‘Cé hí siúd Biddy Jenkinson?’: freagra an fhile ina saothar neamhfhicsin

Caitlín Nic Íomhair

1 Duine de mhórfhilí na Gaeilge í Biddy ildánach Jenkinson, údar a bhfuil cáil uirthi ní hamháin as feabhas a saothair ach as a stádas neamhghnách mar ‘f[h]ile an ainm chleite’ (Ó Muirí 1997: 18). Le himeacht na mblianta, tá gearrscéalta, drámaí, aistí, eagarfhocail, litreacha agus úrscéal scríofa ag Jenkinson chomh maith le seacht gcnuasach filíochta agus dhá leabhar do pháistí. Anuas ar a bisiúlacht, aithnítear í as a clisteacht, a rúndacht agus a ‘polasaí misniúil’ (Ní Annracháin 1992: 32) gan aistriúcháin Bhéarla a cheadú in Éirinn.

2 Tá stádas bainte amach ag Jenkinson i gcanóin na Gaeilge ach, má tá féin, is tearc iad na foinsí acadúla a théann i ngleic lena cuid scríbhneoireachta. Iad siúd a thugann faoina saothar a ghrinniú — leithéidí Ní Annracháin (1992; 2000; 2003; 2009), Ní Chléirchín (2010) agus Lehmann (2014) — is minic iad ag díriú ar shainghné dá cuid filíochta, mar shampla a dáimh láidir leis an talamh nó an ionramháil spleodrach a dhéanann sí ar chúrsaí collaí.

3 Ceithre bliana is tríocha i ndiaidh do Jenkinson a céad dán a fhoilsiú in Innti, is acmhainn anois dúinn an persona féin a scrúdú, a bhuí sin den chorpas nach beag d’aistí, agallaimh agus sleachta beathaisnéise atá foilsithe ag an fhile ó bhí 1982 ann. Ar an saothar neamhfhicsin sin a dhírítear anseo, ag cuardach freagra an fhile féin ar an cheist úd ‘cé hí siúd Biddy Jenkinson?’ Is é argóint an ailt seo go dtuilleann na scríbhinní neamhfhicsin suim faoi leith i gcás Jenkinson toisc gur iontu is mó a fheictear poetic á oibriú amach aici tríd an phlé a dhéanann sí ar chúram, ar shuáilcí agus ar dhuáilcí an fhile.

4 Déantar cíoradh ar leith ar na foinsí is tathagaí neamhfhicsin, mar atá, ocht n-aiste agus dhá litir ó pheann Jenkinson féin chomh maith le cúig chuntas ar agallaimh léi. Foinsí iad a bhfuil oscailteacht as an ghnáth ag baint leo le hais a saothair chruthaithigh, agus a shoilsíonn gnéithe tábhachtacha den saothar sin. Go deimhin, is fíor do Mulvihill (2006: 154) nach lú ná ‘manifesto’ an aiste is daingne acu seo, ‘A Letter to an Editor’ (1991a), a thráchtann go neamhbhalbh ar fheidhm na filíochta agus cúram cuí an fhile fhiúntaigh. Dá dhaingne an friotal, áfach, bíodh sé soiléir nach ‘réitíonn’ an saothar neamhfhicsin codarsnachtaí agus paradacsaí an tsaothair chruthaithigh, ach gur cuid dhílis den poetic ann féin í an neamhréir atá ag croí shaothar Jenkinson, idir phrós agus fhilíocht. Ag cíoradh na neamhréire sin a bheifear ag deireadh an ailt seo.

1. ‘Cé hí siúd Biddy Jenkinson?’: teacht chun solais an persona

CÉ HÍ siúd Biddy Jenkinson? Sin mistéir atá ag cur as do mhuintir na Gaeilge le fada. Fairíor, ní féidir linn a rá libh mar níl a fhios againn. Deir foilsitheoir Bhiddy, Pádraig Ó Snodaigh gur bean atá inti — ainneoin go raibh an tuairim ag dul thart, fiú, gur coiste a bhí ag scríobh na dánta [sic] úd (The Irish Times 1988: 17).

5 Léirmheas agus liostaí de bhuaiteoirí an Oireachtais i leataobh, is é an sliocht seo ó The Irish Times an chéad tagairt thathagach do Bhiddy Jenkinson a cuireadh i gcló. Leis an alt thuas a cuireadh tús, nó b’fhéidir dlús, le tóir ar fhíricí faoin bhean dhiamhair a bhí ag foilsiú léi le ceithre bliana gan í féin a nochtadh roimh a lucht léitheoireachta. Bliain níos déanaí arís, cuireadh an grianghraf seo de chúl mná i gcló ar an nuachtán chéanna (The Irish Times 1989: 13), grianghraf a threisigh leis an mhistéir a bhain le Jenkinson:

Figiúr

6 Murach a fear céile a bheith i mbéal an phobail bliain níos déanaí arís i 1990, b’fhéidir go mbeadh sonraí beathaisnéise Jenkinson ina rún go fóill. Mar a tharla, scríobhadh alt air agus scaipeadh eolas pearsanta faoin fhile sna nuachtáin, ina measc a fíorainm, a háit dúchais agus líon a teaghlaigh (Kennedy 1990). Go pointe, mar sin, bhí an cath caillte faoi 1990 agus mhaolaigh seachantacht an fhile ó shin i leith. Sé bliana is fiche níos déanaí, déanann Jenkinson léamha poiblí agus cuirtear an corr-agallamh uirthi. Míníonn sí nach rúin iad fíricí a saoil a thuilleadh ach fógraíonn go daingean nach mbaineann siad le hábhar a cuid filíochta ach an oiread (Ó hUanacháin 2008).

7 Ag trácht dó ar scríbhneoir Gaeilge eile a bhain leas as ainm cleite, Robert Schumann, áitíonn Mag Shamhráin go mbíonn léitheoirí na Gaeilge tugtha don léamh bheathaisnéiseach (1992: 84), agus i gcás Jenkinson is cinnte go gcuirtear suim i gcónaí ina ‘fuinneamh cúthail,’ mar a dúirt Pól Ó Muirí in alt eile fúithi a foilsíodh ar The Irish Times (1997: 18). Is minic plé á dhéanamh sna hagallaimh ar an eolas nach nochtann Jenkinson fúithi féin, go háirithe faoina hainm pinn (Rosenstock 1985; Ní Fhoghlú 1997; Ó Muirí 1997). Tá sé le tuiscint ó na samplaí thuas ó The Irish Times gurb é an dúshlán a bhraith léitheoirí áirithe ó shaothar Jenkinson ná na rúin a scaoileadh seachas an saothar a léamh ina n-éagmais. Go híorónta, is dócha gur mó spéis a cuireadh ina cúlra toisc gur nós léi na sonraí sin a cheilt, spéis atá le feiceáil i ráiteas seo Uí Mhuirí: ‘Thar aon duine eile de scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge, tá fál thart ar Jenkinson [….] Cé hí Biddy Jenkinson, mar sin, file an ainm chleite?’ (1997: 18).

8 Cosnaíonn an file fós pé eolas nach bhfuil scaipthe go forleathan. Ní hamháin go mbogann sí, más go guagach féin é, idir na forainmneacha ‘mé’ agus ‘sí’ i gceann de na hagallaimh is nua agus is faide dá ndearna sí fós, ach tugann sí an freagra láidir seo a leanas ar cheist neamhcheadaithe faoina cúlra:

Ó níl aon bhaint in aon chor aige sin le hábhar i ndáiríre… ní hé gur rún é… agus bíonn tuairimí agus teoiricí ag daoine faoi áit tógála… ach níl aon tábhacht in aon chor leis sin ó thaobh na filíochta de (Ó hUanacháin 2008).

9 Tugann Jenkinson ‘prionsabal’ ar an scoilt seo idir ‘an duine a bhíonn ag siúl timpeall agus ag siopadóireacht agus an té a bhíonn ag scríobh filíochta’ (Ó hUanacháin 2008). Le linn an agallaimh chéanna, míníonn sí cén fáth an prionsabal seo a bheith aici, mar a rinne go minic cheana:

Tá an duine a bhíonn ag scríobh filíochta saor ar bhealach nach mbíonn aon duine saor san timpeallacht acu féin. Éilím nach bhfuil teora ar bith le Biddy agus tá mise mé féin ana-theoranta ar fad. Éilím cead taighde, cead cainte ar gach aon ábhar agus mé ag scríobh faoin ainm cleite agus bheinn cúthaileach go leor dá mbeadh orm plé leis na hábhair chéanna agus mé im chraiceann féin.

10 Tá mian seo an phríobháideachais ar an bheagán rudaí gan athrú ó thosaigh sí ag scríobh. Má tháinig forbairt ar an persona fileata, mar a mhaítear thíos, níl athrú meoin i dtaobh an ainm phinn le sonrú i gceann ar bith de na hagallaimh ina bpléitear an t-ábhar sin (Rosenstock 1985; Ní Fhoghlú 1997; Ó Muirí 1997; Ó hUallacháin 2008). Go deimhin, ag trácht ar a hainm pinn di i gceann de na hagallaimh is luaithe a rinne sí, deir sí go lom gur ‘fógra é sin nach dírbheathaisnéis a bhíonn á scríobh agam’ (Ó Muirí 1997: 19).

11 Saorann an rúndacht seo na dánta ón tsaoltacht, mar sin, agus ón cheangal shimplí bheathaisnéiseach a bhíonn mar thearmann, uaireanta, ag léitheoir falsa. Saorann sí Jenkinson féin chomh maith, nach mian léi go ndéanfaí ionannú idir persona treascrach an fhile agus an bhean atá taobh thiar de. Is de shuimiúlacht go gcuireann de Búrca agus Mhac an tSaoi beirt an seasamh seo i gcomhthéacs an traidisiúin Ghaelaigh: deir de Búrca gur ‘file den seandéanamh í’ Jenkinson i gcúrsaí údarthachta (2010: 172), agus téann Mhac an tSaoi níos faide fós, ag míniú gur ‘cuid inneachúil í … an col le haon aithne a bheith ar fhear cumtha na haiste … inár dtraidisiún liteartha’ (1992: 61).

12 Is iomaí sin brí eile a d’fhéadfaí a bhaint as an stailc seo, ar ndóigh. An aithris ómósach í ar laochra athbheochana agus nualitríochta ar nós ‘Máire’ agus ‘An Craoibhín Aoibhinn,’ cuir i gcás, nó ráiteas iarnua-aoiseach faoi bhás an údair à la Barthes (1977), nó arís, gníomh féinfholmhaithe i seirbhís na filíochta? Ba dhoiligh Jenkinson a cheangal go ródhocht le nósmhaireachtaí an ainm phinn nuair nach fios dúinn ar dtús cé acu siar sa traidisiún dúchais nó i bhfóidín mearbhaill an iarnua-aoiseachais atá a seasamh féin fréamhaithe. Tá plé an-luachmhar ar an deighilt chaolchúiseach sin déanta ag Ní Annracháin, atá sásta na tionchair éagsúla a chur sa mheá gan ‘an churadhmhír a bhronnadh’ ar aon cheann acu (1999: 17). Ina ionad sin, is mar ‘chónascadh … an traidisiúin agus na nua-aimsearthachta’ a thuigeann sí feiniméan na reacaireachta éiginnte (19). Is dócha gur as an chónascadh sin a eascraíonn an súgradh leanúnach a dhéanann Jenkinson le coincheapa na suibiachta agus na húdarthachta. Thairis sin, déanadh gach léitheoir a bhreith féin faoi anáil a rogha féin criticeora, ach caitheadh sé go hairdeallach le freagraí réamh-mhúnlaithe i gcás an scríbhneora sheiftiúil seo a bhfuil luí ar leith aici le paradacsa agus le ‘spraoi scitsifréine’ (Rosenstock 1985: 34). Ní hamháin go dteastódh láimhseáil an-chúramach go deo le comparáid a dhéanamh idir tionscadal anaithnid Mháire, Robert Schumann agus Jenkinson, mar shampla, ach is cuid den spraoi a bhaineann le saothar Jenkinson é go bhfuil mar a bheadh púicín orainn. Tugann an file dúshlán a cuid léitheoirí nuair a dhiúltaíonn sí comhthéacs a sholáthar, ach tugann sí cead ár gcinn dúinn fosta mar leathbhádóirí i ‘[g]comhdhéanamh bhrí an tsaothair’ (Mag Shamhráin 1992: 87).

13 Ar íoróntaí an tsaoil, fágann ton faoistiniúil an tsaothair neamhfhicsin gur féidir ‘an file i mbun tuairimíochta’ a áireamh ar na pearsana is so-aitheanta dá cuid trí chéile. Tá saothrú áirithe déanta ag Jenkinson ar an ghlór seo thar na blianta, mar atá le feiceáil i bhforbairt na mblúirí dírbheathaisnéise thíos a foilsíodh le taobh dáin nó fógra faoi Jenkinson. Sa phlé a dhéantar thíos, fágtar as an áireamh cuntais bheathaisnéise nár scríobh an file féin (m.sh. Ó Cearnaigh 1995, 2003; Mulvihill 2006; de Paor 2016), cé gur díol suime é an difear idir an dá ghrúpa. Bíonn na cuntais ó phinn eile i bhfad níos traidisiúnta ar an iomlán agus luaitear sonraí beathaisnéise i roinnt mhaith acu, bíodh is nach mbíonn na sonraí sin ag teacht le chéile i gcónaí. I mbliana féin, cuir i gcás, foilsíodh dhá leabhar a luann alma mater an fhile, ach is dhá áit éagsúla a ainmníodh iontu (Mac Amhlaigh 2016; de Paor 2016).

14 Maidir leis an chur síos a dhéanann Jenkinson uirthi féin, mar sin, is iondúil go mbíonn sé éadrom agus ait. Is é seo an t-eolas a tugadh nuair a foilsíodh a céad dán in Innti, cuir i gcás:

Saolaíodh i 1949 agus níor cailleadh fós. Bhailíodh búmaraingeanna ach ní bhailíonn níos mó. Í tosaithe ar fhrísbíonna a bhailiú le déanaí. Is é seo a céad fhrisbí in Innti (Innti 1982: 47).

15 D’éirigh na cuntais i bhfad níos faide de réir a chéile, agus bíodh is nár mhéadaigh an t-eolas beathaisnéise i ndiaidh scúp sin an Irish Times, thosaigh an file a nochtadh tuairimí i dtaobh na filíochta agus na beatha féin iontu. Ní díol iontais an méid sin, áfach, nuair a chuimhnítear go raibh a leithéid á dhéanamh aici trí mheán a cuid aistí agus óráidí ó bhí 1991 ann. Is é tábhacht an gháire a thagann chun cinn ar dtús, mar shampla an méid seo ó 2006, tráth a raibh ‘gáirscéalta’ An Grá Riabhach (2000d) foilsithe aici chomh maith le sé chnuasach filíochta:

Scríbhneoir a théann i mbun pinn ar mhaithe le taitneamh, agus súil aici nach spreagfaidh sí domheanman, eagla, crá ná pian i gcroí léitheora (merriman.ie 2006).

16 Anuas ar an mhéid sin, bhí dhá leabhar do pháistí agus cnuasach scéalta bleachtaireachta i gcló ag an fhile nuair a foilsíodh an cuntas thíos i ndíolaim faoi scríbhneoirí a chaith tréimhse ar Sceilg Mhichíl:

Biddy Jenkinson is, at present, engaged in creating a safe haven for bumblebees and in meditations on her relationship with the Muse. An rún atá aici: bheith ag gáirí. An leabhar filíochta is deireanaí dá cuid is ea Oíche Bhealtaine (Coiscéim 2005). Late in 2010 Coiscéim publish Duinnín ar an Sceilg, a second collection of her detective series featuring Duinnín, the lexicographer (go maithe sé di é!), and a third book in the series for children (and for those who read for them) featuring Púca as hero. She has won the Butler Award, and many Oireachtas awards (Bushe 2010: 188).

17 Luaitear gáire arís sa sampla seo thíos a léiríonn nós an fhile a bheith féincháinteach fosta:

‘Is fearr cleas maith amháin ná fiche drochchleas’ mar adúirt an cat nuair a criogadh an sionnach seiftiúil. Bíonn Biddy ag gabháilt de scéalta agus de dhánta, de dhrámaí, de líníocht agus is féidir a rá go macánta agus í gafa le healaín ar bith acu seo gurbh fhearr go luífeadh sí isteach ar cheann eile acu. An mana atá aici, ‘An rud nach bhfuil leigheas air, gáire is fearr chuige’ (imbolc.ie 2014).

18 D’fhoilsigh Jenkinson scéal dúnmharaithe Béarla ar líne sa bhliain 2014 leis an sliocht seo ina luann sí arís gur mian léi, thar rud ar bith eile, go mbainfí spraoi as a saothar:

Biddy Jenkinson, a gardener by profession, lives on a hill in Ireland with a dog, a cat and a flock of geese. She has a particular interest in the bumble bee and in the preservation of its habitat. While prepared to encounter the gloomier aspects of reality in other areas, Jenkinson avoids novels that promise to horrify, terrify or otherwise discompose the reader. She will count this story a success if the reader laughs, at least once. This does not mean that she condones murder (smashwords.com 2014).

19 Is aistí agus is neamhdhírí i bhfad an cuntas seo i nGaeilge ón bhliain chéanna:

Brocaire buí, de chineál. Ceanndána, gan a bheith mailíseach, ná mallaithe. Leanann cait agus cearca. Seachnaíonn foichí. Ní bhíonn ag tafann ar an Domhnach. Canann in ómós na gealaí. Cleachtann comhluadar daonna anois is arís (Adams, Dunne agus Nic Lochlainn 2014: 237).

20 Is i mbliana a foilsíodh na sleachta is faide fós. Tá daingne spéisiúil le sonrú sa sampla seo thíos, cuir i gcás le húsáid na dtéarmaí ‘is cinnte,’ ‘is tábhachtaí,’ ‘in ord tábhachta’. Is suimiúil fosta go ‘[n-]admhóidh sí’ scileanna a bheith aici ‘ar mhaithe lena bheith dearfach ina taobh féin,’ rud a chuireann drogall áirithe in iúl:

Braitheann an t-údar seo nach ann di. Mar gheall air sin bíonn ainm cleite in úsáid aici. Nuair a bhíonn sí ag scríobh is cinnte nach mbíonn sí istigh léi féin agus nuair nach mbíonn sí ag scríobh ní bhíonn sí istigh léi féin ach oiread. An fhaoistin seo déanta, admhóidh sí go bhfuil buanna áirithe aici a chuireann ar a cumas cumadóireacht a dhéanamh. An bua is tábhachtaí: fiosracht. Ina dhiaidh sin, in ord tábhachta: gan a bheith in ann aon ní a dhéanamh i gceart ar an gcéad iarracht, gan a bheith in ann cuimhneamh go cruinn ar rud ar bith atá cloiste ná léite, gan aon phíosa a ligint uaithi go ndéanann sé gáire beag de chineál éigin. Ar mhaithe lena bheith dearfach ina taobh féin, maífidh sí go bhfuil scileanna praiticiúla áirithe aici a théann chun leas na healaíne: cupán caife breá láidir a dhéanamh, buidéal te a líonadh, scríobh sna himill. Ní mian leis an mbanfhile seo go n-aistreofaí a saothar go Béarla ach cuireann sí leaganacha Fraincise ar fáil a mbíonn fáilte rompu. (Mac Amhlaigh 2016: 49).

21 Tá daingne le sonrú arís sa sampla dheireanach seo thíos. Mar a fheicfear i gcuid a dó thíos, is cur síos an-bheacht ar chúraimí an tsaothair an sliocht seo ina luann sí comhbhá le hainmhithe, meas ar chúraimí saolta, agus leisce glacadh le ‘freagra cinnte dearfa’:

Braitheann an scríbhneoir seo gur mór an t-iontas sinn a bheith ann in aon chor agus go bhfuil cúram orainn dá réir a bheith fiosrach i dtaobh na beatha agus saintréithe ár ndaonnachta: samhlaíocht, cruthaitheacht, cumas machnaimh, cumas tuisceana, cumas bheith i gcomhbhá lenár gcomhchréatúirí a cheiliúradh.

Fúinne an císte a mhaisiú, na síolta a chur, na nótaí a sheinnt, an báibín a ghléasadh, an rann a chóiriú, dathanna a bhreacadh, an bhreith a dhéanamh, an stair a scríobh, ‘le feirc, feadaíl agus fiafraitheacht’.

Ní mhaífeadh an scríbhneoir seo gur stiúraigh spiorad na ceart-chéille i gcónaí í, ach maíonn sí go neamhbhalbh gur foghlaimeoir díograiseach agus útamálaí dóchasach í, gur fearr léi ceist spéisiúil ná freagra cinnte dearfa agus gur mór léi comhluadar lucht dáimhe. Is báúil lucht aon cheirde — nuair nach mbíonn siad ag smísteáil a chéile, ar ndóigh (An Fhéile Bheag Filíochta 2016).

22 Tá idir leanúnachas agus fhorbairt le sonrú sna samplaí thuas. Bíonn an greann chun tosaigh sna samplaí uile, nach mór, agus seachnaítear an t-eolas beathaisnéise is dual dá leithéid de shliocht. Tagann athrú suntasach ar líon na bhfocal agus ar dhaingne an fhriotail, áfach — dhá chomhartha, b’fhéidir, go bhfuil Jenkinson ag dul i dtaithí de réir a chéile ar chúram poiblí an fhile. Ní fios ar thug an t-aitheantas agus an t-ardmheas a fuair sí ó phobal na Gaeilge uchtach breise di thar na blianta nó an é gur athraigh a meon faoina saothar féin a léirmhíniú. Ós rud é go bhfeictear tosaíochtaí a cuid scríbhneoireachta ag teacht chun solais i rith an ama — tábhacht an ghrinn, agus tuairimí láidre faoi ábhair chuí filíochta, mar shampla — ba dhóigh leat gur teacht in inmhe agus i muiníne is cúis leis an athrú.

2. ‘Iontas as cuimse, comhbhá leis an uile ní, freagracht nach beag agus fonn filíochta’: causa scribendi Bhiddy Jenkinson

23 Ní sna dírbheathaisnéisí amháin a d’éirigh Jenkinson níos caintí thar na blianta. Tháinig méadú suntasach ar an mhéid a bhí an file sásta a rá taobh amuigh den saothar chruthaitheach i gcoitinne. In ainneoin go séanann sí úinéireacht ar na dánta a bhíonn á scríobh aici agus go seachnaíonn sí an lipéad ‘file’ go minic, toilíonn sí labhairt amach faoi ról an fhile, ag leagan roimpi ‘proper concern[s]’ (1991a: 28–29) agus ag míniú cad é a spreagann í le dul i mbun pinn. Díol suime ann féin í an oscailteacht seo uaithi i bhfianaise a coil leis an fhocal ‘file’. Is iontaí fós gur i mBéarla atá na haistí is téagartha agus is pearsanta ó údar atá clúiteach as a seasamh i gcoinne uileghabhálacht an Bhéarla in Éirinn. Bíodh sin mar atá, is tríd na saothair tuairimíochta seo a nochtann an file cuid dá príomhphrionsabail scríbhneoireachta, rud a fhágann go bhfuil siad ar na foinsí is luachmhaire ar fad maidir lena saothar a thuiscint.

‘Ainm bréige / go dtiocfad fíor’: tábhacht an neamhspleáchais

24 Chonacthas thuas gur i dtéarmaí na saoirse cruthaithí a mhíníonn Jenkinson féin a cinneadh scoilt a choinneáil idir an bhean stairiúil agus persona an fhile. Bhain sí cor úr as an rúndacht sin siar sa bhliain 1989, áfach, nuair a foilsíodh litir bhríomhar uaithi in Poetry Ireland Review. Sa litir sin cuireann sí i gcoinne Mháire Mhac an tSaoi, a bhí i ndiaidh ‘the learned enfant terrible who wears the soubriquet of Biddy Jenkinson’ a mholadh go hard ina léamh ar ‘chléir agus tuath’ na filíochta (1988: 33–35).

25 In aiste sin Mhac an tSaoi, bhí maíte aici gur cineál ‘priesthood’ a bhí sna filí is fearr Gaeilge a raibh ‘the voice of the tribe’ le cluinstin uathu (1987: 33). D’áitigh sí gur ‘pious … ancestor worship’ a spreag na filí seo, agus gur teist ar a gceangal leis an traidisiún é go raibh a saothar ‘anti-confessional’ (33–34). Ba léir go raibh Mhac an tSaoi ag iarraidh canóin chomhaimseartha a chur chun tosaigh — ‘my list of preferred poets’ (33) — agus gur critéar ríthábhachtach chuige sin é go mbeifí dúchasach de réir a slata tomhais féin.

26 Sa litir a d’fhoilsigh Jenkinson mar fhreagra sa chéad eagrán eile den iris chéanna, shéan an file gur ‘ancestor worship’ a bhí ar bun aici agus dhiúltaigh sí áit a ghlacadh in ord beannaithe Mhac an tSaoi. Is leis an litir sin a cuireadh tús le machnamh leanúnach in aistí Jenkinson ar eispéireas na cruthaitheachta, atá idir dhiamhair agus saolta:

I use a pen name … precisely because I am aware of the tendency to confer holy orders on some and not on others …. Anonymity is my statement that the poetic sensibility is not the perquisite of any priestly caste but one of the most common of human attributes, that the achieved poem is within the reach of all who are daft enough to spend unlimited time and energy on inspirations that other folk release on the next breath (1989: 80).

27 Ag tógáil ar mheafar na fonnadóireachta i maíomh Mhac an tSaoi (‘some of us are tone-deaf and serve by not singing’ (33)), dearbhaíonn Jenkinson go bhfuil luach i nguth an phréacháin féin: ‘though people tell me I have no voice I sing lustily in church, as is my right… and the Devil mend the choirmistress’ (1989: 80).

28 Ba dhóigh leat gur ag moladh Jenkinson go neamhurchóideach a bhí Mhac an tSaoi ach, dar le Jenkinson féin, is sampla fós é den luacháil agus den rangú atá de dhlúth an status quo. Chomh fada siar le 1985 — a céad agallamh, de réir cosúlachta — meon an sceiptigh tríd is tríd atá ag Jenkinson i leith an dearcaidh choitinn:

Tá comhthuiscint ag aon chomhluadar don rud is reality ann, ach is rud bréagach é mar nach bhfuil breith ar an bhfírinne …. Tógtar fírinne, cumtar status quo, glactar go bhfuil mores áirithe tábhachtach. … Nuair a scríobhann tú filíocht is maith leat dul lasmuigh den rafta seo (Rosenstock 1985: 33).

29 Agus í i riocht file, is bunphrionsabal ag Jenkinson é go gcaithfidh sí seasamh siar, ní hamháin óna beith stairiúil féin gona sonraí dírbheathaisnéise, a teorainneacha daonna agus a cúraimí saolta (‘the deadening snow of minute obstacles’ (1991a: 30)), ach caithfidh sí bearna a chothú idir í féin agus an choitiantacht chomh maith.

30 Ní leis an fhilíocht amháin a bhaineann an radharc leathan neamhspleách úd ach an oiread. Déanann Jenkinson an-chur síos ar a fealsúnacht phearsanta i gceann de na hagallaimh is spéisiúla léi:

An saol nádúrtha thart orainn an t-aon eaglais atá agam … ní bhraithim an duine chomh lárnach sin sa domhan. Ní bhraithim gur deineadh an domhan don duine. Uaireanta déanaimid tromaíocht rómhór ar an gcuid eile (Ní Fhoghlú 1997: 64).

31 Ní hamháin go ndearbhaíonn sé seo fiúntas na neach a ndéanann muid beag is fiú díobh, ina measc ‘tuath’ na filíochta, ach bréagnaíonn sé aon tuiscint fhorchéimnitheach ar stair an chine dhaonna a thabharfadh le fios go bhfuil an status quo nádúrtha nó dlite, gurb ionann céim chun tosaigh agus céim chun feabhais. Mar is léir ón sliocht thíos a scríobh sí do Léacht Uí Chadhain sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1999, eascraíonn impleachtaí tromchúiseacha morálta agus polaitiúla as an tuiscint mhalartach seo faoi éabhlóid agus ordlathas an domhain:

Síleadh líne fáis a bheith ann …. Gach aon neach ar an dréimire níos iomláine ná an ceann roimis gur sroiseadh barr an staighre leis an bhfireannach gealchraicneach Victeoiriach, déanta in íomhá Dé. Ní mar sin a bhí. Dréimire níl ann. … Tá sult na beatha á sceitheadh go hilfhoirmeach thart orainn agus níl sa duine ach fo-ghéag ar thom bláthfar na beatha seachas a bheith ina sméar mhullaigh, ceann chúrsa an fhuinnimh ar fad (1999b: 26).

32 Séanann Jenkinson cuid de na tuiscintí is bunúsaí agus is antrapalárnaí faoin chóras ina maireann muid agus í deimhin de ‘[that] gentle speculations and tentative conclusions … become received truths’ (1997a: 62). Cén t-iontas, mar sin, gur theastaigh uaithi fanacht anaithnid ar an imeall ag tús a gairme, agus go gcaitheann sí amhras fós ar chodarsnachtaí daingne na hinscne agus an speicis?

‘Dá mba file thú’: neamhspleáchas nó faitíos?

33 Sainghné de chuid na n-aistí seo ná go mbíonn Jenkinson féincháinteach nó in amhras maidir lena cumas filíochta. Cheana féin i 1985, sula raibh oiread agus cnuasach foilsithe aici, bhí faitíos uirthi go raibh an tobar tráite: ‘Bím cinnte i gcónaí, tar éis dán a chumadh, go bhfuil an líne dheireanach scríofa agam, nach mbeidh aon dán eile ann’ (Rosenstock 1985: 34). Míniú eile é seo ar a leisce a fíorainm a cheangal leis an ghníomh chruthaitheach, mar a dúirt sí san agallamh chéanna: ‘bíonn sórt náire orm mar go gcreidim go bhfuil an ré áirithe sin thart agus gur cur amú ama é a bheith ag caint ina thaobh mar nach scríobhfad níos mó’ (34).

34 Réamhtheachtaí na Bé, b’fhéidir, an toise piseogach a chuireann sí le bronnadh agus baint na tallainne: ‘im chás féin braithim go bhfuil an fhéith cúng go leor agus ba leor ainm na filíochta a bheith orm chun go scriosfaí ar fad í. Is gá bheith rúnda’ (34). Is feiliúnaí fós an tsamhail a úsáideann sí san agallamh le Ní Fhoghlú a rinne sí dhá bhliain déag ina dhiaidh sin:

Nuair a thosaíos ag scríobh i dtosach bhraith mé go raibh tréimhse phrintíseachta, tréimhse chiúinis ag teastáil [….] Minic nach maith le bean atá ag iompar go mbeadh an scéal amuigh go dtéann sí féin i dtaithí air… a leithéid sin (1997: 62).

35 Cloistear friotal seo na héiginnteachta minic go leor agus í ag caint ar a ceird: ‘Ní thabharfainn file orm féin. Tá pé tallann atá ionam teoranta’ (Rosenstock 1985: 34). In ainneoin a ndeir sí faoi chléir agus tuath na filíochta, mar sin, agus dá fháiltí í roimh mhionfhilí in éiceachóras na filíochta, ní beag beann ar an tuairim choitianta a bhíonn sí agus í ag scríobh (2014b: 233). Siúd a tagairtí di féin mar ‘f[h]oclach’ (1991a: 28), ‘fallen file’ (ibid: 32), ‘b’fhile mé tráth’ (1986: 15), ‘dá mba file thú’ (2005: 64). Go deimhin, an focal ‘file’ féin, is minic nach luann sí ar chor ar bith é sna nótaí barrúla beathaisnéise a pléadh thuas. Ina ionad sin, a leithéid seo ó 2014:

Bíonn Biddy ag gabháilt de scéalta agus de dhánta, de dhrámaí, de líníocht agus is féidir a rá go macánta agus í gafa le healaín ar bith acu seo gurbh fhearr go luífeadh sí isteach ar cheann eile acu (imbolc.ie).

36 Tá nádúr riabhach ag an tseachantacht féin, mar sin. Ina gné dhearfach fhuascailteach, tugann an t-ainm pinn cead raide don fhile dul i mbun spraoi agus treascartha beag beann ar impleachtaí sóisialta, saoirse nach bhfuil ag na ‘settled girls’ nach leomhfadh íol a bhriseadh nó an t-iomlán riabhach a bhlaiseadh (2011: 20–21).

37 Ina gné dhiúltach, áfach, baineann an tseachantacht le héadóchas an fhile, a dhéanann mórluacháil ar an lipéad go dtí nach n-aithníonn sí féin ann: ‘Juvenilia gach rud atá cumtha cheana’ (2011: 21). Cé go gceiliúrann Jenkinson an chruthaitheacht beag beann ar a cruth, agus go n-aithníonn sí go bhfuil a n-áit dhílis féin ag an fheithid agus an fhochlac san éiceachóras, is cosúil fós go gcuireann sí slat tomhais i bhfeidhm ar a saothar féin nach bhfuil chomh héagsúil sin ó dheighilt neamhleithscéalach Mhac an tSaoi idir filíocht agus véarsaíocht.

‘Cairde nár chas mé riamh ach lena smaointe’: Jenkinson agus a cuid chomhfhilí

38 Tá sé intuigthe, agus na castachtaí seo san áireamh, go mbeadh Jenkinson drochamhrasach faoi ghradam agus mórstádas na héilíte fileata. I 1991, tugadh cuireadh di aiste a scríobh don Irish University Review maidir le haitheantas (nó a easpa) i gcás fhilí na Gaeilge. Déanann Jenkinson an cheist a shaobhadh go neamhleithscéalach sa chéad chuid dá freagra, ‘A Letter to an Editor’ (1991a). Séanann sí go bhfuil aon tábhacht le haitheantas agus déanann beag is fiú den stádas a bhronnfaí agus a bhainfí go sleamchúiseach de réir fhaisean an lae: ‘recognition is no proper concern for a poet … bestowing praise and blame is interesting to the poet only in that it is an aspect of human social behaviour that may be bad for her health’ (1991a: 27–28).

39 Dearbhaíonn Jenkinson arís sa litir gurbh fhearr don fhile fanacht i leataobh ó ‘any established community’ (27) chun a s(h)aoirse fhileata a chosaint:

Poetry is non-conforming, is questioning, is reaching beyond the conventions and beliefs and authorities of the time …. It is not reasonable in a poet to expect the applause of society. She is a troublemaker by profession, one who looks under carpets (27).

40 Cuireann sí béim láidir ar an teannas sin idir file agus pobal fosta in aiste a scríobh sí sa bhliain 2000:

Sna háiteanna imeallacha a chumtar filíocht, amuigh ar an mbarrataoide (2000c: 10).

Déarfainnse nár scríobhadh filíocht in Éirinn ach amháin ar na himill (11).

[Níl] aon ní is mó a chuireann an dán i gcontúirt ná go mbeadh aitheantas oifigiúil ag an bhfile (10).

41 Díol suime é i bhfianaise an mhéid thuas gur chaith Jenkinson féin tréimhse mar eagarthóir ar Poetry Ireland Review. Ní hamháin go raibh sí páirteach in ‘established community’ na filíochta in Éirinn, mar sin, ach ba é a cúramsa go díreach le linn an ama sin ‘praise’ agus ‘aitheantas’ a bhronnadh ar fhilí thar a chéile. Ar an dul chéanna, tá duaiseanna Oireachtais bainte ag Jenkinson agus luann sí féin a thábhachtaí is atá na comórtais litríochta d’fhilí na Gaeilge (2000b: 11). Go deimhin, tá athrú suntasach meoin le sonrú ach an méid thuas ó 1991 a chur i gcomparáid lena ndeir sí faoin chanóin in 2014:

Tá sé tábhachtach … go mbeadh canóin ann sa Ghaeilge agus cur amach ag daoine air. Aithníonn léirmheastóireacht mheáite corpas de scríbhneoireacht fhiúntach. Dá bhfógrófaí os ard é bheadh sé níos deacra don náisiún neamh-Ghaelach neamhaird a dhéanamh ar a iomlán …. Is amhlaidh nach dtuigtear go coitianta gur cúis mhaíte litríocht na Gaeilge (2014b: 233–234).

42 Bíodh is nach bhfuil siad i dtiúin le ‘dearcadh rómánsúil’ an fhile féin (233), tá an chuma ar an scéal go n-aithníonn Jenkinson an lae inniu luach pragmatach an aitheantais agus na canóna do phobal imeallaithe na Gaeilge. D’admhaigh sí riamh go bhfaigheann sí sásamh ar leith as rath príomhshruthach a comhfhilí Gaeilge: ‘I take a certain malicious pleasure in seeing some of them sweep in to take centre stage often enough in places where they were being offered a token spot in the wings’ (1991a: 34).

43 Aithnítear go coitianta go bhfuil Jenkinson go mór faoi anáil an traidisiúin Ghaelaigh (Mhac an tSaoi 1992; Ní Annracháin 2000; de Búrca 2010), agus ní gá ach súil a chaitheamh ar ainmneacha a cuid leabhar — Táinrith, Mis, Dán na hUidhre — leis sin a dhearbhú. Go deimhin, rinne sí féin ‘athdhearbhú … ar aontas an traidisiúin a mbainimid leis’ cúpla bliain ó shin (2014a: 23). Chaith sí dua ag tús a gairme ag míniú an difir idir leanúnachas agus aithris, áfach, agus shéan sí go fórsúil gur sclábhaí í ag an traidisiún:

I do not worship the ancestors. Their influence is sometimes wind blown pollen on the stigma of imagination. But I regard it as a free gift and I would no more burden myself with obligations to the dead than I would burden the next generation with obligations towards myself (1989: 80).

44 Is fiú go mór ceist an traidisiúin a choinneáil san áireamh agus saothar Jenkinson á phlé, ach is iomaí tionchar eile atá le sonrú air chomh maith, cuir i gcás a suim mhór sa bhitheolaíocht agus i stair na cruinne, nó idéil athbheochan na Gaeilge, gan ach cúpla sampla a lua. Dearcadh nua-aimseartha go smior é, mar shampla, gur ‘file gach éinne, sa mhéid is go mbíonn babhtaí tuisceana, neomataí feasa ag gach éinne’ (Jenkinson 1999b: 24), agus is dearcadh é atá i bhfad ó thuiscint thraidisiúnta na Gaeilge de bhua na filíochta á scaipeadh tríd an líne ghinealaigh. Tá an bhéim ar shamhlaíocht agus tuiscint sna sleachta thuas i dtiúin níos mó leis an Rómánsachas, ar díol creidimh aige é gurb í an tsamhlaíocht eochair na cruthaitheachta. Tá seo fíor chomh maith maidir le breith Jenkinson nach uaisle toradh na samhlaíochta i bhfoirm dáin ná i bhfoirm gairdín:

Creidim gur leathan agus gur domhain í tobar na hinspioráide agus gur cuma i ndeireadh báire cén soitheach a bheireann grásta uaidh, más dán, más scéal, dealbh, pictiúr, bróidnéireacht, rós álainn, nó dos cabáiste. An gníomh cruthaitheach a chleachtadh. Sin é atá tábhachtach (1999a: 14).

45 Tá an-éagsúlacht go deo i saothar Jenkinson féin agus, dá bhrí sin, is fiú na tionchair seo a rianú ach glacadh leis gur eipiciúrach corrthónach í nach gcloífidh go docht le haon nósmhaireacht ar leith.

‘Mo ghrá-sa mo dhia / nach móide gur ann dó’: altú an agnóisí

46 Ní féidir gan suntas a thabhairt do thábhacht an fhriotail dhiaga in ‘A Letter to an Editor,’ ar léirsteanach agus arb álainn an píosa scríbhneoireachta é. Admhaíonn Jenkinson féin ‘that the language I use when speaking of poetry sounds somewhat liturgical’ (1991a: 30), agus tagraíonn sí sa litir chéanna do ‘miraculous occasions’ (30), ‘being in a state of grace’ (31), ‘the effort to transcend’ (31) agus araile.

47 Ní haon chomhtharlú é seo, nó míníonn Jenkinson go bhfuil feidhm spioradálta le scríobh na filíochta, ‘[that] writing poetry takes the place of formal religious observance as a way of loving whatever there may be’ (Mulvihill 2006: 155). Gabhtar buíochas trína bheith ag síorchur le tuiscint, ‘exploring to the driven limits of capacity and opportunity everything that can be reached’ (1991a: 30), le dóchas go mbainfí amach, i bhfocail Uí Thuairisc, ‘iomlán tuisceana don dráma míorúilteach a bhfuil páirt á hachtú agat ann’ (1987: 16).

48 Is in ‘A Letter to an Editor’ is mó a nochtann Jenkinson a saoldearcadh. Míníonn sí gur díol sceimhle agus díol áthais araon í an mhíorúilt neamhbhuan a thug ann dúinn agus nár scrios fós muid. Má fheictear an sceimhle sin minic go leor sna dánta, is é friotal na heacstaise atá chun tosaigh sa litir:

[the poet] has no conviction that our advent was inevitable, logical, anything but the most miraculous (for us) consequence of innumerable contingencies. She is full of impassioned wonder that she exists, that anything at all exists …. She is both scared and exhilarated, finding her freedom and consequent moral responsibility in the fact that her arrival was contingent upon so many happy chances … in wonder that the sieve of possibilities, endlessly rotating, has not yet let her kind slip through […] The world is so full of wonders that the glory of it all is enough to make me glad to be aware even for a little while and it is in this gladness that poems grow (1991a: 31–33, liomsa an bhéim).

49 I mbeagán focal, tá an bheatha, pé cruth a chuireann sí uirthi féin, ‘precious beyond belief’ (32), agus ‘scríobhtar filíocht mar go n-éilíonn [sí] go ndéanfaí machnamh uirthi’ (1999a: 14). Is láthair altaithe é an dán agus cúiteamh comaoine: ‘love that ... translates its obligation into poetry’ (1991a: 32).

50 Sa litir chéanna, áfach, tráchtann Jenkinson ar ‘a day when there is no God’ (31), agus tagann idir spreagadh agus bheaguchtacht as an éiginnteacht spioradálta a bhíonn chun cinn sna dánta níos minice ná aon chreideamh cinnte. Freagra misniúil ar dhíoltas Dé, cuir i gcás, atá sa dán fhíochmhar ‘Éabha Ina Gairdín i nGleann na nDeor,’ dán as sraith nach beag a shaothraíonn Éabha: ‘crosaim mallacht Dé / cloím a dhícheall. / Cuirim pabhsae ag fás / ar leac na bpianta’ (2005: 9).

51 Déanann Jenkinson ceangal sonrach idir a hamhras i leith cruthaitheora agus a cuid cruthaitheachta féin arís agus í ina haoichainteoir ag Léacht Uí Chadhain: ‘An té nach bhfuil creideamh cinnte ar leith aige ní mór dó dul ag rútáil agus is san rútáil thart ar na ceisteanna móra a gheibheann sé a chuid filíochta’ (1999a: 14). Go deimhin, is é ceann de mhórbhuanna an tsaothair é go dtugann Jenkinson léargas iltaobhach dúinn ar spioradáltacht iar-Chríostaí a dhéanann iarracht teacht ar bhrí shainiúil na beatha.

52 Cúram spioradálta é cúram an fhile ‘to see, know and understand’ (1991a: 31), fiú más ionann sin agus ‘the cosmic insignificance of humankind’ (1991a: 31) a aithint. Más ‘naofa, naofa, naofa, cré na beatha’ (1988: 41), níl altú an fhile puinn maoithneach:

Love the little lamb, love also the parasites, the flukes, the staggers, the foot rot, the castrating shears, the butcher’s knife. They must all be accommodated. Sometimes it can be done … and there is a rush of love for a God that is no remote divinity but life itself living in each small creature and dying with it (1991a: 32).

3. An láir bhán agus an túr eabhair: peacaí i gcoinne na Bé

53 In ainneoin gur fearr le Jenkinson a bheith ‘tentative,’ ‘speculative’ agus gan ‘vehemence’ (1991a: 29), chonacthas sa mhír thuas go n-úsáideann an file friotal an chúraim agus na freagrachta nuair a bhíonn a ceird á plé. Go deimhin, úsáideann sí friotal an pheaca féin, fiú agus í ag séanadh ‘go réitíonn na focail “moral” agus “poet”’ le chéile’ (2011: 20). Déantar plé thíos ar na ceithre cheannpheaca a cháineann an file arís agus arís eile ina saothar neamhfhicsin.

An duairceas

54 Tá spás i bhfilíocht Jenkinson do ‘black love’ ach ní ceadmhach ‘blackpits poetry,’ nó filíocht a scríobhtar de theann domheanman (1991a: 33). Ní bheifí ag súil lena leithéid de chinsireacht ó fhile a bhaineann an oiread sin suilt as an treascairt, ach deir Jenkinson gur ‘grá don bheatha, faoi ghné éigin, buntéama gach dáin’ (1999a: 16), agus tugann sí ‘neamhdhán,’ fiú, ar phíosa a scríobh sí de theann éadóchais (2005: 86). Is é seo, b’fhéidir, an t-aon tabú a mbíonn Jenkinson ag obair faoina scáth, cé nach n-éiríonn léi i gcónaí an taobh dorcha den saol a dhíbirt óna cuid filíochta — bás linbh, cuir i gcás (1986: 36; 1991b: 44, 96), nó an chogaíocht (1991b: 87, 91; 2005: 32, 86).

An bholscaireacht

55 Áitíonn Jenkinson arís agus arís eile go bhfuil col aici le bolscaireacht agus nach ndéanann aon chúis ábhar maith dáin. I mbeagnach gach agallamh nó aiste léi tapaíonn sí an deis le cur i gcoinne scríbhneoireacht cúise:

Ideologies can be dangerous to the spirit (1991a: 29).

Ní shamhlaím go mbeadh rath ar fhilíocht agus duine ag iarraidh leas a bhaint aisti ar mhaithe le cúis nó córas creidimh nó seasamh polaitiúil (1997b: 63).

Ní féidir cúis a chur ag marcaíocht ar láir bhán na filíochta …. Tá sé seo bun os cionn go hiomlán, dar liom, le gairm na filíochta …. Is deacair do lucht cúise gan forbairt leataobhach a dhéanamh ar a gcuid tuairimí (1997b: 6).

I dtigh deabhail le léirmheastóireacht ar bhonn cúise (2000c: 10).

Scríobhfar dánta dúthrachta cúise de réir cheartas polaitiúil na linne ach ní bheidh draíocht ar bith iontu (2000c: 11).

56 Is sampla eile den neamhréir é seo fosta, sa mhéid is gur geall le fabhalscéal faoi shaint agus scriosadh ‘our gaimbín present’ (1995) é An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín (2007), a dara leabhar do pháistí.

Róbhéim ar chúrsaí inscne

57 Tá Jenkinson á háireamh i measc na bhfeimineach agus na mbanfilí ó bhí 1989 ann ar a laghad (Ó Dúill 1989: 13). Tá sé soiléir faoin am seo, áfach, nach bhfuil an file féin chomh compordach céanna leis na lipéid sin, í ag séanadh thábhacht na hinscne agus ag míniú gurbh fhearr léi go léifí filíocht mar ‘d[h]án, seachas feardán nó bandán’ (Ó Muirí 1997: 18). Áiríonn sí sárú na hinscne mar chuid den tsolúbthacht aigne atá chomh tábhachtach sin di féin — mar a deir sí in ‘An Dé’: ‘siulfad anocht im chraiceann fir’ (1988: 39). Ní léir do Jenkinson gur mór an difear bitheolaíoch idir fireann agus baineann, go háirithe agus filíocht á scríobh. Go deimhin, díbríonn sí an corp ar fad as an phróiseas sa chur síos a dhéanann sí ar an cheird in alt Uí Mhuirí: ‘i ndáiríre, ní thugaim faoi ndeara gur bean mé agus mé ag scríobh …. Múchann [an file] é féin agus a bhfuil thart air. Peann i ngreim na hinspioráide a bhíonn ann’ (1997: 18). Is suimiúla fós an tsamhail dhé-inscneach seo den fhile i staid na ngrást:

Cuimhním ar phictiúirí de chuid na Meánaoiseanna d’Adhamh agus d’Éabha sular itheadar úll na hAithne, baill ghiniúna den dá chineál orthu araon, mar go rabhadar foirfe ag an am sin, agus débhríoch dá réir. Níor dhrochshamhailt den bhfile a leithéid d’íomhá. Agus, ar ndóigh, níl sé chomh fada sin ón fhírinne bhitheolaíoch (1997b: 8).

58 Cé go n-aithníonn Jenkinson faillí i bpatrarcacht na staire, agus go labhraíonn sí amach go misniúil i nguth baineann i roinnt mhaith dánta, seans fós nach cruinn an focal ‘feimineach’ ina cás. Is léir, ar a laghad, go mbreathnaíonn sí ar ghnéithe den ghluaiseacht phríomhshruthach fheimineach mar sháinn eile atá le seachaint agus í sa tóir ar an fhírinne. Bac bréagach atá sa róbhéim ar dhifríochtaí ‘greannmhar[a]’ inscne (Rosenstock 1985: 34), agus is olc léi blas an cheartais pholaitiúil ar léirmheastóireacht fheimineach: ‘Daonnaí gach file fónta agus róchuma a inscinn’ (1997b: 8). B’fhearr i bhfad le Jenkinson daonnacht choitianta an dá inscne a cheiliúradh ná díriú ar a ndifríochtaí.

Maslú na Bé

59 Seachas glacadh leis mar bhua nó fiú mar oidhreacht, bíonn blas misteach ar chaint Jenkinson faoina cumas filíochta. Faitíos go gcaillfidh sí fabhar na Bé a bhí ag déanamh tinnis di, más fíor, nuair a dúirt sí ina céad agallamh gur ‘gá a bheith rúnda’ (Rosenstock 1985: 34). Is minic an Bhé chéanna á lua ag an fhile, agus cosnaíonn sí go láidir í in aiste amháin dá cuid:

Creidim i mBé na filíochta — seachas cuisle … [is] í an prionsabal cruthaitheach í … an ollmháthair … an Mhór-Ríon … flaitheas na hÉireann i riocht mná … spiorad na héigse …. Is í an bhé foinse gach inspioráide (2000b: 12).

60 Tá sé le tuiscint ón mhéid thuas go sleamhnaíonn Bé seo na filíochta isteach ina pearsantú ar shaíocht dhúchasach nó mórtas cine na nGael. Diúltaíonn Jenkinson glan d’argóint Eavan Boland (1995) gur úsáideadh samhail na hÉireann mar bhean mar ‘b[h]ata buailte ban’ (Jenkinson 2000c: 11). Seachas mná a chur faoi chois agus a choinneáil ina dtost, maíonn Jenkinson gurb í an Bhé ‘craiceann beo mo thíre’ agus déanann sí ceangal an-sonrach idir a cuid filíochta agus grá tíre:

An dílseacht seo faoi ndeara dom a bheith ag scríobh as Gaeilge. Fág an bhé náisiúnta ar lár agus tá sé chomh maith agam a bheith ag cur isteach ar an Cardiff International poetry festival — poems must be in English …. [is] ionann ionsaí ar an mbé náisiúnta agus fogha faoin mbonn atá le mo chuid filíochta féin (2000c: 9).

61 Tá impleachtaí radacacha ag an athréimniú seo ar cheann de phríomhthróip na litríochta Gaeilge, mar atá pearsantú na hÉireann mar bhean. Seachas diúltú don tsamhlaoid trí chéile mar ‘c[h]leas de chuid na bhfear’ (2000c: 11), tá sé áitithe ag Ní Annracháin, scoláire feimineach, gurb éard a dhéanann Jenkinson ná ‘saoirse agus stádas suibiachta’ a bhronnadh uirthi (2003: 160). Ní shocrófar anseo cé acu ‘bogeywoman na filíochta’ (Jenkinson 2000c: 11) nó ‘foinse gach inspioráide’ (2000b: 12) í an Bhé, ach is léir óna hionramháil ar an cheist go bhfeidhmíonn an náisiún mar thinfeadh filíochta do Jenkinson. Ní hamháin gur cuid lárnach dá causa scribendi féin í ach dar léi gur toradh ar mhórtas cine an chéid seo caite í an nuafhilíocht Ghaeilge trí chéile:

Mo thuairim féin ná gur tháinig bláthú faoin fhilíocht san tréimhse seo mar gur líon grá don tír agus don teanga cuislí na scríbhneoirí, gur theastaigh uatha tarrtháil a dhéanamh ar an mbé náisiúnta — pé hí féin. Go maire an fuadar san! (2000c: 13).

62 Níl thuas ach sampla amháin de thábhacht ‘shaoithiúlacht na Gaeilge, bunchloch gach aiste nua’ do thionscadal filíochta Jenkinson (2014a: 23). Sampla é fosta de chúis a fhaigheann bheith istigh ina saothar ó am go chéile. Arís, tá a cur síos ar an stair go mór faoi anáil an Rómánsachais, agus is cosúil gur eisceacht é an grá tíre maidir leis an umhlaíocht is dual don fhile chomh maith:

[Tá] mé im dhuilleog ar chrann ginealaigh fileata a phréamhaigh nuair a ghabh Aimhirgin Glúngheal Éire do chlann Mhíle d’fhaobhar dáin. Crann iúir é an traidisiún Gaelach in Éirinn… agus is ceadmhach a bheith ábhairín teann as a leithéid agus tú ag foighneamh le Sitka Spruces an Bhéarla (2000b: 10).

63 Is minic faillí na sochaí comhaimseartha i leith na Gaeilge á léiriú go paiteanta ag Jenkinson. Chuir sí dua ar leith uirthi féin le hargóint Eavan Boland i leith na Bé a cheistiú (2000b; 2000c), agus ní lú ná freagra gonta ar fheimineachas frithnáisiúnaíoch é an casadh a bhaineann sí as samhail Edna Longley de Chaitlín Ní hUallacháin i ngreim galar itheacháin (1990):

Let me say however, without putting a tooth in it, that any Irish woman poet who has not let Eibhlín Dubh’s lament for Art Ó Laoire flow in her own vein of poetry has been practising a very odd form of abstinence. If she has not allowed the great dramatic lyrics of Liadán, of Gormlaith, of the Cailleach Béara to possess her for a while she has been starving herself (1997a: 66).

64 Ar an chuid is measa de, ní ligeann Éire an Bhéarla lena hais gurbh ann riamh don traidisiún, mar atá léirithe go beacht sna ‘Irish writers posters’ a chuireann an oiread sin oilc ar an fhile: ‘mar dhea is nach ann don Ghaeilge agus nárbh ann di riamh’ (Ní Fhoghlú 1997: 65). Ní hamháin sin, ach caitear le cultúr na Gaeilge mar áis le mianadóireacht chultúrtha a dhéanamh uirthi gan fiú an chomaoin sin a aithint. An aon iontas, mar sin, go gcuireann Jenkinson roimpi a ndúshlán a thabhairt ‘to those who think that everything can be harvested and stored without loss in an English-speaking Ireland’? (1991a: 34).

An ceangal: ‘paradacs maith in aghaidh an lae a thabharfaidh slán mé’

Critics have been generally shy about making any general statements about her work for fear of being proved entirely wrong the next time she puts pen to paper. What can be said, however, is that she has a mischievous sense of humour and a kind of ironic cattiness …. A poem like ‘Éiceolaí’ might be read simply as a subversive undermining of neatness. One suspects that it might be a subtle attack on anyone who tries to make a definitive or even partial statement about her work (Titley 2011: 327).

65 Is fíor don Titlíoch gur deacair ‘definitive or even partial statement’ a dhéanamh i leith shaothar Jenkinson, a bhíonn ag athrú go mór ó chnuasach go cnuasach agus ag teacht salach air féin níos minice fós. Gan amhras, ní i ngan fhios do Jenkinson féin atá an neamhréir sin ag rith trína saothar, agus cuireann sí mar eireaball neamhleithscéalach leis: ‘paradacs maith in aghaidh an lae a thabharfadh slán mé’ (Rosenstock 1985: 34). Mar a deir de Búrca, ‘ar nós eireaball na spideoige, ní féidir “breith” ar bhrí uile na ndánta’ (2010: 178) agus tá sé le tuiscint nár mhaith leis an fhile go ndéanfaí amhlaidh. Ní bhíonn puinn leisce ar Jenkinson ‘dul amú / a chur ar léirmheastóirí’ (2016) nuair is gá.

66 Tá rudaí áirithe gan athrú ón chéad agallamh a thug an file i bhfad siar sa bhliain 1985, agus is dócha go bhfuil leid san athrá. Cheana féin tá réamhtheachtaí an ‘manifesto’ a pléadh thuas le feiceáil: béim ar chúram an fhile, col le bolscaireacht agus moladh an neamhspleáchais, séanadh thábhacht na hinscne agus amhras i leith na tuairime coitianta, agus síorbhéim ar a fabhtacht féin. Ní háil léi inscne a tharraingt isteach i scríobh na filíochta, ach scríobhann dánta feimineacha. Ní háil léi go mbronnfaí aitheantas ar fhilí thar a chéile, ach chaith sí bliain ina heagarthóir ar iris liteartha, áit ar chúram di an chléir a aithint thar an tuath. Ní chreideann sí i bhfilíocht chúise, ach scríobhann de theann tírghrá. Cúis na filíochta altú a thabhairt do Dhia nach ann dó, trí thóir a dhéanamh ar fhírinne nach ann di.

67 Cá bhfágann sé sin an té ar mhaith leis saothar na mná seo a thuiscint? Dá fhrithráití iad ar uairibh, is iad na foinsí neamhfhicsin is mó a thugann léargas dúinn ar sprioc agus spreagadh na ndánta ó bhéal an fhile, agus is tríothu is fearr is féidir a aithint go bhfuil poetic inaitheanta ag Jenkinson in ainneoin na neamhréire. Sa mhéid sin, is geall le léarscáil iad na foinsí neamhfhicsin le hais na ndánta, agus is mithid dúinn iad a ghrinniú go cúramach.

Buíochas

68 Ba mhaith leis an údar buíochas a ghabháil le Biddy Jenkinson as ucht a cúnaimh leis an alt seo, go mór mór a fhad is a bhaineann sé le hidirdhealú a dhéanamh idir na blúirí beathaisnéise a scríobh an file féin agus na cinn a scríobhadh thar a ceann.

Saothair a ceadaíodh

Biddy Jenkinson: saothair, agallaimh agus blúirí beathaisnéise

An Fhéile Bheag Filíochta. (2016) ‘Aíonna Oirirce’. Ar fáil ag: http://www.feilebheagfiliochta.com/aoispeisialta2016.html [faighte 20 Meán Fómhair 2016]

Poetry Ireland Review. (1996) ‘Notes on Contributors’. In: Éigse Éireann 51: 117.

Poetry Ireland Review. (2004) ‘Notes on Contributors’. In: Éigse Éireann 79: 125.

imbolc.ie. (2014a) Biddy Jenkinson. Ar fáil ag: http://imbolc.ie/2014/11/biddy-jenkinson-ealaiontoir-den-scoth-dimbolc-2014/ [faighte 20 Meán Fómhair 2016]

Innti. (1982) ‘Aon Ghearrbheathaisnéis fichead’. In: Innti 7: 47.

Jenkinson, B. (1988) Uiscí Beatha. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Jenkinson, B. (1989) ‘Máire Mhac an tSaoi: The Clerisy and the Folk (P.I.R. 24) — A Reply.’ In: Éigse Éireann 25: 80.

Jenkinson, B. (1991a) ‘A Letter to an Editor’. In: Irish University Review 21 (1): 27–34.

Jenkinson, B. (1991b) Dán na hUidhre. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Jenkinson, B. (1995) ‘The Destruction of Poetic Habitat’. In Southern Review (31) 3.

Jenkinson, B. (1997a) ‘A View from the Whale’s Back’. In: Éigse Éireann 52: 61–69.

Jenkinson, B. (1997b) ‘Filí agus Léitheoirí!’ In: Feasta (Iúil 1997): 6–8.

Jenkinson, B. (1997c) Amhras Neimhe. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Jenkinson, B. (1999a; 1999b) ‘Liricí Deasa Neamhurchóideacha Ocht Líne: Léacht Uí Chadhain’. In: Comhar 58 (1): 13–16 agus 58 (2): 23–26.

Jenkinson, B. (2000a) Mis. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Jenkinson, B. (2000b; 2000c) ‘Nuafhilíocht na Gaeilge i dtreo na Mílaoise’. In: Feasta (Eanáir 2000): 10–13 agus (Feabhra 2000): 9–12.

Jenkinson, B. (2000d) An Grá Riabhach. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Jenkinson, B. (2005) Oíche Bhealtaine. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Jenkinson, B. (2007) An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Jenkinson, B. agus Mac Aodha, A. (2011) ‘Ní hAnsa’. In: Comhar 71 (9): 19–21.

Jenkinson, B. (2013) Táinrith. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Jenkinson, B. (2014a) ‘Plus ça change, plus c’est la même chose’. In: Comhar 74 (5): 23–24.

Jenkinson, B. (2014b) ‘Scéal ar an litríocht: “Chuaigh Micilín Muc ar an Aonach Lá…”’ In: Adams, R., Nic Lochlainn, C. agus Dunne, C.M. (eag.) Thar an Tairseach: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg. Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR: 221–234.

Jenkinson, B. (2016) ‘Cúram Scríbhneora’. Neamhfhoilsithe. Ceadaithe le caoinchead an údair.

merriman.ie. (2006) Cainteoirí. Ar fáil ag: http://www.merriman.ie/ga/samhradh/2006s/#a:speakers [faighte 30 Eanáir 2016].

Ní Fhoghlú, S. (1997) ‘Ceilpeadóir, Rí, Nóinín: Biddy Jenkinson ag Caint’. In: Oghma 8: 62–69.

Ó Cearnaigh, S. (1995) ‘Jenkinson, Biddy’. In: Scríbhneoirí na Gaeilge 1945–1995. Comhar: Baile Átha Cliath: 63–64.

Ó Cearnaigh, S. (2003) ‘Jenkinson, Biddy’. In: Lalor, B. (eag.) The Encyclopedia of Ireland. Yale: New Haven, CT: 566.

Ó hUanacháin, M. (2008) Léite Pléite. RTÉ Raidió a hAon, 20 Nollaig 2008. Ar fáil ag: http://www.rte.ie/radio1/podcast/podcast_leitepleite.xml [faighte 30 Eanáir 2016].

Ó Muirí, P. (1997) ‘Fuinneamh cúthail na filíochta faoi ainm pinn’. In The Irish Times, 20 Lúnasa 1997.

Rosenstock, G. (1985) ‘Comhar-Rá… le Biddy Jenkinson’. In: Comhar 44 (5): 33–34. [faighte 31 Eanáir 2016].

smashwords.com. (2014) Biddy Jenkinson. Ar fáil ag: https://www.smashwords.com/profile/view/biddyjenkinson [faighte 30 Eanáir 2016].

Foinsí eile a ceadaíodh

Barthes, R. (1977) ‘The Death of the Author’. In: Image-Music-Text. London: Fontana Press: 142–148.

Boland, E. (1995) Object Lessons: The Life of the Woman and the Poet in Our Time. New York: Norton.

Bushe, P. (eag.) (2010) Voices at the World’s Edge: Irish Poets on Skellig Michael. Dublin: Dedalus.

de Búrca, M. (2010) ‘Biddy Jenkinson’. In: Ní Fhrighil, R. (eag.) Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life: 167–180.

de Paor, L. (eag.) (2016) Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Kennedy, G. (1990) ‘Fine Gael advertising Currie’. In: The Irish Times, 25 Lúnasa 1990.

Lehmann, E. (2014) ‘“I am a Clean Whirlwind from the Far Seas”: Biddy Jenkinson’s Conversation with The Romance of Mis and Dubh Rois’. In: New Hibernia Review 18 (1): 58–73. DOI: http://dx.doi.org/10.1353/nhr.2014.0012.

Longley, E. (1990) From Cathleen to Anorexia: The Breakdown of Irelands. Dublin: Attic.

Mac Amhlaigh, L. (eag.) (2016) Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR.

Mag Shamhráin, A. (1992) ‘Ní Mise Robert Schumann’. In: Oghma 4: 82–89.

Mhac an tSaoi, M. (1988) ‘The Clerisy and the Folk: a review of present-day verse in the Irish language on the occasion of the publication of Innti 11’. In: Éigse Éireann 24: 33–35.

Mhac an tSaoi, M. (1992) ‘Biddy Jenkinson: Sampla d’Imaistriú Anama’. In: Ó hAnluain, E. (eag.) Leath na Spéire. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 61–73.

Mulvihill, M. (2006) ‘Biddy Jenkinson’. In: Gonzalez, A. (eag.) Irish Women Writers, An A-Z Guide. Westport, CA: Greenwood Press: 154–157.

Ní Annracháin, M. (1992) ‘Biddy Jenkinson: File na Saighead is an tSlánaithe’. In: Oghma 4: 32–39.

Ní Annracháin, M. (1999) ‘Litríocht na Gaeilge i dtreo na Mílaoise’. In: An Aimsir Óg (1999): 14–24.

Ní Annracháin, M. (2000) ‘Biddy agus an Bandia’. In: Riggs, P., Ó Conchúir, B. agus Ó Coileán, S. (eag.) Saoi na hÉigse: Aistí in Ómós do Sheán Ó Tuama. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 339–357.

Ní Annracháin, M. (2003) ‘An Talamh agus an Teanga Fhíortha’. In: Ní Annracháin, M., agus Mac Leod, W. (eag.) Cruth na Tíre. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 136–163.

Ní Annracháin, M. (2009) ‘ “Gleann Maoiliura” Biddy Jenkinson’. In: Irish University Review 39 (2): 310–319.

Ní Chléirchín, C. (2010) ‘Abjection and Disorderly Elements of Corporeal Existence in the Irish-Language Poetry of Nuala Ní Dhomhnaill and Biddy Jenkinson’. In: Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 30: 157–174.

Ó Dúill, G. (1989) ‘Beatha Bhiddy’. In: The Irish Times, 29 Márta 1989.

Ó Tuairisc, E. (1987) ‘Religio Poetae’. In: Nic Eoin, M. (eag.) Religio Poetae agus aistí eile. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 11–21.

The Irish Times. (1988) ‘Biddy ag baint’. In: The Irish Times, 19 Deireadh Fómhair 1988.

The Irish Times. (1989) ‘Tuarascáil’. In: The Irish Times, 8 Márta 1989.

Titley, A. (2011) Nailing Theses: Selected Essays. Béal Feirste: Lagan Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626