Eachtra Phinocchio: eachtra don léitheoir

Pádraig de Paor

1 Seoid phraeúil de chuid litríocht na hIodáilise é Le avventure di Pinocchio (Collodi 1883). Leabhar do dhaoine óga é faoi bhabliac nó puipéad a éalaíonn ó smacht a ‘athar’ (Geppetto, ceardaí) agus a théann ar fán ar aistear lán uafáis agus contúirte ar thóir na saoirse. Bíonn an-mhórán eachtraí aige le linn a thóra. Castar carachtair shuimiúla agus neacha iontacha air, cuid acu a chabhraíonn leis agus a dhéanann iarracht é a sheoladh ar bhóthar a leasa, cuid acu a shíleann le teacht i dtír ar Phinocchio. Is leabhar é a bhfuil gean ag gach Iodálach, idir óg is aosta, air. Mhaífeadh Giacomo Biffi go fiú go bhfuil an tuiscint áirithe atá ag muintir na hIodáile de dhráma an duine go mór faoi anáil Le avventure di Pinocchio (2012a: 29). Go deimhin, ní hann d’aon saothar eile litríochta de chuid na hIodáile a bhfuil an cháil dhomhanda chéanna air. Cén fáth ar éirigh chomh maith sin le Pinocchio dul i bhfeidhm ar shamhlaíocht an duine? Is clasaic é a labhraíonn faoi théamaí uilíocha: an t-olc in aghaidh na maithe, an tsaoirse in aghaidh na daoirse, ceist na saorthola agus eile. Thar aon rud eile, áfach, pléann Le avventure di Pinocchio leis an cheist shíoraí faoi cad is daonnacht ann, agus déanann amhlaidh ar shlí a labhraíonn linne inniu atá gafa i Cyberia na ré digití. Mar sin de, is mór is fiú don Ghael san aonú haois is fiche an leabhar a léamh.

2 Ó 1881 anuas tá muintir an domhain mhóir ag tabhairt taitnimh do Phinocchio, babliac. Ach ba i 1933 i gcéaduair a fuair na Gaeil seans titim faoina dhraíocht inár dteanga féin. Sa bhliain sin a foilsíodh an tiontú Gaeilge a rinne Pádraig Ó Buachalla ar an sárleabhar Iodáilise seo. Feasta, ba chlasaic de chuid na litríochta Gaeilge é Eachtra Phinocchio. (Tá teideal an leabhair san uimhir uatha sa tiontú Ghaelach, ach san uimhir iolra sa bhunleagan Iodáilise, Le avventure di Pinocchio.) Ba é an Gúm, ar ndóigh, a d’fhoilsigh, agus cuireadh athchló air i 1936. Léaráidí iontacha le Carlo Chiostri a úsáideadh chun Eachtra Phinocchio a mhaisiú sa luatheagrán Gaeilge. Thit an tseoid sin sa láib ar fad ar Ghaeil nuair a chuaigh an leabhar as cló tamall ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, fágadh na cóipeanna leabharlainne beagáinín doléite ag Éireannaigh óga leis an athrú go dtí an nualitriú agus an cló Rómhánach. Sa bhliain 2001, ámh, ar ámharaí an tsaoil, rinneadh an seaneagrán maraon leis an seanlitriú agus na seanléaráidí a chur i gcló an athuair, é in eagar ag Dónal Ó Buachalla. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, d’fhoilsigh Coiste Litríochta Mhúscraí, faoi stiúir eagarthóireachta Sheáin Uí Shúilleabháin agus Dháibhí Uí Chróinín, eagrán nua, leasaithe de réir ceartúchán a rinne Pádraig Ó Buachalla ar a chóip féin den leabhar (eagrán 1933). San eagrán is déanaí sin, tá an litriú nua in úsáid (ach gan aon chur isteach ar chanúint Mhúscraí) agus léaráidí daite d’ardchaighdeán le Roberto Innocenti. Is don eagrán is déanaí sin a bheifear ag tagairt san aiste seo.

3 Is fairsing na léamhanna a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Eachtra Phinocchio. D’fhéadfaí, mar shampla, an bhéim a leagan ar an chosúlacht idir Eachtra Phinocchio is bunphatrúin na seanscéalta béaloidis faoi mar a thuig Vladimir Propp iad (1968). I léamh eile, is éard atá in Eachtra Phinocchio, dar le Italo Calvino, an t-aon fhíorshampla den seánra picaresque i litríocht na hIodáilise: scéal faoi pícaro (rógaire sa Spáinnis), laoch ó aicme íseal a dhéanann iarracht teacht slán i ndomhan atá cam claonta ina choinne (Calvino 1981). D’fhéadfadh duine Eachtra Phinocchio a léamh fós mar chineál den Bildungsroman. D’fhéadfadh duine léamh síocanailíseach nó léamh marxach nó an iliomad eile léamhanna a dhéanamh ar an leabhar (Nonnekes 2000; Rollin agus West 1999). Ach as fairsinge an ‘Pinocchiologio,’ roghnaím léamh Giacamo Biffi (2012a; 2012b) mar is é is mó a thaitníonn liom. Agus is é cuspóir na haiste seo é an léamh áirithe sin ar Eachtra Phinocchio a chur faoi bhráid léitheoirí na Gaeilge chun cuid éigin de dhoimhneacht an leabhair sin a chur ar a súile dóibh. Go hachomair, tuigeann Biffi Eachtra Phinocchio mar shaothar faoi shlánú an duine, de réir mar a thuigtear é sin sa Chríostaíocht. Anuas ar an léamh sin, beifear ag maíomh go labhraíonn Eachtra Phinocchio go beo linne inniu sa ré dhigiteach agus go dtéann an leabhar i ngleic le ceisteanna atá gar dár gcroí sa chomhthéacs áirithe chultúrtha ina maireann muid faoi láthair.

Cúlra an leabhair

4 Más fíor do léamh ‘Críostúil’ Biffi, tá paradacsa an-mhór ar fad in Eachtra Phinocchio. Is ar éigean go bhfuil aon tagairt do Dhia sa leabhar, ná don chreideamh, don chléir, ná fiú do shéipéil. Is ait sin nuair a chuimhnítear go bhfuil tírdhreach an tsaothair fréamhaithe, cuid éigin, i dtírdhreach na Tuscáine sa naoú céad déag (Biffi 2012a: 73). Tugtar faoi deara nach luaitear ‘Dia’ sna beannachtaí san Iodáilis, ach ar éigean, faoi mar a dhéantar sa tiontú Gaeilge: ‘Imigh láithreach agus is beir chuige iad, agus tabhair mo bheannacht go hiomlán do, agus ar choimirce Dé go raibh sé’ (Collodi 2003: 36) ar ‘Vai subito a portargliele e salutalo tanto da parte mia’ (Collodi 1883); ‘Baochas mór le Dia go dtánag as chomh maith’ (81) ar ‘Anche per questa volta l’ho scampata bella!’; ‘Moladh go deo leis an Riarthóir!’ (97) ar ‘Provvidenza benedetta!’; ‘Dia linn is Muire!’ agus ‘Dia farais sin linn!’ (33) ar ‘Felicità’ agus ‘Grazie’; agus mar sin de tríd síos.

5 Chun dí-eaglaisiú sin an bhunleagain a thuiscint, níor mhiste cuimhneamh gur bhain údar an tsárleabhair, Carlo Lorenzini (1826-1890) (ainm pinn a bhí in Collodi), gur bhain sé go dlúth leis an ghluaiseacht an Risorgimento (aiséirí, nó athbheochan na hIodáile) agus le La Giovine Italia (an Iodáil Óg). Ba é Giuseppe Mazzini a bhunaigh La Giovine Italia in 1831 le ‘réigiúin’ éagsúla na ‘hIodáile’ a aontú in aon stát amháin. Ba dhlúthchuid den tionscadal phoblachtach seo an dí-eaglaisiú a chur i bhfeidhm ar shlí sách radacach. Bhain an dí-eaglaisiú náisiúnaíoch seo, an laicità, le fonn praiticiúil na náisiúnaithe deireadh a chur le cumhacht theamparálta an phápa, is é sin, leis na stáit phápúla. Coincheap Críostaí is ea an laicità ó thús, agus tuiscint pholaitiúil a d’fhás aníos in Iarthar na hImpireachta Rómhánaí. Déantar idirdhealú ann idir an chumhacht theamparálta agus an chumhacht spioradálta ach aithnítear an dá réimse. Leis an Risorgimento, ámh, tosaíodh ar bhrí nua ar fad a thabhairt don laicità: ní scaradh na gcumhachtaí taobh istigh den Domhan Chríostaí a bhí i gceist feasta, ach deireadh a chur le coincheap sin an Domhain Chríostaí. I laicità idé-eolaíoch sin an stáit nua, laicismo, bhí dearcadh frithchléireach, agus go deimhin frithchríostaí, i réim i measc na haicme ar bhain Lorenzini léi.

6 Is fiú an chodarsnacht ag croí an náisiúnachais san Iodáil nua a bhéimniú anseo. Ó thaobh an chultúir de, ní raibh aon ní i bpáirt ag ‘réigiúin’ uile na hIodáile seachas an creideamh Caitliceach ach, chun an t-aontas polaitiúil a chur i gcrích, dar leis na hIodálaigh Aontaithe, ba ghá an creideamh úd i bpáirt a chur faoi chois. (A mhalairt de chás, go híorónta, a bhí ann cúpla bliain ó shin nuair a bhí 150 bliain den stát Iodálach á cheiliúradh mar ba í an eaglais a bhí ar thús cadhnaíochta ag moladh do na réigiúin éagsúla gan briseadh ina náisiúin bheaga neamhspleácha ach fanacht le chéile in aon stát amháin.) Mar sin de, d’fhéadfaí Eachtra Phinocchio a léamh mar léiriú ar chuid d’idé-eolaíocht na haimsire briseadh leis an seanréimeas, an ancien régime, a raibh a fhréamh go soiléir sa chreideamh Chaitliceach agus ar bhain leis (Biffi 2012a: 18–22).

7 Ar an láimh eile, in ainneoin gur ghlac Lorenzini páirt ghníomhach i Réabhlóid Mazzini, níl aon rian den Iodáil nua sin ar throid sé ar a son sa leabhar ach oiread. Go deimhin, b’éasca an léamh sochstairiúil a sheachaint ar fad is a mhaíomh go bhfuil an scéal lonnaithe in aimsir mhiotasach shíoraí na seanscéalta. Ach os a choinne sin, briseann Collodi go sonrach ag tús an leabhair le tús coinbhinsiúnta an tseanscéil san Iodáilis: ‘C’era una volta un re’ (1883). Cuireann Lorenzini, poblachtach, an ‘Rí’ dá áit ag barr an scéil agus, in ionad a mhórgachta, cuireann an t-údar píosa adhmaid den dara grád:

Bhí ann tráth…

‘Rí’ a déarfaidh na léitheoirí beaga láithreach. Níorbh ea, a leanaí, tá dearúd oraibh. Smután adhmaid a bhí ann. Níor smután d’adhmad dhílis féin é ach smután connaidh — ceann de na smutáin a cuirtear sa teallach chun na tine a dheargadh agus chun na dtithe a thé (2003: 7).

Scéal an údair

8 Is annamh nach mbíonn fulaingt nó íobairt de shaghas éigin taobh thiar d’aon saothar álainn litríochta. Agus ba ghéarchéim fhulaingthe a thug ar Carlo Lorenzini é féin a thiomnú do shaothrú na litríochta do dhaoine óga. Ba tar éis dó na blianta 1848–60 a chaitheamh leis an arm Phoblachtach agus leis an iriseoireacht ar son na cúise a bhuail an ghéarchéim sin é. I ndiaidh dó filleadh ón chogaíocht, bhí Lorenzini go mór in ísle brí de dheasca a dhíomá leis an réabhlóid agus leis an chur chuige idé-eolaíoch a bhain léi. Mar seo a leanas a scríobh sé ina nuachtán La Nazione in 1860: ‘Tutto è favola in questo mondo, tutto è invenzione, dall’idea di Mazzini fino all’Ippogrifo de l’Ariosto,’ is é sin, ‘Scéal sí is ea gach ní sa saol seo; cumraíocht is ea an uile ní, ón idéal sin Mazzini go dtí Each-Ghrifín Ariosto’ (Biffi 2012a: 23) (file ba ea Ariosto (1474–1533) agus b’ainmhí miotasach de chuid a shamhlaíochta an Ippogrifo).

9 D’fhéadfaí ráiteas díomuach sin Lorenzini a léamh mar ‘nihileachas,’ gur constráid shaorga de chuid shamhlaíocht dhallamullógach an duine é an uile ní, an réasún féin san áireamh. Sa ‘nihileachas’ sin, níl aon réaltacht oibiachtúil amháin ann ná aon dlí morálta nádúrtha uilíoch ann; go deimhin, is bolscaireacht í gach reacaireacht mhór, go háirithe reacaireacht mheitifisiciúil: ní hann d’aon fhíorchuntas oibiachtúil ar an réaltacht; níl ann ach leaganacha éagsúla nó cuntais éagsúla ar an ‘réaltacht’. Ní gá a rá nach fíor-nihileachas agat é má chreideann tú i ndo-earráideacht an fhoirceadail sin, nó go deimhin i mbailíocht do bhreithiúnais féin. I gcás an fhíor-nihileachais, ní dhéantar foirceadal den tuairim nach ann d’aon réaltacht oibiachtúil, ach nach bhfuil ann ach cuntais éagsúla ar an ‘réaltacht’ — faoi mar a dhéantar san iarstruchtúrachas mar a chleachtar go rómhinic i réimsí na litríochta agus na healaíne é. I gcás an fhíor-nihileachais, ní bhíonn aon eacstais phaiseanta chollaí nó jouissance ann, faoi mar a mhaífeadh an t-iarstruchtúraí, ach taom pianmhar amhrais. Fulaingt phianmhar is ea an smaoineamh gur cumraíocht is ea an uile ní. Taghd díomá, tubaiste mearbhaill agus géarchéim lagmhisnigh is ea an nihileachas a fhágann an duine in ísle brí faoin bheatha nach dtuigtear aon bhrí a bheith léi. D’fhéadfaí fógra sin na géarchéime a léamh ar shlí eile fosta, áfach — mar bhriseadh tríd, mar léaspairt tuisceana faoi bhrí agus faoi thábhacht an scéil: cumraíocht is ea an uile ní! Sa léamh seo, tuigtear an scéal sí, ní hamháin mar chumraíocht ealaíonta, ach mar eispéireas a iompraíonn bríonna uilíocha síoraí.

10 Feasta níor chreid Lorenzini sna haislingí a spreag chun cogaíochta é, faoi mar a chreideadh go dtí sin. Ní hé gur dhiúltaigh sé dá shean-idéil, ach níor shásaigh siad é feasta. Rinne Lorenzini gearán go háirithe faoi la legge Coppino, an dlí Poblachtach a bhrúigh scolaíocht éigeantach ar pháistí is a choisc orthu foghlaim faoin chreideamh ar scoil, ar ábhar sóláis agus dóchais do na boicht é, dar le Biffi (2012b: 206; 2012a: 24–25). De dheasca na scolaíochta dí-eaglaisithe, dar leis, d’imeodh an creideamh, ach d’fhanfadh an phisreogacht. Bhí Lorenzini sceiptiúil faoi sceipteachas an phoblachtachais ar throid sé ar a shon.

11 Ach má bhuail taom lagmhisnigh Lorenzini, ba é a shábháil é, b’fhéidir, nár ghéill sé do thuairimí réamhdhéanta na náisiúnaithe, grúptinc na haimsire. In ionad géilleadh do mhacsmaointe agus do scillingsmaointe a aicme féin agus an aosa intleachta, chuaigh sé ar oilithreacht faoina anam féin, dar le Biffi. As an ghéarchéim sin, agus as an tóir ar a fhéiniúlacht féin a lean í, a tháinig Eachtra Phinocchio. Faoin ainm Collodi, thiontaigh sé a chuid fuinnimh mar scríbhneoir i dtreo na litríochta do leanaí. B’fhéidir nach mbeadh leanaí chomh dúnta ina n-aigne ná ina samhlaíocht ná chomh mór faoi sheachmall na bolscaireachta is faoi mhearbhall na gclaontachtaí is a bhí na daoine fásta a bhí tar éis díomá chomh mór sin a fhágáil ar Lorenzini. I gcodarsnacht lena dtuismitheoirí, ní bhíonn leanaí gafa ag idé-eolaíochtaí polaitiúla a dhruideann an aigne. Is cosúil gur shíl Lorenzini oscailteacht úr agus fírinne éigin agus ionracas a bheith i scéalta sí do pháistí seachas sna scéalta sí a chumfadh daoine fásta dóibh féin. D’aistrigh sé scéalta le Charles Perrault mar I racconti delle fate, a foilsíodh in 1876, agus roinnt eile leabhar do dhaoine óga sna blianta a lean. San athrú treo sin, feiceann Biffi cinneadh Lorenzini dul le friotháil agus le freastal ar na daoine beaga seachas le toil chun cumhachta na réabhlóide, leis an duine óg seachas leis an Osduine. B’fhéidir go raibh ionracas á lorg aige i soineantacht agus i samhlaíocht an pháiste a bhí, dar le Lorenzini, taobh thall den bholscaireacht pholaitiúil. Tá rian den díomá a d’fhág an réabhlóid agus ar lean í air le feiceáil sa leabhar sa dearcadh diúltach a léirítear i dtaobh na n-údarás stáit agus an tsaoil phoiblí. I gcaibidil 3, tagann na póilíní chun cuidiú leis an ord phoiblí a chaomhnú, ach téann dea-thoil sin na bpéas ar sceamh ar fad agus gabhann siad an duine neamhchiontach, Geppetto. Scaoiltear saor cúis na trioblóide, Pinocchio. I gcaibidil 19, léiríonn Collodi a shoiniciúlacht i dtaobh oibriú na cúirte agus chóras an chirt agus na córa:

Moncaí críonna den chine gorilla ab ea an breitheamh.

D’éilimh Pinocchio an dlí a chur i bhfeidhm ar na bithiúnaigh. D’éist an breitheamh go foighneach leis an scéal. Chuir sé suim mhór ann. Chorraigh an scéal é. Do rug sé ar chloigín agus do bhuail, nuair a bhí deireadh ráite ag an mbabliac. Tháinig dá mhaistín i láthair agus éide fir feadhma orthu. Duairt an breitheamh leo agus é ag bagairt a chinn i dtreo Phinocchio: ‘Do goideadh cheithre boinn óir ón nduine bocht mí-ámharach san. Beiridh air dá dheascaibh sin, agus cuiridh fé ghlas go daingean é!’ (2003: 65).

Críocha éagsúla: ón Russian ending go dtí an eucatastrophe

12 Tá cuid d’aidhm an údair agus de bhrí an leabhair seo le fáil ach súil a chaitheamh ar stair shuimiúil a chumtha. Is i gcúig shraith déag a foilsíodh an bunleagan den scéal, La storia di un burattino. Ar an 27 Deireadh Fómhair 1881 a foilsíodh an chuid deiridh den chéad sraith (Biffi 2012a: 36). Crochadh Pinocchio agus fágadh marbh é. Tá an deireadh bunaidh sin anois ar fáil i gcaibidil 15 den leabhar reatha: crochadh agus bás Phinocchio. Ní thig sin a léamh gan na macallaí soiléire le céasadh Chríost ar an chroich a thabhairt faoi deara: ‘Agus ansin d’éigh Íosa os ard, agus ar seisean, “A Athair, tiomnaím mo Spiorad i do lámhasa!” Agus nuair a bhí sin ráite aige, d’fhág an anáil é’ (Lúcás 23:46). Glaonn Pinocchio go pianmhar ar a athair grámhar trí huaire:

Cé gur mhothaigh sé an bás ag druidim leis, bhí sé ag brath go gcasfaí sa treo duine éigin a dhéanfadh fóirithint air. Ach b’shin é an bhraich nár dhein a lionn do. Duairt sé agus glothar an bháis ’na scórnaigh: ‘A dhaid, a chroí ’stigh! Dá mbeifeása anso! …’ Ní raibh ann a thuilleadh a rá. Dhún a shúile. D’oscail an béal. Thug sé na cuir, agus mar a dúradh leis, bhí sé mín macánta (2003: 52).

13 Cé gur deacair do ghlúin a tógadh ar mhaoithneachas Disney é a chreidiúint, bhí sé i gceist ag Collodi a scéal do leanaí a chríochnú sa tslí sin. ‘Fine’ a scríobh sé ag deireadh an tsleachta sin nuair a foilsíodh é in Giornale per i bambini, rud a léiríonn rud éigin faoina shaoldearcadh doirbh, ag an am, i leith chás agus chinniúint an duine. Ach is í an fhulaingt choscrach sin, an robáil, an sciúrsáil agus an crochadh, is í an fhulaingt sin a dhaonnaíonn an puipéad adhmaid. Feasta is bráthair leis an léitheoir é Pinocchio. Tuigtear don léitheoir nach dtig le Pinocchio a bheith ina fhíordhuine gan glacadh leis an bhás fosta. Ní daonnacht go mortlaíocht. Déantar daonnú ar an bhabliac nuair a bhlaiseann sé rúndiamhair scáfar an bháis. Ceithre mhí i ndiaidh a fhoilsithe sin in Giornale per i bambini, áfach, d’éiligh na léitheoirí óga go mbeadh Collodi dílis d’inspioráid an leabhair. Tagann, gan amhras, an grá agus an bás salach ar a chéile. Éilíonn an grá an tsíoraíocht; diúltaíonn an grá d’éigniú sin an bháis a fhógraíonn deireadh leis an chaidreamh. Dá bharr sin, níor ghlac léitheoirí óga le críoch sin an chrochta a theacht ar a gcara, Pinocchio. Mar sin de, ar 16 Feabhra 1882, d’aiséirigh Pinocchio ó na mairbh.

14 Thig linn, is dóigh liom, ‘eucatastrophic transfiguration’ a thabhairt ar aiséirí sin Phinocchio, téarma a úsáideann John Milbank agus The Winter’s Tale le Shakespeare á phlé aige (Milbank 2003: 151). Ó Tolkien a fhaightear an téarma sin ‘eucatastrophe’; thugadh sé ‘eucatastrophe’ ar an réiteach deiridh sa seanscéal nó sa síscéal. Dar le Tolkien ina aiste ‘On fairy-stories,’ ní raibh i gcríoch shona an tsíscéil ach réamhbhlas ar aiséirí Chríost nó réamh-ullmhúchán dó, nó tnúthán leis (Tolkien 1986: 15). Dar le Tolkien, tugann an scéal sí, agus an chumraíocht i gcoitinne, seans don duine tarraingt siar ón saol agus amharc arís go feiniméaneolaíoch ar an domhan ó pheirspictíocht sheachtrach shaol eile sin an tsíscéil. Bhéarfadh duine ‘éalúchas’ go cáinteach, b’fhéidir, ar chríoch shona an tseanscéil i gcoitinne, agus ar chinneadh Collodi go sonrach imeacht ón scríbhneoireacht pholaitiúil i dtreo na scríbhneoireachta do leanaí. Ach ní éalú ón réaltacht é, dar le Tolkien. Tugann an síscéal seans don duine éalú, i gciall mhaith, óna staid mar chime. Níl sé folláin go gcaithfeadh an cime a chuid ama uile ag smaoineamh ar ghardaí príosúin is ar chillíní coinneála, a mhaígh Tolkien; ní mór dó éalú. Mar sin de, éalú is ea an chumraíocht, an poiesis, éalú ón sclábhaíocht chun na saoirse. Is é an tIonchollú féin, dar le Tolkien, an t-éalú par excellence, slí éalaithe curtha ar fáil ag Dia don duine, slí éalaithe ó mhallacht a choinníll agus ón sclábhaíocht. Slánú is ea daonnú Phinnochio, fuascailt ar a staid mhallaithe mar sclábhaí, is é sin, mar phuipéad.

Glór an choinsiasa

15 Tá patrún sa leabhar seo: fágann Pinocchio Geppetto; téann sé ar strae go míchomhairleach; filleann sé ar nós an mhic dhrabhlásaigh, ag caoineadh is ag gol, ar a athair. Titeann an patrún seo amach roinnt mhaith uaireanta sula bhfoghlaimíonn Pinocchio i gceart nach ionann reibiliúnacht is saoirse. Bíonn ‘coinsias’ nó glór éigin a chuireann comhairle a leasa air le cloisteáil minic go leor. Seasann Píobaire an Teallaigh, urchuil, do ghlór an choinsiasa, an glór inmheánach a insíonn don duine cad é atá maith agus cad é atá olc. I gcaibidil 4 i dtosach a chastar orainn Píobaire an Teallaigh:

… chualaigh sé rud éigin sa tinteán ag déanamh ‘crinc! crinc! crinc!’

‘Cé ’tá ag glao orm?’ arsa Pinocchio, agus sceit ’na chroí.

‘Mise atá ann’ (2003: 17).

16 I léamh Biffi (2012b: 59), tá macallaí soiléire anseo de tetragrammaton cáiliúil an Bhíobla, ‘Is mé an té atá ann,’ is é sin, Dia á chur féin in aithne do Mhaois in Eacsadas 3:14 agus an Críost á chur féin in aithne in Eoin 18:6. (Ní iompraíonn, áfach, ‘Mise atá ann’ an aistriúcháin anseo aon mhacalla bíobalta róláidir don léitheoir Gaeilge, faoi mar a dhéanann ‘Sono io’ na hIodáilise do Biffi.) Ach ní éisteann Pinocchio le guth sin an choinsiasa agus, ar ball, múchann an babliac ar fad é:

D’fhéach Pinocchio i dtreo na háite ’nar airigh sé an glór ag teacht as, agus do chonaic sé an urchuil, ag snámh suas fean fhalla.

‘Innis dom, a urchuil,’ arsa Pinocchio, ‘cé thu féin?’

‘Is mise Píobaire an Teallaigh agus táim im chónaí san áit seo le breis agus céad blian.’

‘Bíodh sin mar atá, ach is liomsa an áit seo anois,’ arsan babliac, ‘agus b’é do leas ’bheith ag bailiú leat féin láithreach, agus gan oiread agus féachaint id dhiaidh.’

‘Ní imeod as an áit seo,’ arsa Píobaire an Teallaigh, ‘go n-insead fírinne dhuit.’

‘Innis dom é,’ arsa Pinocchio, ‘agus ná bí i bhfad leis.’

‘Is mairg do na garsúin,’ arsan Píobaire, ‘ná gabhann leor le comhairle a n-aithreacha agus a máithreacha’ (2003: 17).

‘Ar mhaith leat me a ínsint duit … ná fuil ach an t-aon cheárd amháin de cheárdaibh an domhain go léir, a bheadh chun mo thoile?’

‘Agus cad í an cheárd í sin, led thoil?’ arsan Píobaire.

‘Cead a bheith agam ar ’bheith ag ithe is ag ól is ag codladh, gan bac a bheith orm ’bheith ag gluaiseacht ó áit go háit, agus caitheamh aimsire ’bheith agam ó mhaidean go hoíche,’ arsa Pinocchio (18).

‘Is cad ’na thaobh go bhfuil an trua go léir agat dom?’ arsa Pinocchio.

‘Mar is babliac tu agus, rud is measa ná san, tá ceann adhmaid ort,’ arsa Píobaire an Teallaigh.

Nuair a airigh Pinocchio an méid sin, do léim sé ’na shuí, agus é ar buile. Do rug sé ar mháinléad a bhí ar an bhfuarma is do raid sé leis an bPíobaire é.

B’fhéidir gur cheap Pinocchio ná tiocfadh leis é ’bhualadh, ach mar ba mhí-ámharaí ar domhan é, d’aimsigh sé Píobaire an Teallaigh díreach sa cheann.

Is ar éigin d’fhéad an Píobaire bocht ‘Dia lem anam’ a rá sarar sclog sé, is d’fhan sé ansúd ceangailthe den fhalla (18).

17 I ndiaidh do Phinocchio a choinsias a mharú, buaileann an babliac amach sa saol go neamhspleách dó féin. Gan tacaíocht óna athair ná ón Phíobaire, áfach, tiontaíonn an saol i gcoinne Phinocchio gasta go leor. Ag pointe tábhachtach ina aistear eachtrúil, baineann Pinocchio amach Tigh Ósta an Phortáin Ruaidh (L’osteria del Gambero Rosso) mar a dtagann an Cat agus an Sionnach i dtír air go mímhacánta. Titeann Pinocchio in umar na haimléise arís anseo agus bíonn mar a bheadh ‘oíche dhorcha an anama’ ann aige. Gan an t-athair, fágtar Pinocchio san fhásach mheitifisiciúil. Ach is le linn na hoíche dorcha uaigní seo a mhúsclaítear an athuair coinsias Phinocchio. Cé gur mharaigh Pinocchio Píobaire an Teallaigh le máilléad níos luaithe sa scéal, is deacair an coinsias a chloí nó a mhúchadh ar fad. Anseo castar samhail Phíobaire an Teallaigh arís go taibhsiúil ar Phinocchio:

Lena linn sin, agus é ag cur a bhóthair de, do chonaic sé ar ghéig crainn feithide ana-bheag ar fad go raibh solaisín liathbhán dlúthdhorcha aici á thabhairt uaithi. Ba dheallrach le caochóigín solais istigh i dtreillseán í.

‘Cé hé tu?’ arsa Pinocchio leis an ainmhí.

‘Mise samhail Phíobaire an Teallaigh,’ arsan t-ainmhí beag á fhreagairt, de ghlóirín chomh lagbhríoch san gur dhóigh leat gurbh as an saol eile a tháinig sé.

‘Cad a bheir ansan tu?’ arsan babliac.

‘Chun comhairle a thabhairt duit. Fill thar n-ais abhaile, is beir leat chun t’athar bhoicht na boinn óir atá fanta it sheilbh’ (2003: 45).

18 Ní minic a ligeann an t-aistritheoir síos muid. Eisceacht is ea an tiontú ar abairt deiridh na caibidle seo, caibidil 13: ‘Appena dette queste ultime parole, il Grillo-parlante si spense a un tratto, come si spenge un lume soffiandoci sopra, e la strada rimase più buia di prima’ (1883). Abairt í atá fíorthábhachtach. Tá Pinocchio i ndiaidh diúltú do chomhairle thaibhse Phíobaire an Teallaigh agus, dá réir, sna caibidlí a leanas, tá sé ar tí é féin a chur i gcontúirt shaolta: ‘Chomh luath is do bhí an focal deireanach so ráite ag Samhail Phíobaire an Teallaigh, do chuaigh an solas i n-éag is do fágadh Pinocchio ag ganncaíol sa doircheacht’ (2003: 45). Ní éiríonn leis an aistriúchán sin drámatúlacht an bhuntéacs a thabhairt leis i gceart. Sa chás áirithe seo, agus ní minic é, is fearr leis an údar seo an t-aistriúchán Béarla seo a leanas, a d’fhoilsigh Collins Classics, ach nach luaitear ainm aistritheora leis: ‘and the path was darker than before’ (Collodi 2012: 42). Ach ní bhíonn saoi gan locht, agus is beag an gearán é sin i ndáiríre maidir le saothar aistriúcháin atá sárchumasach.

19 Ag deireadh an leabhair, tar éis an anró uile, déanann Pinocchio síocháin lena choinsias féin i ndiaidh dó breith ar a aiféala is aithrí a dhéanamh:

‘Ó, a Phíobaire, a chroí ’stigh, an tu atá ann?’ arsan babliac a’ beannú dho go béasach …. ‘Ná bíodh trua ná taise agat dom, ach bíodh trua agat dom athair bhocht,’ arsan babliac (2003: 137).

20 Tríd na heachtraí iliomadacha uafásacha ar fad, bíonn Cailín na Gruaige Goirme faoina clónna éagsúla ag fóirithint agus ag faire ar Phinocchio, agus tacar ainmhithe agus mionchréatúr cosúil le Píobaire an Teallaigh, an Caitín, an Leoscnuimh nó an Londubh Bán nó an Bullamán ag cur comhairle a leasa air. Tagann an t-aistear crua chun buaice nuair a shlogann an Míol Draide Pinocchio (Collodi 2003: 125). Bás siombalach is ea é, ar ndóigh, Pinocchio a bheith slogtha ag an Mhíol Draide (féach na macallaí le scéal Ioná sa Bhíobla). Ag deireadh an scéil, beidh athbhreith i ndán do Phinocchio ach, roimhe sin, tá athmhuintearas le déanamh ag Pinocchio le Geppetto. Istigh i mbolg an Mhíl Draide, casann Pinocchio ar sheanduine ‘beag críonna, go raibh a chuid gruaige agus a chuid éadaigh chomh geal le lítis’ (2003: 129). Aithníonn Pinocchio gurbh é a athair, Geppetto, atá ann:

‘A Dhaid, a dhaid, a dhaid is tu atá ann, is is mise do mhac féin Pinocchio!’ ….

Nuair a thuig an t-athair nár bhaol do feasta feánna an mhic do bhog a chroí agus do thóg sé ’na ucht é agus duairt:

‘Má bhrisis mo chroí tá an lot leighiste anois agat’ (2003: 129).

21 Ag deireadh an leabhair, cuirtear an claochlú a bhí ó Phinocchio i gcrích. Déantar fíorbhuachaill de Phinocchio faoi dheoidh:

‘Ach cár ghoibh an seana-bhabliac adhmaid go dtugtaí Pinocchio air, ná feicim é?’ arsan mac.

‘Féach! Sid é thall é,’ arsan t-athair á thaispeáint do. Bhí babliac mór caite i gcoinnibh suíocháin a bhí ann (2003: 142).

Amú san fhantaisíocht

22 Téama mór sa leabhar is ea an saol bréige a ndéanann naimhde Phinocchio iarracht é a mhealladh leis. Saol bréige de chuid na fantaisíochta é a thairgeann siamsaíocht agus só, ach nach bhfuil ann ach daoirse na sclábhaíochta. Is dóigh go labhraíonn an ghné sin den leabhar go beo linn sa lá atá inniu ann. I gcaibidil 12, buaileann Pinocchio leis an Chat agus leis an Sionnach, a sheasann don Olc. Tosaíonn siad ag iarraidh Pinocchio a mhealladh le geallúintí bréagacha den saghas a mbeadh taithí ag léitheoir an lae inniu orthu ón fhógraíocht agus ón bholscaireacht. Déanann, cuirim i gcás, an Cat agus an Sionnach athrá ar ráitis a chéile ar shlí a meabhródh an nós ag lucht fógraíochta a gcuid ráiteas a athrá mar a bheadh níochán intinne ann. Gan amhras, seachmall is ea ‘Machaire na Míorúilthí’ s’acu. Tugann cuid geallúintí bréige an Chait agus an tSionnaigh le fios do Phinocchio nach leor a bhfuil aige cheana, go bhfuil a shaol teoranta, agus nach fada go mbeidh maoin thar meon aige:

‘Bheadh dhá mhíle bonn óir déanta ded chúig cinnse as so go dtí amáireach,’ arsan Sionnach.

‘Dhá mhíle, a’ dtuigeann tú! Is neamhchoitianta an bhreis í,’ arsan Cat.

‘Ach conas ’fhéadfadh an bhreis sin a theacht orthu i n-ao’ chor?’ arsa Pinocchio agus é ’na stalcadh le hiúnadh. ‘Ní chreidfinn ná gur le diablaíocht nó draíocht a déanfaí a leithéid.’

‘Míneodsa láithreach duit conas a déanfar é,’ arsan Sionnach. ‘Tuig go bhfuil machaire beannaithe ar a nglaotar Machaire na Míorúilthí i dTuath na gCaochóg ….

‘Ba lag linn-na ’bheith ag obair ar son toice diombuan an tsaeil! Ní hé sin an fáth go mbímídna ag obair! Ní hé sin! ach díreach chun daoine eile a dhéanamh saibhir.’

‘Chun daoine eile a dhéanamh saibhir,’ arsan Cat (2003: 40–41).

23 Le linn a aistir chun a bheith ina fhíorbhuachaill, buaileann cumha Pinocchio, ó thráth go chéile, cumha i ndiaidh a sheanchoinníll mar dhuine maide, cumha i ndiaidh na sclábhaíochta. Tarraingíonn, cuirim i gcás, soilse na hamharclainne Pinocchio ar ais chuig a sheansaol mar phuipéad. Aithneoidh an léitheoir comhaimseartha cathú úd fhantaisíocht na siamsaíochta. Téann an babliac, nuaghléasta, dhá chois úra faoi agus aibítir úr (leabhar scoile ABC) ina ghlaic aige, téann sé ar scoil agus ard-aidhm agus uaillmhian ina chroí aige. Ach cuirtear dá threo agus dá threoir é nuair a fheiceann sé go bhfuil amharclann na mbabliac ar an bhaile (caibidil 10). Aithníonn babannaliac na hamharclainne, Coilichín Coc (Arlecchino), Circín na Lópaí (Pulcinella) agus Ruaiteoigín uasal (La signora Rosaura), aithníonn siad Pinocchio mar dheartháir atá d’aon saghas agus d’aon substaint leo. In ainneoin na cosúlachta idir Pinocchio agus iad, áfach, tá éagsúlacht bhunaidh amháin: tá athair ag Pinocchio, agus is athair grámhar é go deimhin, agus dá réir sin, tá mianach na saoirse i bPinocchio. Díol suntais go ndéanann máistir tíoránach na mbabliac, Alpaire na Gríosaí, trócaire air nuair a fhoghlaimíonn sé go bhfuil athair ag Pinocchio.

24 Ach tá streachailt i gcroí Phinocchio, streachailt idir a mhian dul ar bhóthar fada na fulaingthe i dtreo an daonnaithe agus saol siamsúil neamhréalta na fantaisíochta. Buaileann cumha Pinocchio i ndiaidh a sheansaoil a bhí ‘saor’ ó dhúshlán na saoirse agus na fulaingthe a ghabhann léi. Tá rogha le déanamh ag Pinocchio. Agus in ainneoin go ligeann sé air féin nach bhfuil aon rogha chinnte dheifnídeach aige á déanamh, go praiticiúil roghnaíonn sé cúlú siar ó dhúshlán na saoirse chuig a nádúr bunaidh mar phuipéad: ‘Raghad ag éisteacht le ceol na bhfeadán inniu, is raghad ar scoil amáireach. Tá fuíollach aimsire agam chun dul ar scoil’ (2003: 30). Seachmall atá san ‘amáireach’ sin, gan amhras, má léitear an leabhar faoi mar a léann Biffi é, is é sin, mar scéal a bhaineann le gairm phráinneach an duine chun a bheith iomlán daonna. Is ionann a bheith i d’fhíordhuine is a bheith réidh roghanna deifnídeacha a dhéanamh agus glacadh le freagracht na saoirse. Ní bhíonn féinfhlaitheas ag babliac; ní thig leis roghanna a dhéanamh. Más compordach féin é saol an phuipéid, is sclábhaí é: ní bhíonn smacht aige ar na mothúcháin a bhogann é, ná ar mhianta a thiomáineann é nó a ghluaiseann tríd, ná ní bhíonn smacht aige ar a ghníomhartha. Ní tharraingíonn puipéad a shreanga féin.

Tír na mbréagán

25 Sampla eile de théama sin chathú mealltach na fantaisíochta mar mhalairt ar an réaltacht is ea an uair atá Pinocchio ar tí claochlú ó bheith ina bhabliac chun a bheith ina fhíorbhuachaill, agus tagann cathú air titim an athuair siar chun na fantaisíochta. Castar air a chara Romeo nó Buaicisín (Lucignolo) a bhfuil malairt cinnidh déanta aige — éalú óna shaol baile ‘daonna’ go dtí Paese dei Balocchi, tír na mbréagán (nó ‘Baile an Ghrinn’ mar a thugann Ó Buachalla air). Ní leabhar débhríoch ar chor ar bith é Eachtra Phinocchio chomh fada is a bhaineann sé leis an mhaith is leis an olc. Tá idirdhealú soiléir absalóideach ann idir an dá rud sin, rud nach nglactar leis i gcónaí, fiú sa litríocht do dhaoine óga. I nglanchodarsnacht le hidé-eolaíocht Risorgimento an naoú céad déag a ‘shoilsigh’ gurbh é an duine daonna, agus é amháin, údar an oilc a bhíonn ag gabháil den saol, i leabhar Collodi tá a leithéid de rud is olc seachtrach neamhdhaonna ann a thagann ón taobh amuigh de féin chun an duine a mhilleadh. I gcaibidil 31, castar an t-olc orainn i bpearsa Leithineoigín (Omino) a thiomáineann an cóiste lán gasúr chuig Baile an Ghrinn. Duine deas é an fear seo, de réir dealraimh, béasach agus lách. Sa traidisiún Chríostaí, duine béasach cineálta é an frith-Chríost, de réir dealraimh agus, dá réir sin, is neach é a chuireann seachmall ar dhaoine. ‘Ar mhaith leatsa, a bhuachaill bháin, dul go dtí an tír shuairc?’ (2003: 109). Is é Leithineoigín Prionsa an domhain seo, an Sátan, dar le Biffi (2012a: 46–52).

26 Ceann de na rudaí a mheallann Pinocchio ar shiúl ó bhealach a leasa chuig Baile an Ghrinn ná an gheallúint nach mbeidh scolaíocht ná máistrí scoile ann: ‘ “An bhfuil se cruinn agat ná beidh d’fhiachaibh ar gharsúin ’bheith ag foghlaim ansúd?” arsan babliac. “Ní fhéadfadh an scéal ’bheith níosa chruinne agam!” arsa Buaicisín’ (108). Agus ar ball beag nuair a dhéanann Collodi botúin litrithe in aon turas san Iodáilis chun easpa oideachais na mbuachaillí falsa a thaispeáint agus an litriú ceart idir lúibíní ina ndiaidh, ní dhéanann an Buachallach iarracht na botúin a aistriú ach cuireann abairt bhreise isteach ina aistriúchán, nach bhfuil sa bhuntéacs, ag míniú gur bhotúin iad. Mar sin de, aistrítear ‘Viva i balocci (invece di balocchi); Non vogliamo più schole (invece di Non vogliamo più scuole): Abbasso Larin Metica (invece di l’aritmetica)’ mar seo a leanas: ‘ “Gura fada buan fé réim do shúgradh is do ghreann!”, “Fán fada ar scoileanna!”, “Scaipeadh agus ruag ar uimhríocht!”, ach bhí mórán de na focail agus an litriú go dona orthu’ (113).

Cad is daonnaí ann?

27 Ag tús an leabhair is babliac adhmaid é Pinocchio agus, ag deireadh an leabhair, tar éis mórán anró, is fíorbhuachaill daonna é. Pléann Eachtra Phinocchio leis an cheist faoi cad is daonnaí ann. Cad é a dhéanann ‘fíor’ an duine? Is ceist bheo í inniu níos mó ná riamh. Is í antraipeolaíocht an leabhair a dhéanann ábhartha do dhaoine fásta san aonú haois is fiche é. Is ceardaí é Geppetto atá ag iarraidh a bheith ina ‘dhaid’; tá fís chruthaitheach aige don smután adhmaid. Feiceann sé tionscnamh úr ann agus séideann sé anam ann. Creideann Geppetto go dtig leis rud nua a dhéanamh nach ndearnadh cheana roimhe, babliac a bheidh saor chun a bheith ina chompánach ag a cheardaí (9). I gcodarsnacht leis sin tá cara Geppetto, Silín Ceardaí (Maestro Ciliegia), cúng agus dúnta ina aigne. Dar leis, ní hann d’aon rud nach bhfeiceann sé lena dhá shúil. Seo é an dearcadh ábharaíoch a shíleann nach bhfuil ann ach pisreoga aon iarracht an chuid dhofheicthe dár n-eispéireas daonna a thuiscint i dtéarmaí an anama. I gcodarsnacht le Geppetto, ní chreideann Silín Ceardaí ach san ábhar neamhbheo. Dó féin, níl i smután adhmaid ach smután adhmaid, damhna go díreach. Ábhar tábla is ea smután adhmaid, dar le Silín Ceardaí, tábla eile cosúil leis na táblaí uile a rinneadh cheana roimhe. Mura bhfeiceann muid i nithe an tsaoil seo ach oibiachtaí le sealbhú nó le húsáid, fanfaidh muid dall ar fhíornádúr na nithe sin agus ar a gceangal leis an saol eile. Inniu tá an claonadh ábharaíoch sin á neartú ag an bhrú a chuireann an teicneolaíocht orainn an domhan a thuiscint mar shonraí, data. De réir tuisceana eile traidisiúnta, is tabhartais iad na rudaí uile atá thart orainn, tabhartais a tíolacadh orainn. Sa dispeansáid dhí-eaglaisithe, áfach, is cinnteachtaí neamhghníomhacha, inert givens (Milbank 2003: xi), iad. Sa dispeansáid Chríostaí tá gné éigin de dhúchas an Chruthaitheora san uile ní, go fiú i smután adhmaid, ach sin a aithint. Tuigtear an domhan mar thabhartas (donum) seachas mar inert given (datum). Má tá blas teibí na fealsúnachta ar na téarmaí sin inert givendatum, féach go mbíonn an uimhir iolra data in úsáid go laethúil againn agus go bhfuil claonadh ionainn, de dheasca na teicneolaíochta, ár ngaol leis an domhan a thuiscint i dtéarmaí data. Féach ráiteas misin Google ‘to organize the world’s information and make it universally accessible and useful’ (2009). Ach is é an toradh a bhíonn ar an tionscadal sin go minic ná go n-éiríonn muid cleachta ar an domhan a fheiceáil i dtéarmaí na faisnéise amháin agus go meastar neamhthábhachtach an chuid neamhthomhaiste den saol. Sa tslí sin, tá an réaltacht á réaduchtú orainn, dar le Biagini; don té a chaitheann súile digiteacha, níl sa saol ach faisnéis ná sa réaltacht ach teibíocht mhatamaiticiúil (Biagini 2012). Tá an digitiú ag coilíniú an tsaoil, más fíor do Biagini, agus ag déanamh sclábhaí den duine chomhaimseartha (cuirtear i gcás, easpa ama ‘dhícheangailte,’ nach bhfuil truaillithe ag teicneolaíocht). B’fhéidir go síltear go bhfuiltear saor, agus i gceannas ar na ríomhairí, ach cé a tharraingíonn na ‘sreanga’ i ndáiríre?

28 Cén bhaint atá aige sin le Eachtra Phinocchio? Táthar ag maíomh anseo go bhfuil na ceisteanna a ardaíonn Eachtra Phinocchio chomh beo san aonú haois is fiche agus a bhí nuair a scríobhadh an leabhar. Spreagann Pinocchio muid chun machnamh a dhéanamh ar bhuncheist atá á hardú de dheasca íoladhradh na data: cad a dhéanann daonna an duine? Cad is anam ann? Cad is saoirse ann? Bhí Eachtra Phinocchio mar inspioráid ag an scannán A.I. Artificial Intelligence (2001) a stiúir Steven Spielberg ina dtéann róbat ar thóir na Síóige Goirme chun go gclaochlófaí ina fhíorbhuachaill é. (Tagraítear go díreach do leabhar Collodi ann). Tuarann Ray Kurzweil, stiúrthóir innealtóireachta Google, go mbainfidh róbait is ríomhairí ‘singularity’ nó uathúlacht amach faoi 2045; is é sin le rá go mbeidh, dar leis, an intleacht shaorga ar aon leibhéal le hintleacht an duine agus rachaidh an intleacht shaorga sin chun tosaigh ar intleacht an duine ina dhiaidh sin (Gelernter 2014). Ina dhiaidh sin, de réir aislinge áirithe, beidh ar chumas an duine a intinn a uasluchtú chuig gléas agus ‘mairfidh’ an duine go brách, á éabhlóidiú féin de réir a thola féin (Gelernter 2014). I gcomhthéacs na haeráide reatha sin ina bhfuil an chontúirt ann go bhfuil an ruaig á cur ag an teicneolaíocht ar an tsuibiacht dhaonna agus ar an réimse inmheánach spioradálta den duine, ní fearr rud a dhéanfadh an Gael ná aistriúchán breá Phádraig Uí Bhuachalla den chlasaic Iodáilise a léamh is a athléamh. Sa sárshaothar sin, tá gnéithe de chás an duine á bplé ar shlí a labhraíonn linn fós inniu. I dtosach, ar leibhéal simplí na teachtaireachta agus na dtéamaí: ní hionann, cuirim i gcás, saoirse is siamsaíocht; ní hionann saoirse is easpa smachta; ní hionann saoirse is a ‘bheith ag ithe is ag ól is ag codladh, gan bac a bheith orm ’bheith ag gluaiseacht ó áit go háit, agus caitheamh aimsire ’bheith agam ó mhaidean go hoíche’ (18). Is ionann saoirse is a fhios a bheith ag duine go bhfuil ‘daid’ aige (142), daid a chum agus a dhealbhaigh é (12) agus atá sásta fulaingt ar a shon (26). Cad a dhéanann daonna Pinocchio? Plean muirneach Geppetto dá ‘mhac,’ grá agus cúram na Síóige Goirme, agus an leochaileacht agus an fhulaingt a éiríonn de thairbhe na básmhaireachta. Dar le Biffi, labhraíonn iarrachtaí Phinocchio chun a bheith daonna linn mar tá a eachtra siúd ar aon dul le dráma an Chríostaí a fhéachann le bheith diagaithe, cinniúint nach mbaintear amach gan stró (2012a: 34–65). Ach fiú má fhágtar ceist bhrí an scéil as an chuntas, ceist a dtig le léitheoirí a bheith ag argóint fúithi, gan amhras, fós spreagann Eachtra Phinocchio muid fosta ar leibhéal an eispéiris, eispéireas na léitheoireachta ‘as líne’. Tógann eispéireas léitheoireachta Eachtra Phinocchio muid glan amach as domhan maide na faisnéise ar feadh meandair chuig domhan eile de chuid na samhlaíochta atá lastall den damhna agus den fhíorúlacht araon. Ní beag sin.

Saothair a ceadaíodh

Leaganacha de Le Avventure di Pinocchio

Collodi, C. (1881–1882) ‘La storia di un burattino’. In: Giornale per i bambini, 7 Iúil 1881–27 Samhain 1881; 16 Feabhra 1882.

Collodi, C. (1883, 1983) Le avventure di Pinocchio: Storia di un burattino [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://www.pinocchio.it/Download/Testo_ufficiale_LeAvventure_di_Pinocchio.pdf [faighte 20 Eanáir 2016].

Collodi, C. (1933) Eachtra Phinocchio. Aistrithe ag Ó Buachalla, P. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foillseacháin an Rialtais.

Collodi, C. (2001) Eachtra Phinocchio. Aistrithe ag Ó Buachalla, P. In eagar ag Ó Buachalla, D. An Droichead Nua: Goldsmith.

Collodi, C. (2003) Eachtra Phinocchio. Aistrithe ag Ó Buachalla, P. In eagar ag Ó Súilleabháin S. agus Ó Cróinín, D. Baile Mhic Íre: Coiste Litríochta Mhúscraí.

Collodi, C. (2012) The Adventures of Pinocchio. London: HarperPress/Collins Classics.

Foinsí eile

Biagini, C. (2012) L’Emprise numérique: Comment internet et les nouvelles technologies ont colonisé nos vies. Paris: Éditions L’échappée.

Biffi, G. (2012a) Pinocchio, Peppone, L’Anticristo e altre divagazioni. Siena: Edizioni Cantgalli.

Biffi, G. (2012b) Contro Maestro Ciliegia: Commento Teologico a ‘Le avventure di Pinocchio’. Milano: Editoriale Jaca Book.

Calvino, I. (1981) ‘Ma Collodi non esiste’. In: La Repubblica, 19–20 Aibreán 1981.

Gelernter, D. (2014) ‘The closing of the scientific mind’. In: Commentary Magazine, 1 Eanáir 2014 [Idirlíon]. Ar fáil ag: www.commentarymagazine.com/articles/the-closing-of-the-scientific-mind [faighte 20 Eanáir 2016].

Google. (2009) About Google. Ar fáil ag: https://www.google.com/about/company/ [faighte 20 Eanáir 2016].

Milbank, J. (2003) Being Reconciled: Ontology and Pardon. London: Routledge. DOI: http://dx.doi.org/10.4324/9780203328682.

Nonnekes, P. (2000) ‘The Loving Father in Disney’s Pinocchio: A Critique of Jack Zipes’. Children’s Literary Association Quarterly 25 (2): 107–115. DOI: http://dx.doi.org/10.1353/chq.0.1294.

Rollin, L. agus West M. I. (1999) Psychoanalytic Responses to Children’s Literature. Jefferson, North Carolina: McFarland.

Propp, V. (1968) Morphology of the Folktale. Austin: University of Texas Press.

Tolkien, J. R. R. (1986) The Tolkien Reader. New York: Del Rey.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626