A History of the Irish Language: from the Norman Invasion to Independence

Aidan Doyle

Oxford University Press (2015) | 204 lch | ISBN: 978-0-19-872476-6 | €20

1 Leabhar é seo atá, de réir an réamhrá, ‘concerned with the shifting position of Irish in society over the centuries, with the way it is perceived by the Irish people, and with its interaction with various historical developments in Ireland’ (3). Anuas ar an gcur síos ar stair shóisialta na teanga sna 753 bliain is cúram don údar, tá mórán eolais anseo ar athruithe a tháinig ar struchtúr na teanga i rith na mblianta sin, agus go deimhin cuid mhaith eolais mar gheall ar litríocht na Gaeilge. Is léir go bhfuil lucht léitheoireachta thar lear i gceist cuid mhaith, agus nach bhfuiltear ag súil leis go mbeidh eolas ag na léitheoirí ar an nGaeilge ná ar aon bhrainse den teangeolaíocht. Dá bhrí sin tá cur síos sa réamhrá ar fhorás stairiúil na dteangacha i gcoitinne, agus ar bhrainsí den tsochtheangeolaíocht, mar shampla na difríochtaí idir teangacha caighdeánacha agus canúintí (5). Leanann an soiléiriú sin ar aghaidh tríd an leabhar amach, go háirithe nuair a luaitear eachtraí i stair na hÉireann nó áiteanna faoi leith sa tír seo. Nuair a thagann Cath na Bóinne anuas, is é an míniú a thugtar ar an suíomh ná ‘on the river Boyne, in the northeast of the country’ (65). Is deacair do mo leithéidse a mheas conas a rachaidh sé seo go léir i bhfeidhm ar eachtrannaigh nach bhfuil puinn eolais acu ar chúrsaí na hÉireann, ach ba dhóigh liom go bhfuil an gnó déanta ag Aidan Doyle anseo chomh maith is a d’fhéadfadh éinne é a dhéanamh. Tá an taithí aige, dar ndóigh, toisc cuid mhaith blianta a bheith caite aige ag múineadh na teanga thar lear. Toisc raidhse eolais a bheith sa leabhar, agus mórán nithe suimiúla a bheith pléite ann, bainfidh mic léinn agus daoine eile sa tír seo tairbhe as chomh maith. Ní miste dom a rá gur fhoghlaimíos féin go leor uaidh, agus gur chuir sé ag smaoineamh mé ar ábhair a bhaineann le stair an dá theanga sa tír seo.

2 Tá an focal ‘shifting’ sa chéad abairt thuas le tabhairt faoi deara, agus is í teagmháil na Gaeilge leis an mBéarla, nó an Ghaeilge faoi scáth an Bhéarla, buntéama an údair. ‘The history of Irish is intimately bound up with the spread of English in Ireland’ (3), agus deir sé mar aguisín leis sin gur ag dul i méid a bheidh líon na dtagairtí don Bhéarla de réir mar a bheidh an leabhar ag dul ar aghaidh. Cé gurb é bunú an Stáit ceann scríbe an leabhair seo de réir an teidil, ní hé an neamhspleáchas polaitiúil ann féin is mó a bhí ar intinn an údair ach go raibh seilbh glactha ar chora na teanga faoin tráth sin ag daoine a d’fhoghlaim mar dhara teanga í, toisc tobar na gcainteoirí Gaeltachta a bheith dulta i ndísc go mór. Ní mór ná gurb ionann raon staire don leabhar seo agus raon staire The politics of language in Ireland 1366–1922: a sourcebook (Crowley 2000), leabhar a mbaineann Doyle earraíocht as minic go leor anseo. Mar sin féin, is dóigh liom go bhfuil sé ag dul thar fóir nuair a luann sé le 1922 ‘the end of Late Modern Irish, the last variety of the language to be spoken by communities as a first language,’ ráiteas a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint nach raibh aon phobail cainteoirí ann ina dhiaidh sin. Cuireann an téarma féin Late Spoken Manx i gcuimhne domsa, agus ní slán an chomparáid. Téarma seanbhunaithe é Early Modern Irish, áfach, agus tá an t-údar in amhras air (4) faoi mar atáim féin. Is ait an rud é ‘modern’ a bheith á lua le teanga liteartha a tháinig chun cinn timpeall ar AD 1200, an Mheánaois Ard, aimsir Notre Dame agus Chartres. Níl anseo ach an chéad sampla den údar a bheith ag ceistiú tuiscintí a bhfuil a oiread taithí orthu agus go ndéantar talamh slán díobh go minic. Ceann de bhuanna an leabhair is ea é sin.

3 Tosaíonn an cur síos staire sa leabhar seo leis an gcoimhlint agus an caidreamh idir na Gaeil agus an choilíneacht Shasanach a d’fhás in Éirinn tar éis 1169. Déantar na trí shnáithe sin a luas thuas — an stair shóisialta, struchtúr na teanga, agus na téacsanna comhaimseartha — a fhí go héifeachtach agus leantar ar aghaidh mar sin trí na tréimhsí éagsúla staire. Ní leor beagán leathanach chun a gceart a thabhairt do na réimsí go léir eolais a chuimsítear sa leabhar seo agus dá bhrí sin is ar an gcur síos a thugtar ar stair shóisialta na teanga a thráchtfaidh mé feasta.

4 Maidir le húsáid an dá theanga sa tréimhse 1200–1500, deirtear:

We have good evidence that English was spoken in the main towns and cities, in the Pale, and in the southeast. It was also spoken to some extent in Anglo-Norman households outside these areas, by noble families like the Fitzgeralds of Desmond in the south of the country, or the Burkes of Clanricarde in the west (15).

5 Agus luaitear Gearóid Iarla, dar ndóigh (16). B’ait liom, áfach, má d’iompaigh aon chuid de na teaghlaigh uaisle Angla-Éireannacha ar an nGaeilge mar ghnáth-theanga laethúil eatarthu féin. Cuireadh Gearóid Iarla ar altram chuig na Brianaigh, agus ní haon iontas greim chomh maith sin a bheith aige ar an nGaeilge agus a thugann a chuid filíochta le fios. Ar a shon sin ní raibh aon leisce air téarma gearr a chaitheamh mar ghobharnóir (‘justiciar’) i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, agus ní dócha gur tháinig easpa Béarla idir é agus a chuid dualgaisí oifigiúla. Ní hé an Gaelú a rinneadh orthu, pé méid é féin, a réab an dílseacht a bhí ag teaghlaigh ar nós na nGearaltach don choróin ach polasaí na dTiúdarach an choróin a neartú agus na huaisle a lagú, thall agus abhus, é sin agus an tAthrú Creidimh. Níl aon fhianaise dhíreach againn ar nósanna teanga lucht na gcaisleán Angla-Éireannach, ach níor mhaith liom dul i mbannaí air go ndearnadh Gaelú ó thalamh ar aon dream acu. Theastaigh ón gcoróin na huaisle Angla-Éireannacha a choimeád ar adhastar, a oiread agus a ligfeadh cúinsí na tíreolaíochta dóibh é, agus chuireadar rompu uaisle na nGael a mhealladh chucu chomh maith. Luaitear anseo mar shampla de sin Aodh Ó Néill, ar cuireadh oiliúint air i measc na Sasanach agus a d’iompaigh ina gcoinne de phreib ina dhiaidh sin. Deirtear anseo:

Hugh O’Neill, the most sophisticated and politically astute opponent of English rule in the Tudor period, had been brought up by Sir Henry Sidney in England. Without this education, it is unlikely that he would have been able to repulse the incursion of English rule so effectively for such a long period of time (45).

6 Ní thall a bhí sé i measc na Sasanach, áfach, faoi mar a cheaptaí tráth, ach anseo sa Pháil, faoi choimirce mhuintir Hovenden (Morgan 1993: 92-93). Tá mórán cosúlachtaí idir Ó Néill agus Arminius, an taoiseach Gearmánach a rinne slad ar léigiúin na Róimhe i bhforaois Teutoburg sa bhliain AD 9 (féach Wells 2003), beirt a chaith cuid dá n-óige i measc mhuintir na himpireachta agus a d’fhoghlaim cuid dá gcleasa. Ach ar deireadh níor ghinearáil ná státairí le ceart iad ach taoisigh chogaidh a bhain úsáid as luíocháin ar scála an-mhór chun airm ghallda a scrios. Bhí ilchríoch na hEoráise laistiar d’Arminius sa tslí gur mhó an toradh a bhí ar a sheasamh. Níor leor achar ná acmhainní Chúige Uladh chun na Sasanaigh a choimeád ó dhoras, go háirithe agus forlámhas ar toinn acu. Mar sin féin, ba é Ó Néill an ceannaire polaitiúil ba chumhachtaí in Éirinn timpeall na bliana 1600, agus sin gradam nach raibh i ndán d’éinne a raibh an Ghaeilge as a óige aige ina dhiaidh sin.

7 Cad mar gheall ar Dhónall Ó Conaill, a déarfaidh duine éigin, agus tá plé an-suimiúil air sin sa leabhar seo. Dar le mórán, cainteoir dúchais Gaeilge ba ea é sin a thug droim láimhe don teanga agus a rinne dochar mór di le ceal suime inti. Ina theannta sin, fear ba ea é a tógadh i gceann de Thithe Móra an Hidden Ireland mar ar mhair an cultúr Gaelach i bhfad ó shúile na Sasanach, má b’fhíor do Dhónall Ó Corcora (1925). Ach murab ionann agus na caisleáin Angla-Éireannacha a luas thuas, is mó an chinnteacht atá anois ann i dtaobh nósanna teanga na dtithe úd. Deir Oliver Mac Donagh sa bheathaisnéis a scríobh sé ar an gConallach: ‘Irish was their working language with servants, labourers and tenants. But among themselves, they spoke, and wrote, in English only’ (1988: 8, luaite ar lch 112 anseo). Béarla sna caisleáin sa Mheánaois ach Gaeilge timpeall orthu, agus an rud céanna sa Hidden Ireland de réir dealraimh, cé nach in é a samhlaíodh don Chorcorach. Is é an léamh a dhéanann Doyle ar chumas teanga Dhónaill Uí Chonaill ná: ‘Rather than describing him as a native speaker of Irish, we might want to say that he was bilingual-diglossic, with a bias towards English in his adult life’ (112). Cé gur Béarla a labhraíodh muintir Uí Chonaill eatarthu féin sa bhaile de réir dealraimh, is dócha gur thug Dónall cumas an-ard sa Ghaeilge leis ón saol a bhí timpeall air ina óige. Shamhlóinn go raibh líofacht iomlán aige sa Ghaeilge agus gnáthchúrsaí an tsaoil á bplé aige, agus blas na teanga chomh maith, ach gurbh fhusa dó cúrsaí gairme — an dlí agus an pholaitíocht — a phlé trí Bhéarla toisc gan na focail a bheith aige chucu san sa Ghaeilge. Chuaigh an Conallach an-chóngarach do chomhrac piostal leis an Ard-Rúnaí, Robert Peel, sa bhliain 1815 agus rinne sé an scéal a chíoradh go mion lena uncail, an Cúnta Daniel O’Connell (iarcheannasaí na nÉireannach in arm na Fraince roimh an Réabhlóid) ina theach ar Chearnóg Mhuirfean. Ghoill na comhráite seo go mór ar a bhean, a bhí i dtaobh leis an mBéarla: ‘Mary became worried and exasperated over the long conversations between her husband and his uncle, conversations carried out in French and then in Irish if a French-speaking person entered the room’ (Bishop 1999: 22). Nach maith mar a bhí an ginearál ábalta dul i muinín na Gaeilge tar éis dó a shaol a chaitheamh sa Fhrainc agus i Sasana. Nach suimiúil an rud é leis gur thugadar tús áite don Fhraincis, an teanga dhomhanda an uair úd. Thógas ceann riamh dá shnastacht is a bhí an Béarla liteartha ag an nginearál agus a dheartháireacha i bhfianaise a gcomhfhreagrais a cuireadh i gcló in The last colonel of the Irish brigade (O’Connell 1892). Is léir nach raibh aon cheal taithí ar an teanga sin acu. Deirfiúr díobh ba ea Eibhlín Dubh Ní Chonaill, a luaitear Caoineadh Airt Uí Laoghaire léi. Más í a chum an caoineadh ní raibh aon cheal Gaeilge uirthi. An raibh an cumas céanna sa Ghaeilge ag a deartháireacha le hais an Bhéarla shnasta? Tá plé an-suimiúil déanta ag Aidan Doyle ar nósanna teanga mhuintir Uí Chonaill ach is deacair ár bhfiosracht ina dtaobh a shásamh go hiomlán de bharr na mbearnaí atá san fhianaise.

8 Ceann de na rudaí a chastar leis an gConallach, dar ndóigh, a laghad mairge agus a chuir cúlú na Gaeilge air. Tá an chuma ar an scéal go raibh an méid a bhí fágtha de na mionuaisle Gaelacha iompaithe go mór ar an mBéarla faoi lár an ochtú céad déag, cé gur léir gur fhan cumas Gaeilge ag cuid acu ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin, muintir Uí Chonaill ina measc, dar ndóigh. Is léir anois gur i lár an ochtú céad déag chomh maith a thosaigh an teanga ag trá i measc chosmhuintir na tuaithe. As sin amach bhí tonn an Bhéarla ag gabháil trasna na tíre ón gcósta thoir go dtí an cósta thiar. Faoi thús an fichiú céad ní raibh sna ceantair Ghaeilge a bhí fágtha ach oileáin i bhfarraige an Bhéarla. Glactar leis coitianta na laethanta seo gur i bhfad roimh bhunú Mhaigh Nuad, roimh óráidí Béarla an Fhuascailteora, agus i bhfad roimh an nGorta a thosaigh an meath. Tá insint an-soiléir ag Aidan Doyle anseo ar an tuiscint nua-aoiseach seo ar an aistriú teanga. Ach dá shoiléire é, is é seo an chéad áit sa leabhar a mbraithim rudaí a bheith in easnamh. Táimid faoi chomaoin an-mhór ag an iarThaoiseach Garrett FitzGerald as soiléiriú mion a dhéanamh ar an bpróiseas stairiúil, ag tosú sa bhliain 1984 (alt sna Proceedings of the Royal Irish Academy atá luaite anseo) agus ag leanúint ar aghaidh go dtí 2005. Anailís staitistice ba bhonn le taighde an Ghearaltaigh ar an gceist seo, agus is rud é sin nach bhfuil mórán dúile ag Doyle ann de réir fhianaise an leabhair seo. Is léir ó liosta na saothar a ceadaíodh go ndearna sé léitheoireacht an-fhairsing agus an leabhar seo á ullmhú aige, agus ní féidir gur trí thimpiste atá a laghad sin de na saothair staitistice ina measc. Tá léarscáileanna anseo aige, áfach, agus tá ceann acu ar lch 130 a léiríonn geografaíocht an dá theanga timpeall na bliana 1800, agus luaitear FitzGerald (1984) mar fhoinse léi sin. Ba dhóigh liom gur cur i láthair cruinn ar staid na Gaeilge dhá chéad bliain ó shin atá sa léarscáil sin. Tá léarscáil eile ar lch 66 a dhéanann iarracht ar staid an dá theanga timpeall na bliana 1700 a léiriú, agus luaitear leabhar le Diarmait Mac Giolla Chríost (2005) mar fhoinse léi. Taispeántar ‘transitional multilingual zone’ ag síneadh siar ó dheisceart Chúige Laighean, trí Chontae Luimnigh agus Ciarraí Thuaidh, chomh fada leis an bhfarraige. Níl aon amhras ach go raibh Béarla á labhairt ansin, faoi mar a bhí ar fud na tíre ag daoine áirithe. Ach léiríonn staitisticí an Ghearaltaigh go raibh Gaeilge ag 100% de na leanaí faoi bhun 10 mbliana d’aois i gCill Mocheallóg chomh déanach le 1811–21, agus ag 100% de na leanaí den aois sin i mbarúntacht Chlann Mhuiris i gCiarraí Thuaidh chomh déanach le 1801–11, agus gur sheasmhaí an teanga i gClann Mhuiris ná i gCill Mocheallóg ar feadh cúpla glúin ina dhiaidh sin: 80% faoi bhun a deich i gClann Mhuiris anuas go dtí 1841–51 (Ó Murchú 1988: 247). Is iad an dream a bhí ag labhairt Béarla sa dá áit sin san ochtú céad déag ná na tiarnaí talún agus daoine a bhain leo, mar aon leis an Eaglais Bhunaithe. Mionlach beag, más ea, ach bhí a leithéid de mhionlach sna háiteanna sin ó neadaigh na teaghlaigh mhóra Angla-Normanacha iontu an chéad lá riamh. Tá ‘transition’ á lua leis na ceantair sin i bhfad ró-luath ag Mac Giolla Chríost, más é an t-aistriú teanga i measc phobal stairiúil na Gaeilge atá i gceist le ‘transition,’ agus is dócha gurb é.

9 Tá plé an-suimiúil anseo (137–138) ar cheist a chráigh mórán daoine: cad a thug ar mhuintir na hÉireann a dteanga shinseartha a chaitheamh uathu? Deir Doyle:

Perhaps, though, that is the wrong question, as it assumes that there was a single moment when the whole population of Ireland consciously decided to reject one language totally, and totally embrace another. In fact, there was never such a moment (137).

10 Luann sé eachtra a bhfuil cur síos ag Dubhglas de hÍde air, mar gheall ar fhear óg agus garsún a casadh air ar an mbóthar. Maidir leis an ngarsún:

I remember asking a gossoon some questions in Irish, and he answered them in English. At last I said to him, Nach labhrann tú Gaeilge? [Don’t you speak Irish?] and his answer was, And isn’t it Irish I’m spaking? … He was quite unconscious that I was addressing him in one language and he answering in another (137–138).

11 Leanann Doyle air:

For the young man and the gossoon in Hyde’s account, the two languages coexisted peacefully side by side. In fact, for the gossoon, they were one and the same language … Hyde’s interviewees still had a good passive knowledge of Irish, although we can be certain that they would not have transmitted this knowledge to their children … In such circumstances, there can be no question of clear choices or individual responsibility (138).

12 Ná níor chuir sé seo aon mhairg ar an dream a bhí ag aistriú ón nGaeilge go dtí an Béarla: ‘The sense of trauma and loss was to come much later, and was experienced vicariously on behalf of those who, according to the twentieth-century writers, had sold their birthright’ (138). Is fada an cur síos sa leabhar seo ó Saoirse gan só agus The great silence (de Fréine 1960 agus 1966).

13 Tá cur síos mion ar ghluaiseacht na hathbheochana i gCaibidil 7, faoin teideal ‘Revival (1870–1922)’. Tá a fhios againn go léir conas mar a slogadh gluaiseacht na teanga isteach sa ghluaiseacht pholaitiúil a bhí ag lorg neamhspleáchais ó Shasana. Dar le Doyle, ‘Paradoxically the achievement of independence had taken much of the momentum out of the revival of Irish. As mentioned earlier, for many the language movement had been merely one of the ways in which they could work for independence. Now that independence had been achieved, there was not the same impetus to keep supporting Irish’ (212). Léamh suimiúil é sin ar an scéal. Ach ba chuma ar deireadh: ‘My contention in this book is that by the time the Gaelic League was founded, it was too late to reverse the language shift’ (264). Ní hamháin go raibh líon na gcainteoirí dúchais tite ró-mhór faoin am ar cuireadh neart an Stáit laistiar den teanga (nó cuid de neart an Stáit pé scéal é). Ba é an rud ba mheasa ar fad nach raibh aon mheánaicme ann sa naoú haois déag a bhí ag labhairt na Gaeilge. Is ón aicme sin a tháinig na daoine a chuir fuinneamh nua i dteangacha ar fud na hEorpa a bhí faoi scáth na mórtheangacha go dtí sin; cuimhním ar Ivar Aasen san Ioruaidh agus Vuk Karadžić sa dúiche ar tugadh an Iúgslaiv uirthi ina dhiaidh sin. Is ón aicme sin chomh maith a tháinig Eliezer ben Yehuda, an chéad duine a thóg a chlann le hEabhrais sa Phalaistín ag deireadh an naoú céad déag. Dá fheabhas iad Hyde agus an Piarsach mar ghníomhairí ar son na Gaeilge, ní rabhadar in aon ghaobhar d’éachtaí na ndaoine sin. Ní raibh pobail cainteoirí acu a chuirfeá i gcomparáid lena raibh ag an gcéad bheirt a luas, ná ní raibh díograis bhuile ben Yehuda ag baint leo ach an oiread (ná na cúinsí neamhghnáthacha socheolaíochta a thacaigh lena chuid iarrachtaí sin).

14 Ní leabhar é seo a thabharfaidh mórán sásaimh do dhíograiseoirí teanga. Ní dóibh a scríobhadh é, agus tá an chuma ar an scéal nach duine acu an t-údar pé scéal é. Tá scéalta gan insint anseo, dar ndóigh, scéalta a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh 1922. Tá tábla ag Ó Murchú (1988: 247), as tráchtas PhD le M. Ní Mhurchadha, a thugann céatadán na gcainteoirí Gaeilge i ngach aoischohórt de réir Dhaonáireamh na bliana 1891. Is leor na figiúirí don aos óg a lua:

20–29 11.87%
10–19 9.89%
1–9 3.47%

15 Dá leanfadh an titim sin ar aghaidh is ar éigean a bheadh aon chainteoirí Gaeltachta faoi bhun a deich fágtha faoin mbliain 1930, nó roimhe sin, b’fhéidir. Táim ag cur san áireamh gur mhoilligh an ráta titime nuair a tháinig an cúlú chomh fada leis na Ceantair Chúnga, agus gur chuir gluaiseacht na teanga athrú ar an scéal (faoi mar a mhíníonn Ó Murchú). Ach ar deireadh, ba é an Stát nua agus a idirdhealú dearfach a thug dúinn an Ghaeltacht atá fós ann, fiú amháin mura bhfuil sí chomh slán agus a bhí, agus a thug dúinn An tOileánach agus Fiche blian ag fás (a phléitear sa leabhar seo), a rinne scríbhneoir de Mháirtín Ó Cadhain i gCampa an Churraigh, a bhunaigh Raidió na Gaeltachta agus TG4, agus a chuir mise ag scríobh an léirmheasa seo d’iris nach mbeadh ar an saol mura mbeadh an méid a rinneadh ar son na teanga le roinnt glún anuas. B’fhiú tuairimí Aidan Doyle mar gheall ar chora na teanga ó 1922 i leith a léamh uair éigin. Ach roimhe sin ní mór dúinn an méid atá anseo aige a chogaint.

Diarmuid Ó Sé

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

Bishop, E. I. (1999) The world of Mary O’Connell. Dublin: The Lilliput Press.

Crowley, T. (2000) The politics of language in Ireland 1366–1922: a sourcebook. London and New York: Routledge.

Corkery, D. (1925) The hidden Ireland: a study of Gaelic Munster in the eighteenth century. Dublin: Gill.

de Fréine, S. (1960) Saoirse gan só. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

de Fréine, S. (1965) The great silence. Cathair na Mart: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

FitzGerald, G. (1984) ‘Estimates for baronies of minimum level of Irish-speaking among successive decennial cohorts: 1771–1781 to 1861–1871’. In: Proceedings of the Royal Irish Academy C: 117–155.

FitzGerald, G. (2005) Ireland in the world: further reflections. Dublin: Liberties Press.

McDonagh, O. (1988) The Hereditary Bondsman: Daniel O’Connell 1775–1829. London: Weidenfeld and Nicolson.

Morgan, H. (1993) Tyrone’s rebellion. Dublin: Gill and Macmillan.

Mac Giolla Chríost, D. (2005) The Irish language in Ireland. London and New York: Routledge.

O’Connell, M. J. (1892, 1977) The last colonel of the Irish brigade. Cork: Tower Books of Cork.

Ó Murchú, M. (1988) ‘Diglossia and interlanguage contact in Ireland’. In: Language, culture and curriculum 1 (3): 243–249. DOI: http://dx.doi.org/10.1080/07908318809525043.

Wells, P. S. (2003) The battle that stopped Rome. W. W. Norton: New York and London.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626