach dá chuid, dán a foilsíodh i ndiaidh a bháis agus a bhfuil iarmhairtí na pléisce núicléiche i Chernobyl i 1986 pléite go coscrach ann agus a bhfuil imní chráite an chainteora faoina chlann agus a bhean chéile nochta go goilliúnach ann (Ó Háinle 2014: xv).

6 Is léir, áfach, nach téacs foirfe é an leagan seo de ‘Gaoth Anoir’ atá in úsáid san alt seo. Agus é i mbun léirmheasa ar Stór na Síthe, nocht Gréagóir Ó Dúill an tuairim nach raibh an deis ag Ellis cruth críochnúil a chur ar na dánta a foilsíodh in irisí amháin, seachas i gcnuasaigh de chuid an fhile, an dán ‘Gaoth Anoir’ san áireamh (Ó Dúill 2014: 28). Tá mionbhotúin teanga le sonrú sa téacs thall is abhus, mar shampla. Mar sin féin, díol suntais é nár mheall an dán suaithinseach seo aon phlé criticiúil go dtí seo. Tairngreacht fhadbhreathnaitheach ar cháil a shaothair féin ba ea an réamhrá a chuir Ellis le heagrán speisialta de Poetry Ireland Review in ómós a mheantóra, Eoghan Ó Tuairisc: ‘to write in two languages is to invite being ignored by the readers of each’ (Ellis 1985: 8). Diomaite d’aistí Uí Áinle agus de chúpla nóta thall is abhus i gcritic liteartha na Gaeilge (luann de Paor a shaothar in Leabhar na hAthghabhála (2016) agus in The Cambridge History of Irish Literature: Volume II (2006) mar shampla), is amhlaidh nár mheall filíocht Ellis aird chriticiúil chuimsitheach, i gceachtar teanga.

7 Ábhar iontais é an neamhaird seo, nuair a chuirtear corpas toirtiúil an fhile san áireamh: seacht gcnuasach Béarla agus cúig chnuasach Gaeilge a d’fhoilsigh sé. Is liosta le háireamh na dánta fada a chum sé, mar a luadh cheana, dánta a thuilleann breis plé agus anailíse ar bhonn comparáide. Leathbhreac an dáin ‘Gaoth Anoir’ (1988) is ea an dán fada Béarla, After Doomsday a chum sé a foilsíodh mar leabhar sa bhliain 1982. Sa dán seo cruthaítear íomhá dhuairc de thodhchaí núicléach na hÉireann, bunaithe ar bhileog eolais faoi thimpistí núicléacha a chéadfhoilsigh Roinn Cosanta na hÉireann in 1965 (Ellis 1982: 24). Ag tarraingt ar ábhar na bileoige sin, is mar seo a chuirtear tús leis an dán:

Once you hear the FINAL WARNING
go to your refuge room.
Yellow flags along roadways
will mean the fallout has started.
Bring your radio with you.
Remember,
you will not see it or feel it (AD: 9).

8 Cé gur chruthaigh Ellis tírdhreach núicléach hipitéiseach in After Doomsday, agus gur ag freagairt d’eachtra stairiúil a tharla le déanaí a bhí sé in ‘Gaoth Anoir’, tá roinnt cosúlachtaí idir an dá dhán ar a dtráchtfar go hachomair san alt seo. Mar sin féin, éilíonn na dánta fada seo aird chriticiúil agus cur chuige comparáideach a rianóidh an snáithe ceangail idir an dán Béarla agus an dán Gaeilge. Díreofar ar ‘Gaoth Anoir’ go sonrach san alt seo, ina scrúdófar an t‑athláithriú ar thubaiste ifreanda Chernobyl a chuireann an file de, agus na ceisteanna eitice atá mar chúis imní dó sa dán.

‘Gaoth Anoir’: struchtúr an dáin

9 226 líne agus dhá rannán déag atá in ‘Gaoth Anoir’. Nuair a céadfhoilsíodh an dán in Feasta sa bhliain 1988, chuir an file an sainmhíniú suntasach seo le teideal an dáin, ionas go dtuigfí céard a bhí i gceist leis:

GAOTH ANOIR, the east wind; GAOTH DHEARG, idem; GAOTH RUADH, idem; also a blasting wind. — Pádraig Ua Duinnín, Foclóir Gaedhlige agus Béarla’ (Ellis 1988: 16).

10 Sa Bhíobla, go háirithe sa Sean-Tiomna, baineann an ghaoth anoir le fearg Dé. Pléann an scoláire liteartha, Michael Ferber, brí na gaoithe seo ina leabhar faoin siombalachas sa litríocht:

The phrase ‘four winds’ occurs in both testaments of the Bible […] to refer to every quarter of sky or earth, but they are not named or described. Only the east wind is distinguished; it is generally a baleful force sent by God to blast the corn (Gen. 41. 6) or bring locusts (Exod. 10.13) or wither the vine (Ezek. 17.10) (Ferber 1999: 235).

11 Tá a leithéid seo le léamh i Leabhar Eacsadas, mar shampla:

Shín Maois a shlat amach os cionn talamh na hÉigipte agus sheol an Tiarna gaoth anoir thar an talamh agus shéid sí an lá sin agus an oíche sin gan stad, agus leis an láchaint thug an ghaoth anoir na lócaistí (Eacs. 10:13).

12 Agus sampla eile, ó Hóisé:

…tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi,
gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach;
agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc (Hós. 13: 15).

13 Le sainmhíniú bíobalta an fhile ar an ghaoth anoir, cruthaítear atmaisféar tubaisteach ag tús an dáin. Toisc gur tháinig radaíocht Chernobyl anoir ón Úcráin go hÉirinn, scaipthe san atmaisféar, d’fhéadfaí an ‘ghaoth anoir’ a nascadh le tuiscintí faoi na tíortha Sóivéadacha agus faoi Bhloc an Oirthir — faoi mar a tháinig díoltas Dé anoir mar phlá sa Bhíobla, tháinig baol nua-aoiseach na radaíochta anoir ón Aontas Sóivéadach. Cuimhnímis ar am a scríofa: bhí an Cogadh Fuar fós ar siúl, agus bhí teannas idir tíortha an Iarthair agus na tíortha a bhí ar an taobh eile den Chuirtín Iarainn — an Úcráin san áireamh. Chun uafás Chernobyl a athláithriú, ní haon iontas é, mar sin, go mbaineann Ellis úsáid as friotal bíobalta go minic sa dán, ionas go bhfuil sé in ann plá radaíochta a chur in iúl don léitheoir ar bhealach éifeachtach. Sonraítear meafar na gaoithe freisin sa dán ‘Na Trí Nithe is Iontaí amuigh tar éis Chernobyl’ le Bríd Ní Mhóráin, agus cur síos á dhéanamh ar an radaíocht ag teacht mar ‘anáil na gaoithe’ (1992: 13).

14 In ‘Gaoth Anoir’, labhraíonn an reacaire cráite amach faoi shaol ifreanda iar-Chernobyl sa chéad phearsa. Athraíonn suíomh an dáin siar is aniar idir timpeallacht an reacaire agus Pripyat, an baile is gaire do Chernobyl. Tá difríocht le sonrú i nguth an reacaire, ag brath ar an tírdhreach atá faoi chaibidil i rannáin éagsúla an dáin: tá an guth mothúchánach agus scanraithe sna véarsaí a théann i ngleic lena thimpeallacht féin agus le todhchaí a chlainne. Tá dul faisnéise ar an tráchtaireacht ar Pripyat, rud a bheas intuigthe sa chíoradh a dhéanfar ar chúlra nuachta an dáin ar ball. Seans, fiú, go bhfuil guthanna nó reacairí éagsúla i gceist. Ag trácht dó ar an dán ‘An Lá go dTáinig Siad’ le Derry O’Sullivan, a bhfuil guthanna éagsúla le cloisteáil ann freisin, áitíonn an scoláire Pádraig de Paor go gcuidíonn mearbhall na nguthanna leis an fhile ionannú (bíodh is gur ionannú lochtach é) a dhéanamh le híospartach: sa chás seo, cailín Giúdach i bPáras faoi réim na Naitsithe.

Tá an dán doiléir i gcodanna. Ní fios i gcónaí cén phearsa a labhraíonn linn: an cailín nó pearsa eile ar fad í. Mothaím go bhfuil pearsa Ghaelach ann á hionannú leis an ghirseach, ach gur ionannú fadhbach neamhiomlán é. […] I ndán Derry O’Sullivan, tugtar fá deara streachailt an fhile leis féin […] níor mhaith leis teacht i dtír ar fhulaingt an chailín, ach ní thig leis fanacht ina thost fúithi ach an oiread (de Paor 2013: 16–17).

15 Bíodh is nach bhfuil ‘Gaoth Anoir’ chomh hilfhónach leis ‘An Lá go dTáinig Siad’, airítear go bhfuil streachailt den chineál chéanna ar siúl sa dán seo. Tá doiléire agus mearbhall ann, agus tá an dán breac le mothúcháin an fhile féin agus le ceisteanna reitriciúla. Tá ceist reitriciúil le léamh in oscailt agus i gclabhsúr an dáin, agus nuair a cheistítear finné na tubaiste i rannán a seacht den dán, ní fhaigheann an reacaire freagraí sásúla uaidh. Ní éiríonn leis an reacaire ciall a bhaint as eachtra Chernobyl. Cosúil le cur chuige O’Sullivan, in ‘An Lá go dTáinig Siad’, ina léirítear nasc an fhile leis an chailín Giúdach, éiríonn le hEllis a thaithí féin ar an tubaiste — an scaoll in Éirinn — a fhí isteach sa dán, rud a threisíonn na mothúcháin a nochtann an reacaire. Pléann an dán uaillmhianach seo iarmhairtí na radaíochta ó pheirspictíochtaí difriúla atá fite fuaite le chéile, rud a mheabhródh cur chuige Uí Thuairisc sa dán cáiliúil ‘Aifreann na Marbh’ don léitheoir, inar pléadh buamáil Hiroshima ó pheirspictíocht Éireannach.

16 Cosúil le O’Sullivan agus Ó Tuairisc, tuigtear go bhfuil Ellis ag dul i ngleic le tubaiste nach raibh taithí phearsanta aige uirthi; níor fhulaing sé na héifeachtaí is measa a bhain leis an phléascadh. Dar le Nic Eoin, is minic a bhíonn dánta Gaeilge a théann i ngleic le cearta an duine nó le ceisteanna eitice scríofa ag filí a bhí dealaithe go maith ó láthair na cogaíochta nó na tubaiste. Is minic sa Ghaeilge go gcumtar ‘téacsanna filíochta ina dtugtar aghaidh ar choimhlintí foréigneacha nach raibh an file féin, ná formhór mór a p(h)obail léitheoireachta, rannpháirteach go díreach iontu’ (Nic Eoin 2004: 207). Tá sé sin fíor i gcás ‘Gaoth Anoir’. Dá éis sin is uile, toisc go bhfuil an radaíocht dofheicthe, ag teacht ar an ghaoth anoir, an bhfuil sé ceart a áiteamh nach finné é Ellis agus nach raibh sé thíos le dochar na radaíochta, ar bhealach? Ar an ábhar sin, áitíonn Marder go scriosann an radaíocht féin — atá dofheicthe, uilíoch, contúirteach — coincheapa an fhinné agus na fianaise:

…the very structure of witnessing breaks down there where the event […] practically merges with everyday life thanks to its imperceptibility. What is there to say about exposure to radiation that cannot be seen nor smelled nor heard nor touched nor tasted? (Marder agus Tondeur 2016: 24)

17 Eascraíonn neart ceisteanna as coincheap seo an fhinné, go háirithe maidir leis an radaíocht, atá lasmuigh de scóip an ailt seo. Is léir, áfach, gur mhothaigh Ellis go raibh dualgas air rud éigin a scríobh faoi thubaiste Chernobyl. Agus í ag trácht ar fhealsúnacht Uí Thuairisc maidir le ról an fhile, d’áitigh Máirín Nic Eoin gur chreid Ó Tuairisc go daingean ‘i ról an fhile mar fhinné, mar dhuine a léiríonn freagracht i leith gníomhartha daonna, agus a bhfuil cumas freagartha ann’ (Nic Eoin 2004: 213). Údar suime is ea an caidreamh pearsanta idir Ó Tuairisc agus Ellis, agus d’fhéadfaí a áiteamh go ndeachaigh na tuairimí seo i bhfeidhm ar Ellis, arbh é an file sóisearach é. Agus é ag caint faoin aimhréidhe a bhaineann leis an fhinné agus leis an ionadaíocht i litríocht na Gaeilge, is é tuairim Phádraig de Paor, atá ag teacht go mór le tuairimí Uí Thuairisc, go bhfuil fiúntas sa scríbhneoireacht a dhéanann iarracht dul i ngleic leis an olcas:

In ainneoin na gcontúirtí sin, áfach, a bhaineann leis an chumadóireacht mar shlí chun dul i ngleic leis an olc, dhealródh sé gur slí an-fhiúntach í an scríbhneoireacht, ach í a ionramháil i gceart, chun rúndiamhair sin an oilc a phlé (de Paor 2013: 63).

18 Bíodh Ellis ina fhinné nó ná bíodh, is léir go bhfuil ‘Gaoth Anoir’ ag iarraidh rud suntasach a rá i dtaobh na tubaiste seo. Ag breathnú ar ais ar ábhar an dáin féin, tá dhá phríomhshruth le cardáil san alt seo: 1) athláithriú ar imní roimh an radaíocht a bhraith pearsa i bhfad i gcéin ón láthair, reacaire an dáin sa chás seo, agus 2) iarmhairtí nithiúla na tubaiste agus athláithriú ar cheantracha bánaithe Pripyat, suíomh na tubaiste, atá bunaithe ar thuairiscí nuachta. Feidhmíonn an dá athláithriú seo mar léargais dhifriúla ar bhaol na radaíochta: léargas ar an radaíocht mar bhaol gníomhach a bhagraíonn ar phearsa an dáin, agus léargas ar iarsmaí céasta na daonnachta sa cheantar iardhaonna thart ar láthair na tubaiste. Cruthaíonn na léargais seo íomhá sceirdiúil den domhan iar-Chernobyl, i dtimpeallacht an reacaire agus in Pripyat araon. Déanfar scrúdú anois ar ábhar an dáin, agus déanfar measúnú ar rathúlacht Ellis maidir le ‘rúndiamhair sin an oilc’, i bhfocail de Paor, a chíoradh.

Radaíocht Chernobyl i dtimpeallacht an reacaire

19 Is maith mar a théann dán Ellis i ngleic leis an fheiniméan ar thug an socheolaí Ulrich Beck ‘an gheit antraipeolaíoch’ air. Is é atá i gceist le ‘geit antraipeolaíoch’ Beck ná gur bhraith an duine i gcónaí ar na céadfaí chun baol a shonrú. Tugann an radaíocht dúshlán na gcéadfaí, toisc nach féidir í a shonrú nó a thabhairt faoi deara ar chor ar bith. Mar a deir Beck:

In the face of this danger, our senses fail us. All of us — an entire culture — were blinded even as we saw. We experienced a world, unchanged for our senses, behind which hidden contamination and danger occurred that was closed to our view — indeed, to our entire awareness (Beck 1987: 154).

20 Is údar imní don fhile an easpa eolais seo. Agus é ag scríobh in After Doomday (1982), cuireann Ellis baol na radaíochta in iúl mar rud atá beo, atá i láthair sa timpeallacht, ach nach bhfuil inmhothaithe:

Remember,
the radio voice intoned
you will not see it.
You will not feel it.
We have instruments that tell
us where it is (AD: 1–6).

21 Cé go samhlaítear baol leis an ‘it’ seo, nach n‑ainmnítear riamh mar ‘radaíocht’ sa dán, ní léir go mbaineann drochrún antrapamorfach leis. In ‘Gaoth Anoir’, áfach, spreagtar Ellis chun íomhánna uamhnacha den radaíocht a chruthú. Cuireann na híomhánna seo mailís agus baol na radaíochta in iúl, agus cruthaíonn an file neach mioscaiseach den radaíocht. Sa chéad rannán den dán, léirítear an radaíocht mar dheamhan osnádúrtha mná a bhagraíonn ar gach a bhfuil thart uirthi. Is geall le bean sí, comhartha an bháis i mbéaloideas na hÉireann, an neach seo:

An bhfaca tú an ghaoth anoir
Ina seasamh ar bhinn an sciobóil,
Faghairt ina súil ghrinn
A cuid gruaige ina conairt sa tóir
Ar shionnach soineanta an fhéir,
Ar an uan taobh thall den aiteann,
Ar an mbláth a thagann go réidh
Ar an gcrann silíní san earrach? (GA: 1–8)

22 Ceist reitriciúil is ea: ‘an bhfaca tú an ghaoth anoir?’, ar ndóigh. Tá cuma na gaoithe seo, ar meafar í don radaíocht, thar a bheith feiceálach. Seasann an ghaoth ‘ar bhinn an sciobóil’, ag bun an chlóis, ag teacht salach ar shlándáil an tí agus ag bagairt ar an dúlra. Tá mianach feirge ar leith ina súil, agus léirítear gruaig na gaoithe mar ‘chonairt’ ar thóir an nádúir féin. An sionnach a shamhlaítear ina ainmhí glic de ghnáth, is soineanta atá sé sa dán seo agus é faoi bhagairt ag conairt na radaíochta, cosúil leis an uan féin a théann i bhfolach san aiteann. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil dlíthe traidisiúnta an nádúir féin curtha as a riocht ag an ghaoth anoir seo, agus an sionnach glic chomh leochaileach leis an uan.

23 Má ghlactar leis an neach seo mar íomhá mná sí, cuirtear in iúl don léitheoir go bhfógraíonn a láithreacht teacht an bháis, mar a mhaíonn an béaloideasaí Patricia Lysaght: ‘almost without exception the banshee […] warns of impending death’ (1974–1976: 105). Tagairt do bhuamáil núicléach Hiroshima, b’fhéidir, is ea an tagairt shuntasach don chrann silíní sa líne dheireanach den véarsa. Nó b’fhéidir gur meatonaime é seo agus gur meafar é an crann silíní do nimhiú radaighníomhach na gcrann go ginearálta. Leagtar béim ar mhilleadh an nádúir agus na bplandaí go minic sna dánta a scrúdaíonn eachtra Chernobyl. Sa dán ‘Trí Thrua na Bealarúise’, a phléann iarmhairtí Chernobyl sa Bhealarúis, leagann Bríd Ní Mhóráin béim ar thruailliú an nádúir ag an radaíocht: ‘lus geal gaoithe / treascartha ag séisiaim’ (2008: 12); sa dán ‘Chernoble – Sellafield’ le Brian Ó Baoill, tráchtar ar cheathanna radaíochta ag titim ar an fhéar (1992: 9). Maidir le ‘Gaoth Anoir’, sa dara véarsa den rannán seo, déanann pearsa an dáin achainí ar an duine eile an radaíocht a chloisteáil:

Ar chuala tú an ghaoth dhearg
Ina badhbh chaointe sa chathair
Ag glaoch faoi mar ba reilig
Beo-chlós na scoile, ag scairteadh
Ar chuidiú ón deargshíon
Chun nimh na ndúl a scaipeadh
Ina scéala ón ionad thíos
Ar aos óg i mbaol a bhasctha? (GA: 9–16)

24 Baintear úsáid as miotaseolaíocht na hÉireann arís — íomhá na baidhbhe — chun an baol radaighníomhach a léirshamhlú go sainiúil. Bandia na cogaíochta a bhí sa bhadhbh, a d’fhógair mearbhall ar pháirc an áir. I ndán Ellis, ní ar pháirc an chogaidh atá an t‑ár á dhéanamh ach i lár na cathrach, áit a bhfuil an gnáthrud laethúil ar siúl. Athraíonn an radaíocht féin clós scoile ina láthair mharfach — reilig na bpáistí — agus scaiptear, le cuidiú ón ‘deargshíon’, ‘nimh na ndúl’ — an radaíocht — ar fud na háite. Fiafraíonn pearsa an dáin den duine, ‘ar chuala tú an ghaoth dhearg?’ arís, ag impí air an neach osnádúrtha a thabhairt faoi deara. Sa tríú véarsa, tugann an file le fios den chéad uair gur ag labhairt faoi eachtra Chernobyl atá sé:

An í gaoth chróndearg na goimhe
A shéideann ina chuid fola
Ó Chernobyl an chroí chéasta,
A sheolann faoi cheilt chugainn
Spóir ó lus mór na coille,
A theitheann lúide a hanam
Ón deargchaor, ón luisne tinnis
A bhreoigh faoina craiceann? (GA: 17–24)

25 Tugtar faoi deara an focal ‘dearg’ sa rannán seo den dán, a thugann bríonna difriúla le fios: an dath féin, fuil, aimhe, tine, agus lasadh san áireamh. Ceanglaíonn Ferber an dath leis an diabhal féin: ‘red is sometimes the colour of the devil’ (1999: 169). Baineann an dath go dlúth le téama a thagann chun cinn sa véarsa seo, mar atá, breoiteacht agus nimh na radaíochta. Is geall le plá í an ghaoth anoir, agus ar nós lus mór na coille (deadly nightshadeAtropa Belladonna na Laidine), planda nimhneach ar féidir leis daoine a mharú, scaipeann sí a tinneas. Baintear úsáid as an fhocal ‘deargchaor’ — focal a chuireann pléascadh loiscneach Chernobyl agus caor lus mór na coille araon i gcuimhne don léitheoir. Tá an baol radaighníomhach dofheicthe sa véarsa seo arís: seoltar an radaíocht ‘faoi cheilt chugainn’. Samhlaítear an freasaitheoir núicléach a phléasc mar ‘chroí chéasta’ agus mar shiad urchóideach a chuireann ailse in iúl: ‘luisne tinnis/a bhreoigh faoina craiceann’.

26 Léiríonn imní an reacaire faoi éifeachtaí na radaíochta ina thimpeallacht féin an ghéarchéim a bhaineann le forlámhas an duine agus le cíocras chun fuinnimh, agus leis na cúinsí marfacha sa timpeallacht a eascraíonn astu sin. Agus é ag trácht ar an ré Antraipicéineach, áitíonn an scoláire Michael Cronin go gcuireann forlámhas an duine an duine féin i mbaol a bháis:

Once humans move from being biological agents to geological agents, dominating and determining the survival of many other species on the planet, they then become not so much subject to nature as a condition of nature itself. This dominance comes, of course, at the cost of the very survival of humanity (Cronin 2019: 53).

27 Cé nach mbaineann an ráiteas thuas le Chernobyl go beacht, is léir go mbaineann sé le hábhar: saint an duine chun fuinnimh a bhí mar bhunchúis le Chernobyl. Véarsaí thar a bheith íogair iad véarsaí a haon go dtí a trí i rannán a trí den dán, nuair a léiríonn an reacaire a mhothúcháin faoin radaíocht seo nach bhfuil le sonrú aige ina theach féin. Tá an baol dofheicthe seo ag bagairt ar shuaimhneas a thí agus ar shláinte a chlainne:

Nach athair mé?
Doirteann an t‑amhras
Ina cheathanna toirní
Ar mo pháistí
Agus iad ina gcodladh
Oíche seo na péiste
Go sámh taobh thiar den uafás.
….
Nach fear céile mé?
Úscann fuil ó ghlinnte an aeir
Ar análú mo mhná
Go gcrónaíonn línéadach
Lilíoch an philiúir
Oíche seo an tseamlais,
Ise faoi gheasa ag an tsíth (GA: 41–47; 57–63).

28 Díol suime é samhlú na radaíochta in After Doomsday, faoi mar a bhagraíonn sé ar theach an reacaire:

A morning after world’s end dawned with a small
White sun growing quickly out of the hill,
Sounds of water, and just the faintest smell

Of mint from the flowerbed directly under
Our broken window (AD: 74–78).

29 Mar ábhar comparáide, feictear arís nach samhlaítear an baol céanna leis an radaíocht in After Doomsday. Níl de thoradh ar an radaíocht ach fuinneog bhriste, i gcodarsnacht leis an uafás sa dán Gaeilge. In ‘Gaoth Anoir’, tá an chodarsnacht idir an suíomh teolaí tí — ‘línéadach lilíoch’ — agus an baol osnádúrtha radaighníomhach sa timpeallacht — ‘oíche seo an tseamlais’ — an-éifeachtach. Tagann an radaíocht faoi cheilt chucu, agus doirteann amhras an athar mar a bheadh ‘ceathanna toirní’ ar shuaimhneas codlata na bpáistí. Baintear úsáid as friotal bíobalta chun uafás na tubaiste a léiriú: úscann ‘fuil ó ghlinnte an aeir’ ar análú séimh na mná céile — íomhá a léiríonn gur mhill an radaíocht na Flaithis féin agus gur cneá angaidh anois iad. Cé nach sonraíonn sé an baol, samhlaíonn reacaire an dáin, trí na híomhánna, éifeachtaí coscracha na radaíochta ar a chlann agus ar a bhean chéile. Tá a mhothúcháin le léamh go soiléir ó na ceisteanna reitriciúla a chuireann sé air féin ag tús véarsaí a haon agus a trí: ní féidir leis a ról cosanta mar fhear céile agus mar athair a chomhlíonadh a thuilleadh. Tá dul na ciontachta le sonrú go láidir ar na véarsaí seo.

30 Sa dara véarsa de rannán a trí, déanann an reacaire iarracht dearmad a dhéanamh ar an eolas atá aige ar an radaíocht, mar gheall ar a scaoll. Tá cur síos soiléir ar na hiarrachtaí aige na céadfaí a mhúchadh. Tá íoróin ag baint leis seo, dar ndóigh; ní féidir leis na céadfaí an radaíocht a shonrú ar aon nós. Is léir gur óna mhothúcháin féin a éalaíonn sé:

Stopfaidh mé mo bhéal
Le cré bhuí na cille.
Dallfaidh mé ionam
Na scéin-fhuinneoga.
Cuirfidh mé tharam
Ré roithleagán
An dorchadais anocht
Má bhodhraítear dom
An chuisle seo ar mo chroí (GA: 48–56).

31 Tá mothúchán an reacaire i ndiaidh na tubaiste in After Doomsday an-chosúil leis na véarsaí thuas:

So, this is the ultimate release.
To cease
To think, to suffocate the pain.
Again, to enter the womb of the void (AD: 164–168).

32 Léiríonn an dá reacaire go santaíonn siad beirt an t‑eolas atá acu faoin radaíocht a ligean i ndearmad go hiomlán. Sna véarsaí in ‘Gaoth Anoir’, tugann an frása ‘cré bhuí na cille’ úrscéal cáiliúil Uí Chadhain, Cré na Cille, chun cuimhne. Ina theannta sin, áfach, tá brí eile le ‘cré bhuí’ a thugann camadaíl an duine nó smál sa duine nó san ainmhí le fios .i. ‘tagann an chré bhuí aníos’ — tá lochtanna le sonrú. Is geal le féincháineadh ar a chlaidhreacht féin an líne seo, b’fhéidir. Seans go bhfuil tábhacht le dath na cré féin. Agus é ag trácht ar bhuí mar dhath, deir Ferber:

Yellow may be a sign of disease as well as age […] In some countries during the Middle Ages, traitors and heretics were made to wear yellow; Jews wore a yellow star, a practice reimposed by the Nazi regime. Paintings of Judas often had him in yellow clothing (Ferber 1999: 245).

33 Tagann an dath buí chun cinn in After Doomsday freisin: ‘a shadow/of yellow grass […]/A yellow shadow of leaves in your face’ (AD: 153–155). An dtugann an chré bhuí seo lochtanna an reacaire nó lochtanna na daonnachta ar fad le fios, b’fhéidir? Leanann reacaire ‘Gaoth Anoir’ ar aghaidh lena chíocras chun neamhnithe: tá a shúile ina ‘scéin-fhuinneoga’, agus santaíonn sé ‘ré roithleagán / an dorchadais’ a chur thart air. Ní theastaíonn uaidh ach éalú ón eolas atá aige faoi ionsaí na radaíochta ar a chlann. Mar a phléann Beck agus an gheit antaipeolaíoch faoi thrácht aige, chuir pléascadh Chernobyl an difríocht idir an timpeallacht phoiblí agus domhan an teaghlaigh, a bhí príobháideach agus taobh istigh, ar ceal. Ag trácht ar an ghaol ghairid sin idir an réimse poiblí agus an réimse príobháideach atá Beck agus é ag trácht ar ról na máithreacha go speisialta:

Mothers […] formally the unpolitical protectrixes of life in the remaining protective areas of privacy — are now especially among the affected. Their children are in danger. The most intimate — say, nursing a child — and the most distant, most general — say, a reactor incident in the Ukraine, energy politics — are now suddenly directly connected (Beck 1987: 159).

34 Ar an dóigh chéanna, i línte 84–87 den dán, déanann Ellis achoimre ar chumas na radaíochta na céadfaí (‘súil’), an tsochaí (‘sráid’), an dúlra (‘crainn’), agus an nasc teaghlaigh (‘cíoch’, ‘leaba’) a mhilleadh. Mar shampla eile den fhriotal bíobalta sa dán, tagann an ghoimh uafásach seo ón diabhal féin, meafar a léiríonn ollchumhacht uafásach an phléasctha. Samhlaítear an freasaitheoir a phléasc mar dhiabhal, agus Pripyat féin mar ifreann:

Dhá lá ó bhrúcht aníos
Deannach feanntach an diabhail

Gur thit go leochaileach lústrach
Ar an tsráid is ar an tsúil,

Gur spréigh ina ghangaid anuas
Ar crann, ar cíoch, ar leaba [sic] (GA: 82–87).

35 Scriosann an baol radaighníomhach muinín an duine sna céadfaí agus cuirtear smál ar thearmann pearsanta an tí. Ní hann d’áit shlán, saor ó bhaol núicléach, níos mó. Léiríonn imní an fhile an gheit antraipeolaíoch a bhuail daoine tar éis an phléasctha radaighníomhaigh: ní raibh siad in ann an baol a shonrú ná ní raibh siad in ann a bpáistí a chosaint ón mbaol dofheicthe uileghabhálach. Mar a phléann Goatcher agus Brunsden: ‘the hazards elude the senses and descriptive language, and they remain un-grasped, but are nonetheless experienced’ (2011: 117). Cothaíonn an file atmaisféar scanrúil sa dán, agus níl drogall ar an reacaire a leochaileacht féin a léiriú; níl bealach ar bith aige chun a shaol ‘a thabhairt chun céille’:

Is athair-chrann lom mé
Nach dtugann an ghaoth
Aird dá laghad air.
Conas a thabharfainnse
An saol chun céille,

Conas a rachainn in éadan
Philéar an drochrúin
Is mé i mbun mo chúraim?
Díon deoire níl sa cheist agam.
Bhíos ar nós cuma liom
Gur dhaoras mo chúram chun báis
Nár shamhlaigh an básaire a chéasadh (GA: 68–79).

36 Ní thugann an ghaoth aird dá laghad ar a iarrachtaí a chlann agus a bhean a chosaint, mar ‘athairchrann lom’: íomhá a chuireann sceirdiúlacht agus nochtacht in iúl. Tá bríonna éagsúla leis an fhocal ‘cúram’ freisin — dualgas, freagracht, fostaíocht, suim, agus teaghlach, i measc rudaí eile. Mar sin, seans go bhfuil pearsa an dáin ag labhairt go díreach faoina chlann sna línte ‘gur dhaoras mo chúram chun báis’, nó seans go bhfuil sé ag labhairt faoi ‘chúram’ an duine don timpeallacht. Is íomhá bhuaiteach í a léiríonn an athuair ciontacht an reacaire: admhaíonn sé féin go raibh sé ‘ar nós cuma liom’ go dtí gur thit an tubaiste amach. Tráchtaireacht ar mheon an duine i leith na timpeallachta, b’fhéidir.

37 Samhlaíonn an reacaire é féin mar ‘bhásaire’, freisin, agus áitíonn sé nár shamhlaigh sé a chéasadh féin. D’fhéadfaí é seo a léamh freisin mar léiriú ar an chine dhaonna ar fad: básairí na timpeallachta nach samhlaíonn an céasadh a chruthaítear as a gcuid neamairt. Cuimsítear baol dofheicthe Chernobyl in íomhá fhísiúil an philéir, a sheasann do ‘dhrochrúin’ na radaíochta nach féidir le reacaire an dáin dul ina éadan. Is údar imní do reacaire an dáin é nach féidir leis an baol nua-aimseartha radaighníomhach a fheiceáil, a bhraith, nó a bholú, agus é ag cuimhneamh ar a theaghlach ach go háirithe. Agus é ag streachailt lena chiontacht féin sna véarsaí seo, cruthaítear íomhánna nithiúla chun dul i ngleic leis an bhaol uileghabhálach a chruthaigh an duine — fuil, ceathanna, piléar, gangaid, agus araile. Maidir leis an phlé faoi cheantracha bánaithe Chernobyl sa dán, is ar fhianaise nithiúil na tubaiste a dhíríonn sé freisin, trí earraí tréigthe na ndaoine agus trí fholús na háite a athláithriú. Déanfar scrúdú ar iarmhairtí Chernobyl mar léargas ar thimpeallacht mhillte iardhaonna sa phlé a leanas.

Ceantracha Bánaithe Chernobyl

38 Tuigtear don léitheoir go bhfuil ceantracha Chernobyl — go háirithe cathair na n‑oibrithe, Pripyat — bánaithe go hiomlán. San Aontas Sóivéideach mheall an chathair idéalach seo infheistíocht rialtais, in éineacht leis na hoibrithe is cumasaí, mar gheall ar thábhacht na cathrach don stáisiún núicléach. I ndiaidh an phléasctha in 1986, áfach, tháinig athrú iomlán ar an chathair seo, mar a phléann Paul Dobraszczyk ina alt faoi ‘petrified ruin’ na cathrach:

Such was the model status of Pripyat that it became one of the most prosperous towns in the Ukraine and was frequently visited by Soviet town planners and government officials. Yet, as with the reactor nearby, Pripyat’s model status is now ironic: its crumbling buildings and empty streets are set against the now eternal reactor sarcophagus, seen from every rooftop of the town’s buildings (Dobraczszyk 2010: 378).

39 Ag teacht le cur síos Dobraczszyk, cruthaíonn Ellis íomhá dhuairc de Pripyat in ‘Gaoth Anoir’, agus leagtar béim ar fholús na háite. Ceantar iardhaonna atá ann anois. Agus é ag trácht ar choincheap an Iardhaonnachais chun tuiscint a bhaint as tubaiste Chernobyl, mhínigh an socheolaí Owen Abbott go dtarlaíonn tubaistí timpeallachta ar nós Chernobyl agus an ghéarchéim aeráide mar gheall ar an ointeolaíocht dhéachúil atá ina cloch choirnéil de chuid na sochaí Iartharaí. I mbeagán focal, is ionann an ointeolaíocht dhéachúil agus an deighilt idir an duine — ar neach loighciúil, cultúrtha, agus réasúnta é — agus an nádúr, meaisíní, agus an timpeallacht:

The premise of the modern ontology dualism is that humans are special; humans are separated from machines, animals and nature because of our capacity for knowledge, reason, morality, culture, language and passion — to name but a few separating factors. As a result of viewing the world in terms of human specialism, the modern ontology has held that humans have agency, whereas everything else does not (Abbott 2016: 232–233).

40 Sna véarsaí faoi bhaile Pripyat, éiríonn le hEllis an smaointeoireacht dhénártha seo a iompú bunoscionn. Níl fágtha san áit ach foirgnimh, earraí, agus iarsmaí an tsaoil, agus is iadsan a ‘fheidhmíonn’ sa saol anois, mar a fheictear ó rannán a dó den dán:

Marbhthost ar na sráideanna
Agus bloic na n‑árasán
Ina gcéimseata gan chiall
Breactha ar an bhfolús.
Balún buí ar strae
Go caillte ar an dara hurlár,
Téad leis a chuardaíonn
Lámh leis an pháiste a theann.
Éadaí ar crochadh ar sreang,
Plandaí tí ina bpotaí cré.
Seargtha donn an duille.
Na héadaí aois á dtuaradh (GA: 25–36).

41 Ní tost ach marbhthost atá le cloisteáil in Pripyat. Athraítear áiteanna cónaithe na ndaoine — na bloic árasáin a bhí mar shiombail go minic den saol san Aontas Sóivéadach ar an iomlán — go ‘céimseata gan chiall’, frása a chuireann cúlra eolaíoch na tubaiste i gcuimhne don léitheoir. B’fhéidir go mbaineann Ellis úsáid as dhá bhrí an fhocail ‘tuar’ anseo: tirimeacht nó gealadh na n‑éadaí, agus tairngreacht. Feidhmíonn siad mar chomharthaí na todhchaí — tréigthe, bánaithe, gan daoine. Tá cosúlachtaí móra le tabhairt faoi deara idir na mionsonraí faoi Pripyat agus Chernobyl i ndán Ellis agus i dtuairisc nuachta faoi cheantracha bánaithe Chernobyl a scríobh Conor O’Clery, iriseoir, a foilsíodh i leathanaigh The Irish Times i Meitheamh 1987. Tá gach seans ann go raibh an tuairisc nuachtáin léite ag Ellis agus go ndeachaigh an cuntas ar bhánú na cathrach i bhfeidhm air. Tugtar cuntas éadóchasach ar Pripyat in alt O’Clery freisin: níochán fós ar an tsreang tuartha; an t‑óstán bainise; dealbh Lenin ina sheasamh i gcearnóg an bhaile; an gaineamh ar na fuinneoga; plandaí nua ag fás, agus araile (O’Clery 1987). Tá na héadaí agus na plandaí, a luadh thuas i rannán a dó, chun tosaigh in alt tosaigh na tuairisce:

On the balcony of a second-floor apartment, some washing is hanging on a string line — a vest, two shirts, a sheet and a couple of pairs of socks. Through the gap in the lace curtains can be seen a row of potted plants. The clothes have been drying for 412 days. The geraniums, if that is what they were, are brown wizened stalks (O’Clery 1987: 1).

42 Leagtar béim sna véarsaí seo ar fholús agus ar mhairbhe na háite. Níl daoine in Pripyat a thuilleadh, agus mar sin, tá féinriar aisteach tagtha ar na hearraí a fágadh san áit. Ní chuardaíonn an páiste an balún buí (dath an tinnis arís, mar a phléigh Ferber (1999: 245)): a mhalairt a tharlaíonn. Déanann na héadaí an todhchaí a thuar. Nuair a dhéantar tagairt d’obair na n‑eolaithe agus na nglantóirí i ndiaidh na tubaiste i rannán a sé den dán, baintear úsáid as an bhriathar shaor chun an gníomh a scaradh ón duine:

Agus baintear an barrfhód
Agus leagtar na crainn agus lomtar
Bláthcheapacha an earraigh.
Scaiptear gaineamh mar chumhdach (GA: 119–122).

43 Nuair a scaiptear an gaineamh leis an radaíocht a ghlanadh, tagann féinriar air, agus déantar pearsantú bagrach air i véarsa deireanach an rannáin sin:

Agus ingne an ghainimh, éist,
Á scríobadh go binbeach
Ar ghloine na dtithe ina bhfásann
Glasraí na hathbheochana nua (GA: 127–130).

44 Tá a leithéid le léamh freisin in After Doomsday, agus reacaire an dáin sin ag trácht ar an ‘new god’ atá ag teacht sa domhan tar éis na tubaiste núicléiche — macalla na hathbheochana a luaitear thuas:

No, let us not come face
To face with a new god’s nativity.
May we not hear voices in the stable,
A sound of wings above in the loft,
Rasp of fingers on a window,
Claw tapping a door (AD: 350–355).

45 Is tagairt chorr é ‘glasraí na hathbheochana nua’ sa líne dheireanach sa véarsa thuas ó ‘Gaoth Anoir’. Seans go bhfuil Ellis ag cur béime ar fhriotal bíobalta arís leis an ‘athbheochan’ seo, a chuirfeadh aiséirí Chríost, b’fhéidir, in intinn an léitheora. Toisc go ndéanann an file tagairt d’athbheochan choscrach na nglasraí, áfach — rud, is léir, nach gcuireann an reacaire ar a shuaimhneas — tá mothú an aitis le sonrú. Tá ‘fás’ agus ‘áiséirí’ de chineál éigin ar siúl i gceantair Chernobyl agus sa timpeallacht in After Doomsday, ach tá braistint osnádúrtha ag baint leis. Déantar tagairt don eachtra seo in alt O’Clery freisin, rud a mhíníonn, b’fhéidir, a bhfuil i gceist leis an ‘athbheochan’ aisteach seo:

…a gang of agricultural workers are bussed into the zone every day to cultivate strawberries, lettuce, peas, tomatoes, roses and 200 other varieties of plants. Another of their aims is to find out which plants will produce clean products from contaminated soil. […] With some misgivings we munched juicy freshly-plucked cucumbers as the sand blew lightly on the greenhouse glass from the wasteland outside (O’Clery 1987: 10).

46 Is cosúil go bhfuair Ellis sonraí na háite ó thuairiscí O’Clery, ach is suntasach an rud é gur athraigh sé meon an scéil go hiomlán. Cinnte, luann O’Clery roinnt ‘misgivings’ thuas, ach cruthaíonn Ellis íomhá scáfar, iardhaonna den teach gloine. Lena chois sin, seans go n‑úsáideann an file saothar na n‑oibrithe curaíochta a luann O’Clery thuas mar chúlra don véarsa seo i rannán deireanach an dáin. Luaitear an bus go sonrach:

Bus ag taiscéaladh glaineachta,
Fuinneoga dlúthdhruidte
Ina sreabhann thart faoin mbás (GA: 212–214).

47 Cé go léiríonn O’Clery na hoibrithe i lár phróiseas ‘na hathbheochana’ ina alt, ag teacht agus ag imeacht ar an bhus, díol suime é nach dtráchtann Ellis ar na daoine ar chor ar bith; cuireann an file béim ar iardhaonnachas na háite. Feictear gurb é an bus féin a dhéanann an obair seachas na hoibrithe: ar nós an bhalúin a chuardaíonn lámh an pháiste, cruthaíonn Ellis íomhá aisteach anseo a chuireann béim ar fhéinriar an bhus féin. Ag teacht leis seo, leagann an socheolaí, Bruno Latour, béim ar ról na n‑oibiachtaí sa ghníomh; dar leis, is rannpháirtithe iad rudaí agus uirlisí, go minic, nuair a chuirtear gníomh i bhfeidhm: ‘…these implements, according to our definition, are actors, or more precisely, participants in the course of action waiting to be given a figuration’ (2005: 71). Toisc go samhlaíonn an file ceantar Pripyat mar áit bhánaithe, iardhaonna, cuirtear féinriar ar oibiachtaí na háite; is rannpháirtí é an bus i ngníomh na glaineachta. Cuirtear béim ar an bhus mar neach beo: feidhmíonn na fuinneoga mar ‘sreabhann’, a chosnaíonn an bus ón radaíocht, rud a chuirfeadh cillscannán i gcuimhne don léitheoir. Tá bríonna éagsúla leis an bhriathar ‘taiscéaladh’ freisin: cuirtear cuardach, lorgaireacht, agus sirtheoireacht in iúl. Is rud luachmhar, cosúil le hór, í an ghlaineacht féin anois, a dtéann an bus ar a tóir. Leagtar béim ar na daoine nach bhfuil ann: rian na ndaoine sa tuairisc nuachta, ní luaitear é sa dán. Má tá nod dóchais le sonrú i dtuairisc O’Clery, ní hann dó i ndán Ellis. Ag teacht leis seo, i rannán a hocht, deir an file nár scriosadh tada ach an duine féin mar gheall ar phléascadh Chernobyl:

Níor scriosadh den saol ach daoine.
Fágadh na caidéil san airdeall.
Nach dul chun cinn é go dtig linn
A leithéid a dhéanamh,
Na héadaí a chur á dtuaradh
Ar sreang feadh na síoraíochta? (GA: 161–166)

48 Tá íomhá na n‑éadaí le feiceáil arís sa véarsa seo, agus leagtar béim an athuair ar dhébhríocht an fhocail ‘tuaradh’. Dealraíonn sé go bhfuil sibhialtacht an duine scriosta go hiomlán, agus go mbeidh na héadaí ar shreanga na síoraíochta mar iarsmaí den chine dhaonna. Tá blas an tsearbhais le tabhairt faoi deara sa cheist reitriciúil a chuireann an reacaire ar an léitheoir: ‘nach dul chun cinn é go dtig linn a leithéid a dhéanamh?’ Tá saint an chine dhaonna i dtreo nuálaíochta agus fuinnimh tar éis Pripyat a scriosadh, agus bagraíonn torthaí an phléasctha ar chlann agus ar shaol reacaire an dáin féin. Mar a phléann Michael Marder, fealsúnaí agus scoláire, ina shaothar faoi iarmhairtí na tubaiste, Chernobyl Herbarium: ‘We live in the shadow of an ever-present threat that our insatiable desire for energy would consume the entire world, without sparing us either’ (in Marder agus Tondeur 2016: 16). Feidhmíonn athláithriú Pripyat sa dán seo, ar bhealach, mar rabhadh don léitheoir faoina bhfuil i ndán don chine dhaonna, cé go léiríonn sé imeachtaí atá thart cheana féin.

49 Murab ionann is samhlú na radaíochta i dtimpeallacht an reacaire, ní thaispeántar an radaíocht in Pripyat mar dheamhan millteach. Is annamh a dhéantar tagairt don radaíocht féin sna véarsaí seo, ach cuirtear iarmhairtí seargtha na sibhialtachta i gcuimhne don léitheoir arís agus arís eile — faoi mar a léirítear an radaíocht in After Doomsday. Tá iarmhairtí seo an duine pléite ag Svetlana Alexievich, a chuaigh i ngleic leis an tubaiste ó thaobh an bhéaloidis de: ‘…the possessions without owners, the landscapes without people. The roads going nowhere, the cables leading nowhere. You find yourself wondering just what this is: the past or the future’ (Alexievich 2016: 33).

50 Is áit iardhaonna é Pripyat an dáin; bréagnaíonn an dán an ointeolaíocht dhéachúil nach samhlaíonn féinriar le meaisíní ná leis an nádúr. Feidhmíonn siad anseo mar ghníomhaithe. Glacann an nádúr seilbh arís ar spásanna an duine, agus tagann meirg ar iarmhairtí na sibhialtachta, a fhulaingíonn ‘céasadh meirge’ — frása a mheabhraíonn céasadh Chríost don léitheoir, i sampla eile den fhriotal bíobalta, agus an tríú huair a úsáidtear an briathar ‘céasadh’ sa dán. Is féidir ‘meirg’ an chéasta seo a nascadh freisin leis na tairní iarainn ar baineadh úsáid astu chun Íosa a chrochadh ar an chros chéasta, agus seans go dtagraíonn na ‘crainn fheoite’ sa véarsa don chros chéasta féin, .i. an ‘crann’ céasta:

Glacann féar fásaigh seilbh
Ar scoilteanna na gcosán.
Faoi na crainn fheoite fanann
Gluaisteáin le céasadh meirge (GA: 157–160).

51 In After Doomsday, feictear na próisis chéanna ag tarlú: rianta an duine ag titim chun neamhoird:

The tractor falls to rust.
[…]
Hay falls to powder
in the loft.
The charred field brairds
unearthly red (AD: 110; 120–124).

52 I rannán a seacht, tagann pearsa nua isteach sa dán — duine anaithnid a bhí, dar le reacaire an dáin, i láthair na tubaiste. Is é an finné seo an t‑aon duine a thagann i láthair in Pripyat an dáin tar éis an aslonnaithe. Impíonn an reacaire ar an fhinné cuimhneamh siar agus cuntas a thabhairt ar na leideanna contúirte a thug sé faoi deara roimh an phléascadh. Samhlaíonn an reacaire go raibh na hainmhithe agus na héin, mar shampla, ina dtuar oidhe. Is léir go bhfuil an reacaire ag súil le cloisteáil faoi dhrochthuar nó faoi réamhinsint de chineál éigin nuair a fhiafraíonn sé den fhinné faoi ‘chomhartha na croise/ar an spéir’. Baintear úsáid as an fhocal ‘peacach’ freisin chun cur síos a dhéanamh ar an duine. Sonraítear arís an friotal bíobalta a mheabhraíonn léargas reiligiúnach na tubaiste don léitheoir an athuair. In ainneoin thuairimí an reacaire, dar le finné Chernobyl, nárbh ann d’aon athrú. Níor tháinig athrú ar gháthchúrsaí an nádúir.

Abair liom, tusa a bhí ann,
Ar gearradh comhartha na croise
Ar an spéir sular líon
Gealach an bháis? (GA: 131–134)

Abair leat. Cén t‑iontas
Ag tuar oilc don pheacach
A thug tú faoi deara
Ar éadan loch na goimhe?
Ní fhaca ach eala ar snámh,
Súilíní aníos áit ar léim,
Sciatháin an ghrá ar a gcroíthe,
Loscainn an ghrinn.
Caithfidh go raibh an éanlaith
Roimh ré imithe chun scaoill?
Níor staon sí dá ceol dian
Fiú i mbrothall an lae (GA: 140–151).

53 Tháinig an phlá radaighníomhach gan choinne, agus bagraíonn sé ar shláinte an duine agus an nádúir, gan chomhartha. Faoi mar atá céadfaí an duine gan mhaitheas roimh gheit na tubaiste, ní thugann an nádúr féin an bhagairt faoi deara. Ní féidir an baol a shonrú ná a thuar. Ceaptar go mbíonn réamhfhios ag ainmhithe agus ag an nádúr sula dtarlaíonn tubaiste; in ainneoin thuairimí an reacaire, ní raibh réamhfhios ag ainmhí ná ag neach ar bith. Cothaíonn an comhrá seo mearbhall in intinn an reacaire, agus críochnaíonn rannán a seacht den dán lena cheist chráite a léiríonn a éiginnteacht faoi shaol iar-Chernobyl: ‘an dtuarfar, meas tú, ár mbás féin?’ (GA: 154) Tabhair faoi deara go mbaintear úsáid as an mbriathar ‘tuar’ arís anseo, faoi mar a théann an reacaire i ngleic le mearbhall na todhchaí.

54 Baintear úsáid as an phearsa seo de bhunadh Pripyat chun mearbhall an reacaire a léiriú tríd na freagraí míshásúla a thugann sé dó. Ní nochtann sé a chuid mothúchán féin faoin tubaiste, agus feidhmíonn sé mar charachtar céasta i scéal an reacaire. Cur chuige iomlán difriúil a shonraítear sa dán ‘Picnic i Reilig sa Bhílearúis’ le Celia de Fréine, mar shampla, dán ina dtugann an file guthanna agus mothúcháin do na daoine a d’fhulaing iarmhairtí na tubaiste sa Bhealarúis. Ní dán ‘iardhaonna’ é an dán sin ach dán ina ndéanann an duine iarracht an ceantar nimhithe a athshealbhú:

A luaithe is a chasann an garda thart,
rithimid trí ghoirt chuig na fothraigh
ina mbíodh cónaí orainn, tráth (2001: 67).

55 A mhalairt ar fad atá le sonrú i ndán Ellis. Cruthaítear íomhá dhuairc de Pripyat in ‘Gaoth Anoir’; léiríonn an file radharc seargtha den saol iar-Chernobyl, agus tá costas daonna na tubaiste agus asláithreacht an duine chun cinn sna véarsaí seo, a chuireann béim ar iardhaonnachas na háite. Tá sé suimiúil, mar sin, go luaitear nóta dóchais gar do dheireadh an dáin. Smaoiníonn an file ar thodhchaí an chine dhaonna, agus deir sé:

Tráfaidh mórtas cine ionainn.
Éireoimid as bheith ag aithris
Éachtaí a mheall ár gciall chun siúil (GA: 203–205).

56 Agus reacaire After Doomsday ag labhairt faoin eachtra núicléach a mhill a thimpeallacht, déanann sé cur síos ar an eolaíocht mar ‘knowledge we have dearly bought’ (AD: 299). In ainneoin an dóchais seo in ‘Gaoth Anoir’, agus an ráiteas láidir thuas a mhaíonn go gcuirfear ‘mórtas cine’ ar ceal, roghnaíonn Ellis an dán a chríochnú le híomhá shuntasach den iolar agus le ceist reitriciúil eile gan réiteach:

Chonacthas iolar inniu
Ag fáinneáil ar shí deannaigh
Chraos-tine Chernobyl.
An é go gcloisim
Seoithín na gaoithe anocht
I gclúmh a scornaí? (GA: 221–226)

57 Níl eolas cinnte ná sólás ag deireadh an dáin ach mothú na héiginnteachta. Díol suntais gur tuairiscíodh ar The Irish Times i Meitheamh 1986 go mbeadh éifeacht ar leith ag an radaíocht ar na héin aistréanacha, toisc gur tharla pléascadh Chernobyl tráth imirce bhliantúil na n‑éan chun na hÚcráine:

…the Chernobyl disaster coincided with the peak time of arrival in the Ukraine for the summer migration of birds from central and eastern Africa. These include large numbers of storks, eagles, and birds of prey that could face radiation hazards (Gan ainm 1986: 4).

58 Tá íomhá an iolair suntasach mar chlabhsúr míshuaimhneach an dáin. D’fhéadfaí bríonna éagsúla a bhaint as an íomhá aisteach seo; go hiondúil, áfach, samhlaítear an t‑iolar le cumhacht, agus le láidreacht na ndéithe féin, mar a áitíonn Ferber:

In classical literature, the eagle is king of the birds and the bird of the king of the gods. [The eagle] has been adopted by many armies and states […] including the United States. The eagle also stands for John the Evangelist […] John is the most soaring and visionary of the four evangelists (1990: 66–67).

59 Críochnaíonn an dán, mar sin, leis an iolar, siombail na glóire, buailte ag baol dofheicthe na radaíochta. Cé go raibh Cronin ag tagairt don athrú aeráide, baineann a ráiteas faoi éifeacht an duine ar an ainmhí le hábhar anseo: ‘humans have now become capable of affecting all life on the planet’ (2019: 52). Tagann macalla na gaoithe ar ais i líne dheireanach an dáin mar ‘seoithín na gaoithe anocht’, agus meabhraíonn clabhsúr an dáin an ghaoth anoir don léitheoir — samhail mhillteach na radaíochta féin. Cé go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil an radaíocht chomh fíochmhar gníomhach is a bhí ag tús an dáin — is seoithín anois í — cuireann an file in iúl go bhfuil an radaíocht imithe go smior i gcorp an iolair, i ‘gclúmh a scornaí’. Ní ligtear don léitheoir dearmad a dhéanamh ar bhaol na radaíochta ná ar an dochar a rinne an duine do thimpeallacht agus d’ainmhithe an domhain.

Conclúid

60 Pléann an dán seo dhá ghné de thubaiste Chernobyl: an baol radaighníomhach a bhagraíonn ar shláinte agus ar shaol an duine, agus a chuireann dúshláin faoi chéadfaí an duine; agus iarmhairtí an duine a fhágtar in Pripyat i ndiaidh na tubaiste núicléiche. Cuirtear an radaíocht mhillteanach chun tosaigh sa phlé faoin chontúirt i dtimpeallacht an reacaire, agus leagtar béim ar athláithriú na radaíochta seo trí mheafair agus íomhánna suaithinseacha a úsáid. Téann athláithriú Pripyat sa dán i ngleic le hiarmhairtí an chine dhaonna, agus léirítear impleachtaí na tubaiste do mhuintir na háite agus don nádúr trí áit iardhaonna bhánaithe a chruthú sa dán.

61 Léiríonn an dán fada seo — in éineacht le saothair eile an fhile, agus le dánta Gaeilge eile faoi Chernobyl freisin — go ndeachaigh filí na hÉireann agus na Gaeilge i ngleic le tubaiste núicléach Chernobyl, agus nach raibh drogall orthu ceisteanna móra eitice a chíoradh ina gcuid filíochta. Údar spéise is ea an difríocht idir samhlú na radaíochta in After Doomsday agus in ‘Gaoth Anoir’. Níl an radaíocht ‘mailíseach’ in After Doomsday, toisc, b’fhéidir, go raibh an file ag scríobh go hipitéiseach faoi eachtra a shamhlaigh sé. Nuair a scríobh sé ‘Gaoth Anoir’, áfach, ag tabhairt freagra ar eachtra uafásach san fhíorshaol a bhí sé: bhí timpeallacht mhillte After Doomsday curtha i gcrích, in Pripyat na hÚcráine.

62 Is cruthúnas é an dán fada seo go bhfuil ábhar le baint as corpas na Gaeilge maidir leis an timpiste seo. Tá tábhacht thráthúil leis seo anois i gcomhthéacs na sraithe teilifíse Chernobyl (2019), agus an tóir atá ag turasóirí ar cheantracha bánaithe mar Pripyat, a bhfuil borradh tagtha uirthi le déanaí mar gheall ar rathúlacht na sraithe seo, mar a áitíonn Schmid: ‘the series has definitely had an impact. […] more and more people have been streaming into the “Exclusion Zone” surrounding the now shut-down nuclear power plant, in some cases legally, but often illegally’ (2020: 1159–1160). Eascraíonn ceisteanna morálta as seo faoin athláithriú a dhéantar ar uafás Chernobyl mar tháirge na meán cumarsáide sa lá atá inniu ann, agus faoin mhargaíocht a dhéantar ar Pripyat — láthair thubaiste — mar cheann scríbe turasóirí. Is cinnte go bhfuil na ceisteanna seo fós le cardáil. Cé go maíonn Ellis go ‘dtráfaidh mórtas cine ionainn’ agus go gcuirfear stop le héachtaí a mhilleann an timpeallacht, a mhalairt a tharla, le timpiste Fukushima na Seapáine (2011), úsáid an fhuinnimh núicléach thart ar an domhan, agus stoc-charnadh airm núicléacha san áireamh. Is léir go maireann cíocras an duine chun fuinnimh fós. Fágann sé sin go bhfuil tábhacht leis an litríocht — an dán seo san áireamh — maidir leis na ceisteanna eitice a bhaineann leis an chíocras seo a chíoradh.

63 Tá aird tuillte ag an dán fada seo mar gheall ar an iniúchadh caolchúiseach a rinne an file ar bhaol na radaíochta, ar thionchar an duine ar an timpeallacht, agus ar inmharthanacht na daonnachta féin. Éiríonn le hEllis gnéithe de ‘rúndiamhair an oilc’, a luaigh de Paor (2013: 63), a nochtadh go héifeachtach don léitheoir ó pheirspictíocht Éireannach, agus é ag scríobh i dteanga mhionlaithe na Gaeilge. Is file é Ellis ar mhithid an aird atá tuillte aige a thabhairt dó mar fhile tábhachtach dátheangach.

Nóta buíochais

64 Táim buíoch de Phádraig Mac Fhearghusa, a sheol cóip den iris Feasta chugam: Imleabhar 41, Uimh. 6, Meitheamh 1988. Foilsíodh ‘Gaoth Anoir’ den chéad uair san eagrán sin den iris.

Saothair a ceadaíodh

Abbott, O. (2016) ‘Posthumanist Perspectives and the Chernobyl Disaster: Dances of Agency, Temporal Emergence, and Disaster Risk Management’. In: International Journal of Mass Emergencies and Disasters 34 (2): 231–249.

Alexievich, S. (2016) Chernobyl Prayer. Aistrithe ag Gunin, A. agus Tait, A. London: Penguin Classics.

Beck, U. (1987) ‘The Anthropological Shock: Chernobyl and the Contours of the Risk Society’. In: Berkeley Journal of Sociology 32: 153–165.

Beck, U. (1992) Risk Society: Towards a New Modernity. Aistrithe ag Ritter, M. Londain: Sage Publications.

Beck, U. (1995) Ecological Politics in an Age of Risk. Aistrithe ag Weisz, A. Cambrigde: Polity Press.

Brennan, D. (1989) Scothanna Geala. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Bürkner, D. (2014) ‘The Chernobyl Landscape and the Aesthetics of Invisibility’. In: Photography and Culture 7 (1): 21–39.

Butler, H. (1986) ‘Ireland in the Nuclear Age’. In: The Irish Review 1: 28–33.

Cronin, M. (2019) An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht/Irish and Ecology. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Ábhair Spioradálta.

Crowley, M.J. agus Reville, W.J. (1989) ‘Investigation of the Possible Effect of the Chernobyl Accident on Irish Mortality Rates’. In: Irish Journal of Medical Science 158: 114–116.

Dagger, C. (2004) Thar an gClaí Teorainn. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Davies, T. (2013) ‘A Visual Geography of Chernobyl: Double Exposure’. In: International Labour and Working-Class History 84 (Special Issue: Crumbling Cultures: Deindustrialization, Class, and Memory): 116–139.

De Paor, L. (2006) ‘Contemporary Poetry in Irish: 1940–2000’. In: Kelleher, M. agus O’Leary, P. (eag.) The Cambridge History of Irish Literature: Volume II, 1890–2000. Cambridge: Cambridge Univeristy Press: 317–356.

De Fréine, C. (2001) Faoi Chabáistí is Ríonacha. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

De Paor, P. (2013) Áille na háille: Gnéithe de Choincheap na hÍobartha. An Daingean: An Sagart.

Dobraszczyk, P. (2010) ‘Petrified ruin: Chernobyl, Pripyat, and the death of the city’. In: City 14 (4): 370–389.

Ellis, C. (1982) After Doomsday. Baile Átha Cliath: Raven Arts Press.

Ellis, C. (1985) ‘Introduction’. In: Poetry Ireland Review 13 (The Eugene Watters Issue: ‘The Week-end of Dermot and Grace’): 5–22.

Ellis, C. (1986) ‘The Creature from the Black Lacuna’. In: Poetry Ireland Review 17: 13–15.

Ellis, C. (1988) ‘Gaoth Anoir’. In: Feasta 41(6): 16–18.

Ellis, C. (2014) ‘Gaoth Anoir’. In: Ó Háinle, C. (eag.) Stór na Síthe: Dánta Gaeilge Conleth Ellis. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 223–231.

Ferber, M. (1999) A Dictionary of Literary Symbols. Cambridge: Cambridge University Press.

Ferguson, F. (1984) ‘The Nuclear Sublime’. In: Diacritics 14 (2) (Nuclear Criticism): 4–10.

Gallagher, C. (2013) ‘Nuclear photography: Making the invisibile visible’. In: Bulletin of the Atomic Scientists 69 (6): 42–46.

Goatcher, J. agus Brunsden, V. (2011) ‘Chernobyl and the Sublime Tourist’. In: Tourist Studies 11 (2): 115–137.

Harper, K.M. (2001) ‘Chernobyl Stories and Anthropological Shock in Hungary’. In: Anthropological Quarterly 74 (3): 114–123.

Karpusheva, A. (2017) ‘Svetlana Aleksievich’s Voices from Chernobyl: between an oral history and a death lament’. In: Canadian Slavonic Papers 59 (3): 259–280.

Kasperski, T. (2012) ‘Chernobyl’s Aftermath in Political Symbols, Monuments and Rituals: Remembering the Disaster in Belarus’. In: Anthropology of East Europe Review 30 (1): 82–99.

Kunchinskaya, O. (2007) ‘We Will Die and Become Science’: The Production of Invisibilty and Public Knowledge about Chernobyl Radiation Effects in Belarus. Tráchtas PhD, University of California.Ar fáil ag: https://escholarship.org/uc/item/9fb6527b [faighte 12ú Eanáir 2020].

Kuchinskaya, O. (2013) ‘Twice Invisible: Formal representations of radiation danger’. In: Social Studies of Science, 43 (1): 78–96.

Latour, B. (2005) Reassembling the Social: An Introduction to Actor-Network-Theory. New York: Oxford University Press.

Lysaght, P. (1974–1976) ‘Irish Banshee Traditions: A Preliminary Survey’. In: Béaloideas 42/44: 94–119.

Magee, A. (1996) ‘Chernobyl radiation persists in Ireland’. In: The Irish Times, 20 Aibreán 1996. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/news/chernobyl-radiation-persists-in-ireland-1.41399 [faighte 29 Meán Fómhair 2019].

Marder, M. agus Tondeur, A. (2016) The Chernobyl Herbarium: Fragments of an Exploded Consciousness. London: Open Humanities Press.

Ní Mhóráin, B. (1992) Ceiliúradh Cré. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ní Mhóráin, B. agus Hirst, B. (2008) An Cosán Bán: The White Path. Trá Lí: Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Nic Eoin, M. (2004) ‘Scéal an Tuirimh Nua-Aoisigh: Téama na Cogaíochta i Nuafhilíocht na Gaeilge’. In: Ó Conaire, B. (eag.) Aistí ag Iompar Scéil: In Ómós do Shéamus P. Ó Mórdha. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 207–227.

Ó Baoill, B. (1992) Guthanna i gCoill na Lon. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

O’Clery, C. (1987) ‘Nightmare glimpse into a deserted future’. In: The Irish Times, 11 Meitheamh 1987.

Ó Cearnaigh, S. (1995) Scríbhneoirí na Gaeilge: 1945–1995. Baile Átha Cliath: Comhar.

Ó Coigligh, C. (1987) An Fhilíocht Chomhaimseartha: 1975–1985. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Coigligh, C. (1987) Broken English agus Dánta Eile. Cathair na Mart: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Ó Dúill, G. (2014) ‘Éiric: Stór na Síthe — Dánta Gaeilge Conleth Ellis le Cathal Ó hÁinle: Ceann faoi Eite le Cathal Ó Háinle’. In: Comhar 74 (9): 28–29.

Ó Háinle, C. (1987) ‘Filíocht Ghaeilge Chonleth Ellis’. In: Comhar 46 (4): 20–26.

Ó Háinle, C. (1988) ‘Conleth Ellis R.I.P. (1937–1988)’. In: Comhar 47 (6): 30.

Ó Háinle, C. (2014) ‘Brolach’. In: Ó Háinle, C. (eag.) Stór na Síthe: Dánta Gaeilge Conleth Ellis. Baile Átha Cliath: Coiscéim: xi–xvi.

Ó Háinle, C. (2013) Ceann Faoi Eite. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

O’Sullivan, D. (2005) An Lá go dTáinig Siad. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Tuairisc, E. (1964) Lux Aeterna. Baile Átha Cliath: Allen Figgis.

Petryna, A. (1995) ‘Sarcophagus: Chernobyl in Historical Light’. In: Cultural Anthropology 10 (2): 196–220.

Plokhy, S. (2018) Chernobyl: History of a Tragedy. London: Penguin Books.

Ramazani, J. (2012) ‘Irish Poetry and the News’. In: Brearton, F. agus Gillis, A. (eag.), The Oxford Handbook of Modern Irish Poetry. Oxford: Oxford University Press: 548–564.

Ramberg, B. (1986) ‘Learning from Chernobyl’. In: Foreign Affairs 65 (2): 304–328.

Schmid, S. D, (2020) ‘Chernobyl the TV Series: On Suspending the Truth or What’s the Benefit of Lies?’ In: Technology and Culture 61 (4): 1154–1161.

Strong, E. (1998) Nobel. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

The Irish Times. (1986) ‘Fallout disturbs birds’. In: The Irish Times, 13 Bealtaine 1986.

Willsher, K. (2019) ‘The truth about Chernobyl? I saw it with my own eyes…’ In: The Guardian, 16 Meitheamh 2019. Ar fáil ag: https://www.theguardian.com/environment/2019/jun/16/chernobyl-was-even-worse-than-tv-series-kim-willsher [faighte 27 Meán Fómhair 2019].

Zhukova, E. (2016) ‘From ontological security to cultural trauma: The case of Chernobyl in Belarus and Ukraine’. In: Acta Sociologica 59 (4): 332–346.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2022.
ISSN: 2009-8626