Piaras Mac Gearailt: A Shaol agus a Shaothar

Breandán Ó Cróinín (eag.)

An Sagart (2015) | viii + 452 lch | ISBN: 978-1-903896-92-2 | €30

1 Is tathagach an t-eagrán seo atá curtha faoinár mbráid ag an Dr Breandán Ó Cróinín. Leabhar toirtiúil atá ann, leagan amach soiléir agus soléite air, agus tá na leathanaigh breá ard agus leathan. Tá taighde fada fairsing á dhéanamh ag Ó Cróinín ar an bhfile bisiúil seo as oirthear na Mumhan nach bhfuil a cheart faighte aige, b’fhéidir, de bharr theirce na n-eagrán den saghas seo ó na 1950idí i leith. Mar is fearr don chineál seo scoláireachta, taighde céimniúil is ea an taighde seo agus seal fada caite ag an eagarthóir leis an ábhar, ar ábhar ó lámhscríbhinní an ochtú agus an naoú céad déag é go príomha.

2 Is é an t-aon eagrán a foilsíodh ar fhilíocht Mhic Gearailt roimhe seo ná an ceann a chuir Risteard Ó Foghludha i gcló sa bhliain 1905. Ceithre cinn de dhánta a leag Ó Foghludha ar Mhac Gearailt nár bhain leis ó cheart agus nach bhfuil san áireamh in eagrán Uí Chróinín, agus tá saothar fileata a chaill Ó Foghludha curtha isteach ag Ó Cróinín anseo — féach ‘Marbhchaoineadh Éamoinn Mhic Shíthigh’ (148–156). Trí théacs is caoga atá curtha in eagar sa chnuasach. Tá cúpla téacs anseo, áfach, nár chum Mac Gearailt, ach a bhaineann leis. Féach, mar shampla, ‘Aor ar Phiaras’ (197), ‘Litir ó Risteard Ó Muirrian chun Phiarais Mhic Gearailt’ (232–233), agus tá téacsanna anseo ón mbéaloideas leis. B’fhéidir gurbh fhearr, ar mhaithe le soiléire, na téacsanna sin agus na dánta a bhfuil amhras fúthu .i. arbh eisean a chum go cinnte iad, a chur i rannóg ar leith ag deireadh an leabhair seachas i measc na ndánta eile.

3 Tá ceithre mhórchuid sa leabhar seo: Réamhrá, Saol agus Saothar, na Téacsanna agus na Nótaí Téacsúla. Fairis sin, tá codanna níos giorra ar an modh eagarthóireachta agus ar chúrsaí teanga agus meadarachta. Breis is céad leathanach atá sa réamhrá ar shaol an fhile, a fhágann é pas fada don léitheoir, cé go bhfuil seoda nach beag ann. Tá méid áirithe anseo nach féidir a chruthú go cinnte, mar is fíor do gach aon fhile Gaeilge sa ré sin, ach i bhfianaise na filíochta go háirithe, éiríonn le hÓ Cróinín snáth leanúnach saoil a nochtadh ar shlí shuimiúil, chuimsitheach. Tráchtann sé ar lámhscríbhinn Phiarais chomh maith, atá anois i Maigh Nuad, agus ar an bhfile sa bhéaloideas isteach san fhichiú haois.

4 Rianaítear Gearaltaigh Bhaile Uí Chionnaola, agus mínítear dúinn gur dhaoine mór le rá ba ea sinsir Phiarais ar an dá thaobh. Tháinig meath ar a stádas ón seachtú céad déag amach, áfach, dála mórán eile. Seans maith gur cuireadh oideachas ar Phiaras thar sáile, agus is cinnte go mbeadh na hacmhainní acu ag an am chuige, mar go ndearna a mhuintir airgead um an dtaca sin mar cheannaithe is smuglálaithe fíona. An cháil is mó ar Phiaras, b’fhéidir, ná gur iompaigh sé a chreideamh lena thailte a choimeád. Tá leideanna faoi seo, agus eolas ar dhaoine eile a d’iompaigh, trína chuid filíochta. Fearacht filí eile, scríobh sé aithrí faoi seo gar do dheireadh a shaoil, ach murab ionann agus iarrachtaí filí eile, tá an chuma ar scríbhneoireacht Phiarais gur ghoill seo go mór air i ndáiríre: ‘Scéithfead mo chlaonbhearta déisteanach’ bróin’ (195–196).

5 Mar fhreagra ar theoiricí Habermas agus an ‘spás poiblí,’ d’fhéadfaí Mac Gearailt a áireamh ar dhuine de na filí Gaeilge a choimeád agus a chothaigh comhluadar intleachtúil, fileata trí mheán na Gaeilge i measc a chomhghleacaithe ar fud na Mumhan. Gan amhras, tá an milieu seo pléite go mion ag Vincent Morley cheana in Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a cumadh stair na hÉireann (2011). Ní hamháin sin, ach is léir go raibh Mac Gearailt é féin i lár an aonaigh, nó i lár na cúirte, más maith leat. Go deimhin, féach an glaoch chun na cúirte ar Uilliam Ó Móráin ó Shliabh gCua, cara le Donncha Rua Mac Conmara, i lámhscríbhinn M 58, Maigh Nuad, áit a dtugann Piaras ‘Ardsirriam Leithe Mogha’ air féin (219). Fairis sin, tá litir ó Risteard Ó Muirrian in eagar sa leabhar (ó lámhscríbhinn ARÉ 23 L 38 a scríobh Ó Muirrian i nDún Garbhán) ag plé go díreach le Piaras (232–233) agus, mar chruthú eile ar an gceangal a bhí idir na scríobhaithe/filí san oirdheisceart, tá pas Dhonncha Rua Mhic Conmara breactha ag Ó Muirrian sa lámhscríbhinn chéanna.

6 Gné eile dá shaothar atá an-tábhachtach, gan amhras, ná seacaibíteachas na físe a bhí aige. Chuimhneodh duine láithreach ar ‘Rosc Catha na Mumhan’ ach maireann cúig aisling pholaitiúla de chuid an fhile sna lámhscríbhinní, de réir an eagarthóra. Cosúil go maith leis an ‘Rosc Catha’ atá ‘Cormac Óg,’ agus é spreagúil beoga mar aisling pholaitiúil; tá ceithre cinn eile níos séimhe, níos doilíosaí ann: ‘Do bhíos-sa maidean aerach,’ ‘Ar maidin inné is mé ag déanamh machnaimh,’ ‘Mór Chluanach’ agus ‘An Chaol-droimeann Óg’. Tá ‘Mór Chluanach’ suimiúil sa tslí gurb í bean sí na nGearaltach a nochtar de réir dealraimh agus féach, leis, an ‘An Chaol-droimeann Óg,’ dán ina bhfuil bean na haislinge mar bhantréadaí bó:

Do dhruideas ’na coinne go héasca,

’s is tapaidh do shléachtas don ógh,

d’fhiosras a turas is a héifeacht,

a hainm, a héileamh ’s a gnó;

‘An fíor gur tu Muireann nó Éithne,

Diana nó Hélen na dTreon,

nó Aoife ’chuir draíocht ar na héanlaith

d’fhág cloinn Lir ar tréanmhuir ’na deoidh?’ (167).

7 Is léir uaidh seo agus ó na haislingí eile, ní hamháin gur lean Mac Gearailt an patrún céanna smaointeoireachta a bhí i réim i gcúige Mumhan ag an am, ach go raibh sé ar a chumas snas liteartha a chur ar a chuid scríbhneoireachta seachas díreach cloí leis an meadaracht go docht agus gnáth-bhunsmaointe an tseánra a chraobhscaoileadh.

8 Agus mé ag trácht níos luaithe ar a chomhluadar fileata, ní haon iontas ach oiread gur ag cíoradh cúrsaí idirnáisiúnta a bheadh sé, bíodh sin trí mheán na nuachtán Béarla nó trí phlé leis an gcomhluadar Gaeilge a bhí aige. Admhaím, gan amhras, go bhfuil blas na méine agus an chlaonta ar na línte seo thíos, agus é ag míniú dúinn cad atá i ndán do Ríocht na Breataine de réir a chuid eolais:

Tá Seoirse go brónach ’s a mhuintir,

a choróin air ní mhaífear níos mó;

Hanover ní dóigh liom gur díon do

mar chómhghar go suífeadh a chró;

beidh an Duke of York múchta fán ngeimhreadh,

’s a bhantracht, an bhuíon bholgmhór (168).

9 Agus buafaidh na Francaigh orthu go treascrach, dar leis an nGearaltach: ‘beidh Francaigh i gcampa chun comhraic, / ’gus caithfidh gach crónphoc leo íoc’ (168).

10 Chum sé amhráin pholaitiúla nach aislingí iad leis, agus iad taitneamhach go maith. Tá an dá cheann is cáiliúla, ‘Rosc Catha na Mumhan’ agus ‘Seán Ó Dí’, curtha le hais a chéile sa leabhar (178–182). Ábhar suime don léitheoir é nach luaitear an teideal ‘Rosc Catha na Mumhan’ sna leaganacha luatha den téacs sna lámhscríbhinní, ná ní luaitear aon fhonn leis iontu ach oiread, fonn a mbeadh cur amach réasúnta maith air i gcónaí. Is trua, go deimhin, gan aon chóip lámhscríbhinne ón ochtú céad déag a bheith anois ar marthain den dán cumhachtach seo, cé go luaitear an dáta 1750 leis go minic sna lámhscríbhinní. Sna nótaí ar an dán, tá aistriúchán bríomhar as lámhscríbhinn ón mbliain 1856 curtha isteach ag Ó Cróinín anseo (321–322). Mar le ‘Seán Ó Dí,’ amhrán a chanadh Nioclás Tóibín go binn, tá míniú an-ghléineach ag an eagarthóir ar an líne dhoiléir (líne a bhí ag Tóibín chomh maith) ‘ ’na cartlainn sneachta mná,’ ag cur in iúl gur dócha gur moladh ar a háilleacht chaomh atá ann. Léiríonn na focail Laidine sa dán ‘Mopsa Nysa Datur’ cur amach éigin ar shaothar Virgil, agus an méid seo tógtha aige as na hEaclóga, leabhar VIII. Ní cinnte, is cosúil, ar cumadh an dán seo go fáthchiallach (ag trácht ar Shasana) nó ar ghabha Corcaíoch, fiú, mar a mhaítear i lámhscríbhinn amháin (326). Ar aon chuma, tá na nótaí téacsúla ar an amhrán seo go háirithe an-chabhrach don léitheoir. Amhrán eile a dtabharfar suntas dó ná ‘Cé sin amuigh?’ atá tógtha ar an mbunamhrán ‘Éamonn an Chnoic,’ cé nach féidir a rá le cinnteacht iomlán arbh é Piaras a chum agus an t-amhrán leagtha ar Liam Inglis i lámhscríbhinn eile. Is mar ropaire a léirítear Séamas anseo, agus an t-údar ag brath ar thuiscint an phobail ar leaganacha an amhráin seo, ba dhóigh leat:

‘Cé sin amuigh?’

‘Atá Séamas fé shioc

gan éadach, gan cuid na hoíche.’

‘Mo phéinbhruidse sin,

mo chéadsearc gan sibh,

i réim cheart ag scrios na naimhde,

ach ó daoradh na Scoit

is mar traochadh a dtruip,

is gur céasadh a fhoireann dhílis,

tug me anois gan suilt

gan chléirigh, gan chloig

ná caomhchruit ag seinim laoithe’ (175).

11 Ní nach iontas, b’fhéidir, ach is iad na hamhráin pholaitiúla seo trí chéile na cinn is ‘ceolmhaire’ sa chnuasach. Cé nach bhfuil foinn luaite anois leo go léir, d’fhéadfá iad a shamhlú á gcanadh, fiú agus tú á léamh. Is éifeachtach an meán, go deimhin, fonn a bheith le téacs polaitiúil le go scaipfear an teachtaireacht, agus níorbh aon dóithín é Piaras mar le fileatacht agus ceolmhaireacht a chuid cumadóireachta. Riamh roimhe seo sa teanga níor pléadh cúrsaí polaitíochta idirnáisiúnta mar a rinneadh i bhfilíocht na Gaeilge san ochtú céad déag, ná níor tugadh ceol dúinn a mhair mar a rinne ceol na filíochta seo, a d’fhág againn amhráin a bhí cruthaithe i bhfoirmeacha a mhairfeadh i gcuimhne na ndaoine agus a mhaireann fós sna ceantair Ghaeltachta.

12 Leantar nósanna eagarthóireachta scoláirí an lae inniu tríd síos sa leabhar maidir le litriú na dtéacsanna, agus nuair atá iomad cóipeanna ann, feictear rogha an eagarthóra i dtaobh na cóipe is údarásaí. Don léitheoir a mbeadh cabhair an eagarthóra uaidh, samplaí maithe is ea rangabháil na ndeacrachtaí in ‘Aithrí an Ghearaltaigh’ agus ‘A chogair a charaid,’ dhá dhán a léiríonn bá an eagarthóra, dar liom, le saothar agus le saol an fhile. Ar uairibh, b’fhéidir go bhfuil an t-údar ag déanamh talamh slán de go dtuigfidh scoláirí agus gnáthléitheoirí cuid de na focail seo toisc go bhfuil siad ar fáil mar cheannfhocail i bhfoclóir Uí Dhónaill, ach cruthaíonn comhthéacs agus brí iomlán na líne deacrachtaí breise anois is arís nach sáraíonn tuiscint ar bhrí an fhocail aonair. Cinnte, léann scoláirí téacsúla, ar nós an eagarthóra, na téacsanna seo gan mórán stró, ach mar le lucht léannta na Gaeilge ó réimsí eile taighde, gan trácht ar mhic léinn fochéime nó iarchéime, ní bheinn cinnte an bhfuil an caighdeán nó an taithí sin acu i gcónaí. Chuige sin, áfach, is cabhrach an plé sa rannóg teanga ar chanúint Ghaeilge oirthear na Mumhan, go háirithe nuair a chuimhníonn duine go ndearnadh taifeadadh ar chainteoirí Gaeilge thart ar Bhaile Mhac Óda sna 1950idí. Cé nach mbeadh peann Phiarais rófhada riamh ó Ghaeilge liteartha na Mumhan ná, ó thaobh na canúna de, rófhada ó Ghaeilge Phort Láirge, tá fianaise ann ar Ghaeilge oirthear Chorcaí, is é sin, ar ‘chanúint idirmheánach … idir canúint na Rinne i bPort Láirge agus canúint Mhúscraí in iarthar Chorcaí’ (415).

13 Tá roinnt samplaí de phrós an Ghearaltaigh san eagrán seo chomh maith. Féach, mar shampla, tábhacht Mhuire dó i gcomhthéacs an chreidimh in ‘Tréithe na Maighdine Muire’ agus léiriú ar ghrá leatromach, seans, in ‘Scéal Bronnta Leabhair’ (199–201). Mar léiriú ar a thábhacht mar fhear liteartha in oirthear na Mumhan, ní gá ach ‘Toghairm an Mhoránaigh’ agus ‘Barántas an Mhoránaigh’ a léamh (217–219). Mar le nótaí an eagarthóra ar an bprós, féach mar shampla an míniú suimiúil ar an bhfocal ‘os’ (382) a théann i gcoinne a raibh ráite ag Ó Foghludha roimhe. Mar ábhar suntais, tá againn leis ‘Barántas Dhiarmada Uí Airt,’ ar léiriú é ar thuairimí Phiarais ar an iompú creidimh a rinne an sagart seo.

14 Tá greann anseo chomh maith. Féach, mar shampla amháin, ceann a thaitin go mór leis an léitheoir seo, cé nach eol dom an bhfuil aon fhírinne ann:

Baile Uí Choitín gann,

Ná téiridh gan do dhinnéar ann;

baile beag briste,

tóin le huisce

agus mná gan tuiscint ann! (247).

15 Gan amhras, tá go leor leor eile sa leabhar nach bhfuil luaite agam thuas. Tá plé fada fiúntach sa réamhrá ar ‘Marbhchaoineadh Éamoinn Mhic Uilliam Mhic Shíthigh’ faoin Athair Nioclás Mac Síthigh a crochadh agus a cuireadh ar spíce os cionn gheata phríosún Chluain Meala (80–87), ar na luathchaointe a chum Piaras (11–17), chomh maith leis an scagadh ar an aon lámhscríbhinn amháin a mhaireann ina lámh féin (88–104).

16 Aontaím go huile leis an eagarthóir agus é ag déanamh plé ar an lipéad ‘mionfhile’ a bhaist an Corcorach go neafaiseach ar an nGearaltach. An 'mion' iad filí Béarla na hÉireann nach bhfuil ar chaighdeán Yeats nó Heaney ach atá fós cumasach? Ní mhaífeadh éinne gur ar chaighdeán Aogáin Uí Rathaille nó Mherriman atá an Gearaltach, ach ní hionann sin is a rá nach féidir pléisiúr is aoibhneas aeistéitiúil a bhaint as an bhfilíocht is fearr a chum sé. Chuige sin, leabhar an-mhaith agus leabhar an-tábhachtach is ea an ceann seo, a chaitheann solas ar fhile agus ar fhilíocht ó cheann de na tréimhsí is suimiúla agus is spleodraí i litríocht na Gaeilge. Fiú má tugadh ‘Hidden Ireland’ ar chultúr Gaelach na ré áirithe seo, bíodh is go bhfuil fírinne theoranta áirithe ansin, ar shlí eile ré órga i litríocht na Gaeilge a bhí ann. Leabhar soiléir, soléite é seo agus bímis ag súil go bhfuil sé i gceist ag an eagarthóir a thuilleadh filíochta ón tréimhse a chur i gcló do phobal léitheoireachta na Gaeilge.

Pádraig Ó Liatháin

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

Morley, V. (2011) Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a cumadh stair na hÉireann. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Buachalla, B. (1996) Aisling Ghéar. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Cróinín, B. (2007) ‘Filíocht Sheacaibíteach Phiarais Mhic Gearailt’. In: Eighteenth Century Ireland / Iris an Dá Chultúr 22: 164–188.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626