Mediae Noctis Consilium — céadfhoilsiú Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman

Proinsias Ó Drisceoil

Seán Ó Dálaigh

1 I gceantar Shliabh gCua — i bhFearnán, baile fearainn i bparóiste Leic Dhobhráin i mbarúntacht Déise lasmuigh den Drom, Contae Phort Láirge — a rugadh Seán Ó Dálaigh sa bhliain 1800. Ní heol dúinn conas a thug sé ceird an scríobhaí abhaile leis nó, go deimhin, cé a mhúin ar scoil é ach bhain traidisiún láidir lámhscríbhinní agus filíochta le Sliabh gCua le linn a óige. Cailleadh i mBaile Átha Cliath é i 1878 agus saol fada tairbheach caite aige mar scríobhaí, mar bhíoblóir, mar eagarthóir, mar fhoilsitheoir, mar bhunaitheoir cumann agus mar reicneoir leabhar (Ó Drisceoil 2007).

2 Bhí an Dálach mar chigire ag an gcumann bíoblóireachta, an Irish Society nó, lena theideal a thabhairt ina iomláine, the Irish Society for Promoting the Education of the Native Irish through the Medium of their Own Tongue. Ba chigire ar dtús in Eochaill é (1828) agus bliain ina dhiaidh cuireadh mar chigire go Cill Chainnigh é (de Brún 2009: 207-208). Anglacánachas na hEaglaise Bunaithe an creideamh a bhí aige idir na blianta 1826 agus 1842, uair ar aisiompaigh sé ina Chaitliceach Rómhánach. Bhunaigh sé an Cumann Ceilteach (Celtic Society) i 1845 agus an Cumann Oisíneach (Ossianic Society) i 1853. D’fheidhmigh sé mar fhoilsitheoir agus mar eagarthóir ar son an dá chumann agus b’eagarthóir agus foilsitheoir fuinniúil bisiúil é sa mhargadh príobháideach chomh maith. Bhí sé i mbun siopa leabhar i gCill Chainnigh go dtí gur bunaíodh an Cumann Ceilteach agus lean sé air i mbun siopaí ag seoltaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, siopaí a mbíodh tarraingt orthu ag aos léinn na linne.

3 Sa Nua-Ghaeilge a bhí a dhúil, san Fhiannaíocht agus i bhfilíocht na Mumhan go háirithe, ach is mó gné eile de litríocht na Gaeilge a shaothraigh sé sna lámhscríbhinní agus sna leabhair a tháinig óna lámh, bídís foilsithe aige nó curtha in eagar aige nó foilsithe ag ceann de na cumainn a bhunaigh sé. Ina measc siúd bhí Reliques of Irish Jacobite Poetry (1844), Féin-Theagasc Gaoidheilge (1846), The Poets and Poetry of Munster (1849), The Poets and Poetry of Munster: Second Series (1860) agus The Irish Language Miscellany (1876).

Eagrán an Dálaigh de Cúirt an Mheán Oíche

4 Mar fhoilsitheoir príobháideach a d’fhoilsigh an Dálach Mediae Noctis Consilium, Auctore Briano Mac-Gilla-Meidhre, de Comitatu Clarensi, in Momonia. A.D. MDCCLXXX. Poema Heroico-Comicum, quo Nihil aut Magis Gracile, aut Poeticum, aut Magis Abundans in Hodierno Hiberniae Idiomati Exolescit. Curtha a g-clodh le Tomás Mhic Lópuis, ag Loch an Chonblaig Oghair, MDCCC. Clúdach bog uaithne neamhchlóite a bhí air agus ar thaobh verso an leathanaigh teidil bhí: ‘Printed for private circulation T. McL.’ Ceithre leathanach is tríocha ar fad atá ann agus 1059 líne sa téacs, áit a bhfuil 1026 líne in eagrán scolártha Uí Mhurchú (1982). Sa chló gaelach atá an téacs féin, cló an léinn i bhfoilseacháin an Dálaigh. Mar atá ráite ag ‘Fiachra Éilgeach’ sa réamhrá (‘Cogar don Léaghthóir’) a chuir sé le heagrán 1912 den Chúirt, ‘ “Tomás Mac Lópuis” an ainm bhréige do thug an leabhar ar fhear a scaipithe .i. Seán O Dálaigh féin agus “Loch an Chonabhlaig Odhair” an ainm ghreannmhar do thug sé ar Bhaile Átha Cliath’ (Ó Foghludha 1912: vii). Dáta foilsithe bréige, MDCCC (1800), agus foilsitheoir agus ionad foilsithe magaidh, mar sin, a bhí curtha leis, agus ní luaitear ainm eagarthóra ná fíorlog a fhoilsithe. MDCCLXXX (1780) an dáta a thugtar mar dháta ceaptha na Cúirte ar an leathanach teidil agus cuireadh an dáta foilsithe 1800 leis, ag tabhairt le tuiscint gur foilsíodh é agus Merriman fós ina bheatha.

5 File ab ea Merriman a raibh spéis ag an Dálach ann i gcaitheamh a shaoil. Chuir sé dán Mherriman, ‘An Mac Alladh,’ i gcló i 1860 in The Poets and Poetry of Munster, Second Series (1860: 86-93) agus cuntas ar shaol Mherriman ina theannta mar nóta:

Brian Mac Giolla Meidhre. Anglicised Bryan Merryman who was born and reared in the parish of Clondagad, barony of Clonderlaw about eight miles west of Ennis in the county of Clare. His father was a small farmer in the aforesaid parish; but Brian was a wild youth and fond of amusement, a taste which he acquired from being an excellent performer on the violin — left his father’s house when he arrived at man’s estate, and located himself in a place called Kilclerin in the parish of Feacle, about twenty miles east of Ennis, where he taught school for about thirty years ; and died in Limerick about the year 1808. While residing in the parish of Feacle he composed the facetious and witty poem ‘Cúirt an Mheodhan-oidhche’ or Midnight Court, as fine a specimen of bardic composition as modern Gaelic ever produced, But a little licentious (O’Daly 1860: 86-87).

6 Maireann ó lámh an Dálaigh cóipeanna den Chúirt in NLW 5330B (ón mbliain 1852) agus in ARÉ 24 L 1 (1862). Dúirt an Dálach gur bhain sé ARÉ 24 L 1 ó lámhscríbhinn le hAntoine Ó hIomhair, scríobhaí ó Chontae an Chláir, ach áitíonn Ó Murchú (1982: 11) gur dócha gur i lámh Mherriman féin a bhí an lámhscríbhinn (Cambridge Add. 6562 passim) ar ar bunaíodh 24 L 1. Gabhann an colafan seo le NLW 5330B:

Fóircheann mar fuaras a leabhar an ughdair fein .i. Brian Merryman ag seo nídh nach féidir le aon duine eile a rádh acht liomsa amháin mar is agam atá an leabhar ceadna. Sgriobhtha le Anntoine O Humhair chum usáide an tAithir Tomas Cnoc an tan fá aois don Tighearna… 1848.

I copied this poem from a large MS. now in the possession of J.E. Pigot Esq., Leeson St. Dublin… John O Daly Dublin Dat. 1852. (NLW 5330B; Ó Riain 1968).

7 Gabhann an colafan seo le ARÉ 24 L 1:

leabhar an ughdair féin e, ní nach creidim acht is iontuigthe liom go rin Antoine O hUmhair réamhráidhte an leabhar so o leabhar an ughdair .i. Brian Mhic Giolla-meidhre. Baile Atha Cliath Lughnasa an fithcheamhadh la, mile, ocht gcéad agus do ar sheasgait. Seaan O’Dálaigh.

8 Maireann freisin blúirí den dán ó lámh an Dálaigh féin in ARÉ 24 P 61 (nach fios a dháta).

9 Deir ‘Fiachra Éilgeach’ agus é ag tagairt don cheant i 1878 a lean bás an Dálaigh gurbh é an comhlacht foilsitheoireachta muintir Gill a fuair a raibh de chóipeanna den leabhar a bhí ar díol ag an gceant:

Nuair a d’éag Seán Ó Dálaigh i mbliadhain a 1878 do díoladh a chuid earradha agus do cheannuigh Muinntir an Ghoill ar an gceant ar fhan den ‘Chúirt,’ agus do dhíoladar gan spás an t-iarmhar san fé chumhdach nuadh (Ó Foghludha 1912: vii).

10 Foilsíodh eagrán de chuid an chomhlachta i 1879 agus arís i 1893 (Eagarthóir dí-ainm, 1879, 1893) agus is é eagrán an Dálaigh a bhí mar bhonn faoi, mar atá ráite, ach amháin go raibh 1135 líne ann. Eisíodh an t-eagrán seo faoi chlúdach de chuid na bhfoilsitheoirí féin. Pádruig Ó Briain a d’fhoilsigh eagrán 1893 ach is mó d’eagrán as an nua é: 1087 líne atá ann agus gabhann foclóir leis.

11 I dtéarmaí an lae inniu, ní eagrán scolártha den téacs é Mediae Noctis Consilium an Dálaigh agus ní áiríonn Ó Murchú é ar cheann den ‘cheithre eagrán scoláiriúla’ den Chúirt a foilsíodh sular tháinig an t-eagrán aige féin ar an bhfód (Ó Murchú 1982: 7) Is cosúil nach n-áiríonn sé ina eagrán scolártha é mar ‘nárbh aon chóipeáil chruinn’ a rinne an Dálach, dar leis:

Bhí sé mar bhéas aige, do réir mar a bhíodh sé ag cóipeáil, a bheith ag athrú a chuid bunscríbhinní chun iad a chur in oiriúint d’fhoirmeacha a chanúna féin nó dá thuiscint féin ar stairiúlacht na teanga. I gcás Add. 6562 cé gur dhein sé roinnt athruithe beaga lig sé do a lán pointí suaithinseacha a bhaineann le litriú canúnach, litriú mícheart agus gnáthbhotúin, sleamhnú isteach ina chorp féin (Ó Murchú 1982: 10).

12 Caithfear a chur san áireamh, áfach, nach mar sholáthar leagain dhílis shlachtmhair neamhphearsanta de théacs a thuig an Dálach gnó na heagarthóireachta. Thuig roinnt mhaith d’eagarthóirí na linne go raibh sé mar dhualgas orthu mionleasú a dhéanamh ar an téacs seachas mar a fuaireadar é. Fiú sa bhliain 1897 in The Life and Writings of James Clarence Mangan, cuir i gcás, bhí filíocht Mangan á leasú chun feabhais, dar leis féin, ag D.J. O’Donoghue, leabharlannaí an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus scoláire aitheanta. Níor chleacht an Dálach an t-idirdhealú idir gnó eagarthóra agus foilsitheora atá suas inniu agus ní mar thruailliú a thuig sé na hathruithe a chuir sé i bhfeidhm ar théacsanna. Cuma chun a shástachta féin a chur ar ar soláthraíodh dó b’aidhm leis. Gnó cruthaitheach a d’fhág lorg pearsanta cruthaitheach ar théacs ba ea an eagarthóireacht agus an fhoilsitheoireacht araon, dar leis. Ba mhinic aige, cuir i gcás, an fhoirm Dhéiseach ‘raince’ a chur ar an bhfocal ‘rince’ (e.g. O’Daly 1860: 10) agus tá ‘raínce’ aige in Mediae Noctis Consilium (10), cé nach é ‘raince’ nó ‘raínce’ ach ‘rince’ foirm na mbunfhoinsí (Ó Murchú 1982: 25). Ina ainneoin sin, ní fhéadfaí a chur ina leith go ndearna sé Déisiú ar théacs na Cúirte tríd síos.

13 Cáineadh go géar nósanna eagarthóireachta an Dálaigh i gcomhfhreagras sa Claidheamh Soluis i 1910 (atá ceangailte le chéile in LNÉ G 843). Comhfhreagras ba ea é a spreag litir dar dáta an 24 Márta 1910 a scríobh Micheál Céitinn ‘sa bhFiacail dom i gContae an Chláir’ agus a foilsíodh ar an 23 Aibreán. Bhíodh comhairle á cur ag Micheál Céitinn ar ‘Fiachra Éilgeach’ le linn don dán a bheith á chur in eagar aige (Ó Foghludha 1912: ix). Rinne an Céitinneach cáineadh mionchúramach ar línte agus ar leaganacha in eagráin chló na Cúirte, a leithéid seo:

I have before me four different editions of the poem, one of them printed in 1800, in the lifetime of Merryman himself, and all of these except that published by Maunsell & Co. [O’Connell 1909], and from which the translation was made, the verb ba (or budh) appears before ‘taithneamhach’ (LNÉ G843).

14 D’fhreagair ‘Fiachra Éilgeach’ an litir ar an 30 Aibreán 1910 sa Claidheamh Soluis agus leag sé gach locht ar leagan an Dálaigh den Chúirt:

The letter of Micheál Céitinn makes extremely interesting reading. It is to be feared, however, that he is in error in imagining that he has before him an edition of the poem ‘printed in the year 1800, in the lifetime of Merryman himself’. Your correspondent probably refers to the edition which bears the imprint of ‘Tomás Mac Lópuis ag Loch an Chonblaigh Oghair 1800’. The name and date were all fictitious. The real date was about half a century later, and the name and address should probably have been ‘John O’Daly, Dublin’. Some copies of the book were supplied with an additional title-page and buff paper cover, bearing the imprint of M.H. Gill & Son, 1879, and the price two shillings and six pence (LNÉ G843).

15 Scríobh an foilsitheoir Pádruig Ó Briain (an té a d’fhoilsigh eisiúint 1893 de Mediae Noctis Consilium) chun an pháipéir ar an 2 Bealtaine 1910 agus foilsíodh an litir ar an 7 Bealtaine:

The Midnight Court was published originally at some date between 1870 and 1878 by John O’Daly, 9 Anglesea Street, Dublin under the misleading imprint ‘Curtha a g-Clodh le Tomas Mhic Lopuis ag Loch an Chonblaigh Oghair MDCCC’. Evidently to enhance the value of the publication, there was printed in italic type on the blank page:- ‘Printed for Private Circulation, T, mcL.’ But this was one of O’Daly’s tricks to get a large sale for the little book which contained only 32 pages. On the title page he had inserted a Latin passage descriptive of the poem, in blank Elizabethan type, so that people might think it was printed some years before then. The late John Fleming, editor of the Gaelic Journal, told me that he paid five shillings to John O’Daly for a copy of it, and the well-known Gaelic scholar and linguist, Tomas O Flannghaile of London told me in a letter some months ago that he gave seven and sixpence to John O’Daly for a copy. According to the Boston Irish Echo the book was sold in America for three dollars (12s.). It was not the only book O’Daly had published for private circulation. When I was passing through Dublin in 1877, on my way to Scotland, I was speaking to O’Daly in his shop. John O’Daly died in April 1878, and in about two months afterwards his books were sold by auction at Jones’ Auction Rooms No. 8 D’Olier Street. I was present at the auction, and it was there I first got acquainted with Dr. Douglas Hyde, and he did not then appear to be out of his teens. Because I spoke a few words to him in German, he took me to be a German. At that auction, the residue or remainder sales of O’Daly’s books were disposed of. M.H. Gill and Son purchased some of the remainder sales and amongst them were copies of the ‘Midnight Court’. They got them covered, and had their own imprint on the cover with Price, Two Shillings and Sixpence.

Some years ago, I had been speaking to Professor Brian O’Looney about the ‘Midnight Court’ and he told me that he had once a manuscript containing an English metrical translation of the ‘Midnight Court’ composed by a Clare man, and that he lent it to John O’Daly but that he never returned it to him. Probably this was the same manuscript which the late David Comyn used when he published in the Irishman in 1880, an English translation of the ‘Midnight Court’ (LNÉ G 843).

16 Aistriúchán Dhonncha Ulf (Ó Murchú 1982: 84-105) atá i gceist sa tagairt don aistriúchán Béarla anseo.

17 Scríobh ‘Fiachra Éilgeach’ litir eile ar an 14 Bealtaine (a foilsíodh ar an 4 Meitheamh), litir a rinne sciúradh an athuair ar mhodhanna eagarthóireachta an Dálaigh:

I have, however, ample proof that John O’Daly altered letters, words, phrase lines and his particular ‘improvements’ are now being regarded by some as talamh slán: for myself I look upon them as a very real slogaire[...] I am afraid that the verb ba appears for the first time with O’Daly (manuscript and print). The O’Brien Edition of 1893 follows suit although purporting to have been taken from the best MSS. in the R.I.A. What I might term the O’Brien ‘Junior’ edition has, very naturally, many of the characteristics of its parent [...] Is it any wonder that O’Daly changes should be stereotyped all the way down [...] I would counsel him to look with suspicion upon John O’Daly. He was most unsafe with regard to Irish verse and he knew little about its essentials: in that particular he has many comrades — the great O’Curry, John Fleming and a number of others (LNÉ G 843) (cló iodálach sa bhuntéacs).

Dáta foilsithe agus cainníocht cóipeanna

18 Pléadh dáta foilsithe Mediae Noctis Consilium i nóta a scríobh D.J. O’Donoghue san Irish Book Lover i Meán Fómhair na bliana 1911:

The late David Comyn told me that the true date of the ‘Midnight Court’ was 1860, and that by selling it very secretly, and one at a time, O’Daly got as much as £1 apiece for the copies (31).

19 Ní luaitear Mediae Noctis Consilium i gcatalóga an Dálaigh roimh 1876 agus, mar atá ráite thuas, ‘some date between 1870 and 1878’ a thug an Brianach mar dháta foilsithe in An Claidheamh Soluis, 7 Bealtaine 1910. Tugann an fhianaise seo ar fad 1860 mar terminus post quem agus 1876 mar terminus ante quem dúinn.

20 Nuair a cuireadh stoc an Dálaigh ar ceant i ndiaidh a bháis, bhí ‘dhá chéad cóip aca nó trí céad le chéile’ de Mediae Noctis Consilium fós gan díol de réir thuairisc ‘An Craoibhín Aoibhinn’. Dúirt ‘An Craoibhín’ gur chuir an dáta bréige leis an bpraghas:

Fuair sé sean-chló Gaedhilge, cló neamh-ghnáthach, chum an leabhairín beag do chlóbhualadh, agus chuir sé 1800 mar dháta air, agus d’iarr sé rún-diamhair éigin do cheangailt leis, tríd an tiodal agus an dáta agus ainm na háite in ar clóbhuaileadh é. Acht nuair a fuair mise na fromhtha ceartuighthe ina láimh féin ba léir damh gurbh’ é cleas beag do bhí an Dálach cóir ‘imirt. Ní raibh acht 32 leathanaigh beaga ann, agus d’iarradh sé seacht sgillingí air! (de hÍde 1937: 18-19)

21 Níor éirigh leis ‘An Craoibhín’ cóip a fháil ag an gceant mar ‘ní dhíolfadh fear an cheant iad acht i n-aon bheart amháin’. Nuair a d’éirigh leis cóip a aimsiú ar ball ‘ceann a bhí ceartuighthe do’n chló le láimh Sheáin Uí Dhálaigh féin’ a bhí ann (de hÍde 1937: 18).

22 Is cinnte gur ag iarraidh cur leis an bpraghas a bhí an Dálach nuair a mhaígh sé faoi dhó i gcatalóga stoic dá chuid i 1876 nár foilsíodh riamh ach dornán cóipeanna: fiche cóip de réir catalóg amháin, tríocha de réir na catalóige eile. Mar seo a chuir sé an leabhar i láthair in Bibliotheca Hibernica No.45, 1876:

Cuirt an Mheodhan Oidhche, or the Midnight Court; a humorous and sarcastic Poem by Bryan Merryman,a Schoolmaster of Sixmilebridge, Clare, 1780, one of twenty printed for private circulation by THOS. MAC LOPUISH, ag Loch an Chonbluig Oghair, 7s. 6d MDCCC (O’Daly 1876) (cló iodálach, mion-cheannlitreacha sa bhuntéacs).

23 Ach an bhliain chéanna sin in Bibliotheca Hibernica (1876b) mhaígh sé gur ‘one of 30 copies printed for private circulation by Tomas Mac Lopuish’ a bhí ar díol aige!

Standish Hayes O’Grady agus téacs Mediae Noctis Consilium

24 Tá 1850 tugtha mar dháta le Mediae Noctis Consilium san Bibliography of Irish Philology and of Printed Irish Literature (Best 1913: 212). Leantar den dátú sin sna príomhchatalóga ar fad ach is dátú é a gcaithfear droim láimhe a thabhairt dó. Ní féidir glacadh leis ach oiread gurbh é an Dálach féin a sholáthraigh an téacs — in ainneoin a raibh de phlé aige le lámhscríbhinní an Iomharaigh. Ní éadóigh gurbh é Standish Hayes O’Grady a chuir an téacs ar fáil agus gur réitigh an Dálach don chló é.

25 Duine é Standish Hayes O’Grady a raibh an-ómós aige don Chúirt fad a mhair sé. Ina Catalogue of Irish Manuscripts in the British Museum (1926, 493-498) scríobh sé cuntas ar an dán, cuntas a bhí i bhfad ró-mhion do riachtanais na catalóige, ach a chuir an meas a bhí aige ar an dán in iúl go breá. Luaitear é mar eagarthóir ar Mediae Noctis Consilium i nóta lámhscríofa atá curtha le cóip d’eagrán O’Connell (1909) den téacs atá i leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann, agus ba leis an nGrádach tráth NLW 5330B, an chóip den Chúirt a rinne an Dálach ó lámhscríbhinn an Iomharaigh (Flower 1926, iml. 1: 493, nóta).

26 Bhí an Dálach mar threoraí ag an nGrádach i gcúrsaí scoláireachta Gaeilge agus é ar scoil in Rugby i 1850 ach ní luaitear an Chúirt in aon cheann de na sé litir a scríobh O’Grady chuig an Dálach an bhliain chéanna sin (Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, Cnuasach Thorna: T.lix). Ach i litir chuig ‘Rev & Dr Sir’ — an tUrramach James Goodman, dar le Séamas Ua Casaide (1911: 13) — dar dáta an 6 Aibreán 1853 (LNÉ 5454), dúirt an Dálach go raibh naoi gcéad líne den Chúirt aistrithe go Béarla ag an nGrádach. Is é seo, gan dabht, an t-aistriúchán (‘Oft by the stream o’er the meadowy glade / Brushing the morning dews I stirred...’) a mhaireann in Cambridge Add. 6526, aistriúchán a rinne sé ar ‘scatterd fragments of paper’ de réir a thuairisce féin ach atá curtha le chéile mar théacs leanúnach in Cambridge Add. 6526. Maireann litir eile dar dáta 23 Feabhra 1854 a sheol an Dálach chuig an duine céanna ina bhfuil caint ar obair a bheith á déanamh ag an nGrádach ar an gCúirt an uair úd:

Mr. O’Grady is at 18, Clare st. at present and going on with the Cúirt; but I fear Donnchadh Ruadh will put him out of conceit only 30 copies of the whole being sold... (LNÉ 5454).

27 Is é Adventures Of Donnchadh Ruadh Mac Con-Mara. a Slave of Adversity. Written by himself. Now for the First Time Edited, from an Original Irish Manuscript, with Metrical Translation Notes and a Biographical Sketch of the Author by S. Hayes, a chuir Ó Grádaigh in eagar agus a d’fhoilsigh an Dálach i 1853, atá faoi thrácht sa tagairt do Dhonnchadh Rua.

28 Tagann deireadh obann leis an lámhscríbhinn i ndiaidh naoi gcéad seachtó sé líne agus ní hionann in aon chor téacs an dáin in Cambridge Add. 6514 agus an téacs mar atá in Mediae Noctis Consilium. I gcás na chéad cheithre líne den Chúirt, cuir i gcás, tá na difríochtaí seo idir an dá théacs:

Ba ghnáth mé ág siubhal ar chiumhais na h-abhan

Ar bháinsigh úir ‘s an drúcht go trom

Anaice na g-coillteadh a g-coim an t-sléibh

gan mhairg gan mhoill ar shoillse an lae... (Cambridge Add. 6514)

Budh ghnáth me siúbhal le ciumhais na h-abhann

Air bháinseach úr ‘san drúcht go trom,

Anaice na g-coillteadh — ag-cuím an t-sléibhe,

Gan mhairg, gan mhoill, le soillse an lae... (Mediae Noctis Consilium)

29 Ach ina choinne sin tá an tagairt againn do Shráid an Chláir, Baile Átha Cliath, agus don Ghrádach a bheith i mbun oibre ar an gCúirt ann i 1853, tagairt atá ag teacht le cuntas Cambridge Add. 6514, áit a luann an Grádach féin Sráid an Chláir a bheith mar bhunáit aige agus an chóip atá sa lámhscríbhinn sin den Chúirt á cur i dtoll a chéile aige i 1853:

The Midnight Court
or
Cúirt an Mheadhoin Oídhche

Stainndis Aodh O’Grada do sgriobh é so a dtúis an tsamhraidh anns an mblidhain d’aois ar dtighearna ocht gcéad déag agus tri bliadhanna déag ar da thchid a mBaile Átha Cliath Duibhlinne anns an tsráid dá nglaodhtar Sráid an chláir.

30 Is ar dhátaí i ndiaidh na bliana 1850 a thiteann an fhianaise ar fad i dtaobh spéis an Ghrádaigh sa Chúirt agus más é a sholáthraigh téacs Mediae Noctis Consilium, ba i ndiaidh 1854 ar a luaithe é. Ó tharla nár cuireadh aon eagrán den téacs i gcló faoi ainm an Ghrádaigh féin agus nach eol dúinn aon duine eile i gciorcal an Dálaigh (cé is moite den Dálach féin) a chuir spéis ann, tá ciall áirithe leis an mbarúil gurbh é Standish Hayes O’Grady a chuir eagar ar théacs Mediae Noctis Consilium — ach níl aon chruthúnas dearfa againn ina thaobh seo.

An Chúirt faoi Bhréagriocht?

31 Níor tuigeadh i gceart agus é beo gurbh é an Dálach féin a chuir Mediae Noctis Consilium i dtoll a chéile:

The supercherie was only discovered after O’Daly’s death, when the sheets of the work were discovered in his stock. Messers M.H. Gill put a new cover on the book (1879) and sold the remainder (O’Donoghue 1911: 31).

32 Ba chlaonbheart tráchtála é bréagriocht an leabhair ach caithfear a chur san áireamh gur cuireadh bréagriocht an leabhair i láthair go follasach ar an gclúdach; caithfidh go mba léir do chách go raibh lúb ar lár sa scéal. Ar deireadh thiar thall b’fhoilseachán é a chuir comaoin ar litríocht na Gaeilge, gníomh cruthaitheach, aiteasach a d’fhreagair go maith don áilteoireacht sa dán féin agus do mheon na Cúirte (mar a thuig an Dálach é). Ba é seo ceannfháth an bhréagdháta, an scigtheidil agus an scigchlódóra araon. Mar atá ráite ag Seamus Ua Casaide:

Owing to the peculiar vein of humour which permeates this work of the Clare poet, O’Daly was apparently shy about claiming credit. Is this instance of tampering with dates unique in the history of Irish publishing? (Ua Casaide 1911: 13).

33 De thoradh an Rómánsachais, ba é coincheap na barántúlachta an tslat tomhais a bhí acu siúd ar fad a rinne plé ar Mediae Noctis Consilium. Chuir an Rómánsachas pearsantacht an údair agus údarás an téacs i lár na cruthaitheachta agus ba as seo a d’fhás coincheap na barántúlachta. Mar atá ráite ag an gcriticeoir, Nick Groom:

As a vehicle of thought and critical idiom authenticity carries to the very heart of culture the aesthetics of Romantic authorship — the conceits of genius, creativity and especially that of originality (2002: 293).

34 Tagann an margadh agus an litríocht — an dán agus an dollar — le chéile nuair a bhítear ag iniúchadh eagrán an Dálaigh den Chúirt. Ach más corr mar eagrán é ba chuid suntais é nuair a foilsíodh an chéad leagan cló den Chúirt ar dháta éigin nach luaithe ná 1860 agus nach déanaí ná 1876. Is treise an fhianaise atá againn i leith dáta foilsithe gar don bhliain 1876 ná i leith dáta níos luaithe ná sin.

Saothair a ceadaíodh

Eagráin de Mediae Noctis Consilium

Eagarthóir dí-ainm. (gan dáta) Mediae Noctis Consilium, Auctore Briano Mac-Gilla-Meidhre, de Comitatu Clarensi, in Momonia. A.D. MDCCLXXX. Poema Heroico-Comicum, quo Nihil aut Magis Gracile, aut Poeticum, aut Magis Abundans in Hodierno Hiberniae Idiomati Exolescit. Curtha a g-clódh le Tomás Mhic Lópuis, ag Loch an Chonblaig Oghair, MDCCC. Baile Átha Cliath: John O’Daly.

Eagarthóir dí-ainm. (1879) Mediae Noctis Consilium, a Heroic Comic Poem in Irish Gaelic by Bryan MacGilla-Meidhre [atheagrán]. Dublin: Gill.

Eagarthóir dí-ainm. (1893) Mediae Noctis Consilium. Cúirt an Mheadhoin Oidhche le Brian Mac Gialla Meidhre. An Dara Clódh de’n Leabhrán so. Léir-cheartuighthe go curamach, agus air n-a choimeas leis na cóib is feárr de’n Dán so atá i leabhairibh láimh-sgriobhtha i n-Ardscoil Riogamhuil n-a h-Éireann. Air n-a Chur i gClodh le padruig o briain Ag Úibhir 46 i Sráid Chuffe, i m-Baile-atha-cliath i 1893. Baile Átha Cliath: Cló-Chumann.

Lámhscríbhinní

Aberystwyth

Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige

NLW 5330B

Baile Átha Cliath

Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann

ARÉ 24 L 1

ARÉ 24 P 61

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

LNÉ G 843

LNÉ 5454

Cambridge

Leabharlann na hOllscoile, Cambridge

Cambridge Ad. 6514

Cambridge Ad. 6526

Cambridge Ad. 6558

Cambridge Ad. 6562

Corcaigh

Leabharlann na hOllscoile, Corcaigh

Cnuasach Thorna T.lix

Foinsí Foilsithe

Best, R.I. (1913) Bibliography of Irish Philology and of Printed Irish Literature. Dublin: HMSO.

de Brún, P. agus Herbert, M. (1986) Irish Manuscripts in Cambridge Libraries. Cambridge: Cambridge University Press.

de Brún, P. (2009) Scriptural Instruction in the Vernacular: The Irish Society and its Teachers 1818-1827. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

de hÍde, D. (1937) Mise agus an Connradh. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Flower, R. (1926) Catalogue of Irish manuscripts in the British Museum Volume 2. London: The British Museum.

Groom, N. (2002) The Forger’s Shadow: How Forgery Changed the Course of Literature. London: Picador.

O’Connell, F.W. (eag.) (1909) The Midnight Court by Bryan Macnamara, Edited for the Use of Schools and Annotated. Dublin: Maunsell.

O’Daly, J. (1876a) Bibliotheca Hibernica no. 45, 1876: A Catalogue of Rare and Curious Books now on Sale by John O'Daly Irish Bookseller and Publisher, 9, Anglesea Street. Dublin: John Mara.

O’Daly, J. (1876b) Bibliotheca Hibernica or A Catalogue of Irish Language Books Now on Sale by John O'Daly Irish Bookseller and Publisher, 9, Anglesea Street. Dublin: John Mara.

O’Daly, J. (eag.) (1860) The Poets and Poetry of Munster: a Selection of Irish Songs by the Poets of the Last Century. with Metrical Translations, by Erionnach, Second Series. Dublin: J. O’Daly.

O’Donoghue, D.J. (1911) ‘Midnight Court’. In: Irish Book Lover 2 (3): 31.

Ó Drisceoil, P. (2007) Seán Ó Dálaigh: Éigse agus Iomarbhá. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí.

Ó Foghludha, R. (1912) Cúirt an Mheadhon Oidhche. Dublin: Hodges Figgis.

O’Grady, S.H. (1926) Catalogue of Irish Manuscripts in the British Museum 1, London: British Museum.

Ó Murchú, L.P. (1982) Cúirt an Mheon-Oíche le Brian Merríman. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Riain, P. (1968) Clár na Lámhscríbhinní Gaeilge sa Bhreatain Bhig. Baile Átha Cliath: Cló Bhréanainn.

Ua Casaide, S. (1911) ‘Fictitious Dates: John O’Daly’s Fictitiously Dated Editions of Brian Merriman’s “The Midnight Court”’. In: Irish Book Lover 2 (3): 13.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626