Ár dTéarmaí Féin

Fidelma Ní Ghallchobhair

Cois Life (2014) | xv + 290 lch | ISBN: 978-1-9074944-0-6 | €16

Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana

Conchúr Mag Eacháin

Cois Life (2014) | xviii + 246 lch | ISBN: 978-1-907494-41-3 | €20

Terminology signifies the collection of terms, or technical words, which belong to the science. But in fixing the meaning of the terms, at least the descriptive terms, we necessarily fix, at the same time, the perceptions and notions which the terms are to convey; and thus the Terminology of a classificatory science exhibits the elements of its substance as well as of its language (Whewell 1847: 463-464).

1 Ní mór a rá nach féidir le teanga ar bith a comharthaí fáis agus forbartha a thaispeáint i gceart munar féidir léi aghaidh a thabhairt ar staidéar na téarmaíochta: a ceapadh; a hinghlacthacht; agus solúbthacht, úsáideacht agus inmharthanacht na téarmaíochta céanna. Déantar sláinte teanga a mheas leis an tslat tomhais sin.

2 Mar chuid den phleanáil corpais, rinneadh roinnt mhaith iarrachtaí, go háirithe ó thús na hAthbheochana, tabhairt faoi fheabhsú, leasú agus éabhlóidiú na téarmaíochta Gaeilge. Sin luaite, ní réimse léinn é ar tugadh an t-uafás airde air agus, ar an ábhar sin, is gá fáilte a chur roimh an dá leabhar atá faoi chaibidil sa léirmheas seo, leabhair a rianaíonn codanna áirithe de stair léann na téarmaíochta Nua-Ghaeilge. Is fiú a lua ón tús nach bhfuil saothar údarásach amháin go fóill againn ar stair na téarmaíochta agus ní dhéanann ceachtar den dá leabhar seo aon iarracht feidhm den chineál sin a chomhlíonadh. Le foilsiú an Fhoclóra nua Béarla-Gaeilge le Foras na Gaeilge ar líne (www.focloir.ie), agus athainmniú na n-áiseanna teangeolaíochta, foclóireachta agus téarmaíochta de chuid an Stáit sa bhliain 2015, tá breis aitheantais tugtha don ghort léinn seo arís, i measc an phobail mhóir agus i measc scoláirí acadúla freisin.

3 Cuirtear an-spéis san ord croineolaíoch inar tháinig na forbairtí is tábhachtaí agus is suntasaí ar an nGaeilge ó thús ama, agus baineann tuairisc Fidelma Ní Ghallchobhair cuid mhaith leis an ábhar seo. Ní hamháin go dtugann sí faoi anailís an-ghéarchúiseach ar stair na téarmaíochta agus ar na foinsí inspioráide ag lucht ceaptha focal, ach tugann sí eolas cuimsitheach ar ghnéithe eile den teangeolaíocht agus den fhoclóireacht, chomh maith le heolas ar ghnéithe de stair an Bhéarla agus moltaí praiticiúla maidir le húsáid na téarmaíochta.

4 Tugann Conchúr Mag Eacháin aghaidh ar chuid de na ceisteanna céanna thuas ach achar ama níos gairide faoi thrácht aige: aimsir na hAthbheochana. Éiríonn leis, den chéad uair i saothar acadúil, meascán d’éabhlóid na Gaeilge le linn na hAthbheochana a cheangal go córasach leis na díospóireachtaí poiblí a bhí ann faoin téarmaíocht taca an ama chéanna.

5 I ndíospóireachtaí acadúla faoin luach nó seasamh atá ag teanga ar bith, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir léann na téarmaíochta sa teanga sin agus an téarmaíocht inti féin. Anuas air sin, bíonn plé de dhíth faoi sheachadadh na téarmaíochta i slite éagsúla: foilsiú foclóirí le téarmaíocht speisialaithe go príomha. Déantar na hábhair sin ar fad a aithint go cuimsitheach in Ár dTéarmaí Féin. Bhain dúshlán áirithe leis an réimse acadúil seo de cheal tuairiscí leordhóthaineacha a bheith foilsithe. Is féidir a mhaíomh go bhfuil ábhar dhá leabhar sa saothar: taifead stairiúil ar an téarmaíocht agus a préamhacha sa teanga ar thaobh amháin, agus léiriú ar dhisciplín chruthú na téarmaíochta ar an taobh eile: stair agus praitic ar fáil in aon saothar amháin.

6 Scríobhann Ní Ghallchobhair le húdarás agus tá cúis mhaith leis sin: is í an saineolaí is mó sa disciplín in Éirinn le fiche bliain anuas í. Iar-fheidhmeannach stáit í a bhfuil taithí fhada aici ar an bhfoilsitheoireacht Ghaeilge agus ar obair an Choiste Téarmaíochta freisin. Tugann an méid sin a stádas ceart féin di mar údar. Mar a mbeifí ag súil leis i dtéacsleabhar acadúil, tugtar blaiseadh de go leor de na saincheisteanna agus na réimsí díospóireachta san ábhar seo gan a bheith ag díriú go grinn ar aon téama amháin acu. Déantar iarracht suim an léitheora agus treo na díospóireachta a léarscáiliú trí cheisteanna don scoláire agus trí mholtaí léitheoireachta a chur ag deireadh gach ceann de na deich gcaibidil. Is díol spéise don fhoghlaimeoir agus don speisialtóir araon é cuimsiú an-mhaith a bheith tugtha ar an eolas a bhí ar fáil in áiteanna éagsúla cheana, anuas ar na sonraí úrnua a bhaineann le cruthú agus cleachtadh na téarmaíochta féin.

7 Éiríonn leis an saothar seo tréimhsí éagsúla na téarmfhoclóireachta (focal a mhíneofar thíos) san fhichiú haois a aithint, agus is féidir iad a roinnt ina sé chuid mar seo a leanas:

  1. 1900-1922: Foilseacháin na hAthbheochana agus na n-eagraíochtaí teanga;
  2. 1922-1942: Luathfhoclóirí na gcigirí sa Roinn Oideachais faoin Stát nua;
  3. 1945-1959: An sciar téarmaíochta a ullmhaíodh don English-Irish Dictionary faoi stiúir Thomáis de Bhaldraithe;
  4. 1959-1967: Iarrachtaí fánacha na gcoistí cigireachta;
  5. 1968-1985: Bunú, saothair agus foilseacháin an Bhuanchoiste Téarmaíochta sa Roinn Oideachais faoi Thomás Ó Floinn;
  6. 1985-2000: Foilseacháin an Bhuanchoiste Téarmaíochta ó 1985 faoi chóras coincheapúil a chuir an Dr Liam Mac Cóil agus Colm Breathnach i bhfeidhm agus ar lean Fidelma Ní Ghallchobhair leis.

8 Ní mór an miondealú sin a dhéanamh chun rath na téarmaíochta in imeacht na dtréimhsí éagsúla a thomhas.

9 Tobar eolais atá sna caibidlí éagsúla: eolas ar sholáthar fairsing ceisteanna, idir stair agus teangeolaíocht, idir ghramadach agus aistriúchán. I measc na n-ábhar a ndéantar scagadh orthu, tá na teangacha a raibh tionchar acu ar stór focal na Gaeilge: an Laidin, an tSean-Lochlainnis, an Fhraincis agus an Béarla. Cuirtear in iúl gur tháinig iasachtaí isteach sa teanga i réimsí éagsúla ó theangacha difriúla. Baineann na téarmaí iasachta ón Laidin den chuid is mó le cúrsaí reiligiúin agus le cúrsaí léinn, mar shampla, agus baineann iasachtaí ón tSean-Lochlainnis le trádáil, le hiascaireacht agus le seoltóireacht. Léiríonn Ní Ghallchobhair an tslí ar tháinig forbairt ar na focail iasachta sa Ghaeilge agus tá an t-eolas sin cabhrach, tairbheach agus suimiúil.

10 Déantar iarracht na bunchoincheapanna agus prionsabail téarmeolaíochta a chur ar fáil sa chéad chaibidil sula ndéanann an t-údar plé, sna chéad cheithre chaibidil eile, ar stair na téarmaíochta Gaeilge go dtí an lá atá inniu ann. Is áis an-luachmhar í an léaráid ag tús chaibidil a trí ina leagtar oidhreacht litríocht na Gaeilge amach. Pléitear sonraí na téarmaíochta sa Stát nua i gcaibidil a ceathair, áit a dtugtar tuairisc mhaith ar an nGúm agus ar an gCoiste Téarmaíochta agus ar go leor foclóirí téarmaíochta a cuireadh ar fáil don chóras oideachais. Ní chailltear an comhthéacs staire ach an oiread i gcaibidil a cúig, nuair a scríobhtar faoi théarmaí ó theangacha iasachta sa Ghaeilge, áit a gcoimrítear obair fhoclóirithe na Gaeilge freisin, agus mar a chuir siad le forbairt na téarmaíochta. Tugtar an t-aitheantas cuí do ról Thomáis de Bhaldraithe i bhforbairt prionsabal i leith ceapadh téarmaí agus caighdeánú iasachtaí. Leantar le comhthéacs comparáideach teangeolaíoch i gcaibidlí a sé (Sasana) agus a seacht (an Ghaeilge san Eoraip). Tá treoir theagascúil sa leabhar tríd síos agus dírítear air seo i gcaibidil a hocht, a bhaineann leis an bpróiseas cumtha. Déantar suntas de dhíospóireacht inghlacthacht na téarmaíochta mar gheall ar an mínádúrthacht a shamhlaítear léi, ábhar is cás leis an taighdeoir Helena Ní Ghearáin freisin (2010). Ba dheacair leabhar den chineál seo a chur ar fáil don phobal spéise gan plé a dhéanamh ar cheartúsáid na téarmaíochta.

11 I gcaibidil a naoi, ‘Téarmeolaíocht agus téarmfhoclóireacht,’ cuirtear síos ar na céimeanna a leanann an Coiste Téarmaíochta nuair a bhíonn cnuasach téarmaí á chur le chéile acu agus beathaítear an plé le samplaí ó thionscadal téarmaí fichille. Ar an gcaoi seo, tarraingíonn Ní Ghallchobhair aird ar chuid de na dúshláin a bhaineann le foclóir Béarla-Gaeilge a shaothrú, a dheacra is atá sé ainmfhocail a bhunú ar bhriathra ar nós ‘bain amach,’ mar shampla, fadhb nach mbaineann leis an mBéarla an oiread sin (‘achieve’ < ‘achiever’). Tháinig forbairt níos suntasaí ar thiomsú agus ar sholáthar na bhfoclóirí téarmaíochta i nGaeilge i gcaitheamh an chéid seo caite ná réimse ar bith eile sa ghort seo. Glacann Ní Ghallchobhair leis an moladh leas a bhaint as an téarma nua-cheaptha, an ‘téarmfhoclóireacht,’ i gcaitheamh an tsaothair (mar atá luaite aici: ‘téarmfhoclóireacht: téarmaí speisialaithe atá i réimse eolais ar leith a bhailiú, a eagrú agus a fhoilsiú mar chnuasach téarmaíochta’ (xiv)). Níor cheart foclóireacht nó focaleolaíocht a mheascadh le téarmeolaíocht ach is féidir foclóireacht mar cheird a shamhlú le téarmfhoclóireacht mar cheird sa tslí agus go dtagann torthaí praiticiúla chun tosaigh mar thoradh ar an bpróiseas tiomsaithe, sa chás seo foclóirí téarmaíochta (Fuertes-Olivera & Tarp 2014: 27).

12 Dé réir na tuairisce sa leabhar, bhláthaigh réimse na téarmaíochta agus na téarmfhoclóireachta thar na blianta toisc grúpaí saineolaithe aitheanta a bheith ag obair i bpáirt lena chéile ar bhonn tráthrialta: scríbhneoirí na hAthbheochana; cigirí na Roinne Oideachais; baill an Bhuanchoiste Téarmaíochta, mar shampla. Ní mar a chéile an rath a bhí ar an bhfoclóireacht mór-imleabhar agus an cúram leagtha ina iomlán ar fhoclóirí aonair nó ar phríomhfhoclóirí amháin agus fostaithe áirithe ag obair faoi. Tá sé éasca an leithne rannpháirtíochta a aithint sa téarmaíocht nach raibh le sonrú san fhoclóireacht an oiread céanna.

13 Léirítear ábhar eile a chuir borradh leis an téarmfhoclóireacht sa slám aguisíní a chuirtear ar fáil sa leabhar. Níor mhiste foilsiú an aguisín ar a nglaoitear ‘Gaelú Téarmaí’ a aithint go speisialta. Cuireadh na rialacha traslitrithe seo le chéile sa bhliain 1976 faoi choimirce Thomáis de Bhaldraithe, Néill Uí Dhónaill, agus Éamoinn Uí Ógáin agus bhíodar le sonrú den chéad uair san fhoilseachán Foclóir Bitheolaíochta (1978), in Foclóir Gaeilge-Béarla (1977) agus sna foclóirí téarmaíochta a foilsíodh as sin amach, cé gur éalaigh corrthéarma anseo is ansiúd ón mbeachtú i bhfoclóirí áirithe.

14 Mheas de Bhaldraithe go raibh an méid a aithnítear anois ina théarmeolaíocht ina cuid aitheanta den teangeolaíocht mar bheartaíocht nó mar phleanáil teanga agus go raibh bealaí faoi leith ann le cur le stór focal aon teanga. Thuairimigh sé gur baineadh triail as cuid mhaith de na modhanna sin atá luaite san aguisín ‘Gaelú Téarmaí’ agus go raibh cuid acu á n-oibriú i gcónaí sa Ghaeltacht bheo. Bhraith sé gur thrua go raibh an tsamhlaíocht fhuinniúil a bhíodh sa teanga ag dul i léig; an tsamhlaíocht lenar cumadh téarmaí mar ‘chíoch carraige,’ ‘bundún leice’ agus a leithéid (Mac Amhlaigh 2010: 239). Ag an tráth céanna, mheas Daithí Ó hUaithne gur bhraith an pobal go raibh ‘a modern coinage such as “reifreann” based on “aifreann” […] entirely artificial’ (1966: 30-31) ach ba dhóigh le Ó Háinle go raibh glactha go fairsing leis faoi na 1990idí, i ngeall ar a mhinice a tionóladh reifrinn idir an dá linn agus ar a fhairsinge a úsáideadh an focal i gcúrsaí iriseoireachta (1994: 776). Is dócha go léiríonn sé sin gur féidir le dearcadh an phobail a athrú thar thréimhse ama, go háirithe má bhaintear úsáid rialta as nuathéarma nuair nach mbíonn a leithéid ag teacht salach ar fhocal nó ar nath dúchasach. Chuidigh an téarmfhoclóireacht le seachadadh na dtéarmaí seo, agus chuidigh an seachadadh féin le hinghlacthacht na dtéarmaí agus, go ciorclach, le cruthú na bhfoclóirí speisialaithe.

15 Tugann Ní Ghallchobhair neart samplaí den dul chun cinn seo i soláthar téarmaí san fhichiú haois i bhfoirm mionfhoclóirí, ach bhí an obair seo ar siúl ar feadh i bhfad sa Nua-Ghaeilge, agus mar a deir Bhreathnach agus Nic Pháidín: ‘Le breis mhaith agus míle cúig chéad bliain, tá téarmaí nua á gcruthú ag an nGaeilge agus cuid eile á nglacadh chuici féin aici chun déileáil le forbairtí sóisialta, eaglasta agus teicneolaíochta’ (2008: 1). Tháinig méadú leanúnach ar an gcorpas téarmaíochta san aois seo caite nuair a cuireadh bonn reachtúil stáit leis an gcúram, mar bhí riachtanas práinneach leis ó thaobh dhul chun cinn na heolaíochta agus na teicneolaíochta. Mínítear an cor is déanaí i scéal na téarmaíochta mar ábhar léinn nuair a deirtear an méid seo:

Rinneadh táirge na dtéarmaí Gaeilge a sheachfhoinsiú chuig Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Cuireadh tús leis an obair i 2008 agus ó shin i leith tá 55,000 iontráil téarmeolaíochta próiseáilte agus curtha ar ais (141).

16 Ní thugtar breithiúnas faoi luach nó éifeachtúlacht an chinnidh seo, agus níl amhras ach gur athrú an-mhór a rinneadh an uair sin i bpolasaí an Stáit, athrú nár pléadh mórán san earnáil ghairmiúil nó acadúil ó shin.

17 Tá an t-údar le moladh as an nGaeilge sholéite atá aici chun coincheapanna casta a chur in iúl agus le heolas a dháileadh go héifeachtach. Is cás léi éirim ábhair dhúshlánaigh a choimriú agus a chur os comhair an léitheora go snasta intuigthe. Ní gá a rá ach go bhfuil barr feabhais curtha ag an bhfoilsitheoir ar ghnéithe an chló agus an leagain amach, mar atá déanta sa dara leabhar atá faoi léirmheas chomh maith. Is deas an scagadh atá déanta ag an údar ar ghnéithe stairiúla an disciplín agus na teanga agus na gnóthaí gairmiúla cruthaitheacha a bhaineann leis an gceird féin. Leabhar an-bhreá é seo do dhuine ar bith atá ag plé den chéad uair, nó den chéadú uair, le scríbhneoireacht nó litríocht na Nua-Ghaeilge.

18 Is áisiúil díospóireachtaí Ní Ghallchobhair tráth fhoilsiú Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana, leabhar ina gcuirtear síos ar phleanáil teanga i dtréimhse na hAthbheochana. Sa leabhar seo freisin, rianaítear na díospóireachtaí ar leathanaigh nuachtán na linne sin faoin tslí ab fhearr le huirlisí don phleanáil corpais, idir téarmaíocht agus foclóirí, litriú agus chló a réiteach, ag casadh na haoise seo caite. Tugann Conchúr Mag Eacháin léargas cuimsitheach i gcaibidil a dó ar na moltaí faoi Acadamh Gaeilge a chruthú a dhéanfadh cúram de na nithe seo. Mar a dúirt D.B. Hurley in An Claidheamh Soluis:

Do not the interests of the movement require now, if ever, the foundation of a National Irish Academy, with authority to deal with questions of spelling, grammar, usage etc. Are there not in Ireland a sufficient number of competent scholars to at least make a start on the lines of the Académie Nationale of France (1902).

19 D’fhás an leabhar seo as an taighde a rinne an t-údar mar chuid de chomhaltacht iardhochtúireachta trí bliana sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge, ‘Acadamh’ léinn nua-chruthaithe eile de chuid ár n-aimsire féin. In aimsir na hAthbheochana, nuair a ardaíodh ceist seo an ‘Acadaimh,’ bhí go leor ceisteanna le réiteach ag teangeolaithe na Gaeilge. Seo mar a mhíníonn Ó hIfearnáin cúinsí na teanga ag deireadh an naoú haois déag:

Societal bilingualism in Ireland, particularly in the nineteenth century just prior to independence for the greater part of the country, was a transitional state and can be characterised as a rapid process of language replacement as Irish-speaking communities became absorbed into the major market economy, changing in one or two generations from monolingual Irish to monolingual English speakers. The average Irish person’s experience of bilingualism was thus that it was inherently unstable and that linguistic co-existence was probably not possible, and possibly not even desirable; facts that coloured both state policies on language and the attitude towards Irish of substantial parts of the population (2009: 542).

20 Ní gá a rá go raibh síorathrú agus athnuachan i labhairt agus i scríobh na Gaeilge i gcodanna móra den tír ag tús na haoise seo caite — idirthréimhse ba ea í, tráth a d’éiligh an lámh in uachtar a bhí ag an mBéarla freagra ón nGaeilge (Doyle 2015: 215). Mar atá ráite ag O’Leary, ‘unfortunately neither good intentions nor artistic courage would be sufficient to root the language in the rather exotic soil of 20th century life’ (1994: 404). Bhí gléasanna pleanála teanga, an phleanáil corpais go háirithe, ag teastáil chun dul i ngleic leis an easpa scríbhneoireachta agus le meath labhairt na Gaeilge sa tír trí chéile. Mar a mhíníonn Titley, ba dhúshlán mór é:

Is beag duine anois ar léir dó méid an aineolais a bhain le stair agus le litríocht na hÉireann ag tús na haoise seo caite [....] bhí litríocht na Gaeilge ar coimeád i lámhscríbhinní nó neachtar acu i gcuimhne na ndaoine, cuimhne a bhí ag éirí fann agus fánach. Is beag leabhar a foilsíodh sa teanga go dtí an fiche bliain dheiridh den 19ú haois, agus ba leabhair chreidimh nó teagaisc a bhformhór sin (2013: 9).

21 Ba ghá focail agus foclaíocht a chruthú mar sin le tacú le hidirbheartaíocht acadúil agus litríochta a spreagadh trí mheán na Gaeilge sna réimsí a bhí easnamhach. I dtreo is go dtuigfí na hiarrachtaí a rinneadh chun na heasnaimh sin a líonadh, níor mhór taifead cuimsitheach i scríbhinn a chur ar fáil ar na díospóireachtaí a bhí ag aos léinn an ama sin, agus sa leabhar úr seo déantar cur síos ar théarmaíocht na Gaeilge le linn aimsir na hAthbheochana agus ar a forbairt. Mar fhreagra, méid áirithe, ar na heasnaimh sin, bhain fás suntasach le téarmaíocht agus le foclóireacht na Nua-Ghaeilge san athbheochan teanga agus litríochta sna chéad deich mbliana den aois.

22 Dá réir sin, tugtar cuntas in Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana ar na seifteanna ceapadóireachta, na grúpaí ceaptha téarmaíochta, agus éabhlóid na teanga i gcomhthéacs na téarmaíochta le linn na haimsire sin, agus is cuntas é atá bunaithe ar chuid mhaith taighde bunaidh ó na foinsí agus na hailt a foilsíodh san am sin. Tá sé ar bhuanna an tsaothair go bhfuil na hailt seo uile ar fáil ar dhlúthdhiosca ar chúl an leabhair; mar sin is féidir iad a léamh ina n-iomláine. Éiríonn le Mag Eacháin freisin an fhealsúnacht a ghabh le soláthar agus le ceapadh téarmaíochta sa Ghaeilge a chíoradh go cáiréiseach agus a chur i láthair an léitheora ar bhealach cruinn, slachtmhar agus eolach. Ar shlí, is sraith aistí atá sa leabhar agus tréimhse na hAthbheochana mar chúlbhrat comónta laistiar den ábhar ar fad.

23 Sa chéad chaibidil, cuirtear i gcuimhne dúinn go bhfuil focail agus téarmaí iasachta ag teacht isteach sa Ghaeilge riamh anall, ó théarmaí eaglasta na Laidine, go téarmaí loingseoireachta na Lochlannach agus dlí na Normannach. Tá na focail iasachta seo chomh fada sin sa teanga nach n-airíonn muid gur focail iasachta iad ar chor ar bith. Ach níl teanga ar bith ann nach bhfuil focail iasachta ann. Tá sé ar bhuanna an Bhéarla, mar shampla, gur thosaigh sé amach mar mheascán de chanúintí Gearmánacha idir an cúigiú agus an seachtú céad ach gur bhailigh focail iasachta éagsúla chuige féin thar na céadta bliain. Chuidigh impireacht mhór leis an gcnuasach sin ar ndóigh.

24 Is mithid na díospóireachtaí seo a lonnú i gcomhthéacs an ama agus, ar an ábhar sin, mar a luann Mag Eacháin sa léirmheas litríochta a sholáthraíonn sé sa réamhrá, is gá coincheap an náisiúnachais a mheabhrú sna bealaí éagsúla ar tháinig an téarmaíocht i gceist. Spreagadh téarmeolaithe, foclóirithe agus tráchtairí teanga ag an-mheascán cúiseanna, an tírghrá ina measc. Bhíothas ann, freisin, a d’aithin tionchar an ama agus na timpeallachta, agus a tháinig faoi anáil na gcúinsí seo agus iarrachtaí fiúntacha á gcruthú acu sna réimsí seo, ach nár ghlac páirt nó gníomh in aon fheachtas leanúnach, náisiúnta (Mac Amhlaigh 2008: 87). Ní mar a chéile a bhain coincheap ‘na féiniúlachta teanga’ le gach foclóirí nó téarmeolaí agus iad i mbun oibre. Sa bhreis uirthi sin, d’aithin na foclóirithe céanna na heasnaimh sin sa teanga a d’fhéadfaí a leigheas d’fhonn teanga, agus dá réir sin náisiún, níos neamhspleáiche a chruthú.

25 Chuir na cumainn agus na haontais éagsúla a ndéanann Mag Eacháin trácht orthu bonn le luach na teanga mar mheán scríofa. Is sa chomhthéacs seo a thugtar aird ar leithéidí English-Irish Dictionary and Phrase Book le Edmund E. Fournier d’Albe (1903) anseo, chomh maith le Lane’s English-Irish Dictionary le Timothy O’Neill Lane (1904) agus Foclóir Gaedhilge agus Béarla Phádraig Uí Dhuinnín (1904). Thar aon ghrúpa ag aon tréimhse eile san aois seo caite, seasann tiomsaitheoirí na bhfoclóirí seo amach. Ba dhaoine iad a chuidigh le gluaiseachtaí stairiúla teanga agus dílseacht chásmhar don teanga acu. D’éirigh leo a bheith ag tiomsú, agus iad ag brath go mór ar eiseamláirí a chuaigh rompu gan mórán de thuiscint ar phrionsabail tiomsaithe foclóireachta a mbeadh glacadh idirnáisiúnta leo. B’éagsúil an spreagadh a bhí iontu agus iad gan an maoiniú nó an tacaíocht Stáit a bhí ar fáil níos deireanaí san aois sin d’fhoclóirithe a tháinig ina ndiaidh. Ar ndóigh, bhí an scéal amhlaidh agus cuid acu gafa le ceapadh agus seachadadh na téarmaíochta chomh maith. Ba thábhachtach an ní go mbeadh foclóirithe ag cuimhneamh ar na heasnaimh sa téarmaíocht theicniúil agus ag déanamh moltaí, le plé, dá réir. Tagraíonn Mag Eacháin do chás Fournier i gcaibidil a dó, mar shampla: duine a chuaigh i muinín na cumadóireachta agus tionscnamh mór ar bun aige chun lámh chúnta a thabhairt don Ghaeilge agus í ina ball de theaghlach na dteangacha Ceilteacha, mar a shíl sé féin (Mac Amhlaigh 2012: 249). Ba é an saghas cumadóireachta sin a ndearna Eoin Mac Néill plé air, agus in alt dar teideal ‘An English Irish Dictionary’ in Iúil 1903 in An Claidheamh Soluis, tar éis dó a bhuairt a léiriú maidir leis an gceapadóireacht a bhí le sonrú i bhfoclóir Fournier, luaigh sé:

But let us hope that the writers in Irish who are doing so little to conquer modern life for the language will refrain from stoning Mr Fournier. Beyond doubt, the absence of technical terms for things of modern development is the constant cause of a like vacuity in the courage-containing region of the average Irish-speaker’s brain, and a fairly just cause too. Why should not an Irish speaker be able to talk about ‘galvanised corrugated iron’ without falling back on English (Mac Néill 1903).

26 D’ardaigh Doyle ceisteanna eile le déanaí, i ndiaidh fhoilsiú leabhar Mhig Eacháin, faoi líon na dtéarmaí a fágadh amach as liostaí clóite, foclóirí agus cnuasaigh téarmaíochta toisc cuma aduain a bheith samhalta leo, nó toisc gur ceapadh nach raibh siad náisiúnach a ndóthain (2015: 251). Níor mhór tabhairt faoi shaothar comparáide eile go luath chun teoiric seo na cinsireachta a mheas, ag cur plé Mhig Eacháin ar chomhthéacs soch-chultúrtha shaothrú na Gaeilge san áireamh.

27 Tá pobal léann na Gaeilge faoi chomaoin ag na húdair agus ag an bhfoilsitheoir sa dá chás seo agus na leabhair bhreátha curtha ar fáil dúinn. Leabhair an-éagsúil is ea iad ach, ag teacht sna sála ar a chéile dóibh, is compánaigh mhaithe iad. Mar leabhar a phléann níos mó le cleachtadh na téarmaíochta, comhlíonann leabhar Fidelma Ní Ghallchobhair roinnt mhaith feidhmeanna a d’fhéadfadh a bheith áisiúil don ghnáthléitheoir, don speisialtóir téarmaíochta agus don mhac léinn nó don oideachasóir acadúil. Stair na teanga go príomha is cás le leabhar Chonchúir Mhig Eacháin, agus cuirtear forléargas inár láthair a chuidíonn linn cuid de stair na téarmaíochta, na foclóireachta agus na teangeolaíochta ag tús an chéid seo caite, agus léann na hAthbheochana, a thuiscint níos fearr.

28 Ar an lámh eile, ní dhéanann an dá leabhar aon chrostagairt dá chéile; rud nár mhiste a leigheas sa chás go mbeadh an dara heagrán de cheachtar den dá leabhar ar fáil. Mar atá thuasluaite, ní dhéantar aon anailís ná léamh criticiúil sa phlé ar bheartas teanga an Stáit, tionscal na téarmaíochta san áireamh. Is gá a leithéid a chur ar fáil go fóill i saothar údarásach eile; leabhar a thabharfaidh breithiúnas ar chuid de na beartais agus cleachtais téarmaíochta a mhíníonn Ní Ghallchobhair, chomh maith leis an gcuntas staire ar an dá thaobh den amlíne i saothar Mhig Eacháin a chríochnú; agus, arís, breithiúnas a thabhairt air. Níor mhiste sin i gcás na pleanála corpais i gcoitinne sa Ghaeilge. Mar sin féin, is mithid an chuid seo den scéal a bheith curtha i mbéal an phobail i dtosach.

29 Is í an teachtaireacht is tábhachtaí a eascraíonn as na saothair seo ná gur cheart go mbeadh an Ghaeilge lán-acmhainneach don 21ú céad agus gach céad ina dhiaidh sin, ach go léirítear a leochailí agus atá an teanga gan tacaíocht fhoirmeálta a fháil ón Stát. Níor mhór filleadh ar cheist an Acadaimh theanga athuair le deimhin a dhéanamh de gur féidir an bunús teoiriciúil is fearr a chur ar fáil d’aos léinn na teanga amach anseo. Ar ndóigh, ní mór a aithint gur ábhar teagaisc an dá leabhar seo ar chúrsa ollscoile nach bhfuil ann go fóill: sainchúrsa iarchéime sa Nua-Ghaeilge sa téarmaíocht agus san fhoclóireacht.

30 Léirítear a oscailte agus atá na díospóireachtaí seo ó cheart. Leis na foilseacháin seo, is doras ar leathadh atá anois ann, agus ní mór do thaighdeoirí eile cur leis an ábhar léinn seo amach anseo.

Liam Mac Amhlaigh

Ollscoil Mhá Nuad

Saothair a ceadaíodh

Bhreathnach, U. agus Nic Pháidín, C. (2008) ‘Téarmaíocht na Gaeilge: turgnamh in vitro’ Taighde agus Teagasc 6: 1-31.

Doyle, A. (2015) A History of the Irish language. Oxford: Oxford University Press.

Fuertes-Olivera, P.A. agus Tarp, S. (2014) Theory and Practice of Specialised Online Dictionaries: Lexicography versus Terminography. Munchen: De Gruyter.

Hurley, D. (1902) ‘Comhairle’. In: An Claidheamh Soluis, 8 Márta 1902.

Mac Amhlaigh, L. (2008) Foclóirí agus foclóirithe na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Mac Amhlaigh, L. (2010) Éabhlóid na foclóireachta Nua-Ghaeilge san fhichiú haois. Tráchtas neamhfhoilsithe, Ph.D. Baile Átha Cliath: An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Mac Amhlaigh, L. (2012) ‘An Fhoclóireacht Nua-Ghaeilge agus feidhm Edmund Fournier inti in Aimsir na hAthbheochana’. In: Mac Amhlaigh, L. agus Ó Curnáin, B. Ilteangach, Ilseiftiúil: Féilscríbhinn in ómós do Nicholas Williams. Baile Átha Cliath: Arlen House: 243-260.

Mac Néill, E. (1903) ‘An English Irish Dictionary’. In: An Claidheamh Soluis, 4 Iúil 1903.

Ní Ghearáin, H. (2010) An Phleanáil Oifigiúil Téarmaíochta sa Ghaeilge: Idé-eolaíocht, Inghlacthacht, Údarás. Tráchtas neamhfhoilsithe, Ph.D. Luimneach: Ollscoil Luimnigh.

Ó Háinle, C. (1994) ‘Ó chaint na ndaoine go dtí an Caighdeán Oifigiúil’. In: McKone, K., McManus, D., Ó Háinle, C., Williams, N., agus Breatnach, L. Stair na Gaeilge. Má Nuad: Coláiste Phádraig: 745-794.

Ó hIfearnáin, T. (2009) ‘Irish-speaking society and the state’. In: Ball, M. agus Müller, N. The Celtic Languages. London & New York: Routledge: 539-586.

Ó hUaithne, D. (1966) The Irish language/An Ghaeilge. Dublin: Three Candles Press.

O’Leary, P. (1994) Prose Literature of the Gaelic Revival: Ideology and Innovation. Pennsylvania: Penn State University Press.

Titley, A. (2013) ‘Ná hÍosánaigh agus Léann na Gaeilge’. In: Mac Brádaigh, F. An Chuallacht Léannta, Ceiliúradh ar Íosánaigh agus Léann na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Ábhair Spioradálta: 9-38.

Whewell, W. (1847) The Philosophy of the Inductive Sciences, founded upon their history. London: John W. Parker.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626