30 bliain ar an bhfód: lorg na fírinne in An Fear Dána

Síle Ní Choincheannain

Réamhrá

1 Ceist chonspóideach í ceist na fírinne san fhicsean; san fhicsean stairiúil ach go háirithe. Ceist chasta í a thugann dúshlán fealsaimh, scríbhneoirí agus léitheoirí araon faoin tslí ina ndéantar iniúchadh ar ‘those boundaries between the literary and the traditionally extra-literary, between fiction and non-fiction, and ultimately, between art and life’ (Hutcheon 1998: 224). Ba í an tuiscint bhunúsach, aeistéitiúil, a bhí i dtreis ón Ré Chlasaiceach anall ná gurb é atá san ealaín ná scáthánú ar an saol. Téimis siar chomh fada le hArastatal a dúirt gur bhain an stair le nithe a tharla fad is gur bhain an fhilíocht (ficsean) le nithe a d’fhéadfadh tarlú; nó mar a deir Doležel, ‘fictional worlds are possible worlds’ (1998: 792). Cuireann sé sin gné na hinchreidteachta agus na dóchúlachta san áireamh. Chomh luath agus a luaimid inchreidteacht agus dóchúlacht, tá slat tomhais i gceist, slat tomhais na fírinne; is é sin mura bhfuil rud fíor, go bhféadfaí é a shamhlú mar fhírinne. Leis an bhfírinne a bhaineann an stair, dar le Cicearó, fad is gurb é an pléisiúr aidhm na filíochta. Tugann sé sin dhá shlat tomhais dúinn don fhicsean, mar sin, inchreidteacht agus pléisiúr. Nuair a thug Hilary Mantel The Reith Lectures ar an BBC sa bhliain 2017 chuaigh sí i ngleic leis an gceist chonspóideach chéanna seo ón tús:

My chief concern is with the interior drama of my characters’ lives. From history, I know what they do, but I can’t say with any certainty what they think or feel … to the historian the reader says, ‘Take this document, object, person—tell me what it means.’ To the novelist he says, ‘Now tell me what else it means.’ (2017)

2 Is láidir na tuairimí sin ó Chicearó agus Mantel ach tá deacrachtaí le láimhseáil na fírinne san fhicsean go fóill. Ní miste fráma an iar-nua-aoiseachais a úsáid chun dul i ngleic leis na deacrachtaí sin agus seo a ndeir Hutcheon ina leith:

The question of historical knowledge is obviously not a new one, but the powerful and unignorable conjunction of multiple challenges to any unproblematic concept of it in art and in theory today is one of those intersections that, I think, define the postmodern (1998: 225).

3 Tagrófar don iar-nua-aoiseachas arís ar ball.

4 Is é feidhm na litríochta ná ‘[to] explore, enact, develop and imaginatively realize truths’ (Rowe 1997: 322) agus, mar gheall air sin, is é a bheidh á scagadh agam san alt seo ná lorg na fírinne san úrscéal stairiúil An Fear Dána (Titley 1993) atá 30 bliain ar an bhfód i mbliana.

5 Níorbh é an t-úrscéal seo an chéad uair a chíor Titley ceist na fírinne. Ina ghearrscéal ‘Cuíorscéal’ sa chnuasach Eiriceachtaí agus Scéalta Eile (1987), tá áit luaite sa scéal darb ainm ‘Inis an Fhírinne’. Tá an snáth céanna machnaimh agus fealsúnachta ar lorg na fírinne ag sní tríd an scéal grinn seo, ‘Cuíorscéal’, is atá in An Fear Dána (AFD). Faoi mar a deirtear sa ghearrscéal seo is faoi ‘fhilí, fháithe, agus fealsaimh atá ar feadh na mílte bliain’ (Titley 1987: 59) an fhírinne a chíoradh, a scagadh agus a lorg. Gearrscéal eile a dhéanann iniúchadh ar an gcoincheap casta seo ná ‘An File ar Leaba a Bháis’. Machnamh ar bhrí na fírinne san fhocal scríofa agus ar nádúr na healaíne atá sa scéal seo rianaithe trí aigne Aogáin Uí Rathaille agus é ag deireadh a shaoil. Léiriú amháin ar an gcineál seo machnaimh ná nuair a cheistíonn Ó Rathaille é féin, ‘arbh é sin suim a bheatha go hiomlán, gur chaith sé a shaol ag agailt faoin scéal?’ (Titley 1987: 136).

6 Tá dhá tuiscint ar an bhfírinne le ‘hagailt’ laistigh den alt seo, mar sin, is é sin an fhírinne sa stair nó san úrscéal stairiúil, agus an fhírinne mar fhocal eile d’fhís ealaíonta an scríbhneora. Tugann úrscéalta stairiúla deis ar leith dúinn ceist na fírinne a iniúchadh mar gur meascán den stair agus den cheapadóireacht atá i seánra an úrscéil stairiúil. Is ionann é sin le rá, mar sin, go bhfuil idir fhírinne agus chur i gcéill ann. Ní hamháin sin, ach deir Mac Cóil – go paradacsúil, b’fhéidir – ‘go bhfuilimid ag plé leis an bhfírinne i gcónaí, fiú agus muid ag insint bréaga’ (2013) agus is gá an ráiteas sin a phlé i gcomhthéacs an úrscéil stairiúil ach go háirithe. Tá mórán scríofa ar An Fear Dána le tríocha bliain anuas, go háirithe an mionscrúdú ar leith a rinne Coilféir ar chruthaitheacht an ealaíontóra ‘trí lionsa na heitice’ (2018: x), agus an ‘staidéar féinchomhfhiosach meitificseanúil ar an rud is litríocht ann’ a shamhlaigh Ó Buachalla (2019: 127) leis an úrscéal. Tá an dá shaothar sin thar a bheith tábhachtach sa phlé a bheidh san alt seo ar thuiscint na fírinne in An Fear Dána.

30 Bliain ó Shin

7 Deir Breandán Delap ina staidéar cuimsitheach ar úrscéalta stairiúla na Gaeilge gurbh ‘iad na seascaidí ardthréimhse shaothrú an úrscéil stairiúil’ agus gur thosaigh an seánra céanna ‘ag trá’ (1993: 96) ag tús na seachtóidí. Ina theannta sin, níor cuireadh ach dhá úrscéal stairiúil i gcló i nGaeilge i rith na n-ochtóidí, An Leacht Nár Tógadh (1982) le Séamas Ó Conghaile agus Léine Ghorm (1984) le hAodh Ó Canainn. Agus clabhsúr á chur aige lena iniúchadh, deir Delap go raibh suim sa seánra seo á cailliúint ag scríbhneoirí faoi dheireadh ochtóidí na haoise seo caite agus thuairimigh sé, agus a theanga ina phluic aige is dócha, go mb’fhéidir ‘gur léargas atá ann ar a chompordaí is atá muintir na linne seo le stair a dtíre agus nach mian leo doras na hiaróige a oscailt!’ (Delap 1993: 96). Bíodh sin mar atá, is léir gur cuireadh tús le caibidil nua i ré an úrscéil stairiúil go luath ina dhiaidh sin le foilsiú AFD le hAlan Titley (1993). Tríocha bliain i ndiaidh a fhoilsithe, feicimid go bhfuil an t-úrscéal stairiúil ar cheann de na seánraí is bisiúla ar fad i litríocht na Gaeilge sa lá atá inniu ann. D’fhéadfaí a thuairimiú dá réir sin, gur tháinig borradh faoi sheánra an úrscéil stairiúil nuair a foilsíodh AFD sa bhliain 1993 agus is géarghá filleadh ar an úrscéal ríthábhachtach seo agus athbhreithniú a dhéanamh ar choincheap agus ar bhrí na fírinne atá le sonrú ann.

Cuimhním go háirithe ar an aighneas idir an file agus stíobhard Uí Dhomhnaill, an tubaiste ba bhun le trioblóidí Uí Dhálaigh; ar alltacht, ar iontas agus ar aduaine na cathrach móire nuair ab éigean don fhile dídean a lorg i mBaile Átha Cliath agus é ar a theicheamh; ar dhraíocht, ar rúndiamhracht, ar choimhthíos agus ar chruálacht na sochaí a ndearna an file teagmháil léi san Oirthear le linn an Chúigiú Crosáid (Mac Craith 1996: 33).

8 Tá plé spéisiúil ar an bhfírinne in AFD le haimsiú i leabhar Uí Bhuachalla agus é den tuairim gur ‘faoistin’ (2019: 129) Mhuireadhaigh Uí Dhálaigh atá san úrscéal seo. Éiríonn le Titley sícé stairiúil Uí Dhálaigh a athchruthú, rud nach féidir leis an staraí féin a dhéanamh agus tá fírinne de shórt éigin ansin. Glactar leis an méid a deir Moyal-Sharrock agus Sharrock faoin bhfírinne sa litríocht, is é sin, ‘artistic truth is not absolute’ (2019: 272). In aiste shubstaintiúil a scríobh Gearóid Denvir ar shaothar Phádraic Uí Chonaire, tagraíonn sé don tuiscint a bhí ag Ó Conaire féin ar an bhfírinne, tuiscint a thagann le tuairim Moyal-Sharrock agus Sharrock go háirithe:

[níl] aon fhírinne absalóideach ann, ná aon bhréag absalóideach ann ach an oiread i gcúrsaí litríochta ar chuma ar bith. Má nochtaíonn an t-údar an saol, nó aon chuid faoi leith den saol, de réir a éirim aigne agus a chroí féin, gan beann aige ar mholadh ná ar cháineadh aon duine eile, beidh an fhírinne i saothar an duine sin. Má dhéanann sé a mhalairt … ar ghaineamh na bréige a bheas a sheasamh (luaite in Denvir 2003: 3).

9 Thug Titley faoi AFD a scríobh agus é beag beann ar mholadh ná ar cháineadh aon duine agus d’fhéadfaí a thuairimiú, b’fhéidir, i bhfianaise an taighde ar fad a rinne sé, go bhfuil an lomfhírinne – nó an tuiscint atá aige féin air – le brath san úrscéal dá bharr. Má ghlactar leis nach ann don fhírinne absalóideach san fhicsean, is dócha nach féidir deighilt ghlan a dhéanamh idir na cuntais a thugann staraithe uirthi agus an léiriú roghnach a dhéanann úrscéalaithe agus drámadóirí uirthi ach an oiread, mar a léiríonn Markus (2015) ina shaothar ríthábhachtach, Echoes of the Rebellion.

Fírinne san fhicsean nó fírinne an fhicsin?

10 Faoi mar atá luaite agam, úrscéal stairiúil go príomha is ea AFD, gan amhras, ina bhfuil an stair agus an tsamhlaíocht go cothrom ann; ach mar a deir Ó Buachalla, is ‘úrscéal meitificsin’ é le ‘blas an iar-nua-aoiseachais’ le sonrú ann chomh maith (2019: 130). Tá tagairtí liteartha stairiúla agus tagairtí liteartha comhaimseartha araon le haithint tríd an scéal agus is de bharr na hidirthéacsúlachta seo atá an t-iar-nua-aoiseachas agus an meitificsean le brath san úrscéal. Chomh maith leis sin, tá an t-úrscéal lán le rógaireacht agus le diabhlaíocht, gné ríthábhachtach i lorg na fírinne san úrscéal seo. Is cuid dhílis den condition humaine an greann a bhaineann le ‘speictream iomlán na mothúchán daonna’ (Delap 1993: 81) agus, go deimhin, is scáthán é an greann ar thuiscintí agus ar chleachtais an phobail. Is i bhfianaise na ngnéithe seo ar fad a bheifear ag díriú isteach ar conas a dhéileálann an t-údar le coincheap na fírinne san úrscéal seo.

11 Tá ceist na fírinne guagach ó bhonn i gcás aon úrscéil stairiúil. Conas is féidir linn Titley a chreidiúint nuair nach raibh aon taithí phearsanta aige féin ar Chogaí na Croise, mar sin? An cur síos cruinn atá aige ar an mórfhile, Muireadhach Albanach Ó Dálaigh agus a ghiolla, Mac Tíre? Tuigimid nach gá gurb ea mar nach é sin aidhm an úrscéalaí stairiúil. Ní bheidh a fhios againn go deo conas a bhraith Muireadhach nuair a mharaigh sé Ó Brolacháin nó nuair a rugadh leanbh dó, ach cruthaíonn Titley an carachtar seo le tréithe a oireann d’aimsir na linne sin. Téann Titley i muinín dlíthe an nádúir dhaonna chun an phearsa seo a chruthú, rud atá de nós ag aon dea-ealaíontóir. Is mar thoradh ar an gcruthú seo agus ar an tslí a théann Titley i muinín na samhlaíochta go bhfuil Muireadhach chomh hinchreidte sin mar charachtar agus is mar gheall air sin a chreideann an léitheoir ann, go háirithe agus é ‘ardnósach, sotalach’ uaireanta (Ó Buachalla 2019: 130). Déanann Moyal-Sharrock agus Sharrock iniúchadh an-spéisiúil ar an tuiscint a bhí ag D.H. Lawrence, an t-úrscéalaí cáiliúil, ar an bhfírinne san fhicsean agus cuireann an méid seo a leanas a deir Lawrence an tuiscint sin in iúl:

An artist is usually a damned liar, but his art, if it be art, will tell you the truth of his day. And that is all that matters. Away with eternal truth. Truth lives from day to day, and the marvellous Plato of yesterday is chiefly bosh today... Two blankly opposing morals, the artist’s and the tale’s. Never trust the artist. Trust the tale (luaite in Moyal-Sharrock & Sharrock 2019: 271).

12 Trí mhuinín a chur in insint an scéil tá seans níos fearr ann go dtiocfaidh an léitheoir ar a chonclúid féin faoin bhfírinne.

13 Tá sé seo ar cheann de na paradacsaí is dúshlánaí dá bhfuil againn i seánra an úrscéil stairiúil, is é sin nach féidir linn leagan cinnte den stair a bheith againn, agus tá an fhírinne díreach mar an gcéanna; níl aon léamh amháin uirthi. Luann Mac Cóil Thucydides, an staraí ársa, a bhí ar an bhfód fadó, agus bhí an tuairim ann gur thóg seisean scríbhneoireacht na staire céim níos faide ar aghaidh sa tslí is nár scríobh sé díreach ‘le fáil amach céard a tharla, ach fiosrú a dhéanamh ar na cuntais féin féachaint an raibh siad fíor nó cén fhírinne a bhí iontu’ (Mac Cóil 2006: 114). Conas is féidir linn an fhírinne a thomhas ón rud nach bhfuil fíor, mar sin, ní hamháin san úrscéal seo ach in úrscéalta stairiúla go ginearálta? Chomh maith leis sin, deir Ó Buachalla (2019: 130) gur deacair ‘don léitheoir glacadh le haon rud a deir sé [Ó Dálaigh] mar fhírinne’ ach tá réiteach an-simplí ag Mac Cóil (dar leis féin) ar an deacracht seo agus tagaim leis an réiteach seo. Deir sé ‘go bhfuil sé ceart go leor bréaga a insint fad is go gcuirimid in iúl gur bréaga iad’ (Mac Cóil 2006: 116). Feictear an tseift seo in úsáid ag Titley in AFD. Mar shampla, feictear go bhfuil an focal ‘fírinne’ luaite go mion minic san úrscéal agus go n-admhaíonn príomhcharachtar an úrscéil, Muireadhadh Albanach, go bhfuil bréaga áirithe á n-insint aige freisin, faoi mar is léir ó na samplaí seo a leanas:

Admhaím gur chuireamar leis an mbréag. Ach nárbh shin é ár ngnó? Cad eile atá sa dán ach bréag? Agus is mian leatsa gurb í an fhírinne a fhaisnéiseoinn anois? (AFD: 9)

Faraoir nach í an fhírinne lom a bheas ann, áfach. Ní féidir go bhfuil a leithéid ann. D’fhile ach go háirithe (AFD: 10).

File mé, ar mise, agus fear dána. Tá mo shaol caite agam le fios is le fíoreolas. Cá barúil a bheir tú de sin gur bréagach mo shaothar? (AFD: 113)

Níl san éigse ach éide (AFD: 55).

An mbeadh orm anois bréaga nua a chumadh a mbeadh dealramh na fírinne orthu seachas bréaga ar léir a mbréaga do chách? (AFD: 55)

14 Deir Muireadhach freisin gur ‘fírinne lom na cnáimhe is cuspóir dom ach go dtagann an fheoil sa tslí’ (113) agus glactar leis gur meafar í an fheoil don bhréag. Arís, conas a d’fhéadfaí Titley a chreidiúint in aon chor nuair nach bhfuil aige ach an taighde agus an tsamhlaíocht? Is dócha gur féidir é a chreidiúint mar go luann an t-údar go glan amach ag cúl an leabhair gur ‘carachtar stairiúil agus carachtar samhlaíochta’ é Muireadhach (1993). Admhaíonn Titley go bhfuil cur i gcéill ar siúl aige anseo. Ba in ómós do Mhuireadhach Albanach Ó Dálaigh a scríobh sé AFD ach is dócha nach bealach ceartchreidmheach a chuir sé roimhe chun an t-ómós sin a thaispeáint. Tapaíonn Titley an deis carachtar spéisiúil a chruthú le tréithe a d’oirfeadh d’aimsir na linne sin, rud a dhéanann scríbhneoirí an úrscéil stairiúil chun teacht timpeall ar dhoiléire na staire:

The classical novelist thrives on such opacity: it is precisely within such ‘dark areas’ of history that he can freely use his imagination to ‘introspect his historical characters’ (Cohn 1999: 156).

15 Is mar thoradh ar an gcruthú seo a chuireann Titley feoil ar chnámha an phríomhcharachtair agus go bhfuil Muireadhach chomh hinchreidte sin mar dhuine go gcreideann an léitheoir ann. Glactar le bréaga an úrscéil mar fhírinne, nó má tá foirmle dhocht ag teastáil chun é seo a shoiléiriú is féidir linn féachaint ar thuairim eile Cohn agus é ag caint faoi conas a éiríonn le scríbhneoirí an úrscéil stairiúil plota nó carachtar inchreidte a chur os ár gcomhair:

Only by taking infinitesimally small units for observation (the differential of history, that is, the individual tendencies of men) and attaining the art of integrating them (that is, finding the sum of these infinitesimals) can we hope to arrive at the laws of history (Cohn 1999: 151).

16 Is dócha go gcuireann sruth comhfheasa an phríomhcharachtair le hinchreidteacht an scéil freisin. Seo tuairim Uí Bhuachalla:

Insítear an scéal seo i bhfoirm comhrá aontaobhaigh ina bhfuil Muireadhach ag cur síos ar a eachtraí do bhráthair eaglasta i mainistir Easa Rua. Ní luaitear comhthéacs an chomhrá seo go díreach san úrscéal cé go dtagraítear dó uaireanta mar fhaoistin (2019: 129).

17 Má ghlactar leis gur ‘faoistin’ de shórt éigin atá san úrscéal, faoi mar atá luaite níos túisce, nó go deimhin gur úrscéal faoistiniúil atá ann, ní fios go cinnte mar sin cé leis a bhfuil Muireadhach ag caint. Tá an bhraistint ann go bhfuil reacaireacht an fhile dírithe ar an léitheoir, rud a chuireann go mór le ‘guagacht ointeolaíoch san úrscéal’ (Ó Buachalla 2019: 130). Deir Muireadhach ag tosach an scéil gurb ‘í an fhaoistin an soc slán a osclaíos an fód folláin ach ní faoistin í seo. Mó de bhearradh craoibhe í. Mó de choisceadh fola í. Mó de chur amach í cor ar chor’ (AFD: 10). Is féidir a thuairimiú gur meafair iad na híomhánna sin atá díreach luaite sna sleachta athfhriotail sin a dhéanann cur síos ar phróisis na fírinne. Tá iallach níos mó ar an léitheoir anois eachtraí an scéil a cheistiú, agus an fhírinne sna heachtraí sin a cheistiú chomh maith.

18 Taibhsítear dom gur féidir leis an údar an ‘historical psyche’ (Cohn 1999: 155) a bhaineann leis an gcarachtar, dar leis, a athchruthú, rud nach féidir leis an staraí féin a dhéanamh, agus tá fírinne de shórt éigin sa mhéid sin. Anuas air sin, is de bharr na faoistine seo ó Mhuireadhach a bhraitheann an léitheoir go bhfuil sé nó sí i lár an 13ú haois agus cuireann an ghné seo go mór le heachtraí an scéil agus is spéisiúil an tuairim atá ag Cohn ina thaobh seo freisin:

Only fiction is able to create the impression of presenting historical events at the moment they happen, thereby bringing to life the ‘raw, vital material’ of experience without the distortions of hindsight (1999: 152).

19 Mar sin féin, an féidir aon sainmhíniú cinnte a thabhairt ar an bhfocal ‘fírinne’ riamh i gcomhthéacs an úrscéil stairiúil agus más féidir, an aithneofaí í fiú? Tá Ó Buachalla den tuairim nach bhfuil aon fhírinne ann ‘ach fírinne an tsaothair féin’ (2019: 138). Is léir go bhfuil machnamh domhain, scolártha déanta ag Titley ar an gcoincheap sin agus feictear é sin nuair a deir Muireadhach an méid seo:

Cruthaíonn an rud a deirtear a chuid fírinne féin. Saol ann féin an rud a deirtear. Tá fírinne na héigse sa ráiteas beo. I ndalbhadh an dáin is ea an gníomh. I ndeireadh an lae is é fírinne na healaíne fírinne an scéil (AFD: 32).

20 Ráiteas ilchasta é sin ach d’fhéadfaí glacadh leis an tuairim go bhfuil Titley ag iarraidh ar an léitheoir a léamh féin a dhéanamh ar an bhfírinne, ar an stair, ar an ealaíon, agus ar sheánra an úrscéil stairiúil in AFD. Deir Titley ina shaothar critice go bhfuil cead ‘ag gach aon chine daonna a leagan féin den stair nó den scéalaíocht a bheith acu mar níl de rogha againn ach rogha idir leaganacha ar deireadh thiar’ agus is léir gurb é sin atá déanta aige san úrscéal seo aige (1991: 324). Agus é ag tarraingt ar thuiscintí Webb, maíonn Titley (1991: 324) gurb í ceist na peirspictíochta ‘adjusted to present interests’ (Webb 1983: 1) an t-aon cheist atá le meá ag an scríbhneoir agus an staraí araon. Anuas air sin, agus é ag tarraingt ar thuiscintí Geyl an uair seo, deir sé gur dual don scríbhneoir agus an staraí gabháil le dearcadh ‘which is determined by the circumstances of his time and by his own preconceptions’ (Geyl 1965: 15). Glacann Titley leis faoi dheireadh ‘gurb iad ceisteanna a linne a dheachtaíonn na cúraimí a tharraingeoidh siad [an scríbhneoir agus an staraí] aníos chucu féin ón aimsir chaite’ (1991: 324). Is cinnte go bhfuil a leithéid ar siúl ag Titley féin in AFD agus go dtéann sé i ngleic le saoirse an ealaíontóra.

21 Faoi mar a luadh, tá buntáiste ar leith ag seánra an úrscéil stairiúil níos mó ná aon seánra litríochta eile sa tslí is gur féidir linn níos mó a fhoghlaim faoi amanna atá thart; agus tuigimid, b’fhéidir, nach mór idir na daoine a mhair romhainn agus daoine sa lá atá inniu ann. Más duine de chuid a linne féin é Muireadhach Albanach, mar atá maíte ag Ó Muirí, is fíor freisin go bhfuil ‘dúnmharú, seachaint dlí, teitheadh, bréaga, taoisigh fhealltacha agus cogadh sa Mheán-Oirthear mar chúlra ag an scéal’ (2017: 222). Is ‘ceisteanna moráltachta’ na linne seo (Markus 2021: 2) a tharraingíonn an scríbhneoir isteach ina shaothar más ea. Thit daoine i ngrá riamh anall agus titfidh choíche, bhí agus beidh dílseacht agus mídhílseacht sa saol i gcónaí, tháinig agus tiocfaidh daoine ar an saol seo sa tslí chéanna is go bhfuil daoine imithe ar shlí na fírinne romhainn agus go n-imeoidh siad go deo. A bhuí le seift an tsrutha chomhfheasa, tugann an t-úrscéal stairiúil seo léargas úrnua dúinn ar an 13ú haois agus mar sin ceistíonn sé moráltacht na linne sin freisin. Is de bharr na scríbhneoireachta cruthaithí atá tuiscint ag an ngnáthdhuine, nach scoláire léinn é nó í, ar thréimhsí éiginnte cosúil leis an 13ú haois agus ar dhaoine cosúil le Muireadach Albanach Ó Dálaigh. Is droichead í an litríocht idir an saol atá ann anois agus an saol atá imithe uainn. Sa mhéid is gur píosa litríochta é AFD atá préamhaithe agus bunaithe ar an litríocht stairiúil agus nua-aimseartha araon, tá cumhacht láidir ag baint leis an gceangal atá le fáil ann idir an saol seo agus an 13ú haois. Gan amhras is mór an ceangal idir an litríocht agus stair agus cultúr na tíre seo. Má dhéantar staidéar nó machnamh ar an litríocht stairiúil go háirithe faightear idir thuairisc agus thuiscint inti ar shaol agus stair na ndaoine a mhair tríd na blianta. Ní féidir aithne cheart a chur ar aon phobal gan cur amach éigin ar litríocht an phobail sin. Mar sin, ní haon ionadh é go bhfuil a leithéid de smaoineamh i gcroílár an úrscéil: is é sin, go bhfuil tábhacht agus cumhacht ag baint le saol agus saothar Mhuireadhaigh i gcultúr na tíre seo trí chéile. Mar a deir Ó Conchubhair agus é ag trácht ar AFD, úrscéal is ea é a ‘c[h]uimsíonn mórcheist amháin le chéile – ról agus dualgas an ealaíontóra, freagracht an ealaíontóra dó féin, dá cheird, dá phátrún agus dá phobal’ (2015: 17).

22 Cén fáth agus conas a ardaíonn Titley ról agus dualgas an ealaíontóra san úrscéal agus cad é an ról agus an dualgas sin? Ar an gcéad dul síos, tuigtear dúinn faoi dheireadh an úrscéil go mb’fhéidir gurb é lorg na fírinne é príomhról agus príomhdhualgas an phríomhcharachtair, Muireadhadh Albanach, ealaíontóir an úrscéil seo. D’fhéadfaí a áiteamh, chomh maith, gurb é buaicphointe an úrscéil ná an comhrá idir Muireadhach agus Cathal Crobhdhearg tar éis do Mhuireadhach filleadh ar Éirinn ón Talamh Naofa. Tá Cathal tar éis dul ‘in aois go mór’ nuair a chasann Muireadhach air agus tuigeann Cathal go bhfuil an bás ag teacht níos cóngaraí dó agus a leithéid seo á rá aige, ‘is é mo thuras deireanach [é]. Gairid uaim an bás’ (AFD: 112). Ní lorgaíonn Cathal ach rud amháin ón bhfile, is é sin an fhírinne, mar a léiríonn an comhrá suntasach seo eatarthu:

‘An fhírinne a insint’, ar seisean, ‘an fhírinne íon chomh slán le leanbh nua-bhaistithe’. Bhain sin siar asam.
‘Cad uime a cheapann tú nach n-inseoinn an fhírinne?’ arsa mise go simplí solasda.
‘File tú’, ar seisean.
‘File mé,’ arsa mise, ‘agus fear dána. Tá mo shaol caite agam le fios is le fíoreolas. Cá barúil a bheir tú de sin gur bréagach mo shaothar?’
‘Ní dúirt bréagach,’ ar sé. ‘Ach cé ea, níl san éigse ach éide. Agus ba mhinic an éide sin ormsa’ (AFD: 112–113).

23 Ina dhiaidh sin, úsáideann Cathal cnámh mar mheafar don fhírinne, meafar ar tagraíodh dó níos luaithe, agus is meafar suimiúil é seo mar go mbaineann taoisleann nó buaine leis an gcnámh níos mó ná aon chuid eile den chorp, sa tslí chéanna is a bhaineann buaine níos mó leis an bhfocal scríofa ná le cuimhne an duine:

‘Is é an t-abhar agus an fhachain um ar thug mé an chnámh seo duit, áfach,’ ar sé,‘gur samhail den fhírinne í.’
‘Dorcha sin,’ arsa mise, cé gur thuig mé cad a bhí chugam nuair a d’ocsail sé a bhéal.
‘Amharc uirthi,’ ar sé, ‘agus láimhsigh id ghlaic. Is í an chnámh seo an fhírinne lom atá mé ag iarraidh a theagasc duit agus a lorg dom féin. Ruainne feola níl uirthi. Í gan ribe, gan ruainseachán. Tá sí díreach, crua. Tá sí geal, bán. Tá sí borb, bearrtha. Bí id chnámh’ (AFD: 115–116).

24 Ach le filleadh go háirithe ar bhuncheist na haiste seo, cén fhírinne atá Titley ag iarraidh a nochtadh dúinn agus cén cur chuige atá aige chun é sin a dhéanamh? Níorbh aon iontas amhras a bheith ar an léitheoir fós teacht ar chonclúid éigin faoi choincheap na fírinne san úrscéal seo, go háirithe nuair a léitear ceann de na comhráití deireanacha idir Muireadhach agus Mac Tíre. B’fhéidir go bhfuil Muireadhach ag tabhairt leide dúinn arís gur fúinn féin atá sé ár léamh féin a dhéanamh ar an stair, ar an litríocht agus ar an úrscéal féin:

Is anseo a tuigeadh dom gur turgnamh dóchais díth muirne.
‘Aonar domsa idir dhaoine’, arsa mise, ‘cad é a thoil?’
‘Filíocht a scríobh dó, cad eile.’
‘Agus an daorbhreith,’ d’fhiafraigh mé, ‘cad sin?’
‘Sin breith nach dtabharfar,’ ar sé, ‘go mbeidh freagra againn.’
‘Fúm féin atá mar sin.’
‘A déarfad leat a fhírinne,’ ar sé. ‘Is tú a dúirt é’ (AFD: 128).

25 Ardaítear ceist i ndiaidh ceiste faoi gach réimse den saol in AFD, ach mar sin féin b’fhéidir go bhféadfaí aontú nach mór ar deireadh idir inné agus inniu agus mar a dúirt Pádraic Ó Conaire ‘[ba] é an duine daonna agus a thuiscint féin air féin bun agus barr na litríochta nua agus aonfhoinse na fírinne a nochtaítear inti’ (luaite in Denvir 2003: 5).

Conclúid

26 Leis an úsáid iar-nua-aoiseach a bhaineann Titley as filíocht Mhuireadhaigh féin agus as foinsí seachtracha, éiríonn leis, dar liom, saol an 13ú haois a cheangal le saol an lae inniu. Chomh maith leis sin, níl amhras ar bith ann ach go bhfuil an greann agus an aoir le fáil go láidir tríd an úrscéal chomh maith. Bíonn Titley ag spochadh as tuairimí an léitheora, as feidhm na litríochta, agus gan amhras bíonn sé ag spochadh as cúrsaí staire agus as an aimsir atá caite. B’fhéidir go leagann Mac Craith a mhéar ar oighear an scéil leis an gceist seo a leanas:

An amhlaidh nach bhfuil de chuspóir ag maithe móra na litríochta idir ealaíontóirí agus léirmheastóirí araon, Titley san áireamh, ach moncaithe a dhéanamh dínn ar fad! (Mac Craith 1996: 38)

27 Ceist eile a ardaíonn sé ná:

[C]én difriocht atá idir bunchumadóireacht Uí Rathaille agus scigchumadóireacht Thitley, idir bunchumadóireacht Eibhlín Dhuibh agus scigchumadóireacht Titley? (Mac Craith 1996: 38)

28 Leanann sé air ag cur na gceisteanna móra seo:

Cé hiad na móir a leagann síos na rialacha? Céard iad na slata tomhais a bhíonn acu? Cén cineál údaráis atá ag na móir le bheith ina móir sa chéad áit? An amhlaidh nach bhfuil sa litríocht i ndeireadh na dála ach constráid agus córas treallach? (Mac Craith 1996: 38)

29 Ní bhraitheann an tuiscint atá ag an duine ar chúrsaí litríochta, filíochta ná staire ar aon mhórscríbhneoir, aon mhórfhile ná aon mhórstaraí amháin. Fúinn féin atá sé ár gcinneadh féin a dhéanamh faoi fheidhm na litríochta, agus sa chás seo, aidhm Titley in AFD.

30 Dá bharr seo ar fad, ní mór dúinn filleadh ar cheist sin Mhic Craith: an bhfuil Titley ag iarraidh moncaithe a dhéanamh dínn leis an machnamh seo ar fad? Pé iarracht atá déanta ar an bhfírinne a aimsiú, nó a cheansú, nó a chur i bhfriotal fiú, braitear ar deireadh in AFD nach mbíonn mar thoradh air ach neamhní agus áiféis. Is spéisiúil an líne seo in ‘Cuíorscéal’ sa tslí is go mbraithimid tuairim Titley i leith an choincheapa seo agus lorg na fírinne: ‘ní bhíonn ag deireadh an bhogha ceatha tar éis na tóraíochta go léir ach banc dramhaíl’ (1987: 49). Faoi mar a deir Ní Chléirigh, ‘níl an fhírinne le fáil i dteoiricí fealsúnacha, ná i bhfíorais mhatamaiticiúla, ná fiú i ndogmaí na n-Eaglaiseach’ (1990: 62). Fuair na daoine a chuaigh ag tóraíocht na firinne ar ‘Inis an Fhírinne’ an freagra céanna is a fuair an sagart sa ghearrscéal céanna, a cheap go raibh sí le fáil i gcomhlíonadh aitheanta Dé agus na hEaglaise, cosúil le Muireadhach ar a thuras go dtí an Talamh Naofa, b’fhéidir. Ní raibh freagra cinnte ann don fhile agus níl freagra cinnte ann don léitheoir ach an oiread. Is léir mar sin gur rud guagach í an fhírinne, nó mar a luann Ó Buachalla:

ní thugann an t-úrscéal seo aon fhreagra críochnúil ar an gceist ach, in ionad é sin, insítear an scéal sa tslí ina bhfuil mórán fírinní éagsúla i gcoimhlint lena chéile (Ó Buachalla 2019: 138).

31 Bíodh is go mbaineann cuid den fhírinne leis an ráiteas sin, b’fhéidir gurb é a bhí mar aidhm ag Titley i gcónaí san úrscéal seo ná díreach ceist na fírinne sa litríocht a ardú seachas ‘freagra críochnúil’ ar an gceist a thabhairt. Faoin léitheoir atá sé breithiúnas a thabhairt i ndeireadh thiar thall. Is de bharr na gcodarsnachtaí agus na bparadacsaí faoin bhfírinne agus faoin stair féin a théann an t-úrscéal chomh mór sin i bhfeidhm ar an léitheoir agus is ar an ábhar sin chomh maith is fiú An Fear Dána a phlé arís tríocha bliain tar éis a fhoilsithe.

Saothair a ceadaíodh

Foinsí Clóite

Cohn, D. (1999) The Distinction of Fiction. Baltimore agus London: Johns Hopkins University Press.

Coilféir, M. (2018) Titley. Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR.

De Brún, F. (2019) Revivalism and Modern Irish Literature — The anxiety of transmission and the dynamics of renewal. Cork: Cork University Press.

De Brún, F. (2022) ‘Idir res factae agus res fictae — ficsean faoi chulaith na staire agus stair faoi chulaith an fhicsin’. In: Léachtaí Cholm Cille 52: 18–30.

De Groot, J. (2010) The Historical Novel. London: Routledge.

Delap, B. (1993) Úrscéalta Stairiúla na Gaeilge. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Denvir, G. (2003) ‘Litríocht: An Coimhthíos agus Aghaidh an Bháis’. In: Comhar 63.11: 3–5.

Doležel, L. (1998) ‘Possible Worlds of Fiction and History’. In: New Literary History 29.4: 785–809. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/20057512 [Faighte 7 Meitheamh 2023].

Geyl, P. (1963) ‘Ranke in the Light of the Catastrophic’. In: Debates with Historians. Groningen: Groningen Press.

Hutcheon, L. (2004) A Poetics of Postmodernism. New York agus London: Taylor & Francis e-Library.

La Marque, P. & Olsen, S.H. (1994) Truth, Fiction and Literature. Oxford: Clarendon Press.

Mac Cóil, L. (2006) ‘Ficsean Staire’. In: Léachtaí Cholm Cille 36: 112–146.

Mac Craith, M. (1996) ‘Taighde: Titley agus an treallchogaíocht in aghaidh na critice’. In: Comhar 55.4: 33–38.

Markus, R. (2015) Echoes of the Rebellion: The Year 1798 in Twentieth-Century Irish Fiction and Drama. Bern: Peter Lang.

Markus, R. (2021) ‘Titley’. In: COMHARTaighde 7. Ar fáil ag: https://comhartaighde.ie/eagrain/7/markus/ [Faighte 9 Deireadh Fómhair 2023].

Moyal-Sharrock, D. & Sharrock, P. (2019) ‘D.H. Lawrence and The Truth of Literature’. In: Philosophy and Literature 43: 271–286.

Ní Chléirigh, S. (1990) Eiriceachtaí agus Scéalta Eile le hAlan Titley: Saothar Iar-Nua-Aoiseach. Tráchtas PhD neamhfhoilsithe. Coláiste Phádraig, Maigh Nuad.

Ó Buachalla, T. (2019) Clocháin sa Scoilt. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Canainn, A. (1984) Léine Ghorm. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Conchubhair, B. (2015) ‘Úrscéalta Gaeilge an Fichiú hAois’. In: Comhar 75.6: 14–17.

Ó Conghaile, S. (1982) An Leacht nár Tógadh. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Cuív, B. (1961) ‘Eachtra Muireadhaigh Í Dhálaigh’. In: Studia Hibernica 1: 56–69.

Ó Fiannachta, P. (1975) ‘An Barántas — Sampla de Ghreann agus de Gháirsiúlacht na bhFilí’. In: Léachtaí Cholm Cille 4: 132–150.

Ó Muirí, P. (2017) ‘An Fear Dána’. In: Doherty, R. et al. (eag.) Úrscéalta na Gaeilge. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 219–230.

‘Polaiteolaí’. (1997) ‘Dreancaidí na Fíor-Fhírinne’. In: Comhar 32.9: 19–20. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/23234701 [Faighte 15 Márta 2023].

Rowe, M.S. (1997) ‘Lamarque and Olsen on Literature and Truth’. In: The Philosophical Quarterly 44: 322–341. Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/2956418 [Faighte 25 Feabhra 2023].

Selden, R. (1984) Criticism and Objectivity. London: Allen & Unwin.

Titley, A. (1987) Eiriceachtaí agus Scéalta Eile. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Titley, A. (1991) An tÚrscéal Gaeilge. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Titley, A. (1993) An Fear Dána. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Webb, N. (1983) Perspective in British Historical Fiction Today. London: Palgrave Macmillan.

Foinsí Craolta

Mac Cóil, L. (2013) An Scéalaíocht. Leabhar Breac. Ar fáil ag: https://www.youtube.com/watch?v=-FI85H23FrU [Faighte 9 Deireadh Fómhair 2023].

Mac Cóil, L. (2013) Teanga an Úrscéil. Leabhar Breac. Ar fáil ag: https://www.youtube.com/watch?v=Ukot69gABlk [Faighte 9 Deireadh Fómhair 2023].

Mantel, H. (2017) ‘Adaptation’, mar chuid de The Reith Lectures 2017. BBC Radio 4, 15 Lúnasa 2020. Ar fáil ag: https://www.bbc.co.uk/programmes/b08x9947 [Faighte 7 Meitheamh 2023].

Póirtéir, C. (2013) Alan Titley á chur faoi agallamh. Meon Eile. Ar fáil ag: https://youtu.be/3MoiyKB5gXg?si=vWtaeHpFDrdK6YYj [Faighte 9 Deireadh Fómhair 2023].

Titley, Alan. (2018) Alan Titley á chur faoi agallamh ag Bindu Amaatt. Kerala Literature Festival. Ar fáil ag: https://youtu.be/ebkR3wqU8D8?si=Ed8cWuoaxtOlMdAq [Faighte 9 Deireadh Fómhair 2023].

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626