Turas na dTaoiseach Ultach as Éirinn: Dialann Taistil nó Taisteal Anama?

Mícheál Mac Craith

1 Siúd is go bhfuil dátaí in ord croineolaíoch le fáil ina n‑orlaí ar fud na mball sa tuairisc cháiliúil, Turas na dTaoiseach Ultach as Éirinn, téacs a chuir an fear léinn Tadhg Ó Cianáin (ob. 1610) i dtoll a chéile sa bhliain 1609, ní dhlíonn reacaireacht taistil Uí Chianáin an teideal ‘dialann’. Ní hamháin nach bhfuil sé scríofa sa chéad phearsa, ach tá an neasacht agus an spontáineacht sin is dual do scríbhneoireacht dialainne in easnamh ar an téacs comhfhiosach saothraithe seo. Ina theannta sin is féidir a thaispeáint go bhfuil aga moille naoi mí ar a laghad idir am tarlúna na n‑eachtraí agus am a scríofa. Lena chois sin arís, is féidir a léiriú gur cheadaigh an Cianánach foinsí clóite agus é ag iarraidh ord agus eagar a chur ar na nótaí a bhreac sé le linn an turais ó Ráth Maoláin go dtí an Róimh. Agus níos tábhachtaí fós, níl na dátaí agus an seicheamh croineolaíoch leath chomh neafaiseach ná chomh soineanta is a bhreathnaíonn siad ar an gcéad amharc.

2 Luann an Dictionary of the Irish Language (www.dil.ie, s.v.) trí phríomhbhrí leis an bhfocal ‘turas’: ‘journey, (military) expedition, pilgrimage’. Díol spéise nach bhfuil ‘oilithre’, an focal teicniúil ar oilithreacht, le fáil ach faoi dhó in Turas na dTaoiseach. Os a choinne sin, tá an focal ‘turas’ le fáil sé huaire fichead, agus ‘turas’ agus ‘oilithre’ in éineacht faoi dhó. I ngach aon chás baineann siad le cúrsaí oilithreachta, gan ach aon áit amháin sa téacs ina gciallaíonn turas aistear, ‘ina dturas deóraidheachta’ (Ó Muraíle 2007: 370, §8.5; Carroll 2018: 26–29). Cé nár thug Tadhg Ó Cianáin teideal dá scríbhinn, tá an teideal ‘Turas na nIarladh as Éirinn’ le fáil i liosta na lámhscríbhínní Gaeilge a fritheadh i seomra an scoláire mhóir, Seán Mac Colgáin, tar éis bháis dó i Lobháin sa bhliain 1658. Agus débhríochas an teidil sin á aithint ag Nollaig Ó Muraíle, aistríonn sé an teideal sin mar ‘The journey — or pilgrimage? — of the Earls out of Ireland’ (Ó Muraíle 2007: 19). Ba dhóigh liom gur maith a thuig an Colgánach feiliúnacht an dá bhrí d’inseoireacht Uí Chianáin, agus tosaíocht á tabhairt aige, b’fhéidir, do choincheap na hoilithreachta, faoi mar a thugann Ó Cianáin féin.

3 Is é atá fúm a dhéanamh anseo díriú ar dhá dháta sa téacs, 22 Aibreán 1608 agus 12 Meitheamh 1608, an oilithreacht go Loreto agus an oilithreacht chuig Seacht mBaisleac na Róimhe. 352 leathanach ar fad a thógann téacs iomlán Uí Chianáin in eagrán Uí Mhuraíle (2007: 48–399). Baineann 78 leathanach acu sin leis an gcur síos ar Loreto (lgh 180–257, 22.2% den iomlán) agus 68 leathanach leis an gcur síos ar na seacht mbaisleac (lgh 300–367, 19.3% den iomlán). Lena rá ar bhealach eile, i reacaireacht taistil a thosnaíonn ar an 6 Meán Fómhair 1607 agus a chríochnaíonn ar an 27 Samhain 1608, tréimhse chúig mhí dhéag nach mór, tugtar 41.5% den scríbhinn don dá lá sin amháin, am luacháilte seachas am lom croineolaíoch. I ngach aon chás cheadaigh Tadhg foinse chlóite agus bhain leas fairsing aisti chun cur lena thaithí phearsanta: Historia della Traslatione della S. Casa della Madonna a Loreto (Macerata 1600) le Girolamo Angelita a cheadaigh sé do chur síos ar Loreto agus Le cose meravigliose dell’alma città di Roma (Roma 1608) le Guglielmo Facciotti a cheadaigh sé do na seacht mbaisleac. Ní mar dhá eachtra ar leith a bhreathnaigh Tadhg ar an dá oilithreacht seo ach mar oilithreacht aontaithe amháin. Is léir sin ón bpaidir a chum sé chun clabhsúr a chur leis an gcuairt ar Loreto agus ón bpaidir cheannann chéanna nach mór a chum sé mar chlabhsúr ar oilithreacht na seacht mbaisleac.

4 Ag seo an phaidir do Loreto:

Áileam trócaire Dé uilechomhachtaigh tré impidhe naomh-Muire go ríasam, go ro áitreabham i n‑aontaidh an secula seculorum. Amen. (Ó Muraíle 2007: 256–7, §5.81).

5 Agus do na seacht mbaisleac:

Áileam trócaire Dé uilechomhachtaigh tré impidhe an naoimhéarlamh uasail sin go ríosam go ro áitreabham an aontaidh sin in cecula ceculorum amen (Ó Muraíle 2007: 366–7, §7.108).

6 Dealraíonn sé go raibh Tadhg ag déanamh aithrise ar an bpaidir a d’úsáidtí chun críoch a chur leis an Peroratio sna seanmóintí a bhfuil fáil orthu in An Leabhar Breac. Fiú má tá an reacaireacht bunaithe ar thaithí phearsanta, fiú má bhain sé earraíocht as foinsí clóite, nuair a theastaigh ón gCianánach dúnadh maorga a chur leis an dá oilithreacht ba bhuaic dá théacs, chuaigh sé i muinín thraidisiún liteartha a chontae féin arae is cosúil gurbh é Máel-Ísu Ua Brolcháin as mainistir Ard Mhacha a chum na seanmóirí seo (Mac Donncha 1976: 59–71; Ó Mainnín 2012: 704–707; Mac Craith 2016: 24–5).

7 Faoi lár an chúigiú haois déag bhí Loreto ar an tearmann le Muire ba mhó tábhacht san Eoraip. Ba é an Santa Casa, teach an teaghlaigh naofa i Nasarat, an teach inar chuala Muire Sanas an Aingil agus inar ghabh sí gin, a tharraing lucht oilithreachta ó chéin is ó chóngar chuig Loreto. Nuair a thosaigh an t‑athrú creidimh, is minic a rinne na Leasaitheoirí ionsaí ar chultas na naomh i gcoitinne agus ar chultas na Maighdine go háirithe. Níorbh fhada gur thug siad aghaidh a gcraois ar an Santa Casa, príomhlocus an chultais san Eoraip. Tá clú agus cáil ar an bpoileimic a scríobh Pier Paolo Vergerio, iareaspag agus leasaitheoir diongbháilte in aghaidh an tearmainn, Della Camera et Statua della Madonna chiamata di Loreto (Tubinga 1554), an toise poileimiciúil le braistint níos treise fós san aistriúchán Laidine a d’fhoilsigh sé an bhliain chéanna, De Idolo Lauretano. Níorbh fhada go ndeachaigh údair Chaitliceacha i mbun comhraic chun údaracht agus naofacht na scríne a chosaint. Ba é an naomh Íosánach Peadar Canisius a scríobh an chosaint is iomráití in De celebri domicilio et tempio sacrosanctae Virginis quod hodie apud Lauretum in Italia est (Ingolstadt 1577), cé nach mór a admháil gur mó a bhunaigh sé a chás ar údarás na bpápaí ná ar mhionscagadh na gcáipéisí agus fianaise na fileolaíochta (Santarelli 2017: 15–19).

8 Cé nach ndearna Comhairle Thrionta aon sainmhíniú diagachta ar leith a bhain go sonrach leis an Maighdean Mhuire, sa mhéid gur dhearbhaigh an chomhairle cultas na naomh agus bailíocht íomhánna, ba mhór an chabhair an dá ní sin chun urraim don Mhaighdean a lárnú mar ghné riachtanach den Leasúchán Creidimh Caitliceach. Siombail lárnach den deabhóid agus den urraim sin ab ea Tearmann Loreto, siombail de bhua na heaglaise ar an namhaid inmheánach. Ach b’éigean don eaglais aghaidh a thabhairt ar an namhaid seachtrach freisin, na Turcaigh Otamánacha.

9 An t‑arm Críostaí a thug aghaidh ar na Turcaigh sa bhliain 1571, chuir an pápa faoi choimirce Mhaighdean Loreto é agus cuireadh an bua mór a rug an t‑arm sin ar na Turcaigh ag cath cáiliúil Lepanto ar an 7 Deireadh Fómhair 1571 síos d’idirghuí Mhaighdean Loreto. Bheartaigh Pius V agus Gréagóir XIII go gceiliúrfaí cothrom lae an chatha gach bliain ar an gcéad Domhnach de Dheireadh Fómhair agus go dtiomnófaí an fhéile do Mhaighdean na mBuanna nó do Mhaighdean an Phaidrín. As sin amach dhéantaí dlúthnasc idir Muire Loreto agus an paidrín páirteach (Bercé 2011: 161).

10 Rinne an ceannaire buacach Marcantonio Colonna oilithreacht go Loreto tar éis an chatha, formhór a chuid oifigeach ina theannta, agus go leor saighdiúirí le cois. Na cimí Críostaí a fuasclaíodh ó na Turcaigh, d’fhág siad slabhraí a mbraighdeanais mar ofrálacha móideacha os comhair an Santa Casa agus baineadh earraíocht astu ina dhiaidh sin chun na ráillí a chumhdaigh séipéal na Baislice a ghaibhniú. Rinne ceannaire an chabhlaigh Chríostaí, Don Eoin na hOstaire, oilithreacht go Loreto sa bhliain 1576 mar chomhlíonadh ar mhóid a rinne sé roimh an muirchath. Cé gur bhliain Iubhaile í an bhliain 1575, thionscain Greagóir XIII bliain bhreise Iubhaile an bhliain dár gcionn chun buíochas a ghabháil as bua Lepanto (Bercé 2011: 160–1).

11 Ní hamháin go raibh Loreto ina shiombail ar threascairt an namhad inmheánaigh ach bhí sé ina shiombail ar threascairt an namhad sheachtraigh freisin. Ó rugadh an lá ag Lepanto thosaigh níos mó agus níos mó oilithreach ag freastal ar an tearmann. Sa bhliain 1575, bliain Iubhaile, d’eisigh na heaspaig Carlo Borromeo (Milano) agus Agustino Valeriano (Verona) tréadlitir an duine inar chomhairligh siad d’oilithrigh óna ndeoisí oilithreacht go Loreto a dhéanamh in éineacht leis an oilithreacht chun na Róimhe (Grimaldi 2001: 34). Sa bhliain 1613 d’fhoilsigh Guglielmo Molo leabhar in Pavia a nasc an dá oilithreacht le chéile, Viaggio spirituale per visitare la Santissima Casa de Loreto. Et I santi Corpi de I gloriosi Apostoli Pietro & Paolo, Con le Sette Chiese di Roma, e tutte reliquie, ch’in essa alma Città si trovano(Grimaldi 2001: 49–68). D’éirigh na fíréin níos tógtha leis an oilithreacht dhúbailte seo feasta. Siúd is gur rug na fórsaí Críostaí bua ollmhór ag Lepanto, bhí an Mheánmhuir fós faoi smacht na dTurcach. Bhí sé thar a bheith contúirteach, muna raibh sé dodhéanta amach is amach oilithreacht a dhéanamh chuig an Talamh Naofa, ach d’fhéadfaí an oilithreacht dhúbailte go Loreto agus an Róimh a áireamh mar oilithreacht fhíorúil chuig an bPalaistín, le Santa Casa Nasarat agus tuamaí na n‑aspal san áireamh.

12 Ní mór oilithreacht na dtaoiseach Ultach go Loreto a mheas sa chomhthéacs seo. Bhí an oilithreacht seo san fhaisean le linn na dtaoiseach agus bhíodh ríthe, maithe is móruaisle na hEorpa ag gabháil don áit chomh maith leis an gcosmhuintir. Staitistic shuntasach amháin gur bheannaigh an Pápa Sixtus V ochtó míle paidrín sa bhliain 1586 d’oilithrigh Loreto agus níor leor an méid sin (Santarelli 1992: 59). Agus sa mhéid go raibh Aodh Ó Néill ag leanúint sna sála ar cheannairí ceáfracha Lepanto, Marcantonio Colonna agus Don Juan na hOstaire, bhí sé seo ag teacht leis an mbealach ar mhian leis é féin a láithriú, mar cheannaire míleata ar an Leasúchán Creidimh Caitliceach, an chráifeacht agus an pholaitíocht ag feidhmiú in éineacht.

13 Ní miste filleadh ar théacs Uí Chianáin anois. Nuair nár éirigh leis na taoisigh Ultacha an Spáinn a bhaint amach mar a bhí beartaithe acu, turas gan sprioc a bhí ar siúl acu nó gur chinn rí na Spáinne in earrach na bliana 1608 go gcuirfí chun na Róimhe iad (Kerney Walsh: 2015 [1986]: 72–75). Díol suntais an tús a chuir Ó Cianáin leis an gcur síos ar Loreto: ‘Do réir mar fuaramar scríobhtha i seanstarthachaibh, i n‑ainm Dé laibheóram uaite do ilibh .i. beagán do mhórán, ar shubháilchibh Loreto’ (Ó Muraíle 2007: 180, §5.1). Ó tharla gur chuir Ó Cianáin tús leis an scríbhinn ar fad leis an nath I n‑ainm Dhé, is geall le tús nua an oilithreacht go Loreto. Má theip ar an gcéad chuid den turas, tá dealramh leis as seo amach.

14 Admhaíonn an Cianánach gur cheadaigh sé foinsí agus tá ráite againn cheana gur bhain sé gaisneas as saothar Girolamo Angelita, Historia della Traslatione della S. Casa della Madonna a Loreto (Macerata 1600). Chuir sé idirshliocht isteach sa téacs ag teacht chuig deireadh an chuntais ar an tearmann: ‘Tadhg Ó Cianáin do scríobh agus tabhairse míle [b]eannacht for a anmain et cetera 1609’.

15 Má rinneadh an oilithreacht ar an 22 Aibreán 1608, tugann an t‑idirshliocht seo le fios go raibh an leagan snasta den oilithreacht á bhreacadh aige ar a laghad naoi mí ina dhiaidh sin, rud a thabharfadh neart ama dó foinsí a cheadú. Níorbh ionadh liom dá mbainfeadh sé leas as téacs gearr Pietro di Giorgio Tolomei, Translatio Miraculosa Ecclesiae Beatae Mariae Virginis de Loreto (Grimaldi 1993: 15–17; 75–81). Bhí Tolomei ina reachtaire in Loreto idir 1453 agus 1473 agus ba é a d’fhoilsigh an chéad chuntas aitheanta ar bhunús na scríne agus ar aistriú míorúilteach an Santa Casa ó Nasarat go Loreto c. 1472. Ceann dé na hagóidí is mó in aghaidh údaracht an Santa Casa is ea an traidisiún gur iompair aingil go míorúilteach é ón Talamh Naofa go dtí an Iodáil. Ach is féidir léamh eile a dhéanamh ar ról na n‑aingeal sa scéal. Is cosúil gur baineadh teach an teaghlaigh naofa i Nasarat as a chéile cloch ar chloch lena gcur ar lámh shábhála aimsir na gcrosáidí. Tháinig na clocha i seilbh Niceforo Angeli, Forlámhaí Epiros, ball de theaghlach an-chumhachtach a shíolraigh ó impirí Chathair Chonstaintín. I bhfómhar na bliana 1294 phós Pilib II d’Anjou, mac rí Napoli, Margherita, iníon Niceforo. I measc na n‑earraí a tugadh mar spré di bhí ‘na clocha naofa a tugadh chun siúil ó theach na Maighdine Beannaithe, Máthair Dé, agus clár adhmaid ar ar péinteáladh an Mhaighdean Bheannaithe, Máthair Dé, agus an leanbh Íosa, Ár dTiarna agus Ár Slánaitheoir á choimeád ina baclainn aici’. Is iad an teach agus an pictiúr croílár thraidisiún Loreto. Áitíonn Giuseppe Santarelli gur bhronn Carlo II, Rí Napoli, athair céile Margherita Angeli, na clocha naofa ar an bPápa Celestinus V a bhí go mór faoi anáil an rí. Níor mhair pápacht Celestinus i bhfad arae d’éirigh sé as tar éis cúig mhí i mí na Nollag 1294. Toisc nár leag sé cos riamh sa Róimh cheap sé Vicarius Urbis ina áit, easpag Recanati. Dealraíonn sé gur bheartaigh an t‑easpag na clocha naofa a thabhairt chuig a dheoise féin agus iad a chur le chéile as an nua ansin. Is sa deoise sin atá Loreto. Le himeacht ama chuaigh cuimhne na ndaoine ar an mbaint a bhí ag Margherita Angeli leis na clocha seo i léig agus rinne aingil neamhga den sloinneadh daonna (Santarelli 2017: 209–76).

16 D’fhéach Vicenzo Casale, gobharnóir pápúil Bologna, chuige go n‑aistreofaí téacs Tolomei go hIodáilis, Slavóinis, Gréigis, Spáinnis, Gearmáinis agus go hAraibis fiú, ar mhaithe leis na hoilithrigh a bhí ag freastal ar an tearmann agus chuirtí achoimrí ar crochadh ar bhallaí na baislice (Vélez 2019: 51). Tugann Abigail Brundin (2017) le fios go bhféadfadh an cuairteoir an leabhrán a cheannach sa tearmann mar chuimhneachán ar an oilithreacht agus go bhféadfadh sé feidhmiú chomh maith mar oilithreacht fhíorúil dóibh siúd sa bhaile nach raibh ar a gcumas dul go Loreto. Ní mór cur leis sin go bhféadfaí breathnú ar an leabhrán mar thaise thánaisteach ach é a chuimilt de bhallaí an Santa Casa. Déanta na fírinne is beag idir saothar Tolomei agus an t‑eolas a bhí le fáil ar na cláir a bhí ar crochadh ar bhallaí na baislice.

17 Ach fiú má cheadaigh an Cianánach Tolomei, is é Angelita a leanann sé idir ord agus mhionsonraí. Is é Angelita is túisce a chuir bonn daingean croineolaíochta le scéal bunúis Tolomei, á rá gur thuirling an Santa Casa san Iodáil ar an 12 Nollaig 1294. Ní mór a admháil gur sciorr an Cianánach ag an bpointe seo agus gur scríobh sé Meán Fómhair in áit na Nollag. Ba mhór ag Angelita údaracht an tearmainn a bhailíochtú le míorúiltí, míorúiltí a bhí ag tarlú i gcónaí lena linn. Rinne an Cianánach rogha de na míorúiltí seo agus tugann sé mionchuntas grinn ar cheann amháin a tharla ar an 17 Iúil 1488 agus ceann eile a tharla sa bhliain 1562. Ní mór a rá gur aistríodh téacs Laidine Angelita go hIodáilis sa bhliain 1574 trí bliana déag tar éis a bháis. Bhí an-éileamh go deo ar an eagrán seo agus cuireadh athchló air aon uair is tríocha idir 1574 agus 1610 (Grimaldi 1994: 100–153). In eagrán na bliana 1593 cuireadh breis míorúiltí a thiomsaigh sagart ó Ancona, Don Vittorio Briganti, leis an aistriúchán (Grimaldi 1994: 112; Bercé 2011: 24, nóta 19). Is é Briganti a d’aithris míorúilt na bliana 1562, iontas ar measadh tábhacht chomh mór sin a bheith ag baint leis gur tugadh caibidil ar leith dó seachas é a rangú i measc na míorúiltí eile.

18 Nuair a bhí Juan Suarez, easpag Coimbra, ar a bhealach chuig an seisiún deireanach de Chomhairle Thrionta (1562–63), fuair sé cead ón bpápa cloch a thógáil ón Santa Casa le cur isteach i séipéal a bhí á thógáil aige féin sa bhaile. Chomh luath is a fuair a shéiplíneach an chloch dó, áfach, d’éirigh an t‑easpag go dona tinn agus níor tháinig biseach air nó gur tugadh an chloch ar ais. Leanann Tadhg Ó Cianáin a fhoinse go dílis ach toisc nach dtugann sé ainm an easpaig ná a shéiplínigh, cailleann an eachtra roinnt dá neasacht. Cé go luann an Cianánach baile Thrionta, ní dhéanann sé tagairt ar bith don chomhairle a bheith ar siúl ansin ag an am, rud a fhágann go bhfuil sonra tábhachtach dátaíochta in easnamh. Ar an lámh eile cuireann an Cianánach leis an míorúilt bhunaidh nuair a deir sé go ndeachaigh an chloch ar ais go míorúilteach isteach ina hionad amhail is nár tógadh riamh as an mballa é. Dúirt an Cianánach go raibh an chloch le feiceáil i gcónaí agus is fíor go bhfuil greille iarainn thart ar an gcloch seo anuas go dtí an lá atá inniu ann chun aird a tharraingt ar an míorúilt seo. Rinne Montaigne tagairt don mhíorúilt seo ina dhialann taistil sa bhliain 1581 (Brilli 1996: 34) agus ba mhór ag údaráis an tearmainn leas a bhaint aisti chun gadaithe a scanrú agus mar léiriú go raibh cumhacht na Maighdine ag feidhmiú sa tearmann i gcónaí (Vélez 2019: 117). In alt a foilsíodh sa bhliain 2016 thug mé le fios gur cheadaigh Tadhg Ó Cianáin saothar Orazio Torsellino, Lauretanae Historiae Libri Quinque (Romae 1597), don fhaisnéis faoin easpag Suarez. Bhí an-éileamh ar an saothar seo agus aistríodh go hIodáilis, Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis agus Béarla é idir 1600 agus 1608. Ach mar a léiríodh thuas, bhí dul amú orm nuair a dúirt mé gur cheadaigh an Cianánach Torsellino do mhíorúilt na cloiche arae bhí fáil uirthi sna leaganacha Iodáilise d’Angelita ó 1593 ar aghaidh (Mac Craith 2016: 108–112).

19 Agus é ag leanúint sna sála ar Angelita, tugann Ó Cianáin achoimre ar an tacaíocht a thug na pápaí go léir do Loreto ó ré Phól II go ré Phól V a tháinig i réim sa bhliain 1605, idir chabhair ábharach agus chabhair spioradálta. Luann an reacaire arís go bhfuil sé ag scríobh sa bhliain 1609, naoi mí ar a laghad tar éis dó an oilithreacht a dhéanamh. Ina dhiaidh sin tugann an Cianánach treoracha cuimsitheacha don léitheoir faoin iompar is dual don oilithreach atá ag dul go Loreto, treoracha atá bunaithe go huile is go hiomlán ar chuntas Angelita. Cé go bhfuil na treoracha dírithe go sainiúil ar Loreto, tá siad sách ginearálta le go bhféadfaidís feidhmiú mar ullmhúchán spioradálta d’oilithreacht ar bith. Cuireann sé seo toise breise le saothar Uí Chianáin mar reacaireacht taistil. B’fhéidir gur chóra breathnú air mar reacaireacht oilithreachta. Siúd is go leanann an Cianánach leagan amach Angelita trí na treoracha a thabhairt ag deireadh an chuntais ar Loreto, is féidir a rá go bhfeileann na treoracha chomh maith céanna mar ullmhúchán spioradálta don dara hoilithreacht, an ceann chun na Róimhe, oilithreacht na seacht mbaisleac go háirithe. Ní mór léitheoirí an téacs a chur san áireamh freisin, daoine nach raibh ar a gcumas an oilithreacht fhisiciúil a dhéanamh ach gur fheidhmigh an cuntas scríofa mar oilithreacht fhíorúil dóibh, taisteal anama/‘soul travel’ (Hillman agus Tingle 2019: 2). Meabhraímis gur cuireadh béim mhór ar an miúin agus ar an inmheánachas i gcúrsaí spioradálta sa luathré nua agus ar úsáid na samhlaíochta i gcúrsaí míúna. San Iognáid Loyola féin, bhí coincheap na hoilithreachta lárnach don tuiscint a bhí aige ar an spioradáltacht, duine a thug an tOilithreach mar ainm air féin ina dhírbheathaisnéis. Mar a dúirt sé i gceann dá litreacha:

Meabhraímis dúinn féin gur oilithrigh sinn go dtí go mbainimid ár dtír dhúchais neamhga amach, agus ná ligimis dár miangais moill a chur orainn sna hóstaí cois bóthair agus sna tíortha a ndéanaimid taisteal tríothu; má dhéanaimid amhlaidh déanfaimid dearmad dár gceann cúrsa agus caillfimid spéis sa sprioc dheiridh (Tingle 2019: 173–4, an t‑údar a d’aistrigh go Gaeilge).

20 Agus treoracha Angelita in úsáid chomh healaíonta sin ag Tadhg Ó Cianáin, forbraíonn sé coincheap na hoilithreachta ón tuairisc fhisiciúil ar thearmann Loreto, go hoilithreacht inmheánach de chuid na samhlaíochta, agus aimsíonn sé ar deireadh tuiscint ar an mbeatha Chríostaí mar oilithreacht arb í is sprioc di sólás na bhflaitheas. Lena chur ar bhealach eile faightear ceithre chineál ama sa téacs, am croineolaíoch, am fíorúil, am liotúirgeach agus am eascaiteolaíoch.

21 Ní miste coincheap na hoilithreachta fíorúla a iniúchadh tuilleadh. Cé nach bhfuil reacaireachtaí próis oilithreachta ar fáil sa Bhreatnais sa luathré nua a chuirfeadh ar chumas an léitheora nó an lucht éisteachta dul i mbun taistil anama, díol suntais gur chum roinnt mhaith filí ón gcúigiú haois déag ar aghaidh dánta ina ndearna siad cur síos ar oilithreachtaí chun na Róimhe nó chuig tearmainn oilithreachta sa Bhreatain Bheag féin. Chuaigh Huw Cae Llwyd ar oilithreacht chun na Róimhe sa bhliain naofa 1475 thar ceann a phátrúin Ieuan ap Gwilym agus is léir gurbh áil leis go siúlfadh ap Gwilym ina theannta sa turas athchruthaithe seo nuair a chum sé an dán. Fiú go labhraíonn an file leis an lucht éisteachta amhail is go raibh siad ag déanamh na hoilithreachta ina theannta:

Awn i’r capel i’i weled … Down i’r ystaer … Awn o’r cwrt yno i’r côr … [‘Gabhaimis chuig an séipéal lena fheiceáil … tagaimis chuig an staighre … gabhaimis ón gcúirt ansin go dtí an cór’] (Lewis 2015: 108, 379, an t‑údar a d’aistrigh go Gaeilge; cf. Hurlock 2019: 91).

22 Cuimhnímis go mb’ealaíon taibhiúcháin í an fhilíocht sa Bhreatnais ar aon dul díreach le filíocht na Gaeilge. Agus dán oilithreachta á reic go poiblí, bhí ar chumas an fhile comhluadar oilithreach fíorúil a chruthú, eispéireas a bhí difriúil amach is amach le próiseas na léitheoireachta aonair. Ní mór cur leis sin cumas claochlaitheach bhua na héisteachta. Ach dán oilithreachta a chumadh le barr ealaíne agus a reic go hurramach ómósach, d’fhéadfadh fuaimeanna binne na ceapadóireachta féin toradh fónta a bheith acu ar anam an éisteora ar bhealach nach n‑éireodh leis an léitheoireacht aonair (Hurlock 2019: 97–98). Má ghlacaimid leis gur don reacaireacht phoiblí seachas don léitheoireacht aonair a cumadh Turas na dTaoiseach Ultach, níl sé as an áireamh ar chor ar bith go raibh sé i gceist ag an gCianánach communitas oilithreach fíorúil a chruthú, agus é meáite ar fhuaimeanna dea-roghnaithe a chuid ceapadóireachta a ionramháil d’fhonn leas anama a lucht éisteachta.

23 D’fhág na taoisigh Ultacha Loreto ar an 23 Aibreán agus is díol suntais go liostaíonn Ó Cianáin gach aon bhaile agus sráidbhaile a ndeachaigh an bhuíon taistealaithe tríd ar an mbealach go dtí an Róimh, breis agus scór acu. Gné spéisiúil d’eagrán 1608 de na Cose Meravigliose is ea cur síos ag an deireadh ar an gcóras poist san Iodáil ag an am, an t‑achar idir an Róimh agus Bologna, Napoli, Trento agus Venezia faoi seach; an t‑achar idir Bologna agus Ancona, idir Bologna agus Trento, idir Napoli agus Messina. Ina theannta sin luaitear na bailte arbh éigean do chúiréirí an phoist taisteal tríothu ar an mbealach go ceann cúrsa agus an t‑achar idir gach dhá bhaile. Ag deireadh an liosta seo tugann sé Camino a giornate da Roma a Madonna de Loreto & Ancona. Leanann Ó Cianáin an bealach seo go beacht lasmuigh den chor bealaigh a ghlac an bhuíon Éireannach chun dul go Assisi, áit dhúchais San Proinsias. Ach léiríonn an iontráil sa treoirleabhar go raibh an bóthar idir an Róimh agus Loreto aitheanta ag an am mar bhóthar ar leith chun cabhrú leis na fíréin an dá oilithreacht a dhéanamh in éineacht. Tá a fhios againn chomh maith gur mhór ag Gréagóir XIII (1572–85) bóthar a dhéanamh idir an Róimh agus Loreto do iubhailí na mblianta 1575 agus 1576, agus gurbh áil leis féin agus lena chomharba Sixtus V (1585–1590) an bealach a dhéanamh ní ba shábháilte do lucht oilithreachta trí dhroichid a dheisiú agus gadaithe agus sladaithe a ruaigeadh (Francini 1987: 298; Stannek 1997: 295).

24 Bhain na hÉireannaigh an Róimh amach ar an Máirt, 29 Aibreán 1608. Rinne Rudhraighe Ó Domhnaill, Iarla Thír Conaill, agus roinnt de na huaisle ina theannta, oilithreacht na seacht mbaisleac ar an 17 Bealtaine. Ní dhéanann Tadhg Ó Cianáin ach an eachtra seo a lua gan dul isteach sna mionsonraí. Breis agus trí seachtaine ina dhiaidh sin, rinne Aodh Ó Néill, an tIarla agus an grúpa go léir turas na seacht mbaisleac agus an t‑am seo tuairisc chuimsitheach a thugann an reacaire dúinn. Ní miste aird a dhíriú ar an díonbhrollach a sholáthair an t‑inseoir don oilithreacht seo:

Ro bhuí barántas agus ughdarás an athar naomhtha leó as go bhfuighbhidís taisealbhadh uile reilicias gach aoineagailse gusa roichfidis (Ó Muraíle 2007: 300, §7.2).

25 Siúd is gurbh í oilithreacht na seacht mbaisleac buaic gach aon chuairte ar an Róimh, b’eisceacht amach is amach é an ceann áirithe seo dar le Ó Cianáin. Bhí gradam ar leith á thaispeáint ag an bpápa d’Ó Néill arae, taisí nach dtaispeántaí de ghnáth do na fíréin ach ar fhéilte ar leith, bhí Pól V tar éis a ordú go dtaispeánfaí iad go léir do phrionsa Thír Eoghain an lá áirithe seo. D’ainneoin toise na cráifeachta ba mhór ag Ó Cianáin béim a chur ar an onóir shainiúil a léirigh Pól V d’Aodh Mór Ó Néill, agus is mó a shamhlaítear an oilithreacht le timchuairt ríoga ná le mórghníomh deabhóide.

26 Cé go mbíodh oilithrigh ag freastal ar thuamaí na n‑aspal ó dheireadh an dara haois, is le tionscnamh na chéad bhliana naofa sa bhliain 1300 a tháinig borradh ceart faoi oilithreachtaí chun na Róimhe. Chun logha na hiubhaile a fháil sa bhliain 1300 níor ghá don oilithreach aithríoch ach cuairt a thabhairt ar bhaisleaca Pheadair agus Phóil. Chuir Clemens VI San Giovanni in Laterano leo don dara iubhaile sa bhliain 1350, agus leathchéad bliain ina dhiaidh sin bheartaigh Greagóir XI Santa Maria Maggiore a chur leis an liosta in ómós na Maighdine (Wisch 2012: 275). Ansin cuireadh San Lorenzo fuori le Mura, an cúigiú baisleac patrarcach, le líon na séipéal nár mhór cuairt a thabhairt orthu chun an logha a thuilleamh. Toisc go raibh San Sebastiano, Reilig San Callisto agus na Catacombaí ar an mbealach idir San Paolo agus San Giovanni, ba nós le hoilithrigh cuairt a thabhairt ar an séipéal seo freisin. Ar an dóigh chéanna bhí Santa Croce in Gerusalemme ar an tslí idir San Giovanni agus San Lorenzo agus cuireadh an ceann deireanach seo leis an liosta chun an uimhir mhistiúil a seacht a shlánú.

27 Sa bhliain 1552 bheartaigh Naomh Pilib Neri oilithreacht na seacht n‑eaglais a úsáid chun cur in aghaidh dhrabhlás an Carnevale agus chuir sé a chló féin ar an ord ina ndéanfadh na fíréin an oilithreacht, San Pietro in Vaticano, San Paolo fuori le Mura, San Sebastiano, San Giovanni in Laterano, Santa Croce in Gerusalemme, San Lorenzo fuori le Mura agus Santa Maria Maggiore. Cuireadh borradh ar leith faoin oilithreacht seo sa bhliain 1575, bliain iubhaile, an chéad bhliain naofa tar éis Chomhairle Thrionta, an chéad bhliain naofa tar éis d’eaglais cheáfrach na Róimhe an lámh in uachtar a fháil ar na leasaitheoirí Protastúnacha ón taobh istigh agus ar na Turcaigh ón taobh amuigh. Agus é meáite ar phríomhchathair na Críostaíochta a dhéanamh den Róimh dáiríre, thionscain Greagóir XIII (1572–1585) clár tógála ionas go mbeadh crot fisiciúil na cathrach ag teacht leis an athnuachan spioradálta:

Thus, in addition to wanting to make Rome a magnificent city for its residents and regular visitors, the pope desired to present the papal capital as a sacred meta for pilgrims, and to provide them with new roads, fountains, and other conveniences. The anno santo, in short, whetted the Buoncompagni pope’s zeal for building purposes (Ostrow 2005: 260).

Figiúr

Fíor 1: Le sette chiese di Roma [Seacht mBaisleac na Róimhe], Antoine Lafréry, 1575

28 Rinne Antoine Lafréry greanadh d’Oilithreacht na Seacht mBaisleac d’Iubhaile na bliana 1575 ar mhór an áis í do na hoilithrigh (Fíor 1). Is fiú aird a dhíriú ar an ngreanadh seo a cóipeáladh arís agus arís eile in imeacht na mblianta. Theastaigh ó Lafréry an Róimh a léiriú mar chathair naofa amach is amach, cathair na mbaisleac, gan de phobal le feiceáil inti ach oilithrigh ag taisteal ó bhaisleac go chéile. Díol spéise go léirítear na hoilithrigh ag teacht amach as gach aon bhaisleac ar leith mar dhaoine níos airde ná na hoilithrigh atá ar tí dul isteach sa bhaisleac, béim á cur ag Lafréry ar an athnuachan spioradálta a eascraíonn ón oilithreacht (Wisch 2012: 280). Ceann de na gnéithe is suntasaí den léarscáil nach bhfuil aon rian de shéadchomharthaí cáiliúla na Róimhe clasaicí le feiceáil laistigh de bhallaí na cathrach. Níl an Colasaem le feiceáil, ná an Paintéón, ná colúin Trajan agus Marcus Aurelius. Cé is moite de Phirimid Cestius níl de shéadchomharthaí clasaiceacha le feiceáil laistigh de bhallaí na Róimhe ach fothracha an Anfiteatro Castrese ar thaobh na láimhe deise de Santa Croce in Gerusalemme. Agus ar ndóigh tá feidhm thréan shiombalach leis seo sa mhéid go gcuirtear bua na croise taobh le turnamh na págántachta, agus aibhsítear an chodarsnacht tuilleadh nuair a chuirtear san áireamh go gcreidtí gur cuireadh go leor mairtíreach Críostaí chun báis san amfaitéatar céanna. Díol suntais go dtaispeántar roinnt mhaith fothrach clasaiceach ag barr na léarscáile ach iad lasmuigh de na ballaí, rud a fhágann gur féidir breathnú ar an réimse lasmuigh mar réimse saolta fada is gur réimse naofa, réimse Críostaí é an ceantar laistigh de na ballaí. Ina theannta sin, déanann abhainn na Tibire dhá roinn den chathair idir spás naofa agus spás neamhga. Tá an spás neamhga le fáil idir San Pietro in Vaticano agus San Pietro in Montorio, ionad adhlactha agus ionad céasta Naomh Peadar mar a chreidtí. Is féidir an abhainn a shamhlú mar abhainn ghrásta a iompraíonn an t‑oilithreach ón réimse saolta go dtí an réimse naofa agus as sin go dtí an réimse neamhga. Ina theannta sin is féidir Oileán bádchruthach na Tibire a shamhlú mar bharc Pheadair agus é ag iompar na n‑oilithreach go Parthas, sprioc agus foirceann na beatha Críostaí (Rinaldi 1985: 23).

29 Treisíodh coincheap na Róimhe mar chathair naofa faoin bPápa Sixtus V (1585–90) ar theastaigh uaidh scrín aonair naofa amháin a dhéanamh den chathair (Ostrow 2005: 281). Ina theannta sin d’fhéadfaí gaisneas a bhaint as léarscáil Lafréry ní hamháin mar threoir d’oilithrigh chun na Róimhe idir oilithrigh fhisiciúla agus oilithrigh fhíorúla, ach mar threoir d’oilithreacht na beatha féin nó iad ar fad in éineacht. Mar a deir Charles L. Stinger:

The pilgrim perception of Rome—forcefully reasserted in the Renaissance period by the renewal and elaboration of particular cults and devotional practices, and affirmed in prestige and spiritual significance by the increasing multitudes of the pilgrims themselves—proved of utmost importance in shaping the cultural and intellectual proclivities of the city. For pilgrims, Rome existed not as a city in the sense of a human community, but rather as a vast, mysterious, and potent sanctuary, a gateway to the heavenly world. Contemporary reality paled before the splendours of the heavenly kingdom, as human dimensions of space and time gave way to celestial links, unfathomable to rational enquiry. Such attitudes received reinforcement from the fact that the benefits of pilgrimage applied not so much to one’s present life, but rather to one’s status beyond death. The proper attitude of perception was, therefore, not with the eyes of the mind, but instead with the eyes of the soul—not seeing, analysing, understanding, but rather beholding, contemplating, venerating, praising (Stinger 1998: 43).

30 Is é an tógán seo de chuid na Róimhe mar chathair naofa, an Iarúsailéim nua, a cuireadh faoi bhráid na dtaoiseach Ultach nuair a rinne siad Oilithreacht na Seacht mBaisleasc. Níorbh ionadh liom dá mbeadh cóip de phrionta Lafréry acu agus iad i mbun na hoilithreachta. Siúd is gur chuir Lafréry an teideal Le Sette Chiese di Roma ar an léarscáil, díol spéise go gcuimsíonn an oilithreacht féin naoi séipéal, péire le cois curtha leis an uimhir thraidisiúnta. Is mó is díol spéise gur thug na taoisigh Ultacha cuairt ar an dá shéipéal bhreise seo, Tre Fontane agus L’Anunziatella (Wisch 2011–12: 284–9). Ina theannta sin chuir Lafréry San Pietro in Montorio agus an Tempietto isteach sa réimse neamhga dá léarscáil. Thóg Bramante an Tempietto sa bhliain 1502 os cionn na háite a céasadh Naomh Peadar bun os cionn, mar a chreidtí ag an am. Rinne Tadhg Ó Cianáin tagairt don dá áit chéanna in éineacht leis an gcur síos ar Bhaisleac Naomh Peadar.

31 Faoi Iubhaile na bliana 1600 bhí turas na naoi séipéal seanbhunaithe i gcleachtas na hoilithreachta, fiú má choinnigh athchlónna ar Lafréry agus cinn nua a rinne aithris air an seanteideal, seacht séipéal na Róimhe. Bíodh gur nós le hoilithrigh cuairt a thabhairt ar shéipéal beag Domine Quo Vadis ar an mbealach ar ais ó San Sebastiano (Wisch 2011–12: 283–4) ní áirítí an séipéal seo mar ghné riachtanach den oilithreacht ach b’fhiú leis an gCianánach é a lua agus an seanchas a bhain le hainm an tséipéil a ríomh. Is cuimsithí go mór fada an tráchtaireacht seo, dála an scéil, ná a bhfuil le fáil sa treoirleabhar cáiliúil, Le cose meravigliose dell’alma città di Roma (1608). Má d’fhág léarscáil Lafréry tréanlorg ar Ó Cianáin, idir chló fisiciúil agus chló morálta, bhain an reacaire Éireannach leas nach beag as an treoirleabhar, go háirithe agus é ag trácht ar bhunús gach séipéil, líon na dtaisí a bhí le fáil ann agus líon na loghanna a bhí le gnóthú ann. Má bhain cultas na naomh, taisí agus loghanna le cleachtas na Críostaíochta leis na céadta bliain, rinne cnámh spairne díobh le linn an Reifirméisin agus bhí na gnéithe seo de chleachtas na heaglaise ar na nithe ba threise a d’ionsaigh na leasaitheoirí, ní áirím coincheap na hoilithreachta féin. D’ainneoin an cháinte seo, áfach, dhearbhaigh Comhairle Thrionta bailíocht na gcleachtas sin fad is go ndíbreofaí mí-úsáidí. Fágann sé seo go bhfuil tionchar an Leasúcháin Chreidimh Chaitlicigh le sonrú go láidir ar théacs ar bith ó 1575 ar aghaidh a aibhsíonn oilithreachtaí, cultas na naomh, taisí agus loghanna. Féach na dealbha ollmhóra de Naoimh Peadar, Pól, Eoin Baiste agus den Mhaighdean Mhuire atá le feiceáil lasmuigh de na ceithre mhórbhaisleac ar léarscáil Lafréry, dealbha nach raibh bunús stairiúil leo, ach a thagair do chultas na naomh céanna agus don leas spioradálta a d’fhéadfadh na fíréin a ghnóthú trí ómós a léiriú dá dtaisí laistigh den bhaisleac (Wisch 2011–12: 278). Mar an gcéanna is féidir breathnú ar chuid na Róimhe de théacs Uí Chianáin mar aiste a cheiliúrann go ceáfrach na cleachtais eaglasta is fíochmhaire a ionsaíodh le linn an Reifirméisin ach a tháinig slán as an gcoimhlint.

32 Tá aon ghné amháin de chur síos an Chianánaigh ar oilithreacht na seacht n‑eaglais, áfach, nach bhfuil ag teacht le tuairisc ar bith eile ar an oilithreacht chéanna, mar atá, an cuntas ar Sant’Onofrio agus ar bheatha an díthreabhaigh Éigiptigh. Tá léirithe agam in áit eile gur bhunaigh Ó Cianáin an tuairisc ar bheatha an naoimh go huile is go hiomlán ar an tsraith de sheacht bhfreascó fichead a rianaigh na heachtraí ba shuntasaí i mbeatha Onofrio i gclabhstra an tséipéil agus a coimisiúnaíodh d’Iubhaile na bliana 1600 (Mac Craith 2012: 163–78). Ina dhiaidh sin, ní mór a rá nach bhfuil baint ar bith ag an séipéal seo leis an oilithreacht. Cén fáth mar sin, ar phléigh Ó Cianáin anseo é? D’fhéadfaí a áiteamh go raibh an séipéal sách cóngarach d’áit chónaithe na dtaoiseach Ultach sa Borgo agus gur thapaigh siad an deis le cuairt a thabhairt air tar éis dóibh an oilithreacht a chríochnú. Níl mórán substainte ag baint leis an áiteamh sin, áfach. Ní miste breathnú ar an data, 12 Meitheamh, lá fhéile Sant’Onofrio. Feicfimid ar ball, ach oilithreacht na seacht mbaisleac a fhágáil as an áireamh, gach cuairt a thug na taoisigh Ultacha ar shéipéal sa Róimh gur ar lá fhéile an naomhphátrúin a tharla sé. Sollúin ar leith a bhí ann, ardaifreann á cheiliúradh, taisí á dtaispeáint agus loghanna le gnóthú. Bhí an t‑eolas seo ar fad le fáil in aguisín ar chúl na n‑eagrán éagsúil de Le cose meravigliose. Ina theannta sin bhíodh maithe agus móruaisle na Róimhe i láthair idir chléir is tuath, ócáid a thabharfadh deis d’Aodh Mór Ó Néill é féin a láithriú ina measc mar phrionsa diaga de chuid an Leasúcháin Chreidimh Chaitlicigh. Ach cuma cén lá dáiríre a thug na taoisigh Ultacha cuairt ar Sant’Onofrio, is é is dóichí gur cheangail an Cianánach d’aon ughaim le hOilithreacht na Seacht mBaisleac é i ngeall ar an dáta 12 Meitheamh. Ar an mbealach sin bheadh sé ag teacht leis an múnla a bhí ceapaithe aige don reacaireacht sa Róimh, lá fhéile an naoimh ba phátrún don séipéal a roghnú chun cuairt éarlamhach a thabhairt air, lá an stáisiúin de réir an treoirleabhair. Maidir leis an leagan de bheatha an naoimh a d’aithris Ó Cianáin, chríochnaigh sé é le paidir atá ar aon dul nach mór leis an bpaidir a chuir clabhsúr leis an oilithreacht go Loreto, gan de dhifríocht eatarthu ach coimirce Onofrio a bheith á héileamh i gcás amháin agus coimirce na Maighdine sa chás eile. Soláthraíonn an dá phaidir seo dúnadh éifeachtach don dá oilithreacht ar féidir breathnú orthu mar aon oilithreacht amháin, ar meafar í d’oilithreacht na beatha Críostaí i gcoitinne, beatha ar sprioc di sonas síoraí na bhflaitheas. Lena chois sin, is eiseamláir í beatha Onofrio d’oilithreacht saoil aon duine amháin agus d’oilithreacht saoil gach éinne. Tar éis dó faoistin a dhéanamh ag deireadh a shaoil, ‘scar a spiorad anama fria chorp ar mbreith buadha ó dhomhan agus ó dheamhan’ (Ó Muraíle 2007: 360, §7.103). Ansin chonaic an t‑oide faoistine seisear aingeal ag tuirlingt ó neamh ar gach taobh den mharbhán chun corp Onofrio a thúisiú:

Ba héagnach agus ba follas don seanóir [.i. an t‑oide faoistine] ag tearnódh suas do na hainglibh an dara feacht anam an fhíréin uasail Honofrius ag a iomchar ag dí aingeal díbh i riocht agus i bhfíodhair choilmne glégile (Ó Muraíle 2007: 362, §7.104).

33 Ní fhéadfaí sampla níos fearr a thabhairt den chuspóir agus den fhoirceann is dual d’oilithreacht saoil an fhíréin ná bás agus athfhás Onofrio. Léiríonn sé seo go léir cé chomh comhfhiosach a bhí Tadhg Ó Cianáin agus é ag múnlú an ábhair a bhí aige, idir fhoinsí clóite agus taithí phearsanta, agus chomh saothraithe ealaíonta a chum sé fráma tagartha na reacaireachta.

34 Thug na deoraithe Éireannacha cuairt ar thrí shéipéal déag ar fad ar an 12 Meitheamh. Idir sin agus an dáta deireanach sa téacs, 27 Samhain 1608, tréimhse ceithre mhí go leith, ní dhearna siad cuairt éarlamhach ach ar ocht séipéal, cuairt eile ar San Pietro in Vaticano san áireamh. Ina theannta sin ghlac siad páirt i mórshiúl idir dhá shéipéal ar an 3 Meán Fómhair agus i mórshiúl idir dhá shéipéal eile ar an 5 Meán Fómhair. Is don Mhaighdean Mhuire a bhí na ceithre shéipéal sin tiomnaithe agus chuile sheans go raibh baint ag na mórshiúlta le Féile Bhreith na Maighdine ar an 8 Meán Fómhair (Mac Craith 2011: 162–5; Ó Fearghail 2011: 22–4). Dúirt mé níos túisce gur turas gan sprioc ab ea taisteal na dtaoiseach Ultach nó gur chinn Rí na Spáinne in earrach na bliana 1608 iad a chur chun na Róimhe. Ar bhealach eile ba thréimhse gan sprioc é an t‑am a chaitheadar sa Róimh ó chuir siad deireadh le hoilithreacht na seacht mbaisleac, gan iad ach ag marcáil ama nó go bhfaighidís cead dul chun na Spáinne, cead nach dtiocfadh faraor. Is fiú a mheabhrú, áfach, go bhféadfaí breathnú ar na cuairteanna éarlamhacha seo agus ar na mórshiúlta mar ócáidí liotúirgeacha nó paraliotúirgeacha ar a laghad. Nuair a chuirtear san áireamh go mbreathnaítear ar an liotúirge talmhaí mar réamhbhlaiseadh den liotúirge neamhga i bparthas, d’fhéadfaí argóint a dhéanamh go raibh na cuairteanna eaglasta seo ag teacht le feidhm na hoilithreachta i gcoitinne chun cabhrú leis an oilithreach díriú ar an saol eile, sprioc dheiridh an duine, agus dá bhrí sin nach taisteal gan sprioc a bhí ann.

35 Más amhlaidh gur taisteal dall gan sprioc an chéad chuid de reacaireacht Uí Chianáin, ní miste a fhiafraí cé as a dtáinig an t‑inspreagadh a bhuail cló na hoilithreachta chomh tréan sin ar an gcuid lárnach den téacs, go háirithe ar an 22 Aibreán agus an 12 Meitheamh? Chun an cheist sin a fhreagairt, ní mór díriú ar an tréimhse a chaith na taoisigh Ultacha san Ísiltír Spáinneach, in ard-diúcacht Albert agus Isabella, idir 18 Deireadh Fómhair 1607 agus 28 Feabhra 1608. Ba nia é Albert le Pilib II na Spáinne agus de bhrí gur mheas an rí nár mhiste cara sa chúirt a bheith ag ríshliocht na Hapsburgach sa Róimh, d’fhéach sé chuige go ndéanfaí cairdinéal d’Albert sa bhliain 1577, gan aige ach seacht mbliana déag. Sa bhliain 1595 ceapadh an Cairdinéal Ard-diúc ina ghobharnóir ginearálta agus ina chaptaen ginearálta ar an Ísiltír Spáinneach. Nuair a bhain Albert Flóndras amach chuaigh sé go tearmann Halle ar an 10 Feabhra 1596 agus chaith sé an oíche ar fad ag guí ansin. Bhí clú agus cáil ar Mhaighdean Dhubh Halle, dealbh den Mhaighdean a chuaigh siar go ré Naomh Éilís na hUngáire (1207–1231). Faoi dheireadh an tséú haois déag bhreathnaítí ar Mhaighdean Halle mar chosantóir na gCaitliceach sna cogaí creidimh san Ísiltír Spáinneach (Houssiau 1971: 4–5).

36 Tháinig cor nua i saol Albert sa bhliain 1598 nuair ab áil le Pilib II flaitheas neamhspleách a dhéanamh den Ísiltír Spáinneach. Chun an beart seo a chur i gcrích bheartaigh an rí go bpósfadh Albert a iníon Isabella agus go rialóidis beirt ina gcomhfhlatha. Níorbh aon fhál go haer an chairdinéalacht toisc nár shagart é Albert, agus fuair sé dispeansáid ón bpápa gan aon deacracht. Ar an 12 Iúil 1598 chuaigh sé go Halle gléasta i róbaí an chairdinéil agus an mhaidin dár gcionn chuaigh sé ar aifreann sa tearmann agus é gléasta an t‑am seo mar phrionsa tuata. Le linn an tsearmanais d’fhág sé róbaí na cairdinéalachta go sollúnta ar an altóir i séipéal na Maighdine, comhartha follasach nach le teann dímheasa ar an eaglais a bhí sé ag filleadh ar an tuath.

37 Roimhe sin bhí oilithreacht go Halle déanta aige ag tús agus ag deireadh a chéad fheachtais mhíleata san Ísiltír Spáinneach sa bhliain 1596. Thug Albert cuairt ar Halle arís sular imigh sé chun na Spáinne chun Isabella a phósadh agus sheas an lánúin nuaphósta ag Halle chun paidreacha buíochais a ghabháil leis an Maighdean tar éis dóibh filleadh ón Spáinn. Bhí deabhóid ar leith ag Albert agus Isabella araon do Mhaighdean Dhubh Halle mar is léir ó na hoilithreachtaí a rinne siad chuig an scrín ar uaireanta cinniúnacha ina saol. Agus dhéanaidís oilithreacht go dtí an tearmann ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana fad ba bheo dóibh (Duerloo 2012: 17–18, 42–43, 52–56).

38 Nuair a bhain na taoisigh Ultacha an Ísiltír Spáinneach amach ar an 18 Deireadh Fómhair 1607 bhí siad tar éis flaitheas Caitliceach a shroichint ina raibh an pholaitíocht agus an chráifeacht fite fuaite ina chéile. Ba nós leis na hard-diúic féilte na naomh a roghnú chun cáipéisí tromchúiseacha a eisiúint nó ráitis thábhachtacha a fhógairt. An cineál flaithis chaitlicigh a shamhlaigh Aodh Mór Ó Néill dó féin agus a bhí á éileamh aige ar na Gaill ag deireadh na 1590idí, chonaic sé a leithéid ag feidhmiú go paiteanta san Ísiltír Spáinneach (O’Connor 2004: 59–69). An dá alt fichead a dheachtaigh sé sa bhliain 1599, agus nárbh fhiú le Robert Cecil, rúnaí stáit Shasana, ach an focal Ewtopia a bhreacadh go tarcaisneach ar a chóip féin, ba chuid den saol laethúil iad faoi réimeas Albert agus Isabella (O’Connor 2004: 60–61). Agus deabhóid chomh mór sin ag na hard-diúic do thearmann Halle, ní hiontas ar bith é gur thug Tadhg Ó Cianáin níos mó airde ar Halle ná ar aon áit eile san Ísiltír Spáinneach. Ina theannta sin ní miste a rá go raibh deabhóid ar leith ag na hard-diúic do thearmann Loreto agus ba iad na bronntóirí ab fhéile san Eoraip ar an scrín sin (Duerloo 2012: 187–8). Níorbh iontas ar bith é dá bhrí sin dá mba san Ísiltír Spáinneach a plandaíodh an síol in intinn na dtaoiseach Ultach oilithreacht a dhéanamh go Loreto. Má d’fhuaraigh an fháilte a chuir Albert agus Isabella roimh na taoisigh Ultacha de réir a chéile, iad faoi bhrú ó na Sasanaigh ó thaobh amháin as ucht dídean a thabhairt do thréatúirí, iad faoi bhrú ó Philib III ar an lámh eile gan rud ar bith a dhéanamh a chuirfeadh an conradh síochána idir Sasana agus an Spáinn i mbaol, fós féin ba thréimhse thábhachtach foghlama d’Aodh Ó Néill agus dá chroiniceoir Tadhg Ó Cianáin an t‑achar ama a chaith siad i bhflaitheas na n‑ard-diúc. Fuair siad araon taithí ar na cleachtais a stiúraigh feidhmiú na cumhachta i bhflaitheas Caitliceach agus ar an dlúthnasc idir an pholaitíocht agus an creideamh faoi réim na Habsburgach. D’fhoghlaim Aodh Ó Néill an t‑iompar ba dhual do fhlaith diaga Caitliceach agus an chaoi ab fhearr len é féin a láithriú os comhair cumhachtaí Caitliceacha na hEorpa. Agus cur amach aige ar an pietas austriaca san Ísiltír Spáinneach, d’éirigh le Tadhg Ó Cianáin toradh a chuid foghlama a chur i bhfeidhm ar an inseoireacht a bhí á breacadh aige agus pietas ulidianapietas hibernica go fiú a dhéanamh den pietas austriaca (Coreth 2004: xxii).

39 Is ag díriú ar a lárnaí is atá gné na hoilithreachta in inseoireacht Uí Chianáin a bhí an aiste seo. Ach faoi mar a bhí an chráifeacht agus an pholaitíocht fite fuaite ina chéile sa pietas austriaca, b’amhlaidh don pietas hibernica a mhúnlaigh an Cianánach. Thapaigh sé gach deis le linn a chuid ceapadóireachta chun na hÉireannaigh a mhóradh mar náisiún ar leith ar aon dul leis na Spáinnigh agus chun Aodh Mór Ó Néill a mhóradh mar fhlaith diaga de chuid an Leasúcháin Chreidimh Chaitlicigh. Siúd is gur fhéach sé ar an Spáinn mar shlat tomhais den náisiún caitliceach par excellence, áfach, is í an Fhrainc is mó a chabhraigh leis na taoisigh Ultacha dáiríre dar leis an gCianánach. Is é Annraoi IV na Fraince a chuir ambasadóir rí Shasana ó dhoras nuair ba mhian leis go ndéanfaí na huaisle a ghabháil agus a eiseachadadh agus is é an tAnnraoi céanna a dhearbhaigh go raibh saorchead taistil gan bhuairt ag gach Caitliceach trí ríocht na Fraince. Díol spéise an eachtra a chuireann críoch le hinseoireacht Uí Chianáin, sliocht fada saothraithe próis i stíl bhladhmannach bhorrtha bhláfar a thuairiscíonn móriontráil ambasadóir na Fraince i gcathair na Róimhe (Ó Muraíle 2007: 388–399, §8.45–61). Is féidir a mhaíomh go gcuireann sé seo críoch cineál tobann leis an inseoireacht ar fad, ach is féidir a mhaíomh chomh maith céanna go raibh a fhios ag an údar go rímhaith cad a bhí ar bun aige. Agus leas á bhaint aige as an gceart a bhí ag aos léinn na Gaeilge i gcónaí riamh comhairle a chur ar an bpátrún, tá an Cianánach ag rá le hAodh Ó Néill, más go indíreach féin é, go bhfuil an Fhrainc i bhfad níos iontaofa ná an Spáinn. Más é rí na Fraince is túisce a tháinig i gcabhair ar na taoisigh Ultacha nuair a bhain siad an Eoraip amach, is ar ambasadóir an rí chéanna ba chóir bheith ag triall feasta. Ach breathnú air ar an mbealach seo, soláthraíonn móriontráil Carlo Gonzaga, diúc Nevers, dúnadh feiliúnach do shaothar Thaidhg Uí Chianáin.

Saothair a ceadaíodh

Angelita, Girolamo (1600) Historia della Translatione della S. Casa della Madonna a Loreto. Macerata: Appresso Sebastiano Martellini.

Bercé, Yver-Marie (2011) Lorette aux XVIe et XVIIe Siècles Histoire du plus grand pèlerinage des Temps modernes. Paris: Presses de l’université Paris-Sorbonne.

Brundin, Abigail (2017) ‘Books and Manuscripts’. In: Madonnas and Miracles: The Holy Home in Renaissance Italy. Ar fáil ag: https://madonnas-and-miracles.fitzmuseum.cam.ac.uk/books-and-manuscripts/ [faighte 7 Feabhra 2021].

Carroll, Claire Lois (2018) Exiles in a Global City the Irish and Early Modern Rome, 1609–1782. Leiden & Boston: Brill.

Coreth, Anna (2004) Pietas Austriaca. Aistrithe ag Bowman, W.D & Leitgeb, A.M. West Lafayette, IN: Purdue University Press.

Brilli, Attilio (1996) Loreto e L’Europa La “Città Felice” negli Itinerari dei Viaggiatori Stranieri. Milano: Silvano Editoriale.

Duerloo, Luc (2012) Dynasty and Piety Archduke Albert (1598–1621) and Habsburg Political Culture in an Age of Religious Wars. Farnham, Surrey: Ashgate.

Facciotti, Guiglelmo (1608) Le cose meravigliose dell’alma città di Roma. Roma. Ar fáil ag: Hathi Trust Digital Library. [faighte 7 Feabhra 2021].

Francini, Marta Pieroni (1987) ‘Itinerari della Pietà negli Anni della Controriforma’. In: Studi Romani 35: 296–320.

Grimaldi, Floriano (1993) La Historia della Chiesa de Santa Maria de Loreto. Loreto: Tecnostampa di Loreto.

Grimaldi, Floriano (1994) Il Libro Lauretano Secoli XV–XVIII. Diocesi di Macerata Tolentino Recanati Cingoli Treia.

Grimaldi, Floriano (2001) Pellegrini e Pellegrinaggi a Loreto nei Secoli XIV–XVIII, Supplemento n.2 al Bolletino Storico della Città de Foligno. Loreto.

Hillman, Jennifer & Tingle, Elizabeth (2019) ‘Introduction Soul Travel: Spiritual Journeys in late Medieval and Early Modern Europe’. In: Hillman, Jennifer & Tingle Elizabeth (eag.) Soul Travel Spiritual Journeys in Late Medieval and Early Modern Europe. Oxford: Peter Lang: 1–44.

Houssiau, Albert (1971) Notre Dame de Hal. Halle: R. Decoster.

Hurlock, Kathryn (2019) ‘Performing Pilgrimage in Late Medieval Wales’, in Hillman, Jennifer & Tingle, Elizabeth (eag.) Soul Travel Spiritual Journeys in Late Medieval and Early Modern Europe. Oxford: Peter Lang: 81–104.

Kerney Walsh, Micheline (2015 [1986]) “Destruction by Peace”, Hugh O’Neill after Kinsale. Monaghan: Cumann Seanchais Ard Mhacha.

Lewis, Barry (2015) Medieval Welsh Poems to Saints and Shrines. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Mac Craith, Mícheál (2011) ‘Representing Counter-Reformation Rome through Ulster Eyes’. In: Fearghus Ó Fearghail (eag.) Tadhg Ó Cianáin an Irish Scholar in Rome. Dublin: Mater Dei Institute of Education: 121–170.

Mac Craith, Mícheál (2012) ‘Tadhg Ó Cianáin: Spaghetti fiannaigheacht’. In: Arbuthnot, Sharon J. & Parsons, Geraldine (eag.) The Gaelic Finn Tradition. Dublin: Four Courts Press: 163–178.

Mac Craith, Mícheál (2016) ‘Tadhg Ó Cianáin agus Loreto’. In: Bliainiris 11: 78–128.

Mac Donncha, Frederic (1976) ‘Medieval Irish Homilies’. In: McNamara, Martin (eag.) Biblical Studies: The Medieval Irish Contribution. Dublin: Dominican Publications: 59–71.

O’Connor, Thomas (2004) ‘Hugh O’Neill: Free spirit, Religious Chameleon or Ardent Catholic?’. In: Morgan, Hiram (eag.) The Battle of Kinsale. Bray, Co. Wicklow: Wordwell: 59–72.

Ó Fearghail Fearghus (2011) ‘Tadhg Ó Cianáin in Rome’. In: Fearghus Ó Fearghail (eag.) Tadhg Ó Cianáin an Irish Scholar in Rome. Dublin: Mater Dei Institute of Education: 1–33.

Ó Mainnín, Mícheál (2012) ‘Muintir Chianáin Ard Mhacha agus Borradh na dTeaghlach Léannta’. In: Mac Cárthaigh, Eoin & Uhlich, Jürgen (eag.) Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle. Indreabhán: An Clóchomhar: 697–719.

Ó Muraíle, Nollaig (eag.) (2007) Turas na dTaoiseach nUltach as Éirinn from Rath Maoláin to Rome. Rome: Pontifical Irish College.

Ostrow, Steven F. (2005) ‘The Counter-Reformation and the End of the Century’. In: Hall, Marcia B. (eag.) Artistic Centres of the Italian Renaissance: Rome. Cambridge: Cambridge University Press: 246–320.

Rinaldi, Alessandro (1985) ‘Le Sette Meraviglie della Roma Cristiana. L’Invenzione del Lafréry’. In: Fagiolo, Marcello & Madonna, Maria Luisa (eag.) Roma Santa: la città delle basiliche. Roma: Gangemi Editore: 269–274.

Santarelli, Giuseppe (1992) ‘Il Pellegrinaggio Loretano Attraverso i Secoli’. In: Giuriati, Paolo (eag.) I Pellegrini alla Santa Casa di Loreto: Indagine socio-religiosa. Loreto: Congregazione Universale della Santa Casa: 51–72.

Santarelli, Giuseppe (2017) La Santa Casa di Loreto Tradizione e Ipotesi, sesta edizione riveduta e aggiornata. Loreto: Edizioni Santa Casa.

Stannek, Antje (1998) ‘Diffusione e Sviluppi della Devozione lauretana in Europa (‘600–‘700)’. In: Citterio, Ferdinando & Vaccaro, Luciano (eag) Loreto: Crocevia Religioso tra l’Italia, Europa e Oriente. Brescia: Morcelliana: 291–328.

Stinger, Charles J. (1998) The Renaissance in Rome. Bloomington IN: Indiana University Press.

Tingle, Elizabeth (2019) ‘Pilgrimage Confraternities and Spiritual Travel in Catholic Reformation France’. In: Hillman, Jennifer & Tingle, Elizabeth (eag.) Soul Travel: Spiritual Journeys in Late Medieval and Early Modern Europe. Oxford: Peter Lang: 151–178.

Tolomei, Pietro di Giorgio (gan dáta), Translatio Miraculosa Ecclesiae beatae Mariae virginis de Loreto. Ar fáil ag: https://madonnas-and-miracles.fitzmuseum.cam.ac.uk/books-and-manuscripts/ [faighte 7 Feabhra 2021].

Vélez, Karin (2019) The Miraculous Flying House of Loreto: Spreading Catholicism in the Early Modern World. Princeton & Oxford: Princeton University Press.

Wisch, Barbara (2011–12) ‘The Matrix: “Le Sette Chiese di Roma” of 1575 and the Image of Pilgrimage’. In: Memoirs of the American Academy in Rome 56/57: 271–203.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2022.
ISSN: 2009-8626