Mudes teangeolaíocha agus nuachainteoirí na Gaeilge

John Walsh agus Bernadette O’Rourke

1. Réamhrá agus frámaíocht theoiriciúil

1 Sa pháipéar seo, cuirtear coincheap an muda theangeolaíoch i bhfeidhm ar nuachainteoirí na Gaeilge agus scrúdaítear tuiscintí na gcainteoirí ar na hathruithe is gá a chur i gcrích chun go ndéanfaí nuachainteoir de dhuine. Ar dtús, pléifear frámaíocht theoiriciúil an taighde agus míneofar tábhacht agus nuáil choincheap an nuachainteora. Ina dhiaidh sin, pléifear a bhfuil i gceist le mudes teangeolaíocha. Eascraíonn an aiste seo as tionscadal Eorpach taighde ar ‘nuachainteoirí’ dar teideal ‘New Speakers in a Multilingual Europe: Opportunities and Challenges’ atá á mhaoiniú ag an eagraíocht COST (European Co-operation in Science and Technology).

2 Coincheap nua is ea an ‘nuachainteoir’ a chabhraíonn linn casadh nua a bhaint as próiseas seanbhunaithe teangeolaíoch: daoine a dhéanann a gcuid féin de theangacha nach iad a dteangacha ‘dúchais’ nó ‘teaghlaigh’ iad. Sa teangeolaíocht agus sa tsochtheangeolaíocht go stairiúil (agus i gcomhthéacs mionteangacha go háirithe), is minic a thugtaí tús áite don teanga ‘dhúchais’ agus go samhlaítí easpa gradaim nó údaráis le teanga fhoghlamtha (teanga a shealbhaítear lasmuigh den bhaile/teaghlach). Uaireanta, chaití anuas ar urlabhra mar sin mar leagan ‘truaillithe’ nó ‘lochtach’ ar gá í ‘a cheartú’ ar eagla go ndéanfaí díobháil don chaint ‘ghlan’ dhúchasach. Bhí an seasamh sin fréamhaithe in idé-eolaíochtaí a tháinig i dtreis i mborradh an eitneanáisiúnachais ag deireadh an naoú haois déag nuair a cheanglaítí an ‘dúchas’ le pobal tíreolaíoch ar leith a raibh stair agus oidhreacht dhlisteanach aige. Dá thoradh sin, tá ceist na dlisteanachta bunaithe ar an eisintiúlachas: ní fhéadfaí ‘fíorchainteoir’ a thabhairt ar dhuine mura mbeadh ceangal díreach bitheolaíoch agus eitneach/cultúrtha aige/aici leis an teanga shinseartha (féach O’Rourke agus Ramallo 2011; O’Rourke agus Pujolar 2013).

3 Tá díospóireachtaí ar siúl sa teangeolaíocht le fada an lá mar gheall ar choincheap ‘an chainteora dúchais,’ áfach, agus tá an coincheap á cheistiú i gcás an Bhéarla mar dhara teanga chomh maith (O’Rourke agus Pujolar 2013; O’Rourke et al. 2015: 6-12). Le déanaí, úsáideadh coincheap an nuachainteora chun cur síos a dhéanamh ar lucht labhartha mionteangacha nach cainteoirí dúchais iad (neofalantes sa Ghailísis; (O’Rourke agus Ramallo 2011, 2013, 2015); nous parlants sa Chatalóinis (Pujolar agus Puigdevall 2015); euskaldunberri sa Bhascais (Ortega et al. 2015)), daoine a shealbhaigh an teanga lasmuigh de chomhthéacs an bhaile agus a labhraíonn go rialta í. Is ann do lipéid dála ‘foghlaimeoir líofa,’ ‘cainteoir T2,’ ‘leathchainteoir,’ ‘fochainteoir,’ ‘cainteoir mílíofa,’ ‘cainteoir deireanach’ srl. a bhfuil blas diúltach, cliniciúil ar go leor acu ach iarracht is ea coincheap an nuachainteora tuiscint nua ar na próisis shóisialta seo a chur chun cinn. Mar a scríobhann O’Rourke et al.:

The ‘new speaker’ concept therefore introduces a dissonance in this paradigm where ‘new speaker’ models can be seen to represent a re-embodiment of the language through models of language and speakerhood which are not dependent on alignment with existing speaker models, but which give ‘new speakers’ recognition as linguistic models in and of themselves’ (2015: 10, béim sa bhunleagan).

4 Is amhlaidh a bhí an pharaidím stairiúil seo i gcás na Gaeilge. B’fhada an ‘cainteoir dúchais’ Gaeilge á chur chun cinn mar sprioc idéalach i ndioscúrsaí stairiúla, acadúla agus liteartha. Leag an chanúineolaíocht thraidisiúnta béim as cuimse ar chainteoirí ‘eiseamláireacha’ dúchais (fir aosta, den chuid is mó) agus go minic níor lorgaíodh fianaise ar chainteoirí ní b’óige a ceapadh a bheith ‘máchaileach’ nó ‘truaillithe’. De réir na hidé-eolaíochta a bhí i réim, níorbh fhiú an urlabhra iarthraidisiúnta a thaifeadadh. Mar sin, tá cur síos an-mhion ar fáil ar chanúintí traidisiúnta na Gaeltachta ó cheann ceann na tíre (féach, mar shampla, Ó Cuív 1947 agus Wagner 1981 [1958]), go leor de bunaithe ar eiseamláirí teangeolaíocha mar a chonacthas do na taighdeoirí iad (Ó hIfearnáin 1999; O’Rourke agus Walsh 2015). I gceantair áirithe ina raibh an Ghaeilge ag imeacht as, b’éigean dul i muinín faisnéiseoirí ní b’fhaide ón sprioc (féach, mar shampla, an plé in Walsh 2011). B’aitheantas é sin don réaltacht shochtheangeolaíoch agus do chúlú na hurlabhra traidisiúnta i gcuid den Ghaeltacht ach ar an mórgóir, ba chainteoirí an-traidisiúnta na faisnéiseoirí a taifeadadh. Go deimhin, úsáideadh cuid de na heiseamláirí stairiúla céanna le déanaí mar shlat tomhais chun cumas Gaeilge caoga páiste idir seacht mbliana agus dhá bhliain déag i nGaeltacht Chois Fharraige a mheas (Péterváry et al. 2015: 9).

5 Mar a pléadh cheana (O’Rourke agus Walsh 2015), chuir an stát bonn reachtúil faoi theorainn na Gaeltachta, rud a thacaigh leis an dioscúrsa gur spás iata eitneachultúrtha a bhí inti. Ba theorainn thacair go minic í, agus níor cuireadh san áireamh an t-athrú teangeolaíoch a chruthódh gluaiseachtaí sóisialta agus déimeagrafacha. Ba rídheacair don stát nua an Ghaeilge a chaomhnú i bpócaí beaga tíreolaíocha a raibh an bonn bainte díobh ag an meath socheacnamaíoch agus ag an eisimirce. Os a choinne sin, tháinig borradh de réir a chéile faoi líon na nuachainteoirí Gaeilge, a bhuí leis an gcóras oideachais. Cé gur féachadh ar an nGaeilge mar rud statach, docht a chaithfí a chaomhnú ón mbás (Ó Tuathaigh 2011: 83-84), tá cleachtais spásúla na teanga athraithe as cuimse le blianta beaga anuas. Osclaíodh spásanna nua úsáide don Ghaeilge (mar shampla in earnáil na Gaelscolaíochta agus i ngrúpaí nua óige agus siamsaíochta sna cathracha) agus ina theannta sin cruthaíodh ordlathas agus caidreamh nua idir saghsanna éagsúla cainteoirí.

6 Mar thoradh air sin, is ag dul ar ceal atá an t-idirdhealú teangeolaíoch idir an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus sa chuid eile den tír. Cuireadh coincheap na ‘Nua-Ghaeltachta’ chun cinn le déanaí mar bhonn chun pobal nua, dinimiciúil a fhorbairt (Ó Riagáin 2011; féach chomh maith Walsh 2012: 402). Cé go bhfuil sé an-mháchaileach, tugann Acht na Gaeltachta (2012) aitheantas éigin don athrú spásúil atá ag teacht ar phobal na Gaeilge, idir Ghaeltacht agus eile, agus leathnaítear coincheap na Gaeltachta chun nuachainteoirí a chur san áireamh, bíodh is nach n-úsáidtear an téarma sin. Don chéad uair ó bunaíodh an stát, tagraítear do ‘líonra Gaeilge’ a d’aithneodh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go reachtúil. Mar thoradh ar an athrú sin, áitímid go bhfuil dúshlán an údaráis stairiúil sochtheangeolaíochta á thabhairt: tá an Ghaeilge á húsáid lasmuigh de na ceantair thraidisiúnta a samhlaíodh léi ó bunaíodh an stát agus á labhairt i spásanna a samhlaíodh leis an mBéarla amháin. Tá dlúthbhaint ag na mudes leis an athrú sin agus is iad a phléifear anois.

7 Tógtar coincheap an muda ar iasacht ó shochtheangeolaíocht chriticiúil na Catalóinise (agus leithinis na hIbéire trí chéile), áit a n-úsáidtear é chun tagairt do phointí criticiúla le linn shaolré an duine nuair a athraítear an cleachtas teangeolaíoch go mór i dtreo na sprioctheanga (an Chatalóinis, an Bhascais nó an Ghailísis) (féach Puigdevall et al. 2016; Pujolar agus Puigdevall 2015; Ortega et al. 2015; O’Rourke agus Ramallo 2011, 2013, 2015). Sa Chatalóinis, is éard is ciall le muda (uimhir iolra mudes) ná athrú nó claochlú (is é mudar an briathar). D’fhéadfadh athrú éadaigh nó feistis a bheith i gceist chomh maith. Mar sin, is móimintí claochlaithe ar chleachtais theangeolaíocha iad na mudes agus is minic gné láidir féiniúlachta ag baint leo chomh maith sa mhéid is go n-athraíonn féintuiscint an chainteora air/uirthi féin chomh maith de réir mar a athraíonn sé/sí a (h)urlabhra. Cé go dtarlaíonn sé ar uairibh, ní gá go samhlódh an cainteoir féiniúlacht nua dó/di féin (mar shampla i gcás na hÉireann, go nglacfadh sé/sí go neamhcheisteach leis an lipéad ‘Gael’). Mar sin féin, is minic tionchar láidir ag an mórathrú i gcleachtas teangeolaíoch an chainteora ar na slite ina gcuireann sé/sí é/í féin i láthair do dhaoine eile sna comhthéacsanna nua ina bhfuil an sprioctheanga in úsáid. Tá cumas nua teangeolaíoch á fhógairt aige/aici go poiblí agus dá bhrí sin tá rannpháirtíocht á lorg aige/aici i gcomhthéacsanna áirithe sóisialta atá bunaithe ar an gcumas teangeolaíoch sin. Mar sin, ní taobh le cumas teangeolaíoch nó cogneolaíoch amháin atá na nuachainteoirí seo a bhfuil muda déanta acu; tá seasamh sóisialta á thógáil agus persona poiblí á chruthú go comhfhiosach acu a bhféadfaí glacadh leis nó diúltú dó (Pujolar agus Gonzàlez 2012; Pujolar agus Puigdevall 2015).

8 Cabhraíonn coincheap an muda linn díriú ar phatrúin aonair in úsáid agus in athrú teanga le linn shaolré an chainteora. In ionad léargas a sholáthar ar úsáid na teanga ag tráth cinnte den saol, is féidir earraíocht a bhaint as chun na patrúin shíorathraitheacha úsáide i saolré an chainteora a rianú thar thréimhse ama níos faide. Dá bhíthin sin, is féidir le hanailís bunaithe ar na mudes na castachtaí a bhaineann le dátheangachas an duine le linn a s(h)aoil a léiriú agus a thuiscint níos fearr.

9 Toisc go bhfuil an taighde seo bunaithe ar bheathaisnéisí teanga, tá eolas againn ar na móimintí tipiciúla ina dtarlaíonn na mudes. Go ginearálta, is claochluithe iad seo ar imeachtaí laethúla a ngabhann athruithe tíreolaíochta leo chomh maith agus a mbíonn comhchainteoirí nua i gceist leo. I gcomhthéacs na Catalóine, d’aithin Gonzàlez et al. (2009) agus Pujolar agus Puigdevall (2015) cúig cinn de mhóimintí le linn na saolré ina dtarlaíonn mudes: (a) sa bhunscoil (b) sa mheánscoil (c) san ollscoil (d) ar dhul isteach sa mhargadh saothar agus (e) nuair a dhéantar tuismitheoir den chainteoir. Is féidir cur leis an liosta sin agus mudes eile dála an taistil nó an ghrá a chur san áireamh (Woolard 2011: 617). Ceadaíonn anailís ar na móimintí tábhachtacha sin dúinn na patrúin leachtacha, solúbtha úsáide teanga a chleachtaíonn cainteoirí aonair a scrúdú agus a thuiscint. Chomh maith leis sin, féadaimid an caidreamh idir gnéithe seachtracha agus inmheánacha a bhfuil tionchar acu ar úsáid teanga a fhiosrú.

10 Cé nach raibh an téarma muda in úsáid mar seo cheana, is ann le fada sa tsochtheangeolaíocht do staidéir eile inar fiosraíodh céimeanna tábhachtacha teangeolaíocha nó pointí cinniúnacha i gconair shochtheangeolaíoch an duine. I gcás nuachainteoirí na Gailísise, mar shampla, tagraíonn O’Rourke agus Ramallo (2013: 293) do na ‘critical social junctures’ i saol an duine a spreagann athrú tábhachtach sa chleachtas sochtheangeolaíoch. Aithníonn siad blianta luatha na ndéaga mar mhóimint chinniúnach i gcás nuachainteoirí na Gailísise agus iad ag iarraidh an Ghailísis a chur in áit na Spáinnise. I gcás nuachainteoirí eile Gailísise, tarlaíonn an t-athrú ag tráth níos déanaí agus is minic a bhíonn baint idir é agus an t-ardoideachas. Ar aon dul lena bhfaca Woolard i gcás na Catalóinise (2011), tá an chuma ar na móimintí seo i gcás na Gailísise gur céimeanna cinniúnacha iad a thugann ar chainteoirí tarraingt ar acmhainní teangeolaíocha a bhí ar fáil dóibh cheana féin ina saol: b’fhéidir gur fhoghlaim siad an teanga sa chóras oideachais nó go raibh teagmháil theoranta, fhulangach acu léi sa bhaile agus sa chomharsanacht.

11 Is féidir le mudes titim amach nuair a athraíonn an cainteoir a g(h)níomhaíochtaí laethúla nó nuair a athraíonn sé/sí a (h)áit chónaithe, go háirithe má théann sé/sí chun na Gaeltachta. Is de gheit a thiteann cuid de na mudes amach, mar a bheadh splanc léargais nó eipeafáine ann, agus glacann an cainteoir go hobann le húsáid na teanga nua i gcomhthéacsanna nua le daoine nua. Ar uairibh, is de réir a chéile a tharlaíonn an muda: is go mall a fhoghlaimíonn an duine an sprioctheanga ach aithníonn sé/sí pointí cinniúnacha éagsúla le linn an aistir foghlama sin, mar a bheadh sraith mudes beaga carnacha ann. Is féidir muda a iompú droim ar ais chomh maith, má éiríonn an cainteoir as a bheith ag úsáid na sprioctheanga ar chúiseanna tíreolaíochta, idé-eolaíochta, teaghlaigh nó eile (Puigdevall et al. 2016). Ní éiríonn leis an muda i gcónaí: ní gá gur acmhainní cuí iad na hacmhainní teangeolaíocha a bhíonn ag nuachainteoirí, mar shampla, nó tarlaíonn sé uaireanta go dtugtar a ndúshlán agus iad ag iarraidh spás a aimsiú dóibh féin laistigh de phobal na teanga. Mar a thuairiscítear i gcás na Gailísise:

The process of sociolinguistic transformation was often seen as a difficult process and one which required a heightened sense of awareness about their own sociolinguistic realities as well as a strong ideological commitment to becoming Galician speakers (O’Rourke agus Ramallo 2013: 293).

12 Tarraingímid chomh maith céanna san aiste seo ar choincheap Piller (2002) faoi ‘cainteoirí saineolacha,’ daoine a shamhlaítear a bheith ina gcainteoirí ‘dúchais’ ar uairibh toisc go bhfuil ardleibhéal cumais agus líofachta bainte amach acu. ‘Passing’ a thugtar ar an bpróiseas trína n-éiríonn le duine é nó í féin a chur i láthair mar chainteoir dúchais in ainneoin nach é sin an cúlra teangeolaíoch atá aige nó aici. Is coincheap é a mbaintear úsáid as i réimsí acadúla eile chomh maith dála léann na haiteachta nó na hinscne (féach, mar shampla, Sullivan 2003: 25 agus 87). Tá castacht bhreise ag baint leis an gcoincheap i gcomhthéacs na Gaeilge toisc go bhfuil an oiread sin nuachainteoirí ann a bhfuil an-éagsúlacht cumais ag baint leo agus, mar sin, inniúlacht choibhneasta is ea an ‘passing’. D’fhéadfadh duine nach bhfuil ardchumas aige nó aici a cheapadh gur cainteoir dúchais é an nuachainteoir eile a bhfuil leibhéal níos airde bainte amach aige ach ní gá go n-éireodh leis an dara duine i gcomhthéacs eile a mbeadh níos mó ‘saineolaithe’ i láthair. Ní ar thástáil oibiachtúil theangeolaíoch ach ar chluas an éisteora a bhraitheann an breithiúnas. Mar sin féin, tá tábhacht leis an gcoincheap toisc go léiríonn sé dúinn, mar a mhaígh Piller, gur tábhachtaí cumas reatha an chainteora seachas a c(h)úlra teangeolaíoch in ócáidí cumarsáideacha agus go n-éiríonn le daoine cuma an chainteora dúchais a chur orthu féin níos minice ná mar a cheaptar (2002: 186). Os a choinne sin, d’fhéadfadh ‘cainteoir dúchais’ cumas sa teanga sin a chailliúint de cheal úsáide nó toisc nach mian leis/léi leanúint de bheith ag labhairt na teanga sin. Thabharfadh idé-eolaíocht an chainteora dúchais, mar a chonacthas sa teangeolaíocht í, tús áite don duine sin mar thoradh ar a c(h)úlra teangeolaíoch ach d’áiteodh Piller gur tábhachtaí cumas reatha an chainteora seachas an stádas gradamúil a bhronnfaí air/uirthi toisc gur chainteoir dúchais é/í tráth den saol.

2. Modheolaíocht

13 Tá na sonraí ar a bhfuil an aiste seo bunaithe ar fáil i gcorpas taighde ar nuachainteoirí na Gaeilge a bailíodh ó 2012 i leith mar chuid den tionscadal COST. San áireamh sa chorpas sin tá 100 agallamh leathstruchtúrtha le nuachainteoirí a bhfuil cúlraí agus próifílí éagsúla acu, nótaí páirce bunaithe ar bhreathnóireacht rannpháirtithe i suíomhanna éagsúla agus comhfhreagras breise le rannpháirtithe tar éis na n-agallamh. Roghnaíodh na faisnéiseoirí ar bhonn mhodheolaíocht na cloiche sneachta, cur chuige cáilíochtúil a úsáidtear chun damhnaí daonna a aimsiú laistigh de shampla daonra ar leith (Berg 2008). Chuathas i dteagmháil le nuachainteoirí a raibh aithne ag na taighdeoirí orthu cheana agus mhol na rannpháirtithe sin a thuilleadh daoine a raibh na tréithe céanna acu. D’fhreastail na taighdeoirí ar réimse leathan ócáidí sóisialta ina raibh an Ghaeilge in úsáid chun teacht ar chainteoirí breise. Léirítear an éagsúlacht a bhaineann le nuachainteoirí na Gaeilge sa chorpas taighde agus aithníodh na fo-ghrúpaí seo a leanas:

  • nuachainteoirí saineolacha (féach an tagairt do Piller (2002) thuas);
  • nuachainteoirí a bhfuil blas na Gaeltachta ar a n-urlabhra;
  • nuachainteoirí hibrideacha;
  • daoine a tógadh le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht;
  • nuachainteoirí féideartha a bhfuil cumas níos teoranta acu (Walsh et al. 2015: 12).

14 De cheal spáis, beartaíodh go ndéanfaí anailís ar na nuachainteoirí ‘saineolacha’ amháin san aiste seo. Is coincheap coibhneasta é an cainteoir saineolach, dar ndóigh, ach áitímid gur cainteoirí cumasacha Gaeilge iad seo a bhfuil taithí ag a bhformhór ar chanúintí traidisiúnta na Gaeltachta agus a mbíonn cuid mhaith acu ag úsáid leaganacha traidisiúnta ina n-urlabhra féin chomh maith le gnéithe eile nach bhfuil chomh traidisiúnta céanna. Bhí gach cainteoir dá dtagraítear san aiste seo ar a c(h)ompord ag labhairt na Gaeilge agus ní raibh aon deacracht aige/aici é/í féin a chur in iúl.

15 Leanadh prótacal ceisteanna atá in úsáid ag taighdeoirí de chuid an ghréasáin i dTír na mBascach, sa Ghailís agus sa Chatalóin agus díríodh ar thrí mhórthéama le linn na n-agallamh: cúlra an chainteora, cleachtas an chainteora agus idé-eolaíocht an chainteora. Tras-scríobhadh na hagallaimh de réir an phrótacail a thugtar ag deireadh na haiste seo agus roinneadh an t-ábhar i gcora comhráiteacha. Léiríodh an urlabhra mar a taifeadadh í agus níor ceartaíodh earráidí gramadaí, comhréire ná foclóra (mar shampla ‘sa dara bhliain,’ ‘ó raibh mé,’ ‘chuaigh mé thuas,’ srl.) ach amháin sa chás go gcuirfí an chiall ó mhaith. Léiríodh códmhalartú nuair a úsáideadh focail, nathanna nó intriachtaí Béarla. Ansin, iontráladh na sonraí sa bhogearra NVivo a éascaíonn an anailís cháilíochtúil. Bunaithe ar an anailís sin, tarraingíodh téamaí éagsúla le chéile agus tá a bhfuil san aiste seo bunaithe ar chuid de na sonraí a bhaineann le fo-théama na mudes.

16 Cloíodh leis an ngnáthchleachtas maidir le heitic taighde le damhnaí daonna. Iarradh ar gach rannpháirtí foirm um thoiliú feasach a shíniú agus tugadh deis dó/di tarraingt siar ón taighde uair ar bith. Gealladh go ndéanfaí gach iarracht céannacht an fhaisnéiseora a cheilt agus nach n-ainmeofaí é/í choíche. Chuige sin, cuirtear códainm atá bunaithe ar litir agus uimhir le gach rannpháirtí taighde. Mar shampla, is ionann ‘G16’ agus an séú hagallamh déag a deineadh in áit dá ngairtear ‘G’. Is ionann an uimhir bhreise a thugtar ina dhiaidh sin ag deireadh an tsleachta, mar shampla ‘G16, 45,’ agus uimhir an choir chomhráitigh.

3. Mudes agus nuachainteoirí na Gaeilge

17 Bunaithe ar anailís ar chuid den chorpas a foilsíodh cheana, aithníodh sé cinn de mudes: (a) bunscoil/meánscoil; (b) Gaelscoil; (c) Gaeltacht; (d) ollscoil; (e) teaghlach; agus (f) aois scoir (Walsh agus O’Rourke 2014: 68). San aiste seo, díreofar ar mudes na scoile, na Gaeltachta, na hollscoile agus an teaghlaigh i measc nuachainteoirí a bhfuil ardleibhéal cumais bainte amach acu agus a d’fhéadfaí a shamhlú mar ‘shaineolaithe teanga,’ dá choibhneasta é sin mar choincheap. Tá na mudes sin roghnaithe againn toisc go dtaibhsítear dúinn gurb iad is coitianta agus is fadtéarmaí i measc an tsampla atá againn.

3.1 Muda scoile

18 Is sa chóras oideachais a fhoghlaimíonn formhór na nuachainteoirí an Ghaeilge, bídís ag freastal ar ghnáthscoileanna Béarla nó ar Ghaelscoileanna. D’fhéadfadh sé gurb é sin an chéad muda a dhein an cainteoir, an chéad chéim shuntasach i dtreo na líofachta. Tuairiscíonn roinnt faisnéiseoirí a d’fhreastail ar ghnáthscoileanna go raibh múinteoir inspioráideach acu a las splanc i leith na Gaeilge ina n-aigne. I gcás daoine eile, spreag an tumoideachas nó an tréimhse i scoil Ghaeltachta úsáid ghníomhach na Gaeilge agus seasamh dearfach idé-eolaíochta ar a son. Mar seo a labhair J3, fear 27 mbliana d’aois, a tógadh le Béarla ar imeall na Gaeltachta ach a d’fhreastail ar scoil Ghaeltachta ar feadh roinnt blianta:

Bhuel d’aithin mé go raibh an seoid seo faoi mo shrón agus cad chuige nach mbainfinn leas as bhí mé ag freastal ar choláiste Gaedhlige or coláiste samhraidh ba chóir dom a rá ó raibh mé dhá bhliain déag d'aois agus chonaic mé an taobh eile den Ghaedhlig ansin / is dóigh liom chonaic mé go dtiocfadh léi a bheith ina teanga pobail agus teanga idir chairde agus rudaí mar sin de so d’aithin mé sin agus bhí mé ag iarraidh aithris a dhéanamh air sin sa scoil é féin mar mhothaigh mé gur cur amú a bhí ann i ndáiríre na cainteoirí dúchais ann agus gan Gaedhlig a labhairt leo (J3, 44).

19 Luadh go han-mhinic tionchar an mhúinteora Ghaeilge i ngnáthscoil Bhéarla mar spreagadh tábhachtach chun muda a dhéanamh, mar a mhínigh G1, fear 28 mbliana d’aois a tógadh le Béarla amháin i gceantar tuaithe:

[B]hí múinteoir agam a bhí spreagúil go leor eh mar dhuine duine sea don chéad uair riamh is dócha go raibh sé spraíúil is dócha agus é ag plé leis an teanga / ní raibh sé ró-eagraithe ná aon rud mar sin ach bhí craic againn sa rang sin is cuimhin liom sin [...] caithfidh mé a rá go ndearna sé an-jab linn / now shíl mise ag deireadh na bliana sin go raibh Gaeilge ana-mhaith agam ach ní raibh ach fós féin bhí mé cineál mórtasach go raibh mé in ann / go raibh mé in ann ag an teanga seo mar is dócha arís bhí ana-chraic againn sa rang tháinig muid chomh fada le / leis / le hIndreabhán sílim nó le Cois Fharraige áit éigin i gCois Fharraige chuaigh muid ann ar feadh deireadh seachtaine (G1, 60).

20 Ba le Béarla amháin a tógadh G16, bean 30 bliain d’aois as ceantar tuaithe, agus ba i mBéarla amháin a fuair sí a cuid scolaíochta cé go raibh múinteoirí tacúla aicise chomh maith:

Scoil Béarla a bhí ann em […] ach em bhí Gaeilgeoirí / bhí múinteoir amháin faoi leith a bhí thar barr ar fad agus bhí sise ag múineadh rang a ceathair agus rang a sé agus bhí Gaelainn den scoth á mhúineadh aici siúd so em agus is dócha / agus ansin bhí múinteoirí eile agam sa chéad bhliain agus mé ar an mheánscoil agus múinteoirí is mó a spreag ar aghaidh mé (G16, 97).

3.2 Muda Gaeltachta

21 Spreagtar muda tábhachtach eile go minic nuair a théann an cainteoir chun cónaí sa Ghaeltacht go fadtréimhseach nó fiú go gearrthréimhseach. Bhí tréimhsí gearra (roinnt seachtainí nó roinnt míonna) caite ag go leor de na faisnéiseoirí i gcoláistí samhraidh Gaeltachta agus cheangail roinnt acu na cúrsaí sin le hathrú suntasach idé-eolaíochta nó cleachtais (nó leo araon). Chaith G9, fear 22 bhliain d’aois a tógadh le Béarla amháin i gceantar tuaithe, tréimhsí samhraidh sa Ghaeltacht ar feadh roinnt blianta i ndiaidh a chéile agus é ina dhéagóir, rud a chuir lena líofacht de réir a chéile. Sampla maith de shraith mudes beaga carnacha é seo:

Ansin sa dara bhliain bhí mé níos cumasaí i leith na Gaeilge so bhí mé níos fearr agus níos láidre [...] thug mé faoi deara […] go raibh / gur theastaigh uaim dul ar ais gur airigh mé an Ghaeltacht uaim agus sa chúigiú bliain chuaigh mé thuas go [coláiste Gaeltachta] agus bhain mé an méid sin taitnimh as bhí sé sin iontach d’fhoghlaim mé an méid sin Gaeilge bhí mé ag Gaeilgeoireacht an t-am ar fad / ní raibh aon Béarla á labhairt agam beag nó mór […] so bhí mé i gcónaí dearfach i leith na Gaeltachta / níor cuireadh aon bhrú orm dul ann (G9, 55, 57).

22 Labhair N4, fear 34 bliana d’aois as an Tuaisceart, faoin tionchar cinniúnach a d’fhág an tréimhse sa Ghaeltacht air. Spreag an tréimhse sin bíogadh féiniúlachta agus mian láidir phearsanta chun a chuid féin a dhéanamh den Ghaeilge:

Chuaigh mé chun na Gaeltachta // go Rann na Feirste don chéad uair i 1996 táim ag déanamh agus is cuimhin liom gur chaith mé ceithre bliana as a chéile ag triail ar ais ar Rann na Feirste gach samhradh agus chuaigh mé go Dún Lúiche cúpla uair chomh maith / yeah agus sin an áit ar tháinig an teangaidh chun beatha domsa // ábhar scoile a bhí ann roimhe sin a raibh dúil agam ann ach go tobann d’aithin mé go raibh an oiread dúil a bhí agam in san rud acadúil seo go dtáinig sé chun beatha os mo chomhair / os comhair mo shúile / bhí daoine ann / bhí pobal ann a bhí ag caint Gaeilge agus rud iontach a bhí ann dom / spreag sé go mór mé agus i bhfírinne bhí an-bhrón orm mar bhí ar dhaoine dul abhaile tar éis trí seachtaine ach níor bhain sé leis an siamsaíocht nó leis an gcraic ar fad a bhí againn / bhain sé le bheith ag fágáil áit a bhí / áit a raibh saoirse ann agus deirim é sin sa chiall is leithne de sin / bhí sé gruama a bheith ag tarraingt ar ais ar an tuaisceart ag an am sin […] so thaitin an saol a bhí sa Ghaeltacht liom agus thaitin go mórmhór an teangaidh agus gach rud a bhain leis sin / mhothaigh mé go raibh an fhéiniúlacht a raibh mise ag iarraidh / mise ag iarraidh a aithint dom fhéin go raibh sin sa nádúr ag gach duine sa Ghaeltacht / agus mhothaigh me iontach compordach ina measc mar sin (N4, 21).

3.3 Muda ollscoile

23 Baineann tábhacht ar leith le muda na hollscoile i gcomhthéacs na Gaeilge agus is minic a thagraítear don tréimhse seo sna beathaisnéisí a bailíodh. Bhí G17 sna fichidí déanacha nuair a cuireadh agallamh air agus is cainteoir cumasach, líofa Gaeilge é a úsáideann roinnt gnéithe den chanúint thraidisiúnta Gaeltachta. Tógadh é i gceantar oifigiúil Gaeltachta ach ní raibh bonn láidir faoin nGaeilge mar theanga phobail sa chomharsanacht agus ba mhó an Béarla a labhraítí leis. Shealbhaigh sé an Ghaeilge trí shraith mudes ag pointí éagsúla sa chóras oideachais ach thit an muda ba thábhachtaí amach nuair a bhuail sé le cainteoirí ní ba chumasaí ná é ar an ollscoil. Le linn bhlianta na hollscoile, chuir sé lena chumas trí thréimhsí ama a chaitheamh i gceantair Ghaeltachta ní ba láidre agus d’iompaigh sé ar an nGaeilge mar ghnáth-theanga le daoine muinteartha leis a labhraíodh sé Béarla leo roimhe sin. Cé gur éirigh go han-mhaith le G17 i scrúdú na hArdteistiméireachta, níor thuig sé a chumas i ndáiríre go dtí gur shroich sé an ollscoil:

Dheineas an Ardteist sa bhliain 2002 agus d’éirigh go hana-mhaith liom […] ach nuair a bhaineas an coláiste an ollscoil amach [in ainm na cathrach] thugas faoi ndeara don chéad uair […] cé chomh / nach rabhas rólíofa sin in aon chor nuair a casadh daoine eile as na Gaeltachtaí orm agus bhí daoine ann a labhrann Gaeilge like sin an chéad uair is dóigh ar labhraíos Gaeilge le daoine a bhí ar chomhaois liom (G17, 55).

24 Dhein G17 cur síos ar mar a d’éirigh sé ní b’fheasaí ar a chumas teangeolaíoch le linn bhlianta na hollscoile agus mar a chinn sé feabhas a chur air. Thagair sé do chuid mhaith nuachainteoirí eile ar eiseamláirí teangeolaíocha dó iad. Bhí na nuachainteoirí sin ‘dílis ón gcéad lá don teanga — labhraíodar an teanga i gcónaí — dílseacht agus ardchaighdeán acu — b’fhéidir ná raibh ó thaobh na gramadaí — bhí rithim cainte, líofacht acu, ní raibh an líofacht sin agamsa ag an bpointe sin’ (G17a, 2).

25 Mhínigh B8, fear 45 bliana d’aois, gur de thoradh teagmhála le cainteoirí líofa Gaeltachta ar an ollscoil a bhain seisean líofacht amach chomh maith:

Bhí leaid amháin ansin as eh as [Gaeltacht A] agus eh chuir mé ana-aithne air ina dhiaidh sin agus cara mór liom is ea é agus you knowI suppose / gur tógadh é sin le b’fhéidir / le dearcadh níos militant ná mé féin i leith na teanga you know LF so chaith seisean siar agus dúirt sé an Fisic trí Ghaeilge é seo you know? dúirt sé agus dúirt mise yeah ach tuige a bhfuil gach duine ag labhairt Béarla anseo? You know just LF sin a dúirt sé agus an bheirt chailín as [Gaeltacht B] bhuel you know ní raibh freagra acusan air sin agus bhí siadsan em / agus arsa / dar liomsa má bhí duine ag iarraidh Gaeilge a labhairt liom bhí mise breá sásta Gaeilge a labhairt ar ais leis é sin agus an bheirt chailín sin bhíomar inár dlúthchairde ar feadh eh / táimid fós really ana-mhór le chéile so eh ach ar feadh na tréimhse ar fad a bhíomar ar an ollscoil ansin chónaigh mé in éineacht le leis an leaid as [Gaeltacht A] agus chuaigh mé amach ar feadh sé mhí le ceann le duine des na cailíní as [Gaeltacht B] so I’d say ar feadh bliain nó dhó ansin bhí mo shaol ar fad athruithe go dtí saol trí mheán na Gaeilge / so d’fhéadfainn / dá mbeadh long weekend agam d’fhéadfainn trí nó ceithre lá a chaitheamh gan oiread agus focal Béarla a labhairt you know bhí an saol sóisialta agus sin rud nua ar fad agus go dtí gur tharla sé sin really níor fhoghlaim mé Gaeilge i gceart (B8, 31).

26 Cé gur fhreastail H1, bean 26 bliana d’aois ar Ghaelscoil mar pháiste, ní chreideann sí gur cheart ‘cainteoir’ a thabhairt uirthi féin le linn na mblianta sin toisc nach mbíodh an Ghaeilge á labhairt lasmuigh de chomhthéacs an ranga aici. Níor thosaigh sí ag labhairt na Gaeilge go sóisialta go dtí gur dhein sí cúrsaí iarchéime trí mheán na Gaeilge agus ón uair sin amach, tugann sí ‘cainteoir Gaeilge’ uirthi féin:

Agus ansin sin an chéad uair really go raibh mé ag labhairt Gaeilge gach lá go sóisialta ag dul amach ag labhairt Gaeilge le daoine sa rang agus bhí comhluadar iontach againn ansin agus / em ansin ina dhiaidh sin em rinne mé cúrsa [teideal an chúrsa agus ainm na háite] agus bhí mé ag labhairt Gaeilge gach lá / bhí mé i mo chónaí le cailíní a labhair Gaeilge gach lá agus ansin eh / an [cúrsa eile] i mbliana an rud céanna bhí gach duine ag labhairt Gaeilge ach sa / sa [chúrsa fochéime] ní raibh mórán Gaeilge á labhairt ag daoine do you know? I’d say go raibh b’fhéidir / deich fán gcéad de dhaoine ag labhairt Gaeilge go rialta agus go sóisialta (H1, 50).

Mar sin an gceapann tú gur tharla an t-athrú duitse […] gur athraigh tú i do chainteoir Gaeilge i mblianta na hollscoile mar sin / an mbeadh sé sin ceart? (H1-I, 51).

Yeah bheadh sé sin ceart yeah. (H1, 52).

27 Ní gá go mairfeadh an muda ollscoile, áfach. Níor choinnigh B8 comhluadar Gaeilge go ceann suas le deich mbliana tar éis dó an ollscoil a fhágáil agus d’imigh meathlú ar a líofacht. Tar éis blianta fada, bhuail sé lena chara Gaeltachta ón ollscoil ach níor fhéad sé comhrá Gaeilge a dhéanamh leis. Tháinig náire air, rud a spreag muda eile:

An rud a rinne mé ina dhiaidh sin dúirt mé má tá mé chun mo chuid Gaeilge a choimeád caithfidh mé [...] iarracht speisialta é sin a dhéanamh so em stop mé ag léamh an Irish Times thosaigh mé ag ceannach Lá mar a bhí air ag an am / a bhí ag teacht amach go laethúil ag an am like ní mórán méid a bhí ann le léamh you know sin bíodh sin mar atá you know / rinne mé iarracht / stop mé ag éisteacht le RTÉ Radio thosaigh mé ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta so eh is cuimhin liom / bhí yeah / stop mé ag léamh leabhair Bhéarla dúirt mé tá go leor leabhair Béarla ann agus is féidir liom iad a léamh am ar bith agus dúirt mé tá go leor leabhair Gaeilge ann nár léigh mé ariamh so thosaigh mé ag léamh leabhair i nGaeilge agus rinne mé iarracht just / is dóigh liom gur thóg sé b’fhéidir bliain / bliain dáiríre ní mórán an méid ama é really gur cheap mé go raibh mé líofa a dhóthain arís agus go raibh an spéis agam (B8, 50).

3.4 Muda teaghlaigh

28 Chuir roinnt faisnéiseoirí in iúl gur dhein siad muda le duine muinteartha leo, cé gur ghnách leo Béarla a labhairt leis an duine sin san am a caitheadh. D’fhéadfadh deartháir nó deirfiúr a bheith i gceist leis an muda nó tuismitheoir féin. Is muda réasúnta neamhchoitianta é seo agus is dealraitheach go mbíonn baint idir é agus dúiseacht feasachta in aigne an nuachainteora, go dtuigtear dó nó di go bhfuil athrú radacach mar seo le déanamh ar mhaithe le tacú leis an nGaeilge. Mhínigh G6, fear 22 bliain d’aois as baile beag in aice na Gaeltachta, go labhraíonn sé an Ghaeilge anois lena mháthair, ar bean Ghaeltachta í, cé gur Béarla amháin a labhraíodh ag baile nuair a bhí sé óg:

Labhraím Gaeilge le mo mháthair anois tá sé sin b’fhéidir ceathair nó cúig de bhlianta ó shin em go dtí sin is go hiondúil a bhíodh muid ag déanamh comhrá i mBéarla eh / shocraigh mé agus mé ag teacht aníos b’fhéidir cúig / sé / seacht mbliana déag d’aois go raibh de cheart orm eh / m’iarrachtaí í a ghríosú chun Gaeilge a labhairt liom mar / mar siocair go bhfuil Gaeilge iontach / iontach / shármhaith aici agus bhí mise ag iarraidh an blas agus an saibhreas sin a thabhairt liom agus mise ag eh // go háirithe anois agus mise ar an ollscoil tchím daoine thart orm a bhfuil Gaeilge iontach nádúrtha iontach líofa acu iontach canúnach acu fosta agus tá mise ag iarraidh / tá mise ag déanamh iarrachta teacht ar chanúint / ar mo chanúint fhéin agus sílim gurbh é sin an modh ab fhearr é a dhéanamh ná a bheith ag caint i nGaeilge (G6, 37).

29 Thagair G17 don dúiseacht feasachta sin nuair a tuigeadh dó go soiléir go raibh an Ghaeilge faoi bhagairt:

B’fhéidir nach mbeidh a leithéid de rud ann agus an Ghaeltacht i gceann tríocha caoga bliain mar sin aon em […] daoine ar / chosúil liomsa a bheidh ag labhairt na teanga agus a bheidh [...] ag eascairt as ceantracha neamh-Ghaeltachta […] nách raibh an Ghaeilge riamh iontu mar sin is dócha / táimse sásta glacadh leis an dualgas mar is dócha íomhá don teanga agus em / just a rá le daoine go bhféadfaidh siad é a dhéanamh (G17, 108).

30 Mar thoradh ar an tuiscint sin, shocraigh G17 go ndéanfadh sé féin muda teaghlaigh agus d’iompaigh sé ar an nGaeilge lena dheartháir. Léiríonn an tagairt don ‘bhóthar’ thíos go raibh cinneadh comhfhiosach déanta aige an Ghaeilge a labhairt ar mhaithe le haidhm chultúrtha nó pholaitiúil a chur i gcrích. Cinneadh ba ea é sin a spreag muda suntasach teaghlaigh:

Tá sé ait ó thosnaigh mise eh síos an bóthar seo ar an nGaeilge tá siadsan tosnaithe anois so le mo dheartháir [ainm] ach go háirithe eh […] labhraíonn seisean liom […] bhí sé ag iarraidh an Ghaeilge a chleachtadh liom so shuigh sé isteach sa charr nuair a bhíos á bhailiú aimsir na Nollag agus dhiúltaigh sé Béarla a labhairt liom so bhí orm Gaeilge a labhairt leis an bealach ar fad agus sin an chéad uair is dócha go raibh comhrá iomlán agam leis i nGaeilge (G17, 49).

31 Ní gá go n-éireodh le muda teaghlaigh i gcónaí, áfach, dá dtaibhseofaí don bheirt chomhchainteoirí go mbeadh sé ait nó mínádúrtha cleachtas seanbhunaithe teangeolaíoch a athrú. Sin é an taithí a bhí ag G5, fear 33 bliana d’aois a tógadh le Béarla amháin ach a raibh Gaeilge mhaith ag a athair agus ag a mháthair chríonna:

M’athair / chuaigh seisean ar aghaidh go dtí [scoil lán-Ghaelach] ina dhiaidh sin so bheadh Gaeilge ana-mhaith aige siúd anois ach ní labhraímid Gaeilge eadrainn féin sa bhaile eh rinne sé iarracht ansin iompú ar an nGaeilge LF tamall de bhlianta ó shoin agus mise ag gabháil do chéim […] agus eh cúrsa gnó a bhí ann a bhí á mhúineadh trí Ghaeilge ach is dócha gurb é bun agus barr an scéil ná go raibh mise róchúthaileach dáiríre bhí sé thar a bheith mínádúrtha bhí sé tar éis sinn a thógáil le Béarla agus ní rabhas ar mo chompord ná ar mo shuaimhneas ag labhairt Gaeilge leis agus is mar sin atá go fóill (G5, 42).

4. Conclúid

32 Sa pháipéar seo, aithníodh roinnt móimintí cinniúnacha i saol nuachainteoirí cumasacha na Gaeilge ina dtarlaíonn mudes i dtreo na sprioctheanga. Bhain na mudes seo le blianta na scolaíochta, leis an nGaeltacht, leis an ollscoil agus leis an teaghlach. Maidir le blianta na scoile, luaitear múinteoir inspioráideach, nó taithí Ghaeltachta, mar thionchar cinniúnach ar idé-eolaíocht agus ar chleachtas an chainteora. Samhlaítear bíogadh féiniúlachta le tréimhse Ghaeltachta chomh maith, bíodh sé sin ina spreagadh náisiúnaíoch nó ina fhéiniúlacht phearsanta a bhaineann le teacht in inmhe an déagóra. San ollscoil, aithnítear dlús criticiúil comhchainteoirí eile — a mbíonn seasamh follasach idé-eolaíochta acu agus cumas Gaeilge níos fearr acu go minic — mar spreagadh suntasach don té a bheadh ag teacht ina measc den chéad uair. Ceanglaítear dúiseacht feasachta go minic le blianta na hollscoile agus leis an gcinneadh chun muda teaghlaigh a dhéanamh, athrú ar deacair é a thabhairt i gcrích toisc seanaithne a bheith ag na páirtithe urlabhra ar a chéile.

33 Is cosúil go n-imríonn an comhthéacs sochtheangeolaíoch tionchar cinniúnach ar an muda. Nuair a bhíonn cuid mhaith nuachainteoirí ar aon láthair amháin, bídís i gcomhthéacs ollscoile nó oibre, is dealraitheach go mbuanófar an muda, ar a laghad ar feadh na tréimhse a bheidh an dlús criticiúil sin i gceist. Ní gá go mairfeadh an muda teangeolaíoch, áfach. Mar shampla, i gcás na Gaelscoile nó na hoibre — áit a mbítear ag súil leis go n-iompóidh an nuachainteoir ar an nGaeilge go gníomhach — ní gá go mbeadh athrú suntasach idé-eolaíochta i gceist. Más riachtanas fostaíochta í an Ghaeilge, nó gnás de chuid an tseomra ranga, ní gá go bhfágann an spreagadh eistreach sin go bhfuil aon seasamh pearsanta idé-eolaíochta maidir le húsáid na Gaeilge glactha ag an nuachainteoir. D’fhéadfadh sé gurb in is cúis leis an gcailliúint theangeolaíoch a tharlaíonn do dhaltaí scoile tar éis dóibh an córas tumoideachais a fhágáil. Nuair a imíonn an riachtanas ar ceal, is féidir muda droim ar ais i dtreo na mórtheanga a dhéanamh. Ní gá gurb é sin a tharlódh i gcónaí, dar ndóigh, agus d’fhéadfadh an t-athrú sa chomhthéacs sochtheangeolaíochta ann féin spreagadh de shaghas eile a thabhairt don chainteoir, .i. go rachadh cuid de na comhchainteoirí nua i bhfeidhm air/uirthi ó thaobh na hidé-eolaíochta toisc a líonmhaire a bheidís i láthair oibre lán-Ghaeilge, mar shampla.

34 Thar aon rud eile, is cosúil gurb í an dúiseacht feasachta nó an bíogadh féiniúlachta an ghné is cinniúnaí ar fad a chuirfidh le seasmhacht agus buaine na mudes (féach an plé ag Ramallo (2013) ar an toisc chéanna i gcás na Gailísise). Fiú má dhéantar muda droim ar ais de cheal cleachtaidh nó comhluadair, is féidir filleadh ar labhairt ghníomhach na Gaeilge i bhfad na haimsire má chinneann an cainteoir go comhfhiosach gur mian leis nó léi é sin a dhéanamh. Cé gur cosúil go gcabhraíonn an comhthéacs sochtheangeolaíochta le cinneadh an chainteora an teanga a labhairt níos rialta (is féidir sampla na Catalóinise a mheabhrú anseo arís — féach Puigdevall et al. 2016), léiríonn cuid mhaith de nuachainteoirí na Gaeilge go n-éiríonn leo an teanga a labhairt go rialta in ainneoin nach ann do dhlús criticiúil cainteoirí lasmuigh den Ghaeltacht. Áitímid gur mar thoradh ar an athrú pearsanta féiniúlachta sin a tharlaíonn na mudes is buaine, is seasmhaí agus is fadtéarmaí.

Admháil

35 Gabhann John Walsh buíochas leis an gComhairle um Thaighde in Éirinn a chuir maoiniú ar fáil faoi dhó dá thaighde faoin scéim ‘New Foundations’ (2012 agus 2013). Bailíodh roinnt ábhair a úsáidtear sa pháipéar seo i 2012 nuair a bhí comhaltacht de chuid an Arts and Humanities Research Council (An Ríocht Aontaithe) ag Bernadette O’Rourke i gcomhair an tionscadail ‘New Speakers of Minority Languages and their role in Linguistic Revitalization’. Gabhaimid buíochas chomh maith leis an Royal Society of Edinburgh as deontas beag a úsáideadh chun cuid den ábhar a chódú. Thug Foras na Gaeilge deontas dúinn chun tuarascáil taighde ar na nuachainteoirí a ullmhú (2015) agus tarraingítear ar chuid den ábhar sin san aiste seo chomh maith.

Tábla 1: Prótacal i gcomhair thras-scríobh na n-agallamh leathstruchtúrtha

Gnás tras-scríofa Brí
Ionadaítear ainmneacha áiteanna agus daoine eile mar seo:
[ainm na háite], [Gaelscoil eile] etc.
Áiteanna/daoine a luann an t-agallaí
[cód an chainteora]-I Ceisteanna/intriachtaí ón agallóir
Right
(cló iodálach)
Códmheascadh i.e. nuair a úsáidtear focail nó frásaí Béarla
[…] Ábhar fágtha ar lár
/ Tost gearr (0-2 shoicind)
// Tost fada (2-5 shoicind)
(( )) Caint dhothuigthe
LF Gáire
? Ceisteanna (úsáidtear chomh maith i gcomhair chlibcheisteanna ar nós ‘ceart go leor?’ ‘eh?,’ ‘you know?’)
! Uaillbhreas

Saothair a ceadaíodh

Berg, B.L. (2008) Qualitative Research Methods for the Social Sciences (7ú eagrán). Boston/London: Allyn & Bacon.

Davies, A. (2003) The native speaker: Myth and reality. Clevedon, UK: Multilingual Matters.

Gonzàlez I., Pujolar, J., Font, A. agus Martínez, R. (2009) Entre la identitat i el pragmatisme lingüístic. Usos i percepcions lingüístiques dels joves catalans a principis de segle. Barcelona: Generalitat de Catalunya (Direcció General de Política Lingüística i Departament de Joventut).

Grosjean, F. (1982) Life with Two Languages: An Introduction to Bilingualism. Cambridge, MA agus London: Harvard University Press.

Ó Cuív, B. (1947) Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne i gCunndae Chorcaí. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn.

Ó hIfearnáin, T. (1999) ‘Defining the Native-Speaker of Irish: The Minority Language Speaker in a Bilingual Society’. In: La Langue Maternelle: Cahiers Charles V 27: 93-109.

Ó Riagáin, D. (2011) ‘The concept of Gaeltacht: time to revisit?’ In: Kirk, J.M. agus Ó Baoill, D.P. Sustaining minority language communities: Northern Ireland, the Republic of Ireland, and Scotland. Béal Feirste: Cló Ollscoil na Ríona: 89-95.

O’Rourke, B. agus Walsh, J. (2015) ‘New speakers of Irish: shifting boundaries across time and space’. In: International Journal of the Sociology of Language 231: 63-83. Ar fáil ag: http://www.degruyter.com/view/j/ijsl.2015.2015.issue-231/issue-files/ijsl.2015.2015.issue-231.xml [faighte 10 Meitheamh 2015].

O’Rourke, B., Pujolar, J., agus Ramallo, F. (2015) ‘New speakers of minority languages: the challenging opportunity – Foreword’. In: International Journal of the Sociology of Language 231: 1-20. Ar fáil ag: http://www.degruyter.com/view/j/ijsl.2015.2015.issue-231/issue-files/ijsl.2015.2015.issue-231.xml [faighte 10 Meitheamh 2015].

O’Rourke, B. agus Ramallo, F. (2011) ‘The native-non-native dichotomy in minority language contexts: comparisons between Irish and Galician’. In: Language Problems & Language Planning 35 (2): 139-159. DOI: http://dx.doi.org/10.1075/lplp.35.2.03oro.

O’Rourke, B. agus Ramallo, F. (2013) ‘Competing ideologies of linguistic authority amongst new speakers in contemporary Galicia’. In: Language in Society 42 (3): 1-19. DOI: http://dx.doi.org/10.1017/s0047404513000249.

O’Rourke, B. agus Pujolar, J. (2013) ‘From native speakers to “new speakers” – problematizing nativeness in language revitalization contexts’. In: Histoire Épistémologie Langage 35 (2): 47-67.

O’Rourke, B. agus Ramallo, F. (2015) ‘Neofalantes as an active minority: understanding language practices and motivations for change amongst new speakers of Galician’. In: International Journal of the Sociology of Language 231: 147-165. Ar fáil ag: http://www.degruyter.com/view/j/ijsl.2015.2015.issue-231/issue-files/ijsl.2015.2015.issue-231.xml [faighte 10 Meitheamh 2015].

Ó Tuathaigh, G. (2011) ‘An Stát, an Féiniúlacht [sic] Náisiúnta agus an Teanga: Cás na hÉireann’. In: Mac Cormaic, B. Féiniúlacht, Cultúr agus Teanga i Ré an Domhandaithe. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 76-112.

Ortega, A., Urla, J., Amorrortu, E., Goirigolzarri, J. agus Urangu, B. (2015) ‘Linguistic identity among new speakers of Basque’. In: International Journal of the Sociology of Language 231: 85-105. Ar fáil ag: http://www.degruyter.com/view/j/ijsl.2015.2015.issue-231/issue-files/ijsl.2015.2015.issue-231.xml [faighte 10 Meitheamh 2015].

Péterváry, T., Ó Curnáin, B., Ó Giollagáin, C. agus Sheahan, J. (2015) Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta. Baile Átha Cliath: COGG.

Piller, I. (2002) ‘Passing for a native speaker: identity and success in second language learning’. In: Journal of Sociolinguistics 6 (2): 179-206. DOI: http://dx.doi.org/10.1111/1467-9481.00184.

Puigdevall, M., Walsh, J., Ortega, A. agus Amorrortu, E. (2016) ‘New speakers and linguistic mudes: becoming, passing and belonging’. In: Journal of Multilingual and Multicultural Development 37 [le foilsiú].

Pujolar, J. agus Puigdevall, M. (2015) ‘Linguistic mudes: how to become a new speaker in Catalonia’. In: International Journal of the Sociology of Language 231: 167-187. Ar fáil ag: http://www.degruyter.com/view/j/ijsl.2015.2015.issue-231/issue-files/ijsl.2015.2015.issue-231.xml [faighte 10 Meitheamh 2015].

Ramallo, F. (2013) ‘Neofalantismo’. In: Gugenberger, E., Monteagudo, H. agus Rei-Doval, G. (eag.) Contacto de linguas, hibrididade, cambio: contextos, procesos e consecuencias. Santiago de Compostela: Consello da Cultura Galega: 249-260.

Sullivan, N. (2003) A Critical Introduction to Queer Theory. Edinburgh: Edinburgh University Press.

Wagner, H. 1981 [1958] Linguistic atlas and survey of Irish dialects. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn.

Walsh, J., O’Rourke, B. agus Rowland, H. (2015) Tuarascáil Taighde ar Nuachainteoirí na Gaeilge arna hullmhú d’Fhoras na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Foras na Gaeilge. Ar fáil ag: http://www.gaeilge.ie/nuachainteoiri [faighte 10 Samhain 2015].

Walsh, J. (2011) ‘Athchuairt ar an mBreac-Ghaeltacht: fianaise stairiúil ar an athrú teanga i gCúige Mumhan’. In: Béascna 7: 115-156.

Walsh, J. (2012) Contests and contexts: the Irish language and Ireland’s socio-economic development. Bern: Peter Lang.

Walsh, J. agus O’Rourke, B. (2014) ‘Becoming a new speaker of Irish: linguistic mudes throughout the life cycle’. In: Digithum 16: 67-74. Ar fáil ag: http://journals.uoc.edu/index.php/digithum/article/view/n16-walsh-orourke/n16-walsh-orourke-en [faighte 10 Meitheamh 2015].

Woolard, K. A. (2011) ‘Is there linguistic life after high school? Longitudinal changes in the bilingual repertoire in metropolitan Barcelona’. In: Language in Society, 40: 617-648. DOI: http://dx.doi.org/10.1017/s0047404511000704.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626