Cànan & Cultar/Language & Culture: Rannsachadh na Gàidhlig 8

Wilson McLeod, Anja Gunderloch agus Rob Dunbar (eag.)

Dunedin Academic Press (2016) | x + 314 lch | ISBN: 978-1-78046-058-1 | £29.99

1 Is é atá sa chnuasach seo ná roinnt de na páipéir (breis is 60 ar fad) a tugadh ag comhdháil Rannsachadh na Gàidhlig i nDún Éideann i samhradh na bliana 2014. In ainneoin an teidil, is as Béarla atá formhór na n‑aistí (12 as 19). Tosaíonn an t‑imleabhar le réamhrá na n‑eagarthóirí (as Gàidhlig) agus is as Gàidhlig atá an chéad aiste ann, ach is sa dara leath den chnuasach a gheofar na haistí Gàidhlig eile. Pléifear thíos iad san ord inar foilsíodh iad.

2 Sa chéad aiste, ‘Uinneag dhan Àird an Iar: leanailteachd crutha ann an dùthchas nan Gàidheal,’ déanann Meg Bateman agus John Purser iniúchadh ar leanúnachas a fheiceann siad, ó thaobh foirme de, i ndúchas na nGael. Thóg siad teideal a dtionscnaimh ón dán ‘Hallaig’ le Somhairle MacGill-Eain, a thosaíonn le hiarracht breathnú ar an Iarthar trí fhuinneog atá clúdaithe le cláir adhmaid. Deir siad linn gur ag iarraidh na cláir a bhaint atá siad, le dearcadh na nGael thar na blianta a shoiléiriú. Chuige sin, téann siad sa tóir ar phatrúin sa dúchas agus aimsíonn siad iad i meadarachtaí filíochta, i gceol na bpíob, i mbreacáin, i gcrosa arda, i ndamhsaí agus i ngnéithe éagsúla eile de na healaíona is den chultúr ábhartha. An dtugann siad léargas luachmhar dúinn mar léitheoirí? Tugann. An éiríonn leo leanúnachas a léiriú? Ní fheadar.

3 Aiste thar a bheith spéisiúil is ea an dara ceann sa chnuasach, ‘Manuscript and print in Gaelic Scotland and Ireland, 1689–1832,’ le Richard Sharpe. Is sa bhliain 1832 a foilsíodh Bibliotheca Scoto-Celtica (an chéad chatalóg riamh d’fhoilseacháin Ghàidhlig, le John Reid) agus léirmheas sách claonta air in iris Éireannach (ó pheann Henry Monck Mason, is cosúil), agus an bheirt acu ag meas a raibh le fáil i scríbhinn lena linn féin. Is deacair a cheart a thabhairt don alt breá seo i mbeagán focal, clúdaítear a oiread sin ann, ach seo roinnt de na príomhcheisteanna a chuirtear ann: Más fíor go raibh difríocht mhór idir cultúr an leabhair in Éirinn agus in Albain faoin am sin, cén fáth? Cad chuige a raibh níos mó leabhar clóite ar fáil thall agus níos mó leabhar lámhscríofa abhus? An raibh aon bhaint ag cúrsaí creidimh leis an scéal? Cén taighde atá le déanamh amach anseo sula dtuigfear an scéal i gceart? Cuirtear ar ár súile dúinn gur gá féachaint as an nua ar an scéal uile, dúshlán tuiscintí smolchaite a thabhairt, comparáid níos cáiréisí caolchúisí a dhéanamh idir an dá thír agus idir réigiúin taobh istigh díobh agus, thar aon rud eile, smaoineamh ar leabhair (bídís clóite nó lámhscríofa) mar leabhair, mar dhéantúsáin iomlána a tháinig anuas chugainn, seachas mar shoithí téacsanna.

4 In ‘The Gaelic manuscripts at Inveraray Castle,’ téann Ronald Black ag ransú i gcartlann Dhiúic Earra-Ghàidheal i gCaisleán Inbhir Aora, agus is iomaí sin seoid a thugann sé chun solais. Mar a mhíníonn sé dúinn, tá nithe anseo nár tugadh chun suntais riamh agus nithe eile ar eolas athláimhe is mó a bhí ag scoláirí orthu go dtí seo. An cháipéis is suimiúla dúinne in Éirinn, is dócha, ná leagan na bliana 1560 den chonradh clúiteach idir An Calbhach Ó Domhnaill agus Iarla Earra-Ghàidheal (agus tá grianghraf de leis an alt seo) ach an t‑ábhar Gàidhlig is tábhachtaí i bhfad sa chartlann uile ná seacht n‑imleabhar de na ‘Dewar manuscripts,’ an bailiúchán mór béaloidis a rinne Iain Deòir sna 1860idí i gceantar fairsing sna Garbhchríocha. I measc an ábhair eile, tá liosta seanfhocal, ar a bhfuil siad seo: Déanad gach duine dho féin chuaidh Mc Cailen do Shruiledh (‘Déanadh gach éinne a rogha rud ó tá an Caimbeulach imithe go Sruighlea,’ is é sin ‘Nuair a bhíonn an cat amuigh…,’ is dócha) agus S gioraid an Gall an ceann a chur dheth (‘Is giorraide an Gall a chloigeann a bhaint’)!

5 An pointe tosaithe atá ag Priscilla Scott in ‘Bean-chomuinn nam bàrd: exploring common ground in the lives and perspectives of the Gaelic poets Mary MacPherson and Mary MacKellar’ ná marbhna a chum an chéad Mary (Màiri Mhòr nan Òran, c. 1821–98) ar a comhfhile (Màiri Chamshron, 1834–90). Is léir ón gcomparáid a dhéantar eatarthu anseo gur pholaitiúla i bhfad Màiri Mhòr, agus gur oscailte is gur ghlóraí i bhfad í faoin leatrom a rinneadh ar an gcosmhuintir sna Garbhchríocha agus sna hoileáin lena linn. Mar sin féin, tá cosúlachtaí idir saothar na beirte, go háirithe i dtaobh a ndílseachtaí fine. Ag eascairt as sin, mhol an bheirt acu na reisimintí Gaelacha go hard, beag beann ar an slad a bhí á dhéanamh ag na reisimintí céanna i gcogaí impiriúla ar fud an domhain, agus gan cuimhneamh ar aon chosúlacht idir an chos ar bolg a bhí á himirt ar bhundúchasaigh i bhfad ó bhaile agus an leatrom a bhí á fhulaingt ag na Gaeil in Albain. Aiste dhea-scríofa faoi ábhar fíorspéisiúil is ea í seo, ach is ait an rud é (san aiste seo agus sa dá aiste ina diaidh) gur fágadh athfhriotail as Gàidhlig gan aistriú go Béarla nuair is as Béarla atá an tráchtaireacht ar fad — ar eagla, shílfeá, nach dtuigfeadh an léitheoir tráchtaireacht as Gàidhlig!

6 Saothar scoláireachta den scoth is ea aiste Anne Macleod Hill, ‘Dh’fhalbh na gillean grinn: spiritual perspectives in women’s songs of the Great War’. Is ar amhráin a cumadh i Leòdhas agus sna Hearadh le linn ‘Chogadh a’ Kaiser’ a dhírítear, agus faighimid spléachadh ar leith ar iarrachtaí roinnt ban le dul i ngleic i véarsaí leis an sléacht a bhí á dhéanamh ar a bpobal is ar a dteaghlaigh. Faighimid léargas freisin ar lárnacht an chreidimh sa tuiscint a bhí acu ar an saol, agus ar thábhacht na cumadóireachta dóibh mar mheán lena gcuid mothúchán a chur in iúl. Lonnaítear na hamhráin go daingean sa traidisiún agus léirítear a bhfréamhacha (ó thaobh ceoil, ábhair, íomhára agus foclaíochta de) in amhráin eile, go háirithe ó chogaí eile ar nós Chogadh na mBórach agus Chogadh na Leithinse. Thar aon rud eile, áfach, is é a théann i gcion ar an léitheoir ná a thragóidí is a thubaistí is a bhí an Chéad Chogadh Domhanda i saol na mban a chum na hamhráin seo.

7 In ‘The passion of George Campbell Hay for Gaelic and the Gaels,’ déanann Sandra Malley iniúchadh ar roinnt aistí — aistí bolscaireachta i ndáiríre — a scríobh an file George Campbell Hay (Deòrsa Mac Iain Deòrsa), sna 1940idí den chuid is mó, ag cur ar son na Gàidhlig agus ar son foirmeacha traidisiúnta i bhfilíocht na Gàidhlig, i measc ábhar eile. Táimid faoi chomaoin ag an údar as cur leis an tuiscint atá againn ar an bhfile mór seo, nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag a shaothar go dtí gur foilsíodh a chuid filíochta in aon imleabhar amháin ag tús an chéid seo ach a bhfuil a cheart á fháil aige ó scoláirí ó shin i leith. Is fíor di nuair a deir sí (111) nach mbíonn mórán féinmhachnaimh ná síceolaíochta i ndánta Mhic Iain Deòrsa, óir is cinnte gur mhó d’fhear focal is foirme ná d’fhealsamh é agus é ag cumadh filíochta. Díol spéise is ea é gur mar dhuine ón taobh amuigh, mar mhac altrama seachas mar mhac, a bhreathnaítear air anseo, ag teacht le hidirdhealú a dhéantar go minic i saol na Gàidhlig, os ard nó os íseal, idir fíor-Ghaeil agus ‘foghlaimeoirí’. An ndéarfaí go raibh ‘paisean’ ag Somhairle MacGill-Eain don Ghàidhlig nó do na Gaeil?

8 Cloch eile ar charn Mhic Iain Deòrsa is ea ‘Fuaran slèibh: the poet’s main copy,’ le Kyriakos Kalorkoti. Léirítear dúinn gur leis an bhfile féin an chóip anótáilte seo, a aimsíodh le déanaí i siopa carthanachta i nDún Éideann, agus gurbh é a scríobh na nótaí ann. Le bleachtaireacht a bhaineann an chéad leath den alt agus is leis na nótaí féin a bhaineann an dara leath. Níl an t‑uafás sna nótaí féin ina mbeadh spéis ag gnáthléitheoir ach is cinnte go mbeidh fáilte is fiche ag speisialtóirí roimh an éadáil seo.

9 ‘The Gaelic writer, Iain Crichton Smith…’ is teideal d’aiste le Moray Watson, ina mbreathnaítear ar ghnéithe éagsúla de ‘cheist na teangan’ i saol agus i saothar an fhile is an phrós-scríbhneora seo (1928–98), ar nós leis scríobh as Béarla mar Iain Crichton Smith agus as Gàidhlig mar Iain Mac a’ Ghobhainn. San aiste seo, úsáidtear an sloinne Béarla nó Gàidhlig de réir mar a oireann, agus tá go maith, ach éiríonn an scéal beagáinín bearránach nuair a thosaíonn (agus nuair a leanann) an chaint ar an tríú duine, ‘Smith/Mac a’ Ghobhainn’. Pé scéal é, níl sárú Moray Watson le fáil chun an cheist seo a chíoradh: is é a chuir dánta Gàidhlig uile Mhic a’ Ghobhainn in eagar agus tá sé ag obair ar chnuasach de phrós gearr Gàidhlig an scríbhneora. Rud amháin a léimeann amach ón leathanach don léitheoir in Éirinn ná gur mar scríbhneoir Béarla is mó atá cáil in Albain ar údar Bùrn is aran. Tá lón machnaimh san aiste seo freisin do dhaoine ar spéis leo an áit atá ag an ‘striapach allúrach’ i litríocht na tíre seo, agus go háirithe an chiontacht a ghineann sí, bíodh muca nó focail á reic.

10 Deirtear gur tháinig Clann MhicLeòid aduaidh ó na Hearadh go hoileán beag Eige sa bhliain 1577 agus gur las siad tine a phlúch suas le 400 de Chlann Raghnaill (mná is páistí ina measc) a bhí i bhfolach in Uaimh Fhraing ansin. Ach céard a tharla i ndáiríre? Ar tharla an t‑ármhach seo riamh? Cuireann Ross Crawford an fíorbheagán fianaise atá ann idir dhá cheann na meá in ‘The massacre of Eigg in 1577’. Ní hé an sléacht féin (fíor nó bréagach) an chloch is mó ar a phaidrín, áfach, ach an cúlra polaitiúil ag an am agus, chomh maith leis sin, an chaoi ar cuireadh craiceann ar an scéal ó shin i leith agus an úsáid atá bainte (agus á baint fós) as mar léiriú ar ‘Linn na gcreach’ i stair na Gàidhealtachd agus ar bhrúidiúlacht (mar dhea) na nGael ag an am. Tráthúil go leor, thángthas ar thuilleadh cnámh daonna ón tréimhse sin sa phluais i mbliana.

11 An íomhá bhréagach de dhúiche na nGael a reictear le turasóirí is ábhar d’aiste le Coinneach Maclean, ‘Haggis agus Gaelic: Scotland through the minibus window.’ Tá an aiste bunaithe ar thaighde a rinne sé dá thráchtas dochtúireachta, agus is í an fhianaise ar a dtarraingíonn sé anseo ná sé thuras threoraithe lae ar a ndeachaigh sé trí na Garbhchríocha, le thart ar dheich n‑uaire an chloig de thráchtaireacht bheo san iomlán ó na treoraithe. A chonclúid ná gur cuireadh stair agus cultúr na nGael in Albain as a riocht ar fad ar na turais seo, go raibh an tráchtaireacht breac le botúin agus le bladar, gur ar éigean a luadh an Ghàidhlig agus, nuair a luadh, nach n‑aithneodh a máthair féin í ón bpictiúr cam a tugadh di. Tá ábhar goil is ábhar gáire san aiste seo: ‘Loch Bà was explained as the noise the sheep make’ (180). Ó bhó!

12 Is le hAlbain Nua a bhaineann an chéad dá aiste eile. In ‘Nàisean cultarach nan Gàidheal: ath-chruthachadh tìr-dhùthchasaich ann an Albainn Nuaidh,’ tosaíonn Seumas Watson agus Marlene Ivey le hachoimre áisiúil ar staid na Gàidhlig sa chúige agus le forléargas ar stair na n‑iarrachtaí go dtí seo le dúchas na nGael a chaomhnú is a fhorbairt ann. A bpríomhábhar ná an bealach is éifeachtaí le cabhrú le foghlaimeoirí an dúchas sin a shealbhú. Is é a mholann siad ná cineál tumoideachais ina mbeathaíonn teanga, dúchas agus féiniúlacht a chéile i suíomh sóisialta nádúrtha dúchasach, agus tá an-dealramh leis na cláir foghlama atá á gcur chun cinn acu. Locht a gcuid taighde anseo ná a laghad, óir ní thugann siad mar fhianaise dúinn ach foghlaimeoir eiseamláireach amháin.

13 In ‘Celtic Colours: cultural sustainability,’ déanann Jean S. Forward cur síos ar chúlra agus ar chur chuige féile Celtic Colours, a bhíonn ar siúl gach fómhar in Oileán Cheap Bhreatainn, agus áitíonn go gcothaíonn an ‘cultural tourism event’ (200) seo an cultúr Gaelach agus an Ghàidhlig san oileán. Ní cheileann an t‑údar a díograis faoin bhféile.

14 Achoimre an-mhaith ar ábhar na chéad aiste eile is ea a teideal, ‘Selling a language to save it? The business-oriented promotion of Gaelic and Irish’. Sara C. Brennan, Michael Danson agus Bernadette O’Rourke a scríobh. Tugann siad spléachadh maith ar dtús dúinn ar an litríocht idirnáisiúnta faoin ábhar agus ansin díríonn siad ar thionscadail ar leith in Albain agus in Éirinn. D’fhéadfaí a rá go bhfuil neamhréir idir, ar lámh amháin, an teoiric agus an sampla ó Albain (a bhaineann, shílfeá, le ceantair ina bhfuil an teanga á labhairt ag céatadán suntasach den phobal) agus, ar an lámh eile, an sampla ó Éirinn (ó bhaile atá i bhfad ón nGaeltacht). Mar sin féin, éiríonn go maith leis na húdair an dúsháinn ina bhfuiltear sa dá thír a chur ar ár súile dúinn: mar shampla, go gcaithfidh tábhacht eacnamaíochta a bheith le teanga in áit le go mairfidh sí ann ach go minic gur leor le lucht gnó ‘an cúpla focal’ le teacht i dtír ar bhuntáistí na teanga sin dóibh féin.

15 Aiste in dhá leath is ea ‘Camanachd — fada bharrachd na dìreach gèam,’ le Grant Jarvie agus Ùisdean MacIllInnein. Is spéisiúla i bhfad an chuid di ina rianaítear stair an spóirt in Albain (agus níos faide ó bhaile) ná an chuid di ina gcuirtear ar son tuilleadh airgead stáit don chluiche. Beidh suim ar leith ag léitheoirí in Éirinn sa chomparáid a dhéantar idir bláthú na hiománaíochta in Éirinn agus a dul ar gcúl (go dtí le déanaí) ar an taobh eile de Shruth na Maoile, ach beidh suim ag gach léitheoir sa phlé a dhéantar ar na cúiseanna leis an gcontrárthacht seo — cúiseanna idé-eolaíochta, dar leis na húdair.

16 Leithéidí ‘ag déanamh é’ sa Mhanainnis agus i nGàidhlig Chataibh a phléann Christopher Lewin in ‘Syntactic innovation in Manx and Sutherland Gaelic,’ alt scoláiriúil eolaíochtúil a sheasann amach ón slua. A argóint ná gur féidir síolta an athraithe a aimsiú sa teanga féin, agus nach gá brath ar thionchar an Bhéarla chun an dul cainte seo (ná a ghaolta gairide) a mhíniú. Mar gheall ar a fhad a bhí canúint Chataibh faoi cheilt ag an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach agus ag leaganacha caighdeánaithe den Ghàidhlig, úsáideann sé an Mhanainnis (atá ar fáil i scríbhinní le 400 bliain) mar eochair chun céimeanna na forbartha seo a scagadh.

17 Aithníonn údair an chéad dá aiste eile nach ar bhrí na bhfocal is mó a bhí an bhéim ag teangeolaithe na Gàidhlig go traidisiúnta ach ar an bhfuaimniú agus ar an moirfeolaíocht. Is ar bhrí na bhfocal a dhíríonn siad féin anseo — ar théarmaíocht an chultúir ábhartha. Is le foinsí don téarmaíocht sin a bhaineann an chéad cheann acu, ‘A’ suathadh ri iomadh rud: comas is cothrom faclaireachd a leudachadh tro bhriathrachas a’ chultair dhùthchasaich,’ le Hugh Cheape. Mar a mhíníonn sé dúinn, is ó theideal leabhar cáiliúil Aonghuis Chaimbeil, Suathadh ri iomadh rubha (‘Cuimilt lena lán ceann tíre’), a fuair sé an inspioráid do theideal a aiste, agus is fairsing an raon a chlúdaíonn sé anseo. A phríomhábhar ná a bhfuil le foghlaim ag an taighdeoir foighneach a rachadh ag tochailt i bhfoinsí (Béarla agus Gàidhlig) ar nós sean-nuachtán agus, go háirithe, i litríocht leamh ‘an gharraí cabáiste’ ó dheireadh na naoú haoise déag — agus is maith a léiríonn sé anseo go bhfaigheann foighne focail.

18 Gné ar leith de théarmaíocht an chultúir ábhartha — focail do bháid in Oileán Bharraigh — an t‑ábhar taighde atá ag Ciorstaidh NicLeòid in ‘Briathrachas an iasgaich ann an Eilean Bharraigh: faclan airson nan sgothan.’ Sgoth (seachas bàtaeathar) an gnáthfhocal ar ghnáthbhád beag gan deic, geòlageòlag ar bhád níos lú arís ná sin (‘dinghy’ nó a leithéid), agus bàta ar bhád níos mó, le deic (go háirithe i leithéidí bàt’-aiseig, ‘bád farantóireachta’). Is spéisiúil go gciallaíonn long macasamhail bheag a bheadh ag páiste mar bhréagán chomh maith le ‘bád mór seoil’ agus go bhfuaimnítear soitheach ar bhealach amháin nuair is cineál báid atá i gceist agus ar bhealach eile nuair is mias atá ann. Ní haon ionadh é go bhfuil an aiste bhreá seo bunaithe ar thráchtas a rinne an t‑údar i Roinn na Ceiltis is na Gàidhlig in Ollscoil Ghlaschú, croílár fhoclóireacht na Gàidhlig le blianta beaga anuas.

19 De réir an daonáirimh is déanaí, níor thit líon na gcainteoirí Gàidhlig ach 2.2% idir 2001 agus 2011, feabhas mór ar an titim thubaisteach roimhe sin. Teacht chun cinn na Gaelscolaíochta is cúis leis an bhfeabhas seo, dar le roinnt mhaith daoine, agus is cinnte go bhfuil an Ghaelscolaíocht ag dul ó neart go neart in Albain ó tosaíodh uirthi sna 1980idí. Mar sin féin, is beag taighde atá déanta ar an mbaint idir oideachas trí mheán na Gàidhlig agus úsáid na teanga sa saol laethúil. Líonann Stiùbhart S. Dunmore cuid mhaith den bhearna sin anseo le saothar taighde eiseamláireach, ‘Gàidheil, Goill agus coimhearsnachd na Gàidhlig: ideòlasan cànain am measg inbhich a fhuair foghlam tro mheadhan na Gàidhlig’. Is é atá i gceist aige le ideòlas cànain (‘idé-eolaíocht teanga’) i mbeagán focal ná an dearcadh atá ag pobal teanga ar a dteanga — dearcadh ar a mbraitheann bás nó beatha teanga, ar ndóigh. Cuireann sé bonn ceart teoiriciúil faoi seo uile agus bonn ceart staitistiúil freisin, óir roghnaigh sé sampla ionadaíoch mór de na daoine a thosaigh sa chóras Gaelscolaíochta idir 1985 agus 1995 agus chuir sé agallamh domhain ar 46 acu sin, ach ní theastóidh céim sa tsochtheangeolaíocht le torthaí a chuid taighde a thuiscint. Toradh amháin ná gur annamh a labhraíonn an chuid is mó de lucht na n‑agallamh aon Ghàidhlig ina saol laethúil anois. Toradh eile ná na fáthanna leis sin: cuir i gcás, nach cuid láidir dá bhféiniúlacht féin í an Ghàidhlig, nó go síleann siad nár chóir Gàidhlig a bhrú ar éinne taobh amuigh de na ceantair thraidisiúnta, nó go mbraitheann siad go mbreathnaíonn Gardaí na Gàidhlig anuas ar a gcuid Gàidhlig briste. (Fíor-Ghaeil agus ‘foghlaimeoirí’ arís?) Is fíor don údar (294) go bhfuil dúshláin le sárú. Mioncheist amháin nach bhfreagraítear ná, mura labhraíonn mórán den dream ar ar cuireadh agallamh Gàidhlig sa bhaile, cén comhchoibhneas atá ann idir sin agus, mar shampla, a n-aois nó iad a bheith ina gcónaí i gceantar Gàidhlig nó páistí a bheith acu féin? Pé scéal é, scoláir rod scríobh a scríbhinn.

20 Fágadh ceann eile de na haistí is fearr go dtí deireadh an chnuasaigh freisin. Is í sin ‘Cuimseachadh air cruth ann am foghlam tro mheadhan na Gàidhlig (FMG): a’ leasachadh chomasan cànain le ceartachadh iomchaidh,’ ina mbreathnaíonn Sìleas L. NicLeòid ar na botúin Ghàidhlig a dhéanann daltaí na scoileanna lán-Ghàidhlig in Albain agus ar bhealaí chun iad a cheartú. Aithneofar roinnt de na gnáthamhrasáin ó Ghaelscoilis na tíre seo: ‘Tá sé fear’ (Tha mise an only Gaelic person air am bus agam), ‘mo cara, do cara’ (Ri mo caraidean agus … ri mo pàrantan), ‘le mise, ag tusa’ (daoine eile nach eil Gàidhlig aig iad) agus ‘ag déanamh é’ (Bidh na tidsearan a’ ceartachadh thu). Is le croí trom agus le coinsias ciontach a d’aithin an léirmheastóir seo a bhealaí iomrallacha peacúla féin i bhfreagra na múinteoirí in Albain ar na deacrachtaí seo. Is é sin, go gceartaíonn siad botúin den chineál seo in obair scríofa ach gur leasc leo cur isteach ar dhaltaí agus iad ag caint, ar eagla go gcaillfeadh na daltaí a misneach — gur fearr Gàidhlig (labhartha) bhriste ná Béarla cliste. Áitíonn NicLeòid nach mór an mhaith a dhéanann freagraí athmhúnlaithe ar nós: ‘Ar theip mé sa scrúdú?’ — ‘Is cinnte gur theip ort’ nó ‘An bhfuil mé búcail maith, a mhúinteoir?’ — ‘Is buachaill maith thú, a Mháirtín bhig. Is cinnte gur buachaill maith thú.’ Is é a mholann sí ná an modh (beagnach) díreach. Is é sin daltaí a stopadh agus cabhrú leo iad féin a cheartú — mala a ardú agus leid a thabhairt sula roinntear na milseáin (‘Ar theip céard, a Mháirtín?’ — ‘Ar theip orm, a mhúinteoir?’ — ‘Theip!’). Is ea, a mhúinteoirí (agus a léachtóirí) na hÉireann, b’fhéidir nár mhiste…?’

21 San iomlán, cnuasach is ea é seo a thugann forléargas maith ar staid thaighde na Gàidhlig faoi láthair agus a chuireann roinnt mhaith scoláirí nua inár láthair. Tá an-chreidiúint ag dul don lucht eagair as an mbailiúchán toirtiúil tairbheach seo a chur ar fáil, go háirithe agus aistí lena oiread sin taighdeoirí óga ann. Tá an t‑imleabhar féin an-slachtmhar agus tá an chóipeagarthóireacht gan locht.

Eoin Mac Cárthaigh

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626