Eachtra Ghiolla an Amaráin

Pádraig Ó Liatháin (eag.)

Cló Iar-Chonnacht (2018) | 127 lch | ISBN: 978-1-78444-181-4 | €10

1 Is é atá sa leabhar seo eagrán úr leis an Dr Pádraig Ó Liatháin den saothar filíochta ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’, an dán is faide agus is fearr dá bhfuil againn ón bhfile táscmhar Donncha Rua Mac Conmara (c.1715–1810). Cumadh an dán leithleach seo uair éigin i lár an ochtú haois déag — go deimhin, cuireann an t‑eagarthóir ar na súile dúinn go bhfuil 24 Bealtaine 1745 luaite mar dháta a chumtha i gcuid mhaith lámhscríbhinní (70). Mar aon leis an scaipeadh a fuair sé san fhoirm sin, cuireadh in eagar é ceithre huaire roimhe seo. Ba é Standish Hayes O’Grady ba thúisce a thug faoi, i leabhar a d’fhoilsigh Seán Ó Dálaigh in 1853; tháinig eagráin eile ar an bhfód i gcaitheamh na mblianta, le Seán Pléimeann (1881; 1884), Tomás Ó Flannghaile (1897) agus Risteard Ó Foghludha (1908; 1933); agus, lena gcois sin, chuir an tAthair Paul Walsh eagrán dioplómaitiúil de i gcló in Irisleabhar Mhá Nuad in 1927. Pléitear na saothair seo, ina gceann is ina gceann, sa réamhrá fíorspéisiúil a chuirtear leis an eagrán úr seo (34–36).

2 Dán grinn is ea an ‘Eachtra’ go bunúsach; cur síos an fhile ar ar bhain do, mar dhea, agus é ag dul ar aistear farraige, amach thar bóchna ón bPasáiste, i gcuan Phort Láirge, go dtí ‘Sacsana Nó’ (l. 22). Buailtear breoite a bhfuil ar bord na loinge, an file san áireamh, agus gan choinne, sa chuid is suntasaí den saothar, tagann ‘Aoibheall chleasach na Carraige Léithe’ (l. 142), bandia na Mumhan, i láthair agus scuabann sí léi go ‘Acheron fuar’ (l. 158) nó go dtí an t‑alltar é. Ó línte 143–259 den eagrán seo Uí Liatháin, tá tionchar láidir leabhar VI de Aenéid Virgil le sonrú ar an saothar, rud a thug ar thráchtairí áirithe i gcaitheamh na mblianta ‘Mock Æneid’ a thabhairt air — ‘though’, mar a deir Ó Flannghaile, ‘why it should be called a “Mock” anything is not very clear’ (1897: ix–x), a fheabhas is atá sé mar shaothar. Cuireann an file a eachtraí féin i gcomórtas lenar bhain d’Aeinéas sa domhan íochtarach, agus léiríonn an t‑eagarthóir go máistriúil, sna nótaí iomadúla aige ar an téacs Laidine, a chosúla (maille lena éagsúla ar uairibh) is atá an dá shaothar lena chéile.

3 Scigmhagadh a bhíonn i gceist in áiteanna: seachas an farantóir clasaiceach, Carón, a bheith rompu san Acheron thíos, is é Conán Maol na Fiannaíochta, ‘croiceann dubh fóisce ar a thóin mar éadach’ (l. 171), atá mar bhádóir agus mar threoraí ag Aoibheall is Donncha. Chomh maith le scóip a chuid samhlaíochta agus an acmhainn iontach grinn a bhí ann, cuireann an file — thar mar a dhéanann in aon ní eile dá bhfuil againn uaidh — réimse a chuid léinn i bhfáth orainn anseo, agus nochtann dúinn an t‑eolas domhain a bhí aige ar thraidisiúin ársa liteartha na Laidine is na Gaeilge araon. Is eol dúinn, ón méid a bhreac sé san aon lámhscríbhinn amháin atá againn óna lámh féin, go raibh cur amach nach beag aige ar fhilíocht agus ar phrós na Gaeilge, ón dán díreach go dtí an Fhiannaíocht, ach is léir go raibh sé thar a bheith léannta, leis, i litríocht chlasaiceach na Laidine. Anseo, ar an saol eile, castar orainn Eachtar agus ‘fir ghroí na Traí is na Gréige’ (l. 211), maille le Horáit, Óivid agus Juvenal; ach is ann, leis, atá ‘Trúip na Féinne’ (l. 227), Fionn Mac Cumhaill féin ina measc. Díol suime, i bhfianaise a bhfuil ar eolas againn i dtaobh bheatha an údair (féach thíos), go n‑áirítear Cláiríneach, Aodh Buí Mac Cruitín (c.1680–1755), mar phrionsa na bhfilí (ll. 222–225). Tá an file ag tarraingt as traidisiún na haislinge nuair a thráchtann i línte 241–246 ar theacht na Stíobhartach i réim, tráth a ndíbreofar lucht leanúna Anraí, Liútair agus Chailbhin — gné den saothar a dtugann an Liathánach suntas ar leith di. Meabhraítear anseo dúinn léamh Uí Laoire ar an scéal, gur dán é seo ‘atá lán dáiríre faoi chulaith bhréige an mhagaidh’ (2009: 112). Dúisíonn an file de phreab ansan agus é thar n-ais ar bord loinge. Ach ní hé sin críoch is deireadh an scéil ná baol air, óir táthar faoi ionsaí ag frigéad Francach. Déantar dochar don long, agus is éigean di filleadh abhaile, rud a thugann sásamh nach beag don bhfile a gheallann nach mbeidh ditheanas ar bith air a thír dhúchais a fhágaint arís.

4 Is beag cur amach atá againn ar bheatha an té a chum, dá mhéad a cháil. Tuairimítear coitianta gur sa Chreatalach i gContae an Chláir a saolaíodh Donncha Rua; gur cuireadh oideachas air mar ábhar sagairt sa Róimh, ach nár oirníodh riamh é; agus gur in áiteanna éagsúla i gContae Phort Láirge (damaid tréimhsí gearra in oirthear Chorcaí agus i dTalamh an Éisc) a chaith sé formhór a shaoil. Bíodh is go bhfuil fianaise áirithe san ‘Eachtra’ a thacaíonn leis an méid sin, ní bheimid riamh in ann talamh slán a dhéanamh dá chúrsaí. Mar atá léirithe ag an eagarthóir anseo, is i dtraidisiún déanach cóipeála de chuid an dáin, cuir i gcás, a fhaightear an líne ‘nó insa gCreatlach mar a gcleachtadh mo ghaolta’, agus ní sa chóip atá ar marthain ó lámh an fhile féin (12). Ar an gcuma chéanna, bíodh is go bhfaighfí a bhaint as an líne, ‘nó fairis an sagart thug teagasc go séimh dhom’ (l. 131), go bhfuair an file ‘oideachas sa tír seo mar ullmhú don oideachas tríú leibhéal thar lear, an gnáthnós ag an am’ (14), níor éirigh leis an eagarthóir, dá mhéad a dhícheall cuardaigh, aon fhianaise a nochtadh gur chaith an file aon uain sa Róimh. Os a choinne sin, áfach, meabhraíonn sé dúinn mar a mhair sé i mbéal na ndaoine i bPort Láirge gur thug Donncha seal éigin sa chathair sin, agus cuireann saothar eile a leagtar air sa traidisiún, amhrán dar tús ‘Nuair a chuadh-sa go dtí an Róimh / Mar a deintear na sagairt díobh’, faoinár mbráid mar thacaíocht don tuairim sin (14), déantús a bhí ar eolas go forleathan i gceantar na nDéise i lár na haoise seo caite.

5 Tá fianaise níos láidre ann, ar ndóigh, ar shiúlta an fhile i ndúthaigh Déise: tráchtann sé san ‘Eachtra’ féin, go deimhin, ‘ar Shliabh geal gCua, rug bua na féile’ (l. 133) agus in áit eile sa dán ‘ar bheith san mBarúnaigh’ (l. 129) in oirthear Chorcaí. Ní nach ionadh, is i bPort Láirge agus sna contaetha máguaird is mó a breacadh a bhfuil ar marthain dá shaothar sna lámhscríbhinní (15). Is léir, a liacht cóipeanna a mhaireann den ‘Eachtra’ agus ón scaipeadh fada fairsing a fuair sé sna lámhscríbhinní, go raibh éileamh nach beag ar an saothar seo Dhonncha Rua i measc lucht léinn agus litríochta ar fuaid na Mumhan, agus é sin amhlaidh ó thráth a chumtha amach. D’aimsigh an t‑eagarthóir isteach nó amach ar thrí scór cóip den dán agus é i mbun taighde don saothar seo — éacht ann féin — a bhformhór mór breactha i dTiobraid Árann, Port Láirge, oirthear Chorcaí agus Cill Chainnigh.

6 Bíodh is nach luann sé Talamh an Éisc san ‘Eachtra’, i lámhscríbhinn dhéanach, a thionscain Tomás Ó hAitheirne áirithe in iarthar Déise sa bhliain 1822, tá an dán ‘Bánchnoic Aoibhinn Éireann’ (nó ‘Bánchnoic Éireann Óigh’ mar is fearr aithne air) agus é ráite i mbun an leathanaigh gurbh é ‘an tan do bhidh Donchadh ruadh a ttalamh an éisg do canadh an laoi‑si leis’; le leagan eile den déantús céanna, tá scríofa: ‘slán beannocht Dhonchadh Mhacnamara chuin na h‑Éireann an uair do bhí se a n‑oilean an eisg’ (20). Lena chois sin, meabhraítear dúinn go bhfuil an t‑áitainm sin (nó a chothrom sa Bhéarla, Newfoundland) luaite ag an bhfile in dhá dhéantús eile dá chuid: an t‑amhrán macarónach ‘As I was walking one evening fair’ (19) — amhrán atá aimsithe ag an eagarthóir i lámhscríbhinn ón mbliain 1756, is atá fós le clos ar an mbéal beo i nGaeltacht na nDéise — agus ‘Donchadh Ruadh do Aodh Ó Cealladh no fáilte Aodh ó thalamh an éisg’, áit a dtéann an t‑údar amach, go húdarásach ba dhóigh leat, ar an saol san oileán úd lena linn (féach, chomh maith, Ó Liatháin 2013). Go deimhin, ag tarraingt as an dán déanach seo, tá léirithe ag Ó Laoire (2009: 117–119) go raibh eolas nach beag ag Donncha Rua ar shainghnéithe áirithe de thionscal na hiascaireachta a bhain leis an oileán amháin, modhanna oibre agus téarmaí áirithe nach raibh in úsáid in Éirinn ag an am, rud a fhágann gur beag amhras ach gur thug sé téarma éigin istigh ann, pé fada gearr é.

7 Chomh fada leis an ‘Eachtra’ de, tá, mar a deir an t‑eagarthóir anseo, dealramh na fírinne ar an gcur síos a dhéanann an file (ll. 34–53) ar na hullmhúcháin a bhíodh le déanamh ag éinne a théadh ag saothrú a chuid sa domhan úr i lár an ochtú haois déag (18). Chuir an léitheoir seo spéis ar leith sa phlé a dhéantar, go háirithe sna nótaí, ar stair agus aeráid shóisialta agus eacnamaíochta an oirdheiscirt sa tarna leath den ochtú haois déag. Faightear anseo san ‘Eachtra’ cur síos saibhir ar cheann de phríomhchalafoirt na tíre tráth a chumtha, na soláthairtí a thógtaí ar bord loinge ann, na tithe ósta ar an bport, feisteas na linne agus go leor nithe eile lena n‑ais, iad ar fad pléite go mionchúiseach ag Ó Liatháin anseo (18–19; 56–60).

8 Is ar an lámhscríbhinn M 85 i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, ón mbliain 1758 — an chóip is luaithe den dán agus an t‑aon chóip amháin de a aimsíodh go nuige seo i lámh Dhonncha Rua féin — atá eagrán Uí Liatháin bunaithe, leagan a bhfuil 290 líne ar fad ann. Cé gur faide go mór ná sin cuid de na cóipeanna eile, ‘timpeall tríocha líne níos faide ar an meán’ agus suas le seachtó líne níos faide i gcásanna áirithe (37), cloítear anseo le cóip údarásach an fhile: tugtar tús áite di, mar is ceart, ar an ábhar ‘go bhfuil an t‑ádh linn leagan an fhile a bheith againn’ (38). Ní dhéantar faillí ar na hinsintí eile, áfach, mar go roinntear linn, arís sna nótaí, na línte breise úd ar a gcastar i gcóipeanna eile de réir mar a éiríonn is a bhaineann le hábhar. Cuireann an t‑eagarthóir abhaile orainn a thábhachtaí is atá na línte breise seo ‘mar léiriú ar an traidisiún cóipeála, agus ar scéal sheachadadh an téacs’ trí chéile (37), taighde bunaidh nach ndearnadh riamh go dtí seo.

9 Bhí an leabhar seo le bheith mar chuid den tsraith liteartha úd, Filí, a thionscain an tOllamh Breandán Ó Buachalla i gcomhar le Field Day Publications agus an Keough-Naughton Institute for Irish Studies in Ollscoil Notre Dame, d’fhonn saothar na bhfilí sa tréimhse c.1700–1900 nach bhfuil teacht go saoráideach inniu air, a chur ar fáil an athuair i bhfoirm shoiléir sholéite. Ar bhás anabaí an tsaoi úd, níor leanadh den tsraith, ach comhlíonann an saothar seo Phádraig Uí Liatháin go paiteanta na bunaidhmeanna a chuir crann ar an obair sin. Táimid faoi chomaoin mhór aige, agus ag Cló Iar-Chonnacht, as eagrán úr léirsteanach den tseoid seo i litríocht na Gaeilge a thabhairt ar an bhfód do léitheoirí na linne seo.

Ciarán Ó Gealbháin

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Saothair a ceadaíodh

Ó Flannghaile, T. (eag.) (1897) Eachtra Ghiolla an Amaráin: or, the Adventures of a luckless fellow, and other poems by Red Donough MacNamara. Edited by Tomás Ó Flannghaile, with life of the poet Donnchadh Ruadh MacConmara by John Fleming. Baile Átha Cliath: Sealy, Bryers agus Walker.

Ó Liatháin, P. (2013) ‘Roinnt Tagairtí do Thalamh an Éisc i Litríocht na Gaeilge ón Ochtú agus ón Naoú Céad Déag’. In: Éigse 38: 94–103.

Ó Laoire, L. (2009) ‘“Is mé go déanach i mBaile Sheáin”: Donnchadh Rua Mac Conmara agus Talamh an Éisc’. In: Léann 2: 105–128.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626