Gaisce An Guth

Alan Titley

Réamhrá

1 Ar éigean is gá i bpáipéar in onóir do Mháire Ní Annracháin dul siar ar na dlúthcheangail chultúir idir Éire is Alba. Is maith mar atá siad ar eolas againn. B’fhéidir gur leor a mheabhrú chun críche na haiste seo gur réabadh an ceangal sna cogaí creidimh agus sna coimheascair choncais a bhí in airde láin sa 17ú haois. Ach go fiú sna blianta dorcha úd i rith an 19ú céad — an aois ba dhearóile riamh i stair na hÉireann, mar a mhaígh Máirtín Ó Cadhain — níl aon amhras ná go bhfuair Màiri Mhòr nan Òran ar an Eilean Sgitheanach, agus Uilleam Mac Dhunlèibhe ar Ìle spreagadh agus misneach ó eiseamláir chogadh na talún abhus a raibh siad eolach go maith air.

2 Ní mór a dhearbhú, áfach, gur tíortha ar deighilt ba ea an dá chríoch nuair a bhíomarna ag cromadh i gceart ar scaradh leis an Ríocht Aontaithe, agus nuair a bhí Alba á slogadh diaidh ar ndiaidh agus, go deimhin, hólas bólas isteach i bhfiontar mí-ámharach Impireacht na Breataine níos doimhne fós sna haoiseanna tar éis a buailte in 1746 agus sa chinescaipeadh a lean. Níor déanadh aon iarracht cheart ar an athshnaidhmeadh a dhéanamh go dtí gur thionscain an Coirnéal Eoghan Ó Néill, a bhí i gceannas ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ar mhalartú léamha éigse a dhéanamh sa bhliain 1970. Cheap sé scéim bhliantúil faoina rachadh filí agus bàird ó thír amháin go tír eile ag aithris a gcuid filíochta go poiblí. Déanadh amhlaidh sna cathracha móra, ach níos coitianta fós, sna pobail bheaga nach raibh taithí na léitheoireachta poiblí ar an gcuma seo acu. Ba iad na turais seo a d’athbhunaigh an caidreamh idir ‘the sea-divided Gael’, agus ba iad a dheimhnigh go gcuirfeadh léitheoirí na filíochta abhus aithne agus eolas ar Shomhairle MacGill-Eain, ar Ruaraidh MacThòmais, agus ar Iain Mac a’ Ghobhainn, fara go leor eile a tháinig ina ndiaidh. Ba é Iain Mac a’ Ghobhainn féin a thuairimigh liom, i gcomhrá leis, gurbh iad na léamha seo an chéad cheangal dáiríre idir Gaeil Éireann agus Alban le trí chéad bliain anuas.

3 Ba rafar é fómhar na dturas seo. B’fhéidir gurb é an chéad toradh intadhaill ar an athchaidreamh seo an cnuasach Sruth na Maoile, a chuir Michael Davitt agus Iain MacDhòmhnaill amach sa bhliain 1993. Is é a bhí ann cnuasach de rogha dánta a léadh ar fud na gcríocha ó thosnaigh an scéim breis agus fiche bliain roimhe sin. Ina dhiaidh tháinig An Leabhar Mòr/ The Great Book of Gaelic, cnuasach den fhilíocht (agus beagán beag den phrós) maille le healaín dhearscnach mar mhaisiú ar an litríocht faoi eagarthóireacht Malcolm Maclean agus Theo Dorgan (2002). Neartaigh Pádraig Ó Snodaigh, mar ba dhual dó, an comhbhráithreachas seo trí chnuasaigh filíochta Gàidhlig a raibh aistriúcháin Ghaeilge ag dul leo a fhoilsiú — seachas aistriúcháin go Béarla, mar ba nós roimhe sin.

4 Tharla an bíogadh seo comhuain le, nó go gairid ar shála na hathbheochana a tharla i nuafhilíocht na Gaeilge le bunú Innti. Ba í Innti stáitse agus trumpa agus taispeántas bliantúil fhilíocht na Gaeilge a mbítí ag feitheamh go cíocrach leis; agus, go deimhin, léirigh sí suim in éigse na Gàidhlig ón tús. Tugadh eagrán faoi leith suas in onóir agus mar chomóradh ar Shomhairle MacGill-Eain, agus ní de thimpiste ghlantseansúil í gur foilsíodh an chéad eagrán di an chéad bhliain sin nuair a tionóladh turas na bhfilí Albanacha ar Éirinn. Go deimhin, bhí na bàird Albanacha i láthair ag mórthionól sheoladh Innti 2 i gCorcaigh sa bhliain 1971, nuair a deirtear go raibh míle duine i láthair. Deir neacha áirithe gur ar son na dí a bhí a bhformhór ann, ach scaoilimis é sin tharainn le seanbhlas. Níor fhág sin nár mhóide an taitneamh a bhaineadar as an bhfilíocht, áfach.

5 Ag an am céanna, bhí athaoibhneas ag teacht ar bhàrdachd na Gàidhlig, leis. Dhaingnigh Nua-Bhàrdachd Gháidhlig (MacAmhlaigh 1976) an réabhlóid a bhí bunaithe le glúin roimhe sin, glúin a bhí nuálach go hiomlán tamall den tslí, ach coimeádach agus coinneálach chomh maith céanna. Bhris sé múnlaí na bhfilí baile, mar a thugtaí orthu, ach braitheann tú air gurb é atá á fhógairt go lom is go hard: ‘Tá seo fada go leor ar an mbóthar mar nós filíochta, ná gabhtar níos sia leis!’ Ghabh an cnuasach An Aghaidh na Sìorraidheachd (Whyte 1991) i bhfad níos faide, mar smiotaigh níos mó múnlaí, chuir seandéithe breise chun báis, agus d’fhairsingigh scóip agus leathantas na filíochta thar theorainneacha tuisceana agus aeistéitice nár déanadh roimhe sin. Cnuasach Mangartach Beinn-Nibheiseach Cumalungúil is ea ollchnuasach Ronald Black An Tuil a foilsíodh sa bhliain 1999, gach naoi gcéad leathanach mionchlóite de, agus a chuimsigh idir nua agus shean dar nochtadh san fhichiú haois; agus táim deimhnitheach de go bhféadfaí cur go mór leis sin le linn na bhfiche bliain is breis ó shin.

6 Abhus anseo in Éirinn, tá áireamh caillte agam ar líon na gcnuasach ginearálta nuafhilíochta a foilsíodh le breis is trí scór go leith bliain anuas, má thosnaímid le Nuabhéarsaíocht Sheáin Uí Thuama sa bhliain 1950. Déanaim amach go bhfuil ar a laghad dosaen éigin díobh ann, gan trácht ar mhóreagráin chomórtha irisleabhair, nó foilseacháin léiriúcháin na haon uaire. Is é is suaithinsí ina dtaobh ná go bhfuil prionsabail dhifriúla á stiúradh go léir, prionsabail roghnaithe na ndánta i bhfad ar deighilt óna chéile, agus prionsabail a leagtha amach chomh scartha is a cheadódh an dlí. Thugas ábhar taighde do mhac léinn suim bhlianta ó shin scagadh a dhéanamh ar na cnuasaigh seo féachaint an raibh aon chanóin filíochta Nua-Ghaeilge ann. Fág dornán beag dánta as an áireamh ba é toradh meáite a shaothair ná nach raibh aon aontacht ann, ní áirím aon chomhthuiscint, ná go deimhin aon bhunphrionsabail maidir le feabhas na filíochta a mheá ná a thomhas. Toradh é seo a chuir gliondar croí orm féin, óir is maith liom an ainriail agus an éiginnteacht, ach b’fhéidir nár thátal róchompordach é do dhaoine a shíleann gur chóir go mbeadh canóin éigin ann, nó slata tomhais nach bhfuil déanta as leaistic agus ar féidir breith orthu. Gnó contúirteach, agus b’fhéidir baolach is ea a bheith i d'eagarthóir ar chnuasach filíochta; iarradh orm féin ceann a thiomsú blianta ó shin, ach dhiúltaigh mé don tairiscint go fíochmhar, rud a fhágann go bhfuilim fós beo agus cúpla cara fanta agam im chuibhreann.

7 Lasmuigh de na cnuasaigh ghinearálta seo, áfach, agus de shaothair éagsúla na bhfilí aonair, tá na hirisí is na foilseacháin ócáidiúla. Is iad a choinníonn an dioscúrsa beo, is iad a chuireann an t‑ábhar nua faoinár mbráid. In Albain bhí Gairm idir 1952 agus 2004, agus ina dhiaidh sin bhí Gath ar feadh tamaill, ach bhí riamh ag sracadh leis an saol. In Éirinn, bhí na hirisí míosúla Comhar agus Feasta agus An tUltach, fág go mbíonn bagairt mhór orthu siúd an t‑am ar fad — ach thar aon rud eile bhí Innti, an iris bhliantúil a bhí tugtha suas ar fad agus tiomnaithe go te don fhilíocht. Ba lóchrann filíochta é, agus b’fhíor a rá nach raibh tú ann mura raibh tú inti. Ar mhí-ámharaí an tsaoil tá beatha mharthanach ag irisí mar atá ag daoine, agus d’imigh Gairm as sa bhliain 2004 tar éis na mblianta fada d’obair ghaisciúil ó Ruaraidh MacThòmais; agus chuaigh Innti i léig i 1996 tar éis saothar allasmhar scata eagarthóirí éagsúla, ach Davitt ina chroílár i gcónaí. Bhí poll mór ag liú agus ag éamh. Bhí an bhearna idir an scríbhinn phríobháideach agus an leabhar ag leathnú.

An Guth

8 Isteach sa bhearna sin sheas Rody Gorman. Ní hamháin gur sheas sé isteach sa bhearna muran miste na meafair seo a chur trí chéile (mar is ceart le meafair), thug sé léim an dá bhruach. Mar le file Éireannach de, a scríobhann sa Ghaeilge agus sa Ghàidhlig araon, ba é a bhí lánoiriúnach agus iomlán cáilithe dul go saothrach chun oibre. Is minic a deirim liom féin, ní foláir nó tá rud éigin bunoscionn leis an gceart go gcaithfeadh file tabhairt faoin sracadh agus an sclábhaíocht agus an fuirseadh a leanann eagarthóireacht irise — mar atá, riachtanas na bhfilí eile a chrá, ceartú mall profaí, déileáil le foilsitheoirí, airgead a chnuasach, clódóirí a chnagadh, bagairt ar leisceoirí, gramadach dhothíosach a thabhairt chun réitigh — é seo go léir nuair ba chóra dó a bheith ag breacadh filíochta é féin. De bhreis air sin, ghlac an t‑eagarthóir mar chúram chuige féin na dánta a aistriú ó Ghàidhlig go Gaeilge, nó a mhalairt ar ais, maille le nótaí teanga agus foclóra a chur leo, nó neachtar acu iad a chiallú ina gcomhthéacs ar shlí amháin nó eile. Ina choinne sin thall, siúd is go bhfuil criticeoirí den scoth againn, mar a bhíonn, tá bua faoi leith ag an bhfile féin chun an barr a mheas, is an dríodar a dhíbirt; mar is é an finné ón taobh istigh é, an glór ó íochtar an chraicinn féin.

9 Is chun an bhearna a líonadh i bhfoilsiú agus i bpoibliú na filíochta a chrom Rody Gorman ar An Guth a bhunú. Sa réamhrá a cuireadh leis an gcéad eagrán sin, deir sé an méid seo: ‘Tha e mar amas aig An Guth a’ bheàrn sin a lìonadh le bhith a’ cur bàrdachd Ghàidhlig is Ghaeilge an latha 'n-diugh ann an clò ann an aon chruinneachadh…’ (2003: vii) Is samhlaoid an chéad eagrán sin ar a fheabhas is a d’éirigh leis. Leabhar timpeall is 230 leathanach atá ann ina bhfuil dánta le breis is trí scór file, beagán faoi bhun a leath as Albain, agus an fuílleach as Éirinn. Do na daoine a bhfuil an dúil mhallaithe acu i gcúrsaí staitistice, tá na céatadáin sin ag freagairt a bheag nó a mhór dar tharla ina dhiaidh sin. Ní mór a rá go raibh sa chéad eagrán seo, leis, dánta le filí aitheantúla, príomhfhilí na Gàidhlig agus na Gaeilge ag an am: Dòmhnall MacAmhlaigh, Ruaraidh MacThòmais agus Seán Ó Tuama fara go leor eile a bhí seanbhunaithe le fada, agus a thuilleadh fós a bhainfeadh cáil amach dóibh féin go hard sna blianta beaga ina dhiaidh sin.

10 Seacht n‑eagrán ar fad a foilsíodh, cé go raibh obair á déanamh ar an ochtú ceann nuair a scoradh den tionscnamh nuair a dhiúltaigh Comhairle nan Leabhraichean tacaíocht a thabhairt don chéad cheann eile toisc a laghad filíochta Gàidhlig a bhí le bheith ann. Is fiú, áfach, féachaint ar chuid de na sonraí ba shuimiúla agus na fíorais ar fiú iad a lua ina thaobh, fág go bhfuil cuid acu seo randamach agus fánach go maith:

  • Foilsíodh an chéad eagrán sa bhliain 2003. Coiscéim a d’fhoilsigh. Rody Gorman an t‑eagarthóir, mar ba é a thionscain agus a roghnaigh agus a chuir in eagar.
  • Ba é Eagrán 5 an ceann ba mhó is ba thoirtiúla, óir bhí 296 leathanach ann.
  • Eagrán réasúnta idir eatarthu a bhí sa dara heagrán ina raibh 221 dán.
  • Tuairim is 150 file is bàrd a bhí sna heagráin ar fad arna gcur le chéile.
  • Díobh sin Albanaigh ba ea c. 37% díobh, Éireannaigh c. 53%, agus aistriúcháin ar fhilí idirnáisiúnta nó dúchais ba ea an fuílleach.
  • Tá dánta as 6 cinn de theangacha le fáil sna heagráin go léir, mar atá, Gaeilge, Gàidhlig, Manainnis, Albainis, Béarla agus Sean-Ghaeilge.
  • Is é ‘Sníomhaí Snámhaí’ le Nicholas Williams an dán is faide sna cnuasaigh, dán mar gheall ar fheithidí, mar a thuigfeá.
  • Tá dánta ann le beirt fhilí a bhuaigh Duais Nobel na Litríochta, mar atá Seamus Heaney agus Pablo Neruda.
  • Tá dán le huachtarán tíre ann chomh maith, mar atá Michael D. Higgins.
  • Tá filíocht ann ó bhoic mhóra an Bhéarla a raibh cáil orthu cheana — Heaney gan amhras, Michael Longley, Douglas Dunn, Rita Ann Higgins, Ciaran O’Driscoll, Michael Coady — agus bundánta Gaeilge ba ea cuid acu sin.
  • Tugadh spreagadh agus aitheantas agus ugach d’fhilí óga atá tar éis teacht in inmhe ó shin: Pàdraig MacAoidh, Doireann Ní Ghríofa, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Fearghas MacFhionnlaigh, Colette Ní Ghallchóir, Dairena Ní Chinnéide, Stiofán Ó Cadhla agus tuilleadh.

11 Achoimre, de chineál, an méid sin ar a bhfuil bainte amach. Tá seacht gcnuasach móra againn d’fhilíocht éagsúlach sa dá theanga chomhghaolacha againn a léiríonn scoth (cé nach é an scoth i gcónaí é) den éigse chomhbhách eadrainn a bhfuil sruth na linne inár gcuibhreann chomh maith le haon dream eile. Mura mbeadh ann ach seo féin, thug An Guth, mar atá an teideal á mhaíomh, ‘guth’ do na filí agus do na bàird sin a bheadh balbh á cheal.

12 Bua de bhuanna an eagarthóra íogair ná gan a bheith ró-éisealach. De cheal na ngnáthirisí coitianta, tá de dhualgas ar an eagarthóir irisleabhair droichead a thógáil idir an scaoileadh aon uaire, an déanamh ealaíonta singil uaigneach, agus a rachadh isteach sa chnuasach saghas foirfe. Ní foláir, gan amhras, an bruscar agus an cacamas agus an scodal agus an dramhaíl a dheighilt ón aoibhneas áin. Ní foláir nó gur chuir an scagadh seo dua thar meon ar an eagarthóir agus ar an bhfoilsitheoir araon, agus tá daoine nach bhfuil buíoch díobh. Ach níl ach púdar peidhleacáin, nó broim spideoige, nó caoile cleite idir an scoth agus an scodal i gcúrsaí filíochta de go minic, agus is gaoismhear an té a dhéanfadh an deighilt nuair a thagann go lic an dorais chuige. Níl aon amhras ormsa, áfach, ná gur mó sin file agus bàrd a d’éireodh as mura mbeadh go bhfuair siad ardán in An Guth. Is de shuimiúlacht go bhfuil formhór na bhfilí a raibh dánta acu sa chéad eagrán ag foilsiú fós go rialta, agus den bheirt is trí scór sin bhí ábhar ag an mórchuid díobh i ngach uile eagrán. Tugaim dom aire gur malairt mhór é seo ar ar tharla do mhórán de na daoine a raibh dánta acu i Sruth na Maoile, óir is mó sin duine díobh nár chuir cleite le pár ná cnaipe le ríomhaire riamh ó shin.

13 Tá, dá réir sin, líne dhíreach inaitheanta, líne mhisnithe is aitheantais idir an chéad eagrán sin agus an seachtú ceann a foilsíodh deich mbliana ina dhiaidh. Sé fhile dhéag atá in An Guth 1 (2003) atá fós le fáil in An Guth 7 (2012). Ina measc siúd, tá Meg Bateman, Crìstean Whyte, agus Aonghas MacNeacail as Albain; agus sa chomplacht Éireannach, tá againn Deirdre Brennan, Declan Collinge, Derry O’Sullivan, Aogán Ó Muircheartaigh, Colette Nic Aodha agus eile. I gcás fhormhór na ndaoine seo, d’éirigh leo ar a laghad cnuasach amháin filíochta, murar éirigh leo dhá cheann nó trí cinn a chur amach, idir an dá linn nó ó shin. Ní hé atá agam á áiteamh gurb é An Guth amháin a dhein a gcuid leasracha a dhlúthú is a chomáin chun cnuasaigh iad, ach is beag é m’amhras ná go raibh lámh láidir aige sa ghnó. De dheasca cúlú, lagú agus go deimhin imeacht Gairm agus Innti den stáitse, ba é An Guth an t‑ardán filíochta ba thábhachtaí sna Gaeilgí in Éirinn agus in Albain ón mbliain 2003 i leith. Is ar a chuid leathanach is fearr is féidir meastóireacht a dhéanamh ar staid na filíochta sna Gaeilgí againn ó thús na mílaoise seo.

14 Is é is mó tábhacht ar bith ná go bhfuil filíocht á scríobh go fairsing. Déanaim amach gur foilsíodh 1,567 dán le tuairim is 150 file ar leathanaigh an irisleabhair seo amháin. Mar dhuine gur mór aige an tseansúlacht agus an mhíriail agus an easpa treorach, caithfidh gur dul chun cinn iontach é seo. Níl aon fhealsúnacht chriticiúil á móradh ag An Guth, níl bólacht filíochta le cur thar abhainn, níl uisce meadarachta ná sean-nua-aimsearthachta á tharraingt chun a mhuilinn féin aige. Ní mó aige an dán grá seachas liric an dúlra, an briseadh croí mar mhalairt ar an iomann aoibhnis. Tá fairsing, leathan, ramhar, go fiú is caitliceach i mbrí amháin den fhocal sin a mhúsclaíonn míthuiscint le fonn. Is é mála an éithigh é, tiachóg gan tomhas, gabháil seilge mar a oireann.

15 Murab ionann agus Innti, mar shampla, ní dhéanann agallaimh le filí móra ná miona, agus murab ionann agus Gairm ní bhacann le léirmheasanna d’aon sórt. Ná níl pictiúir ná líníocht ann ionas gur féidir linn gliúcaíocht a dhéanamh orthu mar scríbhneoirí. Is í an fhilíocht lom atá ann, an fhilíocht gan chulaith éadaigh, gan búclaí, gan síoda, gan sról. Níor fhógair manifesto riamh, níor shéid buabhall, ní léir go bhfuil bainistíocht dhaingean eagarthóireachta leis an deimheas réidh ullamh, ná giolla bóthair le sinn a stiúradh fan na slí. Fágtar faoin léitheoir fásta féin a aigne a shocrú. Is é gnó na heagarthóireachta an fhilíocht féin a dhéanamh sothuigthe don léitheoir Gàidhlig agus don léitheoir Gaeilge araon. Déantar seo trí dhánta iomlána a aistriú, nó neachtar acu, trí nótaí agus foclóir a sholáthar nuair is cuí.

16 Mar sholaoid aonair amháin ar an gcleachtadh seo, tá dán in eagrán 6 le hAonghus Pádraig Caimbeul a bhfuil ‘Ainglean’ mar theideal air:

An latha
a’ sguir sinn a chreidsinn
anns na h-ainglean, thrèig sinn
nèamh. Chaidh na sgiathan a ghearradh
agus cha tèid agam a-nis
air bruthach a dhìreadh
ach le spàirn: mar a thuirt an tè eile,
tha mo ghuailnean trom
ri làrach na cuimhne.

17 Agus go díreach faoina bhun ar an leathanach céanna an leagan Gaeilge uaidh:

An lá sin a d’éirigh muid as géilleadh
Do na haingil, thréig muid na flaithis.
Gearradh na sciatháin agus anois
Níl mé féin in ann
An t‑ard a chur dhíom
Gan dúthracht mhór a chaitheamh:
Mar adúirt an ceann eile,
Tá mo ghualainn trom
Le sliocht na cuimhne. (An Guth 6: 33)

18 Nó mar a mhalairt de chleachtadh i ndiaidh, abraimis, ‘An Turas’ le Gréagóir Ó Dúill in eagrán 7 soláthraíonn sé mionfhoclóir mar fhonóta: ‘spéis – ùidh; manadh – facal-suaicheantais; éasca – sìmplidh; leis – cuideachd; clós – gàrradh; fós – fhathast; a théann – a thèid; druid – gabh, dùin; domhothaithe – nach gabh faireachdainn; sóláistí – rudan milis.’ (An Guth 7: 96)

19 Is dóigh liom go bhfuil cúis mhór mhaith leis an nós seo, ach cúis nach mbeidh deimhne againn air go ceann fiche bliain eile, nó coraíocht éigin níos mó. Is é cúis atá leis seo, dar liom, nach bhfuil tuairim faoin spéir ná nod ón talamh aníos againn cad tá ar siúl i gcúrsaí filíochta in Éirinn ná in Albain, ná b’fhéidir i mball ar bith eile d’iarthar domhain a bhfuil an fhilíocht imeallaithe ann. Leamhrá is ea a fhógairt go bhfuil an ‘state of chassis’ inár dtimpeall. Is maith go bhfuil, mar níor mhaith go mbeadh an saol ina ‘state of stasis’ ar shlí ar bith go hintleachtúil ná go héigsiúil. Is binn é an sruthlam, agus an seordán, agus an trí chéile gan treoir. Gura fada uainn an dlúthphobal orgánach, gura fada uainn an leamhas laethúil. Is tábhachtach gur deacra léamh ar an aimsir láithreach ná ar an aimsir chaite.

20 Ach bhí a fhios againn go raibh rud éigin ag borradh, go raibh claochlú san aer nuair a d’fhoilsigh Máirtín Ó Direáin a chuid filíochta saorvéarsaíochta i dtosach. Bhris sé an líne thraidisiúnta agus chuir caint na ndaoine i gceartlár a chuid éigse. Agus bhí a fhios againn go raibh réabhlóid sa bhreis ann nuair a bunaíodh Innti i gCorcaigh i dtús na 1970idí, cé go raibh filí eile ag cleachtadh na ceirde ar an gcuma chéanna rompu, ní foláir a admháil. Agus bhí a fhios acu é in Albain, nuair a d’fhoilsigh Iain Mac a’ Ghobhainn Bìobuill is Sanasan Reice (1965), an chéad leabhar Gàidhlig a cheannaigh mé riamh agus mé ar seachrán ar an ordóig mar mhac léinn ar saoire i dtuaisceart na hAlban; agus nuair a luann sé le seanbhlas an difear idir an ministir ag tabhairt uaidh agus an tseanbhean bhocht atá ag éisteacht leis nár chuala faic riamh faoi Mharx, ná Freud ná Darwin, tuigimid go grod is go soiléir go bhfuil tonntracha ag bualadh an tsaoil sin nach raibh aon éalú uathu.

Tha thu san eaglais ag èisdeachd
Air being mhi-chomhfhurtail ri briathran
Fear nach eil ach leth do bhliadhnan.

’S tha mise ’nam shuidhe so a’ sgrìobhadh
Na facail chearbach-’s; gun fhios ’n e ’n fhìrinn
No bhreug bhòidheach tha ’nam inntinn.

21 Saol eile ar fad atá lasmuigh den bhaile, lasmuigh den eaglais, lasmuigh d'fhocail an tseanmóirí é féin:

Cha chuala tusa mu dheidhinn Dharwin
No Fhreud no Mharx no ’n Iùdhach eile,
Einstein leis an intinn ealant’:
No ciall a’ bhruadair a bhruadraich thu
’s thu ’n raoir’ ’nad rùm ’nad theann-chadal’ (Mac a’ Ghobhainn 1965: 11).

22 Ar an gcuma chéanna go díreach, tá na seantuiscintí ar déanadh ceartchreideamh díobh sna 1970idí, 1980idí agus 1990idí á scuabadh chun siúil agus beidh siad chomh seanchaite le diagacht na meánaoise agus le teoiricí phlogiston laistigh de leathghlúin eile. Is beag duine anois a luafadh Marx le haon údarás, cé gur dóigh liom go raibh léirstintí iontacha staire aige. Ach cé a ghéillfeadh scrimh an orlaigh féin do rud ar bith a mhaígh Freud anois mar eolaíocht, in ainneoin fórsa a chuid próis agus fileatacht a áitimh; b’fhéidir gurbh é an soidéalach ba mhó riamh é a chuir dallamullóg ar intinn iarthar domhain agus ar dhaoine saonta a cheap go raibh gaois ag an bhfear seo nach bhfaca go raibh na Naitsígh ar lic an dorais aige féin go dtí go raibh sé nach mór ródhéanach. Níl tuairim againn cad é an ceartchreideamh nua, nó an ortadocsacht nach bhfuil cead againn cur ina choinne níos mó.

23 Nuair a bhíodh Seán Ó Ríordáin ‘á theagasc’ agam, go háirithe le scór bliain anuas, ar éigean a thuig na mic léinn cad ba pheaca ann, ionas gurbh éigean dom é sin a mhúineadh dóibh; agus sa chás is gur thuig féin, ar éigean a d’fhéadaidís greim aigne a bhreith ar an sceimhle agus ar an ndoircheacht agus ar an uafás a lean é in Éirinn a linne. Is dá réir sin gur chinneadh den scoth ba ea é an fhilíocht féin a leagadh faoinár mbráid go lom agus ligean don léitheoir nó don chriticeoir tuisceanach a dhéanamh amach cad tá ar siúl níos fairsinge máguaird. Ní hé cúram an chnuasaigh filíochta a mheas cad iad na béisteanna atá ag snámhaíl chun Beithile go saolófaí iad, ach go díreach filíocht a thabhairt dúinn ionas go mbainfimis sásamh fileata aisti. Ar eagla gur dearmadadh é, ceann d’aidhmeanna na filíochta ná pléisiúr teangan agus friotail agus foirme agus ealaíne, is é sin taitneamh aeistéitiúil a thabhairt. Mura dtugann sin, níl ann ach píosa iriseoireachta, nó aiste laethúil, nó léacht, nó bleaist féin. Is é An Guth dathanna na péacóige, an teach solais ar an ngob tíre, an eilifint a fheictear sa seomra.

24 Tá an fhilíocht ann chomh héagsúil is atá na daoine a chleachtaigh é. Tá na dánta grá againn, idir ghrá comhlíonta agus ghrá éagmaise. Caointe agus marbhnaí agus óid. Ráitis chumha agus taibhsí a d’imigh san oíche. Iarmharacht agus an lá a ghealann le geallúint. An dúlra agus an nádúr chomh hálainn, chomh húr, is chomh seanchaite is a bhí riamh. An creideamh agus an frithchreideamh in éineacht. Aoir ann is as, logdhánta agus dánta molta daoine. Ba dheacra a rá cad nach bhfuil ann. Sa réamhrá a chuir sé le Nua-Bhàrdachd Ghàidhlig dúirt Dòmhnall MacAmhlaigh go bhféadfadh an file nua-aimseartha ‘gabhail a steach rud sam bith do’n toir am bàrd aire: gu dearbha chan eile liost de chinn-chuspair aontaichte anns a’ bhàrdachd sa idir.’ (MacAmhlaigh 1976: 24) Is fíor go ndúirt G.K.Chesterton tráth ‘poets have been mysteriously silent on the subject of cheese’, agus ní heol dom go bhfaca mé dán ar bith i measc an 1,586 leathanach ar an stuif bhréan lofa chéanna sin ná ar na poill a bhíonn ann d’fhonn na péisteanna a scaoileadh amach.

25 Dúirt Dòmhnall MacAmhlaigh, leis, go raibh na filí ‘ar fhàs da-chultarach’. B’fhíre a rá go raibh siad 'iomachulturach', agus bíodh a theist sin ar a bhfuil de dhánta idirnáisiúnta aistrithe go grámhar is go máistriúil, a bhformhór ag eagarthóir An Guth é féin. Sa dara heagrán, mar shampla, tá aistriúcháin le fáil ar dhánta le filí móra Béarla na hÉireann, Ciarán Carson, Michael Coady, Paul Muldoon, Ciaran O’Driscoll, Paul Muldoon agus David Wheatley agus luaitear sa réamhrá an anáil mhór a bhí ag filí idirnáisiúnta ar éigse na nGaeilgí araon: ‘Agus is iomaí guth a d’fhág tionchar ar na dánta istigh anseo. Féach a bhfuil de thagairtí nó de leaganacha — Basho, Emily Dickinson, Celan, Lorca, Montale, Rumi, Issa, Dostoevsky is Shakespeare féin.’ (An Guth 2; x) Agus siar amach trí na heagráin éagsúla faighimid leaganacha de dhánta le Andreas Vogel, Robert Creeley, Pascale Petit agus le filí níos cáiliúla mar Joseph Brodsky, George Seferis, Miroslov Holub; agus níos sia amach leis na filí Angla-Éireannacha agus Angla-Albanacha Vona Groarke, Derek Mahon, Julie O’Callaghan, Nuala Reilly, Kenneth White, Julian Ronay agus tuilleadh fós.

Conclúid

26 An féidir aon tátal a bhaint as an rabairne seo, as an bpléascadh cruthaitheachta thar meon seo? Is léir go bhfuil an liric slán. Is follas go bhfuil an saol príobháideach á nochtadh féin chomh faoistiniúil gan bhosca dorcha is a bhí riamh. Braithim féin leithcheal mór á dhéanamh in dhá ghné den fhilíocht ar de dhúchas na ceirde riamh iad, ní dar liomsa amháin, ach dar le duine ar bith. Is é an chéad ní díobh sin ná ganntanas na filíochta poiblí. Easpa filíochta a bhaineann leis an saol lasmuigh den ghortú beag príobháideach, nó den aoibhneas le breacadh an lae, den duine ar mian leis a chloigeann a chur san oigheann, de bhuidéil bhainne ar an tairseach ar maidin, den bhean a thréig tú, den smál sin a smearadh ar an mblús, den chupán tae nach raibh go leor siúcra ann, den chuileog a dhein cigilt ar fhabhra leat. Ní reitric, ná ráitis mhóra pholaitiúla atá i gceist agam, ach go díreach go rachfaí i ngleic, go fiú ar na himill, le gnó arbh é gnó na filíochta riamh é. Síntear amach an lámh, buailtear isteach na tairní, deirtear rud éigin faoina bhfuil máguaird! Dhein an Piarsach go nótálta é, agus Máirtín Ó Direáin, agus in Albain dhírigh cuid de dhánta móra Shomhairle MhicGill-Eain agus Dheòrsa Mhic Iain Dheòrsa ar chinniúint na hEorpa, agus ar chinniúint a ndúiche féinig. Bhí cogadh de shaghas éigin againn in Éirinn le breis agus daichead éigin bliain anuas, ach níor dhóigh leat sin ar fhilíocht na Gaeilge; agus tá díospóireachtaí móra bunreachtúla ar bun in Albain, ach ní shílfeá sin ar chúraimí cúnga na bàrdachd. B’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil an litríocht chomh socair suaimhneach sin gur leor di féachaint isteach ina himleacán féin agus a bhfuil de chlúmh ann a mhuirniú go sásta; ach is maith i gcónaí ráiteas Bertolt Brecht nuair a mheabhraigh do chách: ‘B’fhéidir nach bhfuil suim dá laghad agatsa sa chogadh, ach tá suim an diabhail ag an gcogadh ionatsa!’

27 An tarna ní gur de shuaithinseacht é ná easpa na ndánta fada is na ndánta scéalaíochta. Laige é seo a bhaineann le filíocht iarthar domhain ar fad nach mór, áit a bhfuil an eachtra géillte ar fad don úrscéal, agus an argóint fágtha faoin drámaíocht. Shíl Seán Ó Ríordáin tráth nárbh fhilíocht sa cheart í an fhilíocht scéalaíochta: ach más amhlaidh atá fágtar mórchuid d’fhilíocht an domhain lasmuigh den doras agus ag caoineadh sa doircheacht — abraimis An Odaisé, An Iliad, Paradise Lost, nó na laoithe Fiannaíochta féin. Ní bheinn ag súil go bhféadfaí dánta fada d’aon shíneadh a fhoilsiú in An Guth, ach dá mbeadh á mbreacadh ba leor go bhfaighimis blaiseadh éigin díobh. Tá roinnt dánta suaithinseacha scríofa sa dá theanga againn ó Chrìstean Whyte, Philip Cummings, Biddy Jenkinson agus beagán eile, ach is iad an chaolchuid iad; rud a fhágann gur mór an baol go bhfágfaí an fhilíocht mar earnáil chúng phearsanta rúnda i leataobh na slí ar sheilfeanna ‘Esoterica’ (mar a chonaic mé i siopa leabhar tá tamall gairid ó shin í). Tá an fhilíocht seacht míle uair agus tuilleadh níos tábhachtaí chun go bhfágfaí i leataobh na slí í le gur féidir dearmad a dhéanamh uirthi ag daoine a cheapann go bhfuil sí ‘go deas’, ‘go béasach’, gur ‘bláth san fhuinneoig’ í , ach nach mbaineann leis an saol mór-le-rá….

28 ‘Just one more thing,’ mar a deireadh an bleachtaire Columbo fadó. Siúd is go bhfuil scata leabhar den scoth foilsithe ar fhilí aonair, agus táim ag cuimhneamh ar an obair cheannródaíoch a dhein Máire Ní Annracháin ar Shomhairle MacGill-Eain, na leabhair le Pádraig de Paor agus ag Bríona Nic Dhiarmada ar Nuala Ní Dhomhnaill, ar Ghabriel Rosenstock agus ar Chathal Ó Searcaigh, mar atá tuillte, níl oiread agus leabhar mór aon údair, aon léargais amháin againn a dheineann scagadh agus staidéar agus sintéisiú ar an nuafhilíocht sa tslánchruinne ar chuma Frank O’Brien fadó. Agus bíodh is go bhfuarthas cáimeas go leor ar an leabhar sin, ar a laghad dhein sé an bheart. Is mithid go ndéanfaí arís é. Ní fhágann sin nach bhfuil saothair chritice den scoth déanta i bhfoirm aistí scoláiriúla. Is fiú an cnuasach cuimsitheach aistí a chuir Ríóna Ní Fhrighil le chéile a lua go speisialta anseo Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge (2010) ina bhfuil plé thar a bheith solasmhar ar phríomhfhilí na teanga, agus an réamhrá léannta a chuir Louis de Paor le Leabhar na hAthghabhála/ Poems of Repossession (2016) chomh maith. B’fhiú d’intinn amháin tabhairt faoi iomláine a bhfuil bainte amach a léirmhíniú agus tá na scoláirí againn a dhéanfadh a leithéid thar amhras anonn.

29 Agus is ar an gcuma sin atáimid gann ar dhíospóireacht timpeall ar an bhfilíocht féin; go deimhin, gann ar chonspóid. Cá bhfuil an Máire Mhac an tSaoi anois ann a scaipfidh na cleití mar a dhein lena conspóid mar gheall ar Sheán Ó Ríordáin breis agus leathchéad bliain ó shin? Nó cé a leanfaidh an argóint mar gheall ar dhioscúrsa na Gaeilge a mhúscail Gearóid Ó Crualaoich in Innti in 1980idí na haoise seo caite? Ní dóigh liom go gcuirtear na mórcheisteanna seo a thuilleadh, agus is rómhór m’eagla go bhfuil cách ag cúbadh siar uathu le faitíos roimh an aighneas. Níor mhiste dúinn beagán troda. Agus sa chás is go mbeadh, ní fearr áit lena dtosnófaí ná leis an gcorpas mór filíochta atá curtha os ár gcomhair ar leathanaigh An Guth, agus ar fianaise léir iad ar fheabhas, ar laige, ar éagsúlacht, ar leamhas, ar chúinge agus ar leathantas míorúilteach na filíochta againn san aois seo breis mhaith agus míle bliain ó bhás Bhriain Bhóroimhe agus ag druidim suas le héag Mhac an Bheatha chomh maith céanna.

Saothair a ceadaíodh

Príomhfhoinse

Gorman, R. (eag.) (2003–2012) An Guth 1–7. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Foinsí Eile

Black, R. (eag.) (1999) An Tuil: Anthology of 20th-Century Scottish Gaelic Verse. Edinburgh: Polygon.

Davitt, M. agus Mac Dhòmhnaill, I. (eag.) (1993) Sruth na Maoile: Modern Gaelic Poetry from Scotland and Ireland. Edinburgh: Canongate Books.

de Paor, L. (ed.) (2016) Leabhar na hAthghabhála: Poems of Repossession. Indreabhán/Hexham, UK: Cló Iar-Chonnacht/Bloodaxe Books.

Mac a’ Ghobhainn, I. (1965) Biobuill is Sanasan-reice. Glaschú: Gairm.

MacAmhlaigh, D. (eag.) (1976) Nua-bhàrdachd Ghàidhlig/ Modern Scottish Gaelic Poems. Edinburgh: Southside.

Maclean, M. agus Dorgan, T. (eag.) (2002) An Leabhar Mòr: The Great Book of Gaelic. Dublin: O’Brien Press.

Ní Fhrighil, R. (ed.) (2010) Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Tuama, S. (eag.) (1950) Nuabhéarsaíocht 1939–1949. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Whyte, C. (eag.) (1991) An Aghaidh na Sìorruidheachd/ In the Face of Eternity. Eight Gaelic Poets. Edinburgh: Polygon.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2020.
ISSN: 2009-8626