Tionchar an tumoideachais ar an ngnóthachtáil sa mhatamaitic in iarbhunscoil lán-Ghaeilge DEIS

Michelle Uí Shuibhne, Karen Ní Chlochasaigh agus T.J. Ó Ceallaigh

Réamhrá

1 Is minic a léirítear imní sa litríocht idirnáisiúnta maidir le tearcghnóthú oideachais daltaí ó chúlra socheacnamaíoch íseal (Sirin 2005; Hoff 2006; Demie & Lewis 2011). Tugtar léargas i litríocht an tumoideachais ar dhaltaí ó chúlra socheacnamaíoch íseal agus easnaimh sa chéad teanga acu (Genesee 2004, 2007; Genesee & Fortune 2014). Léirítear i dtaighde Bruck et al. (2015) áfach, go raibh daltaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste sa suíomh tumoideachais ar comhchéim maidir lena bhforbairt sa T1 (an mháthairtheanga) is a bhí daltaí ó chúlraí den chineál céanna nach raibh ag freastal ar an gcóras tumoideachais.

2 Sa taighde léirítear go ngnóthaíonn daltaí i mbunscoileanna DEIS (Delivering Equality of Opportunity in Schools) meánscóir i bhfad níos ísle go suntasach i léamh an Bhéarla agus sa mhatamaitic ná an meán náisiúnta (Weir & Denner 2013; Kavanagh et al. 2014). Cé go bhfaightear torthaí níos airde go suntasach i mbunscoileanna lán-Ghaeilge ná scoileanna go náisiúnta sna measúnuithe céanna, bíonn scoileanna lán-Ghaeilge DEIS ag teacht le treocht na scoileanna DEIS agus iad chun deiridh ar scoileanna go náisiúnta. Dírítear ar chomhthéacs na mbunscoileanna lán-Ghaeilge DEIS i saothar Uí Chlochasaigh et al. (2020, 2021). Aithnítear sa taighde sin gur beag difríochta atá le sonrú idir gnóthachtáil sa mhatamaitic sna scoileanna Lán-Ghaeilge DEIS agus scoileanna DEIS go náisiúnta ar an iomlán. Léirítear ann go bhfuil deacrachtaí i bhfianaise fós a bhaineann le foghlaim na matamaitice trí mheán na Gaeilge. Maireann na deacrachtaí seo mar gheall ar easpa tacaíochtaí teanga, tacaíochtaí agus idirghabhálacha uimhearthachta sainiúla láidre don suíomh agus oideolaíocht chun an t-ábhar agus an teanga a theagasc i mbealach comhtháite. Is gann iad iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge DEIS sa tír agus tá ganntanas taighde dá réir a dhíríonn go sonrach ar an suíomh sainiúil seo, suíomh ina bhfuil sainriachtanais ar leith ag baint le daltaí agus le foireann na scoile. Díríonn an staidéar seo ar thionchar an tumoideachais ar ghnóthachtáil sa mhatamaitic san iar-bhunscoil Lán-Ghaeilge DEIS d’fhonn léargas a thabhairt ar conas atá ag éirí le daltaí i gcás fhoghlaim na matamaitice sa suíomh seo i gcomparáid lena bpiaraí in iar-bhunscoileanna DEIS go náisiúnta.

Comhthéacs an taighde

3 De réir staitisticí na Roinne Oideachais, ag am an staidéir, bhí 16 bunscoil lán-Ghaeilge as 149 ar an iomlán agus 2 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge as 30 ar an iomlán, lonnaithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste agus páirteach sa chlár DEIS ó 2020–21 (An Roinn Oideachais 2021b). Is comhthéacs an-sainiúil é an Gaelcholáiste DEIS. Bronntar stádas DEIS ar scoileanna atá ag freastal ar cheantair faoi mhíbhuntáiste. Is gnáthach nach n-aithnítear an míbhuntáiste leis an oideachas trí Ghaeilge agus níl ach dhá Ghaelcholáiste DEIS in Éirinn. Tuigtear gurb ann do scoileanna Gaeltachta le stádas DEIS ach ní hionann an míbhuntáiste i gceantair uirbeacha agus i gceantair thuaithe mar a léirítear i dtuarascálacha ag an bhForas Taighde ar Oideachas (Weir & McAvinue 2013; Weir et al. 2015). Thug measúnachtaí le fios go raibh gaol i bhfad níos láidre idir bochtanas agus torthaí oideachasúla i scoileanna uirbeacha i gcomparáid le scoileanna tuaithe. Is ar an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i gceantar uirbeach faoi mhíbhuntáiste a dhíreofar sa taighde seo. Úsáidfear an téarma ‘Gaelcholáiste DEIS’ mar sin, chun tagairt a dhéanamh do chomhthéacs an taighde seo.

An Mhatamaitic agus an Dátheangachas

Teanga na Matamaitice

4 Aithnítear gaol láidir idir foghlaim teanga agus foghlaim na matamaitice ós rud é go bhfuil sainréim theanga agus réimse dioscúrsaí ag an matamaitic (Setati 2005). Gan amhras, baineann saintéarmaíocht ábhair leis an matamaitic ach tugann Pimm (1987) cur síos ar theanga na matamaitice ag tagairt d’fhoclóir, nathanna, agus úsáid nádúrtha na teanga a léiríonn nach féidir an mhatamaitic féin a mhúineadh gan teanga na matamaitice a mhúineadh. Tagann Wakefield (2008) leis an tuairim seo nuair a aithníonn sé na comhthréithe atá ag teanga agus ag an matamaitic, mar shampla úsáidtear rialacha agus siombailí, bíonn sloinn líneacha ann, agus tagann feabhas ar thuiscint le cleachtadh. Moltar i dtaighde Wakefield (2008) na straitéisí teagaisc céanna a úsáidtear chun teanga a mhúineadh a úsáid chun an mhatamaitic a mhúineadh. Moltar sa taighde céanna chomh maith, teanga na matamaitice a chur chun cinn sa seomra ranga.

5 Luíonn sé le réasún go bhféachfaí ar an matamaitic mar theanga inti féin, go háirithe i gcomhthéacsanna faoi mhíbhuntáiste ina mbeadh dúshláin roimh pháistí le stádas socheacnamaíoch íseal (Wakefield 2008). I gcás daltaí tumoideachais taobh amuigh den Ghaeltacht, d’fhéadfaí a rá gur ag iarraidh líofacht ina dtríú teanga a bhaint amach atá siad – an Béarla mar T1, an Ghaeilge mar T2 agus an mhatamaitic mar T3. Is léir mar sin gur cheart béim a leagan ar theanga na matamaitice sa seomra ranga. Déantar tagairt do ghné na cumarsáide mar phríomhghné i sonraíocht na sraithe sóisearaí:

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire an mhatamaitic a chur in iúl go héifeachtach: údar a thabhairt lena réasúnaíocht, a torthaí a léirmhíniú, a conclúidí a mhíniú, agus teanga agus nodaireacht na matamaitice a úsáid chun smaointe matamaiticiúla a chur in iúl go beacht. (An Roinn Oideachais agus Scileanna 2018: 8)

6 Leagtar béim ar theanga na matamaitice ag leibhéal na hardteiste mar shampla:

Ba chóir go mbeadh scoláirí in ann úsáid a bhaint as teanga na dóchúlachta chun teagmhais a phlé, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil a dtorthaí ar fad chomh dealraitheach lena chéile. (An Roinn Oideachas agus Scileanna 2015: 16)

7 Maíonn Ó Ceallaigh agus Ní Chathasaigh (2021) áfach go mbeadh sé deacair dul i ngleic le hábhar gan inniúlacht mhaith teanga ag an dalta:

Faoi mar a thagann méadú ar éilimh chognaíocha an ábhair acadúil, tagann méadú ar na héilimh ó thaobh teanga de chomh maith. Mura mbíonn inniúlacht mhaith teanga ag daltaí sa tumtheanga, ní bheidh ar a gcumas an réimse ábhair a rochtain nó dul i ngleic leis agus iad ag dul ar aghaidh ó rang go rang. (Ó Ceallaigh & Ní Chathasaigh 2021: 9)

An Mhatamaitic trí mheán na Gaeilge

8 Bíonn teanga na matamaitice, agus saintéarmaíocht an ábhair nua do mhórchuid na scoláirí, is cuma cén sprioctheanga a bheadh in úsáid – mar shampla is beag cur amach a bheadh ag dalta ar ‘hypotenuse’ as Béarla ná ar ‘taobhagán’ as Gaeilge. Lena chois sin, tugtar aitheantas sa litríocht do thréithe sainiúla a bhaineann leis an nGaeilge agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an teanga ar phróiseáil matamaitice (Ní Ríordáin & McCluskey 2012; Ní Ríordáin 2013). Is cabhair iad gnéithe áirithe de chomhréir na Gaeilge – fad abairte, ord na bhfocal agus suntasacht topaice – chun tuiscint mhatamaitice a bhaint amach níos fusa ná mar a dhéanfaí trí Bhéarla (Ní Ríordáin 2013). Déanann a lán téarmaí matamaitice sa Ghaeilge cur síos ar bhrí an téarma féin, agus cabhraíonn sé sin le próiseáil matamaitice i gcoitinne (Ní Ríordáin & McCluskey 2012). Tugtar samplaí dá leithéid sa tábla thíos:

Figiúr

Tábla 1.1 Eochairfhocail a mhíníonn an téarma níos fearr trí Ghaeilge ná trí Bhéarla

9 Is léir mar sin go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith ina cabhair do dhaltaí agus iad ag foghlaim na matamaitice.

Gnóthachtáil sa Mhatamaitic

10 Aithnítear sa taighde idirnáisiúnta go bhfuil gaol nach beag idir stádas socheacnamaíoch agus gnóthachtáil sa mhatamaitic. Bunaithe ar thorthaí PISA 2015, tuairiscíonn Jerrim et al. (2018) mar shampla, go bhfuil daltaí faoi mhíbhuntáiste i Sasana grád iomlán GCSE taobh thiar dá bpiaraí go náisiúnta sa mhatamaitic. Úsáidtear torthaí TIMMS 2015 i dtaighde Reddy et al. (2019) le léiriú go bhfuil daltaí i scoileanna táille san Aifric Theas ceithre ghrád chun tosaigh ar a bpiaraí i scoileanna saor ó tháillí.

11 Sa chomhthéacs DEIS, faightear léargas follasach ar thionchar stádas socheacnamaíoch ar an ngnóthachtáil sa mhatamaitic i mbunscoileanna DEIS i dtuarascálacha de chuid An Foras Taighde ar Oideachas. Léirítear go mbíonn gannionadaíocht do dhaltaí ó bhunscoileanna faoi mhíbhuntáiste os cionn an 90ú peircintíl sa chumas matamaiticiúil agus go mbíonn ró-ionadaíocht i gceist faoi bhun an 10ú peircintíl sa chumas matamaiticiúil (Shiel & Kelly 2001; Gilleece et al. 2020). Tuairiscítear dul chun cinn agus buntáistí an chláir DEIS, go háirithe an bhéim ar uimhearthacht, i dtaighde Weir agus Denner (2013) agus i dtaighde Kavanagh et al. (2017) ach bhí daltaí ó scoileanna faoi mhíbhuntáiste fós chun deiridh.

12 Sa chomhthéacs lán-Ghaeilge DEIS, tugadh le fios go raibh níos mo daltaí laga faoi bhun an 10ú peircintíl sa mhatamaitic i mbunscoileanna lán-Ghaeilge DEIS ná i scoileanna DEIS go náisiúnta (Ní Chlochasaigh et al. 2020). Tugtar léargas chomh maith ar chéatadán na ndaltaí a bhí ag, nó os cionn, an 90ú peircintíl: bhí an céatadán níos ísle go suntasach i scoileanna lán-Ghaeilge DEIS ná mar a bhí i scoileanna DEIS go náisiúnta. D’fhéadfaí an milleán a leagan ar dheacrachtaí teanga dóibh siúd a bhí ag foghlaim na matamaitice trí Ghaeilge. Le lagchumas in T1 aitheanta mar dhúshlán don chomhthéacs seo, d’fhéadfaí conclúid a bhaint as sin go bhfuil foghlaim na matamaitice thíos leis toisc nach bhfuil inniúlacht shásúil in T1 agus in T2 bainte amach ag na foghlaimeoirí (Ní Chlochasaigh et al. 2020).

Modheolaíocht

13 Is í an phríomhcheist taighde ná:
Conas a éiríonn le daltaí i nGaelcholáiste DEIS sa mhatamaitic i gcomparáid le daltaí i meánscoileanna DEIS go náisiúnta?

14 Cé gur modheolaíochtaí cáilíochtúla is mó a aithnítear leis an bparaidím thógachaíoch, úsáideadh modheolaíocht chainníochtúil sa taighde seo. Modhanna measctha a thugtar ar mhodheolaíocht mar seo agus sainmhíníonn Creswell (2014) modhanna measctha mar chomhtháthú agus nasc idir modhanna cáilíochtúla agus modhanna cainníochtúla in aon phíosa taighde amháin. Baineann taighdeoirí leas as modhanna measctha chun peirspictíocht níos leithne agus tuiscint níos doimhne a fháil ar ábhar taighde (Mertens 2005). Cé go bhfuil an ghnóthachtáil sa mhatamaitic, agus na sonraí cainníochtúla sin, i gcroílár an taighde seo, d’oir modhanna measctha chun léargas níos iomláine a thabhairt ar an gceist taighde. Tugtar suntas sa tslí sin do thaithí múinteoirí sa Ghaelcholáiste DEIS agus tagann an mhodheolaíocht mar sin leis an bparaidím thógachaíoch, a chuireann béim ar thuairisciú na rannpháirtithe.

Modhanna

Sonraí tánaisteacha

15 Sonraí tánaisteacha iad na sonraí atá ann cheana féin a bhailítear ar mhaithe le taighde a cuireadh ar bun roimhe seo (Glaser 1963 [luaite in Cohen et al. 2018]). Samplaí de shonraí tánaisteacha ná staitisticí oifigiúla, sonraí ó dhaonáirimh, sonraí agus taifid ollscoileanna agus institiúidí oideachais agus measúnachtaí idirnáisiúnta, mar shampla TIMMS, PISA. Is féidir le sonraí tánaisteacha a bheith cainníochtúil agus/nó cáilíochtúil. I gcás an taighde seo, tugtar deis an ghnóthachtáil sa mhatamaitic i nGaelcholáiste DEIS a chur i gcomparáid le meánscoileanna DEIS go náisiúnta, toisc go bhfuil sonraí tánaisteacha ar fáil. Bhailigh agus d’fhoilsigh an Roinn Oideachais sonraí a bhain leis na scrúduithe stáit i scoileanna DEIS go náisiúnta do thuarascáil ar phróiseas na ngrád ríofa san ardteistiméireacht 2020 (An Roinn Oideachais agus Scileanna 2020). Úsáideadh sonraí ó scrúduithe stáit 2017, 2018 agus 2019 le linn an taighde seo. Bheartaigh na taighdeoirí gan sonraí scrúduithe stáit 2020 a úsáid toisc an córas ar ghráid ríofa a cuireadh i bhfeidhm de bharr srianta COVID. Cuireadh an ghnóthachtáil sna scrúduithe ardteiste matamaitice ag an ngnáthleibhéal agus ardleibhéal sa Ghaelcholáiste DEIS i gcomparáid le gnóthachtáil sna scrúduithe céanna i scoileanna DEIS go náisiúnta.

Grúpaí Fócais

16 Reáchtáladh grúpaí fócais chun taithí na múinteoirí sa chomhthéacs sainiúil seo a fhiosrú. Le hanailís déanta ar ghnóthachtáil sa mhatamaitic i nGaelcholáiste DEIS, úsáideadh grúpa fócais chun eolas a bhailiú ar thaithí na múinteoirí d’fhonn léargas iomlánaíoch a fháil ar an gceist taighde. Tugadh cuireadh do mhúinteoirí matamaitice a bhí ag múineadh i nGaelcholáiste DEIS uirbeach páirt a ghlacadh i ngrúpa fócais. Áis-sampláil a bhí i gceist sa chás seo mar bhí na rannpháirtithe ar fáil do dhuine den fhoireann taighde mar chomhghleacaithe léi sa scoil thuasluaite. Tugadh cuireadh do mhúinteoirí matamaitice uile na scoile (N=8) a bheith rannpháirteach sa taighde agus ghlac seisear leis an gcuireadh. Úsáideadh ainmneacha cleite ar mhaithe le haitheantas na múinteoirí a chosaint. Agallamh leathstruchtúrtha a rinneadh – bhí ceisteanna treoracha réamhullmhaithe ach ní raibh sé riachtanach gach ceist a chur ar na rannpháirtithe. Cuireadh torthaí ón gcomparáid gnóthachtála os comhair na rannpháirtithe mar ábhar spreagtha comhrá. Lorgaíodh tuairimí na rannpháirtithe maidir le spreagadh na ndaltaí chun tabhairt faoin ardleibhéal, na dúshláin agus deiseanna a bhaineann le foghlaim na matamaitice trí mheán na Gaeilge, agus fiosraíodh faoina gcleachtais féin agus iad ag teagasc na matamaitice trí mheán na Gaeilge. Bhí na taighdeoirí ag súil go gcuirfeadh taithí agus tuairimí na rannpháirtithe leis na sonraí cainníochtúla a bailíodh. De dheasca na paindéime COVID-19, is ar an ardán Microsoft Teams a eagraíodh an grúpa fócais seo agus mhair sé 30 nóiméad.

Bainistiú agus Anailísiú Sonraí

17 Rinneadh anailís ar thorthaí stairiúla na scoile mar chuid den taighde agus cinntíodh nach raibh teacht ag aon duine eile ar na torthaí sin ná ar shonraí na ndaltaí. Úsáideadh Microsoft Excel chun taifead a dhéanamh ar na sonraí agus scriosadh aon bhunchóip de liosta na dtorthaí matamaitice nuair a bhí an scagadh curtha i gcrích. Sna tras-scríbhinní ar an ábhar ó na grúpaí fócais, tras-scríobhadh na comhráite mar a tharla siad agus níor ceartaíodh botúin teanga a bhí sa chaint. Rinneadh códú ar an tras-scríbhinn chun téamaí a aithint agus tugadh dath faoi leith do gach téama. Sa tslí seo, bhí na taighdeoirí in ann téamaí láidre a aithint go soiléir – mar shampla, an ghnóthachtáil sa mhatamaitic, rogha leibhéil agus an teanga mar acmhainn. Pléifear téama amháin a tháinig chun cinn san anailís san alt seo, is é sin Gnóthachtáil sa Mhatamaitic.

Torthaí agus plé

Gnóthachtáil sa Mhatamaitic

18 Foilsíodh céatadán na ngrád bainte amach sa mhatamaitic i meánscoileanna DEIS go náisiúnta sa tuarascáil ar ghráid ríofa na hardteiste 2020. Cuireadh na céatadáin sin i gcomparáid le céatadán na ngrád bainte amach i nGaelcholáiste DEIS amháin a bhí mar chuid den taighde seo. Léirítear ar dtús i dtábla 1.2 líon na ndaltaí a rinne an mhatamaitic don ardteist sa scoil sna blianta 2017, 2018 agus 2019 ag an ardleibhéal, bonnleibhéal agus gnáthleibhéal:

Figiúr

Tábla 1.2 Gnóthachtáil na scoile (Gaelcholáiste DEIS) sa mhatamaitic ag an ardleibhéal, bonnleibhéal agus gnáthleibhéal 2017, 2018 agus 2019

19 Léirítear thíos an chomparáid a rinneadh maidir le torthaí ag an ardleibhéal idir an Gaelcholáiste DEIS ar a bhfuil an staidéar bunaithe agus meánscoileanna DEIS go náisiúnta:

Figiúr

Figiúr 1.2 Céatadán na ndaltaí i scoileanna DEIS go náisiúnta agus sa Ghaelcholáiste DEIS a fuair gráid ó A1–A8 i scrúdú matamaitice na hardteiste (ardleibhéal) i 2019, 2018 & 2017

20 Is léir ó na graif seo go bhfuil ag éirí níos fearr le daltaí sa Ghaelcholáiste DEIS ag an ardleibhéal go háirithe má dhírítear ar chéatadán na ndaltaí a bhaineann toradh A3 nó níos airde amach.

Figiúr

Tábla 1.3 Céatadán na nDaltaí a bhain A3 nó níos airde amach i scoileanna DEIS go náisiúnta agus sa Ghaelcholáiste DEIS i scrúdú matamaitice na hardteiste (ardleibhéal) i 2019, 2018 agus 2017

21 Is léir ó na graif chomh maith go bhfuil níos lú daltaí ag baint A7 agus A8 amach gach bliain sa Ghaelcholáiste DEIS. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ag éirí le níos mó daltaí sa Ghaelcholáiste DEIS an 25 pointe bónais don mhatamaitic ag an ardleibhéal a bhaint amach ná i scoileanna DEIS go náisiúnta. D’fhéadfaí argóint a dhéanamh go bhfuil pointí bónais ann don scrúdú matamaitice a dhéanamh trí Ghaeilge chomh maith, dóibh siúd a roghnaíonn tabhairt faoi na páipéir mhatamaitice trí Ghaeilge. Is féidir uasmhéid 5% den mharc iomlán a ghnóthú mar phointí breise don mhatamaitic mar ábhar ach tá scála i bhfeidhm ina n-éiríonn an céatadán de phointí breise níos lú de réir mar a théann an marc os cionn 75 faoin gcéad gnóthachtála sa scrúdú. Léiríonn staidéir eile áfach go mbíonn an gnóthú breise measartha i gcás scór iomlán an scrúdaithe ardteiste (Mac Aogáin et al. 2010).

22 Cuireadh torthaí ardteiste 2018 os comhair na múinteoirí matamaitice sa ghrúpa fócais mar ábhar spreagtha comhrá. Ba chúis suime do na taighdeoirí go raibh na marcanna breise don Ghaeilge luaite anseo arís mar mhíniú amháin a d’fhéadfadh a bheith ar líon íseal na A7 agus A8 agus líon níos airde A6 agus A5 sa Ghaelcholáiste DEIS. An é go bhfuil na marcanna bónais don Ghaeilge ag cabhrú le daltaí an A6 a bhaint amach agus an A7 a sheachaint?

23 Bhí múinteoirí den tuairim chomh maith go raibh baint ag na hionchais a bhí acu dá ndaltaí leis an scéal:

Na daltaí a fhaigheann an A5 nó A6, b’fhéidir, i scoileanna lán-Béarla go bhfuil na daltaí sin ag déanamh gnáthleibhéil in ionad triail a bhaint as an ardleibhéal so b’fhéidir go bhfuil tnútháin éagsúla i nGaelcholáiste i gcomparáid le scoil lán-Bhéarla.
(Aodhán, Grúpa Fócais 1)

24 Nuair a fhéachtar ar na torthaí matamaitice don ghnáthleibhéal áfach, aithnítear go bhfuil ag éirí níos fearr le daltaí i meánscoileanna DEIS go náisiúnta ná na daltaí sa Ghaelcholáiste DEIS:

Figiúr

Figiúr 1.3 Céatadán na ndaltaí i scoileanna DEIS go náisiúnta agus sa Ghaelcholáiste DEIS a fuair gráid ó G1–G8 i scrúdú matamaitice na hardteiste (gnáthleibhéal) i 2019, 2018 & 2017

25 Má dhírítear ar chéatadán na ndaltaí a bhaineann G3 nó níos airde amach aithnítear go bhfuil an lámh in uachtar ag daltaí i scoileanna DEIS go náisiúnta:

Figiúr

Tábla 1.4 Céatadán na nDaltaí a bhain G3 nó níos airde amach i scoileanna DEIS go náisiúnta agus sa Ghaelcholáiste DEIS i scrúdú matamaitice na hardteiste (gnáthleibhéal) i 2019, 2018 agus 2017

26 D’aontaigh na múinteoirí (N=6) go bhfuil an dealramh ann go bhfuil ag éirí níos fearr le daltaí i meánscoileanna DEIS go náisiúnta i gcomparáid le daltaí sa Ghaelcholáiste DEIS ach bhí réasúnaíocht ag cuid acu (N=4) leis seo, a bhí fite fuaite le rogha leibhéil na ndaltaí:

Ceapaim go gcuireann an graf sin leis an bpointe a rinne mé leis an ngraf deireanach, so má fhéachann tú ar G1, G2, G3 sna gnáthscoileanna DEIS, cuid des na daltaí sin b’fhéidir go bhfuil siad in ann an ardleibhéal a dhéanamh ach b’fhéidir nach bhfuil an muinín ann nó na tnútháin ann chun triail a bhaint as an ardleibhéal agus tá siad níos like, níos sásta an G1 nó an G2 a fháil in ionad A4 nó A5, um they’re less likely to take the chance I suppose or um there’s less of a push or less of an expectation maybe for those students.
(Aodhán, Grúpa Fócais 1)

27 Lena chois sin, tugann na graif le fios go bhfuil líon níos airde daltaí ag baint G7 agus G8 amach sa Ghaelcholáiste DEIS i gcomparáid le meánscoileanna DEIS go náisiúnta. Ciallaíonn sé sin go bhfuil níos mó daltaí sa Ghaelcholáiste DEIS nach bhfuil ag baint pointe ar bith CAO amach as foghlaim na matamaitice. Arís tugadh réasúnaíocht leis seo a bhain le rogha leibhéil na ndaltaí:

Na daltaí sin a theipeann ag gnáthleibhéal, they should be doing bonnleibhéal ach arís, i nGaelcholáiste b’fhéidir go bhfuil na tnútháin ann agus um, the expectation or the optics of having lots of students doing bonnleibhéal. This cohort should have been doing bonnleibhéal but they’re not maybe.
(Aodhán, Grúpa Fócais 1)

28 B’ábhar spéise é gur luadh na marcanna bónais don Ghaeilge arís agus na torthaí ag an ngnáthleibhéal á bplé. Cé gur luaigh na rannpháirtithe taighde iad roimhe seo mar ‘eangach sábháilteachta’ do dhaltaí, bhí an tuairim ann chomh maith gur féidir leis na marcanna bónais seo muinín gan bhonn a thabhairt do dhaltaí:

Cloiseann tú daltaí ag rá ‘ah tá sé go breá, sure leis an nGaeilge, na marcanna bónais, beidh mé go breá’, agus then b’fhéidir, cad é an focal, bíonn false sense of security b’fhéidir, agus you know b’fhéidir go islíonn an ráta oibre le daoine. ‘Beidh sé go breá, beidh na marcanna bónais ann agus an eangach sin ann chun mise a shábháil’ agus diúltaíonn siad dul síos go dtí bonnleibhéal.
(Barra, Grúpa Fócais 1)

29 Tugann torthaí an taighde seo le fios mar sin go bhfuil ag éirí níos fearr le daltaí sa Ghaelcholáiste DEIS ag foghlaim na matamaitice ag an ardleibhéal ná a bpiaraí i scoileanna DEIS go náisiúnta agus gur fiú tionchar mharcanna bónais don Ghaeilge ar ghnóthachtáil sa mhatamaitic a fhiosrú. Léiríonn na torthaí ag an ngnáthleibhéal, go bhfuil daltaí sa Ghaelcholáiste DEIS thíos leis ó thaobh marcanna de. Tá géarghá le diantacaíochtaí teanga agus matamaitice chun freastal ar na daltaí seo marcanna ar comhchéim lena bpiaraí i scoileanna DEIS go náisiúnta a bhaint amach.

Moltaí

An Tumoideachas

30 Cé go dtugann na torthaí gnóthachtála thuas le fios go bhfuil ag éirí níos fearr le daltaí sa Ghaelcholáiste DEIS maidir le foghlaim na matamaitice ag an ardleibhéal ná a bpiaraí i scoileanna DEIS go náisiúnta, chuir múinteoirí (N=3) béim ar thábhacht na tacaíochta do dhaltaí an tumoideachais. Moltar clár ionduchtuithe matamaitice a chur i bhfeidhm sa chéad bhliain sa Ghaelcholáiste DEIS a leagann béim ar phríomhscileanna áirithe na sraithe sóisearaí – a bheith liteartha agus a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh – agus go mbeadh laghdú ar an ábhar chun deis a thabhairt do dhaltaí dul i ngleic le bunscileanna agus bunchoincheapa na matamaitice a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge. Dhíreofaí ar thopaicí bunaithe ar shainriachtanais na ndaltaí, aitheanta ag triail inniúlachta, agus d’úsáidfí straitéisí teagaisc aitheanta le teagasc éifeachtach trí mheán an dara teanga, mar shampla An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT). Bheadh sé mar sprioc díriú ar an ngnáthshiollabas sa dara agus sa tríú bliain ionas go mbeadh na daltaí ag baint na dtorthaí foghlama céanna amach agus a bheadh daltaí go náisiúnta. Bheadh a leithéid tairbheach chomh maith i scoil lán-Ghaeilge nach scoil DEIS í ach ina bhfuil daltaí ag tosú ar aistear an tumoideachais sa chéad bhliain. Molann na húdair d’eagraíochtaí a thugann tacaíocht don Ghaeloideachas acmhainní tacaíochta a chur ar fáil a bheadh in oiriúint do scoileanna atá ag dul i ngleic leis an tumoideachas déanach.

Teanga na Foghlama

31 Ba léir ó thorthaí a cuireadh in iúl san alt seo go bhfuil cur chuige éagsúil ar bun sa Ghaelcholáiste DEIS féin maidir le matamaitic a theagasc trí mheán na Gaeilge. Áirítear anseo difríochtaí sna téacsleabhair, éagsúlachtaí in úsáid na Gaeilge sa seomra ranga, agus ionchais éagsúla maidir le teanga an obair bhaile. Molann na húdair do bhainistíocht na scoile polasaí maidir le teagasc trí Ghaeilge a dhréachtú le múinteoirí lárnach sa phróiseas. Moltar dea-chleachtais san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ó thaobh fhairsinge an tumtha, ó thaobh an churaclaim agus ó thaobh oideolaíochta de a bheith lárnach sa pholasaí mar atá leagtha amach ag Ó Ceallaigh agus Ní Shéaghdha (2017: 24). Ní mór don pholasaí seo díriú ar dhúshláin sholáthair an tumoideachais, mar shampla polasaí earcaíochta le cinntiú go bhfuil cumas teanga an mhúinteora ar chaighdeán oiriúnach, úsáid na dtéacsleabhar, cruinneas na Gaeilge sa seomra ranga, srl. Ní mór don Roinn Oideachais táscairí cáilíochta a eisiúint go sonrach do Ghaelcholáistí i gcomhpháirt le táscairí eile na Roinne: Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2016, Treoirlínte maidir le Féinmheastóireacht Scoile, 2016–2020 agus gan amhras An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022. Sa tslí seo bheadh Gaelcholáistí in ann próiseas na féinmheastóireachta scoile a úsáid le cinntiú go bhfuil na bearta a leagfaí amach i bpolasaí mar seo á gcomhlíonadh.

Sainriachtanais an Mhúinteora

32 Díríodh ar fhoghlaim na matamaitice sa taighde seo agus tuigeadh go raibh dúshlán nach beag ag baint le sainriachtanais an mhúinteora do chomhthéacs an Ghaelcholáiste DEIS. Toisc an comhthéacs sin a bheith ina nideog, ní bheadh sé réalaíoch ná praiticiúil go mbeadh modúl ar leith bunaithe air in aon chúrsa oiliúna ag an tríú leibhéal. Mar sin féin, is mian leis na húdair tacú le moltaí atá déanta ag taighdeoirí eile roimhe seo (Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha 2017; Ó Ceallaigh & Ní Chathasaigh 2021; Ní Chlochasaigh, Shiel & Ó Duibhir 2021) go mbeadh modúl faoin tumoideachas agus sainriachtanais an tseomra ranga lán-Ghaeilge mar rogha ar chúrsaí tosaigh san oideachas. Iarrtar ar an gComhairle Mhúinteoireachta cáilíocht teanga a leagadh síos mar chritéir cheapacháin do mhúinteoirí agus do phríomhoidí sa chóras tumoideachais, mar shampla, ar a laghad B2 ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa Um Theangacha mar a mhol Ó Ceallaigh et al. 2019 agus Ní Chathasaigh 2020 roimhe seo. Moltar go mbeadh rochtain ar mhodúl chomh maith a dhíríonn ar shainriachtanais don oideachas faoi mhíbhuntáiste.

33 Níl ach dhá Ghaelcholáiste DEIS in Éirinn agus moltar an taighde seo a leathnú chun taithí na scoile eile a chur san áireamh. Moltar go gcruthófaí líonraí idir na scoileanna seo chun deiseanna a thabhairt do phríomhoidí agus do mhúinteoirí matamaitice a dtaithí a roinnt agus mórcheisteanna an chomhthéacs shainiúil seo a iniúchadh.

Conclúid

34 Tá ag éirí níos fearr le daltaí sa Ghaelcholáiste DEIS maidir le gnóthachtáil sa mhatamaitic ag an ardleibhéal ná daltaí i scoileanna DEIS go náisiúnta cé nach bhfuil saintreoir, saintacaíochtaí ná sainchomhairle comhthéacs-bhunaithe ar fáil. Léiríonn na torthaí gnóthachtála ag an ngnáthleibhéal go bhfuil daltaí sa Ghaelcholáiste DEIS thíos leis ó thaobh marcanna de agus go bhfuil gá le diantacaíochtaí an tumoideachais chun scafall a chur ar fáil d’fhoghlaim na matamaitice i measc daltaí a d’fhéadfadh a bheith i mbun riosca ó thaobh an oideachais de. Le tuilleadh treorach agus tacaíochta, agus bunaithe ar na moltaí thuas, d’fhéadfaí feabhas a chur ar eispéireas foghlama dhaltaí an Ghaelcholáiste DEIS sa mhatamaitic agus d’fhéadfaí cur lena n-inniúlacht sa Ghaeilge chomh maith céanna. Léirítear sa taighde seo oiriúnacht an Ghaeloideachais do dhaltaí faoi mhíbhuntáiste agus, thar aon ní eile, is fiú an dea-scéal sin a chur in iúl go soiléir don saol mór.

Gluais

CALPInniúlacht ar an Teanga Choghnaíoch agus Acadúil
Common Academic Language Proficiency
CCECoimisiún na gComhphobal Eorpach
Commission of the European Communities
COGGAn Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta
DEISComhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh
Delivering Equality of Opportunity in Schools
ERCForas Taighde ar Oideachas
Educational Research Centre
FCÁT
CLIL
Foghlaim Comhtháite Ábhar agus Teanga
Content Language Integrated Learning
PISAProgramme for International Student Assessment
T1Teanga dhúchais an chainteora
T2Dara teanga an chainteora
TIMMSTrends in International Mathematics and Science Study

Saothair a ceadaíodh

An Roinn Oideachais agus Scileanna (2015) Siollabas Matamaitice — Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal, Ardleibhéal. Baile Átha Cliath: ROS. Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/Senior-cycle/Senior-Cycle- Subjects/Mathematics/?lang=ga-ie [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

An Roinn Oideachais agus Scileanna (2017) Plean DEIS 2017. Comhionannas deiseanna a sholáthar i scoileanna. Baile Átha Cliath: ROS. Ar fáil ag: https://www.education.ie/en/Publications/Policy-Reports/DEIS-Plan-2017.pdf [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

An Roinn Oideachais agus Scileanna (2018) Matamaitic na Sraithe Sóisearaí. Baile Átha Cliath: ROS. Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/Junior-cycle/Junior-Cycle- Subjects/Mathematics/?lang=ga-ie [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

An Roinn Oideachais agus Scileanna (2020) Calculated Grades for Leaving Certificate 2020: Report from the National Standardisation Group to the Independent Steering Committee and the Programme Board. Baile Átha Cliath: ROS. Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/86709/aacaf08c-a32b- 4e74-817b-5a3ba1e2a7e8.pdf [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

An Roinn Oideachais agus Scileanna (2021b) Staitisticí – Sonraí ar Scoileanna Aonair. Ar fáil ag: https://www.education.ie/ga/Foilseach%C3%A1in/Staitistic%C3%AD/Sonra%C3%A D-ar-Scoileanna-Aonair/Sonra%C3%AD-ar-Scoileanna-Aonair.html [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Bruck, M., Tucker, G.R. & Jakimik, J. (2015) ‘Are French immersion programs suitable for working class children?’. In: Word 27: 311–341. Ar fáil ag: https://doi.org/10.1080/00437956.1971.11435629. [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Cohen, L. Manion, L. & Morrison, K. (2018) Research Methods in Education. Eagrán 8. London: Routledge.

Creswell, J.W. (2014) Educational research: planning, conducting and evaluating quantitative and qualitative research. Eagrán 4. Harlow, Essex: Pearson.

Cummins, J. (1980) ‘The Cross-Lingual Dimensions of Language Proficiency: Implications for Bilingual Education and the Optimal Age Issue’. TESOL Quarterly 14.2: 175–187. Ar fáil ag: doi: 10.2307/3586312 [Faighte 11 Lúnasa 2021].

Demie, F. & Lewis, K. (2011) ‘White Working Class Achievement: An Ethnographic Study of Barriers to Learning in Schools’. Educational Studies 37: 245–264. Ar fáil ag: doi: 10.1080/03055698.2010.506341 [Faighte 11 Lúnasa 2021].

Denscombe, M. (2014) The Good Research Guide: For Small-Scale Social Research Projects. Eagrán 5. Maidenhead: Open University Press.

Denzin, NK K. & Lincoln, Y. S. (eag.) (2005) The Sage Handbook of Qualitative Research. Eagrán 3. Thousand Oaks: Sage Publications Ltd.

Genesee, F. (2004). ‘What do we Know About Bilingual Education for Majority-Language Students?’ In: Bhatia, T.J. & Ritchie, W.C. (eag.) The Handbook of Bilingualism. Malden, MA: Blackwell Publishing Ltd. 513–576. DOI: 10.1002/9780470756997.ch21 [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Genesee, F. (2007) ‘French Immersion and At-Risk Students: A Review of Research Evidence’. The Canadian Modern Language Review 36.5: 654–687.

Genesee, F. & Fortune, T. (2014) ‘Bilingual Education and at-risk students’. In: Journal of Immersion and Content-Based Language Education 2.2: 196–209. Ar fáil ag: doi: 10.1075/jicb.2.2.03gen [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Gilleece, L., Shiel, G., Clerkin, A. & Millar, D. (2012) Measúnachtaí Náisiúnta 2010 ar Léitheoireacht Bhéarla agus ar Mhatamaitic i Scoileanna a bhíonn ag Teagasc trí mheán na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Foras Taighde ar Oideachas. Ar fáil ag: http://www.erc.ie/documents/naims2010_achoimretuarascala.pdf [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Gilleece, L., Nelis, S.M., Fitzgerald, C. & Cosgrove, J. (2020) Reading, mathematics and science achievement in DEIS schools: Evidence from PISA 2018. Baile Átha Cliath: Foras Taighde ar Oideachas.

Hart, B. & Risley, T.R. (2003) ‘The Early Catastrophe: The 30 Million Word Gap by Age 3’. American Educator 27: 4–9.

Hoff, E. (2006) ‘How Social Contexts Support and Shape Language Development’. Developmental Review 26: 55–88. Ar fáil ag: https://doi.org/10.1016/j.dr.2005.11.002 [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Jerrim, J., Greany, T. & Perera, N. (2018) Educational disadvantage: How does England Compare? London: Educational Policy Institute. Ar fáil ag: https://epi.org.uk/publications-and-research/educational-disadvantage-england-compare/ [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Johnstone, R. (2002) Immersion in a Second or Additional Language at School: A Review of the International Research. Stirling: Scottish CILT.

Johnson, R.K. & Swain, M. (1997) ‘Immersion education: a category within bilingual education’. In: Johnson, R. K. & Swain, M., (eag.) Immersion education: international perspectives. Cambridge: Cambridge University Press: 1–16.

Kavanagh, L., Shiel, G., Gilleece, L. & Kiniry, J. (2014) The 2014 National Assessments of English Reading and Mathematics. Volume II: Context report. Baile Átha Cliath: Foras Taighde ar Oideachas.

Kavanagh, L., Weir, S. & Moran, E. (2017) The evaluation of DEIS: Monitoring achievement and attitudes among urban primary school pupils from 2007 to 2016. Baile Átha Cliath: Foras Taighde ar Oideachas.

Mertens, D. M. (2005) Research and Evaluation in Education and Psychology: Integrating Diversity with Quantitative, Qualitative and Mixed Methods. London: Sage Publications.

Mac Aogáin, E., Millar, D. & Kellaghan, T. (2010) ‘The Bonus for Irish in the Leaving Certificate Examination’. The Irish Journal of Education xxxviii: 25–42.

Ní Chlochasaigh, K., Ó Duibhir, P. & Shiel, G. (2018) ‘Dearcthaí agus cleachtais ghairmiúla maidir le tionchar an tumoideachais ar dhaltaí i ngaelscoileanna atá lonnaithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste: Deiseanna agus dúshláin’. Teanga 25: 7–98. Ar fáil ag: https://doi.org/10.35903/teanga.v25i0.50 [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Ní Chlochasaigh, K., Shiel, G. & Ó Duibhir, P. (2020) Iniúchadh ar an Tumoideachas do Dhaltaí i Scoileanna lán-Ghaeilge i gCeantair Mhíbhuntáiste. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Ar fáil ag https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/Taighde_Sealbhú-1.pdf [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Ní Chlochasaigh, K. Shiel, G. & Ó Duibhir, P. (2021) ‘Immersion in a minority language: The performance in English reading and mathematics of primary-level students in Irish-medium schools in areas of socioeconomic disadvantage’. Journal of Immersion and Content-Based Education 9.2: 279–309.

Ní Ríordáin, M. (2011) Mathematics and Gaeilge: A Report on the Influence of Bilingualism. Luimneach: Ollscoil Luimnigh. Ar fáil ag: https://gaeloideachas.ie/research- paper/mathematics-gaeilge-a-report-on-the-influence-of-bilingualism/mathematics- and-gaeilge-a-report-on-the-influence-of-bilingualism/ [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Ní Ríordáin, M. & McCluskey, A. (2012) ‘The Influence of Bilingualism on Mathematical Problem Solving at Third Level Education in Ireland’. In: 12th International Congress on Mathematical Education (ICME-12). Seoul, South Korea, July 8–15. [Páipéar comhdhála. Cóip i seilbh na n-údar].

Ní Ríordáin, M. (2013) ‘A Comparison of Irish and English Language Features and the Potential Impact on Mathematical Processing’. In: Ubuz, B., Haser, C. & Mariotti, M.A. (eag.) Proceedings of the 8th Congress of the European Society for Research in Mathematics Education. Antalya: METU 1576–1585.

Ó hAiniféin, D. (2008) An Tumoideachas in Éirinn. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Ceallaigh, T.J. & Ní Shéaghdha, A. (2017) Critéir aitheantais cuí um dhearbhú cáilíochta agus dea-chleachtais do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge ar bhonn uile Éireann. Baile Átha Cliath: Gaeloideachas.

Ó Ceallaigh, T.J. & Ní Chathasaigh, C. (2021). ‘Feasacht teanga an mhúinteora tumoideachais: Préamh agus guairne an chleachtais’. Léann Teanga: An Reiviú 9: 89–102. Ar fáil ag: http://leannteangaanreiviu.com/sites/default/files/08-%C3%93%20Ceallaigh%20%26%20N%C3%AD%20Chathasaigh.pdf [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Ó Duibhir, P. (2009) The spoken Irish of sixth class pupils in Irish immersion schools. Tráchtas neamhfhoilsithe Ph.D. Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Ó Grádaigh, S. (2015) Soláthar Múinteoirí Ábhar do na hIar-bhunscoileanna LánGhaeilge & Gaeltachta. Ollscoil na hÉireann, Gaillimh: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ó Laoire, M. & Harris, J. (2006) Language and Literacy in Irish Primary Schools: Review of Literature. Baile Átha Cliath: An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

Ó Muircheartaigh, J. & Hickey, T. M. (2008) ‘Academic achievement, anxiety and attitudes in early and late immersion in Ireland’. In: International Journal of Bilingual Education And Bilingualism 11.5: 558–576. Ar fáil ag: https://gaeloideachas.ie/wp-content/uploads/2017/06/Academic-achievement-anxiety-and-attitudes-in-early-and-late-immersion.pdf [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Pimm, D. (1987) Speaking Mathematically: Communication in Mathematics Classrooms. London: Routledge & Kegan Paul Ltd.

Reddy, V., Juan, A., Isdale, K. & Fongwa, S. (2019) ‘Mathematics Achievement and the Inequality Gap: TIMSS 1995-2015’. In: Spaull, N. & Jansen, J.D. (eag.) South African Schooling: The Enigma of Inequality: A Study of the Present Situation and Future Possibilities. Cham, Switzerland: Springer Nature: 169–188.

Setati, M. (2005) ‘Teaching Mathematics in a Primary Multilingual Classroom’. Journal for Research in Maths Education 36.5: 447–466.

Shiel, G. & Kelly, D. (2001) The 1999 National Assessment of Mathematics Achievement. Baile Átha Cliath: Foras Taighde ar Oideachas.

Sirin, S.R. (2005). ‘Socioeconomic Status and Academic Achievement: A Meta-Analytic Review of Research’. Review of Educational Research 75: 417–453. Ar fáil ag: https://doi.org/10.3102/00346543075003417 [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Wakefield, D.V. (2000) ‘Math as a Second Language’. The Educational Forum 64.3: 272–279. Ar fáil ag: https://doi.org/10.1080/00131720008984764 [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Weir, S. & Denner, S. (2013) The Evaluation of the School Support Programme under DEIS: Changes in pupil achievement in urban primary schools between 2007 and 2013. Baile Átha Cliath: Foras Taighde ar Oideachas. Ar fáil ag: https://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Services/DEIS-Delivering-Equality-of- Opportunity-in-Schools-/DEIS-Supporting-Information/DEIS-Evaluation.pdf [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Weir, S. & McAvinue, L. (2013) The achievements and characteristics of pupils attending rural schools participating in DEIS. Baile Átha Cliath: Foras Taighde ar Oideachas. Ar fáil ag: https://www.erc.ie/documents/rural_report2013.pdf [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Weir, S., Errity, D. & McAvinue, L. (2015) ‘Factors associated with educational disadvantage in rural and urban areas’. The Irish Journal of Education / Iris Éireannach an Oideachais 40: 94–110. Ar fáil ag: https://www.erc.ie/documents/vol40chp6.pdf [Faighte 29 Meán Fómhair 2023].

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626