An Irish-Speaking Island: State, Religion, Community, and the Linguistic Landscape in Ireland, 1770-1870

Nicholas M. Wolf

The University of Wisconsin Press (2014) | xiii + 448 lch | ISBN: 978-0-299-30274-0 | $34.95

1 Is léir ón tús nach aon athchuntas ar thuairimí scoláirí eile ar dhálaí na Gaeilge mar theanga phobail atá sa leabhar nua seo le Nicholas Wolf, An Irish-Speaking Island: State, Religion, Community, and the Linguistic Landscape in Ireland, 1770-1870. Má tá tuiscint chomónta i measc Gael agus Gall ón seachtú haois déag ar aghaidh go raibh an Ghaeilge ag dul in éag agus ag géilleadh don Bhéarla, ní duine é údar an leabhair seo a ghlacann gan cheist le haon chuid den dioscúrsa aontaithe timpeall ar phróisis chasta an athraithe teanga sin. A mhalairt glan atá fíor. Aithníonn Nicholas Wolf gur peirspictíocht dhiacronach a bhí in uachtar i measc tráchtairí ar chás na teanga ón seachtú haois déag i leith: gurbh ionann labhairt faoin nGaeilge agus labhairt faoina dul ar gcúl sa seachtú, san ochtú agus sa naoú haois déag (41).

2 Díríonn seisean aird an léitheora ar dhearcadh na ngnáthdhaoine, áfach, á mhaíomh go háititheach nár ghá gur chás le gnáthmhuintir na tuaithe dul ar gcúl na Gaeilge liteartha a raibh oiread sin caitheamh ag na scríobhaithe, na múinteoirí agus scoláirí na teanga ina diaidh (42). Ar na trí fheiniméan is minice a shamhlaíonn Gaeilgeoirí coitianta leis an athrú teanga, is suaithinseach an rud é nach bhfaightear ach tagairtí fánacha sa leabhar d’éifeacht an Ghorta (1846-1849) ar líon na gcainteoirí Gaeilge, cé go bpléitear go réasúnta mion le tionchar bhunú Choláiste Phádraig Mhaigh Nuad (1795) agus bhunú na scoileanna náisiúnta (1831) ar dhán na Gaeilge mar theanga phobail. Go deimhin, ní fada go dtuigtear don léitheoir nach é an t-athrú teanga ó Ghaeilge go Béarla per se is cás le Wolf, ach dálaí phobal labhartha na Gaeilge féin, na dinimicí laethúla sóisialta a bhain leis na gnéithe sochtheangeolaíocha den saol a chaith siad sa tréimhse 1770-1870. Agus cur chuige sioncronach á chleachtadh aige, tá an t-údar den tuairim gur féidir eolas i dtaobh shaol laethúil na nGaeilgeoirí a aimsiú ach foinsí comhaimseartha de chineálacha éagsúla a scagadh as an nua, is é sin faoi mar a bheadh sé ag cuimilt in aghaidh an tsnáithe (‘if such sources are read against the grain’) (24). Beidh an léitheoir ar an airdeall ón tús, mar sin, ag iarraidh a dhéanamh amach cén pheirspictíocht idé-eolaíoch go díreach atá ag an údar. Mura bhfuil Wolf ag dul le sruth an dioscúrsa a bhfuil glactha leis le fada, an amhlaidh atá sé ag seasamh in aghaidh an tsrutha, nó an scoláire é atá beag beann ar an sruth? Agus nuair atá deireadh léite, b’fhéidir nach bhfuil freagra lánsoiléir le fáil ar an bponc seo. Tá rud amháin eile cinnte ó thosach, áfach, is é sin go bhfuil éacht léitheoireachta agus taighde déanta ag Wolf: buntaighde cartlainne mar aon le seachtó leathanach d’fhonótaí agus de thagairtí a chuirfidh iontas ar léitheoirí. Labhraíonn sé chomh húdarásach céanna faoin ábhar atá le fáil i lámhscríbhinní na Gaeilge agus a labhraíonn sé faoin ábhar a d’aimsigh sé i gcartlanna den uile shaghas. Ní hamháin go bhfuil greim aige ar chuid mhaith mhór de litríocht na Gaeilge le cúpla céad bliain anuas, ach tá greim aige chomh maith céanna aige ar an litríocht léirmhínitheach agus ar an scoláireacht chomhaimseartha mórthimpeall ar an ábhar sin. Tuigfear de réir a chéile, áfach, gurb iad modhanna oibre an staraí cháiréisigh atá in uachtar. Agus féach nach scaoileann an t-údar a rún go dtí go mbíonn a cheann scríbe bainte amach aige, nach mór, ar leathanach leathdheireanach an tsaothair. Is anseo a dhéanann sé a áiteamh go neamhbhalbh:

Literary scholars have long discussed the creation of modern Irish literature in terms of the contributions of Irish-language writing to that process. By contrast, historical interpretations of the wider place of Irish speakers in the making of modern Irish culture have tended to avoid that question or else assumed, given language shift, that no role for Irish existed. This position is untenable. Evidence of Irish speakers participating in the shaping of eighteenth- and nineteenth century cultural and political processes demonstrates to the contrary that this was a speech community that, so long as it existed, was fully capable of negotiating the changes shaping the Ireland that emerged at century’s end (273).

3 Beidh go leor staraithe ann nach ngéillfidh go héasca don téis seo. Ní hamháin sin, ach seans go mbeidh amhras ar dhaoine faoin maíomh ar an leathanach deiridh ar fad den leabhar nach raibh an ceart ag athbheochanóirí dheireadh an naoú haois déag a shamhlú go raibh ceangal díreach idir an Ghaeilge mar theanga phobail céad bliain roimhe sin agus ceist neamhspleáchas na hÉireann. Is é áiteamh an údair ar deireadh ná nach raibh ansin ach cuid amháin de phictiúr níos casta (274).

4 Leagtar príomhthéiseanna an leabhair amach sa réamhrá (3-20). Maítear sa chéad áit nár theanga í an Ghaeilge a bhí teoranta d’aicme bhocht faoin tuath sa tréimhse céad bliain atá faoi chaibidil in An Irish-Speaking Island, ach teanga a bhí á labhairt ag suas le ceithre mhilliún duine c.1830, an líon is mó cainteoirí riamh (3). Dar leis an údar, bhí pobal na Gaeilge líonmhar, il-aicmeach agus le fáil ar fud na tíre (4). Léiríonn iomadúlacht na bhfoinsí a dtagraítear dóibh sna nótaí a ghabhann leis an réamhrá agus leis na caibidlí eile a chuimsithí agus a dhoimhne a dhein an t-údar a chuid taighde ar na gnéithe den teangeolaíocht agus den staidéar teangacha is mó a bhaineann le hábhar a shaothair, go háirithe éabhlóid na dteangacha caighdeánacha náisiúnta in iarthar na hEorpa agus teagmháil teangacha ar fud na cruinne. Braitheann Wolf go raibh an dioscúrsa faoi chúlú na Gaeilge agus faoin athrú teanga ó Ghaeilge go Béarla chomh láidir sin ón seachtú haois déag i leith gur dhein múnla agus fráma tagartha coincheapúil chomh huileghabhálach sin de gurbh amhlaidh a mhúch sé iniúchadh bunúsach ar ghnéithe feidhmeacha de chás na teanga agus de shaol a cuid cainteoirí.

5 Ceistíonn sé an téis gur dhá chultúr dhochta ar leithligh a bhí ionchollaithe sa dá theanga, Gaeilge agus Béarla, agus gur cailleadh an cultúr Gaelach scun scan nuair a d’athraigh an pobal a n-urlabhra go Béarla (14). Trí aidhm a leagtar amach don leabhar seo: (i) meonta na gcainteoirí Gaeilge féin sa tréimhse 1770-1870 a léiriú oiread agus is féidir; (ii) il-fhéiniúlachtaí logánta agus náisiúnta na gcainteoirí, bíodh siad bunaithe ar an teanga féin, ar an teagmháil idir í agus an Béarla, nó ar na difríochtaí aitheanta canúna sa Ghaeilge féin, a aimsiú sa tslí go rianófar na cultúir éagsúla a mhair laistigh de phobal na Gaeilge; agus (iii) léiriú a thabhairt ar an idirghníomhaíocht idir lucht labhartha na Gaeilge agus na húdaráis eaglaise is stáit, sa tsúil go gcealófar an gnáthphictiúr de phobal na Gaeilge ag freagairt go fulangach do bheartais na n-údarás, agus Wolf á mhaíomh nár ghluaiseacht choscrach aontreoch i dtreo an athraithe teanga a bhí i gceist i gcónaí (18-19). Is é tuairim mheáite an údair nár chúlú agus cealú amháin a bhí ag bagairt ar an nGaeilge ar feadh an ama, agus féachann sé le feidhmiú agus le hidé-eolaíochtaí na teanga Gaeilge a léiriú (20). Cuireann sé sonrú ar leith tríd síos i samplaí d’úsáid na Gaeilge sa sféar poiblí, cuirim i gcás ag feirmeoir aonteangach as an gClochán ar bhord poiblí sa bhliain 1861 (50-51). Tá an leabhar lomlán d’eolas nua agus d’éachtaintí úra sonracha den sórt seo, atá bunaithe ar léitheoireacht fhairsing dhomhain an údair. Mar shampla beag breise eile, léimid go raibh fógra faoi Ghaeilge a theagasc in Saunders’s Newsletter ar cuireadh athchló air sa Bristol Mercury i 1833 (36).

6 An cion a bhí ag muintir na hÉireann ar a dteanga dhúchais agus an dáimh a bhí acu léi is ábhar don chéad chaibidil, ‘Language Bonds and the English-Speaking Other’. Cé gur tuigeadh do na Gaeil gurbh í an Ghaeilge an teanga a labhair Ádhamh anallód (29-30), faighimid amach mar sin féin go raibh an tuiscint chéanna coitianta i measc lucht labhartha teangacha eile. Rud eile a léirigh gaol na nGael lena dteanga ná an nós a bhí ag imircigh go Meiriceá lámhscríbhinní Gaeilge a bhreith leo, nós a dhein nasc buan fisiciúil dá gceangal mothúchánach leis an teanga agus le hÉirinn. Anuas air sin, déanann Wolf amach óna anailís ar na scéalta faoi chumas dátheangach Dhónaill Uí Chonaill agus faoin úsáid ghlic a bhaineadh sé as an nGaeilge, gur léiriú iad nár iompaigh sé an choitiantacht in aghaidh na teanga (39; 289, fonóta 64).

7 Pléitear an tuiscint agus an dílseacht áitiúil, bunaithe ar chúigí agus ar cheantair laistigh díobh (66) i gcaibidlí 2 agus 3, ‘Peasant Etymologies’ agus ‘Bilingualism and the Humor of Language Contact,’ faoi seach. Baintear earraíocht as iomadúlacht agus as éagsúlacht na logainmneacha áitiúla chun an gaol idir an pobal logánta agus an dílseacht áitiúil a chur abhaile. Mar shampla, cuirtear béim ar an gcodarsnacht idir an tsolúbthacht a bhain le gnás na muintire, a thapúla a bhí siad ábalta ar ainmneacha nua a chumadh a d’fhreagair d’athrú éigin in úsáid na talún, suas le seasamh agus leagan amach righin Sheáin Uí Dhonnabháin agus mhuintir na Suirbhéireachta Ordanáis trí chéile. Is é an rud a theastaigh ón Donnabhánach ná leaganacha d’ainmneacha a raibh údarás na staire, fios fátha a mbunús agus fianaise cáipéisíochta laistiar díobh, seachas an tsolúbthacht shéimeantach a bhain le hainmneacha dá leithéid sa phobal i gcaitheamh na haimsire.

8 Rud eile de, níor mhian leis an gcóras oifigiúil nua ach glacadh le leagan amháin d’ainm i gcomhair aon áit ar leith (77), rud nárbh ionann agus an cleachtas i measc an phobail go minic. Is cinnte gur léargas domhain luachmhar de chuid Wolf atá sa chodarsnacht seo (78). Scrúdaíonn Wolf an greann atá bunaithe ar an dátheangachas chomh maith, greann a bhaintí as míthuiscintí Béarla, faoi mar atá le fáil in Stair Éamuinn Uí Chléire le Seán Ó Neachtain (c.1715), mar shampla (95). Is minic a dhéantar aistriúchán áiféiseach focal ar fhocal i scéal liteartha, faoi mar atá le fáil níos déanaí i scéalta grinn an bhéaloidis (86-87). Ar ndóigh, d’fhéadfaí féachaint ar an teannas seo idir an t-áitiúlachas agus caighdeánú na Suirbhéireachta Ordanáis mar léiriú ar laghad na cuimilte a bhí ag an nua-aoiseacht le saol na nGaeilgeoirí, rud a bheadh ag tarraingt airde ar an taobh eile den speictream is spéis le Wolf sa taighde seo. Go deimhin, d’fhéadfaí an smidiríneachas is féidir a bheith mar thoradh ar an dúil i gcanúintí agus i bhfochanúintí na Gaeilge — agus na Briotáinise agus an Rhaeto-Romantsch — a chur i gcomparáid le caighdeánú na mórtheangacha a labhraíonn na pobail chéanna, .i. an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis.

9 Tá trí cinn de na caibidlí in An Irish-Speaking Island dírithe ar ghné éigin de chúrsaí reiligiúin. ‘Education and Established Church’ is teideal don cheathrú caibidil. Ar ndóigh, is é an tsaintréith is mó a bhaineann leis na hiarrachtaí chun an Reifirméisean a chur chun cinn in Éirinn ná nár deineadh ach lagiarracht chun an reiligiún leasaithe a leathnú trí mheán theanga na ndaoine. Cuirtear é sin i gcomparáid leis an staid in Albain mar ar bhain Eaglais na hAlban feidhm réasúnta díograiseach as an nGàidhlig ó c.1650 i leith (119). Bhí an stát abhus taobh le hEaglais Phrotastúnach na hÉireann chun scoileanna a bhunú d’fhonn an Béarla a chur chun cinn. Ní raibh ach éifeacht theoranta acu seo, áfach, toisc a dhaingne a chloígh formhór na nGael Éireannach leis an gcreideamh Caitliceach. Nuair a foilsíodh torthaí teanga dhaonáireamh na bliana 1851, bhí iontas ar lucht Eaglais na hÉireann agus an oideachais náisiúnta go raibh beagnach 25% de dhaonra na tíre fós ina nGaeilgeoirí (144). Ansin a tuigeadh dóibh go raibh faillí déanta i gcraobhscaoileadh an chreidimh oifigiúil ina dteanga féin i measc na ndaoine a labhair Gaeilge. Thosaigh cuid de mhuintir na hEaglaise Bunaithe ar an milleán faoi úsáid an Bhéarla agus faoi theip an Reifirméisin a chur ar údaráis Shasana. Ach is amhlaidh a léiríonn an tranglam argóintí agus an t-áiteamh anonn is anall a chasta is a bhí an gaol idir teanga agus reiligiún. Go deimhin, dealraíonn sé go raibh Ó Conaill agus Caitlicigh Éireannacha eile in aghaidh teanga na Gaeilge a mhúineadh sna scoileanna, tráth bunaithe na scoileanna náisiúnta, toisc an ceangal a shamhlaigh siad idir léamh na Gaeilge a mhúineadh agus iarrachtaí na n-eaglaisí Protastúnacha soiscéalda ar Chaitlicigh d’iompú ag an am (141).

10 Dá fheabhas é an cíoradh a dhéantar ar réimsí eile sa leabhar, tá idir úire agus téagar ar leith ag roinnt leis an éachtaint a thugtar ar ról na Gaeilge san eaglais Chaitliceach i gcaibidil a sé, ‘Language and Catholic Devotional Reform,’ agus i gcaibidil a seacht, ‘Priests, Pastoral Care, and Catholic Policy’. Tá fianaise go leor ann, ní nach ionadh, mar gheall ar an ngéilleadh a bhí ag Gaeilgeoirí na tuaithe do thábhacht thraidisiúnta an reiligiúin Chaitlicigh. Mar shampla, chomh déanach le 1880 dúirt tiarna talún a bhí ag lorg ábhar deabhóideach saor as Gaeilge, gur airigh sé gur dhóigh leis na Caitlicigh nár inis an diabhal bréag as Gaeilge (‘the devil never tells lies in Irish’) (38). Ach is é mórléiriú úr na coda seo den leabhar ná an fhianaise a léiríonn go raibh an deabhóideachas nua a thosaigh ag teacht ón Róimh anoir sa seachtú haois déag, tar éis an fhrith-Reifirméisin, agus a shamhlaítear coitianta leis an meánaicme, leis na cathracha agus leis an mBéarla, go raibh an deabhóideachas nua seo lán chomh tréan i measc lucht na Gaeilge is a bhí sé i measc phobal an Bhéarla. Go deimhin, is cuma nó tour de force é an mháistreacht a léirítear ar an réimse seo. Féach an tsiúráil bheachtaíochta atá in uachtar sa chuntas seo a leanas, cuirtear i gcás:

Of the 713 eighteenth- and nineteenth-century manuscripts found to contain at least one item of religious provenance, hagiographical material (present in 28 percent of texts), religious verse (40 percent), and prose tracts (53 percent) were the three most dominant genres in Irish-language religious texts (199).

11 Léiriú ar an bhfeiniméan a dtagraítear dó anseo is ea an t-ábhar a bhreac Tadhg Ó Neachtain ar lámhscríbhinn Egerton 198 i Leabharlann na Breataine (336, fonóta 137). Leabhar urnaí ab ea é seo, dáiríre, faoi mar a bhí a leithéidí réitithe ag Risteard Tuibear, scríobhaí eile ó Bhaile Átha Cliath, agus ag Seán Mac an tSaoir (John Carpenter), ardeaspag Bhaile Átha Cliath 1770-1786 (211). Tá fianaise ann go mbíodh na lámhscríbhinní deabhóideacha Gaeilge á malartú go rialta (187). Bhí de bhuntáiste ag na lámhscríbhinní a sholúbtha a bhíodar mar ionaid i gcomhair rogha ábhair an phátrúin, nó an scríobhaí féin agus iad mar chineál ‘common-place books’ i gcomparáid leis na heagráin chlóite a bhí ar fáil go líonmhar (192). Ach ar nós leabhar clóite bhíodh lámhscríbhinní á léamh amach os ard do pháistí agus do chomhluadair ghinearálta (192). Rud eile nach miste a choimeád in aigne, ná go raibh gradam níos airde ag go leor pátrún agus úsáideoirí lámhscríbhinní ná mar a shamhlaíonn staraithe coitianta (191). Dá chomhartha seo, tugann Pilib Barún solaoidí iomadúla ar an dúil a bhí ag daoine acmhainneacha i lámhscríbhinní a cheannach sa Freeman’s Journal, 5 Márta 1859, dréacht a tógadh ón iris Ancient Ireland i 1835 (190; 327, fonóta 38). Bhí difríochtaí idir an fheidhm a bhaintí as an dá theanga, mar sin féin. Cé go mbíodh mórán ábhair dheabhóidigh á aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, is cosúil nár aistríodh saothair Ghaeilge go Béarla, fiú saothair cháiliúla ar nós Trí Bior-Ghaoithe an Bháis agus Eochair-Sgiath an Aifrinn le Séathrún Céitinn (209).

12 Is é an tuairim choiteann atá i réim ná go raibh an eaglais Chaitliceach in aghaidh na Gaeilge nó neodrach agus patuar i leith na teanga faoi lár an naoú haois déag (224), agus go raibh a rian sin ar nádúr na hoiliúna a chuir coláistí éagsúla ar shagairt Chaitliceacha (227). Ach rud a théann glan i gcoinne na tuairime seo faoin Eaglais Chaitliceach a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an athrú teanga is ea an fhianaise a chuirtear i láthair anseo i dtaobh líon agus céatadán na nGaeilgeoirí i measc ábhair shagairt Mhaigh Nuad, 1851-1891 (244). Is réimse é seo a thuillfidh níos mó scrúdaithe fós, ba dhóigh liom, áfach, toisc go mbeifí ag súil leis go mbeadh sagairt na tíre — mar dhream le hoideachas a chaith freastal ar scoileanna clasaiceacha agus eile — go mbeidís sin chun tosaigh ar an gcuid eile den phobal maidir le nósmhaireacht shóisialta nua, ar nós an athraithe ó Ghaeilge go Béarla. Ní hamháin go gcuireann fianaise an leabhair seo i gcoinne na tuisceana go raibh luí ag an gcliar Chaitliceach le Béarla seachas Gaeilge, ach táthar á rá go raibh an Ghaeilge chomh láidir céanna i measc na n-ábhar sagart is a bhí i measc an phobail i gcoitinne sa tréimhse sin. Is díol suntais é seo. Os a choinne sin, insítear dúinn leis go raibh paróistí ar easpa sagart le Gaeilge idir na 1850idí agus na 1870idí (236). Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil an fhianaise guagach. Pé ní faoin bpictiúr mór, tá na seoda eolais chomh líonmhar sna caibidlí seo is atáid ar fud an leabhair. Faighimid amach faoi shagairt a bhain cáil amach as a fheabhas a thugadar seanmóirí Gaeilge uathu, 1836-69 (228), mar shampla.

13 Oscailt súl eile is ea an t-ábhar atá tiomsaithe ag Wolf i gcaibidil a cúig, ‘Courtroom and Polling Booth,’ mar a bhfaightear amach go raibh ról i bhfad níos uileghabhálaí ag an nGaeilge sa sféar poiblí seo ná mar a tuigeadh go nuige seo. Tá íoróin áirithe ag roinnt le cuid den chúlra leis seo, gan dabht, sa mhéid go raibh ar an mBéarla féin an Laidin, agus go deimhin an Fhraincis, a bhrú i leataoibh sula bhféadfadh sé é féin a shuíomh i lár an aonaigh. Féach an t-áiteamh seo a deineadh sa bhliain 1737 gur sa Bhéarla a bheadh imeachtaí cúirte in Éirinn, ‘in the English tongue and language, and not in Latin or French,’ ar an mbonn ‘that great mischiefs do frequently happen to the subjects of this kingdom from the proceedings of courts of justice being in an unknown language’ (150). Tugtar eolas mar gheall ar úsáid na Gaeilge i gcásanna dlí i gcúirteanna eastáit mainéir (152). Nuair a tuigeadh ag deireadh na tréimhse atá faoi chaibidil sa leabhar seo go raibh oiread sin Gaeilgeoirí ann, tugadh isteach socrú, faoin ‘Juries (Procedure) Ireland Act’ (1876), a d’fhág nár ghá dóibh bheith rannpháirteach sa phróiseas. Scaoileadh daoine nach raibh ábalta ar Bhéarla a léamh nó a scríobh saor ón dualgas bheith mar bhall de ghiúiré de bharr an achta seo, cinneadh a raibh tionchar aige ar chainteoirí aonteangacha Gaeilge (154), gan dabht.

14 Léiríonn fianaise Wolf arís is arís eile go raibh leas i bhfad níos forleithne á bhaint as ateangairí sa saol poiblí ná mar a tuigeadh go dtí seo, gnás a raibh impleachtaí airgeadais á leanúint, gan dabht. Cuirim i gcás, bhí ateangairí á gcur ar fáil le haghaidh ‘grand juries’ (157, 158). Tugann Wolf eolas an-suimiúil faoi ról ateangairí le linn toghchán agus an soláthar a deineadh faoina gcoinne, 1840-1859 (168), tráth a raibh vótaí á n-eagrú ag tiarnaí talún (168-169; 320, fonóta 109). Is é bun agus barr an scéil go dtuigeann an léitheoir gur chaith an córas dlí freastal ar Ghaeilgeoirí ar an leibhéal áitiúil trí ateangairí a sholáthar agus a bheith sásta íoc as na costais a ghabh leo. De bhreis air sin, caitheadh aghaidh a thabhairt ar rogha teanga finnéithe agus, sa bhliain 1858, chinntigh an cás R. v. Burke go raibh an lá leis na Gaeilgeoirí sa mhéid seo (271-272). Mar sin, de réir mar a leathnaigh an ceart rannpháirtíochta sa sféar poiblí, deimhníodh go raibh tábhacht vótála ag roinnt le lucht na Gaeilge chomh maith le lucht an Bhéarla (180).

15 Níl aon amhras ann ach go bhfuil éirithe le Nicholas Wolf fianaise a thiomsú a chuireann lena phríomhthéiseanna, is é sin go raibh ról substaintiúil ag an nGaeilge laistigh den sféar poiblí a bhí ag fás is ag forbairt ó dheireadh an 18ú haois amach, agus go raibh acmhainn fhónta nua-aoiseachta sa Ghaeilge agus i lucht a labhartha i réimse an reiligiúin, go háirithe. Mar sin féin, ní mór a aithint — faoi mar a aithníonn Wolf féin — gur léirigh údaráis Shasana dearcadh diúltach diongbháilte i leith na Gaeilge. Is fíor gur theip ar bhille in aghaidh na Gaeilge a thug an Viscount Lanesborough os comhair Theach na dTiarnaí in Éirinn sa bhliain 1697 (120). Mar sin féin, tá samplaí den naimhdeas reachtúil agus de chol ginearálta le húsáid na Gaeilge fud fad an réimse oideachais (féach mar shampla 124-125). Tá gá le míniú a aimsiú ar a leanúnaí a bhí polasaí an stáit ar son oideachais trí Bhéarla in Éirinn, murab ionann agus Alba, cuirim i gcás (127), agus murab ionann agus Maori sa Nua-Shéalainn is teangacha dúchasacha na hIndia (132).

16 Ní haon iontas mar sin gur ar bhonn pragmatach, imeallach go maith, agus cliathánach de ghnáth, a ghéilltí ionad don Ghaeilge sa réimse poiblí, seachas le croí maith mór agus ar bhonn prionsabail mhóir shochtheangeolaíoch. Is go drogallach doicheallach a thugtaí bheith istigh di. Nuair a d’oir sé do na rannpháirtithe i bpróiseas na toghchánaíochta bhíothas sásta córas maith ateangaireachta a chur ar fáil, rud a deineadh ar scála suntasach i gcás fheidhmiú an dlí agus na córa chomh maith. Ach nuair nach chun leasa dream ar bith den chinseal — de bhreis ar na Gaeilgeoirí féin — a rachadh a leithéid, faoi mar a bhí i gceist i réimse an reiligiúin, cuirim i gcás, is go tútach neamhéifeachtach a géilleadh slí don Ghaeilge. Is fíor go raibh an mianach chun nua-aoiseachta i measc na nGael, rud a léiríodh i dtimpeallacht scolártha mhuintir Neachtain i mBaile Átha Cliath sa chéad leath den ochtú haois déag, ach thug Seán agus Tadhg Ó Neachtain dul chun cinn an Bhéarla faoi deara, agus mhéadaigh úsáid na teanga sin i lámhscríbhinní Thaidhg féin le himeacht aimsire. Léiríonn staitisticí Garret FitzGerald go raibh an Ghaeilge ídithe go maith mar theanga phobail in oirthear na tíre faoi 1770 cheana féin. Faoi 1870 bhí an scéal ag teannadh leis an gcríoch chéanna in iarthar na tíre. Ar ndóigh, níor chás le Wolf an crapadh seo per se, ach d’fhéadfaí a áiteamh go bhfuil tréimhse céad bliain rófhada chun cloí go docht leis an bhféachaint shioncronach, go raibh diminsean dosheachanta diacronach i gceist i gcúrsaí urlabhra chomh maith, fiú murar in aon líne dhíreach amháin a bhí an ghluaiseacht úsáide ag dul. Ní mór a admháil gur beag cur amach a gheobhadh léitheoirí an leabhair seo ar an milliún Gaeilgeoir a dhíothaigh an Gorta, ná ar an milliún eile a scaipeadh ar fud na cruinne, idir dhomhan an Bhéarla, Québec Cheanada, agus an Airgintín dá bharr.

17 Tá éacht taighde mar bhonn le An Irish-Speaking Island: State, Religion, Community, and the Linguistic Landscape in Ireland, 1770-1870. Tá curtha faoi chéad ag Nicholas Wolf lenár dtuiscintí ar ról pragmatach na Gaeilge sa sféar poiblí, 1770-1870. Ach ní féidir an col a ghlac údaráis Shasana le teanga na Gaeilge ón gcéad lá riamh a cheilt. Thug siad le tuiscint os ard agus os íseal nach mbeadh na Gaeil intrust, .i. nach mbeadh an concas i gcrích a fhad is a bheadh an Ghaeilge ina mbéal. Agus tá ceisteanna le cur maidir le seasamh na nGael féin de. Cén fáth nár féachadh le dátheangachas cothrom a chur chun cinn mar aidhm réadúil fhiúntach? Cén fáth nár forbraíodh aon idé-eolaíocht Ghaelach bunaithe ar an teanga i gceart go dtí tar éis an Ghorta nó, má forbraíodh, cén fáth nár chuaigh sí i bhfeidhm ar lucht labhartha na Gaeilge go dtí go raibh an Ghaeilge bailithe léi, nach mór? Cé nach ceisteanna iad seo a ndírítear go sonrach orthu in An Irish-Speaking Island, tá fianaise thábhachtach le fáil ann a chabhróidh le hiarrachtaí chun teacht ar na freagraí. Ach mar shaothar a chuireann i gcrích go binn an aidhm a chuir sé roimhe, is é sin, an tuiscint acadúil ar dhálaí laethúla na Gaeilge mar theanga phobail sa ré dheiridh ina raibh sí faoi bhláth a athrú ó bhonn, tá éirithe go seoigh leis. Léiríonn an leabhar nach raibh Éire ina tír aonteangach Bhéarla idir 1770 agus 1870, agus go raibh lucht na Gaeilge lánábalta iad féin a chur in iúl ó thaobh na nua-aoiseachta de go reiligiúnach, go polaitiúil agus go heacnamaíoch (269). Tá An Irish-Speaking Island le háireamh feasta ar na saothair is tábhachtaí a scrúdaíonn cás na Gaeilge mar theanga phobail.

Liam Mac Mathúna

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626