Eagrán speisialta ar nualitríochtaí Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban

Eagrán speisialta ar nualitríochtaí Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban

Beidh Eagrán 6 de COMHARTaighde ina eagrán speisialta ar nualitríochtaí Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban i mbliain cheiliúrtha Cholmcille.

Tá obair ar siúl go leanúnach ar mhóreagrán úr de COMHARTaighde - eagrán speisialta méadaithe le seoladh i mbliain cheiliúrtha Cholmcille - 1500 bliain ó saolaíodh é. Tá téama lárnach nualitríochtaí Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban ag rith tríd an saothar ar fad agus painéal aoi-eagarthóirí ag plé leis an eagrán: Marie Whelton, Meidhbhín Ní Úrdail, Caoimhín Mac Giolla Léith (ó bhuíon úr eagarthóireachta CT) agus Liam Mac Amhlaigh (ón gcéad bhuíon eagarthóirí CT). Tá an t-eagrán seo á chur le chéile in ómós do shaothar scoláireachta Mháire Ní Annracháin, a shaothraigh sa réimse seo ar feadh a saoil agus atá imithe ar scor óna cúram ollscoile anois.

Foilseofar an t-eagrán speisialta seo sa chéad leath den bhliain 2021, agus tiocfaidh eagrán 7, an chéad ghnátheagrán i gCéim 3 de thogra COMHARTaighde san Fhómhar mar is gnách. 

© Comhar Teoranta, 2023.
ISSN: 2009-8626