Ré Órga na nGael: Joseph Cooper Walker (1761–1810)

Lesa Ní Mhunghaile

An Clóchomhar/Cló Iar-Chonnacht (2013) | 311 lch | ISBN: 978-1-906882-75-4 | €15

1 Ársaitheoir bisiúil, scríbhneoir agus cléireach oifige ba ea Joseph Cooper Walker (1761–1810) a saolaíodh i mBaile Átha Cliath agus arb é an saothar Historical Memoirs of the Irish Bards (1786) is mó a luaitear inniu lena ainm. Siúinéir i mbun cóisteoireachta nó ag táirgeadh caibinéad ba ea an t-athair, Cooper Walker. Teaghlach ba ea muintir Walker a bhain leis an gcuid sin de dhúchasaigh na hÉireann a thuig gur dhream ar leith ba ea iad, de bhunadh Shasana agus de chúlra Briotanach. Fuair Walker a chuid oideachais sa chéad áit, deirtear, ón ‘Dochtúir Ball’ (67) agus ina dhiaidh sin d’fhreastail sé ar scoil a reáchtáladh lasmuigh de chathair Bhaile Átha Cliath i gCaisleán Dawson ar an gCarraig Dhubh.

2 Breathnaíonn leabhar seo Lesa Ní Mhunghaile ar chomhthéacs stairiúil shaothar Walker agus déantar iarracht an t-údar a shuíomh i gcomhthéacs iomlán a linne féin. Baintear leas as an gcomhfhreagras pearsanta atá ar marthain idir Walker agus a ‘chomhscoláirí,’ a chairde, agus a lucht aitheantais. Orthusan, bhí, cuir i gcás, Charlotte Brooke (1740?–1793, a d’fhoilsigh Reliques of Irish Poetry 1788), William Hayley (1745–1820, údar Life… of William Cowper 1803–1804), Edward Ledwich (1739–1823, údar Antiquities of Ireland 1804), Cathal Ó Conchubhair (1710–1791, a d’fhoilsigh Dissertations on the History of Ireland 1766), an tUrramach Cathal Ó Conchubhair (1764–1828, údar Rerum Hibernicarum Scriptores Veteres 1814–26), agus an tEaspag Thomas Percy (1729–1811, a d’fhoilsigh Reliques of Ancient English Poetry 1765). Is léir, fiú ón liosta seo, go raibh Joseph Cooper Walker i dtiúin le himeachtaí cultúrtha agus ársaíochta a aimsire, agus go rabhthas á aithint, i measc a chomhársaitheoirí agus a chomhscríbhneoirí, mar dhuine arbh fhiú scríobh chuige nó a bheith bainteach leis. Ag an am céanna, níor dhuine eisceachtúil é, ach duine eiseamláireach dá chúlra, dá aicme agus dá aoisghrúpa lena linn.

3 Áitítear sa leabhar seo go ndearnadh faillí áirithe i réimse na Gaeilge i saothair a phléigh le Walker agus lena shaothairsean go dtí seo. Is chun an fhaillí seo a chúiteamh staidéar seo Ní Mhunghaile ar Walker (14). Bheadh seasamh ag tuairim Ní Mhunghaile i leith gnéithe d’aon saothar a dhéanfaí ar Walker ón uair gurbh í féin a chuir Reliques of Irish Poetry le Charlotte Brooke in atheagar sa bhliain 2009, agus go bhfuil raidhse alt foilsithe aici ar Brooke agus orthu siúd a bhain le saol cultúrtha an ochtú haois déag in Éirinn. Ba é aidhm eile Ní Mhunghaile sa saothar seo ná comhchaidreamh dhá phríomhphobal éagsúla na hÉireann san ochtú haois déag — Caitlicigh agus Protastúnaigh — a thuiscint. Is trí shaol Joseph Cooper Walker a iniúchadh a chuireann sí chun an chuspóra sin (16).

4 Tógadh Joseph Walker i Sráid Eccles i gcathair Bhaile Átha Cliath (61), agus chaith sé tréimhse mhaith dá shaol ina dhiaidh sin ina chónaí cóngarach don Fhásach Rua i gCo. Chill Mhantáin. Is ann a bhí a leabharlann; tuairim is 3,000 leabhar ar fad a bhí faoina dhíon aige. Baineann Ní Mhunghaile leas as liosta na leabhar seo chun an cnuasach a chur i gcomhthéacs agus i gcomórtas le leabharlanna chomhghleacaithe agus chairde Walker. Duine ba ea Walker, is léir, a phléigh cúrsaí ársaíochta le daoine thar lear is abhus. Maireann sciar maith den chomhfhreagras fairsing a bhí aige le daoine a bhí ar aon intinn leis agus le daoine a bhí ar mhalairt tuairime leis. Baintear leas as an ábhar seo chun a thimpeallacht chultúrtha agus scolártha agus, go deimhin féin, a thimpeallacht pholaitíochta, a chur in iúl. Ní haon chúis iontais comhfhreagras fairsing Walker (131) ón uair gur ceapadh é ina rúnaí ar choiste na hársaíochta in Acadamh (nuabhunaithe) Ríoga na hÉireann sa bhliain 1785. Bheadh fáil éasca aige sa ról sin ar bhaill éagsúla an Acadaimh agus ar na daoine a bhíodh i dteagmháil chomhfhreagrais leis an Acadamh.

5 Cuimsítear comhsheasamh Walker mar a leanas:

Ba dhuine mór le rá é Joseph Cooper Walker i gciorcail liteartha agus ársaíochta in Éirinn ag deireadh an ochtú haois déag agus ag tús an naoú haois déag agus ba nasc tábhachtach é le hársaitheoirí eile i Sasana agus in Albain. Ba trí mheán páirt a ghlacadh i gcumainn agus i salons liteartha agus trí chomhfhreagras rialta a bheith aige le scoláirí in Éirinn agus thar lear a rinne sé teagmháil le scoláirí eile (129).

6 B’fhéidir go bhfuil sé éagórach ar Walker é a áireamh ar na ‘scoláirí’ (181 agus passim), agus is díol suime go n-admhaítear anseo go raibh, ar a laghad, rian den amaitéarachas ar a shaothar (Historical Memoirs ach go háirithe) (237). ‘My own juvenile and imperfect essay’ a thug Walker féin ar an iarracht (171), bíodh is go bhféadfaí a leithéid a áireamh ar an mbréag-umhlaíocht a shamhlófaí le húdar ‘nua’ ag iarraidh a shaothar féin a fhógairt agus a chosaint ag an am céanna.

7 Pléann Ní Mhunghaile príomhshaothar Walker, Historical Memoirs, go mion. Ríomhtar agus rianaítear na foinsí ba dhóichí a bhí ar fáil dó, agus suitear an saothar i gcomhthéacs iomlán a linne. Féachtar ar an tslí a ndeachaigh an saothar i bhfeidhm ar lucht aitheantais agus tacaíochta an údair sa chéad áit, agus ina dhiaidh sin ar lucht a léite i gcomhthéacs pobail níos leithne. Déantar iarracht ar thionchar an leabhair ar ársaitheoirí agus ar scoláirí a linne a iniúchadh. Gan amhras, leabhar ba ea Historical Memoirs a raibh saothair eile a tháinig ina dhiaidh faoina chomaoin, go háirithe, b’fhéidir, saothair Charlotte Brooke féin agus saothair leithéid Sydney Owenson (1776–1859), údar The Wild Irish Girl (1806). Tugann an t-údar cuntas ar bhreithiúnais chomhaimseartha na léirmheastóirí ar Historical Memoirs. Foilsíodh na léirmheasanna sin in irisí liteartha agus i nuachtáin in Éirinn, sa Bhreatain Mhór agus ar mhór-roinn na hEorpa. Is léir ón gcuntas a chuireann Ní Mhunghaile ar fáil nach rabhthas ar aon fhocal maidir le saothar seo Walker.

8 Caitheann an t-údar súil ghéar ar an bpobal ilchreidmheach, il-eitneach a chuimsigh pobal na hÉireann i lár an ochtú haois déag (19). Pobail éagsúla a bhí ag maireachtáil i dteannta a chéile agus a bhí fite isteach ina chéile chomh maith lena bheith scartha óna chéile i mbealaí tábhachtacha ba ea iad: Gaeil, Gaill, Sasanaigh, Albanaigh agus dornán de mhionlaigh bheaga eile a mhair ina bpobail mheasctha agus ina sainphobail faoi choimirce Impireacht na Breataine. Bhí tús áite go hoifigiúil agus go neamhbhalbh ag pobal amháin orthu go léir: an pobal sin ar a dtugtar go minic ‘An Chinsealacht’. Ba iad sin an aicme a chuimsigh Sasanaigh agus Angla-Éireannaigh, chomh maith leis na hÉireannaigh (Gaeil agus Gaill) a bhain le hEaglais na hÉireann; aicme ar bhain stádas lán-ghéillsinigh léi faoi dhlí na Breataine. Mhair bundúchasaigh an oileáin, ar bhain a bhformhór mór leis an Eaglais Chaitliceach, agus pobail eile nárbh Anglacánaigh iad, faoin réimeas peannaideach a bhí á mhaolú de réir a chéile i dtreo dheireadh an ochtú haois déag. Más ea, bhí ábhar deighilte ar chúiseanna éagsúla ginte sa phobal tríd síos. Laistigh den bhundeighilt sheicteach a choisc lánstádas géillsinigh ar mhóramh an daonra, bhí srathú de réir aicme, gustail, ceangaltais pholaitiúil, fola agus eile i gceist ó bharr na sochaí anuas, faoi mar a bhí i bpobail eile ar fud na hEorpa ag an am. In Éirinn, bhain an t-aicmiú seo go príomha le creideamh (agus leis an gcúlra ‘eitneach’ Briotanach a maítí as chomh maith) sa chaoi is go raibh móramh an oileáin uraithe sa saol poiblí ag an mionlach.

9 Cé go maítear ‘dhá chultúr’ a bheith i réim agus, go deimhin, i ndianchomórtas lena chéile in Éirinn sa tréimhse seo (20), ba chiallmhaire, b’fhéidir, a áiteamh go raibh, ar a laghad, a oiread céanna cultúr ann agus a bhí sraitheanna sóisialta, aicmí leithleacha, agus cineálacha creideamh ann. Luaitear borradh faoin dátheangachas sa tréimhse seo mar léargas ar theagmháil leanúnach idir an ‘dá chultúr’ sin. Ó foilsíodh leabhar Ní Mhunghaile sa bhliain 2013, tháinig Irish-speaking Island (Wolf 2014) ar an láthair (féach léirmheas le Liam Mac Mathúna in eagrán 1). Tugann an leabhar sin léargas leathan ar an dátheangachas agus ar an aonteangachas in Éirinn idir c.1770 agus 1870, nach mór céad bliain ar aghaidh ó thréimhse Ní Mhunghaile. Sa saothar sin feictear a ilghnéithí agus a bhí an ‘dá chultúr’ seo. Is léir, fós, ón iniúchadh atá déanta ag J. Harris, K. Sidwell agus scoláirí eile (féach Harris agus Sidwell 2012) go bhfuil cultúr scríofa liteartha agus acadúil sa Laidin le cur san áireamh leis sa chéad idir 1600 agus 1700. Laistiar den ghéar-iniúchadh cuimsitheach atá déanta ag Ní Mhunghaile sa saothar seo, braitear saol cultúrtha níos ilghnéithí agus níos casta ná ‘saol an Bhéarla’ agus ‘saol na Gaeilge’ atá fós le haithint. D’áiteodh an léirmheastóir seo go mb’fhéidir go dteastódh fráma tagartha níos cuimsithí agus níos casta chun pobail éagsúla na tíre, agus a nósanna difriúla teanga agus eile, a thuiscint.

10 Bhain Joseph Cooper Walker leis an aicme chinsil, ach níorbh aon scoláire acadúil é a chaith tréimhse leanúnach scolártha in ollscoil, mar shampla, mar a rinne a dheartháir Samuel (61). Más ea, agus ceisteanna casta aicme, creidimh agus cúlra i gceist, is gá cúram ar leith a chur i gcúrsaí téarmaíochta i dtráchtaireacht den sórt seo. Ghlac Walker ballraíocht sna clubanna éagsúla léinn agus caitheamh aimsire agus sna coistí a bhí ag teacht ar an saol go laethúil, nach mór, san ochtú haois déag in Éirinn. Borradh ba ea é seo a bhí le tabhairt faoi deara ó Mheiriceá soir go lár na hEorpa ag an am; agus bhain clubanna cainte, cumainn léannta agus coistí ársaíochta agus fealsúnachta leis an bhfeiniméan. Bhain ballraíocht ina leithéid le caitheamh aimsire lucht gustail meánaicmeach, agus uaireanta mheallfaí pátrúin ón uasaicme. Thug cumainn den saghas seo deis do státseirbhísigh mar Walker agus do dhaoine nach bhfuair a gcuid oideachais sna hollscoileanna nó in institiúidí mar Chumann Óstaí an Rí a gcuid léinn a chur chun cinn agus a gcuid suime in ábhar léannta a leanúint agus a fhorbairt. D’fheidhmigh siad mórán mar a shamhlófá leithéid ‘na hOllscoile Oscailte’ inniu. Mhalartaítí léachtaí léannta, leathléannta, agus bréagléannta ar ábhair éagsúla; chuirtí paimfléid agus páipéir léannta i gcló. Léití léachtaí do bhaill chumann agus ghlactaí le cuirí ó chomhchumainn den chineál céanna i dtíortha iasachta. Ní haon mhasla dóibh na daoine seo a aithint ina ndileataint. Bhain stádas leis an dileatant san ochtú haois déag. Thuigtí go raibh an t-am acu agus an t-oideachas orthu agus, gan amhras, an t-ioncam, chun a gcuid ama agus airgid a chaitheamh ar thaisteal, ar bhailiú, agus ar an gcumadóireacht leathléannta nó, i gcásanna áirithe, lánléannta. Idir scoláireacht, ársaitheoireacht, dhileatantacht, chaitheamh aimsire agus rómánsúlacht, tá sé deacair na cineálacha léinn agus na ciorcail chultúrtha a bhain leo a dhealú óna chéile sa tréimhse atá faoi chaibidil sa leabhar seo. Ach b’fhéidir go mbeifeá ag dul thar fóir, fiú ina aimsir féin, ‘scoláire mór le rá’ (156) a thabhairt ar Charles Vallancey (maor ar dhíorma d’innealtóirí ba ea é a ndearnadh ginearál de sa bhliain 1805), duine a tharraing conspóid agus iomarbhá lena linn (158).

11 Deir Ní Mhunghaile gur ‘Cur síos cróineolaíoch ar stair na filíochta agus stair an cheoil atá i bpríomhthráchtas an leabhair Historical Memoirs’ (174). Ní fhéadfadh aon léitheoir filíocht na Gaeilge a thuiscint ó leabhar Walker, áfach. Traidisiúin a bhain leis an bhfilíocht, agus traidisiúin a thagair do na filí agus do sheanchaithe agus do lucht léinn na hÉireann, chomh maith le cuntas ar an gceol agus ar uirlisí ceoil, a chuir Walker faoi bhráid a chomhbhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus a dháil sé ar a chomhghleacaithe agus a chomhfhreagraithe thar lear. Tugann Ní Mhunghaile an-léargas ar a bhfuil ar fáil in Historical Memoirs agus tugann mionchuntas ar a bhfuil ann i gcaibidil 5 den leabhar (171–234). Tarraingíonn sí aird an léitheora ar stíl liteartha Walker: ‘Tá stíl phróis an leabhair scéaltach agus an-fhileata go deo agus úsáidtear friotal agus íomhánna a shamhlaítear leis an réamh-Rómánsachas, a bhí coitianta i litríocht an Bhéarla sa dara leath den ochtú haois déag, síos tríd’ (182).

12 Bhí an-ráchairt ar fhilíocht Edmund Spenser (1552–1599) i rith an ochtú haois déag i measc lucht léite na litríochta i mBéarla. Thug Walter Scott (1771–1832) an-taitneamh do stíl agus d’fhilíocht Spenser, agus is léir go raibh Walker orthusan a tháinig faoi anáil an chaithimh i ndiaidh na simplíochta dúchasaí (réamh-Rómánsúla) a samhlaíodh le bréag-ársaíocht stíl Spenser agus leis an domhan draíochtúil a chruthaigh sé ina chuid saothar. Bhain Walker le dream ceannasach i gcúrsaí cultúrtha a thug tacaíocht don fhile Mary Tighe (1772–1810) (93, 94, 132) agus dá príomhshaothar Psyche, or the Legend of Love, 372 rann i stíl Spenser a cuireadh le chéile idir 1801 agus 1802 (féach H. Kramer Linkin 2009). Bhí eagrán H.J. Todd de shaothair Spenser, Spenser’s Works (1805), agus eagrán de The Faerie Queene (1596), ina leabharlann ag Walker (113, 114). Chuaigh an tóir ar an stíl shaorga a chleacht Spenser chomh fada ó smacht gur cháin an foclóirí Samuel Johnson (1709–1784) lucht a leanúna: ‘Life is surely given us for other purposes than to gather what our ancestors have wisely thrown away and to learn what is of no value but because it has been forgotten’ (Johnson 1785: 278). Is gá a mheabhrú chomh maith gurbh iad na clasaicigh sa Laidin agus sa Ghréigis a thuigeadh Walker agus a chomhscoláirí leis an bhfocal ‘litríocht’; ‘litríocht bhéasúil’ ba ea aistí, ailt, monagraif, agus filíocht chomhaimseartha scríofa i dteanga na ndaoine (Béarla sa chás seo); agus ‘ársaíocht’ ba ea suim a chur i ‘sean-litríocht’ — an fhilíocht, an drámaíocht agus eile — bíodh sí i mBéarla nó teanga ar bith eile. Más ea, is leis na hársaitheoirí a bhainfeadh aon suim a chuirfí i bhfilíocht na meánaoiseanna, mar shampla, i mBéarla. Bhíothas an-ghoilliúnach abhus i leith an aitheantais chuí ba chóir a thabhairt do lucht litríochta i mBéarla. Sa bhliain 1734 d’fhoilsigh an tUrramach James Delacour (c.1709–1785) dán fada, A Prospect of Poetry etc., inar nocht sé dóchas go dtiocfadh bláth ar litríocht na hÉireann (‘We too may boast ourselves the sons of fame, … And Ireland yet may be the Muses’ seat. / O! cou’d I live to see my country shine’ (1807: 30–31) agus inar mhaígh sé gur ghá foinsí dúchais a aithint:

What’s to be done in this august affair?

First let us banish all our foreign ware;

Our foolish fondness for Italian lays.

And look at home for Bards and better days:

Roscommon, Parnell — both alas are lost

And few indeed the present times can boast:

Yet let those few be valued as they shou’d,

Here shew your taste and judgement to be good:

Judgement! that touch stone that directs our thoughts,

That shows us all our beauties with our faults;

Sound judgement will direct us what to do,

And how to think of men and manners too;

Wit join’d with judgement gilds good sense with light,

As diamond solid, and as diamond bright! (1807: 32).

13 Bhain leabhar Walker lena leithéid d’aitheantas a thabhairt d’fhilí dúchasacha na hÉireann chun cúlra a sholáthar do chuspóir na dtírghráthóirí ar theastaigh uathu aitheantas a gcomhghéillsineach i Sasana a thuilleamh. Theastaigh ó Walker a thabhairt le tuiscint go raibh cuid d’éilimh pholaitiúla na dtírghráthóirí fréamhaithe i bhfilíocht ‘choimhthíoch’ na Gaeilge, ealaín a bhí anois tráite, gan inti ach ábhar staidéir amháin. Chun léargas a thabhairt ar an gcultúr caillte seo, agus mar chaitheamh aimsire cultúrtha dó féin, thug Walker faoi Historical Memoirs a chur le chéile. Bhí sé féin i dtuilleamaí scoláirí agus lucht léinn dúchais na hÉireann chun an saothar a chur i gcrích (140). Níor fhoghlaim sé Gaeilge. Is ar an gcúis sin is gá, b’fhéidir, féachaint ar na teangacha eile a bhí aige.

14 An féidir glacadh leis go raibh ‘Fraincis agus Iodáilis ar a thoil’ (127) ag Walker? Léirítear anseo go bhfuair sé scolaíocht oifigiúil go dtí tuairim is aois a ceathair déag (62). Déantar amach gur chaith sé níos lú ná bliain iomlán ag taisteal ar an mór-roinn agus gan ach cuid den am sin caite san Iodáil aige (84–85). Ar dhuine é a léigh na teangacha Rómánsacha — bunaithe ar an Laidin a bhí aige — agus ar mhéadaigh an léitheoireacht phríobháideach agus an staidéar aonair a chumas sna teangacha sin? Tabhair do d’aire tuairim bunaithe ar thuairisc a d’fhág Sir Jonah Barrington (a d’éag 1837) ar na modhanna múinte i scoil ‘Dr Ball (Ship Street),’ teagascóir Walker, lena linn:

I was carried to Dublin, and put to the famous schoolmaster of that day, Dr. Ball, of St. Michael-a-Powell’s, Ship Street; and here my puzzling commenced in good earnest; I was required to learn the English Grammar in the Latin tongue; and to translate languages without understanding any of them (Barrington 1871: 33).

15 Is fiú féachaint arís, b’fhéidir, ar an ráiteas áititheach ag tús Ré Órga na nGael a chuireann i gcuimhne don léitheoir go raibh ‘struchtúr sóisialta na tíre i bhfad ní ba chasta ná mar a thug Ó Corcora le fios … bhí céimiúlacht ilsrathach [shóisialta] … agus taobh istigh den phobal Gaelach Caitliceach bhí ilghnéitheacht aicmí le sonrú’ (20). B’fhéidir a áiteamh nár mhór an ilghnéitheacht seo a shamhlú leis an aicme chinsil chomh maith. Is tagairt í seo don chlaonadh a bhíonn, uaireanta, ag tráchtairí ‘uaisleacht’ a chur i leith Walker agus a lucht aitheantais i gcoitinne. Níl mórán amhrais ach gur dhuine ‘uasal’ ann féin ba ea Walker: fear caoin, béasúil ba ea é, de réir gach tuairisce air. Is mór, mar sin féin, idir na tréithe pearsanta seo agus stádas sóisialta agus aicmíochta i dtéarmaí a thuigfeadh duine a mhair in Éirinn lena linn. Cóisteoirí (sa chiall táirgeoirí cóistí) agus lucht ceirde ba ea muintir Walker ar thaobh an athar agus ar thaobh na máthar. Agus a chonách sin orthu: daoine ar a gcompord agus maoin shaolta acu ba ea iad. D’fhágadar, is cosúil, airnéis phearsanta shubstaintiúil ag an gclann, teacht isteach ó fheirmeacha i gCo. Átha Cliath ar a laghad (61), agus teach i Sráid Eccles i gcathair Bhaile Átha Cliath. Ní áireofaí i measc ‘uaisle’ na cathrach ná ‘uaisle’ na tíre daoine ar an leibhéal seo, áfach. In Éirinn san ochtú haois déag bhí ionad socair acu, ach nuair a thaithigh Walker salon Bhantiarna Moira, ní fhéadfaí a shamhlú nár bhraith ceachtar den dá thaobh nach raibh, ar a laghad, céim nó dhó shóisialta eatarthu. I dtaifead Choláiste na Tríonóide ar a dheartháir Samuel is ‘mercator’ a thugtar ar a athair, ach ‘generosus’ a tugadh ar athair George Hatton MP (1761–1830) (Burtchaell agus Sadleir 1935: 380).

16 Bhí go leor teagmhálacha ag Walker, agus ag a chairde agus a chiorcail éagsúla, le daoine a chaith tréimhsí san India (chaith deartháir Charlotte Brooke agus a col ceathrair tréimhsí in arm Chomhlacht na hIndia Thoir san India, mar shampla (féach Nevin 1999)). Ní foláir a aithint go rabhthas i mbun an India féin a thabhairt faoi choimirce Impireacht na Breataine ag an am. Ina dhlúthchuid den phróiseas seo bhí aicmí cinsil ag soláthar ábhar tráchtaireachta ar ealaín na hIndia. Bhí fostaithe de chuid Chomhlacht na hIndia Thoir, lucht míleata, státseirbhísigh, scoláirí, dileataint, agus iadsan a chuir suim i gcoimhthíochas na hIndia i gcoitinne, ina measc siúd a chuir saothair staire, bailiúcháin d’amhráin, agus aistí ar chruth agus nádúr na tíre (más féidir ‘tír’ a shamhlú leis na ríochtaí éagsúla a chuimsigh an India ag an am) ar fáil go tiubh. Bhí an-tóir ar a leithéid sna clubanna liteartha, ársaíochta, staire, cainte agus eile a d’fhás go tiubh i gcaitheamh an ochtú haois déag agus a bhí á gcur ar bhonn níos fairsinge in Éirinn féin sa dara leath den chéad.

17 Is léir ó shaothar Ní Mhunghaile gur dhuine soilbhir sochaideartha ba ea Walker a chuir suim sna healaíona scríofa agus i gcúrsaí staire agus ársaíochta lena linn. Thug a stádas mar Rúnaí ar Acadamh Ríoga na hÉireann ar feadh tréimhse deis dó teagmháil a dhéanamh le daoine ar fud na hEorpa agus ar fud Impireacht na Breataine ar spéis leo na hábhair chéanna. Maidir le Historical Memoirs, cé go raibh an t-údar ag tarraingt ar ábhar ann nár fhéad sé a thuiscint, agus go mb’éigean dó cabhair a fháil chun na foinsí Gaeilge a mhíniú, is saothar é a raibh daoine a tháinig ina dhiaidh faoina chomaoin. Tá scéal Joseph Cooper Walker agus scéal a mhórshaothair ríofa go maith ag Lesa Ní Mhunghaile sa staidéar áititheach seo.

Michelle O Riordan

Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

Barrington, J. (1871) Personal Sketches of his Own Times. Volume 1. An tríú heagrán. London: H. Colburn and R. Bentley.

Burtchaell, G. D. agus Sadleir, T.U. (1935) Alumni Dublinenses: a register of the students, graduates, professors and provosts of Trinity College in the University of Dublin (1593–1860). Dublin: Trinity College Dublin. Ar fáil ag: http://digitalcollections.tcd.ie/home/index.php?DRIS_ID=LCN10378529_0003 [faighte 1 Lúnasa 2016].

Delacour, J. (1807) A Prospect of Poetry with Other Poems. Cork: John Harris.

Harris, J. agus Sidwell, K. (2012) Making Ireland Roman: Irish neo-Latin writers and the republic of letters. Cork: Cork University Press.

Johnson, S. (1785) Harrisons British Classicks: Dr Johnson’s Rambler. London: Harrison & Co.

Kramer Linkin, H. (2009) ‘Tighe, Mary Blachford’. In: McGuire, J. agus Quinn J. (eag.) Dictionary of Irish Biography. Cambridge: Cambridge University Press.

Nevin, M. (1996) ‘Joseph Cooper Walker, 1761–1810: I’. In: Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 126: 152–166.

Nevin, M. (1997) ‘Joseph Cooper Walker, 1761–1810: II’. In: Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 127: 34–51.

Nevin, M. (1999) ‘Charlotte Brooke’. In: Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 129: 105–127.

Quane, M. (1954) ‘Banna School, Ardfert etc.’. In: Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 84 (2): 156–172.

Todd, J. H. (1805) The Works of Edmund Spenser. Imleabhar 3. London: P.C. and J. Rivington, T. Paye, Cadell and Davies, and R.H. Evans.

Walker, J. C. (1786) Historical Memoirs of the Irish Bards etc. Dublin.

Wolf, N. (2014) An Irish-Speaking Island: State, Religion, Community, and the Linguistic Landscape in Ireland, 1770–1870. Madison: University of Wisconsin Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626