Comhpháirtíocht le buanstóráil a dhéanamh ar shonraí COMHARTaighde
Cúis áthais is ea an pháirtnéireacht idir COMHARTaighde agus Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI), faoi scáth Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann, atá tar éis buanstóráil fhadtéarmach na ríomhirise a chur chun cinn
Ó thaobh na hinbhunaitheachta de, mar sin, tá sé tábhachtach taisclann nó soláthróir a roghnú a bhfuil tacaíocht shuntasach aige agus atá nasctha le hinstitiúid a bhfuil teist ar a thaithí agus ar a bhuaine. Chuige sin, sa bhliain 2019 thosaigh COMHARTaighde ar chomhpháirtíocht le Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI), faoi scáth Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann, ar mhaithe le cartlannú agus caomhnú fadtéarmach ábhar na ríomhirise.Moltar an chéim seo a thógáil ar na cúiseanna seo a leanas:
- Cinntíonn sé go mbeidh cóip chúltaca breise de shonraí na ríomhirise ar fáil i gcás aon mhóréartha seirbhíse.
- Cuireann beartas dá leithéid le hinbhuanaitheacht an tionscadail; sa chás go dtiocfadh athrú ar bith ar stádas an fhoilsitheora sa todhchaí cinntítear go mbeidh fáil ar ábhar na hirise i gcónaí.
Tá ábhar na gcúig eagrán a foilsíodh go dtí seo anois ionghafa sa Taisclann agus leanfar leis an socrú i gcomhair na n-eagrán ar fad ina dhiaidh sin. Is cúis áthais é a bheith ag comhoibiú le hinstitiúid Éireannach chun an obair seo a chur i gcrích agus treisíonn torthaí na hoibre stádas COMHARTaighde mar ríomhiris saor-rochtana den chaighdeán eagarthóireachta agus teicniúil is airde.