An nua-aoiseachas liteartha agus filíocht Phádraig Mhic Fhearghusa

Liam Mac Amhlaigh

Labhraíonn focail uathu féin as comhthaithí agus comhthuiscint na nglún, ach roghnaíonn an file as an nua iad agus cuireann in ord as an nua iad. Ní hionann focail agus taithí ach as an taithí a shaolaítear iad. Na focail is fearr san ord is fearr an cúram, mar a bheadh taipéis á sníomh in ómós don Bhé. Ag foghlaim an uaignis a bhíonn an file i bhfad na haimsire, féachaint an mbeannódh an inspioráid an gréas. Má bhíonn an t‑ádh leis, maireann dán (Mac Fhearghusa 2002: v).

1 Cur síos tuisceanach is ea é seo ar chúram an fhile i bhfriotal Phádraig Mhic Fhearghusa (1947–). Is díol suntais é an próiseas céimnitheach seo i gceardaíocht focal a thugann le fios go mbogtar an file seo chun gnímh as an gcruthaitheacht agus go mbaineann cumas an fhile go dlúth le claochlú na bhfocal as a ngintear an fhilíocht.

2 San aois reatha, ní mór d’fhile Gaeilge ar bith dul i ngleic le comhthéacsanna teanga nach bhfuil chun leas na Gaeilge, áit a bhfuil an Béarla i dtreis, agus stádas aige mar theanga dhomhanda. Éiríonn leis an bhfile na deacrachtaí sin a shárú i nGaeilge má chuimhnítear ar an rud rúndiamhrach sin ar a dtugtar ‘glór’ nó ‘guth’; an coincheap is teibí ar fad sa scríbhneoireacht chruthaitheach. Is leis an nglór sin a dhéantar an ‘seachadadh’ bunúsach atá ina bhonn d’aon chineál scríbhneoireachta. Más uaigneach an t‑aistear, a luann Mac Fhearghusa thuas, leis an nglór sin a aimsiú, is comhartha tábhachtach glór an fhile mar scríbhneoir mar bhunús leis an bhfilíocht sin, nuachruthaithe as focail ‘athláimhe’, ach luach leis an táirgeadh deireanach. Ní mór an bunús sin a cheiliúradh mar a deir Liam Ó Muirthile (1950–2018) agus tábhacht fhriotal na filíochta mar mheán á dearbhú aige:

The sounds of Irish … poetry move us in mysterious ways. The language itself has a strange hold on us, beyond reasonableness. … Its unfailing appeal has always been to affirm humanity, the human dimension of our being in this world and more often than not of our being in an otherworld … This is not an appeal for ‘nativism’ …. merely a statement of belief in the intrinsic value of the poem itself (2008: 149).

3 Má tá cáilíocht aon seánra le dearbhú, níl amhras ach go gceistítear an scríbhneoir, an file féin agus a g(h)lór, ina m(h)áistir ar an meán sin. Bíonn tréimhsí in aon teanga nuair a bhíonn filíocht na teanga sin faoi bhláth; nuair is féidir léi an luach bunaidh, ach bog, sin, mar a bhí ag an Muirthileach, a thaispeáint go héasca. Sna tréimhsí sin, tuigtear ábharthacht an fhile níos mó. Ach chun glór na filíochta sna heiseamláirí is nuascríofa i nGaeilge a scrúdú, ní mór dul níos faide ná an lionsa áitiúil, dúchasach amháin, agus breathnú ar thionchar an domhain agus na hEorpa ar scríbhneoirí cruthaitheacha i mionteangacha. Chuige seo, is é an nua-aoiseachas an téad tionchair is áitithí sa tréimhse chomhaimseartha ó lár na haoise seo caite ar aghaidh dar liom, ó tharla gur litríocht fhuascailteach í (Mac Amhlaigh 2021: 371) agus scáthán liteartha ar fhorbairt nua-aimsearú (nó go deimhin, fuascailt) na sochaí ina maireann scríbhneoirí ár linne féin (feic Barzinji 2013; Childs 2008; Godwin 1975). Cás-staidéar faoi leith is ea cás an fhile Ghaelaigh faoi anáil na leoithne idirnáisiúnta seo a iniúchadh. Más fíor gur tharla ‘nua-aoisiú’ ar litríochtaí mhionteangacha éagsúla an domhain ag ráta an-difriúil ó thús deireadh na haoise seo caite, d’áiteoinn, i bhfianaise na hanailíse thíos, gur féidir saghsanna éagsúla tionchair ón nua-aoiseachas a aithint ar litríocht na Gaeilge san achar sin.

4 Dá réir sin thuas, tá dhá chuspóir leis an alt seo: cur leis an mbeagán plé ar shaothar an fhile Pádraig Mac Fhearghusa le cúiteamh éigin a thabhairt ar an bhfaillí shuntasach i gcritic na Gaeilge a fhágann scothshaothar den chineál seo gan an anailís agus an ceiliúradh atá tuillte aige; agus roimhe sin san alt, brí a bhaint as tionchar an nua-aoiseachais liteartha, agus an tras-nua-aoiseachais go háirithe, le saothar Mhic Fhearghusa a thabhairt chun comhthéacs leis an gcritic liteartha. Thuairimeoinn go bhfuil an dá chuspóir seo in ord ag cuimhneamh ar an oidhreacht shaibhir i ndioscúrsa na critice liteartha atá curtha ar fáil go dtí seo ag an Ollamh Máire Ní Annracháin ar léann nualitríochtaí Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban le daichead bliain anuas.

Cúlra an nua-aoiseachais liteartha agus nuafhilíocht na Gaeilge

5 Tá sé deacair sainmhíniú beacht amháin a thabhairt ar an nua-aoiseachas liteartha cé go gcreidim, ina croí istigh, gur litríocht fhuascailteach í. Dar le Ní Annracháin: ‘Tá an nua-aoiseachas, an modernism, casta, guagach mar choincheap, agus ní aontaíonn gach duine faoi na mionsonraí’ (1999: 17). Mar a bheidh le plé ar bhealach níos iomláine go luath (Mac Amhlaigh 2021), mhothóinn, i gcuid mhaith litríochtaí idirnáisiúnta, go bhfacthas scríbhinní nua-aimseartha faoi thionchar an tsaoil uirbigh agus an tionsclaithe, ag déanamh iarracht freagra le húdaracht a thabhairt ar an síorathrú domhanda. Sa mhéid go n‑áitítear go dtugann scríbhinní ‘nua-aoiseacha’, ó ca. 1890 ar aghaidh, gluaiseacht liteartha le fios, déantar míniú na gluaiseachta a sholáthar i dtéarmaí féiniúlachta agus pobail (Berman 2017); gur bhain sí le teacht in inmhe na litríochta uirbí agus na réabhlóide cultúrtha a shamhlaítear leis an gcéad daichead bliain den aois seo caite go háirithe (Huyssen 2007). Ní gá ach féachaint ar an dán fada The Waste Land (1922) de chuid T.S. Eliot (1888–1965) leis an slánú agus athnuachan a bhíonn á lorg i dtírdhreach atá aimrid agus folúsach go spioradálta a thabhairt faoi deara.

6 Tugann Gearóid Denvir an cur síos seo ar fhilíocht na Gaeilge de chuid thús na haoise seo caite:

… [it was] among other things, a declaration of identity, and a pro-active repossession of a tradition, culture, and language that were in danger of extinction. Though ideologically indicative of the period, most of this poetry is seriously aesthetically challenged … it tends to be traditionalist and backward looking, and portrays Ireland as a latter-day Gaelic utopia or Tír na nÓg (2005: 110).

7 Más briseadh iomlán a bhí sa nua-aoiseachas liteartha lena raibh ann roimpi, le fuascailt a sholáthar, ag an am céanna, ba iarracht é bealaí nua comhthreomhara teilgin a aimsiú, go háirithe sna blianta i ndiaidh an chéad chogaidh dhomhanda; rud a scarann é ón macasamhail atá sainmhínithe ag Denvir thuas.

8 Murab ionann agus an anailís atá déanta ar chlaontaí nua-aoiseacha i bprós na Nua-Ghaeilge le céad bliain anuas (feic Ó Conchubhair 2016; Ó Buachalla 2020), tá i bhfad níos lú anailíse ar fhilíocht nua-aoiseach na Nua-Ghaeilge san achar ama céanna. Tá sé áitithe ag Brian Ó Conchubhair (2011) gur deacair an t‑idirdhealú a dhéanamh go domhanda idir an nua-aoiseachas déanach agus an t‑iar-nua-aoiseachas, bunaithe ar an tuairim choitianta gur tháinig deireadh den chuid is mó leis an nua-aoiseachas a aithnítear go canónach, de réir mórán criticeoirí, chomh fada siar leis na 1930idí. Ach is fada uainn aon sainmhíniú ar an iar-nua-aoiseachas i gcomhthéacs na Gaeilge, gan tuiscint mhaith a bheith ar an nua-aoiseachas féin.

9 Tuairimíonn Pádraig de Paor (1997) gur ghluaiseacht ealaíonta, fhealsúnta sa 19ú is san fhichiú haois ab ea é, a chaith amhras ar shaoldearcadh a bhí oibiachtúil, aontaithe nó aonchineálach. Dar le Louis de Paor, thosaigh ré nua-aoiseach na nuafhilíochta Gaeilge sna 1930idí deireanacha agus lean sí chomh fada le teacht fhilí INNTI ar an bhfód ag deireadh na 1960idí, mar a deir sé: ‘[a] late adaptation of European modernism; an Irish variant of ideas that dominated the art, literature and philosophy of Continental Europe in the first half of the 20th century’ (2016: 18); dar leis, is gluaiseacht í seo ón ‘tréimhse nua-aoiseach’ chuig tréimhse atá ‘comhaimseartha’ ina fhocail féin (2016: 18). In aon mheasúnú ar an tréimhse 30 bliain sin, is féidir a áiteamh go gcuireann saothar Mháirtín Uí Dhireáin (1910–1988), Sheáin Uí Ríordáin (1916–1977) agus Mháire Mhac an tSaoi (1922–) (‘an mhórthriúracht’, a d’áiteoinn) réabhlóid chiúin ar fáil i smaointeoireacht théamach, struchtúir, agus braistint teanga agus áite. Dar le Denvir, bhí cuid mhaith den réabhlóid sin an-éiginnte don fhile agus don léitheoir araon:

The consciousness of Revival poetry is more akin to that of the premodern world with its fixity of identity defined by a claimed continuity of unbroken tradition, strong religious beliefs, and a sense of a unitary, definable, boundaried culture. By contrast, the modern, and even the postmodern, adventure as experienced over the full extent of the twentieth century is totally at variance with such a world of absolute certitudes, and this evolution in thought from the pre- to the postmodern is reflected in the development of poetry in Irish over that same period (2005: 129).

10 Go fiú agus an easpa cinnteachta sin a luann Denvir intuigthe, tá meicníochtaí nó coinbhinsiúin shimplí áirithe luaite, áfach, le filíocht nua-aoiseach trí chéile, mar shampla: comhréir bhriste, struchtúr neamhrialta abairte, cur i láthair an tsrutha choinsiasaigh áit a dtugann an file a chuid tuairimí gan ord ná loighic. Is féidir le filí nua-aoiseacha braistint coimhthís leis an domhan mór a thabhairt le fios — scoite ó dhea-thaithí agus suáilcí. Sa bhreis air sin, baineann tréithe eile leis ar aon dul le neas-suíomh smaointe, idirthéacsúlacht, iarthagairtí, agus ilchumann focal, iasachtaí ó chultúir éagsúla, meafair neamhchoinbhinsiúnacha, rím caite ar lár, agus leas folaigh íomhánna. Tá an ilghnéitheacht foinsí a bhí ag filí na Gaeilge le cur san áireamh freisin, foinsí a thugann le fios go bhféadfaidís teacht salach ar a chéile, mar a deir Caoimhín Mac Giolla Léith:

Díol spéise faoi leith ann féin, áfach, is ea an chorraíl inmheánach a leanann as seo [foinsí ilghnéitheacha], an cur is an cúiteamh taobh istigh den dán, mar a déarfá, cur agus cúiteamh a léiríonn cuid de chastacht an chultúir mórthimpeall, an cultúr dar de an dán. Mar tá mé féin den bharúil le fada anois gur as an mbruith faoi thoinn seo a eascraíonn cuid den fhilíocht is spéisiúla dá bhfuil againn, más filíocht ghuagach, mhíshuaimhneach, anacair, ilghuthach í féin go minic (2005: 16).

11 Tá sé áitithe agam, bíodh gur éascaigh Ó Direáin (et al) forleathnú na filíochta Nua-Ghaeilge i ndiaidh an chogaidh (Mac Amhlaigh 2021), go bhfuil cuid mhaith de na coinbhinsiúin nua-aoiseacha seo thuas níos ceangailte astu féin le grúpa ‘INNTI na hOllscoile’ sa tréimhse seo (filí INNTI agus iad ag scríobh agus ag foilsiú i láthair Choláiste na hOllscoile, Corcaigh; seachas filí INNTI agus an tréimhseachán Innti á chur ar lean i mBaile Átha Cliath sna 1980idí ar aghaidh). Roinn ‘INNTI na hOllscoile’ an talamh comónta sin níos mó le nua-aoisithe Meiriceánacha a thosaigh le Eliot, agus Pound (1885–1972), a lean le cummings (1894–1962), Stevens (1879–1955) agus Williams (1883–1963) etc. Baineann fírinne an ráitis sin thuas faoin ‘mbruith faoi thoinn’ go dlúth, dar liom, leis an gcuid sin d’fhilíocht ghlúin ‘INNTI na hOllscoile’ agus a gcomharbaí gur féidir filíocht nua-aoiseach a thuiscint léi. Ní hionann sin ar fad agus cur i gcoinne an tseasaimh atá ag an mórthriúracht mar fhilí a tháinig faoi thionchar nua-aoiseach na hEorpa, mar atá tugtha chun solais san anailís thurgnamhach ag Barry McCrea ar shaothar Uí Ríordáin le cúlbhrat na teanga mionlaí ina mhonagraf Languages of the Night (2015). Go deimhin, cnuasach cinntitheach ar lionsa sin an nua-aoiseachais ó thaobh na Gaeilge de is ea Eireaball Spideoige (1952) Uí Ríordáin, a thugann filíocht atá duairc agus coimpléascach ó thaobh na síceolaíochta de inár láthair.

12 Is brainsí den ‘nuafhilíocht’, mar sin, na glúine éagsúla, agus mar a mhol Pádraig de Paor i dtaca leis an tslí is cirte nuafhilíocht a shainmhíniú, agus é ag tagairt don dispeansáid nua-aoiseach ina bhfuil an nuafhilíocht: ‘ní cumadh na véarsaíochta amháin is cúram don fhile, ach an rud ar thug Schlegel (1772–1829) ‘Poesie der Poesie’ air nó ‘Dichtungsvermögen’…an spéacláireacht agus an meabhrú fealsúil’ (2011: 112). Ní hamháin gur filíocht atá sa nuafhilíocht ach fiosrú teibí i dtaobh na filíochta chomh maith. Má ghlacaimid leis an nua-aoiseachas déanach (feic Ó Conchubhair 2011 thuas) mar théarma clúdaigh ar fhilíocht na mórthriúrachta, fágann sé sin glúin ‘INNTI na hOllscoile’, agus a gcomharbaí. Ní leor ‘comhaimseartha’ (L de Paor 2016) leis féin mar chur síos orthu. Ní mhothaím compordach leis an téarma sin ‘iar-nua-aoiseach’ don mheitheal sin ach oiread; filí nua-aoiseacha seachas iar-nua-aoiseacha iad filí ‘INNTI na hOllscoile’; iad faoi anáil nua-aoiseach atá bunaithe go láidir ar thréithe íomhácha (feic saothair Ezra Pound, Charles Olson (1910–1970) agus filí íomhácha eile; Mac Amhlaigh 2021). Tá an anáil sin comónta ach gan a bheith aonchineálach lena réamhtheachtaí, agus mar sin tá leanúnachas áirithe ann.

13 Dá réir sin, moltar téarma úr a chruthú, ‘an dénua-aoiseachas’ agus moltar gur filí ‘dénua-aoiseacha’ iad cuid mhór den ghlúin sin, filí ‘INNTI na hOllscoile’, mar shampla. Filí is ea iad sin a tharraingíonn ar dhá thraidisiún nua-aoiseacha, íomhácha éagsúla, traidisiúin a bhaineann go sonrach lena dtréimhse féin; idir an traidisiún a bhí rompu ó cholláis Mheiriceánach na 1960idí agus an anáil nua-aoiseach shíceolaíoch Eorpach eile a d’fhág a rian ar fhilíocht na Nua-Ghaeilge i ndiaidh an dara cogadh domhanda; filí ar aon dul le Michael Davitt (1950–2005) agus Gabriel Rosenstock (1949–) go háirithe (feic de Paor 2000; ar mhaithe le plé ar an nua-rómánsachas a shamhlaíonn sé le Nuala Ní Dhomhnaill (1952–)). Arís, is ceart cuimhneamh gur ón m‘bruith faoi thoinn’ seo a tháinig an saghas seo filíochta in inmhe (Mac Giolla Léith 2005: 16).

14 D’áiteoinn gurb í an tuiscint seo an chéim is tábhachtaí sa díospóireacht faoi thionchar an nua-aoiseachais ar fhilíocht na Gaeilge san fhichiú haois. Ach ní dóigh liom go n‑oirfidh cur síos mar seo thuas do gach duine den ghlúin filí a tháinig i gcomharbacht ar an mórthriúracht. Duine de na filí ‘nua-aoiseacha’ nár mhaith liom an lipéad sin a bhronnadh air ná Pádraig Mac Fhearghusa óir teastaíonn fearas critice éagsúil dá scothfhilíocht sholúbtha, mar a thabharfar le fios san alt seo. De réir mar a fhorbraíonn tuiscintí ar an nua-aoiseachas liteartha, idir an nua-aoiseachas (déanach agus eile), agus an t‑iar-nua-aoiseachas, deimhneofar an tréimhsiú is ceart a dhéanamh ar na glúine éagsúla. Tá sé tábhachtach, mar sin féin, an cúlra agus an comhthéacs sin a leagan amach sula dtéitear i ngleic, go trialach, le filíocht Mhic Fhearghusa agus saghas eile nua-aoiseachais liteartha a shainiú i dtéarmaí na Gaeilge.

An tras-nua-aoiseachas

15 Más ag díriú ar an nua-aoiseachas déanach a bhíos thuas i gcás na mórthriúrachta, agus má tharlaíonn sé gurb é an dénua-aoiseachas is túisce a leanann nua-aoiseachas go nádúrtha i litríocht Gaeilge sa tréimhsiú seo, ní dócha gur féidir filíocht ‘dhénua-aoiseach’ a thabhairt ar shaothar Mhic Fhearghusa, nuair a chuirtear a chomharthaí sóirt, agus na hábhair atá faoi chaibidil ann, san áireamh.

16 Tugtar tosaíocht d’fhriotal na Críostaíochta (go caolchúiseach in áiteanna), agus do luachanna an traidisiúin, a thabharfadh an-idirdhealú, ag an leibhéal teanga is simplí idir filíocht Mhic Fhearghusa agus filíocht dhénua-aoiseach bhuíon ‘INNTI na hOllscoile’, mar shampla. Áiteofar san aiste seo go bhfuil an-chosúlacht idir saothar Mhic Fhearghusa agus filíocht a bhfuil an ‘tras-nua-aoiseachas’ dulta go mór i bhfeidhm uirthi, agus go bhfuil foinsí agus friotal áirithe in ann spléachadh den ghluaiseacht úr thurgnamhach seo a thabhairt le fios i rith a shaothair.

17 Sula scrúdófar samplaí áirithe ó chorpas Mhic Fhearghusa (thíos faoi seo), tá sé tábhachtach brí faoi leith a bhaint as an tras-nua-aoiseachas ina léiriú ar an nua-aoiseasachas liteartha. Coincheap fealsúnachta is ea an tras-nua-aoiseacht (‘transmodernity’) a úsáideann an fealsamh Spáinneach agus feimineach Rosa Maria Rodríguez Magda (1957–) ina saothar cáiliúil, ‘La sonrisa de Saturno in 1989: Hacia una teoría transmoderna’ (1989). Féachann a cur chuige, atá bunaithe ar loighic Héigealaíoch, ar an nua-aoiseachas, ar an iar-nua-aoiseachas agus ar an tras-nua-aoiseachas mar thriad diagachta ina bhfuil an tras-nua-aoiseachas riachtanach don dá ghné eile. Ar shlí, is forbairt smaointeachais a lonnaíonn an tras-nua-aoiseachas áit éigin mar chomharba nó mar fhreagra ar an iar-nua-aoiseachas i dtosach; má ghlactar leis gur litríocht íolbhristeach, phobalach, frithnua-aoiseach í an t‑iar-nua-aoiseachas, leagtha amach gan foirm. Braitear gurb í an litríocht thras-nua-aoiseach a dhéanann iarracht fuascailt a thabhairt ó chanóin thuirsithe an iar-nua-aoiseachais. Tugtar le fios, sa chás go mbíonn fáil ar litríocht nua-aoiseach, agus iar-nua-aoiseach, in aon teanga, bheadh fáil faoi dheireadh ar an litríocht thras-nua-aoiseach chomh maith céanna.

18 Nascann an tras-nua-aoiseacht an t‑athrú soch-chultúrtha, eacnamaíoch, polaitiúil agus fealsúnachta atá ag teacht chun cinn níos faide ná an t‑iar-nua-aoiseachas (Ateljevic 2013: 200). Rinneadh léirmhínithe eile ar an téarma seo a mhionsaothrú i gcomhar le gluaiseacht chultúrtha an trasmhódachais a bhunaigh an fealsamh Airgintíneach-Meicsiceach Enrique Dussel, a cháin an teoiric iar-nua-aoiseach (2012: 37). D’fhéadfaí tuiscint a bhaint as coincheap an tras-nua-aoiseachais freisin chun coincheap an iar-nua-aoiseachais a athoibriú, le béim a chur ar a ghaol struchtúrach le domhandú agus míshásamh. Imoibríonn an tras-nua-aoiseachas i gcoinne an nua-aoiseachais agus an iar-nua-aoiseachais, sa bhealach seo, trí chur i gcoinne dílárú mórdhíola na sochaí. Chuige sin, tarraingíonn sé ar eilimintí ón nua-aoiseachas agus ón iar-nua-aoiseachas araon, agus dá bhrí sin mhothóinn gur féidir breathnú air mar fhoirm nuachóirithe leasaithe agus níos fulangaí ná mar a chuaigh roimhe. Dar le Ateljevic, bhraith an criticeoir Luyckx Ghisi (a scríobh go forleathan ar an ábhar seo):

the very concept of transmodern implies that the best of modernity is kept while at the same time we go beyond it. As such, it is not a linear projection which takes us from (pre)modernity via postmodernity to transmodernity; rather, it transcends modernity in that it takes us ‘trans’, i.e. through, modernity into another state of being (2013: 202).

19 Mar sin, bíonn gné an chlaochlaithe thar a bheith lárnach sa tras-nua-aoiseacht, rud a thugann ‘an dul thar’ teorainneacha an nua-aoiseachais le fios. Tagann sé i gceist sa domhan mór a bhfuil claochlú leanúnach ar bun: eolas an domhain á roinnt ar an toirt; tras-chultúrthacht agus tras-théacsúlacht; agus nuálaíocht ealaíonta is féidir a thuiscint sa transavantgarde (athnuachan an tsiombalachais go speisialta). Mar sin, braithim gur féidir tábhacht an-soiléir a shamhlú leis an traidisiún agus leis an nua-aimsearthacht araon ó tharla go mbaineann athnuachan an traidisiúin go smior leis an tras-nua-aoiseachas.

20 Is féidir deasghnátha áirithe a shonrú sna gnóthaí a bhfuil dul an tras-nua-aoiseachais uirthi, an litríocht san áireamh. Bíonn onóir agus urraim nasctha leis an tseandacht agus leis an stíl mhaireachtála traidisiúnta (Mura 2012). Cáintear an diúltú ar radharcanna domhanda traidisiúnta. Feictear an inbhuanaitheacht éiceolaíoch, seachas an comhshaolachas (Martin-Jones 2016). Tuigtear an domhandú tríd an bhfonn taistil go háiteanna eachtracha, agus tuiscint níos fearr a bhaint amach ar ‘eachtrannaigh’ agus ‘daoine coimhthíocha’ (Dussel 2012). Cuimsítear altrúchas, cúram sláinte malartach, spioradáltacht agus síceolaíocht neamhshaolta. Tugtar spás agus comhthuiscint freisin don reiligiún neamhspleách, don tarchéimnitheacht, agus don Mharxachas (Cole 2005). Tá an chothromaíocht inmheánach an-tábhachtach sna tréithe seo go léir; iarracht chothromaithe, a thagann ón gclaochlú a ndéanann Mac Fhearghusa tagairt dó ag tús an ailt seo: nuair a chuireann an file a léamh féin ar fhriotal agus ar thuiscintí a thagann mar bhunús ó dhuine nó ó áit eile. Coincheap trialach is ea é seo i gcás chritic liteartha na Gaeilge, ach fráma léirmhínithe feiliúnach d’fhilíocht Mhic Fhearghusa dar liom (mar a mhíneofar), agus tá sé loighciúil i leanúnachas na sochaí ina mairimid go nginfeadh teanga ar bith litríocht tras-nua-aoiseach mar fhreagra ar ghnéithe áirithe den litríocht a tháinig roimpi.

File folaithe tras-nua-aoiseach: Pádraig Mac Fhearghusa

21 Is é a áitíonn an t‑alt seo ná gur féidir anáil nua-aoiseach a bhraith i saothar fileata Phádraig Mhic Fhearghusa, duine atá comhaoiseach le buíon filí ‘INNTI na hOllscoile’, ach gur mó an difríocht san anáil nua-aoiseach sa dá chás. Níor mhiste forléargas gairid a thabhairt ar shaol Mhic Fhearghusa, a rugadh i mBéal Átha Fhinín in Iarthar Chorcaí in 1947. Tar éis dó freastal ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, bhain sé céim BA amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in 1970 i nGaeilge, Stair agus Fealsúnacht, agus Ardteastas san Oideachas i gColáiste na Tríonóide, Ollscoil Átha Cliath. Ba bhunmhúinteoir é go dtí 1975 nuair a d’aistrigh sé go Meánscoil an Leitriúigh i gCiarraí. Bhunaigh sé Scoil Lán-Ghaeilge Mhic Easmainn i dTrá Lí in 1978, agus chaith tréimhse fhada ina chathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí, coláiste dara leibhéal a ndeachaigh sé i mbun a bhunaithe mar chathaoirleach ar an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge (Mac Amhlaigh 2016: 189).

22 Tá sé leabhar filíochta le Pádraig Mac Fhearghusa foilsithe le daichead bliain anuas. D’fhoilsigh An Clóchomhar a chéad leabhar filíochta, Faoi Léigear in 1980, bliain sular chuir Davitt nó Ní Dhomhnaill cnuasach iomlán dá gcuid ar an saol. Ghnóthaigh na cnuasaigh Mearcair (1996) agus An Dara Bás agus dánta eile (2002), agus Oilithreacht na gCríoch Déanach (neamhfhoilsithe, 2020) príomhdhuais fhilíocht an Oireachtais. Bhain Mac Fhearghusa clú níos mó amach i saol na Gaeilge go fiú ina róil ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 2008–2011 agus ina eagarthóir ar an míosachán Feasta ó 1996–2019.

23 Ag cuimhneamh ar a bhfuil de dhánta foilsithe aige, tugann Mac Fhearghusa faoin gceird ar shlí an-chumasach, an-sofaisticiúil in imeacht na mblianta, ach lasmuigh de chorr-léirmheas gairid (a bhfuil tagairt déanta agam dóibh níos deireanaí sa saothar seo) agus aischothú ó mholtóirí ag comórtais an Oireachtais, tá ganntanas critice scolártha i gceist leis an saothar seo ar fad. Feicimid téada áirithe ag rith tríd a shaothar a chuimsíonn, inter alia, an grá (an grá caillte go speisialta); an creideamh (i dtéarmaí na cumhachta osnádúrtha go háirithe); an mhiotaseolaíocht; cultúr ársa na dtíortha Clasaiceacha; fealsúnacht an nádúir mar léiriú ar an staid dhaonna; an tsíceolaíocht, agus mar a imrítear tionchar ar chinniúint an scríbhneora chruthaithigh; agus stair chomhaimseartha na hEorpa agus freagraí áirithe ar léirithe na daonnachta sa stair sin. Anuas air sin, tugtar ómós do chuid áirithe de mhórscríbhneoirí na hEorpa i bhfoirm aistriúcháin, ó chnuasach go céile.

24 Mar eisceacht sa ghanntanas critice seo, braitheann Ní Annracháin go bhfuil filíocht Mhic Fhearghusa le háireamh ar ráitis mhóra na Gaeilge faoin ngrá, agus go dtugann téama an ghrá chaillte fianaise ar iniúchadh mothúchánach atá íogair, forbartha, agus gan staonadh. Dearbhaíonn sí dintiúir Mhic Fhearghusa nuair a deir sí: ‘a generation after Ó Ríordáin, Ó Direáin and MacGill-Eain, Pádraig Mac Fhearghusa has published six volumes of remarkable, if under-acknowledged, poetry’ (Ní Annracháin 2020: 11).

25 Baineann cuid den easpa aitheantais, dar liom, le cur i láthair na filíochta seo i bhfoirm na gcnuasach ina n‑aimsítear na dánta aonair; cnuasaigh threascracha is ea iad, a bhfuil téagar an ábhair agus snas na teanga ina mbacanna, neamhghnácha b’fhéidir, ar eispéireas léitheoireacht na filíochta seo. Tagann cnuasach na ndánta salach, beagán, ar fheabhas na ndánta féin, lasmuigh den chéad chnuasach Faoi Léigear agus an ceann is nua Oilithreacht na gCríoch Déanach. Ach, bíodh agus go ndéanfainn talamh slán de nach raibh anáil nua-aoiseach chomhfhiosach in iarrachtaí Mhic Fhearghusa, go neamhchomhfhiosach, is sraith cnuasach iad seo a thugann cuid mhaith de na comharthaí sóirt den choincheap réasúnta nua-chumtha, an tras-nua-aoiseachas, le fios.

26 I dtosach, tugtar aird ar an taighde is deireanaí faoin nuafhilíocht atá foilsithe ag an Ollamh Máire Ní Annracháin, ‘Seeing the natural world: Comhbhá an Dúlra’ (2020), áit a bpléann sí an bealach a dtéann an litríocht Ghaelach i ngleic le sásamh agus socracht an nádúir; ag tabhairt le fios nuair a bhíonn cúinsí an tsaoil in ord, mar is ceart, go mbeidh nádúr an dúlra carthanach, ach go mbeidh easpa suaimhnis ann mura mbíonn an t‑ord sin ar fáil. Tugann sí solúbthacht agus géire na litríochta céanna chun suntais, agus aithníonn sí an tslí gur chuir an litríocht Ghaelach bá na héiceolaíochta in iúl trí cháineadh na daonnachta mar seo a leanas:

comhbhá an dúlra represents a quasi-magical response by the natural world to important events in a leader’s life, for good or ill. Thus, Nature would rejoice and be fruitful if a leader or other important man, or a man whom one wished to construe as important, succeeded in important ways; however if he died or failed in some respect, Nature had many ways to express distress: it might scream in pain or wither, crops might fail, birds might fall silent. Its sympathy was to an extent conditional, in that it could be withheld in response to the culpable (2020: 1–2).

27 Mar a fheicfimid ar ball, tá sé de nós ag filíocht Mhic Fhearghusa, ar shlí an tras-nua-aoiseachais, claochlú an traidisiúin, cúram na héiceolaíochta, leithne nó ilchultúrthacht sa tsochaí ina mairimid, agus creideamh agus fealsúnacht phearsanta, a thabhairt le fios. Sa bhealach céanna a ghníomhóidh an dúlra in ord lena bhfuil ceart, mar a thugann Ní Annracháin le fios i nádúr na litríochta Gaelaí thuas, scríobhann Mac Fhearghusa a chuid filíochta le cothromaíocht sa síc-nádúr a bhaint amach agus meafar an nádúir/an dúlra sa domhan ina mairimid in úsáid aige.

28 Má tá criticeoirí tar éis filíocht Mhic Fhearghusa a sheachaint, baineann sé sin le cnuasaigh na ndánta ardréime. Ar bhonn an-phraiticiúil, baineann struchtúr ‘inste’ a chuid filíochta le ceisteanna comhráiteacha a ardú de shíor atá ‘le cur’ ar a léitheoirí, agus ní luíonn cuid ar bith de na ‘ceisteanna’ sin róshimplí orthu: síordhúshláin is ea iad. Is é Faoi Léigéar (FL) an t‑aon chnuasach a oibríonn go hiomlán sásúil i bhfoirm bailiúcháin, agus is díol suntais é do Ní Annracháin go dtugann a theideal le fios gurb ionann an saol ina mairimid agus ruathar (2020: 11). Cosúil le drámatúlacht stáitse, le go n‑oibreodh cnuasach filíochta ar bith, níor mhór suaimhneas agus gníomhaíocht araon a chur ar fáil in insint na litríochta; leimhe agus lón machnaimh a chothromú le faobhar agus déine. Ní hamháin go dtarlaíonn sé seo go snasta in FL, ach go fiú i bhfad sular tháinig tuiscint idirnáisiúnta ar an tras-nua-aoiseacht chun cinn mar choincheap, b’fhile é Mac Fhearghusa a bhí ag iarraidh dearcadh inmheánach a chur ar fáil leis an gcéad chéim nádúrtha eile ón traidisiún i leith a mholadh; dearcadh a bhí bunaithe ar thaithí agus splanc na cruthaitheachta araon. Tá sé sin déanta aige ar bhealach iláiteach, ach socair sa tíreolaíocht sin; comhaimseartha, ach measúil ar a raibh caite; agus eagnaí, ach ceisteach. Mar a fheictear sa dán ‘Oilithreacht’:

Raghaidh mé síos
isteach im intinn,
is raghaidh mé síos
gan spás as cuimse,

Is fanfad ann
ag spaisteoireacht timpeall
go bhfuasclód féin
an fhadhb am chiapadh;

Cén fhadhb í
ní heol go díreach,
an mbeadh ina fhadhb
dá mb’eol a brí dom?

Ach ní bhead
níos mó im scaoinse
ag diúl ar
eolaithe comhthíocha,

Im shleamhnánaí
ag reic m’intleacht
le údair mhóra,
fiú le Eaglais Chríosta,

Sula raghaidh mé síos
ag déanamh réitigh
le dúile beo
mo shamhlaíochta féinig,

Leis an nathair sheang,
an ápa míofair,
an damhán fhalla,
an eascann shlíoctha,

An tarbh teann,
an deargadaol,
an chnuimh, an phiast,
is an mac tíre;

Bhfuil teacht ar ais
i ndán dom choíche?
Ní heol roimh ré,
is sin an fhírinne,

Mar caithfead treabhadh
trí lár foraoise
go músclaíonn foghar
lastall den oíche,

Glór na habhann
ó shleasa rí-chnoc,
ag geallúint dí
don sirtheoir íota,

Ag taoscadh leis
seascán samhlaíochta,
á threorú síos
amach chun scríbe (1980: 22 / 23).

29 Agus macalla ghlór an Ríordánaigh le sonrú tríd an dán, aithníonn an léitheoir nach ag lorg comhluadair atá an file, mar a bhí an Ríordánach sa dán ‘Saoirse’ (1952: 100), ach ina ionad sin, tá suaimhneas intinne eile á lorg aige. Úsáidtear neacha beo eile mar scáthán ar ghnéithe éagsúla dá phearsantacht, agus is san ‘fhoraois’ bheo sin a aimseofar an suaimhneas a fhuasclóidh a shamhlaíocht. Caithfear na gnéithe seo a thabhairt chun socrachta ar an aistear nó ar an oilithreacht anama atá idir lámha aige ionas go mbeidh substaint an ábhair atá ag déanamh buartha dó, péinteáilte ar shlí theibí go leor, ciúnaithe. Téann Mac Fhearghusa ‘thar’ riachtanais an duine fhisicigh féin, tréith choitianta ina chuid filíochta, le riachtanais na samhlaíochta a chíoradh, ach déanann sé é sin go siombalach, agus tarraingíonn sé ar bheocht phearsana eile leis an méid sin a chur in iúl. Níl an nádúr socair sa mhéid agus go n‑admhaíonn sé go bhfuil an t‑aistear féin ag éileamh céim eile air.

30 Éiríonn le teidealdán FL, ‘Faoi Léigear’, íomhánna an nádúir a thabhairt le fios ar bhealach bagarthach. Mar a thug Áine Ní Ghlinn le fios ina dán, ‘Mórtas Cine’ (1984: 26) cúpla bliain níos déanaí, is ionann coincheap an tsaoil go minic, agus síorthroid i gcoinne fórsaí diúltacha nach bhfuil smacht ar bith ag an duine orthu ach go gcuireann Mac Fhearghusa míniú níos iomláine ar fáil orthu i gcomhthéacs an nádúir:

Gaoth ghéar fá
Dhún daingean
Ladhracha tintrí
Ag leadhbhadh leathar
Dubh na spéire,

Imní ag snámhaíl
’nós seangán rua
Trí chnámha smeara,

Fuil thairbh
á leathadh ar
gheata an dúna
mar dhíon
ar an anachain…

Ach nítear an t‑adhmad
Smolchaite le fuinneamh
na fearthainne,

Is sníonn na súilíní
Beaga craoraca leo
Le fána
Ag leá leo
Muinín shaolta
Na n‑áitreabhach
Go slogtar a ndóchas
I gcraos mall
Na tuille in
In aghaidh
Aghaidh an
An chnoic
Chnoic (1980: 15).

31 Tréigeann Mac Fhearghusa filíocht atá lonnaithe i bhfriotal nua-aimseartha cathrach; filleann sé ar íomhánna níos traidisiúnta, agus íomhánna i ndomhan an aeir úir. Ní thugtar dóchas ná compord ach is filíocht ionraic, mhacánta í seo ar dhúshlán na staide daonna. Claochlaítear an ‘dul i ngleic’ leis an dúshlán sin i bhfoirm ruathair nach mbíonn aon réiteach ann, ach ceist a ardú faoi a thuisceanaí agus atá an nádúr ar na gníomhartha daonna is cúis leis an ‘anachain’. Dánta is ea iad a léiríonn a thuisceanaí atá Mac Fhearghusa le staid an duine ina inchinn agus mar is féidir an staid sin a léiriú i mórphictiúr na beatha.

32 Sa chuairt chróineolaíoch seo ar shaothar Mhic Fhearghusa, is fiú a lua nár sháraigh sé an chéim chasta sin a bhíonn os comhair gach file le dealramh i saol na Gaeilge: foilsiú an dara bailiúchán ar aon snas leis an gcéad eiseamláir. Bhí dearcadh patuar go leor ag Sealy i dtaobh Nótaí treallcogaíochta ó Suburbia (1983), agus tagraíonn sé do sheanmhúnlaí, ach easpa pearsantachta taobh thiar díobh (1983: 20). Tugtar tráchtaireacht chomhráiteach i ngach ceann de na nótaí (gan teideal) sa chnuasach, a fhilleann, áit éigin i ngach sampla ar chomhrá aonair ag an bhfile leis féin. Mar a thugann teideal an chnuasaigh le fios, tá blas níos uirbí ar an tsraith, agus in ainneoin go léiríonn an file an mháistreacht atá aige ar an teanga, chuirfinn as an áireamh é sa phlé seo faoin tras-nua-aoiseachas ó tharla nach bhfuil mórán de na comharthaí sóirt thuasluaite i bhfeidhm i bhfriotal ná téamaí na ndánta/nótaí.

33 Tá Ó Riagáin níos dearfaí faoin tríú bailiúchán Fá Shliabh Mis agus dánta eile (1993). Sa mhéid agus gur shíl sé go rianaíonn sé aistear sna dánta, aontaím leis ó tharla gur file mór taiscéalaíochta é Mac Fhearghusa in aon rogha ionadaíoch dá chuid dánta. Meallann sé an léitheoir chuig spás tairseachúil idir an beo agus an neamhbheo. Tugann Ní Annracháin ‘Aisling dhorcha’ (2020: 12) ar theidealshraith an chnuasaigh, seacht ndán déag ina iomlán, ‘Fá Shliabh Mis’ (1993: 38–55), áit a dtagann an nádúr go bagarthach i bhfriotal agus in íomhá, le cur síos ar cheo fealltach. Déantar breithiúnas ar shuáilcí an reacaire i rith a shaoil agus é ag bun Shliabh Mis, ag dréim sléibhe. Tá aistear ar siúl ag an bpearsa lárnach, agus tagann móitíf na haimsire ag bagairt sneachta leis an talamh a chlaochlú chun láibe.

34 Aithníonn Ní Annracháin tréith an tsneachta i bhfilíocht Mhic Fhearghusa go ginearálta (2014: 1; 2020: 12). Tá an-siombalachas ag dul leis an rogha seo go traidisiúnta: ciúnas, bás, brón, íonghlanadh, blaincéad a chlúdaíonn an fhírinne, nó a chuireann tús le scéal úr. Níor mhiste ‘The Dead’ de chuid Joyce a chur san áireamh le tionchar an bháis, agus dúshlán na hathnuachana a thabhairt le fios: ‘His soul swooned slowly as he heard the snow falling faintly through the universe and faintly falling, like the descent of their latter end, upon all the living and the dead’ (1976: 223). Ach an cháilíocht is tábhachtaí dar liom a bhaineann leis an sneachta i gcorpas Mhic Fhearghusa ná an tús úr a luaitear leis an gclaochlú, agus ní féidir breith ar an tús úr sin gan an suaimhneas intinne atá á lorg de thoradh an chlaochlaithe.

35 Ní hamháin an aimsir agus a tionchar ar chorp agus anam an duine is cás don fhile, ach rian an tsolais chomh maith. Is díol suntais sna comhthéacsanna sin freisin é críochdhán an bhailiúcháin, ‘A bheith’, go háirithe i bhfianaise fhocail Mhic Fhearghusa cúpla bliain níos deireanaí: ‘Is í an bheith an coincheap is mó a bhfuil cion agamsa air, dá bharr san, an bheith agus an toil a bheith beo, in ainneoin an neamhní’ (1997: viii).

A bheith anseo
Is é is mó sceimhle
A bheith beo, solas-bheo
Os doircheacht.
Rinn aille
An ghaoth id’ rosc
Is borradh treathain chugat
Le turnamh gréine

Cá beag
A bheith id’ bheo
Sa bhfolradh fuinidh?
Is é is beatha
Onfais an ghainéid,
Fáinne sa tsáile
Mar ar smiot ó ghinnte anuas

Cár bheag
An fáinne iargúlta
A ghríobhadh ar an gcloch (1993: 62)

36 Rabhadh eile is ea é seo ar an staid dhaonna sa bheo-thimpeallacht, agus luach bunaidh na beatha lonnaithe in íomhánna de na neacha beo eile a roinneann an mórnádúr leis an gcine daonna. Faoin tráth seo, bhí nasc an-soiléir ina chuid iarrachtaí filíochta le fealsúnacht, agus le síceolaíocht Jung, mar shampla (feic Mac Fhearghusa 1997). Roinneann teoiricí Jung agus an tras-nua-aoiseachas nasc áirithe sa tarchéimnitheacht, mar a thugann an coinsiasach agus fochonsiasach cúiteamh dá chéile. Tá an fheidhm tharchéimnitheach bunaithe ar fhéin-rialú na sícé, agus cuireann Mac Fhearghuasa roimhe féin socracht aigne a shroichint, a d’éascódh an cineál rialaithe sin. Bíonn sé mar sprioc aige go roinnfeadh an corp agus an aigne dhaonna a mianach anama leis an timpeallacht bheo ar bhealach atá spioradálta agus measúil ar thraidisiún na teanga Gaelaí. Ag a chroílár, tá bunús níos dáiríre le cruthú na filíochta seo ná cuid mhaith de na macasamhla comhaimseartha leis.

37 Is léiriú é ar an dáiríreacht a thugann Liam Prút faoi deara sa chnuasach Mearcair (1996), cnuasach atá mar ábhar gearáin dó, ach beagán dánta ann nach aistriúcháin iad (1997: 27). Cuireann Prút i leith Mhic Fhearghusa gur cnuasach róphearsanta, ró-eicléictiúil, ró-rúndiamhrach é go mbeadh ‘cead isteach’ ag an ngnáthdhuine ann, gan trácht ar an scoláire ná an criticeoir nach bhfuil feistithe a dhóthain le brí iomlán na filíochta a chur i gcomhthéacs. Cuirtear ina leith freisin go gceileann an saibhreas teanga, máistreacht foirme agus muinín intleachtúil, an fhírinne phearsanta atá aimsithe aige. Bíodh agus go mba dheacair é sin a bhréagnú, ní ceart an fhilíocht ardréime seo a chur ar leataobh ar an ábhar go mbeadh beagán de léitheoirí na Gaeilge in ann dul i ngleic leis na dea-iarrachtaí teanga.

38 Mar a fheicimid sa dán ‘Léargas’, tá tráchtaireacht ríthábhachtach ar an saol curtha in iúl i bhfoirmeacha teibí. Ní bhíonn normáltacht an tsaoil le moladh, ach ina áit sin, tugtar foláireamh don léitheoir gur féidir le gnáthaimh áirithe an daonnacht a cheilt:

Sea, chím an baile gan soiléire inniu,
Gormshliabh is a chaipín sneachta
Strillíní deataigh trí ghealán gréine
Glór tráchta an tsráid aduaidh

Fiche míle anam im’ thimpeall
Ag gleo, ag faoileáil, ag ceannach aráin,
Ag díol, ag díospóireacht, ag freagairt gutháin,

Ag ceadú a ndlíodóirí, ag fiosrú a gcuntas
Ag bradaíocht faoi choim, ag lorg árachais,
Ag éisteacht aifrinn, ag sclogadh ceirtlise
Ag bailiú bruscair, ag scuabadh cistine

…… Seachas mise, neach a thuigeann
Nach pearsa daonna é
An Neach eile úd nach ann dó,

Ach ní leigheas ar bith mo thuiscint ar mo chás,
Is mé im’ dhúil nach leor leis ithe, ól ná brúachtaíl,
Ó b’fhearr leis bheith ina Dhia — Seo mar atá! (1996: 33/34).

39 Níl aon chinnteacht a bhronnann cinnteacht, ach go gcothaíonn mothú na cinnteachta easpa socrachta a eascraíonn as na pearsana daonna a bheith i dteagmháil ró-iomaíoch le chéile: ‘gach duine riamh acu san idirlinn/ ag dúil gur mó é ná a chomharsa/ I súilibh Dé nach ann dó/ Ach atá fairis agus uime i ngan fhios’ (1996: 34). Filleann an dáiríreacht arís orainn sa dán ‘Lá chomh breá’ nuair a thugtar cuntas ar bhá agus ar bhás buachaill óg, agus fillimid arís ar mhóitíf aimsir an gheimhridh sa dán:

Ach crága oighir
Ag scrúdú a chléibhe air
Le hingne fuara
Is muir á mhúchadh (1996: 17).

40 Tá claochlú an tsaoil tugtha le fios ar bhonn an-dáiríre sa bhealach go nglacann an nádúr leis an mbeatha. Níl sé dearfach, ach léiríonn sé go bhfuil rud éigin eile níos bunúsaí as riocht, agus easpa cothromaíochta i gceist.

41 Ainneoin go dtarraingíonn an cnuasach An Dara Bás agus dánta eile (2002) níos mó ar mhiotaseolaíocht na gClasaiceach, tá macallaí na sraithe ‘Fá Shliabh Mis’ sna sleachta dar teideal ‘Na Scealga’ (2002: 15–24), bunaithe arís ar aistear eile; an uair seo chuig Sceilg Mhichíl ó chósta Uíbh Ráthaigh, dánta a dhéanann tuar, dar liom, ar oscailteacht na háilleachta atá tar éis an domhan mór a mhealladh chuig an tearmann sin níos minice ná riamh ó chasadh na mílaoise ar aghaidh. Ach mura dtugann an timpeallacht nádúrtha foscadh don intleacht, bíonn na méirscrí agus scoilteanna san aigne níos déine, agus is dán den scoth é críochdhán an chnuasaigh ‘Slua a mhaireann ionainn’, le dul i ngleic leis an meabhair scartha:

Slua a mhaireann ionainn
Meabhraím, braithim is n’fheadar
Cé a mheabhraíonn, cé a bhraitheann
Níl ionam ach an láthair a dtarlaíonn
Meabhraíocht is braistint.

Tá níos mó ná anam aonair
Im líon. Is mó mé ionam
Ná mise féin amháin. Ach táimse ann
Is mé ‘nós cuma liom ‘na dtaobh san.
Cuirim in éisteacht iad. Labhraím.

Bíonn a mbraithim nó nach mbraithim
Ag sáraíocht i ngleo an té is mé.
Aineoil. Ní dheachtaíd ní ar bith
Don mhise is eol dom.
Is mé a scrígheann (2002: 46).

42 Ar shlí, fillimid ar an mothú seo go bhfuil an ceann is fearr á fháil ag an bhfile ar riachtanais an choirp dhaonna, ach go dtí go bhfaigheann sé an ceann is fearr ar riachtanais na meabhrach, ní bheidh an pointe cothromaíochta sin mar scríbhneoir sásaithe go hiomlán. Tugtar le fios gur scríbhneoir é atá ag troid i gcoinne scitsifréineachais de chineál áirithe, ach i ndáiríre, is mó an cur síos é ar iolrachas an tsaoil ina maireann cuid den tsochaí a d’fhás aníos i gcultúr eile. Faoin tráth seo, ba ghlór suaithinseach, airitheach é glór fileata Mhic Fhearghusa agus tuilleann an cnuasach foilsithe deireanach dá chuid Geasa agus dánta eile (2006) moladh ón gcriticeoir Liam Mac Cóil agus é á rá:

An t‑atmaisféar éiginnte aduain sin, an tuin dhólásach, maraon le gile dhuairc éigin (‘Grian an Mheán Oíche ar Charlas Melville’ le William Bradford atá ar an gclúdach [clúdach an chnuasaigh]) agus iad ceangailte le sárshlacht friotail agus filíochta a dhéanann cnuasach an-taitneamhach agus an-luachmhar den séú leabhar filíochta seo le Pádraig Mac Fhearghusa (2011: 29).

43 Tá luach fhilíocht Mhic Fhearghusa deimhnithe faoin tráth seo: dánta intleachtúla is ea iad, a cheistíonn an léitheoir mar fhreagra ar athrú iomlán na sochaí in imeacht ama, ach a tharraingíonn ar luach bunúsach traidisiúnta Gaelach le deimhin a dhéanamh den sásamh a lorgaíonn an file, mar a fheictear i ndánta mar ‘Rún na Caise’:

Na beola a mbír ort í a bpógtha, ní hiad
bhíonn beol, iar dtadhall, led bheol: an toil is trúig don phéin,
a agraíonn an Búda, nó ‘sé an peaca a bheith beo.
Diagaire leithliseach d’fhile d’áitigh nach ionann caise inniu,
ainneoin a hainme, is caise an lae inné — nár mhéanar
a lá go n‑oíche aige ar bhaclainn sheaghsach seirce!
Ach amhail Heiriclítés romhainn, ba ghrinn a fhios
nach dual don duine fothragadh athuair sa tsrúill chéanna.

An soiléas beag a deonaíodh dúinn a dháileadh ar chách,
an drithle fhrithir seo ar Life luí na gréine,
as umhla an ionracais is dual dúinne a mhóradh;
Mar ná creidim uait, a fhile, is leannáin ag falróid tharainn.
lámh ar lámh, chomh beag beann ar an bplód,
ach an bhreith a bheith fút féin, ná roghnófá arís ‘bheith óg’ (2006: 33).

44 Ceann de na pointí is tábhachtaí faoi dhán chomh saibhir leis seo ná an mháistreacht teanga agus foirme a shaothraíonn Mac Fhearghusa a chabhraíonn leis an tras-nua-aoiseacht a chur inár láthair. Tiomnaíonn sé an dán do Yeats, agus déantar athmheasúnú ann ar luach na beatha ar shlí an-mhacánta; i ndiaidh an scrúdaithe inmheánaigh sin ar fad, fágtar tuirsithe é, ach radharc glé aige ar a thábhachtaí atá sé dínit na daonnachta a chosaint.

45 Bíodh agus go bhfuil pobal léitheoireachta na Gaeilge ag fanacht ar chnuasach iomlán úr ó pheann Mhic Fhearghusa le tamall, is féidir na téada céanna sin thuas a thabhairt faoi deara go snasta arís sa dán seo ‘Críoch’ ón gcnuasach neamhfhoilsithe úr Oilithreacht na gCríoch Déanach (2020):

Éiríonn deich míle oíche
Mar a bheadh deich míle sliabh
Idir mé agus rún mo chléibh
Bíodh na farraigí feasta
Ina dtuillte dubha eadrainn.
Sciúradh uiscí na mblian
Anáil chumhra ár gceana ar shiúl,
Ná maireadh na saoth-chuimhní:
Na tráthnónta ciarthuilte de phéin,
Na hoícheanta, ag tnúth go bhfeicfinn tú,
Na gairdíní iara gan aird,
Na duillí faoi tháir sna locháin bháistí,
A Ghlasnaíon sheanchríonna ná bíogann
A thuilleadh i loinnir ár bpáirtne, …
Chomh hargail le hoighear,
Diachraíonn an díth mo ghrianta eile (2020).

46 Sampla eile den scoth is ea é seo de shiombalachas fhocalstór na timpeallachta buailte anuas ar dhéine an ghrá chaillte. Santaíonn filíocht Mhic Fhearghusa an creideamh; go gcreideann sé féin gur féidir gluaiseacht ó mhearbhall go cinnteacht, agus gurb ionann a chreideamh agus an chinniúint ag gníomhú san ord cuí sin. Más fíor an méid sin, is féidir lena aigne glacadh leis an ngrá atá ar iarraidh ar shlí níos suaimhní. Is sampla maith é an dán seo le léiriú go leanann Mac Fhearghusa den phátrún inspioráide a bhí aige riamh, chomh fada leis an ré chomhaimseartha reatha.

Conclúidí áirithe

47 Ceann de na gaiscí is mó a raibh lámh ag an Ollamh Máire Ní Annracháin iontu ná cur go mór le tuiscintí na Critice Liteartha i litríochtaí an dá Ghaeilge, agus tá léann na Nua-Ghaeilge faoi chomaoin i gcónaí aici dul i bpáirt leis an Ollamh Bríona Nic Dhiarmada leis an leabhar Téacs agus Comhthéacs: Gnéithe de Chritic na Gaeilge (1998) a thabhairt ar an saol. Mar a scríobh siad i réamhrá an leabhair sin:

… ní litríocht sui generis amach is amach í litríocht na Gaeilge, agus diúltaímid don dearcadh cúng a mhaífeadh nach cóir dúinn aon bhaint a bheith againn leis an machnamh idirnáisiúnta, dubh, bán ná riabhach, agus a thabharfadh, go deimhin, Francophile newfanglings air. Is é gnó práinneach an leabhair seo droichead a thógáil, ar bhonn daingean eagraithe, idir litríocht na Gaeilge agus an machnamh sin (1998: 2).

48 Teastaíonn an fhís sin i gcónaí, agus is mithid spreagadh a thabhairt don aos critice éachtaint níos mine a thabhairt ar an ngaol atá ag filí na Gaeilge leis an tréimhse chomhaimseartha, an chuid sin a bhaineann leis an gcaoga bliain dheireanacha anuas ó aimsir na mórthriúrachta i leith go háirithe. Gan amhras, ní leor tráchtaireacht na haiste seo amháin chun na coincheapa léirmhínithe a dheimhniú don anailís ar an nua-aoiseachas déanach atá idir lámha agus d’fhéadfaí cur i mo leith go bhfuil gnéithe de shaothar Mhic Fhearghusa á roghnú agam le pointí atá róghnéitheach agus róshimplí de mo chuid féin a chur abhaile. Mar réiteach air sin, ní mór litríocht na Gaeilge a iniúchadh trí mheán na critice go domhanda, agus rud nach bhfuil déanta san aiste seo, samplaí líonmhara den nua-aoiseachas liteartha ó Bhéarla na hÉireann, agus ó mhionteangacha na hEorpa a chur i gcomparáid le filíocht na Gaeilge sa tréimhse ama atá faoi chaibidil. Samhlaím an-tábhachtach é an anailís ar an tras-nua-aoiseachas a leathnú le saothair le filí eile a scrúdú go cúramach, agus d’áireoinn Colm Breathnach (1961–) agus Celia de Fréine (1948–) ar bheirt a bhfuil cuid de na tréithe céanna den tras-nua-aoiseachas le sonrú ina gcuid filíochta, ar aon dul le Mac Fhearghusa. Ní mór scéal na filíochta iar-nua-aoisí a chíoradh go cáiréiseach i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge chun an tréimhsiú seo atá á fhorbairt a dheimhniú níos fearr. Caithfear solúbthacht na critice liteartha i nGaeilge a bhualadh níos fearr anuas ar litríocht sholúbtha sin na Gaeilge. Mar a luaigh Máirín Nic Eoin:

One gets the sense from Irish-language criticism, however, that modern literature in Irish remains in a constant state of emergence. Its continued existence can never be taken for granted — and writers’ awareness of the endangered nature of their literary medium is reflected in a sense of critical responsibility or engagement resulting in a perceived need to exhort and encourage writers, to predict future trends and thereby to play an active role in the shaping of what was, or what has, yet to come (2008: 218).

49 Tagaim leis an ráiteas sin agus ‘teacht chun cinn’ na litríochta i gceist. Bhí filí áirithe a ghlac leis an bhfreagracht sin ar shlite éagsúla ina saothar foilsithe, agus cuimhním ar Davitt, Ní Dhomhnaill, Ó Searcaigh (1956-) sa bhealach sin. Ní dóigh liom gur gníomh coinsiasach a bhí i bhfilíocht seo Mhic Fhearghusa freagracht ar bith a ghlacadh as treo liteartha na teanga a stiúradh; ach ar bhealach eile, léiríonn an fhilíocht seo treo faoi leith atá tábhachtach; litríocht a théann ‘thar’ an nua-aoiseacht le huirlisí ‘treallchogaíocht’ na héicilitríochta agus na fealsúnachta, agus a thaispeánann solúbthacht sin na teanga liteartha ar bhonn a osclaíonn doirse do léamha comparáideacha úra.

50 Eiseamláir áititheach é Pádraig Mac Fhearghusa a thugann breis tacaíochta dá bhfuil le rá ag Gearóid Denvir: ‘…[a] sense of self-confident maturity is at the heart of much of the poetry written in Irish since the late 1960s…’ (2005: 128). Is léiriú é a shaothar ar an gcineál athraithe a tháinig ar fhilíocht na Gaeilge taobh le, agus i ndiaidh, tréimhse an dénua-aoiseachais agus ceann de na cúiseanna gur tábhachtaí léirmheas ar a shaothar ná an teachtaireacht shnasta shofaisticiúil a thugann sé i dtaobh luach an traidisiúin a thuiscint, agus a chlaochlú, ar mhaithe le compord aigne an duine a chaomhnú. Tá glór eisceachtúil ag Mac Fhearghusa de thoradh na máistreachta atá aige ar a fhoirm agus ar a theanga, agus is féidir luach an ghlóir sin a ardú trí leas a bhaint as fráma critice an nua-aoiseachais. Beidh tábhacht faoi leith leis an tras-nua-aoiseachas mar ghléas critice don Ghaeilge ó tharla aistear faoi leith a bheith ag scríbhneoirí ‘nua-aoiseacha’ ár linne agus iad ag plé go cáiréiseach le coincheapa dúchasacha traidisiúnta. Claochlaíonn véarsaí Mhic Fhearghusa na focail a bhí ann roimhe agus gineann a thaithí féin athléirmhíniú úr. Más litríocht fhuascailteach í an litríocht nua-aoiseach, creidim go bhfuil fuascailt aigne don scríbhneoir á cur ar fáil sna hathléirmhínithe sin.

51 Leag an aiste seo dhá sprioc amach: scrúdú éigin a dhéanamh ar an nua-aoiseachas liteartha i bhfilíocht na Gaeilge ar mhaithe le beagán beag d’fhilíocht Phádraig Mhic Fhearghusa a scrúdú ón bpeirspictíocht sin; spriocanna iad siúd, tá súil agam, atá in oiriúint don aistear critice a chothaigh Máire Ní Annracháin i léann litríocht Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban le breis agus daichead bliain anuas.

Saothair a ceadaíodh

Arrington, L. (2012) ‘Irish Modernism’, in British and Irish Literature [Idirlíon]. DOI: 10.1093/obo/9780199846719-0069 [faighte: 1 Samhain 2020].

Ateljevic, I. (2013) ‘Visions of Transmodernity: A New Renaissance of our Human History?’ In: Integral Review 9 (2): 200–209.

Barzinji, M. (2013) ‘Modernism, Modernity and Modernisation’. In: Research on Humanities and Social Sciences 3 (12): 43–52.

Berman, J. (2017). ‘Transnational Modernisms’. In: Goyal, Y. (eag.). The Cambridge Companion to Transnational American Literature. Cambridge: Cambridge University Press: 107–121.

Childs, P. (2008) Modernism. London: Routledge.

Cole, M. (2005) ‘Transmodernism, Marxism and Social Change: some implications for teacher education’. In: Policy Futures in Education 3 (1): 90–105.

de Paor, L. (eag.) (2016) Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession. Corcaigh/Indreabhán: Bloodaxe Press/Cló Iar-Chonnacht.

de Paor, P. (2011) ‘Cúpla smaoineamh i dtaobh na nuafhilíochta, agus i dtaobh An Lá go dTáinig Siad (2005) le Derry O’Sullivan’. In: Ó Dúshláine, T. & Ní Chléirchín, C. (eag.), Léachtaí Cholm Cille XLI: filí INNTI go hiontach. Maigh Nuad: An Sagart: 112–124.

de Paor, P. (2000) ‘Gnéithe den saol eile inár gcultúr comhaimseartha: An Leannán Sí agus Lara Croft’. In: An Aimsir Óg: 1–26.

de Paor, P. (1997) Tionscnamh Filíochta Nuala Ní Dhomhnaill. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Denvir, G. (2005) ‘From Inis Fraoigh to Innisfree… and Back Again? Sense of Place in Poetry in Irish since 1950’. In: The Yearbook of English Studies (Irish Writing since 1950): 1–130.

Dussel, E. (2012) ‘Transmodernity and Interculturality: An Interpretation from the Perspective of Philosophy of Liberation’. In: Transmodernity: Journal of Peripheral Cultural Production of the Luso-Hispanic World: 27–56.

Eliot, T.S. (1922) The Waste Land. New York: Horace Liveright.

Godwin, K. (1975) ‘The Relationship between Scores on Individual Modernity Scales and Societal Modernization’. In: The Journal of Developing Areas 9 (3): 415–432.

Huyssen, A. (2007). 'Geographies of Modernism in a Globalizing World'. In: New German Critique 100: 189–207.

Joyce, J. [Scholes, R. (eag.)] (1976) Dubliners. New York: Penguin.

Mac Amhlaigh, L. (eag.) (2016) Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Baile Átha Cliath: COMHAR.

Mac Amhlaigh, L. (2021) ‘Éachtaint úr ar fhilíocht nua-aoiseach dhéanach na Gaeilge’. In: Léann 6 (i gcló).

Mac Amhlaigh, L. (2021a) ‘Tairseach an aistir: Michael Davitt, Bligeard Sráide, agus dánta deireanacha dá chuid’. In: Markus, R., Nic Eoin, M., Nic Mhathúna, D., Ní Mhuircheartaigh, E., Ó Conchubhair, B., Ó Liatháin, P. (eag.) Ar an Imeall i Lár an Domhain?: An tairseachúlacht i litríocht agus i gcultúr na hÉireann agus na hEorpa. Leabhar Breac: Indreabhán: 371–386.

Mac Cóil, L. (2011) ‘An Chritic….Geasa agus dánta eile’. In: Comhar 77 (7): 28–29.

McCrea, B. (2015) Languages of the Night: Minor Languages and the Literary Imagination in Twentieth-Century Ireland and Europe. New Haven, CT: Yale University Press.

Mac Fhearghusa, P. (1980) Faoi Léigear. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Mac Fhearghusa, P. (1983) Nótaí Treallchogaíochta ó Suburbia. Baile Átha Cliath: Clódhanna Tta.

Mac Fhearghusa, P. (1993) Fá Shliabh Mis agus dánta eile. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Mac Fhearghusa, P. (1996) Mearcair. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Mac Fhearghusa, P. (1997) Tóraíocht an Mhíshonais: príomhchoincheapa Freud agus Jung. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Mac Fhearghusa, P. (2002) An Dara Bás agus dánta eile. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Mac Fhearghusa, P. (2006) Geasa agus dánta eile. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Mac Fhearghusa, P. (2020) Oilithreacht na gCríoch Déanach. Cnuasach neamhfhoilsithe, a cuireadh faoi bhráid chomórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge.

Mac Giolla Léith, C. (2005) ‘Léacht Uí Chadhain 2004: Athnuachan na filíochta (Cuid 1)’. In: Comhar 65 (1): 16–21.

Martin-Jones, D. (2016) ‘Trolls, Tigers and Transmodern Ecological Encounters: Enrique Dussel and a Cine-ethics for the Anthropocene’. In: Film-Philosophy 20 (1): 63–103.

Mura, A. (2012) ‘The Symbolic Function of Transmodernity’. In: Language and Psychoanalysis 1: 68–87.

Ní Annracháin, M. (2020) ‘Seeing the natural world: Comhbhá an Dúlra’. In: Proceedings of the Royal Irish Academy: Archaeology, Culture, History, Literature, 1–16: 107–130.

Ní Annracháin, M. (2014) ‘Sneachta ar fud Éireann?’. In: Mac Giolla Léith, C. & Ní Úrdail, M. (eag.), Mo Ghnósa Leas an Dáin: Aistí in Ómós do Mháirtín Ó Direáin. An Daingean: An Sagart: 1–26.

Ní Annracháin, M. (1999) ‘Litríocht na Gaeilge i dtreo na mílaoise’. In: An Aimsir Óg: 14–25.

Ní Annracháin, M. & Nic Dhiarmada, B. (1998) Téacs agus Comhthéacs: Gnéithe de Chritic na Gaeilge. Corcaigh: Cló Ollscoil Chorcaí.

Nic Eoin, M. (2008) ‘ “Idir Dhá Chomhairle/” between Two Minds: Interculturality in Literary Criticism in Irish’. In: Field Day Review 4: 216–231.

Ní Ghlinn, A. (1984) An Chéim Bhriste. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Buachalla, T. (2020) Clocháin sa Scoilt: An tÚrscéal Iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Conchubhair, B. (2011) ‘An Béal Bocht and An tOileánach: Writing on the Margin: Gaelic Glosses or Postmodern Marginalia?’. In: Review of Contemporary Fiction 31 (3): 191–204.

Ó Conchubhair, B. (2016) ‘Greann na Gaeilge: Téacsanna, Tuiscintí agus Teoiricí’. In: American Journal of Irish Studies 13: 215–236.

Ó Muirthile, L. (2008) ‘Offshore on land: Poetry in Irish Now’. In Nic Pháidín, C. & Ó Cearnaigh, S. (eag.). A New View of the Irish Language. Baile Átha Cliath: Cois Life: 140–151.

Ó Riagáin, B. (1995) ‘Ginealach ultach by Pól Ó Muirí: 7rl by Aodh Ó Domhnaill: Fá shliabh mis by Pádraig Mac Fhearghusa’. In: Comhar 54 (2): 26–27.

Ó Ríordáin, S. (1952) Eireaball Spideoige. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Prút, L. (1997) ‘Mearcair in Éirinn’. In: Comhar 56 (6): 27.

Rodriguez Magda, R. M. (1989) La sonrisa de Saturno i 1989: Hacia una teoría transmoderna. Barcelona: Anthropos.

Sealy, D. (1983) ‘Súil le muir’. In: Books Ireland 78 (11): 20.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2020.
ISSN: 2009-8626