The Early Finn Cycle

Kevin Murray

Four Courts Press (2017) | 200 lch | ISBN: 978-1-84682-630-6 | €24.95

1 Is léir ó réamhaiste ghairid The Early Finn Cycle le Kevin Murray gur mionstaidéar é an leabhar seo ar an bhFiannaíocht, seánra atá aitheanta mar cheann de na sraitheanna litríochta is mó cáil i litríocht mheánaoiseach na tíre seo. Cé gur nós le lucht scríofa litríocht na meánaoiseanna struchtúr a bhualadh ar sheanchas agus ar scéalaíocht dhúchasach ar bhonn téamúil, rinneadh srathú ar na scéalta seanchais seo lenár linn féin agus cruthaíodh ceithre shraith éagsúla as an litríocht mheánaoiseach: an Rúraíocht, na Scéalta Miotaseolaíochta, an Fhiannaíocht agus Scéalaíocht na Ríthe. Is ar an bhFiannaíocht luath a dhíríonn Murray sa saothar seo: is é sin ábhar a bhaineann le Fionn mac Cumhaill agus na Fianna a cumadh sa tréimhse roimh c.1200. Níor mhiste a lua, áfach, go ndéantar trácht sa leabhar ar thréimhsí níos déanaí ná sin, go háirithe nuair atá an t‑údar ag trácht ar na Laoithe Fiannaíochta agus ar Tóraigheacht Dhiarmada agus Ghráinne. Sa dá chás sin, baineann na leaganacha lámhscríofa leis an tréimhse 1200 ar aghaidh. Tagairt eile do thréimhse níos déanaí is ea nuair a thráchtann an t‑údar ar ghnéithe de scéal pearsanta Fhinn a mhair anuas go dtí an fichiú haois i dtraidisiún béil na hÉireann agus na hAlban.

2 Áitíonn Murray i mbrollach an leabhair go bhfuil stair fhada ag baint leis an staidéar scolártha comhaimseartha ar an bhFiannaíocht, siar go dtí 1899 ar a laghad, nuair a foilsíodh Ossian and the Ossianic literature le Alfred Nutt. In ainneoin an taighde atá curtha i gcrích ó shin, ‘other expanses of this scholarly territory have been traversed but infrequently’ (9), rud a léiríonn, dar le Murray, go bhfuil tuilleadh iniúchta le déanamh ar an seánra seo go fóill. Tarraingítear aird ar an mborradh suntasach a tháinig faoin staidéar ar an bhFiannaíocht le tríocha bliain anuas go háirithe (9), agus ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar liosta na saothar a cheadaigh Murray chun bisiúlacht na scoláireachta i gcaitheamh na tréimhse sin a mheas. Mar shampla, foilsíodh c.45% de na saothair atá luaite sa leabharliosta ar chúl an leabhair ó 1987 i leith agus feictear go bhfuil scoláirí comhaimseartha na Fiannaíochta go mór chun cinn sa liosta sin, leithéidí John Carey, Ann Dooley, Joseph Flahive, Joseph Falaky Nagy, Síle Ní Mhurchú, Ruairí Ó hUiginn agus Geraldine Parsons.

3 Maíonn an t‑údar gur chuir sé roimhe sa leabhar seo staidéar comhlántach a sholáthar ar raon foilseachán scolártha a foilsíodh le breis agus céad bliain anuas ina bpléitear litríocht agus seanchas na Fiannaíochta (10). Treoirleabhar a théann i ngleic leis an gcuid luath den Fhiannaíocht is ea é, agus é mar aidhm ag an údar na léitheoirí a thabhairt ‘through the broad range of primary and secondary sources up to and including Acallam na senórach’ (10). Ba mhisniúil an mhaise dó é sin nuair a chuirtear san áireamh an oiread sin ábhar scolártha atá foilsithe faoin bhFiannaíocht le tamall de bhlianta anuas. Tugann Murray le fios gur fhorbair coincheap an leabhair seo ón taithí teagaisc a bhí aige ar mhodúl dar teideal ‘The Finn Cycle’ a bhí á mhúineadh aige i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ó 2003 i leith (10). Ní cáineadh uaim ar an saothar a rá go bhfuil rian láidir den bhunús seo le brath ar struchtúr agus ar ábhar an leabhair féin agus is léir go bhfuil an t‑údar feasach ar an gceist seo nuair a deir sé: ‘the work may seem to be overly structured with its proliferation of headings and sub-headings, its abundance of footnotes and references, and its heavy indexing’ (10). Is cinnte go mbíonn an téacs dlúth go maith le léamh in áiteanna mar gheall ar líon na bhfonótaí ach, den chuid is mó, is éasca argóintí an údair a aithint agus a leanúint. I gcás cúpla ráiteas nár forbraíodh a dhóthain, áfach, bheadh gá na fonótaí a leanúint agus an léitheoireacht bhreise a dhéanamh chun téiseanna an údair agus scoláirí eile a mheas ina n‑iomláine. Cuirim i gcás: ‘…one gets the impression that the full mythological possibilities of this passage have not been entirely realized’ (40), ach ní eachtraítear dúinn céard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na féidearthachtaí miotaseolaíochta seo; nó a leithéid seo: ‘Modern commentators often find themselves at a loss in trying to understand the rich mythological significance of some medieval Irish texts because the contexts within which the mythologies first emerged are not fully delineated or understood’ (40), ach ní nochtar cé na tráchtairí comhaimseartha seo ná cé na comhthéacsanna atá i gceist anseo.

4 Tá an leabhar roinnte ina cheithre chaibidil déag móide liosta na ngiorrúchán, brollach, teidil na dtéacsanna agus línte tosaigh na ndánta, téarmaí coitianta, réamhaiste ghairid, leabharliosta, agus innéacs. Tá 97 mír éagsúil liostaithe ag tús an leabhair bunaithe ar theidil na dtéacsanna agus línte tosaigh na ndánta (13–15) a ndéantar trácht orthu i gcorp an tsaothair agus soláthraítear aistriúcháin Bhéarla ar theidil agus ar línte tosaigh na ndánta. Acmhainn an-áisiúil is ea liosta na dtéarmaí coitianta (17–18). Bheadh a leithéid de liosta ina chúnamh don ghnáthphobal agus do mhic léinn tríú leibhéal chun sainmhíniú a fháil ar chuid de théarmaíocht an réimse nach mbeadh i stór focal an ghnáthdhuine, téarmaí cosúil le coibche ‘bride-price’, díberg ‘robbery, plundering’; ‘robber, brigand’, díchetal di chennaib ‘extemporary chanting, poetical incantation’ agus teinm laído ‘chewing the pith?’! Ní bhaineann an t‑údar úsáid as sainmhínithe DIL ar na téarmaí Gaeilge sa liosta i gcónaí ach, sna cásanna nach ndéanann, bíonn saoirse aige comhthéacs breise an fhocail a léiriú ó thaobh na Fiannaíochta de. Sa réamhaiste ghairid uaidh (19–20), tugtar achoimre ar céard is Fiannaíocht ann agus tagraítear don mhéadú a tháinig ar chlú Fhinn i measc na nGael sa deichiú haois agus san aonú haois déag go háirithe.

5 Sa chéad chaibidil, déanann Murray iniúchadh ar thábhacht agus ar théamaí Acallam na senórach, arb é an téacs meánaoiseach is faide sa Ghaeilge é (21). Maíonn sé gurb ionann an tAcallam agus ‘the conclusion of the cultivation of early fíanaigecht materials and represents a high-water mark of achievement within this tradition and within Gaelic culture generally’ (21). Cé go mbaineann Acallam na senórach le deireadh, seachas le tús, na tréimhse atá faoi scrúdú ag an údar, tá an téacs seo suite chun tosaigh aige sa leabhar seo. Cosnaíonn sé an réasúnaíocht a bhí laistiar den chinneadh sin nuair a deir sé gurb ionann an téacs seo agus ‘the beginning of this study because the themes, concerns and characters contained in the early fragmentary material also figure prominently in the Acallam’ (21). Bíodh sin mar atá, bhraith mé gur chuir an t‑ord seo isteach ar leanúnachas an tsaothair, go háirithe nuair a dhíríonn caibidil a dó agus a trí ar fhorbairt na Fiannaíochta agus ar nádúr nó bunús staire na bhFiann.

6 Is í an chéad chaibidil an ceann is faide sa saothar agus tugtar achoimre ghairid inti ar scéal an Acallaim (22) agus ansin pléitear fianaise na lámhscríbhinní ar an Acallam (23), atá le fáil i gcúig lámhscríbhinn éagsúla. Tarraingíonn an t‑údar ár n‑aird ar stair eagarthóireachta an téacs agus deir: ‘As yet, no critical edition has been created that draws on all the manuscript witnesses and it remains unclear whether this can be a feasible goal for this long and detailed prosimetric narrative’ (23). Pointe tábhachtach é sin agus muid ag brath go fóill ar eagráin chriticiúla atá breis agus céad bliain d’aois agus nach dtarraingíonn ach ar chuid áirithe den fhianaise scríofa. Déanann Murray plé tomhaiste ar cheist chasta an dátaithe, ó na teoiricí traidisiúnta ag Whitley Stokes agus Tomás Ó Máille anuas go dtí an scoláireacht is déanaí ar an ábhar le Ann Dooley agus Anne Connon (24–25). Cé nach gcuireann sé a thuairim phearsanta in iúl anseo, fágtar faoin léitheoir glacadh le dáta éigin idir 1190 agus 1228 mar dháta cumtha an Acallaim agus luaitear an méid seo chomh maith: ‘we cannot be sure that the entire narrative has a unitary compilation date. Greater precision may not be achievable’ (28).

7 Oscailt súl is ea an plé ar chuid de na téamaí is iomráití atá aitheanta ag scoláirí agus iad i mbun anailíse ar scéal an Acallaim, ina measc: tábhacht na scríbhneoireachta agus na cuimhne, stádas na n‑ealaíon sa tsochaí, dosháraitheacht naofacht an phósta, tábhacht an bhaiste, agus gnéithe miotaseolaíochta. Ar cheann de na téamaí is spéisiúla a phléitear tá ‘the elastic nature of time’ san Acallam, rud a cheadaíonn ‘a sense of distance between the internal time of the narrative, the remembered past of Finn and the fían, and the “real time” of the audience’ (42). Léiriú is ea é seo ar shaoirse scríbhneoirí na tréimhse sin a gcuspóirí idé-eolaíochta agus cruthaitheacha a chur i gcrích:

disjointed time… allows for the assembling of protagonists from different eras [to stand] at the heart of the narrative’s construction. The Patrician ‘past’ resonates with the ‘present’ of the audience to anticipate a bright Christian future, a future which can even accommodate some of the Otherworld denizens…. However, for the fían, their past is past, even though they receive retrospective Christianization and have the tales of their deeds recorded for the entertainment of future generations (43).

8 Gar do dheireadh na caibidle seo, déanann an t‑údar comparáid idir ról údar an Acallaim agus ról Elias Lönnrot, a chóirigh an eipic Fhionlannach, an Kalevala (44–45), sa naoú haois déag, c.600 bliain tar éis scríobh an Acallaim féin. Ardaíonn sé pointe maith nuair a deir sé:

…it is possible that our literate Christian author may not have been a member of the caste traditionally charged with the preservation and cultivation of this material and thus felt free to fashion it to its own ends. In this way, he may have been similar to Lönnrot who was steeped in native oral culture, but was not of the culture, and thus may have felt at liberty to innovate in ways in which the traditional culture bearers were reluctant to do (47).

9 Cé go bhfuil ábhar machnaimh sa chomparáid seo, níor bhraith mé gur chuir an tuairimíocht ina taobh leis an bplé sa chaibidil áirithe seo.

10 Measann an t‑údar go bhfuil go leor adhmaid le baint go fóill as an Acallam agus maíonn sé go ndéanfar réimsí nua taighde a aithint agus a fhorbairt de réir mar a dhéantar tuilleadh anailíse agus scagtha ar an téacs (43). Cé nach dtugtar aon sainmhíniú ar cad is ábhar traidisiúnta (‘traditional materials’) ann, admhaíonn an t‑údar féin gur téacs ar leith é an tAcallam i dtraidisiún na Fiannaíochta:

the Acallam must be deemed atypical within the medieval Fenian corpus. Though it is composed of traditional materials, the combination of its circular narrative, its pre-occupation with the politics… of the day, and its juxtaposition and harmonization of the views and role of the Church, the fían and the Otherworld inhabitants… is unique to its author (22).

11 I gCaibidil 2 agus 3 den leabhar, féachann Murray le forbairt thraidisiún na Fiannaíochta a rianú agus soláthraíonn sé léargas ar roinnt de na teoiricí faoi nádúr na bhFiann agus faoi ról measta na n‑ógánach seo sa tsochaí mheánaoiseach. Tá an dá chaibidil seo le moladh as cúlra a thabhairt don léitheoir ar chuid de phríomhargóintí an leabhair. Argóintí is ea iad a dhéanann iarracht an borradh aisteach a tháinig faoin bhFiannaíocht ón aonú haois déag ar aghaidh a mhíniú, go háirithe nuair a mheastar an traidisiún lámhscríbhinní roimhe sin a bheith ‘fragmentary, disjointed and marginal’ (50). Tugtar léiriú beacht ar thaighde agus ar thuairimíocht scoláirí éagsúla ar na ceisteanna seo le céad bliain anuas (50–63). Tá an t‑údar ag brath ar réamheolas an léitheora, braithim, chun léamh criticiúil a dhéanamh ar chuid de na teoiricí a chuirtear i láthair, go háirithe tuairimí Eoin Mhic Néill maidir le cúrsaí cine agus saoraicmí agus daoraicmí stairiúla na hÉireann (51), nó dearcadh rómánsúil Gerard Murphy faoin mbláthú a tháinig ar an ‘mblas liteartha’ a bhain leis an bhFiannaíocht i ndiaidh theacht na Normannach go hÉirinn (52). Is é an chuid is láidre de Chaibidil 2, dar liom, ná na hargóintí a dhéanann an t‑údar féin chun forbairt na Fiannaíochta mar sheánra litríochta san aonú agus sa dara haois déag a mhíniú. Éiríonn leis castacht an ábhair seo a léiriú, agus is é an tátal a bhaineann sé as na teoiricí éagsúla ná:

the expanding literary cultivation of fíanaigecht materials in the Middle Irish period is best explained by a combination of all of these different theories…. The increase and growing importance of Fenian literature from the seventh to the twelfth centuries reflects the emergence of a previously marginalized genre into the literary mainstream (56).

12 I gCaibidil 3, tugtar spléachadh dúinn ar stádas na bhFiann sa tsochaí mar a léirítear é i ndlíthe agus i gcáipéisí eaglasta na meánaoiseanna. Pléitear an gaol idir rannpháirtíocht sna Fianna agus stádas na bhfear óg maidir le cearta oidhreachta. I measc na bhFiann bhíodh fir óga a bhí ag fanacht le teacht in oidhreacht, agus dream eile nach raibh oidhreacht le gabháil acu (60–61). Tá an chaibidil seo ina cabhair don léitheoir chun fírinne shóisialta na bhFiann a mheas, agus chun feidhmeanna an ghrúpa seo sa tsochaí mheánaoiseach a thuiscint.

13 I gCaibidil 4, tugann an t‑údar cuntas breá meáite ar cheann de na téacsanna Fiannaíochta is luaithe a mhaireann, .i. an Comhrac idir Fionn agus Oisín (64). Meascán de phrós agus filíocht atá sa téacs seo atá luaite leis an dara leath den ochtú haois agus is éard atá ann ná comhrá i bhfoirm tomhasanna idir Fionn agus a mhac Oisín. Tugann Murray cuntas gairid ar thús an scéil agus ansin déanann sé mionanailís ar an tuairim go mbaineann an scéal áirithe seo le téama idirnáisiúnta scéalaíochta maidir le hathair a bheith i mbun comhraic lena mhac. Cineál scéil é seo atá ar fáil i gcultúir agus i dteangacha éagsúla ón bPeirs siar go dtí an Ghearmáin, agus uaidh sin siar ó thuaidh go dtí an Íoslainn (64–66). Mheas scoláirí áirithe go bhfuil aithris sa scéal seo ar Aided óenfir Aífe, scéal ina maraíonn Cú Chulainn a mhac, Connla, mar a tharlaíonn sna scéalta idirnáisiúnta eile. I ndiaidh dó spíonadh a dhéanamh ar thréithe agus ar dhátaí na scéalta éagsúla seo, léiríonn an t‑údar amhras faoi nasc ar bith a bheith idir an cineál seo scéil agus Comhrac Fhinn agus Oisín:

When we re-examine the central elements of the international theme outlined above, we find that with the exception of the father and son being thrown together without recognition (on one side in this case) and the ensuing argument, the Fenian text does not conform to any other aspect of the underlying story pattern (71).

14 Dar le Murray, ní bhaineann teachtaireacht an scéil seo go sonrach le marú an mhic, ach leis an gcoimhlint shíoraí idir an duine óg agus an duine aosta. Trí anailís a dhéanamh ar struchtúir scéalta eile agus comparáidí cliste a dhéanamh eatarthu, éiríonn leis an údar an scéal seo faoin gcomhrac idir Fionn agus Oisín a lonnú gan amhras ar bith laistigh de thraidisiún na Fiannaíochta féin. Nasctar an scéal le hábhar eile na sraithe, a dhíríonn ar ghaois agus ar thaithí na haoise i gcomórtas le spleodar agus beocht na hóige, agus maíonn Murray nach bhfuil fianaise théacsúil ann do thionchar Aided óenfhir Aífe ná do thionchar na móitífe idirnáisiúnta ‘athair ag marú an mhic’ ar Chomhrac Fhinn agus Oisín.

15 Díríonn Caibidil 5 ar thrí scéal luatha atá nasctha lena chéile agus iad go léir bunaithe ar an gceantar thart ar abhainn na Siúire i gContae Thiobraid Árann, mar atá Bruiden Átha Í, Marbad Cúlduib agus an scéal ar a dtugtar ‘Finn and the man in the tree’. Measann Murray go bhféadfaí na scéalta seo a lua leis an ochtú haois (75), agus is é a thuairim mheáite go bhféadfaí cuid de na heachtraí a fheictear in Macgnímrada Finn agus san Acallam a rianú siar go dtí na scéalta luatha seo, go háirithe na heachtraí a bhaineann le Fionn agus é ag marú namhad neamhshaolta ar thairseach na síde. Déantar anailís ar na cosúlachtaí idir téamaí agus tréithe na teanga i mBruiden Átha Í, agus an t‑ábhar gaolmhar a fhaightear i mbailiúcháin dinnseanchais Rennes agus sa dinnseanchas meadarach (75–76). Cuirtear Marbad Cúlduib i gcomparáid le scéal an bhradáin feasa, a chuireann síos ar an mbealach a fuair Fionn bua na fáidheadóireachta. Tá Marbad Cúlduib níos sine ná scéal cáiliúil an bhradáin feasa agus deirtear linn go bhfuair Fionn an bua áirithe seo nuair a chuaigh a mhéar i ngreim an dorais agus é ag dul isteach sa síd ag iarraidh Cúldub a mharú (77). Is móitíf í seo atá le fáil in ‘Finn and the man in the tree’ agus i Macgnímrada Finn freisin agus deir Murray an méid seo: ‘there is no textual link that might establish whether the relevant passages… are drawn directly from Marbad Cúlduib; my suspicion is that they do not so derive but that similar traditions are being drawn upon, traditions which may have been significantly shaped and influenced by our early tale’ (78). Cé nach féidir leis nasc díreach idir na scéalta éagsúla a léiriú, tugann sé le fios go bhfuil an mhóitíf seo bainteach le Fionn (in ábhar luath agus déanach na Fiannaíochta) agus go bhfuil nasc ag na scéalta go léir le ceantar ar leith in Éirinn, rud a léiríonn ‘the localized literary cultivation of complex inter-woven fíanaigecht traditions in the eighth century’ (82).

16 Baineann Caibidil 6 le foinsí luatha eile a léiríonn nasc idir Fionn mac Cumhaill agus dúichí ar leith timpeall na tíre, formhór díobh i gCúige Laighean an lae inniu. Creidtear go bhfuil an tagairt is sine a mhaireann d’Fhionn i measc na bhfoinsí seo, .i. i ndán ginealais atá luaite le Senchán Torpéist, a d’fhéadfaí a lua leis an seachtú haois, ina síolraíonn Fionn ó Núadu Necht, sinsear shliocht Laighean (84). Measann Murray go bhfuil ‘deliberate confusion here between Finn mac Cumaill úa Baíscne and Finn fili mac Rossa Rúaid, one of the early Laigin kings who is listed… as a great-grandson of Núadú Necht’ (84) agus áitíonn sé go bhféadfadh an dá charachtar a bheith measctha lena chéile (85). Sa chuid eile den chaibidil seo, díríonn Murray ar na dúichí éagsúla eile atá luaite le Fionn i dtéacsanna na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, cosúil le Dál nAraide i gCúige Uladh, Corcu Loígde in iardheisceart na tíre agus Mide (ceantar Teamhrach / na Bóinne) i gCúige Laighean (86–91). Dar leis, léiríonn an anailís atá déanta aige go raibh saothrú ar siúl ar fud na tíre ar chineálacha éagsúla ábhair a bhain le carachtar Fhinn (94). Áitíonn sé nach féidir bunús na dtraidisiún éagsúil seo a rianadh go cruinn, ach gur léir dó go bhfuilimid ag plé le ‘a multiplicity of Finns’ (94) sna foinsí luatha seo. Cibé scéal é maidir le pearsana éagsúla, áitíonn Murray gur bhain an Fhiannaíocht agus Fionn mac Cumhaill stádas náisiúnta amach faoi dheireadh thréimhse na Meán-Ghaeilge mar gheall ar na hathruithe móra sóisialta, polaitiúla, cultúrtha agus creidimh a tharla in Éirinn idir an deichiú haois agus deireadh an dara haois déag (94).

17 I gCaibidlí 7 agus 8, leagann Murray béim ar dhá scéal mhóra de chuid na Fiannaíochta, mar atá Tóraigheacht Dhiarmada agus Ghráinne agus Tochmarc Ailbe. Tá cáil nach beag bainte amach ag an Tóraigheacht sa traidisiún béil, mar a léiríonn saibhreas an dinnseanchais faoi phríomhcharachtair an scéil, agus sa traidisiún lámhscríbhinní toisc a líonmhaire agus atá leaganacha den scéal ann, cé nach mbaineann aon leagan lámhscríofa den scéal leis an tréimhse mheánaoiseach. Tá an t‑údar den tuairim go léiríonn líon na leaganacha déanacha den scéal beocht an traidisiúin agus spéis an phobail sa triantán seirce seo in Éirinn agus in Albain anuas go dtí an fichiú haois, agus gurb iad téamaí daonna an ghrá, an éada, an fheallta agus na dílseachta a choinnigh spéis sa scéal ó shin (104–105). Baineann Tochmarc Ailbe le tréimhse na Meán-Ghaeilge agus tá sé ar cheann de na scéalta is faide san Fhiannaíocht (106). Díríonn an scéal sin ar na hiarrachtaí a rinne Fionn mac Cumhaill chun Ailbe, iníon le Cormac mac Airt, a mhealladh. Tá an caidreamh idir Fionn agus Ailbe bunaithe ar thomhasanna. Cuireann Fionn tríocha tomhas faoi bhráid na mban atá i láthair agus freagraíonn Ailbe gach ceann díobh, rud a théann i bhfeidhm go mór air. Cuireann an t‑údar trí scéal éagsúla a bhaineann le ceist an ghrá agus na dílseachta i gcomórtas: Tochmarc Ailbe, Loingeas Mac nUislenn agus Tóraigheacht Dhiarmada agus Ghráinne agus tarraingíonn sé aird ar na difríochtaí eatarthu (108). Aithnítear difríochtaí sna gnéithe seo a leanas go háirithe: an léiriú a dhéantar ar mhná; na carachtair athartha sna scéalta; tábhacht na haibíochta seachas tábhacht na háilleachta; tábhacht an dualgais; easpa feillbheart; easpa foréigin; easpa tragóide; agus an léiriú a dhéantar ar ríogacht (108–112). Áitíonn Murray ag deireadh Chaibidil 8 gur téacs ar leith é Tochmarc Ailbe ach go leanann sé pátrúin scéalaíochta na meánaoiseanna mar sin féin:

it has a freshness and distinctiveness all of its own. Its author combined a number of elements to strike a new tone in Middle Irish literature…. Its isolation in modern scholarship is paralleled by its isolation in its own era (116).

18 Díríonn Murray ar mhacghníomhartha Fhinn i gCaibidil 10, téacs a bhaineann le deireadh thréimhse na Meán-Ghaeilge agus nach maireann ach in aon lámhscríbhinn amháin, agus luann sé gurb é ‘the element that has been best analysed and evaluated’ faoin laoch go nuige seo é (117). Déanann an t‑údar comparáid idir Macgnímrada Con Culainn agus Macgnímrada Finn, agus measann sé go bhfuil cás láidir ann le maíomh go bhfuil an téacs Fiannaíochta bunaithe ar leaganacha de Macgnímrada Con Culainn (120). Cé go nglacann Murray le téis Nagy go bhfuil pátrúin choiteanna agus cosúlachtaí ó thaobh struchtúir de i gceist idir Macgnímrada Finn agus Macgnímrada Con Culainn (121), measann sé go mb’fhéidir go mbaineann an cineál seo téacs le hiarrachtaí déanacha ‘previously unassociated items of Fenian lore’ a thabhairt le chéile, rud a bhaineann, dar leis, le nádúr thraidisiúin na Fiannaíochta ag deireadh thréimhse na Meán-Ghaeilge (121). Áitíonn Murray freisin go léiríonn an t‑ábhar béaloidis agus an corpas lámhscríbhinní an spéis leanúnach a bhí ag an bpobal i macghníomhartha Fhinn le míle bliain anuas, agus ní iontas ar bith é seo, dar leis, toisc go bhfuil an léiriú a dhéantar ar óige an laoich mar dhlúthchuid de scéal beathaisnéise an laoich go hidirnáisiúnta (123).

19 Pléitear na traidisiúin éagsúla a thagraíonn do bhás Fhinn i gCaibidil 10 den leabhar, agus in ainneoin go bhfuil cuid de na traidisiúin seo bainteach le tréimhse na Meán-Ghaeilge, mhair cuid eile díobh sa traidisiún béil amháin. Cé go bhfuil éagsúlachtaí idir cúinsí, modh agus suíomh a bháis sna leaganacha éagsúla seo, dar le Murray gur léiriú ar bheocht agus ar bhisiúlacht an traidisiúin an tábhacht ar leith a bhain leis an gcuid seo de bheathaisnéis an laoich: ‘What all of these pieces attest to is the vigour of fíanaigecht with the renewal, expansion and reinforcement of these death tales over the centuries’ (129).

20 Fiosraítear na Laoithe Fiannaíochta luatha i gCaibidil 11 agus, cé go mbaineann formhór na laoithe leis an tréimhse i ndiaidh na bliana 1200, díríonn Murray ar 14 as 69 a mheastar a bheith bainteach le tréimhse dhéanach na Meán-Ghaeilge. Pléann sé ceisteanna dátaithe maidir le corpas Duanaire Finn agus cuireann sé tuairimí scoláirí éagsúla i láthair. Cé go n‑admhaíonn Murray go bhfuil gá le measúnú a dhéanamh an athuair ar na 69 dán a luann sé le tréimhse na Meán-Ghaeilge, socraíonn sé cur chuige coimeádach a leanúint agus léargas a thabhairt ar 14 dán atá luaite leis na blianta c.1100 agus c.1175 (132). Déanann sé cur síos gairid ar fhad agus ar ábhar na ndánta sin agus tugann sé faoi deara go bhfuil téamaí comhchoiteanna eatarthu, ina measc: cuimhní cinn na bhFiann ar na laethanta a chaitheadar ag seilg nó ag freastal ar fhéastaí; éachtaí na bhFiann agus na n‑ainmhithe a bhí á seilg acu; an dá thaobh de phearsantacht Fhinn; an léiriú diúltach ar na mná; an chodarsnacht idir an saol poiblí agus an saol príobháideach; agus an siombalachas láidir a bhaineann le cloigeann duine a bhaint i ndiaidh comhraic! Is é tuairim an údair gur tháinig borradh faoi na Laoithe Fiannaíochta fad agus a bhí traidisiún próis na Fiannaíochta ag forbairt agus, arís, gur léiriú é an leanúnachas idir litríocht na meánaoiseanna agus an traidisiún béil in Éirinn agus in Albain ar bheocht na Fiannaíochta sa phobal thar na céadta bliain (139).

21 Is é argóint lárnach Murray i gCaibidil 12, ‘The portrayal of Finn’, gur pearsa chasta é Fionn i dtraidisiún liteartha na hÉireann agus go bhfuil cuir chuige éagsúla a d’fhéadfaí a úsáid chun anailís a dhéanamh ar a charachtar. Tagraíonn sé do na comparáidí atá déanta go dtí seo idir Fionn agus Gwynn ap Nudd na Breataine Bige, nó Artúr na Breataine nó idir Fionn agus Lugh Lámhfhada féin agus pléann sé cuid de na tréithe pearsanta a luaitear leo uile (145–150). Samhlaím féin luach ar leith leis an bplé a dhéanann Murray ar ‘The Ages of Finn’, a thugann suntas don ról tábhachtach atá ag aoiseanna éagsúla i gcur i láthair Fhinn mar phearsa laochúil, m.sh.: na dúshláin a cuireadh roimhe agus é ina ghasúr, agus na hiarrachtaí a dhéanann sé le díoltas a bhaint amach agus é aosta (144). Cuid lárnach den Fhiannaíocht is ea an teannas idir an óige agus an tseanaois agus, dar le Murray, tá tionchar aige seo ar an léiriú a dhéantar ar Fhionn mar charachtar casta fíorspéisiúil (144).

22 I gCaibidil 13, pléitear an nasc measta idir Fionn mac Cumhaill agus pearsa eile darb ainm Fothad Canainne, a bhí ina ‘fían-leader’ tráth, ar bhain traidisiún scéalaíochta ar leith leis agus a bhí neamhspleách ar na scéalta a bhain le Fionn mac Cumhaill i dtosach. Cé gur slogadh Fothad isteach i dtraidisiún na Fiannaíochta ón ochtú haois ar aghaidh (158), agus cé go dtugann Murray léargas dúinn ar na téacsanna luatha a dhéanann tagairt dó, bhraith mé nár réitigh an chaibidil seo leis na cinn eile sa leabhar.

23 Baineann Caibidil 14 leis na forbairtí liteartha déanacha a tharla i gcás chorpas na Fiannaíochta. In ainneoin a fheabhas agus atá an tAcallam mar léiriú ar shaibhreas na Fiannaíochta faoin dara nó faoin tríú haois déag, maíonn Murray nach bhfuil aon fhianaise ann don ‘cultivation of a large corpus of fíanaigecht literature in the decades and centuries before its composition’ (160). Measann an t‑údar gur leathnaíodh an cineál ábhair a bhíodh faoi thrácht san Fhiannaíocht ón gcuid dheireanach de thréimhse na Meán-Ghaeilge ar aghaidh, ach go bhfilltear arís agus arís eile ar chúpla mórthéama ar leith, go háirithe cuimhní cinn na bhFiann ar na laethanta a bhí (162). Dar leis, bhí an Fhiannaíocht ríthábhachtach i litríocht chanónach na hÉireann faoi aimsir na Nua-Ghaeilge Moiche, ach go raibh sí ‘moving towards adventure and romance, partially under the influence of foreign models’ (163), rud a thagraíonn arís eile do na hathruithe móra sóisialta agus cultúrtha a tharla in Éirinn ó theacht na Normannach.

24 Tá plé agus ionramháil chasta déanta ag Murray sa leabhar seo ar thraidisiún fada na scoláireachta ar an bhFiannaíocht ach, chomh maith leis sin, cuireann sé fianaise na lámhscríbhinní féin san áireamh, chomh maith le beocht an traidisiúin bhéil chun léargas domhain a thabhairt ar shaibhreas agus ar ilghnéitheacht na Fiannaíochta. Tá luach ar leith sna comparáidí a dhéanann sé idir struchtúir, tréimhsí, téamaí agus carachtair éagsúla na Fiannaíochta síos tríd an leabhar. Léirítear dúinn na bearnaí atá ann go fóill sa taighde ar chorpas na Fiannaíochta, rud a ghríosóidh a thuilleadh taighde ar an ábhar i measc scoláirí an lae inniu.

25 Is é an t‑aon locht a gheobhainn ar an leabhar ná struchtúr an tsaothair. Ritheann sé liom gur bailiúchán alt nó bailiúchán cás-staidéar ar ghnéithe ar leith den Fhiannaíocht luath atá ann, seachas aon saothar leanúnach amháin a rianaíonn bunús agus forbairt na Fiannaíochta. Dá mbeadh nasc ní ba shoiléire léirithe idir codanna éagsúla an leabhair sa réamhrá, mar shampla, chomh maith le conclúid a tharraingeodh príomhthéiseanna na gcaibidlí éagsúla le chéile, bheadh buntáiste ann don léitheoir nach speisialtóir ná taighdeoir ar an bhFiannaíocht luath é nó í. É sin ráite, ní bhaineann sé seo de luach na gcaibidlí aonair ná de shaibhreas an eolais agus leithne na scoláireachta atá curtha i láthair tríd síos. Ceal spáis, níor cuireadh an chatalóg ná an plé ar théacsanna luatha na Fiannaíochta atá réitithe ag an údar féin san áireamh (10), ach tá siad sin le foilsiú amach anseo in imleabhar ar leith. Is cinnte go gcuirfidh a leithéid go mór le tuiscint an léitheora ar na foinsí príomhúla agus go gcabhróidh sé ó thaobh chroineolaíocht an chorpais lámhscríbhinní a leagan amach.

26 In ainneoin na miondeacrachtaí a bhí agam le struchtúr agus leagan amach na gcaibidlí sa saothar seo, níl aon amhras ach go bhfuil éirithe le Kevin Murray treoirleabhar fíor-luachmhar agus scolártha a chur ar fáil a dhéanann iniúchadh tomhaiste ar ghnéithe éagsúla den Fhiannaíocht luath. Is cinnte go mbainfidh scoláirí ollscoile agus lucht spéise na Fiannaíochta an-leas as a chuid oibre léannta as seo go ceann tamaill fhada.

Liam Ó hAisibéil

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626