Leabhar na hAthghabhála: Poems of Repossession

Louis de Paor (eag.)

Cló Iar-Chonnacht / Bloodaxe Books (2016) | 543 lch | ISBN: 978-1-7837-299-0 | €20

1 Samhlaíodh an mórchnuasach seo mar oidhre ar An Duanaire / Poems of the Dispossessed 1600–1900 (Ó Tuama and Kinsella 1981), díolaim a chuaigh i gcion go mór ar léitheoirí an Bhéarla, go háirithe, nuair a foilsíodh é i dtús na n‑ochtóidí. Más léir gur dírithe ar an bpobal céanna den chuid is mó atá Leabhar na hAthghabhála, ní fhágann sé sin nach cnuasach ríluachmhar é do phobal na Gaeilge trí chéile chomh maith, ní áirím an chuid ar leith sin againn a bhfuil cúraimí teagaisc tríú leibhéal orainn i ngort na nualitríochta (ceist chrosta ó thaobh phraitic an teagaisc de, ar ndóigh, gan trácht ar thaobh na hidé-eolaíochta, leas a bhaint as foilseacháin dhátheangacha ar chláir theagaisc na Gaeilge in ollscoileanna na tíre seo). Ar fhaitíos nach leor an nod don eolach atá i bhfotheideal Béarla an leabhair, tarraingíonn an t‑eagarthóir aird ar an nasc le cnuasach Uí Thuama agus Kinsella sa réamhrá (Béarla) aige:

More than three decades after Seán Ó Tuama and Thomas Kinsella introduced a new readership to poetry in Irish from the 17th to the 19th century in their groundbreaking An Duanaire / Poems of the Dispossessed 1600–1900, an ‘act of repossession’ is still required for Irish language poetry produced between the cultural revival of the Celtic Twilight and the economic insanity of the Celtic Tiger that brought the second millennium to a close (13).

2 Leis an gceangal seo a dheimhniú ar fad féach gurb é an dán céanna a chuir críoch leis An Duanaire a chuireann tús le cnuasach de Paor, ‘Ochón! A Dhonncha’, marbhna cráite Phádraig Uí Éigeartaigh ar bhás a mhic, dán a d’eascair as traidisiún béil na Gaeltachta in ainneoin gur i Meiriceá a cumadh é, áit ar fhoghlaim an t‑údar léamh agus scríobh a theanga dhúchais i ndeireadh an naoú haois déag. Mar a tharlaíonn, ní hé seo an chéad chnuasach nuafhilíochta a bhain leas as Ó hÉigeartaigh mar phearsa thairseachúil, leathchois sa traidisiún aige agus leathchois sa Domhan Úr agus dá réir sin, d’fhéadfaí a áiteamh, sa nua-aois. Is iad na boinn chomparáide is mó ar bhain na léirmheastóirí leas astu go dtí seo le Leabhar na hAthghabhála a mheas ná dhá dhíolaim dhátheangacha a foilsíodh breis is cúig bliana fichead ó shin, mar atá An Tonn Gheal / The Bright Wave (1986) le Dermot Bolger agus An Crann Faoi Bhláth / The Flowering Tree (1991) le Declan Kiberd agus Gabriel Fitzmaurice, rud a luíonn le réasún, agus is cuid suntais na difríochtaí suaithinseacha idir na cnuasaigh seo ar fad. Ach is é réamhtheachtaí léir an chnuasaigh atá faoi chaibidil anseo cnuasach Gaeilge a chuir an t‑eagarthóir céanna, Louis de Paor, i dtoll a chéile i gcomhpháirt le Seán Ó Tuama an bhliain a tháinig An Crann Faoi Bhláth ar an bhfód. Is é atá i gceist agam ná Coiscéim na hAoise Seo (1991), díolaim a chuir chun seoil le ‘Ochón! A Dhonncha’ agus a dhruid chun críche le dornán dánta ón bhfile is óige a raibh bheith istigh aige an uair sin, Cathal Ó Searcaigh.

3 Ceithre scór dán, a bheag nó a mhór, a bhí in Coiscéim na hAoise Seo agus tá a dhá oiread sin sa chnuasach nua seo, ach tá leanúnachas soiléir idir an dá shaothar le sonrú láithreach; is é sin ó thaobh bhreith na n‑eagarthóirí ar scoth na nuafhilí Gaeilge agus, go deimhin, scoth na ndánta ag gach duine acu. Tá gach aon fhile den naoi nduine dhéag a bhí sa díolaim luath cnuasaithe anseo arís, agus is iad na dánta céanna leo atá roghnaithe cuid mhaith den am, móide glac dánta breise, mar a fheileann do thoirt an leabhair úir (go maith os cionn 500 leathanach san iomlán). Tá seisear breise anseo againn, áfach: Ó Tuama agus de Paor, a d’fhág iad féin ar lár ó Coiscéim na hAoise Seo, mar aon le Deirdre Brennan, Seán Ó Curraoin, Colm Breathnach agus Gearóid Mac Lochlainn, an file is óige anseo agus an t‑aon duine nár foilsíodh na dánta dá chuid atá sa leabhar go dtí tús an aonú haois is fiche.

4 Anois déarfar gur éagóir ar dhíolaimí dá sórt seo caitheamh leo faoi mar ba chairteacha popcheoil nó rásaí capall a bhí iontu, ach is deacair gan géilleadh don chathú. Ar aon nós, tá nithe le foghlaim faoi éabhlóid na filíochta agus na critice araon ón gcur chuige áirithe sin. Sa réamhrá a chuir sé le Coiscéim na hAoise Seo thug an Tuamach le fios go raibh, dar leis na heagarthóirí, triúr nuafhilí Gaeilge a bhí ‘ard-tréitheach’: Ó Ríordáin agus Ní Dhomhnaill ar comhscór, maidir le háireamh na ndánta leo sa chnuasach, agus Ó Direáin beagáinín ar a gcúl (1991: ix). Ina fhianaise seo is cosúil gurb é an t‑athrú is suntasaí idir 1991 agus 2016 an t‑athbhreithniú criticiúil atá déanta le blianta beaga anuas ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi (ar ndóigh, murab ionann agus í, bhí an Ríordánach agus an Direánach faoin bhfód faoi dheireadh na n‑ochtóidí). Más í Nuala Ní Dhomhnaill a thugann an svae léi anseo ó thaobh líon na ndánta aici, tá Máire Mhac an tSaoi agus an Ríordánach bonn araon anois sna sála uirthi, agus an Direánach tite go maith chun deiridh, taobh thiar de Michael Davitt, Biddy Jenkinson agus Liam Ó Muirthile. Agus an t‑athordú seo ar chanóin na nuafhilíochta á mheas is gá aitheantas a thabhairt d’eagarthóir Leabhar na hAthghabhála é féin mar gurb é siúd chomh maith a chuir eagar ní hamháin ar rogha dánta Mhac an tSaoi, An Paróiste Míorúilteach / The Miraculous Parish (2011), ach ar an gcnuasach d’aistí critice a d’éirigh as, Míorúilt an Pharóiste (2014). Is cuimhin liom féin na sceitimíní a chuir an chomhdháil lae in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh as ar eascair an dara leabhar díobh seo ar mhórán dá raibh i láthair, agus an oscailt súl do chuid againn a bhí ag tabhairt aghaidh i gceart agus i gcomhpháirt den chéad uair le tamall ar dhánta a shíleamar a bhí ar eolas go maith againn le fada. Tá buíochas ag dul don Phaorach freisin as an ngairm scoile sin.

5 Is fiú i gcónaí, mar sin féin, súil a chaitheamh ar an mbonn aeistéitiúil a bhíonn le múnlú agus le hathmhúnlú canóine. Thiar i 1991 ba í breith Sheáin Uí Thuama ar Mháire Mhac an tSaoi gurbh é a mórbhua an ‘iarracht chuthaigh’ a bhí déanta aici ‘a guth fileata féin a cheangal … le guth traidisiúnta na Gaeltachta,’ rud a d’fhág ‘saibhreas scanrúil friotail ina saothar trí chéile’. Ag an am céanna bhí sé den tuairim ‘sna liricí is fearr aici …gur gléiní go mór a chuireann sí a braistint íogair phaiseanta in iúl nuair a lomann sí anuas ar na ciútaí traidisiúnta, ar a rilleadh míorúilteach cainte’ (1991: ix). Ba é tuairim an Tuamaigh riamh go mba í an ‘bhraistint íogair phaiseanta’ bun agus barr na filíochta — nuair a thug sé ‘stíleoir par excellence’ ar Ó Direáin bhí sé le tuiscint, dar liom, nach ardmholadh ar fad a bhí i gceist — agus go raibh an liric phearsanta sárfheiliúnach mar fhoirm dá leithéid. Ní beag an tionchar a bhí ag an dearcadh seo ar chultúr na nuafhilíochta le leathchéad bliain anuas. Is fiú breith Uí Thuama ar Mhac an tSaoi a chur i gcomparáid, mar shampla, lena raibh le rá ag Louis de Paor féin tamall roimhe sin i léirmheas ar an dara cnuasach dánta le Nuala Ní Dhomhnaill, Féar Suaithinseach:

Braithim nach bhfuil na macallaí béaloideasa i roinnt dánta ag freagairt d’aon phráinn phearsanta i meon an fhile. Dá chumhachtaí iontu féin iad na móitífeanna scéalaíochta i ‘Féar Suaithinseach’ agus ‘Kundalini’ mar shampla is múnlaí gan feidhm iad mar nach leanann siad aon stiúir mhothálach a dhéanfadh fódú i mbraithstint an fhile orthu … Ar an gcuma chéanna dar liom nach bhfuil an saothrú a deintear ar acmhainní na teanga in ‘A Alba’, ‘A chroí tincéara’ agus ‘Foláireamh’ dírithe ar aon sprioc mhothálach a chuirfeadh fuadar pearsanta iontu (1984: 52).

6 Ar ndóigh, b’in breis agus tríocha bliain ó shin, agus tá scóipiúlacht agus sofaisticiúlacht ar leith ag roinnt leis an ionramháil chriticiúil atá déanta ag de Paor ar an bhfilíocht le blianta fada anois. Tá an chaibidil a bhreac sé do The Cambridge History of Irish Literature (2008), mar shampla, ar an achoimre is cumasaí ar nuafhilíocht na Gaeilge dá bhfuil i gcló. Ar deireadh thiar, is túisce agus is fearr an éisteacht a thugann pobal nuafhilíocht na Gaeilge fós don ghuth faoistiniúil aonair — nó don ghuth a shamhlaítear a bheith faoistiniúil agus aonair, b’fhearr a rá — ná d’aon dioscúrsa fileata níos dealaithe ná níos ilghuthaí. Bíodh go dtugtar a cheart i Leabhar na hAthghabhála do Eoghan Ó Tuairisc agus a mhórdhán siomfóineach ‘Aifreann na Marbh,’ a chuirtear faoinár mbráid ina iomláine, agus do Thomás Mac Síomóin cuid áirithe le sliocht as ‘Brúdlann Thomáis,’ is cosúil go bhfuil an nua-aoiseachas trialach chomh himeallach inniu is a bhí riamh i gcultúr fileata na Gaeilge. Más ‘scata’ a scríobh ranna Uí Ríordáin, mar a mhaígh sé tráth, is é an rud is mó a chualathas ag an am, agus ó shin i leith, guth an ‘ego easumhal’; agus is amhlaidh freisin, dar liom, do mhacarónachas dialógach Ghearóid Mhic Lochlainn, bíodh gur cinnte gurb é siúd an guth is úire a tháinig chun cinn ag casadh na mílaoise. Cé go bhfuil dornán breá dánta le Michael Davitt anseo, féach nár aimsíodh slí don chineál ‘poésie concrète’ a chleacht sé ó uair go chéile. Ar an taobh eile den scéal, is cosúil gur mar fhile Béarla seachas mar fhile Gaeilge is mó a shamhlaíonn an t‑eagarthóir Micheál Ó hAirtnéide, a bhfuil dhá dhán ghearra leis anseo, agus sin uile; agus ní mé an mbeadh Seán Ó Curraoin ná Derry O’Sullivan le háireamh anseo murach a ndánta fada eisceachtúla ‘Beairtle’ (a thuill imprimatur Uí Thuama freisin, ar deireadh) agus ‘Marbhghin 1943: Glaoch ar Liombó’ faoi seach, arb iad amháin atá le léamh anseo uathu, an dara dán díobh ina iomláine. Ar ndóigh, tá filí eile ann a gcuirfidh a n‑easnamh iontas ar léitheoirí áirithe.

7 Ar fhaitíos na míthuisceana, ní hionann seo ar fad is a shéanadh gur éacht foilsitheoireachta atá in Leabhar na hAthghabhála. I measc na mbuanna breise atá aige thar aon chnuasach dá shórt dár foilsíodh roimhe seo tá an fearas criticiúil atá curtha ar fáil don léitheoir: na nótaí mínithe ar dhánta ar leith i gcúl an leabhair, an ghluais áisiúil logainmneacha agus, thar aon rud eile, na tuairiscí tathagacha ar bheathaí na bhfilí. Is iontu seo, mar shampla, a léiríonn de Paor, ar bhealach atá nach mór cúlráideach, gné amháin den nuálachas agus den neamhspleáchas intinne a bhaineann leis anois mar chriticeoir. Is é atá i gceist, sa chás seo, an plé spéisiúil a dhéantar agus an bhéim a leagtar ar thoisí na teanga, na canúna agus an fhriotail a ghlac na filí éagsúla chucu, agus an éagsúlacht eatarthu seo. Cinneadh eile atá le moladh ná go bhfógraítear deireadh le ré na ‘n‑aistritheoirí dofheicthe’ (Venuti 1995). Ní hamháin go dtugtar a gceart don mheitheal mhór aistritheoirí — tugtar a nóta beathaisnéise féin don cheithre dhuine fichead acu — ach tugtar guth dóibh chomh maith, i bhfoirm tuairiscí óna leath acu, nach mór, ar an gcur chuige faoi leith a bhí feiliúnach dar leo le tabhairt faoi Bhéarla a chur ar shaothar na bhfilí a bhí faoina gcúram. Údar spéise ann féin, mar shampla, na tuairimí contráilte seo a leanas ag Peter Sirr agus Eiléan Ní Chuilleanáin faoi seach, ar filí cumasacha Béarla iad féin:

The way the Irish mind sets out the world in language is very different from the way English does it. There’s a sparseness, expressive succinctness, syntactic concision built into Irish that can be hard to replicate in English. Máirtín Ó Direáin’s poems might seem at first relatively straightforward but it’s the very spareness and apparent simplicity that create the most formidable obstacles (501).

I have been translating Nuala Ní Dhomhnaill’s work for almost 25 years, and I’ve become progressively more aware of the difference between doing this work and my experience with the other languages I translate from … [One] difference is that one is translating between two accents of a bilingual culture. English is close by in her poems, as it is in the world of every speaker of Irish (505).

8 Ar ndóigh, éiríonn cuid den éagsúlacht tuairim-íochta seo as difríochtaí idir saothar na bhfilí atá faoi chaibidil. Ó mo thaithí féin thar na blianta, in ainneoin na ndifríochtaí móra idir guth, friotal, stíl agus prosóid mhórfhilí lár an chéid — Ó Ríordáin, Ó Direáin agus Mhac an tSaoi — tá dúshlán ag roinnt le Béarla a chur ar shaothar gach duine acu nach samhlaím le saothar na bhfilí a rugadh tar éis an dara cogadh domhanda; agus tá baint aige sin lena bhfuil le rá ag Sirr agus Ní Chuilleanáin araon. In ainneoin roinnt aistriúchán den scoth a bheith in Leabhar na hAthghabhála ar dhánta leis an triúr atá díreach luaite — agus tá caighdeán na n‑aistriúchán sa chnuasach an-ard trí chéile, rud is annamh — ní fheicim mórán a d’athródh m’intinn i dtaobh na difríochta eadarghlúine seo, agus ní locht ar bith ar an meitheal aistritheoirí é sin.

9 Is é an t‑aistriúchán ‘dílis’ — agus ‘líofa’, mar a déar-fadh Lawrence Venuti, seachas ‘féinchoimhthíoch’ — is mó a chleachtaíonn na haistritheoirí éagsúla, ag leanúint comhairle an eagarthóra: ‘the translators were encouraged to remain as close to the Irish as possible so that a diligent reader could, if s/he wished, use the English as a temporary support before crossing over into the Irish’ (14). Aithneofar an cinneadh seo go háirithe ó chúram Nuala Ní Dhomhnaill a bheith ar Ní Chuilleanáin ó thús deireadh, seachas leas a bheith bainte as roinnt de na leaganacha saorálacha le Medb McGuckian, abair, nó Paul Muldoon, de dhánta le Ní Dhomhnaill, a bhain clú áirithe amach thar na blianta (tá clasaic Muldoon mar aistritheoir ón nGaeilge anseo, áfach — a leagan iomráiteach den dán ‘An Scáthán’ le Davitt). Eisceachtaí suntasacha is ea leaganacha turgnamhacha idirthéacsúla David Wheatley de dhánta áirithe leis an Ríordánach ina bhféachann sé le Béarla a ndiongbhála a aimsiú do ‘eccentric lexemes’ Uí Ríordáin, mar a thugann sé orthu ina ráiteas aistritheora. Tarraingíonn sé Seán O’Casey ar urla isteach ina leagan de ‘Cúl an Tí’, mar shampla, agus seo a leanas an chéad rann óna leagan de ‘Oíche Nollaig na mBan’, dar teideal ‘Epiphany’, mar aon leis an mbun-Ghaeilge:

Tá fuinneamh sa stoirm a éalaigh aréir,

Aréir oíche Nollaig na mBan,

As gealt-teach iargúlta tá laistiar den ré

Is do scréach tríd an spéir chughainn ’na gealt,

Gur ghíosc geataí comharsan mar ghogallach gé,

Gur bhúir abhainn shlaghdánach mar tharbh,

Gur múchadh mo choinneal mar bhuille ar mo bhéal

A las ’na splanc obann an fhearg (108).

The storm that escaped last night came

Packing an Epiphany punch, bolting

From an out-of-the-way madhouse

Beyond the moon and bearing down on us

Like a bashi-bazouk on the warpath

While the neighbour’s gate gaggle-

Of-geesily groaned, the hoarse river roared like a bull,

And my candle went out, quick as a slap

On the pus, lighting a sudden spark of rage (109).

10 Eisceacht eile is ea Biddy Jenkinson, a dhiúltaigh le fada cead a thabhairt aistriúcháin Bhéarla dá dánta a fhoilsiú in Éirinn, ach a thug cead don eagarthóir leaganacha próis as Béarla a chur le hais na mbundánta aici sa chás seo.

11 Ar deireadh thiar, anuas ar a ardchumas mar dhíolaimeoir, mar chriticeoir agus mar aistritheoir, tá sé de bhua breise ag Louis de Paor, mar is eol, gur file breá é freisin. File é cinnte a thuill áit níos suntasaí in Leabhar na hAthghabhála ná mar a dheonaigh sé dó féin. Trí dhán ar fad dá chuid atá anseo istigh. Ar a laghad ní raibh sé de shaobh-umhlaíocht aige é féin a fhágáil as an áireamh ar fad an babhta seo, faoi mar a rinne in Coiscéim na hAoise Seo, nó faoi mar a rinne Paul Muldoon thiar sa hochtóidí nuair a chuir sé siúd eagar ar The Faber Book of Contemporary Irish Poetry (1986). Is cinnte go bhfuil a háit san ollchnuasach sárchumasach seo aige tuillte go maith le fada ag a chuid filíochta féin.

Caoimhín Mac Giolla Léith

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

Bolger, D. (eag.) (1986) An Tonn Gheal / The Bright Wave. Dublin: Raven Arts Press.

de Paor, L. (1984) ‘Léirmheas ar Féar Suaithinseach le Nuala Ní Dhomhnaill’. In: Comhar 43 (12): 50–52.

de Paor, L. (2008) ‘Contemporary Poetry in Irish: 1940–2000’. In: Kelleher, M. agus O’Leary, P. (eag.) The Cambridge History of Irish Literature Vol 2: 1890–2000. Cambridge: Cambridge University Press: 317–356.

de Paor, L. (eag.) (2011) An Paróiste Míorúilteach / The Miraculous Parish. Dublin: O’Brien Press.

de Paor, L. (eag.) (2014) Míorúilt an Pharóiste: Aistí ar fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Kiberd, D. agus Fitzmaurice G. (eag.) (1991) An Crann Faoi Bhláth / The Flowering Tree. Dublin: Wolfhound Press.

Muldoon, P. (eag.) (1986) The Faber Book of Contemporary Irish Poetry. London: Faber.

Ó Tuama, S. agus de Paor, L. (eag.) (1991) Coiscéim na hAoise Seo. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Tuama, S. agus Kinsella, T. (eag.) (1981) An Duanaire / Poems of the Dispossessed 1600–1900. Dublin: Wolfhound Press.

Venuti, L. (1995) The Translator’s Invisibility: A History of Translation. London: Routledge.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626