Agallamh Oisín agus Phádraig: léamha ón bparaitéacs

Síle Ní Mhurchú

Réamhrá

1 Agallamh Oisín agus Phádraig ar cheann de na téacsanna is coitianta i lámhscríbhinní na Gaeilge. Tá an chóip is luaithe in Duanaire Finn a scríobh Aodh Ó Dochartaigh in Ostend sna blianta 1626–27 (Ó hUiginn 2003: 79) agus tá an chóip is deireanaí in Villanova 11 a scríobh Tomás Ó Gríofa i Lawrence, Massachusetts i 1891 (Mahon 2007: 66). Tosaíonn formhór na gcóipeanna den Agallamh leis an laoi fiannaíochta dar tús A Oisín, is fada do shuan (OFS) agus cuireadh ábhar breise leis le himeacht na mblianta (Ó Fiannachta 1986/7; Ní Mhurchú 2012a). Tá os cionn 270 cóip ar fad den Agallamh sna lámhscríbhinní: dhá chóip ón seachtú céad déag; 90 cóip ón ochtú céad déag; sa naoú céad déag a scríobhadh an chuid eile. Mhair OFS i dtraidisiún na hAlban leis mar ar tugadh ‘Urnaigh Oisein’ air (Meek 2003: 35) ach is ar na cóipeanna sin a scríobhadh i nGaeilge na hÉireann a dhíreofar anseo.

Cur chuige

2 San alt seo, scrúdófar na paraitéacsanna a ghabhann leis na cóipeanna den Agallamh: tá an scrúdú seo ag tógáil ar an gcur síos a tugadh ar lámhscríbhinní an Agallaimh in Ní Mhurchú (2012b). An sainmhíniú a thugann Gérard Genette ar an bhfocal ‘paraitéacs’ ná na heilimintí breise a chuirtear le téacs sula gcuirtear faoi bhráid an phobail é: teideal, ainm an údair, réamhrá, léaráidí, agus mar sin de (Genette 1987: 7). Níor mhór a lua go bhfuil scoláirí tar éis staidéar luachmhar a dhéanamh ar ghnéithe paraitéacsúla de na lámhscríbhinní Gaeilge i bhfad siar: an locus classicus ná Plummer (1926) inar cuireadh i láthair réimse leathan samplaí de cholafain agus de nótaí imill a thugann eolas ar na scríobhaithe agus ar a saothar. Ar lámhscríbhinní níos luaithe ná lámhscríbhinní an Agallaimh is mó a thráchtann Plummer san alt sin ach tá scoláirí eile tar éis fianaise as scríbhinní paraitéacsúla (agus as foinsí eile) a úsáid chun léargas a thabhairt ar shaol agus ar shaothar na scríobhaithe déanacha. Ina measc seo, tá de Brún (1972) a thug tuairisc ghonta agus fíor-éifeachtach ar shaol na scríobhaithe déanacha go ginearálta, Ní Shéaghdha (1990b) a bhailigh eolas ar a ngairmeacha beatha, Ó Madagáin (1974) agus Ó Conchúir (1982) a rianaigh saol agus saothar na scríobhaithe i gcontaetha ar leith, agus Ní Úrdail (2002–3; 2000; 2011: 93–101) a rinne iniúchadh ar scríbhinní mhuintir Longáin agus ar thraidisiún lámhscríbhinní Chath Cluana Tarbh.

3 Tá staidéar Genette bunaithe ar leabhair chlóbhuailte ach tá scoláirí eile tar éis earraíocht a bhaint as coincheap an pharaitéacs agus iad ag plé le téacsanna i lámhscríbhinní (Cooper 2015: 37). D’fhéadfadh fadhbanna a bheith i gceist leis seo mar gheall ar na difríochtaí idir an dá mheán: ag trácht di ar lámhscríbhinní de chuid na meánaoiseanna, mar shampla, luann Cooper go mb’fhéidir nach raibh an teorainn idir an téacs agus an paraitéacs chomh seasta sin in aigne na ndaoine ag an am sin agus atá sa lá atá inniu ann (2015: 37). Ar an taobh eile den scéal, aithníonn Genette go bhféadfadh athrú teacht ar an rud is paraitéacs ann ó thréimhse go tréimhse agus ó ré go ré (Genette 1987: 9; Cooper 2015: 39), rud a thugann saoirse áirithe dúinn agus an coincheap seo á thagairt againn do lámhscríbhinní an Agallaimh. An sainmhíniú a thabharfar ar pharaitéacsanna an Agallaimh, mar sin, ná na scríbhinní a cuireadh le téacs an Agallaimh — roimhe, ina dhiaidh, isteach ina lár nó ar imeall na leathanach ar a bhfuil sé scríofa — agus ar léir go bhfuil nasc idir iad agus an tAgallamh féin sa mhéid is go dtagraíonn siad i slí éigin do théacs an Agallaimh ach nach cuid den chomhrá i bhfoirm rann idir Oisín agus Naomh Pádraig iad. An tábhacht a bhaineann le hanailís Genette ná go míníonn sí go bhfeidhmíonn an paraitéacs mar thairseach idir an téacs agus gach a bhfuil lasmuigh den téacs agus go mbíonn an-éifeacht ag an bparaitéacs ar an tslí a dtéann léitheoirí i ngleic leis an téacs (Genette 1987: 8). Tá neamhaird tugtha ar pharaitéacsanna lámhscríbhinní an Agallaimh sna heagráin chlóbhuailte: tá liosta de na heagráin seo le fáil in Ní Mhurchú (2012a: 206–207). Déanfar iarracht san aiste seo paraitéacsanna an Agallaimh mar atá sna lámhscríbhinní a chur i lár an aonaigh agus áiteofar go dtugann siad léargais luachmhara dúinn ar shlite ina ndeachaigh scríobhaithe agus sealbhóirí lámhscríbhinní i ngleic le téacs an Agallaimh. Tá cuid de pharaitéacsanna an Agallaimh lom go maith, iad siúd a bhaineann leis an ochtú céad déag go háirithe: ní bhíonn iontu ach teideal ag tús an Agallaimh agus colafan, b’fhéidir, a thugann ainm an scríobhaí, dáta agus log. Tá an-tábhacht ag baint leis an eolas seo chun fás an Agallaimh a rianú ach leagfar béim san aiste seo ar na scríbhinní paraitéacsúla sin — réamhráite, iarscríbhinní, gluaiseanna, colafain, nótaí imill, agus mar sin de — ina gcuirtear eolas breise fós leis an téacs. Léiríonn na paraitéacsanna seo go raibh níos mó i gceist le saothar an scríobhaí ná cóipeáil: rinne mórán acu machnamh dian ar an ábhar a bhí á scríobh acu agus thugadar freagra ar ghluaiseachtaí stairiúla agus intleachtúla a bhí ag dul i bhfeidhm orthu ina gcuid scríbhinní paraitéacsúla. Sa mhéid is go mbreathnaítear ar an bparaitéacs sa staidéar seo mar spás inar fhéad scríobhaithe tuairimí a nochtadh maidir leis na téacsanna a bhí á seachadadh acu, tá sé ag teacht leis an mbéim atá leagtha ag scoláirí le tamall de bhlianta anuas ar an ról gníomhach, cruthaitheach a bhí ag na scríobhaithe i saothrú an léinn (Ó Macháin 1998; 2006; Ní Úrdail 2011: 101).

Téacsanna barántúla ‘as iliomad do sheanleabhraibh’

4 Feidhm amháin atá leis an bparaitéacs ná meas a chothú ar an téacs i measc an phobail (Genette 1987: 8). I bparaitéacsanna an Agallaimh, dá réir sin, déanann scríobhaithe iarracht dea-mhéin a chothú ina gcuid léitheoirí trí bhéim a leagan ar fheabhas, ar chruinneas agus ar bharántúlacht na dtéacsanna. I 1820, mhaígh Séamas Bambury as Co. Luimnigh ‘gurab as príomhleabharaibh barrántamhla do fuaireas gach laoidh agus gach litir don obair seo [An tAgallamh]’ (LNÉ G46: 59); i 1823, scríobh Tomás Mac Geathagáin, Luimníoch eile, go raibh a chóip féin den Agallamh ‘carefully transcribed from the most correct copies of mss’ (ARÉ 24 A 9: [a]); i 1829, mhínigh Conchubhar Ó Máille a mhair i gCill Chaoi, Co. an Chláir gur ‘seanleabhar Gaoideilge fuairios a gConntae Luimne’ a bhí mar eiseamláir aige (Aberystwyth 415D: 224). Thug Eoghan Caomhánach dearbhú níos láidre fós ar chríochnúlacht na cóipe den Agallamh a scríobh sé in áiteanna éagsúla i gCo. Luimnigh agus an Chláir sa bhliain 1825:

Sin agad a léaghathoir cheárdamhail ionnann agus se mhíle líne de imeaglamh Pháttraicc agus Oisín . agus silim nach luaighim bréag ar ndearbadh dhuit gur be an tiomsughadh is fulaine, is dírighe, is cirtfirinnidhe agus is iomlaine coimlionad é, dar tharladh riamh ormsa cé gur leighios a niomad . oir is faghanach ní a gcoitchinne nachar casadh iomum . agus fós is fághanach clochar nó colaisde a nEirinn nách bhfeacaidh me a solathair le mo linn . oir dfiosrus iad uile (BL Add. 27,946: 32).

5 Leagann na scríobhaithe béim ar cheird na scríbhneoireachta sna nótaí seo: roghnú na bhfoinsí, cruinneas ó thaobh na cóipeála de agus an ról a bhí acu mar eagarthóirí nuair a rinneadar ábhar a thiomsú ó fhoinsí difriúla. Luann Plummer (1926: 16–17) colafain inar ainmnigh scríobhaithe na lámhscríbhinní a bhí mar fhoinsí acu. Tá a bhformhór seo ainmnithe as áiteanna ina raibh tithe screaptra lonnaithe: Leabhar Buí Fhearna, Leabhar Dhroim Sneachta, Saltair Chaisil agus araile. Ní ainmnítear na foinsí i bparaitéacsanna an Agallaimh a luadh thuas: cé go dtagraíonn Eoghan Caomhánach do chlochair agus do choláistí, is i seilbh daoine príobháideacha agus ní in institiúidí léannta a bhí formhór na lámhscríbhinní déanacha agus ba dheacair suíomh buan a lua leo. Má leagann scríobhaithe áirithe mar Chonchubhar Ó Máille a luadh thuas béim ar ársaíocht na bhfoinsí, bhí cuid mhaith de na lámhscríbhinní ceaptha do léitheoirí comhaimseartha agus bhí sé tábhachtach go bhféadfaí an tAgallamh a léamh gan dua. Ag scríobh i bparóiste Mhóin Achaidh Ghae, Co. Luimnigh, sa bhliain 1815 dó, mhaígh Séamas Ó Caoindealbháin go raibh an tAgallamh scríofa aige ‘go gléair ceart cóimhlíonta, do réir mo bharamhlach féin, gan dadadh nodaíghe ná focalaibh deamhra, noch is réil do gach léighthóir iomthnúthach Gaoileag do léigheadhfa an Iolagall so go fuin’ (ARÉ 23 D 18: xi).

6 Tá blas cosantach ar chuid de na nótaí paraitéacsúla faoi mar go raibh eagla ar na scríobhaithe go gcáinfí a saothar: tá colafain mar seo bailithe leis ag Plummer (1926: 12–14). Thrácht Seán Ó Buachalla as Dúiche Ealla, Co. Chorcaí, ar na deacrachtaí a bhí ag cur as dó féin agus é i mbun pinn i 1824:

[G]abhach gach náon mo lethsgéal tré gach dearmad et droch sgríbhinn dá bhfuil a ttosach et a ndeire an leabhair so óir dith eóluis lúas lámha et cammchathaighthe an tsaóghailso as cionntach riu. Et mar an ccéadna mar nár bhfuras sgríobh slachtmhar ar leabhar ceanngailte mar as follas do sgríbhneóir san mbith (Mainistir Chnoc Mhellerí 6: 346).

7 Gheofar cuntas dealraitheach leis seo a scríobh Eoghan Caomhánach ar lochtanna a shaothair féin in BL Add. 27,946 (O’Grady 1992: 683). Cuireann na paraitéacsanna seo i gcuimhne don léitheoir go bhfuil dlúthcheangal idir caighdeán an téacs agus coinníollacha oibre an scríobhaí agus gur chóir na coinníollacha seo a chur san áireamh nuair a thugann siad breithiúnas ar an téacs.

8 Scríobh an Corcaíoch Uilliam Ó hAodha nóta i 1823 inar ghabh sé leithscéal nár scríobh sé Laoi Chab an Dasáin san ionad ceart laistigh den Agallamh: ‘Aig seo tuarasgabháil eile do thug Oisín do Phádraig, et ba cheart é chur a lár an leabhair seo acht ná fuaras an eachtrádh seo go raibh an chuid eile sgríobhtha agam’ (LNÉ G325: 338). An fheidhm a bhí leis an nóta seo ag am a scríofa ná míniú a thabhairt ar neamhrialtacht bheag i leagan amach na laoithe sa lámhscríbhinn ach tá sé spéisiúil do léitheoir an lae inniu mar go dtugann sé léargas ar phróiseas tiomsaithe na lámhscríbhinní: sa chás seo, feicimid go raibh níos mó ná foinse amháin á úsáid ag an scríobhaí agus go raibh tuairimí ag daoine ag an am mar gheall ar leagan amach ‘ceart’ na laoithe laistigh den Agallamh.

9 Tugann roinnt de pharaitéacsanna an Agallaimh eolas dúinn ar an ngaol idir na lámhscríbhinní agus an cultúr béil: tá siad seo tábhachtach mar tá a fhios againn go mbíodh na laoithe fiannaíochta á gcanadh ar fud na tíre sa tréimhse inar scríobhadh na cóipeanna lámhscríbhinne (Ó Madagáin 1985: 190–192). I lámhscríbhinn ón naoú céad déag, chuir scríobhaí anaithnid nóta le giota a bhaineann leis an Agallamh inar mhínigh sé gur thóg sé é ‘in haste from a young man who spoke it’ (Mayer 12051/II: 162). Tá nóta in aice le rainn as Laoi na Con Duibhe i lámhscríbhinn eile ina mínítear gurbh é Eoghan Ó Comhraí a thóg síos iad ‘from the recitation of a blind Irish ballad singer from the Co of Clare who he met with singing in the streets of Dublin’ (John Rylands 45: 182).

10 Nós eile a bhí ann san ochtú agus sa naoú céad déag ná téacsanna lámhscríbhinní a léamh os ard, rud a d’fhág go bhféadfadh téacs gluaiseacht ó lámhscríbhinn isteach sa chultúr béil arís. Tá tagairt don chleachtas seo i gcolafan a chuir Seamus Ó Háinle le cóip den Agallamh a scríobh sé i Mainistir an Aonaigh, Co. Luimnigh, i 1815: ‘Iaraim air an léitheoir ionnmhuin mar aon re lucht eisteachta an bheatha shiarruidhe do ghuidhe dan[am] an sgriobhneora’ (NLÉ G1031: 9). Tríd is tríd, áfach, ní mór an t-eolas a thugann na scríobhaithe dúinn ar idirghníomhaíocht idir traidisiún na lámhscríbhinní agus an cultúr béil. Tá seans ann nach mbíodh fonn ar scríobhaithe a admháil gur bhaineadar úsáid as foinsí béil — tá na tagairtí d’fhoinsí scríofa i bhfad níos iomadúla — agus is gá modhanna anailíse eile a úsáid chun staidéar a dhéanamh ar an gceist seo: staidéar ar athruithe a tháinig ar ord agus ar dhéantús na rann san Agallamh nó ar mhalairtí téacsúla a léiríonn tionchar an bhéil bheo, mar shampla.

Leagan amach na dtéacsanna: ‘Féach thall go cruinn’

11 Is féidir anailís pharaitéacsúil a dhéanamh ar leagan amach téacsanna: teidil laistigh agus lasmuigh den téacs, cláir ábhar a chuirtear le téacs, agus a leithéid (Genette 1987: 59–106, 297–320). Tá na heilimintí seo an-éagsúil i lámhscríbhinní an Agallaimh. Níor cuireadh aon teideal le OFS sa chóip is luaithe, cóip Dhuanaire Finn (DF: 74v). An léamh a thugann an paraitéacs seo dúinn ná gur laoi i measc laoithe eile é OFS: níl sé ag feidhmiú mar fhráma chun laoithe a thabhairt le chéile anseo mar a bhíonn go minic sna lámhscríbhinní níos déanaí. Scríobh Domhnall Ó hEidirsceoil lámhscríbhinn Giessen i Lobháin i 1684 (Stern 1895: 9–10) agus is ann is túisce a cuireadh ‘Agallamh Oisín agus Phádraig’ mar theideal ar OFS. Tugtar teidil eile ar an Agallamh ar uairibh: ‘Ummurbhaidh no crussanacht Uissín agus Padruic’ (BL Egerton 178: 25b), ‘Comhrádh Phadruig agas Oisín re chéile’ (ARÉ 23 L 34: 132), ‘Achtara Oisín agus Páttraig’ (ARÉ 24 B 26: 191), ‘Diosbóireacht Oisín agas Phadraig’ (BL Egerton 140: 78), agus mar sin de. Leagann siad seo béim ar an mbriatharchath a tharlaíonn san Agallamh. I gcuid de na lámhscríbhinní déanacha, úsáidtear teidil níos ginearálta mar ‘Danta Oisín’ (ARÉ 12 E 21: [2]v) agus ‘Laoithe Oisín’ (de hÍde 27): b’fhéidir go léiríonn siad seo tionchar James Macpherson (féach thíos).

12 Tá an chuid is mó de na cóipeanna den Agallamh a scríobhadh san ochtú céad déag i lámhscríbhinní atá measctha ó thaobh ábhair de. I dtreo dheireadh an ochtú céad déag, bhí an méid sin laoithe fiannaíochta curtha leis an Agallamh go bhféadfaí lámhscríbhinní iomlána a líonadh leis. Is é MN C31, a scríobh Séamas Ó Caoindealbháin sna blianta 1794–6, an chóip is luaithe acu seo: tá 1118 rann ar fad sa téacs, iad scríofa mar aon téacs leanúnach amháin. Ach, le himeacht aimsire, tháinig na scríobhaithe ar shlite chun téacsanna fada a bhriseadh suas: tá tionchar na clódóireachta le feiceáil sna forbairtí seo (Ní Úrdail 2002–3: 91–2). Scríobh an Luimníoch Tomás Mac Geathagáin cóip i 1823 agus clár Béarla leis inar roinneadh na laoithe ina laethanta, faoi mar gur ar lá difriúil a tharla na comhráite iontu (ARÉ 24 A 9: c). Chuaigh scríobhaithe eile níos faide fós le nósanna eagarthóireachta den sórt seo. I 1808, rinne an Cláiríneach Seán Mac Mathúna laoithe an Agallaimh a roinnt ina sé ‘leabhar’ agus a theideal féin ar gach leabhar acu (Cambridge Add. 6473: 1–214). Lean sé ar aghaidh ina dhiaidh sin agus scríobh sé ocht ‘leabhar’ déag ar fad ina bhfuil téacsanna éagsúla fiannaíochta, idir phrós agus laoithe. In LNÉ G325, a scríobh Uilliam Ó hAodha i 1823, cuireadh clár leis an Agallamh agus cuireadh teidil ornáideacha ar na laoithe laistigh de. D’fhear a mhair sa pharóiste céanna leis féin, paróiste Chill Bolláin i gCo. Chorcaí, a rinne Ó hAodha an lámhscríbhinn (Ní Shéaghdha 1982: 79) agus is cosúil go ndearna sé a dhícheall leabhar maisiúil a sholáthar don phátrún seo. Tá na cóipeanna den Agallamh inar úsáideadh eilimintí paraitéacsúla mar seo sa leagan amach níos soláimhsithe ná lámhscríbhinní mar MN C31 a luadh thuas: thuigfí go mbeadh tóir ag pátrúin ar na forbairtí seo i ndearadh na lámhscríbhinní mar cuireann siad go mór le soléiteacht na dtéacsanna.

Béarla sa pharaitéacs: ‘Aloud demands the Poet’s skill’

13 Tháinig méadú ar ionad an Bhéarla sna lámhscríbhinní Gaeilge ó lár an ochtú céad déag amach (Mac Mathúna 2007: 220): tá sé seo le feiceáil i gcuid de pharaitéacsanna an Agallaimh ón naoú céad déag ar aghaidh go háirithe. Thosaigh scríobhaithe ag an am seo ag cur réamhráite, nótaí imill agus nótaí inmheánacha le téacs an Agallaimh: tá cuid de na scríbhinní paraitéacsúla seo i nGaeilge agus tá mórán acu i mBéarla leis. Chuir Eoghan Caomhánach nótaí i nGaeilge agus i mBéarla leis an Agallamh in BL Add. 27,946, a scríobh sé i 1825. Thug sé achoimrí ar na laoithe agus eolas breise mar gheall ar chuid acu: gheofar tras-scríbhinní díobh seo in O’Grady (1992: 675–684). Tá nótaí dá leithéid arís in LNÉ G46 a luadh thuas, i mBéarla agus i nGaeilge. Scríobhadh nótaí i mBéarla roimh chuid de na laoithe in ARÉ 24 A 9 a luadh thuas ach ghearr duine éigin amach as an lámhscríbhinn iad ina dhiaidh sin (Fitzpatrick 1935a: 1786). In LNÉ G134 a scríobh Daniel Malone, tá línte curtha faoi fhocail áirithe i dtéacs an Agallaimh agus aistriúchán Béarla orthu seo scríofa ar imeall na leathanach: múinteoir scoile ba ea Malone a bhailigh amhráin i gCo. Liatroma agus Ros Comáin sa chéad leath den naoú céad déag ach ní thugann sé log sa lámhscríbhinn seo (Ó Máille 1916: 46). Tá an chuid is mó de théacs Malone gan aistriúchán i gcónaí, agus mar sin ní fhéadfadh duine gan Ghaeilge tairbhe a bhaint as. Tá an chuma ar an scéal go raibh mórán de na lámhscríbhinní seo á scríobh do dhaoine a raibh an dá theanga ar a dtoil acu.

14 Soláthraíonn cuid de na nótaí Béarla sna paraitéacsanna fianaise go raibh teacht ag scríobhaithe ar eagráin chlóbhuailte de na laoithe. Ó eagrán an Chumainn Oisínigh den Agallamh (O’Daly 1859: 1–63) a shíolraíonn an chóip in LNÉ G669 a scríobh Seán de Barra i mBun an Stó, Co. Chorcaí, i 1864 (Ní Shéaghdha 1990a: 78). Tá an dá théacs Gaeilge, téacs na lámhscríbhinne agus téacs an Chumainn Oisínigh, an-chosúil lena chéile agus chóipeáil de Barra cuid de na fonótaí Béarla a ghabhann le téacs an Chumainn. Scríobh de Barra aistriúcháin Bhéarla ar chuid de na línte sa téacs a tógadh ó aistriúchán an Chumainn chomh maith. Tugann sé an t‑aistriúchán iomlán ar rann amháin a thugann cuntas ar chaithimh aimsire Fhinn mhic Cumhaill, mar a leanas:

Air shuirghídh, air imirt, air sheilg,

air nochta meirge a ttúis gleó;

air imirt fíthchile, is air snámh,

sair feitheamh cháich a ttig an óil.

In courting, playing, and hunting,

and unfolding his banner, in the front of the fight

in playing at chess and swiming [sic]

and in beholding all in the house of drinking (LNÉ G669: 57).

15 Níorbh aon mhaitheas do dhuine gan Ghaeilge téacs G669 mar níl ach corrlíne aistrithe go Béarla ann agus ní hé nach mbeadh cainteoir líofa Gaeilge in ann an rann thuas a thuiscint. Go bhfios dúinn, is dó féin agus ní do phátrún a bhí de Barra ag scríobh anseo agus tá seans ann gur chóipeáil sé cuid de na línte Béarla mar gur shuim leis línte as na laoithe a fheiceáil faoi chló an Bhéarla. Tá ábhar as imleabhair de chuid an Chumainn Oisínigh (O’Kearney 1854; O’Kearney 1855) sa réamhrá a chuir Mícheál Ó hAnnracháin, Cill Rois, Co. an Chláir, le cnuasach laoithe agus scéalta próis fiannaíochta in dhá imleabhar a thiomsaigh sé i 1860 (John Rylands 57; John Rylands 58): tá an réamhrá in John Rylands 57 (1–39). Léiríonn na paraitéacsanna seo gur thóg scríobhaithe ábhar as leabhair chlóbhuailte agus go ndearnadar a gcuid féin den ábhar sin.

16 I lámhscríbhinní áirithe de chuid an naoú céad déag, soláthraíodh aistriúcháin de ghiotaí den Agallamh nó den Agallamh ina iomláine. D’aistrigh Pádraig Ó Néill, Ónainn, Co. Chill Chainnigh, an tAgallamh go Béarla in NLÉ G357 (Ó hÓgáin 1990: 420–421): níl dáta ar an lámhscríbhinn ach tá a fhios againn gur cailleadh an scríobhaí i 1832. Seo rann samplach as an aistriúchán sin:

Smolach ro bhínn Gleann a Sgáill

mongar na mbarc aig buain re trágh

no bugh binne trosdar na gcon

na do sgolsa a chleirigh caigh

From Glen a Sgall the thrush[’]s tuneful strain

or rowers song returning from the main

or the swift bounding of the sportful hounds

to me more grateful than thy heavenly sounds (NLÉ G357: 1–2).

17 Tá 115 rann ar fad i dtéacs an Agallaimh anseo agus d’éirigh le hÓ Néill iad go léir a aistriú i bpeintiméadar iambach agus rím idir línte –ab– agus –cd– i ngach véarsa. Toisc go bhfuil na línte Béarla níos faide, cuireann sé focail bhreise isteach uaireanta nach bhfuil sa bhuntéacs nó athraíonn sé na focail beagán. Tá blas poimpéiseach ar an mBéarla in áiteanna ach tríd is tríd éiríonn le hÓ Néill éirim na rann Gaeilge a thabhairt leis. Chaith sé dua leis an aistriúchán seo agus tá ceartú déanta aige air in áiteanna. I scríbhinn eile dá chuid, cháin Ó Néill na haistriúcháin a rinne Charlotte Brooke ar laoithe fiannaíochta in Reliques of Irish Poetry (Ó Néill 2000: 379) agus is cosúil gurbh iad na lochtanna stíle a shíl sé a bheith ar shaothar Brooke a spreag é féin chun tabhairt faoin aistriuchán seo. Ina theannta sin, bhí rún ag Ó Néill leabhar mór de théacsanna Gaeilge a fhoilsiú ach níor éirigh leis (Ó Néill 1988: 136). Is dócha go mbaineann an t‑aistriúchán seo leis an réamhobair don saothar sin.

18 Rinne James McQuige/McQuigg aistriúchán ar dhá laoi a bhaineann leis an Agallamh, Cath Chnoic an Áir agus Laoi Mheargaigh. Níl dáta leo seo ach tá a fhios againn gur éag an scríobhaí i 1831 (de Brún 2009: 6). Ceapadh McQuige mar eagarthóir ar aistriúchán Gaeilge ar an mBíobla Protastúnach ach is cosúil nach raibh rath ar an saothar seo (Ní Shéaghdha 1961: 45–6). Seo sampla de rann as Cath Chnoic an Áir a d’aistrigh sé:

Cnuc a náir, an cnuc táobh shíarr dhinn,

go lá an bhráith do ghuirthear é;

sa Phadruig cháig na mbachal sleamhui[n]

ní gan fá do ainmniugh é.

This Mountain westward in our view,

Aloud demands the Poets skill;

The Blood there shed by warriors true,

Has fitly nam’d it Slaughter Hill (Aberystwyth 2128B: 1).

19 Níl an t-aistriúchán thuas chomh holc sin ar fad ach tá cuid de na haistriúcháin a rinne sé ar na laoithe tútach go maith. Tá aistriúchán Béarla curtha le Laoi Thailc Mhic Treoin in LNÉ G46 a luadh thuas: tagann an t-aistriúchán ón leabhar clóbhuailte Transactions of the Gaelic Society of Dublin (O’Flanagan 1808: 204–211). Faighimid aistriúchán Béarla de Laoi na Seilge, a tógadh ó Reliques of Irish Poetry le Charlotte Brooke agus a céadfhoilsíodh i 1789, scríofa i ndiaidh an Agallaimh in ARÉ 12 E 21, lámhscríbhinn ar scríobh Malachy Carew as Cnoc Rafann, Co. Thiobraid Árann cuid di i 1834 (ní fios cé a chóipeáil aistriúchán Béarla Brooke). Tá na leathanaigh ar a bhfuil an tAgallamh in Aberystwyth Add. MS 415D/A 8, a scríobh Conchubhar Ó Máille i 1829, roinnte ina dhá cholún: tá na laoithe Gaeilge scríofa sa cholún deas agus tá an colún clé fágtha bán den chuid is mó. Tá aistriúchán Béarla curtha le dhá cheann de na laoithe, Cath Chnoic an Áir agus Londubh Dhoire an Chairn: tógadh iad seo arís as O’Flanagan (1808: 204–211; 196–198). Tá rainn sa téacs Gaeilge de Chath Chnoic an Áir nach bhfuil i leagan O’Flanagan agus níor soláthraíodh aistriúchán orthu seo. Do Sheán Báille/Baylee, ball de Chuallacht na gCairde agus máistir scoile a scríobhadh an lámhscríbhinn seo (Ó Madagáin 1974: 28). Is cosúil go raibh léamh na Gaeilge ag Baylee mar tá cuid mhaith de na nótaí paraitéacsúla sa lámhscríbhinn sa teanga sin. Is léir ón leagan amach go raibh sé ar intinn ag Ó Máille aistriúchán Béarla a sholáthar den Agallamh ar fad ach gur theip air.

20 Scríobh an scoláire iomráiteach Seán Ó Dálaigh as Leic Dhobhráin, Co. Phort Láirge, laoithe a bhaineann leis an Agallamh in ARÉ 24 M 2 i 1855 agus tá an chuma ar an scéal gur bhaineadar seo leis na réamhullmhúcháin d’eagrán an Chumainn Oisínigh (O’Daly 1859; Fitzpatrick 1935b: 1900). Níl téacsanna an Dálaigh sa lámhscríbhinn go hiomlán mar an gcéanna leis na téacsanna ina eagrán agus, go deimhin, bhain sé úsáid as lámhscríbhinní le scríobhaithe eile chomh maith agus na heagráin á n‑ullmhú aige (O’Daly 1859: xxxi). Tugann na paraitéacsanna anseo léargas dúinn ar a chur chuige agus é i mbun eagarthóireachta, áfach. Tá nótaí fánacha i mBéarla curtha le téacs na lámhscríbhinne ach níl siad chomh hiomadúil leis na nótaí san eagrán. Mar shampla, tugann sé míniú ar líne sa téacs i nóta imill mar a leanas: ‘He w[oul]d not be long remembered or he would be soon forgotten’ (ARÉ 24 M 2: 21). Tá forbairt déanta ar an nóta seo san eagrán (O’Daly 1859: 114–117, fonóta 1) agus tá tagairt fhada curtha leis an nóta a thugann léargas breise ar an bpearsa atá á plé ann, Conán mac Mórna. Tá nótaí eile sa lámhscríbhinn nach bhfuil san eagrán in aon chor. Mar dhréacht do shaothar eagarthóireachta an Dálaigh a d’fheidhmigh an lámhscríbhinn seo, mar sin: níorbh é seachadadh na laoithe an príomhchuspóir a bhí léi.

21 Soláthraíonn na paraitéacsanna a pléadh anseo fianaise go raibh mórán de scríobhaithe na Gaeilge sásta ábhar a thiomargadh as foinsí lámhscríofa agus clóbhuailte agus go rabhadar ar a gcompord ag plé le téacsanna Gaeilge agus Béarla araon. Chuaigh cumainn léannta mar an Gaelic Society agus an Cumann Oisíneach a bhí ag foilsiú téacsanna Gaeilge i bhfeidhm ar scríobhaithe sa naoú céad déag (Ní Úrdail 2002–3: 92) agus tá a rian sin le feiceáil i mórán de na paraitéacsanna a pléadh thuas.

Lorg James Macpherson: ‘Innumberable controversies’

22 Mhúscail na himleabhair d’fhilíocht Ossian a d’fhoilsigh James Macpherson ó 1760 amach mórán conspóide agus rinne scoláirí in Éirinn a ndícheall ráitis bhréige Macpherson mar gheall ar stair na hÉireann agus bunús na fiannaíochta a ionsaí (Ní Mhunghaile 2013: 48–49). Thosaigh daoine nár chainteoirí dúchais Gaeilge iad ag cur suime san fhiannaíocht mar thoradh ar an gConspóid Oisíneach seo agus spreag sí mórán acu siúd a bhunaigh cumainn chun léann agus lámhscríbhinní na hÉireann a chur chun cinn. Bhí cóipeanna á ndéanamh den Agallamh agus bhí fás ag teacht air sula ndeachaigh Macpherson i mbun oibre, ach tá fianaise i gcuid de pharaitéacsanna an Agallaimh go ndearnadh athmhachnamh áirithe air faoi thionchar na Conspóide Oisíní. I réamhrá a chuir an Corcaíoch Donnchadh Ó Floinn le cóip den Agallamh i 1826, cáineann sé na hAlbanaigh sin (Macpherson agus a chuid cosantóirí) a mhaígh gur le hAlbain ar dtús a bhain filíocht Oisín:

Anois as ionchurtha ceist ar an ngné úd d’aois leighin arsa Alban, créad an modh ar bhfeidir leo a thabhairt re tuigsint gur bh-Albnaigh Oisin na a athair ailgean, Riogh na bh‑Fiann, eadhon Fionn mac Cumhail mhic Airt mhic Tréin Mhóir Ui Bhaoisgine, muna n‑deanaid le leabhar-ghaduigheachd, nidh ata re cian claon-raighteach ar tathaidhe iona measg, beag nach go nuige so, gan freasabhra (ARÉ 23 K 18: 5–6).

23 Tá dearcadh difriúil i leith Ossian le feiceáil in Villanova 3 a scríobh Conchubhar Ó Máille i 1816. Chuir an Máilleach réamhrá leis an Agallamh ina bhfuil sleachta as aistí a phléann filíocht Ossian (Mahon 2007: 28). Caithfidh gurb é an Máilleach féin a chum tosach an réamhrá mar tá tagairt ann do théacs an Agallaimh a leanann é (‘the following Poem’):

The innumberable controversies which prevail among many who think of having aquired a competent Knowledge of the genuine Author of this Poem, concerning the time he flourished, induces me according to the best Authority to ascertain the time his Grandfather was Generalissimo of the Irish Militia, from the whole tenor of the Irish poems, it appears that Fionn mac Cubhail flourished in the reign of Cormac, which is placed by the universal approbation of the Senachies in the Third Century, they even fix the death of Fingal in the year 286, yet his son Ossian is made Cotemporary with Saint Patrick who preached the Gospel in Ireland in the fourth Century, and is emphatically called Patrick of the Psalms, in the course of the following Poem (Villanova 3: vii–viii).

24 Sa chéad sliocht a chuir Ó Máille ina réamhrá, tugtar cur síos ar na luachanna a bhí in airde réime i ré Ossian agus ar an tábhacht a bhí leis an bhfilíocht chun go mairfeadh cáil na laochra go deo. Gheofar é seo in Blair (1773: 314–5). Sa dara sliocht, tugtar cuntas bréagstairiúil ar bhunús dhaonra na hÉireann agus maítear go bhfuil sé seo níos cruinne ná an cuntas ar an ábhar céanna a tháinig anuas i dtraidisiún na hÉireann. Gheofar é seo in Macpherson (1796: 83–85). Is é atá sa tríú sliocht ná cuntas ar an dátú a rinne Macpherson ar Ossian agus a athair Fingal/Fionn: gheofar é seo sa réamhrá a cuireadh le Macpherson (1792: viii). Deirtear sa sliocht seo go raibh Fingal beo sna blianta 211 agus 287: tá an dáta deireanach acu seo gar go maith don dáta a tugadh do bhás Fhinn thuas (286) agus is cosúil go raibh Ó Máille sásta glacadh leis dá bharr sin. Tugann an réamhaiste ina hiomláine le fios go raibh Ó Máille ag iarraidh giotaí a bhain le saothar Macpherson agus an cuntas ar shaol Oisín agus Fhinn san Agallamh a thabhairt chun aontachta.

25 Tá tagairtí i roinnt bheag de pharaitéacsanna an Agallaimh a léiríonn amhras mar gheall ar chomhaimsearthacht Oisín agus Phádraig agus b’fhéidir go léiríonn siad seo lorg na Conspóide Oisíní chomh maith. Chuir Brian Ó Fearghail as Co. Ros Comáin an giota seo a leanas le teideal an Agallaimh sa chóip a scríobh sé uair éigin idir 1772 agus 1778: ‘Umurbhaidh no crussánacht Uissín et Phadruic, ma fior, acht tabhair fo dearadh a leightheoir nior lucht comhaimsire da cheile air aenmhodh iad’ (ARÉ 23 O 35: 184). Tá an teachtaireacht chéanna le fáil i gcóip den téacs seo a rinne Séamas Mag Oireachtaigh, Baile an Tobair, Co. Ros Comáin i 1782 (BL Egerton 178: 25b). Ligeann an dá pharaitéacs seo do léitheoirí a n-aigne féin a dhéanamh suas, rud a léiríonn nach raibh daoine ar aon tuairim mar gheall ar an gceist.

26 Úsáideann cuid de na scríobhaithe ‘Ossian’ mar aistriúchán ar ‘Oisín’ agus iad ag trácht ar an Agallamh i mBéarla. I 1820, thagair Séamus Bambury do chumas fileata Oisín mar a leanas: ‘Ossian displays great talents in this poem’ (G46: 83); i 1834 cuireadh ‘Ossian’s Poems/Danta Oisín’ mar theideal ar na laoithe fiannaíochta in ARÉ 12 E 21 ([2]v); ‘Bausthuve Ossian’ a thug Liam Ó hOisín, Baile na Creige, Co. na Gaillimhe ar an gcóip a scríobh sé i litriú foghrúil bunaithe ar chóras an Bhéarla i 1863 (LNÉ G473: 199). Ní fios go díreach cén t-eolas a bhí ag na scríobhaithe seo ar Macpherson ná cén meas a bhí acu ar a shaothar ach tá an t-ainm Ossian anseo ag feidhmiú mar dhroichead idir an Ghaeilge agus an Béarla. B’fhéidir go raibh sé i gceist meas an phobail nó an Easpaig ar na laoithe Gaeilge a chothú tríd an ionannú seo. Úsáideann scríobhaithe eile leagan Béarlaithe den ainm Oisín, áfach: ‘Osseen’ (G357: 2) agus ‘Osin’ (ARÉ 24 A 9: a). Níor scríobhadh dánta Macpherson in aice le laoithe an Agallaimh in aon lámhscríbhinn — an chúis atá leis seo, is dócha, ná go bhfuil siad ró-dhifriúil ó thaobh stíle de leis na laoithe Gaeilge — ach léiríonn na paraitéacsanna thuas nach raibh na scríobhaithe dall ar an gconspóid Oisíneach.

Teanga agus tírghrá: ‘Rouse up your thoughts O Friends of Erin’

27 Bhí meath na Gaeilge ag cur tinnis ar scríobhaithe sa tréimhse iarchlasaiceach (Ó Conchúir 1982: 228) agus cuirtear tuairimí mar seo in iúl i gcuid de pharaitéacsanna an Agallaimh. Mar a leanas a mhínigh Ríghrí Mac Raghnaill, Baile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí, an scéal sna blianta 1768–79:

Ag sin deireadh le Agallamh Phattraig et Oisin … 7 do rin mise é luathsgriobh … mar saoilim gurab sia mharbhus sgriobhnóireacht má chuinighmhair glan tirm é, iná an ti do ghníodh é sgríobh 7 is leis sin do ghniodhim fein an oiread so saothair ar an tteannga so noch dimtig gan aon lorg ar san oilean so na hÉireann annois biodh nach raibh sé mair sin roime so (ARÉ 23 H 15: 186).

28 Laoithe fiannaíochta ar fad atá in LNÉ G46 ach amháin an téacs deireanach ar fad, an dán A uaisle Éireann áilne le hAodh Buí Mac Cruitín. Téacs ann féin é seo gan amhras ach feidhmíonn sé chomh maith mar iarscríbhinn pharaitéacsúil a ghabhann leis na laoithe: sa dán seo, moltar d’uaisle na hÉireann gníomhú ar son na Gaeilge agus na litríochta Gaeilge (Ó Flannghaile 1910: 177). Mar a leanas a chuir an scríobhaí Séamus Bambury an dán i láthair:

The last poem was written by Hugh McCuirtin as an address to Irishmen recommending the study of the Irish language to them, with which Poem I conclude this Book, warmly recommending the same to my Countrymen and to all wellwishers of their Country, rouse up your thoughts O Friends of Erin and take Example when you see all Nations around you open their Eyes (in this Enlightened age) to Patriotism, and Dont let your Noble Language go to decay and which you may easily obtain by very little trouble (LNÉ G46: 88).

29 Tá argóint mar gheall ar thábhacht na Gaeilge arís sa réamhrá a chuir Dáibhí Ó Murchú, fostaí de chuid Aimiréalacht na Breataine a raibh spéis aige sa Ghaeilge, leis an gcóip den Agallamh a scríobh sé i Londain don tiarna talún Lord George Hill sa bhliain 1832. Molann an Murchúch a phátrún as a shuim sa Ghaeilge agus tráchtann sé ar a thábhachtaí is atá sé go músclódh na hÉireannaigh iad féin chun a dteanga a shlánú:

Is mithid do na rosgaibh tabhneilach musgladh, as fada don tsúanghalar ortha, feachadís air na nAlbanigh, air na Francaigh . Spainígh as air na Gréagigh. As maith go gcoimeadid uille a dteanga, agus gídhbe ait na mbéid na treigfid í (ARÉ 24 P 47: iv).

30 D’áitigh Donnchadh Ó Floinn, a luadh thuas, go ndéanfadh laoithe an Agallaimh mórtas tíre a mhúscailt i léitheoirí:

Feach go grinn, an duadh-obair agus an saothar eagsamhaileach oirnealta so re h-intlechd pinn, tiomsuighthe gan aincheas go friochnamhach leis an sgriobhneóir maille diogras cléibh, do chum soilbhireachta, oidis, nó b’fheidir, a meanmnúghadh intinne agus ag athadhanadh eolais an leaghtheora, chum mearúghadh leighinn arsa a thíre a g-croidhe gach n-aon le’r bhuail sile sul tar ais, ar chuid eigin do starthaibh ard-éachdacha a thire grádhach; maille chail chluiteach iomad do churaídhibh tarrthala a h-ard-cheime an allod, go haolbhúadhach os cionn tíortha Eorpa uile (ARÉ 23 K 18: 5).

31 Tírghrá cultúrtha atá i gceist anseo gan amhras seachas réabhlóid pholaitiúil. Cuireann na paraitéacsanna anseo an tAgallamh i láthair mar théacs a léiríonn fiúntas agus saibhreas na Gaeilge agus a spreagfaidh daoine le hiarrachtaí a dhéanamh í a chaomhnú.

Paraitéacs pearsanta: ‘ós finis dom sgríbhinn air Fhiannaibh Fáil’

32 Mar sin, cuirtear an cheist an dtaispeánann na paraitéacsanna mothúcháin phearsanta a mhúscail an tAgallamh i gcroí léitheoirí? I 1703, scríobh an Corcaíoch Uilliam Mac Cairteáin sraith laoithe a bhaineann leis an Agallamh agus téacsanna eile fiannaíochta ar leathanaigh 14–58 in LNÉ G114. Díreach ina ndiaidh seo, scríobh sé aiste filíochta dá dhéantús féin, Ró stríocad dom phríomhrith sdo rian mo lámh, ina dtagraíonn sé do na laoithe atá scríofa aige. Is féidir aiste seo Mhic Cairteáin a léamh mar pharaitéacs a ghabhann leis na scríbhinní fiannaíochta. Míníonn sé go bhfuil deireadh ar fad tagtha lena shaothar scríbhneoireachta anois: ‘Ró stríocad dom phrímhrith sdo rian mo lámh … ós finis dom sgríbhinn air Fhiannaibh Fáil’ (LNÉ G114: 58–59). Is é a chruachás féin atá á chur in iúl ag an bhfile san aiste seo. Cásaíonn sé imeacht a phátrúin, an tEaspag Eoin Mac Sleighne, a cuireadh an loch amach tamall gearr roimhe sin — ‘EOIN fíorghlan an chaoinfhlaith do thriall tar sál’ — chomh maith le droch-riocht na hÉireann trí chéile ‘ó d’imthig ar ccliar is Fianna Fáil air ccúl’. Is féidir léamh Seacaibíteach a dhéanamh ar an aiste seo leis nuair a chuirtear san áireamh gur thacaigh Mac Cairteáin leis na Stíobhartaigh agus gur throid sé i gCogadh an Dá Rí (Ó Conchúir 1982: 17–18). Tá ionannú á dhéanamh aige idir Fianna Fhinn mhic Cumhaill agus na saighdiúirí sin a throid ar son arm Rí Séamus agus féachann sé air féin mar Oisín i ndiaidh na Féinne: tá an bheirt acu go dearóil anois ag cuimhneamh siar ar am a bhí níos rathúla, dar leo, ná an t‑am i láthair. Is beag paraitéacs eile a bhfuil blas chomh pearsanta leis seo air ach ní mór cuimhneamh air gur dócha gurbh é an príomhchuspóir a bhí ag Mac Cairteáin ná cuimhne a phátrúin a bhuanú trí pheann a chur ar phár. Ní mór na léamha príobháideacha a fhaighimid sna paraitéacsanna mar bhí a fhios ag na scríobhaithe go raibh seans ann go nglacfadh daoine eile seilbh ar a lámhscríbhinní i ndiaidh a mbáis; tuigeadh do scríobhaithe na Gaeilge gur lúb i slabhra fada léinn an saothar a bhí á chruthú acu (de Brún 1972: 16).

Conclúid

33 Baineann cuid de na scríbhinní thuasluaite le ceird na scríbhneoireachta: conas téacs a chóiriú ar an leathanach; conas déileáil le téacs a mb’fhéidir go bhfuil sé doiléir nó truaillithe; iarrachtaí an scríobhaí é féin a chosaint ar lucht a cháinte. Léiríonn scríbhinní eile athruithe a bhí ag teacht ar shochaí na hÉireann: fás an dátheangachais agus meath na Gaeilge; tuiscintí a bhí ag teacht chun cinn mar gheall ar an ngaol idir mórtas cine agus an teanga Ghaeilge; tionchar na leabhar clóbhuailte ar lucht scríofa lámhscríbhinní agus tionchar Macpherson ar thraidisiún na fiannaíochta. An patrún diacronach is mó atá le tabhairt faoi deara, seachas an méadú ar ionad an Bhéarla, ná go n‑éiríonn na paraitéacsanna níos faide agus níos mionsaothraithe le himeacht na mblianta. Tá seans maith ann go léiríonn an t‑athrú seo tionchar na hársaíochta agus na n‑ársaitheoirí ar scríobhaithe na Gaeilge, tionchar a d’fhás go mór sa naoú céad déag (Ó Conchúir 1982: 229), chomh maith le tionchar thionscal na foilsitheoireachta, mar a luadh cheana. Is iad na scríobhaithe féin a scríobh formhór na bparaitéacsanna a ghabhann leis an Agallamh agus ní mór a chuir sealbhóirí na lámhscríbhinní leo ina ndiaidh. Is é an t‑aon sampla atá againn de pharaitéacs substaintiúil ó shealbhóir níos déanaí ná na scríbhinní a chuir Donnchadh Ó Floinn le cóip den Agallamh a scríobh Uilliam Ó hAodha in ARÉ 23 K 18 agus a pléadh thuas. Scríobhaí ba ea Ó Floinn leis agus ba nós leis cóiriú a dhéanamh ar lámhscríbhinní le daoine eile a bhfuair sé seilbh orthu (Ó Conchúir 1982: 70–71). Rinne scríobhaithe áirithe an téacs agus an paraitéacs a chóipeáil le chéile, mar a luadh i gcás ARÉ 23 O 35 agus BL Egerton 178, agus, mar a luadh cheana, tá cuid de pharaitéacsanna an Agallaimh lom go leor, rud a thaispeánann nach raibh fonn ar gach scríobhaí scríbhinní breise a chur leis. Fós féin, léiríonn na paraitéacsanna a pléadh san alt seo gur fheidhmigh an spás paraitéacsúil timpeall ar an Agallamh mar spás inar fhéad scríobhaithe áirithe athchóiriú, athchur i láthair agus athmhachnamh a dhéanamh ar théacs an Agallaimh pé acu an do phátrún nó dóibh féin a bhíodar ag cóipeáil. Is saibhre ár dtuiscint ar thraidisiún lámhscríbhinní an Agallaimh ach aird a thabhairt ar na paraitéacsanna seo.

Saothair a ceadaíodh

Lámhscríbhinní

Aberystwyth

National Library of Wales

Add. MS 415D

MS 2128B

Baile Átha Cliath

Acadamh Ríoga na hÉireann

12 E 21

23 D 18

23 H 15

23 K 18

23 L 34

23 O 35

24 A 9

24 B 26

24 M 2

24 P 47

Cnuasach na bProinsiasach, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

*A20 (Duanaire Finn)

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

G46

*G114

G134

G325

G357

G473

G669

G1031

Cambridge

University Library

Add. 6473

Gaillimh

Leabharlann Shéamais Uí Argadáin

Cnuasach de hÍde, Ls. 27

Giessen

Universitätsbibliothek

Ls. 1267

Learpholl

Liverpool City Museum

Mayer Collection 12051, Section II

Londain

British Library

BL Add. 27,946

Egerton 140

Egerton 178

Cnoc Mheilearaí

Mainistir Chnoc Mhellerí

*Ls. 6

Manchain

John Rylands Library

Ls. 45

Ls. 57

Ls. 58

Má Nuad

Leabharlann na hOllscoile

C31

Villanova

Villanova University

Ls. 3

Ls. 11

* Tá na lámhscríbhinní a bhfuil réiltín leo le fáil ar https://www.isos.dias.ie/ [faighte 31 Eanáir 2016].

Foinsí Foilsithe

Blair, H. (1773) ‘A critical dissertation on the poems of Ossian, the Son of Fingal’. In: J. Macpherson, The poems of Ossian. Volume II. London: W. Strahan and T. Becket: 283–435. Ar fáil ag http://digital.nls.uk/77928074 [faighte 31 Eanáir 2016].

Brooke, C. (1789) Reliques of Irish Poetry. Dublin: George Bonham.

Cooper, C.E. (2015) ‘What is medieval paratext?’. In: Marginalia 19 [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://merg.soc.srcf.net/journal/19conference/19conference_article4.pdf [faighte 31 Eanáir 2016].

de Brún, P. (1972) ‘“Gan Teannta Buird Ná Binse”: Scríobhaithe na Gaeilge, c. 1650–1850’. In: Comhar 31 (11): 15–20. DOI: http://dx.doi.org/10.2307/20553319.

de Brún. P. (2009) Scriptural Instruction in the Vernacular: The Irish Society and its Teachers 1818–1827. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Fitzpatrick, E. (1935a) Catalogue of Manuscripts in the Royal Irish Academy. Fasciculus XIV. Dublin: Royal Irish Academy.

Fitzpatrick, E. (1935b) Catalogue of Manuscripts in the Royal Irish Academy. Fasciculus XV. Dublin: Royal Irish Academy.

Genette, G. (1987) Seuils. Paris: Éditions du Sueil.

Mac Mathúna, L. (2007) Béarla sa Ghaeilge/Cabhair Choigríche: An códmheascadh Gaeilge/Béarla i litríocht na Gaeilge 1600–1900. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Macpherson, J. (1792) The poems of Ossian the Son of Fingal... Edinburgh: J. Robertson: v–viii. Ar fáil ag: http://digital.nls.uk/77582787 [faighte 31 Eanáir 2016].

Macpherson, J. (1796) ‘A dissertation concerning the poems of Ossian’. In: Macpherson, J. The Poems of Ossian in three Volumes. Volume III. London: Printed for J. Mundell & Co: 73–117. Ar fáil ag http://digital.nls.uk/77525205 [faighte 31 Eanáir 2016].

Mahon, W. (2007) Catalogue of Irish manuscripts in Villanova University Pennsylvania. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Meek, D. (2003) ‘Duanaire Finn and Gaelic Scotland’. In Carey, J. Duanaire Finn: Reassessments. Dublin: Irish Texts Society: 19–38.

Ní Mhunghaile, L. (2013) Ré Órga na nGael: Joseph Cooper Walker (1761–1810). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ní Mhurchú, S. (2012a) ‘Agallamh Oisín agus Phádraig: Composition and Transmission’. In: Arbuthnot, S.J. agus Parsons, G., The Gaelic Finn Tradition. Dublin: Four Courts Press: 195–208.

Ní Mhurchú, S. (2012b) Agallamh Oisín agus Phádraig: Téacs agus tráchtaireacht. Tráchtas Ph.D., Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ní Shéaghdha, N. (1961) Catalogue of Irish Manuscripts in the National Library of Ireland. Fasciculus II. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Ní Shéaghdha, N. (1982) Catalogue of Irish Manuscripts in the National Library of Ireland. Fasciculus VII. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Ní Shéaghdha, N. (1990a) Catalogue of Irish Manuscripts in the National Library of Ireland. Fasciculus XII. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Ní Shéaghdha, N. (1990b) ‘Gairmeacha beatha roinnt scríobhaithe ón 18ú agus ón 19ú céad’. In: Celtica 21: 567–575.

Ní Úrdail, M. (1997) ‘On the colophons, correspondence and notes in the Ó Longáin manuscripts’. In: Tristram, H.L.C. Medieval insular literature between the oral and the written II: Continuity of transmission. Tübingen: Gunter Narr: 221–247.

Ní Úrdail, M. (2002–3) ‘Seachadadh agus Seachadóirí Téacsaí san Ochtú agus sa Naoú Céad Déag’. In: Studia Hibernica 32: 75–98.

Ní Úrdail, M. (2011) Cath Cluana Tarbh: ‘The battle of Clontarf’. Dublin: Irish Texts Society.

Ó Conchúir, B. (1982) Scríobhaithe Chorcaí 1700–1850. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

O’Daly, J. (1859) Laoithe Fiannuigheachta; or Fenian Poems, Transactions of the Ossianic Society for the year 1856. Volume 4. Dublin: Ossianic Society.

Ó Fiannachta, P. (1986/87) ‘The Development of the Debate between Pádraig and Oisín’. In: Béaloideas 54/55: 183–205.

O’Flanagan, T. (1808) Transactions of the Gaelic Society of Dublin. Dublin: John Barlow.

Ó Flannghaile, T. (1910) Duanaire na Macaomh: A Selection of Irish Poetry for Schools and Colleges. Dublin: M. H. Gill and Son.

O’Grady, S.H. (1992) Catalogue of Irish Manuscripts in the British Library (formerly British Museum). Volume 1. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Ó hÓgáin, É. (1990) ‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’. In: Nolan, W. agus Wheeler, K., Kilkenny: History and Society; Interdisciplinary Essays on the History of an Irish County. Dublin: Geography Publications.

Ó hUiginn, R. (2003) ‘Duanaire Finn: Patron and Text’. In Carey, J. Duanaire Finn: Reassessments. Dublin: Irish Texts Society: 79–106.

O’Kearney, N. (1854) Cath Gabhra or the Battle of Gabhra: Garristown in the County of Dublin, Fought A.D. 283... Transactions of the Ossianic Society for the year 1853. Volume 1. Dublin: Ossianic Society.

O’Kearney, N. (1855) Feis Tighe Chonain Chinn-Shléibhe or the Festivities at the House of Conan of Ceann-Sléibhe in the County of Clare, Transactions of the Ossianic Society for the year 1854. Volume 2. Dublin: Ossianic Society.

Ó Macháin, P. (1998) Téacs agus Údar i bhFilíocht na Scol. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Ó Macháin, P. (2006) ‘Scribal Practice and Textual Survival: The Example of Uilliam Mac Mhurchaidh’. In: Scottish Gaelic Studies 22: 95–122.

Ó Madagáin, B. (1974) An Ghaeilge i Luimneach 1700–1900. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Madagáin, B. (1985) ‘Functions of Irish Folk Song in the Nineteenth Century’. In: Béaloideas 53: 130–216.

Ó Máille, T. (1916) Amhráin Chearbhalláin: The Poems of Carolan, together with other North Connacht and South Ulster Lyrics. London: Irish Texts Society.

Ó Néill, E. (1988) Gleann an Óir: ar thóir na staire agus na litríochta in Oirthear Mumhan agus i nDeisceart Laighean. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Néill, E. (2000) The Golden Vale of Ivowen: Between Slievenamon and Suir. Dublin: Geography Publications.

Plummer, C. (1926) ‘On the colophons and marginalia of Irish scribes’. In: Proceedings of the British Academy 12: 11–44.

Stern, L.C. (1895) ‘Notice d’un manuscrit Irlandais de la bibliothèque universitaire de Giessen’. In: Revue Celtique 16: 8–30.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626