An choimhlint idé-eolaíochta idir Misneach agus an LFM le linn chomóradh 50 bliain an Éirí Amach

Hugh Rowland

Réamhrá

1 Bhí comóradh 50 bliain Éirí Amach na Cásca ina láthair bhisiúil dhioscúrsach ar a ndeachaigh na heagraíochtaí an Language Freedom Movement (LFM) agus Misneach in adharca a chéile chun tuiscintí iomaíocha faoin nGaeilge agus faoin náisiúntacht a chraobhscaoileadh. Mhúscail an comóradh 50 bliain ceisteanna achrannacha faoin bhféiniúlacht agus faoin náisiún tráth a raibh idéil an Éirí Amach ag teacht faoi athbhreithniú ag an aos polaitiúil is léinn. Bhí staid agus stádas na Gaeilge ina gcodanna tábhachtacha den díospóireacht seo i 1966 agus is iad na téamaí sin a chíorfar san aiste seo.

2 Tréimhse mhórathruithe i mbeartas teanga an stáit ba ea an tréimhse ó dheireadh na gcaogaidí anuas go dtí tús na seachtóidí. Le linn an achair seo, tháinig athrú ó bhonn ar an mbeartas geilleagrach le foilsiú na straitéise Economic Development i 1958. Ina theannta sin, cuireadh deireadh leis na coláistí ullmhúcháin i 1960; foilsíodh an Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge i 1965; agus i 1973 chuir an comhrialtas náisiúnta, agus Dick Burke ina Aire Oideachais ann, deireadh leis an riachtanas a bhí ann pas a fháil sa Ghaeilge le go mbronnfaí pas ar dhalta san Ardteistiméireacht. Ba sa bhliain 1973 freisin a chuaigh Éire isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Mar chlabhsúr ar ‘ré an díchuir,’ mar a thugann Ó Caollaí (2013: 12) ar an tréimhse seo, chuir Richie Ryan, a bhí ina Aire Airgeadais agus Seirbhíse Poiblí, deireadh le riachtanas na Gaeilge mar choinníoll fostaíochta sa státseirbhís i 1974.

3 San aiste seo, déanfar plé ar na dioscúrsaí agus ar na díospóireachtaí iomaíocha faoinar thuig an LFM agus Misneach ceist na Gaeilge i gcomhthéacs na n-athruithe seo ar fad a bhí faoi lán seoil tráth an chomóraidh 50 bliain i 1966. Áitítear, dá bhíthin sin, gur láthair choimhlinte agus allagair ba ea an comóradh ar ar tháinig an dá eagraíocht le chéile san idirghníomhaíocht shóisialta.

Modheolaíocht

4 Tá ábhar na haiste seo bunaithe ar shraith agallamh leathstruchtúrtha a cuireadh ar rogha áirithe daoine a bhí gníomhach san LFM agus i ngluaiseacht na Gaeilge. Rinneadh na hagallaimh idir 2010 agus 2013 mar chuid de thaighde níos leithne dochtúireachta faoi bheartas teanga an Stáit sna seascaidí, inar scrúdaíodh an chaoi ar éirigh achrann, ar bhonn idé-eolaíochta, idir an LFM agus Conradh na Gaeilge maidir le ceist na Gaeilge éigeantaí sa tréimhse sin (Rowland 2014).

5 Is é aidhm an agallaimh leathstruchtúrtha ná tuairimí agus dearcthaí pearsanta an rannpháirtí a mhúscailt (Bryman 2008: 436). Baineann solúbthacht leis an gcineál seo agallaimh ar an ábhar nach leanann sé struchtúr docht daingean, rud a thugann saoirse don rannpháirtí tuairimí pearsanta a chur i láthair (Creswell 2003: 9). Mar a deir Bryman:

the emphasis must be on how the interviewee frames and understands issues and events — that is, what the interviewee views as important in explaining and understanding events, patterns and views of behaviour (2008: 438).

6 Roghnaíodh na rannpháirtithe taighde seo trí straitéis ar a dtugtar sampláil na cloiche sneachta (‘snowball sampling’) (Berg 2007: 44). Faoin modheolaíocht úd, rinneadh réamhtheagmháil le grúpa beag daoine a raibh baint acu leis an dá eagraíocht sna seascaidí leis an aidhm go bhféadfaidís tuilleadh agallaithe a mholadh ar ball. Mar a deir Bryman arís:

The researcher makes initial contact with a small group of people who are relevant to the research topic and then uses these to establish contacts with others (Bryman 2008: 184).

7 Dúshlán a bhí le sárú is ea gur faisnéis iardhearcach atá sna hagallaimh seo ina mbreathnaíonn na rannpháirtithe siar ar eachtraí a tharla leathchéad bliain ó shin. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh béascna na sochaí i saol na freacnairce, gona cuid gnásanna agus luachanna féin, tionchar a imirt ar an lionsa cultúrtha trína dtuigeann na rannpháirtithe gníomhartha a bhaineann leis na seascaidí. É sin ar fad ráite, i dtuairim an taighdeora seo, ba é an t-agallamh leathstruchtúrtha an bealach ab éifeachtaí sa chás seo chun cuimhní cinn na rannpháirtithe a mhúscailt an athuair, go mór mór agus é curtha roimhe féin staidéar a dhéanamh ar an gcaoi ar bhain na rannpháirtithe meabhair agus ciall as gníomhartha an LFM agus Misneach.

8 Níl scóip anailíseach na haiste seo teoranta don fhaisnéis agallaimh amháin, áfach. Rinneadh anailís ar cháipéisíocht ábhartha de chuid an dá eagraíocht, cáipéisíocht a chuimsíonn Bunreacht an LFM, scríbhinní Mháirtín Uí Chadhain, gearrthóga nuachtáin, ailt a foilsíodh ar Comhar, agus ábhar gearrshaolach eile. Murab ionann agus an fhaisnéis agallaimh, cuntas comhaimseartha ó na seascaidí atá san ábhar foilsithe agus cartlainne seo.

9 Rinneadh anailís dioscúrsa ar an bhfaisnéis ó na hagallaimh mar aon leis an ábhar foilsithe agus cartlainne. Is éard is ciall le hanailís dioscúrsa sa chomhthéacs seo ná dianscagadh a dhéanamh ar na foinsí príomhúla, féachaint cérbh iad na tuiscintí ba choitianta ar bhain an dá eagraíocht úsáid astu chun ceist na Gaeilge a léirmhíniú agus a chur in iúl san idirghníomhaíocht shóisialta. Is éard atá sa chnuasach insintí sin ar fad ná léiriú ar dhioscúrsaí na mball agus iad ag léirmhíniú na bhfeinimeán a bhaineann leis an domhan sóisialta ina bhfuil siad ag feidhmiú. Tá an plé bunaithe ar choincheap an tógachais shóisialta agus ar thábhacht na n-uirlisí léirmhínithe a úsáideann neacha daonna chun ciall a bhaint as an domhan sóisialta ina maireann siad. Mar a mhíníonn Scott agus Marshall: ‘Social worlds are interpretive nets woven by individuals and groups’ (2009: 698). Cabhraíonn modh anailíseach an tógachais linn dul i ngleic leis na bríonna éagsúla a shamhlaigh an dá eagraíocht leis an nGaeilge le linn an chomóraidh 50 bliain i 1966.

Cúlra

10 Bliain athbhreithnithe ba ea 1966 in Éirinn ina raibh athmhachnamh á dhéanamh ar na hidéil ar troideadh ar a son san Éirí Amach i 1916. Tar éis lag trá na gcaogaidí agus tar éis na heisimirce as éadan a tharla dá dheasca, tráth cinniúnach ba ea an comóradh caoga bliain inar theastaigh ón aos polaitiúil féachaint chun cinn seachas a bheith ag féachaint siar, mar a mhíníonn Ferriter:

it is clear that as well as genuflecting to an older Ireland, the official commemorations in 1966 were also about ‘the presentation of a new reality’. There was a sidelining of the republican movement in favour of a focus on a prosperous, modernised and not just agricultural but now also industrialised republic. What it amounted to, in essence, was a ‘tug between past and future’. As Taoiseach on the last lap of power, Lemass was upfront about this: ‘Forget the Island of the Sean Bhean Bhocht and think of Ireland of the technological expert’ (2015: 363).

11 Deis ba ea an comóradh 50 bliain, mar sin, chun íomhá de náisiún nua-aoiseach a bhí muiníneach as féin a chur in iúl don domhan mór:

For Lemass’s government the jubilee, which fortuitously coincided with the first sustained rise in population since independence, was seen as an opportunity to showcase a modern, prosperous state to a wider world, and to harness the idealism of 1916 with a view to building a prosperous, forward-looking state (Daly agus O’Callaghan 2007: 8).

12 De réir na físe a bhí ag Lemass, ba ghá an geilleagar mar aon leis an gcóras oideachais a chur in oiriúint do riachtanais na forbartha agus an ghnó, go mór mór i bhfianaise gur socraíodh an Comhaontú Saorthrádála idir Éire agus an Bhreatain i 1965.

13 Ar aon dul leis an bhfealsúnacht sin, fógraíodh an dátheangachas (seachas athréimniú na Gaeilge) a bheith ina bhunaidhm ag an Stát feasta nuair a foilsíodh an Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge i 1965. Chiallaigh sé seo ar fad, a deir Ó Tuathaigh (2007: 189), go raibh tábhacht na Gaeilge sa chóras riaracháin Stáit agus sa chóras oideachais á himeallú agus á hionsaí i gcaitheamh na seascaidí, rud a tharla laistigh de chomhthéacs an athbhreithnithe ar luachanna náisiúnta na hÉireann i 1966, mar a mhíníonn Daly agus O’Callaghan arís:

1966 signalled a changing of the guard. Seán Lemass, a 1916 veteran, stepped down as Taoiseach in the autumn, and was succeeded by a man [Jack Lynch] who had no first- or second-hand connection with the Rising or the struggle for independence. Eamon de Valera, the last surviving leader of the Rising, was re-elected as president of Ireland, but with a majority of less than 10,000 — which might indicate that the electorate was more focused on the future than on the past (2007: 13).

14 Bhí ceist na féiniúlachta Éireannaí i lár an allagair phoiblí le linn an toghcháin uachtaránachta sin agus Tom O’Higgins, duine den eite liobrálach i bhFine Gael, in iomaíocht le hÉamon de Valera. Thug O’Higgins sraith óráidí inar cheistigh sé an bhéim a bhíodh á leagan ag Fianna Fáil ar athbheochan na Gaeilge mar aon le ceist na críochdheighilte mar chlocha coirnéil dá mbeartas náisiúnta. Ba mhian le O’Higgins dúshlán a thabhairt don chultúr ceartchreidmheach sin, cultúr a bhí easnamhach agus gur mhithid é a athrú, dar leis. Dheimhnigh sé sin, dar le Garret FitzGerald, gurbh iarrthóir é O’Higgins a bhí tarraingteach d’aos óg na seascaidí:

The tone of Tom O’Higgins’ speeches, with their emphasis on moving away from a traditional inward-looking nationalism to a more open and pluralist concept of Irish society, also struck a chord with that generation. He was a candidate well-suited to the 1960s (2011: 105).

15 Bíodh is gur thug de Valera na cosa leis sa toghchán sin i 1966, bhí Garret FitzGerald den tuairim gur chruthaigh Fine Gael go maith agus gur léirigh an toradh go raibh tacaíocht sa phobal do bheartas nua an pháirtí a dtugtaí an Just Society air. Beartas sóisialta ba ea an Just Society a foilsíodh den chéad uair i 1964 agus a chuir roimhe saoirse agus comhionannas a bhuanú i sochaí na hÉireann. Chuige sin, bhí sé mar aidhm ag Fine Gael dianchlár leasúchán geilleagrach agus sóisialta a chur i bhfeidhm a thabharfadh aghaidh ar iliomad ceisteanna, tithíocht, dífhostaíocht agus imirce ina measc (Fine Gael, c.1969: 3). Ba iad Declan Costello, an Seanadóir FitzGerald féin agus Tom O’Higgins na polaiteoirí ba mhó a shamhlaítí le brú chun cinn an Just Society.

16 Áitíonn Meehan gur thug toradh an toghcháin uachtaránachta uchtach d’Fhine Gael na beartais náisiúnta i leith na Gaeilge a shainmhíniú an athuair, rud a rachadh chun leas an pháirtí sa mhéid is go bhféadfaí scoilt fhollasach idir beartas Fhine Gael agus beartas Fhianna Fáil a chur in iúl:

party members felt that the electorate had reacted favourably to Tom O’Higgins’s early speeches during the presidential campaign on the need for a reappraisal of policy, convincing policy advisers of the necessity to clearly include a review of the language [policy] as part of the process of updating the Just Society policies (Meehan 2013: 71).

17 Dá bhíthin sin, dhá lá roimh insealbhú de Valera dá dhara tréimhse mar Uachtarán, foilsíodh cáipéis dar teideal Fine Gael Irish language policy inar leagadh amach beartas nua an pháirtí. Bhí dlúthbhaint ag Garret FitzGerald le dréachtú na cáipéise sin (FitzGerald 2011: 110). Faoin mbeartas úd, ba mhian leis an bpáirtí deireadh a chur leis an riachtanas pas a bhaint amach sa scrúdú Gaeilge chun gurbh fhéidir Ardteistiméireacht a bhronnadh ar dhalta, chomh maith le deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge mar choinníoll fostaíochta sa státseirbhís.

18 Is cinnte, mar sin, go raibh an nua-aoisiú ina phort gríosaithe ag cuid den aos polaitiúil ag an am, rud a spreag athrú fócais i dtosaíochtaí an Stáit ó chaomhnú an chultúir ar láimh amháin go dtí an trádáil idirnáisiúnta ar an láimh eile. Bhí an liobrálachas clasaiceach mar chuid d’fhealsúnacht na linne seo freisin agus an bhéim á leagan feasta ar neamhspleáchas agus ar shaorthoil an duine aonair. Is i gcomhthéacs sin na saoirse, idir phearsanta agus náisiúnta, a troideadh an cath seo faoin teanga agus faoin náisiún idir an LFM agus Misneach.

19 Áiteofar san aiste seo gur tharraing an dá eagraíocht ar dhioscúrsa na gceart mar aon le dioscúrsa an náisiúnachais chun tuiscintí i dtaobh na Gaeilge a chruthú agus chun na tuiscintí sin a chur i láthair an phobail.

LFM

20 Eagraíocht gluaiseachta sóisialta ba ea an LFM a bunaíodh i 1965 agus a scoir thart ar 1979. Léiríonn Bunreacht an LFM go raibh idir shainchomharthaí gluaiseachta agus sainchomharthaí eagraíochta ag roinnt leis an eagraíocht sa mhéid is go raibh fís choitianta ag na baill maidir leis an mbealach ab fhearr chun an saol a fheabhsú (amhail gluaiseacht) agus, ina theannta sin, go raibh sí á riaradh laistigh de fhrámaíocht bhunreachtúil, rud a d’fhág go raibh rialacháin agus gnásanna aici (amhail eagraíocht) (LFM c.1966).

21 Ba é Christopher Morris, ailtire as Baile Átha Cliath, príomhbhunaitheoir na heagraíochta. Is mar seo a dhéantar cur síos ar chuspóirí na heagraíochta i mBunreacht an LFM:

The objects of the organisation shall be to promote a realistic approach towards the Gaelic language and to remove compulsion, discrimination and other objectionable practices from the State language policy (LFM c.1966).

22 Chuige sin, theastaigh ón eagraíocht, dar le Morris, go gcuirfí deireadh leis an gcoinníoll éigeantach pas a bhaint amach sa scrúdú Gaeilge chun go mbronnfaí Ardteistiméireacht ar dhalta. Ina theannta sin, éilíodh go gcuirfí deireadh leis an nGaeilge éigeantach chun post a fháil sa státchóras (Agallamh le Morris 2010). Sa mhéid sin, bhí spriocanna an LFM agus spriocanna Fhine Gael maidir le stádas na Gaeilge ag teacht le chéile, cuid mhaith, faoin tráth seo.

23 Bíodh is gur bunaíodh an LFM i 1965, deir Martin Reynolds, duine de bhunaitheoirí na heagraíochta, gur cuireadh síol na heagraíochta den chéad uair i lár na gcaogaidí, tráth a raibh sé féin agus Christopher Morris ag déanamh staidéir ar an ailtireacht sa Choláiste Teicneolaíochta ar Shráid Bolton i mBaile Átha Cliath. Tháinig sé chun solais le linn dóibh a bheith sa choláiste go raibh daoine ar an gcúrsa nárbh fhéidir leo a bheith cláraithe go hoifigiúil toisc nach raibh pas sa Ghaeilge bainte amach acu san Ardteistiméireacht. Chuir sé seo olc ar an mbeirt, arsa Reynolds, agus bhí ceist na Gaeilge éigeantaí ina hábhar plé agus allagair eatarthu ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin.

24 Chreid siad beirt go raibh tionchar tábhachtach le himirt acu ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí nua a bhí ag teacht chun cinn sna seascaidí: dar le Reynolds go raibh an mianach iontu mar ailtirí chun athruithe sóisialta agus infreastruchtúir a spreagadh agus a chur i bhfeidhm ar an tsochaí sin (Agallamh le Reynolds 2011). Ar an gcaoi chéanna, bunaíodh an LFM chun gné éigin den tsochaí a athrú, mar a bhí, an Ghaeilge éigeantach.

25 Bhí Frank Crummey, deartháir céile le Christopher Morris agus gníomhaí sóisialta aitheanta an t-am sin, ar dhuine eile de bhunaitheoirí an LFM. Chaith Crummey tamall de bhlianta i Londain sna caogaidí, áit a raibh sé ina thiománaí bus ar feadh scaithimh. Ar fhilleadh dó go Baile Átha Cliath ag tús na seascaidí, thosaigh sé ag obair leis an tseirbhís poist agus ba í sin an áit ba thúisce, dar leis, a chonaic sé an ‘leatrom’ mar aon leis an ‘idirdhealú’ a bhí á ndéanamh ar dhaoine sa státchóras nach raibh an inniúlacht chuí bainte amach acu sa Ghaeilge. Mar a mhíníonn Crummey ina dhírbheathaisnéis:

Postal workers who hadn’t passed their Irish exams had to sign on in red ink in the morning, weren’t allowed to own a duty and were not eligible for a pension, whereas the others signed on in blue ink, could own a duty and would receive a pension, all other things being equal. We felt this was appalling if you take into account that the mother language in Ireland is English. The language of our ancestors was Gaelic. To us, it was just as logical to expect the people of Ireland to revert back to speaking Gaelic as it was to get the people of Peru speaking the language of the Incas (2009: 71).

26 Léiriú eile ar ghníomhaíochas sóisialta Crummey ba ea an ról a bhí aige le gluaiseacht na pleanála clainne sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Ina theannta sin, bhí baint aige leis an eagraíocht Reform, a bhunaigh Martin Reynolds sa bhliain 1967 chun cur i gcoinne an phionóis chorpartha sna scoileanna. Míníonn Reynolds an nasc, mar a chonacthas dó é, a bhí idir teagasc na Gaeilge ar láimh amháin agus an pionós corpartha ar an láimh eile:

from the synthesis of people here [LFM], and the mixture of people here, a few years later was formed the organisation Reform, the anti-corporal punishment organisation […] it was very very successful, the two were linked together, they were two prongs of the same fork, the Irish language was beaten into people in schools (Agallamh le Reynolds 2011).

27 Luigh sé le réasún, dar le Reynolds, go mbeadh comhbhallraíocht idir an dá eagraíocht agus, go deimhin, bhí ceathrar páirteach sa dá cheann: an Seanadóir Owen Sheehy-Skeffington, Frank Crummey, Richard Clear agus Martin Reynolds féin. Díol spéise ba ea é go raibh an Conraitheoir clúiteach, Proinsias Mac Aonghusa, bainteach le Reform freisin, rud a léiríonn go raibh ceist an cheartais shóisialta agus, go deimhin, dínit an duine aonair ina gcúram ag baill de ghluaiseacht na Gaeilge chomh maith céanna.

28 Mar sin is ar dhioscúrsa na gceart agus ar fhealsúnacht an liobrálachais a bhí an LFM ag tarraingt, iad á rá gur chóir na daoine a bhí ‘thíos’ leis an nGaeilge éigeantach a fhuascailt agus gur cheart neamhspleáchas agus saorthoil na ndaoine a chur chun cinn agus a chosaint ó bhagairt an Stáit.

Misneach

29 Brúghrúpa radacach ba ea Misneach a bunaíodh i 1963 mar fhreagra ar theip agus ar fhimíneacht an rialtais, mar a samhlaíodh dóibh é, maidir leis an nGaeilge a athbheochan. Bhí Máirtín Ó Cadhain ar dhuine de bhunaitheoirí Misneach agus deir Breathnach agus Ní Mhurchú go raibh sé ‘ina threoraí’ ag an ngrúpa (2002: 87).

30 Mhaígh duine de na baill, Seán Ó Laighin, gur mhian le Misneach ‘briseadh amach as seaniomaire na nEagraíochtaí Gaeilge’ d’fhonn ‘réabhlóid’ agus ‘athrú bunúsach’ a spreagadh sa tsochaí chun aghaidh a thabhairt ar mheath na Gaeltachta agus ar neamhshuim na gceannairí polaitíochta agus eaglasta ina leith sin (1965: 27). Chaith sé spallaí le Conradh na Gaeilge chomh maith céanna agus mhínigh sé cén chaoi a raibh Misneach éagsúil leo:

Seans go léireoidh an t-eagras seo intinn a maraíodh nuair a tháinig Conradh na Gaeilge faoi anáil an Rialtais Éireannach [sic] daichead bliain ó shin. Beifear ag lorg daoine a thabharfaidh tús áite don Ghaeilge. Tá sí sa deichiú háit ag go leor de na seancheannairí mar nach bhfuil inti ach caitheamh-aimsire deas meánaicmeach (1965: 27).

31 Tagann Mícheál Mac Aonghusa, ball eile de Misneach, leis seo freisin. Áitíonn sé go raibh Conradh na Gaeilge róghafa le gnásanna na heagraíochta agus go mbítí ag eagrú cruinnithe coiste sula ndéanfaí rud ar bith. Os a choinne sin, theastaigh ó Misneach feidhmiú ar bhonn thar a bheith neamhfhoirmiúil agus neamhstruchtúrtha le cinntiú go bhféadfaí dul i mbun corraíola gan bhac (Agallamh le Mac Aonghusa 2013). Áitíonn an aiste seo, dá réir sin, gur ghluaiseacht shóisialta é Misneach toisc go raibh comhfhís ag na baill a d’fheabhsódh an saol, dar leo. Ina theannta sin, bhí córas eagrúcháin Misneach thar a bheith scaoilte, rud a bhí éagsúil leis an LFM.

32 Deir Séamas Ó Tuathail, ball eile den eagraíocht, go raibh béalchráifeacht á léiriú ag an rialtas i leith na Gaeilge sa mhéid is go raibh ráitis reitrice an rialtais ag teacht salach ar a chuid gníomhartha praiticiúla. Deir Ó Tuathail go raibh gluaiseacht ‘oifigiúil’ na Gaeilge, mar a thugadh Máirtín Ó Cadhain ar eagraíochtaí ar nós Chonradh na Gaeilge, Ghael Linn agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, róbhainteach le bunaíocht pholaitiúil an Stáit. Dá bharr sin, bhí an ghluaiseacht ‘oifigiúil’ ag feidhmiú i gcomhar leis an rialtas seachas a bheith ag iarraidh dul i gcion air:

bhí an ghluaiseacht oifigiúil, mar a thug Máirtín [Ó Cadhain] orthu, róchiúin agus bhí siad ag dul an bhóthair in éindí leis an rialtas agus ag súil go dtarlódh rudaí dearfacha nuair a bhí rudaí diúltacha ag tarlú […] an sampla is cuimhin liomsa go háirithe ná na coláistí ullmhúcháin, nuair a dúnadh iad sin (Agallamh le hÓ Tuathail 2013).

33 Bhí fealsúnacht Mháirtín Uí Chadhain an-mhealltach do dhaoine óga ar theastaigh cur chuige ní ba ghníomhaí agus ní ba radacaí uathu. Maíonn Máiréad Uí Dhomhnaill gur tháinig sí faoi anáil Uí Chadhain, ar mhacasamhail ‘Che Guevara’ do lucht Misneach é, toisc ‘gur phearsa agus gur cheannaire láidir agus cumhachtach’ é a raibh ‘teacht i láthair’ an-láidir aige agus ar éirigh thar cionn leis, dá réir sin, na baill a ghríosú chun spairne (Agallamh le hUí Dhomhnaill 2013). Ar an mbonn sin, tharraing Misneach siar as Conradh na Gaeilge ach ina ainneoin sin bhí comhbhallraíocht le sonrú idir an dá ghrúpa go fóill.

34 D’aithin baill de Misneach an LFM mar chéile comhraic agus d’fheil an choimhlint dóibh mar bhealach lena gcuspóirí féin a chur i gcrích. Shocraigh Misneach, dá réir sin, cur isteach ar chruinniú de chuid an LFM i Meitheamh 1966. Nuair a cuireadh tús leis an gcruinniú sin in Óstán Jury, a bhí lonnaithe ar Shráid an Dáma i mBaile Átha Cliath ag an am, bhí Máirtín Ó Cadhain, chomh maith le baill de Misneach agus den IRA, i bhfolach sa seomra béal dorais. Rinneadh círéib den chruinniú nuair a bhuail an bhuíon isteach sa seomra gan choinne (Agallamh le Crummey 2010). Cuireadh an bord ag a raibh na cainteoirí bun os cionn agus tosaíodh ag béicíl fad is a bhí na hóráidí ar siúl. Thug Maureen Ahern, a bhí gníomhach san LFM ag an am, ‘ideological storm-troopers’ ar an mbuíon spairnithe a tháinig isteach sa seomra (1966: 9). Ansin nuair a bhí clabhsúr á chur ar an gcruinniú thosaigh baill de Misneach ag canadh ‘God Save The Queen’ go searbhasach (The Irish Times 1966: 1).

35 Maíonn Christopher Morris gur bunaíodh an LFM an chéad lá riamh chun cearta daoine a bhí i gcoinne bheartas teanga an Stáit a chosaint agus chun ardán a thabhairt dóibh (1965: 14). Bhí na cearta sin á n-ionsaí ag Misneach, dar le Morris. Thug eachtra Óstán Jury lón cogaidh agus leithscéal don LFM chun cruinniú eile a eagrú ag a mbeadh lánsaoirse cainte acu féin agus socraíodh é a reáchtáil i dTeach an Ardmhéara i Meán Fómhair 1966. Mar a mhíníonn Morris:

I was raising a small issue, it was the Gaeilgeoirí who disrupted the meeting in Jury’s Hotel and we said ‘we’re not going to buckle down to that kind of thing so we’ll have a big meeting in the Mansion House’ and once again they did the same there and this is what gave LFM the prominence that it never would have achieved in my opinion because people weren’t interested in it, they weren’t interested in the language question at all, Irish people aren’t interested in the language issue (Agallamh le Morris 2010).

36 Léiriú ba ea an scliúchas in Óstán Jury ar na modhanna nua oibre agus gníomhaíochta ba mhian le Misneach a tharraingt chucu féin agus iad i mbun feachtais. Bhí na modhanna nua seo fréamhaithe san easumhlaíocht shibhialta agus bhí siad ag teacht faoi anáil Saunders Lewis, gníomhaí polaitíochta agus teanga sa Bhreatain Bheag a raibh baint aige leis an bpáirtí polaitíochta Plaid Cymru agus le Cumann na Breatnaise araon. Thug Lewis léacht raidió dar teideal ‘Tynged yr Iaith’ (Dán na Teanga) a craoladh ar an BBC i 1962 inar mhol sé modhanna réabhlóideacha chun an Bhreatnais a chur chun cinn. D’aistrigh Ó Cadhain léacht Lewis go Gaeilge agus foilsíodh é i bhfoirm leabhráin dar teideal Bás nó Beatha? i 1963. An aidhm a bhí leis seo ná modhanna gníomhaíochta, agóidíochta agus léirsithe lucht na Breatnaise a chur ar a súile do ghluaiseacht na Gaeilge in Éirinn agus ba é bunú Misneach an toradh a bhí air sin. Mar a mhíníonn Mac Aonghusa:

Ceann de na rudaí a bhí i gceist ag Misneach go rachaimis i muinín easumhlaíocht shibhialta agus b’fhéidir an dlí a bhriseadh ó thráth go chéile. Bhíodh an Cadhnach ag caint nár mhiste go mbrisfí fuinneog nó dhó anois agus arís […] anois ní dóigh liom gur briseadh fuinneoga ach san am céanna b’shin a bhí ann. Freisin bhíomar ag breathnú ar an rud a bhí ag tarlú sa Bhreatain Bheag ag an am […] daoine ag agóidíocht go poiblí […] Ní bhíodh aon rud mar sin ar siúl ag lucht na Gaeilge in Éirinn ag an am, tharla sé níos deireanaí ceart go leor agus is dócha go raibh tionchar áirid ag Misneach air sin go mbeadh picéidí agus rudaí mar sin ann ach chuaigh sé sin i bhfeidhm orainn agus ansin ar ndóigh rinne an Cadhnach aistriúchán ar an [léacht] raidió a thug Saunders Lewis inar mhol sé modhanna den chineál sin (Agallamh le Mac Aonghusa 2013).

37 Agus Misneach ag tarraingt ar an easumhlaíocht shibhialta, is cuimhin le Mac Aonghusa picéad a bheith ag an ngluaiseacht ag slógadh de chuid Fhianna Fáil, a tionóladh ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath, roimh an olltoghchán in Aibreán 1965. Foilsíodh an Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge i mí Eanáir na bliana sin agus thapaigh Misneach an deis seo chun dul in adharca le Fianna Fáil go poiblí. Bhí Seán Lemass, nó an ‘Taoiseach gan Ghaeilge’ mar a thugadh Misneach air (Daly 2007: 54), ina sheasamh ar ardán agus bhí cóipeanna den Pháipéar Bán á gcaitheamh ag baill Misneach leis agus iad ag béicíl ‘tarraing siar an Páipéar Bán’ (Agallamh le Mac Aonghusa 2013). Modh agóide ba ea é seo ar baineadh úsáid as chun an rialtas a náiriú agus is sampla é de ‘bholscaireacht dhrámatúil’ Uí Chadhain a bhí go huile is go hiomlán éagsúil le measúlacht na gluaiseachta oifigiúla, mar a mhíníonn Ó Tuathaigh:

Tríd is tríd, chreideadarsan [an ghluaiseacht oifigiúil] sa ghnáthpholaitíocht agus sna gnáthmhodhanna oibre a bhí ceadaithe i sochaí ‘oscailte’ dhaonlathach: stocaireacht, canbhasáil, meamraim, díospóireacht, dul i gcion ar an bpobal, comhphlé, comhréiteach, comhghéilleadh nuair ba ghá san; bheith ‘istigh’ le rialtas na huaire d’fhonn spriocanna praiticiúla a bhaint amach. I gcás Uí Chadhain, fiú nuair a d’aontaigh sé lena gcuspóirí, mar a rinne sé go minic, is annamh a shíl sé na modhanna oibre a bhí acu a bheith feiliúnach ná éifeachtach. Ní raibh dóthain práinne ag baint leo. Níor thuigeadar an phráinn ná [an] namhaid i gceart; níorbh fhiú nó níorbh fhéidir leo na bearta dána nó gránna a dhéanamh a bhí ag teastáil lena n-aidhmeanna a bhaint amach (2007: 181).

38 Gluaiseacht shóisialta frithchórais ba ea Misneach agus é d’aidhm aige dúshlán a thabhairt don bhunaíocht pholaitiúil, bunaíocht a bhí ag plúchadh na teanga, dar leo, agus a chuimsigh gluaiseacht ‘oifigiúil’ na Gaeilge, Fianna Fáil agus an rialtas. Ba mhian le Misneach modhanna nua oibre agus smaointeoireacht úr a chur chun cinn agus iad ag éileamh a gceart go gcuirfeadh an rialtas an Ghaeilge agus an Ghaeltacht chun cinn sa tsochaí. Chuige sin, thug an comóradh 50 bliain ardán dóibh dul i mbun corraíola arís.

LFM — Domhnach na Cásca

39 Agus comóradh 50 bliain an Stáit faoi thrácht, eachtra nár mhór a lua ba ea an scrios a rinne buama de chuid grúpa Phoblachtaigh ar Cholún Nelson ar an 8 Márta an bhliain sin. Áitíonn Higgins gur dheacair don rialtas an gníomh íolbhristeach seo a shárú agus comóradh an Stáit á eagrú óir bhí an siombalachas a bhain leis an scrios ríshoiléir do phobal na tíre:

The blowing up of Nelson’s Pillar represented the most literal commemorative act of 1966. Physically, it reproduced rubble on O’Connell Street; and symbolically, it re-enacted the toppling of empire. Nations do not need to re-create in order to remember; however, the blowing up of Nelson’s Pillar threatened to upstage the government’s plans to mark the fiftieth anniversary of the 1916 Rising: the state would find it difficult to offer a single event that would be so instant and iconic/iconoclastic (2007: 275).

40 Agus Nelson bailithe leis, bhí an bealach glanta, dar le Higgins (2007: 278), chun gurbh fhéidir an pharáid chuimhneacháin a chur ar siúl ar Dhomhnach na Cásca gan Nelson a bheith ina scáil fhisiciúil ná stairiúil a chuirfeadh as do na himeachtaí. Dá bhailí an cás ag Higgins é, léiríonn an LFM agus Misneach nár chuir teitheadh Nelson deireadh leis an gclampar ná leis an aighneas cultúrtha i 1966 óir tháinig ceist na Gaeilge chun solais mar údar gníomhaíochta agus léirsithe le linn sheachtain an chomóraidh.

41 Ar mhaithe le clár éileamh an LFM a phoibliú ar ardán náisiúnta, deir Crummey gur theastaigh ón eagraíocht páirt a ghlacadh sa pharáid chuimhneacháin, a eagraíodh mar chuid de chlár oifigiúil an chomóraidh 50 bliain, chun a léiriú don phobal go raibh baill na heagraíochta chomh tírghrách agus chomh hÉireannach céanna le haon duine eile agus nár cheart, dá réir, an LFM a dhaoradh toisc go raibh easaontas ann faoi cheist na Gaeilge. Mar a mhíníonn Morris:

it was just a gesture merely to say we can be Irish, we’re as Irish as anyone else looking at us or participating here, we have a different viewpoint on one issue, namely the language and the way it’s being shoved down our throats and hampering our kids’ education (Agallamh le Morris 2010).

42 Míníonn Morris nár tháinig baill uile na heagraíochta leis an gcinneadh seo ar an mbonn nár mhian le baill áirithe den LFM aitheantas a thabhairt d’éirí amach a bhí neamhdhaonlathach, dar leo:

there was one or two people who objected strongly to it, one of them on the basis of violence — that we shouldn’t be supporting the violence that 1916 was based on — undemocratic self-appointed fascists who were trying to undo the democratic decision of the Irish people to have what they did have at the time which was limited democracy, the same as it was limited in the whole of the UK at the time (Agallamh le Morris 2010).

43 Thapaigh an nuachtán Amárach an deis chun cur i gcoinne an LFM agus dúradh in eagarfhocal an nuachtáin gur ‘masla agus díspeagadh ar laochra 1916’ a bheadh ann dá mbeadh sé de dhánacht i ‘ngluaiseacht na n-ainGhael’ páirt a ghlacadh sa pharáid (Amárach 1966a: 6). I gcolún le Dónall Mac Amhlaigh sa nuachtán céanna, cuireadh in iúl go raibh sé scannalach gur theastaigh ón LFM páirt a ghlacadh i bparáid in onóir Phádraig Mhic Phiarais agus a chomrádaithe ar an mbonn go raibh sé ina chuspóir ag an eagraíocht an ruaig ghlan a chur ar an nGaeilge as Éirinn (1966: 5). Mhol Mac Amhlaigh dóibh fánacht sa bhaile ar an lá sin:

Mo chomhairle dhíbh, a Language Freedom Movers — fanaidh ag baile an lá sin ag breathnú ar theilí Shasana mar go deimhin is go dearfa is giorra go mór dó sin sibh ná de’n uaisleacht agus de’n laochas a spreag na fir sin a bhfuil ómós dá spáint dóibh an Cháisc seo (5).

Misneach — Luan na Cásca

44 Cuireadh roinnt mhaith imeachtaí agus ócáidí eile ar siúl le linn sheachtain na Cásca mar fhrithghníomh i gcoinne chlár comóraidh an Stáit. Mar a deir Ferriter:

There were alternatives to state commemoration. Many were dissatisfied with contemporary conditions and what was perceived as the betrayal of the ideals of 1916, including Irish language groups, artists and disgruntled republicans (2015: 364).

45 Ina measc sin, bhí Máirtín Ó Cadhain agus a chomhghuaillithe sa ghrúpa Misneach. Ar mhaithe le solas a chaitheamh ar a dhonacht is a bhí staid na teanga, dar leo, shocraigh trí dhuine dhéag ó Misneach céalacan a chur ar siúl i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste chun faillí an rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a léiriú, mar a mhíníonn Daly:

At a meeting in the Shelbourne Hotel on the eve of the hunger strike, Misneach explained that the hunger strike was to ‘celebrate the death of the Gaeltacht, economic dependence on Britain, Partition and Emigration’ (2007: 54).

46 Deir Seán Ó Laighin in alt eile leis ar Comhar gurbh é Diarmaid Ó Súilleabháin a cheadmhol gur cheart céalacan a eagrú ‘mar scáthán sa bhealach ar an gCeiliúradh Oifigiúil Stáit ar Éirí Amach na Cásca’ (1985: 8). Ba iad Deasún Breathnach, Proinsias Nic Uait, Eoin Ó Murchú, Séamas Ruiséal, Peadar Ó Briain, Cian Ó hÉigeartaigh, Deaglán Ó Muineacháin, Conchúr Ó Riain, Séamas Ó Tuathail, Seán Ó Laighin, Mícheál Mac Aonghusa, Seán Ó Beacháin agus Fiachra Ó Dubhthaigh a ghlac páirt sa chéalacan. Maíonn Ó Laighin chomh maith céanna nach raibh sé ar a gcumas ag Máirtín Ó Cadhain ná ag Diarmaid Ó Súilleabháin páirt a ghlacadh sa chéalacan de dheasca cúrsaí sláinte (1985: 8).

47 Ba iad an Ghaeltacht agus an meath a bhí ag teacht uirthi, dar le Mac Aonghusa, ba mhó a bhí ag dó na geirbe ag an gCadhnach agus chreid sé nach dtiocfadh an Ghaeilge slán sa Ghaeltacht mura mbeadh cur chun cinn na teanga ina bhunphrionsabal sa tír i gcoitinne:

is dóigh liom gur chreid sé [Ó Cadhain] nach mbeadh Éireannachas ann agus go mbeadh brí eile le hÉireannach mura mbeadh an Ghaeilge curtha chun cinn agus ní fhaca sé go bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn dá n-imeodh an Ghaeltacht […] an Ghaeltacht tíreolaíochta más mian leat (Mac Aonghusa 2013).

48 Áitíonn Ó Tuathaigh gurbh ionann cás an náisiúin agus cás na Gaeltachta i súile an Chadhnaigh, agus dá réir sin, nach dtiocfadh an náisiún slán mura dtiocfadh an Ghaeilge slán freisin (2007: 180). Chun an teachtaireacht sin a chur abhaile go soiléir, ba é Seosamh Ó Cléirigh, duine de throdaithe na saoirse i 1916, a leag an bláthfhleasc ag dealbh Chú Chulainn in Ard-Oifig an Phoist le tús oifigiúil a chur leis an stailc ocrais ar Luan Cásca (Amárach 1966b: 1). Bhí an siombalachas seo tábhachtach don Chadhnach chun a léiriú nár comhlíonadh cuspóirí 1916 agus, ina éagmais sin, nár cheart aon chomóradh a bheith ann.

49 Tagann Martin Reynolds, ball den LFM, leis an tuairim sin freisin, rud a léiríonn go raibh forluí smaointeoireachta idir an dá eagraíocht agus leas an náisiúin mar aon le bunchearta an phobail a bheith ag déanamh tinnis dóibh. Mar a chéile leis an gCadhnach, deir Reynolds nárbh fhiú a bheith ag ardú na brataí náisiúnta go mórtasach nuair nárbh fhéidir leis an Stát bunseirbhísí sóisialta a sholáthar don phobal:

when 1916 was being celebrated I looked at, say, statistics about the number of people unemployed, the number of people emigrating, the number of people in secondary school, the type of work we had, the housing problems we had all over Dublin, houses collapsing, the housing shortage, people living in squalor, so putting up flags, singing patriotic songs, no matter what country it’s in, doesn’t appeal to me. I’m extremely practical. I’m only interested in the practicality. What have you done with the opportunities you had? (Agallamh le Reynolds 2011).

50 Níorbh annamh forógra agus ceannairí 1916 a úsáid mar uirlis an t-am seo chun sochaí reatha na hÉireann a cháineadh agus chun a léiriú go raibh mianta na sochaí sin ag teacht salach ar mhianta na gceannairí. Lena chois sin, bhíodh an forógra in úsáid ag dreamanna eile chun a mhalairt a léiriú, mar a deir Daly:

The 1916 Proclamation and various 1916 leaders — specifically Pearse and Connolly — were commonly invoked to decry the shortcomings of contemporary Irish society, or as evidence that various programmes that were being proposed were consistent with the philosophy of 1916 (2007: 33).

51 Deir Daly go raibh Garret FitzGerald ina chadhan aonair ag ceistiú a fheiliúnaí is a bhí an forógra, agus scríbhinní eile de chuid na gceannairí, mar shamhail do lucht déanta beartas i saol na freacnairce i 1966 (2007: 33). D’áitigh FitzGerald go raibh na beartais a bhí á moladh ag ceannairí 1916 teoranta agus saonta, fiú sa chomhthéacs inar cumadh iad, rud a mhínigh sé in alt dá chuid ar Studies in Earrach 1966:

Misunderstandings as to the significance of 1916 have been further aggravated by well-meaning attempts to elevate into political dogma incidental sayings and writings of the leaders of the Rising during the years immediately before 1916. This almost mediaeval respect for the letter of what had been written or spoken between 1913 and 1916 by the leaders of the Rising is misconceived. […] In the harsh light of today, seen with the hindsight of a much more sophisticated generation, what was written and said by them conveys few clear-cut ideas of political or social philosophy (1966: 32).

52 Níor chuir soiscéal FitzGerald aon srian ar Misneach, áfach. Mar thoradh ar fhealsúnachtaí Uí Chonghaile agus Mhic Phiarais, a raibh athbhreithniú á dhéanamh orthu araon i 1966, sonraíonn Ó Tuathail (2013) go raibh féith láidir an phoblachtachais agus an tsóisialachais i Misneach agus sa Chadhnach go háirithe. Dá bharr sin, ba é móraidhm Misneach an tír a ‘athghabháil’ ón mbunaíocht agus seilbh na hÉireann mar aon lena cuid maoine a thabhairt ar ais do mhuintir na tíre le go bhféadfaí ‘maireachtáil mar Ghaeil leis na rudaí is dual dúinn mar Ghaeil’ (Ó Cadhain c.1970: 9):

ba é an chloch ba mhó ar a phaidrín an Ghaeilge a chur chun cinn […] ní fhéadfá an Ghaeilge ach an oiread a dheighilt ó rudaí eile sa saol agus b’shin an leagan amach a bhí ag an gCadhnach […] chum sé cineál mana maidir le slánú na hÉireann [‘Athghabháil na hÉireann’] […] bhuel bhí an dá rud ann […] (1) an Ghaeilge a thabhairt i réim agus an chuid eile den scéal ná (2) go mbeadh ceannas ag muintir na hÉireann ar mhaoin na hÉireann (Agallamh le Mac Aonghusa 2013).

53 Coincheap cuimsitheach ba ea coincheap na hathghabhála, dar le hÓ Tuathail, ina bpósfaí an cultúr, an sóisialachas, an poblachtachas agus an geilleagar le chéile ar mhaithe le leas an phobail. Dá bharr sin, ní raibh an ‘athghabháil’ teoranta do cheist na Gaeilge amháin, mar a shoiléiríonn Diarmaid Ó Súilleabháin in alt leis ar Comhar:

Ar ndóigh cé gurb í an Ghaeilge an mian [sic] is giorra do chroí na heagraíochta tá cuspóirí eile, cuspóirí atá fíorthábhachtach, i gceist. Neamhspleáchas eacnamaíochta; cealú na Teorann, chomhchearta chun Oideachais don uile Éireannach gan bac airgid; bhí na nithe sin i gceist freisin. In abairt d’fhéadfá cuspóirí ‘Misneach’ a lua ach iad siúd a bhí ag ceannairí 1916 a bhreacadh síos, go háirithe na cuspóirí nár cuireadh i gcrích ó shin i leith d’ainneoin is go rabhamar féin-rialach le caoga bliain anuas (1966: 8).

54 Cruthúnas is ea é seo ar dhearcadh cuimsitheach Misneach gur cheart an Ghaeilge a bheith ina gléas a spreagfadh bunathruithe agus cearta i saol an náisiúin trí chéile, rud a léiríonn go raibh siad ag iarraidh dioscúrsa na gceart a chónascadh leis an náisiúnachas chun a gcríche fealsúnta féin. Mar sin féin, míníonn Daly go raibh meáin chumarsáide na linne dall ar a ilghnéithí is a bhí clár éileamh Misneach:

While Misneach’s protest was directed at a broad range of socio-economic and cultural issues — all seen as a betrayal of the spirit of 1916, most of the newspaper coverage presented the hunger strike as a protest about the Irish language (2007: 54).

55 Faoi dhioscúrsa Misneach, bhí cur chuige ilghnéitheach na hathghabhála de dhíth mar fhreagra ar an ‘mbagairt,’ dar leo, a bhí i ndán don Ghaeilge mar gheall ar róbhéim an aosa pholaitiúil ar an bhforbairt gheilleagrach, go mór mór ó foilsíodh tuarascáil T.K. Whitaker Economic Investment i 1958. Mar thoradh air seo, ceapann Ó Tuathail go raibh cuid den dara glúin ón réabhlóid ‘tógtha le saibhreas,’ rud a bhí le sonrú, dar leis, i mbunú Taca, an eagraíocht bailithe airgid a bhunaigh Fianna Fáil i 1966. Léirigh sé sin, a deir Mac Aonghusa, go raibh luachanna nua ag an aicme seo, a chuimsigh eití den LFM, luachanna a bhí go hiomlán éagsúil le hidéil na glúine a tháinig rompu:

agus is fíor go raibh feabhas réasúnta suntasach eacnamaíochta tar éis teacht ó thús na seascaidí ar aghaidh ach freisin bhí aicme nua tar éis teacht ar aghaidh sa pholaitíocht, mar shampla a bhí in ainm is a bheith dílis, abraimis, do de Valera i gcónaí ach i ndáiríre a raibh cultúr agus béascna shóisialta eile acu ar fad agus is dócha go bhfaca an Cadhnach é sin ag tarlúint agus go bhfaca sé an dream sin a bhí ag plé le cúrsaí geilleagair agus cúrsaí polaitíochta nár spéis leo an Ghaeilge fiú […] ní rabhadar in aghaidh na Gaeilge ach ní raibh aon spéis acu (Agallamh le Mac Aonghusa 2013).

56 Ba é ‘saol tuata dímhiotasaithe Éire an fichiú haois,’ mar a thugann Denvir (1987: 264) air, an toradh a bhí ar an tréigean cultúrtha seo agus an t-aon leigheas a bhí air, dar leis an gCadhnach, ná gníomhaíocht pholaitiúil, shóisialta agus gheilleagrach ar fud an náisiúin a mbeadh cearta ‘sibhialta’ do lucht na Gaeltachta agus do lucht na Gaeilge ina mbunús léi. Mar a dúirt sé in Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae: ‘Mar sin, an áit is tréine an agóid bíodh an póistéara Gaeilge le feiceáil agus an gháir Ghaeilge le cloisteáil’ (c.1970: 10).

57 Maíonn Daly nach mór a lua go raibh feachtais Misneach mar chuid de chomhthéacs ní ba leithne gníomhaíochta agus agóidíochta i measc ghluaiseacht na Gaeilge trí chéile sna seascaidí. Luann sí cnámha spairne Ghael Linn go sonrach:

Gael Linn was aggrieved at their failure to secure control over Teilifís Éireann; at the absence of Irish language programmes in prime-time slots; and at the apparent lack of government commitment to implementing the proposals outlined in the Report of the Commission on the Irish language (2016: 367).

58 Áitíonn Daly go léiríonn feachtas Ghael Linn mar aon le feachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar ball go raibh gluaiseacht na Gaeilge tar éis tarraingt siar ó bhunaíocht an Stáit ar mhaithe lena hiomaire féin a threabhadh, neamhspleách ar an rialtas (2016: 367). An tionchar is mó a bhí ag Misneach, dar liom, ná gurbh iadsan ba thúisce a chuir tús leis an nósmhaireacht sin.

Dioscúrsa na gceart agus dioscúrsa an náisiúnachais

59 Léiríonn an aiste seo go raibh forluí smaointeoireachta idir Misneach agus an LFM sa mhéid is go raibh siad ag tarraingt ar an dioscúrsa frithcheannasach agus fuascailteach céanna. Chuige sin, d’éiligh an dá eagraíocht go gcosnófaí cearta a mball agus go bhfuasclófaí na baill sin ó ‘smachtú’ agus ó thionchar srianaithe na bunaíochta, bunaíocht a chuimsigh an státchóras, Fianna Fáil agus gluaiseacht ‘oifigiúil’ na Gaeilge, dar leo. Tugann an socheolaí Anthony Giddens ‘emancipatory politics’ air seo:

I define emancipatory politics as the generic outlook concerned above all with liberating individuals and groups from constraints which adversely affect their life chances. Emancipatory politics involves two main elements: the effort to shed shackles of the past, thereby permitting a transformative attitude towards the future; and the aim of overcoming the illegitimate domination of some individuals or groups by others (1991: 210–211).

60 Ní féidir dioscúrsa na gceart agus na fuascailte a phlé, áfach, beag beann ar cheist an náisiúnachais, go mór mór ó tharla gur chreid an LFM agus Misneach go rachadh na bunathruithe ba mhian leo a chur i bhfeidhm ar an tsochaí chun leas an náisiúin. Dá bhíthin sin, áitítear anseo gur ghluaiseachtaí náisiúnaíocha iad a raibh físeanna codarsnacha á gcruthú acu maidir leis an gcineál róil ba cheart a bheith ag an nGaeilge i saol an náisiúin. Ach an oiread le dioscúrsa na gceart, bhí an náisiúnachas in úsáid acu chun aidhmeanna codarsnacha a bhaint amach.

61 Faoi phrionsabail an phoblachtachais agus an tsóisialachais, ba mhian le Misneach an Ghaeilge a úsáid mar ghléas cuimsitheach ‘athghabhála’ a dhealódh an teanga ón mbunaíocht pholaitiúil. Chuige sin, bhí an Ghaeilge le bheith ina húdar gníomhaíochta faoina dtroidfí chun ‘maoin’ mhuintir na hÉireann a thabhairt ar ais dóibh. Faoin dioscúrsa seo, ba ghá an teanga a shlánú chun a chinntiú go slánófaí an náisiún agus chun a chinntiú go gcosnófaí dínit agus neamhspleáchas an duine. Chuige sin, d’áitigh Misneach gur chuid riachtanach d’fhéiniúlacht chomhaimseartha na tíre é an cultúr Gaelach óir ba é an cultúr sin a chothaigh an nasc leis an stair agus a chothaigh comhthuiscint, féinmheas agus féinmhuinín i measc bhaill an náisiúin. Bhí Misneach den tuairim go raibh na luachanna seo i mbaol a mbasctha, rud ab fhollas dóibh nuair a dúnadh na coláistí ullmhúcháin i 1960. Ba léiriú é sin dóibh nach raibh athbheochan na Gaeilge ina tosaíocht ag Seán Lemass agus gur ríghá céimeanna radacacha a thabhairt chun go mbeadh an Ghaeilge i gcroílar aon iarrachta a dhéanfaí atheagar a chur ar struchtúr na sochaí agus, go deimhin, ar struchtúr an gheilleagair.

62 Murab ionann agus Misneach, ar chás leo an cultúr Gaelach, bhíodh an LFM á samhlú féin leis an bhféiniúlacht Éireannach agus ba é sin an chúis ar mhian leo páirt a ghlacadh sa pharáid chuimhneacháin ar Dhomhnach na Cásca. Má cheap Misneach gur cheart an Ghaeilge a bheith i lár an aonaigh agus atheagar á chur ar an tsochaí, a mhalairt de thuairim ar fad a bhí ag an LFM. Chreid siadsan nár cheart cleachtadh an chultúir ná labhairt na Gaeilge a éileamh ar dhaoine mar choinníollacha le go bhféadfaí páirt a ghlacadh i saol an náisiúin. Agus an LFM ag feidhmiú i bhfearann dioscúrsach na féiniúlachta Éireannaí, bhí siad den tuairim go raibh an Ghaeilge éigeantach ina laincis ar dhaoine agus ina constaic ar chearta an duine aonair. Dá réir sin faoi dhioscúrsa an LFM, rachadh sé chun leas an phobail, agus chun leas an náisiúin dá réir, dá gcuirfí deireadh leis an éigeantas.

Conclúid

63 Ba é cuspóir na haiste seo anailís a dhéanamh ar na dioscúrsaí iomaíocha faoinar thuig an LFM agus Misneach ceist na Gaeilge, agus an dá eagraíocht sin ag dul in adharca a chéile ar láthair chatha agus dhioscúrsach an chomóraidh 50 bliain.

64 Áitítear anseo gur fhreagra í an choimhlint idir an LFM agus Misneach ar na hathruithe a tháinig ar chúinsí sóisialta agus geilleagracha na hÉireann sna seascaidí. Mar gheall ar na hathruithe sin, agus an t-allagar náisiúnta a músclaíodh dá réir, d’fhág sin an spás cuí sa dioscúrsa poiblí inarbh fhéidir na féiniúlachtaí traidisiúnta, agus go háirithe ról na teanga iontu sin, a cheistiú.

65 Dá éagsúla iad Misneach agus an LFM lena chéile ó thaobh cuspóirí de, léiríonn an aiste seo go raibh an dá eagraíocht ag tarraingt ar na dioscúrsaí céanna — dioscúrsa na gceart agus dioscúrsa an náisiúnachais — agus iad á n-úsáid ina mbealaí sainiúla féin le cuspóirí codarsnacha a chur chun cinn. Léiríonn sé sin a bhisiúla is a bhí an comóradh 50 bliain mar láthair shóisialta agus dhioscúrsach inar cruthaíodh an iliomad tuiscintí chun ceist na Gaeilge a chíoradh le linn thréimhse mhórathruithe in Éirinn.

Saothair a ceadaíodh

Agallaimh agus Cumarsáid Phearsanta

Crummey, F. (2010) Agallamh le Frank Crummey (ball den LFM), Baile Átha Cliath, 27 Meán Fómhair 2010.

Mac Aonghusa, M. (2013) Agallamh le Mícheál Mac Aonghusa (ball den eagraíocht Misneach), Baile Átha Cliath, 5 Feabhra 2013.

Morris, C. (2010) Agallamh le Christopher Morris (uachtarán agus bunaitheoir an LFM), Baile Átha Cliath, 6 Nollaig 2010.

Ó Tuathail, S. (2013) Agallamh le Séamas Ó Tuathail (ball den eagraíocht Misneach), Baile Átha Cliath, 4 Feabhra 2013.

Reynolds, M. (2011) Agallamh le Martin Reynolds (ball den LFM), Baile Átha Cliath, 14 Meán Fómhair 2011.

Uí Dhomhnaill, M. (2013) Agallamh le Máiréad Uí Dhomhnaill (ball de Chonradh na Gaeilge agus de Misneach), Baile Átha Cliath, 13 Márta 2013.

Foinsí Foilsithe Comhaimseartha

Ahern, M. (1966) ‘Language Discussion’. In: The Irish Times, 5 Iúil 1966: 9.

Amárach. (1966a) ‘Céalachán agus Stailc Ocrais: Agóid i gCoinnibh Faillí sa Ghaeltacht agus Curaimí Náisiúnta’. In: Amárach, 25 Márta 1966: 6.

Amárach. (1966b) ‘Sceala Stailc Ocrais na Gaeilge: Tacaiocht o moran aicmi agus dreamanna.’ In: Amárach, 22 Aibreán 1966: 1.

Fine Gael. (1966) Fine Gael Irish language policy. Dublin: Fine Gael.

Fine Gael. (c.1969) Winning through to a Just Society. Dublin: Fine Gael.

FitzGerald, G. (1966) ‘The Significance of 1916’. In: Studies 55 (217): 29–37.

Lewis, S. (1963) Bás nó Beatha. Aistrithe ag Máirtín Ó Cadhain. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Mac Amhlaigh, D. (1966) ‘Litir Shasana: Lucht Mairseála’. In: Amárach, 15 Aibreán 1966: 5.

Morris, C. (1965) ‘Language Opponents’. In: The Irish Times, 6 Feabhra 1965: 14.

Ó Cadhain, M. (c.1970) Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae. Baile Átha Cliath: Misneach.

Ó Laighin, S. (1965) ‘Misneach agus an Páipéar Bán’. In: Comhar 24 (2): 25–27.

Ó Laighin, S. (1985) ‘Diarmaid Ó Súilleabháin agus Misneach’. In: Comhar 44 (7): 8.

Ó Suilleabháin, D. (1966) ‘Céalacan’. In: Comhar 25 (5): 7–11.

Rialtas na hÉireann. (1965) An Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

The Irish Times. (1966) ‘“The Queen” was sung in sarcasm: Language meeting fracas’. In: The Irish Times, 30 Meitheamh 1966: 1.

Ábhar cartlainne

LFM. (c.1966) Constitution of the Language Freedom Movement. In: Bailiúchán an Language Freedom Movement (G44), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Leabhair agus Ailt

Berg, B.L. (2007) Qualitative Research Methods for the Social Sciences. New York: Pearson Education, Inc.

Breathnach, D. agus Ní Mhurchú, M. (2002) 1882–1982: Beathaisnéis a Ceathair. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Bryman, A. (2008) Social Research Methods. Oxford: Oxford University Press.

Creswell, J.W. (2003) Research Design: Qualitative, Quantitative and Mixed Methods Approaches. An dara heagrán. Los Angeles: Sage Publications, Inc.

Crummey, F. (2009) Crummey v Ireland: A thorn in the side of the establishment. Dublin: Londubh Books.

Daly, M.E. (2016) Sixties Ireland: Reshaping the Economy, State and Society, 1957–1973. Cambridge: Cambridge University Press. DOI: http://dx.doi.org/10.1017/CBO9781316536285.

Daly, M.E. (2007) ‘Less a Commemoration of the Actual Achievements and More a Commemoration of the Hopes of the Men of 1916’. In: Daly, M.E. agus O’Callaghan, M. (eag.) 1916 in 1966: Commemorating the Easter Rising. Dublin: Royal Irish Academy: 18–86.

Daly, M.E. agus O’Callaghan, M. (2007) ‘Introduction: Irish Modernity and “The Patriot Dead” in 1966’. In: Daly, M.E. agus O’Callaghan, M. (eag.) 1916 in 1966: Commemorating the Easter Rising. Dublin: Royal Irish Academy: 1–17.

Denvir, G. (1987) Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ferriter, D. (2015) A Nation and Not a Rabble: The Irish Revolution 1913–23. London: Profile Books.

FitzGerald, G. (2011) Just Garret: Tales from the Political Front Line. Dublin: Gill and Macmillan.

Giddens, A. (1991) Modernity and Self-Identity: Self and Society in the Late Modern Age. Cambridge: Polity Press.

Higgins, R. (2007) ‘Sites of State Memory and Memorial.’ In: Daly, M.E. agus O’Callaghan, M. (eag.) 1916 in 1966: Commemorating the Easter Rising. Dublin: Royal Irish Academy: 272–302.

Meehan, C. (2013) A Just Society for Ireland. London: Palgrave/Macmillan.

Ó Caollaí, M. (2013) Garret FitzGerald agus Paddy Hillery: Beirt a chuir an Ghaeilge dá boinn. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Tuathaigh, G. (2007) ‘Máirtín Ó Cadhain, An Stair agus an Pholaitíocht: Athmhachnamh’. In: Léachtaí Cholm Cille XXXVII: 166–207.

Rowland, H. (2014) Conradh na Gaeilge agus an Language Freedom Movement (LFM): Comhlint Idé-eolaíochta 1965–74. Tráchtas Ph.D., Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (neamhfhoilsithe).

Scott, J. agus Marshall, G. (2009) Oxford Dictionary of Sociology. Oxford: Oxford University Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626