Titley

Máirtín Coilféir

LeabhairCOMHAR (2018) | 264 lch | ISBN: 9780993494628 | €20

1 Níl amhras ar bith ach go bhfuil Alan Titley ar na scríbhneoirí is nuálaí agus is ildánaí i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Ní hamháin go bhfuil dánta, gearrscéalta, fabhalscéalta, síscéalta, drámaí agus úrscéalta den iliomad seánraí scríofa aige, ach is scoláire aitheanta é chomh maith agus téann sé go mór i bhfeidhm ar phobal na Gaeilge ina cholúin spraíúla (agus dána) in The Irish Times. Ina ainneoin sin, chuirfeadh sé ionadh ar dhuine a laghad ábhair scolártha atá ar fáil chun conairí a thairiscint don léitheoir trí chathair ghríobháin na hilghnéitheachta seo. Tá géarghá lena leithéid — dála Uí Chadhain roimhe, tá cáil na deacrachta, bíodh sé tuillte nó eile, ar Titley, agus is fiú suim a mhúscailt agus a athmhúscailt ina shaothar saibhir spreagúil. Sa chomhthéacs seo, tá obair mhór cheannródaíoch déanta ag Máirtín Coilféir ina leabhar Titley. Baineann dua agus dúshlán thar cuimse lena leithéid de mhonagraf a scríobh, go háirithe toisc go gcuireann Coilféir beagnach gach scríbhinn fhoilsithe de chuid an údair ó 1966 go 2016 san áireamh — teastaíonn trí leathanach déag chun na foilseacháin ar fad a liostáil. Is díol suntais an chaoi a sníomhann Coilféir an t‑ábhar ar fad le chéile chun íomhá dhea-chumtha chuimsitheach a chur os comhair an léitheora.

2 Shocraigh Coilféir lionsa na heitice a úsáid mar phríomhuirlis léirmhínithe. D’fhéadfaimis a leabhar a áireamh i measc na dtionscnamh suntasach scolártha de chuid na haoise seo a dhíríonn ar sheasamh údar Gaeilge i leith ceisteanna eitice, go háirithe ceisteanna a bhaineann leis an saol lasmuigh d’Éirinn. Smaoinímis, cuir i gcás, ar aistí Mháirín Nic Eoin (2004, 2018) nó ar an tionscnamh reatha Republic of Conscience: Cearta an Duine agus Nuafhilíocht na hÉireann atá faoi stiúir Rióna Ní Fhrighil. Tá ciall le fráma na heitice a úsáid chun saothar Titley a iniúchadh. Is údar eiticiúil go smior é Titley, é ag cíoradh ceisteanna moráltachta ina chuid próis, filíochta agus drámaíochta, agus ag spreagadh léitheoirí chun gnímh ina mhíreanna paiseanta iriseoireachta. Is minic, chomh maith, a bhíonn Titley ag breathnú amach ó Éirinn — go háirithe ar an Afraic agus ar an Meánoirthear, agus ar ghéarchéim na dteifeach san Eoraip. Tá leagan amach an mhonagraif loighciúil agus soiléir — déanann Coilféir sruthanna i saothar Titley a liostáil de réir tréimhsí ama sa chéad chaibidil agus díríonn sé ar ghnéithe ar leith sna caibidlí eile. Ar an mbealach seo, faighimid léargas eolach leathan ar théamaí éagsúla atá lárnach i saothar Titley — an bhéim ar chearta na hindibhide agus an chomhphobail, critic na sainte agus an tomhaltachais, agus ceiliúradh ar chruthaitheacht an ealaíontóra. Ag an am céanna, scrúdaítear tréithe tábhachtacha liteartha ar nós an ghrinn agus na hidirthéacsúlachta. Dearbhaíonn Coilféir gur fiú leas a bhaint as lionsa na heitice chun scagadh a dhéanamh ar na heilimintí seo go léir agus gur féidir dúshraith sheasta a aimsiú faoi éagsúlacht scríbhinní Titley ar fad.

3 Tá cáil ar Titley mar gheall ar ‘An Cogadh in aghaidh na Critice,’ le teideal a aiste ó 1994 a lua, sa mhéid is gur dóigh leis go gcuireann teoiricí liteartha srianta ar thuiscint an léitheora, agus nach féidir leo riamh fairsinge na litríochta cruthaithí a mhíniú. Cé go gcáineann Coilféir tuairim radacach Titley go pointe, tá sé á leanúint, cuid mhaith, ina leabhar féin. Ní thugann sé aon phlé fealsúnach ná teoiriciúil dúinn ar an eitic féin agus cé go n‑admhaíonn sé go bhfuil lipéid mar ‘liobrálaí den mhúnla clasaiceach,’ ‘ainrialaí’ nó ‘rómánsaí iar-nua-aoiseach’ (xvi) úsáideach chun cur síos ar an údar in amanna, socraíonn sé gan ‘leas leanúnach’ a bhaint astu (xvii). Ina ionad sin, b’fhearr leis go dtabharfaí ‘tús áite (…) do fhriotal agus do thuiscint an údair féin i gcónaí.’ (xvii) Ní hionann sin is a rá, áfach, go bhfuil Coilféir beag beann ar an teoiric ar fad. Go deimhin, baineann sé tairbhe shuntasach aisti nuair a thugann sé míniú ar ghnéithe de shaothar Titley ar féidir míréir a shamhlú eatarthu. Is sampla maith é an séú caibidil ina bhfaigheann Coilféir réiteach idir éileamh na heitice agus doshriantacht an ghrinn trí tharraingt ar theoiric Mikhail Bakhtin maidir leis an gcarnabhalachas. Ar an mbealach céanna, aimsíonn sé, sa chéad chaibidil eile, freagra ar chriticeoirí a chuireann éilíteachas i leith na hidirthéacsúlachta trí aird a tharraingt ar choincheap inchuimsitheach na hidirthéacsúlachta de chuid Umberto Eco.

4 Is é an cur chuige leathan uileghabhálach an buntáiste is mó ag leabhar Choilféir. Ach laistigh den fhráma fairsing, faighimid pictiúir bheaga luachmhara freisin, nuair a roghnaíonn Coilféir saothair ar leith chun mionanailís a dhéanamh orthu taobh istigh de chaibidlí éagsúla. Ar an mbealach seo, déantar scagadh ar léiriú fhéiniúlacht an chomhphobail agus na féiniúlachta pearsanta in Méirscrí na Treibhe (1978) agus scrúdaítear téama shaoirse an ealaíontóra in An Fear Dána (1993). Breathnaítear go grinn ar chritic an tomhaltachais in Tagann Godot (1991) agus ar cheist dhínit an duine in An Bhean Feasa (2014). Ar an mbealach seo, cruthaíonn Coilféir, i measc flúirse scríbhinní an údair, canóin áirithe, liosta saothar a maireann a luach agus ar fiú tuilleadh iniúchta a dhéanamh orthu.

5 Is léir gur ceann de chuspóirí an leabhair ná saothar ilghnéitheach Titley a cheiliúradh. Ach dála Mhuirígh Albanaigh Uí Dhálaigh, príomhcharachtar an úrscéil staire thuasluaite, is fear dána é Titley, duine ar maith leis an chonspóid agus ionsaithe spraíúla ar dhearcthaí seanbhunaithe. Tarlaíonn sé go gcaitear urchar amú i gcoimhlintí mar sin agus níl Coilféir dall ar an taobh seo de shaothar an údair. Is éasca aontú leis go bhfuil claonadh ag Titley, chomh fada is a bhaineann lena shaothar tráchtaireachta, neamhaird a dhéanamh ar a chasta atá cuid de na ceisteanna polaitiúla atá faoi chaibidil. Mar shampla, rinne sé léamh róshimplí ar roinnt coimhlintí san Afraic le linn na n‑ochtóidí, é ag moladh Robert Mugabe agus Muammar Gaddafi a d’iompaigh ina ndeachtóirí foréigneacha ar ball (Coilféir 41). Níl an locht seo ar an gcuid is fearr de shaothar litríochta an údair, áfach, mar a thugann Coilféir faoi deara. Pléitear téama an fhoréigin ar bhealach i bhfad níos caolchúisí in An Bhean Feasa, cuir i gcás, áit a ndearbhaítear dlisteanacht na ceannairce i gcoinne úinéirí sclábhaithe i mBarbadós, ach nach gceiltear gráinne na ngníomhartha a leanann as. Ar leibhéal níos ginearálta, tá buntáiste ag cur chuige na heitice más maith linn míniú a fháil ar an teannas idir an chastacht agus an tsimplíocht i saothar Titley, teannas a chuireann mearbhall ar léitheoirí go minic. Cé gur casta an mhaise ceisteanna na heitice, tá dualgas orainn freagra simplí a aimsiú má éilítear gníomh orainn in am géarchéime. Bíonn Titley misniúil a dhóthain chun an freagra simplí a thabhairt, in ainneoin go dtéann sé ar strae in amanna.

6 Maidir le saothar léirmheastóireachta Titley, áitíonn Coilféir go gcaitheann an t‑údar an oibiachtúlacht san aer go rómhinic ar son an ghrinn agus na háilteoireachta, rud a bhaineann d’éifeacht na tráchtaireachta (185). Ach d’fhéadfaí breathnú ar scríbhinní critice Titley ar bhealach eile chomh maith. Nuair a léimid An tÚrscéal Gaeilge (1991) nó ceann d’iliomad alt scolártha an údair, is léir nach saothar meáite an eolaí atá idir lámha againn, ach scríbhinn údar cruthaitheach atá ag trácht ar údair chruthaitheacha eile. Is minic a bhíonn tráchtaireacht mar seo claonta toisc nach féidir leis an scríbhneoir a thaobh cruthaitheach agus a thaobh ‘scolártha’ a choinneáil scartha óna chéile. Bíonn sé ag dearbhú a fhíse pearsanta féin agus ag cáineadh, nó ag spochadh as, údair nó scoláirí a bhfuil a mhalairt de chur chuige acu. Ní chloíonn an cineál seo léirmheastóireachta le rialacha na heolaíochta, ach ina dhiaidh sin, caithfear an cheist a chur: an eolaíocht oibiachtúil é léann na litríochta trí chéile? Ar aon nós, tagann cuid den léirmheastóireacht is fearr agus is tairbhí ar an domhan ón gcur chuige cruthaitheach, pearsanta a chleachtann Titley — cuimhnímis ar Wordsworth agus Coleridge, T.S. Eliot, Milan Kundera, Umberto Eco agus údair eile nach iad. Bíodh go dtéann Titley thar fóir leis an áilteoireacht ina chuid leabhar agus aistí scolártha scaití, b’fhiú níos mó suntais a thabhairt freisin do bhuanna a shaothar critice.

7 Thar aon rud eile, léiríonn Coilféir imní go bhféadfadh scéalta áirithe de chuid Titley (‘Scéal i mBarr Bata’ nó ‘Cibé Scéal É,’ cuir i gcás, maille lena gcarachtair mhíthaitneamhacha) teacht salach ar na prionsabail eitice a léiríonn an t‑údar sa chuid eile dá shaothar. An féidir réiteach a fháil idir an seasamh eitice agus neamhspleáchas na litríochta, an cur chuige l’art pour l’art a bhíonn á dhearbhú ag Titley anois is arís (Coilféir 162)? Ardaítear an cheist achrannach seo i gcaibidil a cúig a bhfuil ‘Scéal Casta’ mar theideal uirthi. Mar atá luaite ag Philip O’Leary (2019), tá an cheist cheannann chéanna i lár na conspóide níos déanaí idir Anna Heussaff agus Titley mar gheall ar an úrscéal aige Lámh, Lámh Eile (2018). Bhain an chonspóid leis an gceist ar chóir don údar carachtair a chruthú a bhfuil réamhchlaonta agus a bhfuil dearcthaí amhrasacha acu — i gcoinne an luchta siúil i gcás an úrscéil atá faoi chaibidil (Heussaff 2019, Titley 2019). Ach léiríonn an díospóireacht idir an bheirt fadhb níos doimhne agus níos bunúsaí. Áitíonn Coilféir go gcaitheann an cur chuige l’art pour l’art ‘eitic na litríochta trí chéile faoi thóin cártaí’ (162). Is féidir linn, ámh, breathnú ar l’art pour l’art mar sheasamh eitice ann féin — dearbhú go bhfuil saoirse ag an indibhid é / í féin a chur in iúl go healaíonta beag beann ar éilimh an phobail nó na polaitíochta. Ar an taobh eile den scéal, mhaífeadh tráchtairí ar nós Anna Heussaff go bhféadfadh neamhspleáchas doshrianta ealaíne cur isteach ar phrionsabail eile, ar nós cearta mionlach. Cá seasann Titley, nuair is léir go gcuireann sé ar son cearta mionlach agus saoirse iomlán ealaíne araon? Is clochach achrannach é gort na heitice agus is deacair anailís a dhéanamh ar an teannas dosheachanta idir na prionsabail éagsúla gan cúlra cuimsitheach teoirice agus fealsúnachta.

8 Is féidir le cuid de na ‘lipéid’ thuasluaite leid a thabhairt dúinn, go háirithe mura dtuigimid mar bhoscaí sórtála iad, ach mar choincheapa a bhfuil stair agus doimhne ag baint leo. Tá sé sin fíor, go háirithe, maidir le fráma léirmhínithe an Rómánsachais a ndéanann Coilféir tagairt dó ó am go chéile. Is féidir cosúlachtaí suntasacha a aimsiú idir na prionsabail eitice i saothar Titley agus buntréithe an Rómánsachais. Dhearc na Rómánsaithe ar an ealaín mar bhealach chun intinn an údair a chur in iúl, chosain siad saoirse an duine aonair agus chuir siad béim ar luach an té atá ar imeall na sochaí. Ag an am céanna, is ón Rómánsachas a d’eascair an náisiúnachas cultúrtha agus chuir go leor Rómánsaithe go tréan ar son chearta an chomhphobail — ní gá ach cuimhneamh ar an Tiarna Byron agus cúis na Gréige. An teannas céanna eitice atá i gcroílár shaothar Titley, is féidir é a aithint i gcomhthéacs an Rómánsachais chomh maith. Chomh maith leis sin, cabhraíonn an Rómánsachas agus idéal na saoirse atá ceangailte leis saothar Titley a lonnú i gcomhthéacs litríocht na Gaeilge. D’eascair gluaiseacht na Gaeilge as an náisiúnachas cultúrtha, a leagann béim ar shaoirse féinléirithe an chomhphobail, ach bhí údair laistigh den ghluaiseacht ón tús — Pádraic Ó Conaire agus Micheál Mac Liammóir, cuir i gcás — a thug tosaíocht do shaoirse phearsanta agus do shaoirse na n‑ealaíon. Cosnaíonn Titley na trí chineál saoirse ag an am céanna, cé nach réitíonn siad le chéile an t‑am ar fad.

9 Agus neamhspleáchas na litríochta á dhearbhú acu, is minic a chuaigh Ó Conaire, Mac Liammóir agus scríbhneoirí eile na Gaeilge i ngleic le cinsireacht a linne, rud a mhúsclaíonn roinnt ceisteanna achrannacha. Nach bhféadfadh an córas eitice is fearr baic dhochracha a chur ar shaoirse na cruthaitheachta? Nach féidir leis na gluaiseachtaí is forásaí, gluaiseachtaí ar son cearta mionlach agus an cheartais shóisialta, tiontú de réir a chéile ina gcórais dhochta Fhairisíneacha a chuireann srian ar an gcruthaitheacht? Ní thugann saothar ilghnéitheach Titley freagra ar na ceisteanna sin, ach cuireann sé ag smaoineamh fúthu muid, rud nach beag. Is féidir le Titley cúis a leanúint go paiseanta, cur ar son na dteifeach, mar shampla, ach ag an am céanna, taispeánann sé nach féidir teoiric dhaingean mharbh a dhéanamh de chúis ar bith agus go bhfuil beocht, conspóid agus greann ag teastáil sa saol agus san ealaín araon. B’fhiú go mór, mar sin, plé a dhéanamh ar shaothar Titley i gcomhthéacs théama na saoirse i litríocht na Gaeilge.

10 B’éagórach an mhaise, áfach, locht a fháil ar mhonagraf Choilféir mar gheall ar shnáithí áirithe a fágadh gan forbairt. Ar an gcéad dul síos, tá saothar Titley róleathan chun é a chuimsiú go hiomlán in aon saothar critice amháin. Agus níos tábhachtaí fós, ní thugann na saothair chritice is fearr freagraí deifnídeacha ach músclaíonn siad ceisteanna, spreagann siad taighde eile. Níl aon amhras ach go bhfuil an bua áirithe seo ag leabhar Choilféir. Is iomaí gné de shaothar Titley ar fiú tuilleadh iniúchta a dhéanamh orthu: an éagsúlacht foirme agus conas a réitíonn sí leis an ábhar, na bealaí ina dtarraingíonn an t‑údar ar litríocht na Gaeilge i saothair ar leith, na tionchair iasachta a ndeachaigh sé faoina n‑anáil, léiriú na staire ina chuid úrscéalta agus a lán eile. Chomh maith leis sin, tá gá le plé scolártha ar scríbhinní Titley ó 2016 ar aghaidh, an t‑úrscéal Lámh, Lámh Eile san áireamh. Ach i ngach uile chás, beidh leabhar Choilféir mar bhunchloch agus mar phointe seasta tagartha na fionnachtana. Ní beag an gaisce é seo! Bíodh dóchas ann, chomh maith, go spreagfaidh monagraf Choilféir tionscnaimh taighde eile dírithe ar nuascríbhneoirí na Gaeilge. Is míorúilt bheag é go bhfuil corpas chomh saibhir den litríocht chomhaimseartha ag teanga mhionlaithe ar nós na Gaeilge. Ach d’fhéadfaí na húdair ar scríobhadh leabhair scolártha fúthu a chomhaireamh ar mhéara lámh amháin. Scríobhadh cuid mhaith faoi Nuala Ní Dhomhnaill agus tá monagraf faoi Michael Davitt ar na bacáin, ach cá bhfuil na leabhair ar Louis de Paor, ar Liam Ó Muirthile, ar Liam Mac Cóil agus ar údair eile nach iad? Tá saothar Biddy Jenkinson díreach chomh hilghnéitheach, chomh dúshlánach agus chomh hidirthéacsúil le saothar Titley ach táimid fós ag feitheamh ar leabhar critice fúithi.

11 A scoláirí, brostaígí chun pinn!

12 Fuair an léirmheas seo tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa — tionscadal ‘Cruthaitheacht agus Inoiriúnaitheacht mar Choinníollacha Rath na hEorpa i nDomhan Idirnasctha’ (No. CZ.02.1.01/0.0/0.0/16_019/0000734).

13 Tato práce vznikla za podpory projektu Kreativita a adaptabilita jako předpoklad úspěchu Evropy v propojeném světě, reg.č.: CZ.02.1.01/0.0/0.0/16_019/0000734, financovaného z Evropského fondu pro regionální rozvoj. 

Radvan Markus

Ollscoil Shéarlais, Prág

Saothair a ceadaíodh

Coilféir, M. (2018) Titley. Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR.

Heussaff, A. (2019) ‘LÁMH, LÁMH EILE Alan Titley’. In: Comhar 79, Eanáir 2019. Ar fáil ag: https://comhar.ie/iris/79/1/lamh-lamh-eile-alan-titley-cic-2018/ [faighte 5 Eanáir 2021].

Nic Eoin, M. (2004) ‘Scéal an tuirimh nua-aoisigh: Téama na Cogaíochta i Nuafhilíocht na Gaeilge’. In: Ó Conaire, B. (eag.) Aistí ag iompar Scéil: In ómós do Shéamus P. Ó Mórdha. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 207–227.

Nic Eoin, M. (2018) ‘“We are no Longer Gaels”: War and Conflict in Modern and Contemporary Irish Poetry’. In: Litteraria Pragensia 28 (55): 96–116.

O’Leary, P. (2019) ‘Pinning Down the Protean’. In: Dublin Review of Books, 1 Bealtaine 2019. Ar fáil ag: https://www.drb.ie/essays/pinning-down-the-protean [faighte 5 Eanáir 2021].

Titley, A. (2019) ‘Ní mise é, I swear’. In: Comhar 79, Feabhra 2019. Ar fáil ag: https://comhar.ie/iris/79/2/ni-mise-e-i-swear/ [faighte 5 Eanáir 2021].

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2022.
ISSN: 2009-8626