Tíortha na hÓige: Litríocht Ghaeilge na nÓg agus Ceisteanna an Aistriúcháin

Órla Ní Chuilleanáin

LeabhairCOMHAR (2014) | 415 lch | ISBN: 978-0-9927313 | €16

1 Agus é ag dul ar cuairt chuig an mainistir chlúiteach i St. Gallen san Eilbhéis, meabhraítear do Thorlach Mac Con Mídhe go bhfuil ról faoi leith ag na hÉireannaigh sa saol. Luann sé na lámhscríbhinní cáiliúla a bhfuil na habairtí agus na corrfhocail Ghaeilge breactha síos iontu mar áis do mhanaigh óga agus iad ag tochailt i gcré luachmhar na Laidine. Dar le Mac Con Mídhe, is meafar an pheannaireacht imeallach seo do staid na nGael agus iad ag comhrac le ceist na féiniúlachta i gcomhthéacs domhanda: ‘Níorbh fhéidir leis na Gaeil ach a gcuid a scríobh in interstices nó bearnaí an díoscúrsa sin, ar imeall an leathanaigh nó idir na línte’ (2015: 52). Bhí an t-údarás ag an Laidin tráth, díreach mar atá an cheannasaíocht chultúrtha ag an mBéarla i láthair na huaire. I bhfianaise an taistealaí is bua é seo a bheith ar an imeall agus nuair a ghéilleann na hÉireannaigh do gheáitsíocht an lárnachais (agus iad faoi gheasa ag Londain, Washington nó an Bhruiséil) bíonn siad thíos leis, de ghnáth. Ach ní áit shocair i gcónaí é an t-imeall agus bíonn an claonadh ann ‘téacs mór an domhain’ a athscríobh arís agus arís eile sa mhionteanga, is é sin, glacadh leis an ‘síor-aistriú’ (37) seachas tréithe leithleacha na teanga agus an chultúir a aithint agus a fhorbairt.

2 Sa leabhar uaillmhianach, téagartha seo le hÓrla Ní Chuilleanáin, dírítear aird an léitheora ar an gcuid de théacs mór an domhain a bhaineann le páistí agus pléitear an tionchar atá ag an ‘síor-aistriú’ ar litríocht Ghaeilge na n-óg. Sna caibidlí tosaigh, déanann an t-údar mionchur síos ar litríocht na n-óg ó aimsir na hAthbheochana ar aghaidh agus ansin tugann sí léargas dúinn ar phróiseas an aistrithe maidir le cúrsaí dílseachta, cúrsaí idé-eolaíochta agus ceist achrannach an spriocphobail do leabhair Ghaeilge. Ag an deireadh, cloistear guth na n-aistritheoirí iad féin, leithéidí Bhreandáin Uí Dhoibhlin agus Mháire Nic Mhaoláin agus iad ag scagadh cheird an aistritheora.

3 Mar is eol do chách, roimh dó dul i gceannas ar rialtas sealadach na hÉireann, chaith Pádraig Mac Piarais a chuid fuinnimh le ceisteanna oideachais. Ba rí-léir don Phiarsach agus do náisiúnaithe ar fud na hEorpa go raibh féiniúlacht an chultúir agus an náisiúin ag brath ar oideachas na n-óg. B’shin a bhí i gceist ag an smaointeoir Benedict Anderson nuair a chum sé an coincheap ‘imagined communities’ chun cur síos ar an bhfeachtas leanúnach ar fud an domhain náisiúin nua a chruthú trí mheán an chórais oideachais agus na modhanna difriúla cumarsáide (Anderson 2006). Bhí an páiste mar bhunchloch d’fhís na sochaí nua. Níorbh fholáir é nó í a mhúnlú de réir luachanna polaitiúla agus cultúrtha an réimis úir a bhí le teacht. Ach conas é sin a dhéanamh gan dul i muinín an fhocail scríofa agus cad a dhéanfaí i gcas teanga ina raibh ‘ganntanas údar, ábhar, seánraí agus múnlaí tar éis na teirce litríochta a foilsíodh i nGaeilge ar feadh na gcéadta bliain roimhe sin?’ (13). Réiteach amháin ar an scéal sin ná dlús a chur le cúrsaí aistriúcháin agus ó aimsir na hAthbheochana go dtí an lá atá inniu ann, tá litríocht Ghaeilge na n-óg spleách ar obair na n-aistritheoirí sa teanga. Mar a mhaígh Pádraig Ua Duinnín i réamhrá a chuir sé le Duan na Nodlag, aistriúchán ar A Christmas Carol le Charles Dickens a foilsíodh i 1903: ‘If modern Irish is to strike deep literary roots it must be cultivated in the domain of translation from other modern languages, and a better selection could hardly be made to begin with than Dickens’ (1903: 3). Ní hamháin, áfach, go raibh biseach cultúrtha an náisiúin ag brath ar fhorbairt litríocht na n-óg sa teanga ach bhí aiséirí morálta an duine i dtuilleamaí na luachanna a bhí á gcraobhscaoileadh i leabhair do pháistí. Mar sin, cuireadh béim faoi leith sa seánra sin ar an bhfeidhm oideachasúil agus mhorálta a samhlaíodh a bheith leis na saothair. Mheas Jean-Jacques Rousseau san ochtú haois déag nach raibh ciall ar bith leis an teagasc Críostaí maidir le peaca an tsinsir. Rugadh an páiste gan smál, gan aon taithí ar dhroch-iompar. Ba de bharr na sochaí agus luachanna lofa na n-institiúidí éagsúla a roghnaigh an duine óg bealach an aimhleasa. Más mar sin atá, ar ndóigh, is léir go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an oiliúint agus an teagasc a fhaigheann an páiste óg, ní hamháin ó theagascóirí ach ó leabhair. Murab ionann is seánraí liteartha eile, bíonn spriocphobail éagsúla ag litríocht na n-óg: leanaí, tuismitheoirí, múinteoirí agus tráchtairí nó caomhnóirí morálta na sochaí.

4 In ainneoin ról lárnach an aistriúcháin i bhforbairt litríocht Ghaeilge na n-óg, níl mórán scríofa faoin ábhar go dtí seo. Go deimhin, maíonn Ní Chuilleanáin go léiríonn an easpa spéise seo an t-imeallú a dhéantar i gcoitinne ar litríocht na n-óg:

I gcás mionteanga is féidir a mhaíomh go bhfuil aistriúcháin ar litríocht na n-óg imeallach ar thrí bhealach: toisc go mbaineann siad le léann an aistriúcháin nach bhfuil chomh lárnach sin sa saol acadúil, toisc go mbaineann siad le mionteanga, agus toisc go mbaineann siad le litríocht na n-óg (16).

5 Taispeánann an t-údar go soiléir an tionchar a bhí ag scéim aistriúcháin an Ghúim idir an dá chogadh ar fhorbairt na litríochta Gaeilge dírithe ar pháistí. Cinnte, cuireadh aistriúcháin i gcló sular tháinig an Gúm ar an bhfód ach corr-iarrachtaí a bhí iontu, iad scaipthe agus ag brath ar fhoinsí éiginnte airgid. Faoi 1942, mar shampla, bhí breis is 300 aistriúchán litríochta foilsithe ag an nGúm agus b’aistriúcháin do dhaoine óga breis is 80 díobh (63). Faightear mion-scagadh in Tíortha na hÓige ar an ábhar aistriúcháin a bhí á fhoilsiú roimh na seachtóidí ag comhlachtaí eile mar Sáirséal agus Dill, Comhlucht Oideachais na hÉireann, Cló Mercier, Sampson Law agus Clódhanna Teoranta ach níl siad inchurtha in aon chor le feachtas ceannródaíoch an Stáit. Cinnte, ní raibh an córas sin gan laigí áirithe. Ní raibh mórán tuisceana ann ar thábhacht na bpictiúr do pháistí. Bhíodh an iomarca aistriúchán ón mBéarla agus ba bheag an tionchar a bhí ag na páistí iad féin maidir le roghnú an lóin léitheoireachta a bhí á sholáthar dóibh. Ní nach ionadh agus dearcadh morálta na heaglaise fite fuaite le luachanna an Stáit go mbíodh foilseacháin an Ghúim do pháistí á scrúdú go géar ag na fíréin. Sampla amháin a luann Ní Chuilleanáin ná an raic a lean an t-aistriúchán le Séamas Mac Úgo ar leabhar Portaingéilise le hAntónio Botto, O Livro das Crianças. Foilsíodh an leabhar i 1941 faoin teideal Leabhar na hÓige. Ar an 18 Márta 1945 scríobh Colman J. O’Donovan litir ghearáin chuig Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha ag tabhairt amach faoin leabhar toisc gur fhoilsigh an t-údar dánta ina raibh an grá homaighnéasach mar théama lárnach:

From the enclosed cuttings you will see that considerable publicity has been given here to the fact that selections from the writings of Antonio Botto have been adopted by the Irish educational authorities for use in school-books. No doubt the tales selected are unobjectionable but I can only regard the choice of this author as extremely unfortunate. As a man and as a writer his reputation is most unsavoury and the last place one would expect to find his writings is in Catholic schools (47–48).

6 Fiú gnáth-théamaí litríocht na n-óg — an nádúr, an timpeallacht agus saol na n-ainmhithe — bhíodh caomhnóirí an oird mhorálta in amhras faoi fhiúntas na scríbhneoireachta fad is a bhain sí le comhbhá a chothú idir an lucht daonna agus ríocht na n-ainmhithe. In eagrán den iris Timire Croidhe Naomhtha a tháinig amach in Aibreán 1937 rinneadh cáineadh láidir ar na haistriúcháin Scairt an Dúthchais (1932) agus Mac an Mhactíre (1936), aistriúcháin ar dhá leabhar le Jack London, Call of the Wild (1903) agus White Fang (1906):

’Sé an truagh nár thóg sé [an t-aistritheoir] leabhar ní ba fheileamhnaighe le aistriú. Is beag is fiú saoghthar Jack London. Sgríbhneóir oilte iseadh é, cinnte, ach ní sgríbhneóir Críostamhail é. ’Sa leabhar seo, agus ’sa cheann eile — ‘White Fang’ — a sgríobh sé faoi an adhbhar céadna, creideann sé go bhfuil intleacht agus tuigse ag an ainmhidhe. Muna mbeadh, ní thiocfadh leis na leabhair sin a sgríobhadh. Is eol do’n uile Chríostaidhe nár bhronn Dia na tréithe sin ach ar an nduine amháin (204–205).

7 Níorbh aon eisceacht í Éire an t-am sin mar bhí dian-chinsireacht ar litríocht na n-óg ar fud na hEorpa ach amháin go raibh níos mó béime in Éirinn, sa Spáinn agus sa Phortaingéil ar ábhair a bhain leis an gcreideamh Caitliceach. Fós sa lá atá inniu ann, mar shampla, maidir le cúrsaí foréigin, gnéis agus ciníochais, is beag sochaí dhaonlathach nach bhfuil airdeallach faoin saghas litríochta a chuirtear ar fáil don aos óg. I gcás luachanna, faightear na luachanna sóisialta céanna fós i litríocht na n-óg in an-chuid teangacha, is é sin, comhoibriú, umhlaíocht, tábhacht an teaghlaigh, carthanacht, meas ar, nó ómós do, dhaoine fásta.

8 Is léir, maidir leis an bhféiniúlacht Éireannach, gur tharla casadh éigin sna hochtóidí agus sna nóchaidí. D’fhéadfaí gluaiseacht na naíonraí, Teilifís na Gaeilge, bunú Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, forbairt Raidió na Gaeltachta agus an fás suntasach i líon na nGaelscoileanna a lua mar chomharthaí de mheon nua i leith na teanga agus go raibh na hÉireannaigh ar thóir féiniúlachta faoi leith i gcomhthéacs an domhandaithe. Tháinig borradh freisin faoi litríocht na n-óg agus méadú mór ar líon na dteideal a tháinig amach sna blianta sin. Ach ní hamháin go raibh líon na dteideal méadaithe go mór ach bhí raon na mbunteangacha méadaithe go suntasach freisin, idir theangacha iasachta agus teangacha Ceilteacha eile. Go dtí sin, bhí an ollchumhacht ag an Stát i réimse na foilsitheoireachta do pháistí ach diaidh ar ndiaidh fuair comhlachtaí foilsitheoireachta príobháideacha aitheantas agus sciar den mhargadh, ina measc, Cló Chaisil, Leabhar Breac, Cló Mhaigh Eo, an tÁisaonad, MÓINÍN, Futa Fata, Coiscéim, Cló Iar-Chonnacht agus an tSnáthaid Mhór. Den chéad uair riamh, cuireadh an bhéim ar dhearadh agus ar tharraingteacht aeistéitiúil na leabhar agus níorbh fhada go raibh caighdeán na bhfoilseachán seo ar comhchaighdeán lena macasamhla sa Bhéarla. I ré nua Amazon, thuig díoltóirí leabhar áirithe in Éirinn go raibh sé tábhachtach agus cuidiúil a bhféiniúlacht mar shiopaí leabhar Éireannacha a chur chun cinn le níos mó spáis agus poiblíochta a thabhairt do litríocht Ghaeilge na n-óg le cuidiú ó fheachtais ar nós ‘Leabhar Power’.

9 Is follas go bhfuilimid ag maireachtáil sa tréimhse is bisiúla do litríocht Ghaeilge na n-óg ó bunaíodh an Stát. Fós féin, tá deacrachtaí faoi leith ann, seachas gnáthfhadhbanna maoinithe, dáileacháin agus margaíochta, agus baineann siad seo le cruachás na mionteanga í féin. Mar a deir Ní Chuilleanáin: ‘Ceannaíonn tuismitheoirí pictiúrleabhair mar is féidir leo féin iad a thuiscint, ach bíonn deacrachtaí ag foilsitheoirí atá ag iarraidh leabhair do pháistí sna réamhdhéaga agus sna déaga luatha a dhíol mar go mbíonn leibhéal na teanga níos dúshlánaí ag an aois sin’ (161). De bharr fhás na meán closamhairc agus réabhlóid na cumarsáide i múineadh na Gaeilge, cuireadh an-bhéim ar labhairt seachas ar scríobh na teanga. Ar ndóigh, bhí an claonadh seo intuigthe agus daltaí ag teacht amach ó scoileanna na tíre, fíorchur amach acu ar an dara díochlaonadh den aidiacht ach iad gan a bheith in ann focal Gaeilge a labhairt. Anois, áfach, bíonn deacrachtaí ann maidir le caighdeán na litearthachta sa Ghaeilge agus easpa nósanna léitheoireachta sa teanga tar éis ré órga na bpictiúrleabhar. Ní mór scéal casta, inchreidte a chumadh do dhéagóir óg ach conas é sin a dhéanamh muna bhfuil teanga shaibhir, sholúbtha ag an scríbhneoir bunaidh nó ag an aistritheoir chun an scéal a insint agus ag an léitheoir óg chun an scéal a thuiscint? Ar ndóigh, is léir d’éinne atá ag obair sa chóras oideachais faoi láthair go bhfuil athrú mór ann i réimse na léitheoireachta, is cuma cén teanga atá i gceist. Léitear i gcónaí ach ní minic a léitear leabhair. Níl aon amhras ach go bhfuil ré an ábhair chlóite ag teacht chun deiridh agus na nósanna léitheoireachta a bhain leis an tréimhse sin ag dul in éag. Ní hionann ábhar a léamh ar leathanach clóite agus an t-ábhar céanna a léamh ar scáileán. Is cleachtadh nó nós í an léitheoireacht a fhoghlaimíonn léitheoirí agus iad ag dul i ngleic leis an bhfocal scríofa. An léamh líneach, an dianmhachnamh, an ciúnas, an scaradh ó dhaoine eile, ní rudaí nádúrtha iad seo ach tá siad ina ndlúthchuid de chultúr clasaiceach na léitheoireachta san Iarthar a tháinig chun cinn thar thréimhse cúpla céad bliain. Foilsíodh aistriúcháin théagartha, fhada an Ghúim ag buaicphointe na ré sin ach anois, mar a deir an scríbhneoir agus an foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin, is gá freastal ar na ‘léitheoirí atá ar an saol anois, i dtús an aonú haois fhichead, seachas na léitheoirí ba mhaith linn a bheith ann’ (2013: 124). Sa ré dhigiteach, caithfear a admháil go bhfuil dúshláin faoi leith ann agus oideachasóirí ag iarraidh caighdeán na teanga a chothú agus a fhorbairt ionas go mbeidh pobal léitheoireachta ann do na haistriúcháin a fhoilseofar as seo amach.

10 Gan amhras, is féidir a mhaíomh go bhfuil dhá fheidhm ag an aistriúchán do pháistí sa Ghaeilge: nós na léitheoireachta sa teanga a fhorbairt agus léargas a fháil ar chultúir éagsúla. Bíonn iltíreachas cultúrtha ag brath ar shochaí agus ar theanga agus ar chultúr atá sásta fáilte a chur roimh chultúir eile go luath sa seomra scoile agus sa bhaile. Meallann aistriúcháin ar shaothair le húdair cháiliúla sa Bhéarla, leithéidí J.K. Rowling agus Eoin Colfer, léitheoirí óga i dtreo na Gaeilge agus is maith sin. Ach b’fhéidir gur tábhachtaí fós é an réimse fairsing bunteangacha atá le feiceáil in earnáil an aistriúcháin Ghaeilge do dhaoine óga faoi láthair. Sampla beag amháin ná an bosca pictiúrleabhar do naíonáin le J.C. Girbés aistrithe ón gCatalóinis a foilsíodh in 2011: An Chóisir, An Phicnic, Lá Mór Fada agus Tabhair Leat do Leabhar, aistriúcháin ar La Festa d’Anniversari, Una Excursió Redone, Un Dia Atrefegat agus Fem la Maleta! Is follas ó na céadta sampla eile atá luaite in Tíortha na hÓige go bhfuil na foilsitheoirí Gaeilge lándáiríre faoin oscailt chultúrtha agus intinne seo. Ba chóir, ar bhealach, sa dioscúrsa poiblí faoin teanga, aird a tharraingt ar an ngné seo d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge a athlonnaíonn an teanga i gcomhthéacs cultúrtha domhanda agus a bhréagnaíonn na réamhthuairimí smolchaite maidir le cúngú agus le cúigeachas an chultúir Ghaelaigh. Deir an file agus an t-iriseoir Rosita Boland in The Irish Times agus í ag gearán faoin méid ama a chaith sí ag foghlaim na Gaeilge:

Then there is the practical element of all that time invested in a language I cannot speak, and that, even if I could, would be of exactly zero use to me in the wider world. I have spent many months travelling in Central and South America. I often found myself wishing the time I had spent trying to grapple with the compulsory text of Peig had been spent voluntarily in Spanish classes instead — something useful (Boland 2016).

11 Cinnte, is deacair a rá gur ceird ‘useful’ í cleachtadh na filíochta agus is crá croí an leisce intleachtúil a tharraingíonn Peig bhocht amach ón uaigh arís agus arís eile le reitric fhéintrua an Bhéarlóra a chothú. Ach ní thuigeann Boland go bhfuil rud amháin ann a bheadh ‘of exactly zero use to me in the wider world’: an t-aineolas. Tugann aistritheoirí litríocht Ghaeilge na n-óg deis do léitheoirí óga blas agus tuiscint a fháil ar dhomhan níos leithne, domhan nach bhfuil i gcónaí faoi anáil théarmaí tagartha na mórtheanga. Mar atá déanta ag Órla Ní Chuilleanáin sa leabhar fiúntach seo ba chóir dúinn níos mó aitheantais a thabhairt do na foilsitheoirí agus do na haistritheoirí atá ag treabhadh ghort an iltíreachais go háisiúil agus go laethúil.

12 Is ábhar conspóide é ó Naomh Iaróm go dtí an tAthair Peadar ceist na dílseachta i gcúrsaí aistriúcháin. Déantar dearmad uaireanta gur fhás coimhlint mharfach an Reifirméisin agus an Fhrith-Reifirméisin ón easaontas mar gheall ar aistriúchán ar théarmaí agus nathanna cainte áirithe i dtéacs an Bhíobla. Ní nach ionadh, bhí ceist na dílseachta i gcroílár an-chuid díospóireachtaí mar gheall ar aistriú litríocht na Gaeilge agus dílseacht don teanga fite fuaite, i bhfianaise tráchtairí áirithe, le dílseacht don náisiún agus don leithleachas teanga agus cultúir. Go dtí le déanaí, go deimhin, an sprioc a bhí ag neart scoláirí agus iad ag plé le cúrsaí aistriúcháin ná ‘botúin’ a aimsiú agus dul sa tóir ar Bhéarlachas leis an bpeann dearg. Ní raibh mórán sásta glacadh le roghanna an aistritheora (agus nílimid ag caint faoi bhotúin ghramadaí) mar ghléas a thugann léargas dúinn ar chóras na luachanna, dearcadh i leith grúpaí nó cultúr eile, stádas na bunteanga agus na sprioctheanga i dtréimhse faoi leith. Ní hamháin, áfach, go bhfuil éiginnteacht ann maidir le coincheap na dílseachta mar a thaispeánann Ní Chuilleanáin ach fós féin ní féidir i gcónaí ‘aistriúchán’ a scaradh amach ó sheánraí eile athscríofa a bhíonn le fáil i ngach litríocht. I gcás na Gaeilge déanann Ní Chuilleanáin cur síos ar athinsintí agus oiriúnú ar an miotaseolaíocht agus ar scéalta béaloidis. Nuair a chuirtear athinsint ar fáil den Táin nó de sheanchas na Féinne is ionann iad agus aistriúcháin don spriocphobal nach bhfuil an bhunteanga ar eolas acu. Is é sin le rá go bhfuil ‘tionchair an aistriúcháin’ i sochaí ar bith ag brath ar réimse mór téacsanna, ní hamháin ar ‘aistriúcháin’ (toradh aistrithe téacs ó theanga amháin go teanga eile) ach ar athinsintí i bhfoirm scannán, greannán, úrscéalta grafacha, cluichí ríomhairí agus araile. Is modh athscríofa an t-aistriúchán i measc modhanna athscríofa eile agus, go mór mór i gcás litríocht na n-óg, caithfimid deireadh a chur le tuiscintí atá róchúng chun tionchair iomlána an aistriúcháin a mheas. Saothar meabhrach, ceannródaíoch atá sa leabhar seo agus éacht taighde déanta ag Órla Ní Chuilleanáin, agus í ag iarraidh céad bliain d’aistriúcháin Ghaeilge ar litríocht na n-óg a thomhas. Ní ar imeall phár na scoláireachta a mhairfidh Tíortha na hÓige.

Michael Cronin

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

Anderson, B. (2006) Imagined Communities: Reflections on the Origins and Spread of Nationalism. London: Verso.

Boland, R. (2016) ‘Can anybody truthfully say that Irish is a necessary language’. In: The Irish Times, 30 Bealtaine 2016.

Mac Con Mídhe, T. (2015) Aistí Eorpacha. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Mac Dhonnagáin, T. (2013) ‘An Pocaide Gabhair i Lár an Aonaigh: Foilsitheoireacht Ghaeilge don Óige mar Ghníomh Ídé-Eolaíoch agus mar Ghníomh Fiontraíochta’. In: Nic Lochlainn, C. agus Nic Congáil, R. (eag.) Laethanta Gréine agus Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg. Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR: 121–147.

Ua Duinnín, P. (1903) Duan na Nodlag, a Christmas Carol in Prose. Dublin: M.H. Gill.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626