The Highest Apple/An Ubhal as Àirde: An Anthology of Scottish Gaelic Literature

Wilson McLeod agus Michael Newton (eag.)

Francis Boutle Publishers (2019) | 813 lch | ISBN: 9781916490680 | £30 STG

1 Is é seo an deichiú himleabhar sa tsraith ‘Lesser Used Languages of Europe’ ón teach foilsitheoireachta Sasanach, Francis Boutle. Is é atá sna naoi n‑imleabhar a tháinig roimh an gceann seo ná cnuasaigh de théacsanna sna teangacha seo a leanas agus aistriúcháin Bhéarla leo: An Bhriotáinis, Gaeilge Mhanann, an Ghailísis, an Fhraincis Normannach, Esperanto, an Mháltais, an Ocsatáinis, an Bhreatnais, an Fhreaslainnis. Díol spéise gurb é An Ubhal as Àirde an t‑aon cheann acu seo a bhfuil teideal dátheangach air — teideal Béarla amháin atá ar na himleabhair eile. Is don scoláire Iain MacAonghuis (John MacInnes), a cailleadh sa bhliain 2019, atá sé tiomnaithe.

2 Tugann an réamhrá tuairisc ghonta ar ghnéithe de stair na Gaeilge in Albain. Is ar phobal léitheoireachta leathan, arbh fhéidir nach bhfuil aon chur amach acu ar theanga agus ar chultúr na nGael in Albain, atá an leabhar dírithe. Tá ceithre roinn sa leabhar: ‘Saints, Scribes and Sea-Lords 600–1600’, ‘Risings, Repression and Assimilation 1600–1800’, ‘Clearance, Migration and Resistance 1800–1900’ agus ‘Decline and Revitalisation 1900 to the present’. I dtosach gach roinne, sula gcuirtear samplaí den litríocht os comhair an léitheora, tugtar rogha réamhthéacsanna a thugann léargas ar chúinsí sóisialta, ar staid na teanga agus ar an gcaidreamh idir Gaeil na hAlban agus a gcomharsana sa tréimhse atá faoi chaibidil. I mBéarla agus i dteangacha eile, ní i nGaeilge, atá a bhformhór. Tá réamhrá beag le saothar gach scríbhneora nó cumadóra a thugann breac-chuntas ar shaol an duine sin agus a chuireann comhthéacs ar fáil don téacs nó na téacsanna a leanann. Úsáidim an focal cumadóir thuas mar litríocht bhéil atá i gcuid de na téacsanna.

3 Sé réamhthéacs atá sa chéad roinn den leabhar: sliocht as an Historia Ecclesiastica Gentis Anglorum a scríobh Bede i mainistir Jarrow in Northumbria thart ar an mbliain 731, ina bhfuil an tagairt is luaithe don nGaeilge in Albain; sliocht ar bhunús na nGael as an Lebor Bretnach; dhá ghiota ar na difríochtaí idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht (nó na Garbhchríocha agus na hÍsealchríocha mar a thugtar orthu sa leabhar) ón Chronica Gentis Scotorum, a scríobh an staraí John of Fordun ag deireadh an cheathrú haois déag, agus ón Historia Majoris Britanniae, a scríobh an staraí agus an fealsúnaí John Mair agus a foilsíodh in 1521; argóint i bhfoirm véarsaíochta (‘flyting’) ó thosach an séú haois déag le William Dunbar agus Walter Kennedy a léiríonn teannas idir lucht labhartha na Gaeilge agus na hAlbainise; giota as Foirm na n‑Urrnuidheadh (1567) le Seon Carsuel, an chéad leabhar Gaeilge i gcló, ar na buntáistí a bhaineann leis an gclódóireacht agus ag cáineadh na ndaoine a chuireann suim in ‘eachtradha dímhaoineacha buaidheartha bréagacha saoghalta’ (eachtraí díomhaoine buartha bréagacha saolta) faoi Thuatha Dé Danann, Mic Mhíle agus Fionn mac Cumhaill is na Fianna (27). Is fiú na réamhráite a cuireadh leis na téacsanna seo a léamh go cúramach mar cabhraíonn siad le léitheoirí léamha róshimplí a sheachaint. Mínítear dúinn go bhfuil cur síos diúltach ar áitritheoirí na nGarbhchríoch, mar atá ag John of Fordun, le fáil i mórán téacsanna eile a scríobhadh ina dhiaidh sin, agus go gcaithfear a chur san áireamh go raibh sé ag tarraingt ar smaointeachas smolchaite agus é i mbun pinn: ní féidir linn, dá bhrí sin, glacadh leis go bhfuil a thuairisc bunaithe ar an saol mar a bhí lena linn féin.

4 Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil macallaí de théamaí na réamhthéacsanna thuasluaite le clos i saothair a scríobhadh i bhfad níos déanaí, saothair atá le fáil i ranna 2–4 sa leabhar. Iasachtaí comhfhiosacha ó théacsanna níos luaithe a bhíonn i gceist ar uairibh. Mar shampla, déantar tagairt don gcuntas bréagstairiúil a thugtar sa Lebor Bretnach sa dán ‘Òran na Cloiche’ a chum Dòmhnall Mac an t‑Saoir nuair a tógadh an Lia Fáil (atá in Albain anois) as Mainistir Westminster ar Lá Nollag, 1950. I gcásanna eile, feicimid cumadóirí agus scríbhneoirí ó réanna éagsúla ag plé le téamaí cosúla. Is féidir comparáid a dhéanamh idir ‘The Flyting of Dunbar and Kennedie’ agus ‘Ciad Turas MhicDhòmhnaill a Ghlaschu’, cuir i gcás, cé gur le tréimhsí difriúla a bhaineann siad. Is é atá sa dara ceann acu seo ná amhrán macarónach le Uilleam Marshall a cumadh i lár an fichiú haois agus a thugann tuairisc ghreannmhar ar fhear ón nGaeltacht ag dul i dtaithí ar an saol i nGlaschú.

5 Spreagann an leabhar seo an léitheoir le machnamh a dhéanamh ar an gceangal idir téacsanna, mar sin; seo ceann de na cúiseanna a bhfuil luach ag baint le cnuasaigh dá leithéid. Tagann dearcadh Carsuel i leith na scéalaíochta chun cuimhne nuair a léimid ‘Am Bodach-ròcais’ (An Fear Bréige) le Ruaraidh MacThòmais, duine de mhórfhilí an fichiú haois. Sa dán seo, tá fear i dteach céilí ag insint scéil ar Chonall Gulban ach reonn na focail ar a bheola nuair a thagann ministir isteach. Míníonn na heagarthóirí dúinn gur téama coitianta ag filí i lár an fichiú haois é tionchar an Phrotastúnachais Shoiscéalaigh ar Ghaeil Alban: tuigeadh do na filí go ndearna an ghluaiseacht reiligiúnda seo a tháinig chun cinn sa naoú haois déag an-díobháil don gcultúr dúchais. Ní do ré Carsuel atáthar ag tagairt sa dán, mar sin, ach fós nach bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil ceangal éigin idir dán MhicThòmais agus focail an leasaitheora? Ceist eile a rithfeadh le duine ná: an bhfuil an breithiúnas a thugann MacThòmais ró-dhian? Pléann Meek (1996) na ceisteanna cigilteacha seo go cáiréiseach: is dócha gur ceisteanna ró-chasta iad le freagairt go sásúil laistigh de dhíolaim litríochta. Tá go leor eolais faoi ghnéithe éagsúla de shochaí na nGael scaipthe ar fud an leabhair agus is mór an pléisiúr do léitheoirí na blúiríní seo a chur le chéile ina n‑aigne féin. Míbhuntáiste amháin a bhaineann leis an leagan amach seo, áfach, ná gur furasta mearbhall a chur ar léitheoirí nuair atáthar ag plé le hábhar chomh casta le stair an reiligiúin: ba mhaith an rud é tuairisc a thabhairt uirthi seo i réamhrá an leabhair, dar liom.

6 I ndiaidh na réamhthéacsanna, tugtar rogha de théacsanna a léiríonn stair na litríochta sa tréimhse 600–1600. An chéad cheann acu seo ná ‘Tiugraind Beccáin do Cholum Cille’, a chum Beccán mac Luigdech tamall de bhlianta i ndiaidh bhás an naoimh in 597. Tá téacsanna eile sa roinn seo a baineann le hOileán Í agus le Colm Cille: giota as ‘Cáin Adomnáin’; an dán dar tús ‘Meallach liom bheith i n‑ucht oiléin’ a leagtar ar Cholm Cille ach a cumadh i bhfad i ndiaidh a bháis; scéal as Leabhar Dhéir ina luaitear Colm Cille. Foilsíodh na haistriúcháin ar an dá dhán thuasluaite a bhaineann le Colm Cille cheana in Duanaire na Sracaire (MacLeod agus Bateman 2007), agus go deimhin, tagann cuid mhaith de na haistriúcháin sa chéad roinn as an leabhar sin. Ach, tá níos mó sa leabhar seo ná bailiúchán de scoth na n‑aistriúchán ó fhoinsí eile. Tá leasú déanta ag na heagarthóirí ar chuid de na haistriúcháin a roghnaigh siad, mar a chímid má chuirimid an t‑aistriúchán thíos a rinne Kuno Meyer ar an ngiota comhrá seo as ‘Tochmarc Emire’ i gcomhnard lena bhfuil sa leabhar:

The madman from Emain Macha. He has come to converse with Emer, and the girl has fallen in love. That is why she conversed with him. It shall not avail him. I shall prevent their meeting. (Meyer 1890: 443)

The berserker from Emain Macha: he has come to converse with Emer, and the girl has fallen in love. That is why she conversed with him. It will not help him. I will prevent their tryst. (44)

7 Tá an Béarla níos nua-aimseartha sa dara haistriúchán — is annamh a chloisfeá an briathar ‘avail’ á úsáid mar atá ag Meyer i mBéarla labhartha an lae inniu, mar shampla — agus tá cuid de na focail san aistriúchán leasaithe níos beoga: ‘berserker’ in áit ‘madman’ agus ‘tryst’ in áit ‘meeting’.

8 As eagrán Nessa Ní Shéaghdha a tógadh an sliocht den scéal fiannaíochta ‘Bruidhean Chéise Coruinn’ atá sa leabhar (Ní Shéaghdha agus Ní Mhuirgheasa 1941: 3–15). Níor cuireadh aistriúchán le heagrán Ní Shéaghdha ach tá Newton tar éis ceann a sholáthar anseo, bunaithe ar aistriúchán a rinne Standish Hayes O’Grady i ndeireadh an naoú haois déag. Féachaimis ar ghiota as an dá aistriúchán:

Then Fionn sat down on his hunting mound that day on the top of Keshcorran with his own two dogs, Bran and Sgeólbhin; and no one else remained there with him but bald, cursed Conan son of Morna. And Fionn thought that the voices and calls of the hounds were sweet to his ears, and the joyous clamour of the young men, and energetic cries of the warriors, and the thunder and roar of the chieftains and the lords from the forests and the wildernesses that were all around them. (147)

Then Finn sat upon his hunting mound on the top of high Keshcorran; at which instant there tarried by him none but his two wolf-dogs: Bran and Sceolaing, and Conan Mael mac Morna. Now it was sweet to Finn to look on; to listen to the hounds' music, to the young men's clear joyous cheering, to utterance of athletic warriors and deep voices of mighty men, to various whistling of the Fianna, in all the wild and desert forests of the land. (O’Grady 1892: 343)

9 Feicimid go bhfuil an Béarla sa nua-aistriúchán níos úire agus go seachnaítear an nós a bhí ag O’Grady cloí go docht (go ródhocht, b’fhéidir) le comhréir na Gaeilge e.g. ‘it was sweet to Finn’ bunaithe ar ‘ba bhinn le Fionn’ na Gaeilge. Ní hionann ar fad an dá théacs Gaeilge ar a bhfuil na haistriúcháin seo bunaithe, ar ndóigh: tá eagrán an Ghrádaigh bunaithe ar lámhscríbhinn dhéanach (Ní Shéaghdha agus Ní Mhuirgheasa 1941: [vii]) agus tá eagrán Ní Shéaghdha bunaithe ar an gcóip is luaithe ar fad den scéal, ceann a scríobh Eóghan MacGilleóin in Earra Ghàidheal sa seachtú haois déag. Bhí dua nach beag, mar sin, ag baint le soláthar an aistriúcháin seo ag Newton.

10 Tugann an laoi fiannaíochta dar tús ‘Gleann Síodh an gleann so rém thaoibh’ le Ailéin MacRuaidhrí anseo cur síos ar bhás an laoich Diarmaid Ua Duibhne. Ceaptar gur i dtosach an séú haois déag a cumadh í agus mhair sí sa traidisiún béil go dtí an fichiú haois. Is ionadh liom nach bhfuil níos mó laoithe fiannaíochta sa chnuasach seo mar bhí an-dúil ag na Gaeil iontu. Faighimid blaiseadh beag den rúraíocht sa sliocht as ‘Tochmarc Emire’ a luaigh mé cheana agus i sliocht as ‘Oided mac nUisnig’. I dtéacsanna, mar an ceann seo, atá suite in Éirinn is in Albain, dírítear ar an gcuid sin den scéal a thit amach in Albain: sa sliocht a roghnaíodh, canann Deirdre an laoi dar tús ‘Inmain tír an tir út thoir’, laoi a léiríonn go raibh eolas ag an gcumadóir ar áiteanna in Earra Ghàidheal.

11 Tá dánta againn sa roinn seo ó fhilí gairmiúla. Is iad ‘M’anam do sgar riomsa a-raoir’ agus ‘Éistidh riomsa, a Mhuire Mhór’, caoineadh ar bhás a mhná agus dán molta ar an Maighdin Mhuire, a roghnaíodh mar eiseamláirí de shaothar fileata Mhuireadhaigh Albanaigh Uí Dhálaigh, fear a chaith tamall maith dá shaol in Albain i ndiaidh dó teitheadh as Éirinn. Tugtar an dán ‘Ceannaigh duain t’athar, a Aonghas’ mar léiriú ar ghnéithe de shaol na dtaoiseach Gaelach in Inse Ghall sa tríú céad déag. Iarrann an file ar an taoiseach nuacheaptha, Aonghas Mòr MacDhòmhnaill, a bheith ina phátrún aige, mar a bhí a athair roimhe sin. Ach, cé go bhfuil íocaíocht á lorg an an bhfile, deir sé gur ‘mhúch gráin an mhara’ an fonn a bhí air taisteal go cúirt MhicDhòmhnaill in Albain (77). Tá sraith rann ina dhiaidh seo ina dtugann an file cur síos ar an sceon a thagann air nuair a bhíonn sé ar muir: nuair a smaoiníonn sé ar an aistear mara, gabhann ‘creatán omhain’ (‘creathán uamhain’) é; bíonn sé ‘ar creathaibh’ fiú amháin nuair a bhíonn sé ag seoltóireacht ‘ar abhainn chiúin’; ní fheadar sé ar chóir dó suí síos agus é ar bord loinge agus bíonn eagla air luí síos, agus mar sin de (77–8). Tá greann ag baint leis an áibhéil seo ach, ina theannta sin, léiríonn sé téama a phléigh Wilson MacLeod roimhe seo sa leabhar Divided Gaels (2004): tuiscint a léirítear san fhilíocht chlasaiceach go raibh Éire agus Albain scartha óna chéile in ainneoin na gceangal cultúrtha eatarthu.

12 Faighimid filíocht neamhfhoirmeálta sa roinn seo leis: aoir ar lucht na nÍsealchríoch le Sir Donnchadh Caimbeul, ‘Cacmhor an comann na Goill’ agus an dán greannmhar, ‘Bod bríoghmor atá ag Donncha’, cuir i gcás. Tugtar dhá shampla d’fhilíocht an ghrá, an dán clúiteach ‘Soraidh slán don oidhche a réir’ le Niall Mòr MacMhuirich agus ‘Atá fleasgach ar mó thí’ le hIseabal Ní Mhic Cailéin. Tá cáil ar dhán grá eile leis an mbean seo chomh maith, is é sin ‘Mairg darab galar an grádh’, dán grá 54 sa leabhar Dánta Grádha (1926) in eagar ag T. F. Ó Rathile. Tá tábhacht ag baint le Ní Mhic Cailéin mar is í an t‑aon bhanfhile í a bhfuil dánta grá Gaeilge leagtha uirthi. Is léir go ndearna na heagarthóirí iarracht fhónta ar a gceart a thabhairt do bhanfhilí agus do bhanscríbhneoirí sa leabhar seo trí chéile. Sa chéad roinn, faighimid samplaí eile de dhánta le mná: ‘A phaidrín do dhúisg mo dhéar’ le Aithbhreac iníon Coirceadail agus ‘Cumha Ghriogair MhicGhriogair Ghlinn Sreith’ le Mòr Chaimbeul. Téacs eile spéisiúil sa Roinn seo ná ‘Tánaig long ar Loch Raithneach’ leis an mBard Mac an t‑Saoir. Is é atá ann ná tuairisc ar long aisteach lán de mhná mínáireacha. Míníonn na heagarthóirí go bhfuil lorg an dúchais agus na hiasachta air: ceaptar go mb’fhéidir gur chuaigh ‘Das Narren Schyff’ le Sebastian Brant, a foilsíodh san Eilbhéis in 1494, i bhfeidhm ar an údar.

13 Tosaíonn an dara roinn sa leabhar le breac-chuntas ar mhórathruithe na linne 1600-1800. Bhris an tsochaí thraidisiúnta síos agus bhí brú ar na Gaeil géilleadh do ghnása ón taobh amuigh i ndiaidh Aontú na gCorónacha (1603) agus arís i ndiaidh Aontú na bParlaimintí (1701). Lean filí orthu ag cumadh sna seanmheadarachtaí siollacha sa tréimhse seo ach chuaigh an córas pátrúnachta i léig de réir mar a dhírigh na huaisle a n‑aird ar shaol an Bhéarla agus tháinig cineál nua filíochta chun cinn a bhí bunaithe ar chaint na ndaoine. Ar na réamhthéacsanna sa roinn seo, tá giota as an Basilikon Doron, tráchtas ar an ríogacht a scríobh Séamas VI agus I dá mhac, ina ndeir sé go bhfuil cuid de mhuintir na nGarbhcríoch ‘barbarous, and yet mixed with some shew of ciuilitie’ agus cuid eile acu insamhlaithe le hainmhithe fiáine: ‘thinke no other of them all, than as Wolues and Wilde Boares’ (180). Ina dhiaidh seo, tá giota as Reachtanna Í a bhféachtar orthu mar ionsaí ar chultúr na nGael. Léiríonn cuid de na réamhthéacsanna seo dearcadh diúltach amach is amach i leith na Gaeilge. Ina measc, tá giota as acht de chuid Ríchomhairle na hAlban (1616) a mholann go n‑úsáidfí an córas oideachais chun deireadh a chur le labhairt na teanga. Faightear macallaí de na smaointe seo i mórán cáipéisí eile ar an oideachas a scríobhadh ina dhiaidh sin. Ar an taobh eile den scéal, feicimid moladh ar an nGaeilge i ndán le Maighstir Seathan MacGill’Eathain a foilsíodh i réamhrá an Archaeologica Britannica (1707) le Edward Lhuyd, saothar ar féidir bunchloch an Léinn Cheiltigh a thabhairt air. Níos déanaí sa tréimhse seo, thit an Chonspóid Oisíneach amach agus faighimid sampla de dhán le Ossian/James Macpherson. Chuir daoine ar fud na hEorpa suim i bhfilíocht Ossian ach bhí Samuel Johnson, mórscríbhneoir Béarla de chuid na linne, cinnte de gur brionnadóireacht liteartha a bhí sna dánta agus tugtar giota as a leabhar A Journey to the Western Islands of Scotland (1775) ina léiríonn sé an tuairim sin. Tuigimid anois gurb é Macpherson féin a chum dánta Ossian ach go rabhadar bunaithe ar thraidisiún fiannaíochta na hAlban. Ba bhoichtede léann na Gaeilge in Albain agus in Éirinn gan Macpherson a bheith ann mar spreag a shaothar mórán scoláirí le staidéar a dhéanamh ar na bundánta.

14 Tosaíonn an tsraith de théacsanna Gaeilge sa roinn seo le ‘Tàladh Dhòmhnaill Ghuirm’, amhrán le file anaithnid. Do Dhòmhnall Gorm Mòr MacDòmhnaill a d’éag in 1617 nó dá nia Dòmhnall Gorm Òg a d’éag in 1643 a cumadh é seo agus an fheidhm atá leis an amhrán ná an fear a chosaint agus a chuid misnigh a chothú agus é ar aistear mara. Bailíodh an leagan atá sa leabhar in Uibhist a Deas sna 1940idí. Luann na heagarthóirí i réamhrá na roinne seo den leabhar go raibh an fhilíocht agus an amhránaíocht fite fuaite ina chéile ón seachtú haois déag go dtí lár an fichiú haois agus is minic a luann siad conas teacht ar thaifeadtaí de na hamhráin ar shuímh mar http://www.tobarandualchais.co.uk/.

15 Tá tagairtí do mhuintir MhicMhuirich le fáil thall is abhus sa chéad dá roinn den leabhar seo agus ní haon ionadh é mar chleachtadar ceird na filíochta in Albain ar feadh i bhfad. Tugtar dán le Cathal MacMhuirich sa dara roinn, ‘Mo-chean do-chonnarc a-réir’, dán molta don Dòmhnall Gorm Òg MacDòmhnaill thuasluaite, dán a úsáideann móitíf an fhile mar leannán an taoisigh, móitíf atá traidisiúnta go leor i bhfilíocht na scol. Tugtar dán molta eile ar an bhfear céanna, ‘Òran do Dhòmhnall Gorm Òg MacDòmhnaill’ le hIain lom MacDòmhnaill. I meadarcht strófach atá an t‑amhrán seo, meadaracht a bhí coitianta i bhfilíocht mholta an seachtú haois déag. Is spéisiúil an ní é go dtugtar trí théacs chomh héagsúil sin dúinn a cumadh don duine céanna (nó dá uncail, b’fhéidir, i gcás an chéad cheann acu).

16 Tugann na dánta sa roinn seo léargas ar imeachtaí éagsúla i stair na hAlban. Sa chrosántacht ‘Mór mo mholadh ar mhac Colla’, molann an file anaithnid Alastair mac Colla a thacaigh le Séarlas I i gCogadh na dTrí Ríocht. Baineann ‘Latha Inbhir Lòchaidh’ le hIain lom MacDòmhnaill le cath a fearadh le linn an chogaidh chéanna. Tá amhráin sa roinn seo leis a bhaineann le hÁr Ghleann Comhan, Éirí Amach na Seacaibíteach in 1715 agus Cath Chúl Lodair. Tugann ‘Òran air Latha Chuil Lodair’ le hIain Ruadh Stiùbhart tuairisc ar a thaithí féin ar láthair an chatha agus faighimid léargas eile ar iarmhairt an chatha sin in ‘Mo rùn geal òg’ ina labhrann bean ar cailleadh a fear céile le linn an chatha; ceaptar gurb í Cairistìona NicFhearghais a chum é seo. Tá samplaí eile de shaothar na mbanfhilí le fáil sa roinn seo leis. Tá dhá dhán ann, mar shampla, le Sìleas na Ceapaich: marbhna d’Alastair à Gleanna Garadh a d’éag in 1721 agus amhrán ina gcuireann sí comhairle a leasa ar mhná óga (‘Comhairle air na nighnean òga’). Tá go leor dánta molta sa roinn seo den leabhar agus míníonn na heagarthóirí go bhfuil tréithe coiteanna ag baint leo: bhaist John MacInnes an ‘panegyric code’ orthu seo in aiste thábhachtach dá chuid (1978). Sampla den scoth d’iomramháil an chóid seo atá in ‘Ri Fuaim an taibh’ le Màiri nighean Alasdair Ruaidh, duine de mhórfhilí an seachtú haois déag.

17 Thosaigh na Gaeil ag dul ar imirce go Meiriceá Thuaidh sa tréimhse seo. Ceaptar gur in Carolina Theas nó Thuaidh a cumadh an suantraí ‘Dèan cadalan sàmhach’. Tá tagairt do na hInnseanaich (na hIndiaigh) san amhrán seo ach míníonn na heagarthóirí dúinn go mb’fhéidir gur Eorpaigh a chuaigh ar a dteitheadh atá i gceist seachas na Meiriceánaigh dhúchasacha. Luaitear Abhainn San Labhrás, Abhainn an Mississippi agus ‘Ohio rìomhaich nan lùb lìonmhor’ (Ohio álainn na lúb líonmhar) in ‘Beir soraidh bhuam le deagh rùn buaidh’ leis an Urramach Seumas MacLagain a bhí ina shéiplíneach ar an bhFreiceadan Dubh (Black Watch), reisimint de chuid Arm na Breataine (334). Míníonn na heagarthóirí gur theastaigh ó MhacLagain a léiriú go raibh Gaeil Alban dílis don gCoróin agus gur téama coitianta é moladh na resimintí seo ós na 1750aidí ar aghaidh. Tugtar roinnt samplaí dúinn de na hamhráin luadhaidh, amhráin a chanadh na mná chun an t‑am a mheilt nuair a bhíodh an bréidín á bhualadh acu chun é a bhogadh. Is fiú go mór éisteacht leis na taifeadtaí a luaitear leo seo. Amhrán spéisiúil eile gur dócha gur bean a chum é ná ‘Iain Ghlinne Cuaich’, a théann i ngleic leis an ngrá agus leis an éad. Tógadh an téacs as eagrán nua atá á ullmhú ag Newton. Véarsaíocht ar fad atá sna téacsanna Gaeilge sa roinn seo seachas na giotaí gearra próis sa chrosántacht thuasluaite agus an rogha seanfhocal a thugtar ag deireadh na roinne mar léiriú ar mheon an phobail.

18 Baineann an tríú roinn sa leabhar le tréimhse chorraitheach eile, an naoú céad déag. Thit an daonra go mór de bharr Fuadach na nGael — seo téama a bhuaileann linn go coitianta i litríocht na linne. Téama coitianta eile ná an ‘cianalas’, meascán den gcumha i ndiaidh an bhaile agus den gcumha i ndiaidh an tseansaoil. Rinneadh forbairt ar an gcóras oideachais sa naoú haois déag agus d’fhás líon léitheoirí Ghaeilge na hAlban ach rinneadh imeallú ar an teanga arís nuair a bunaíodh na scoileanna poiblí in 1872. B’é Mac-Talla, a foilsíodh in Albain Nua an tréimhseachán is mó a raibh rath air. Tá fiúntas na Gaeilge ina ábhar plé i gcuid de na réamhthéacsanna sa roinn seo. I ngiota as réamhrá an leabhair Elements of Gaelic Grammar (1801), áitíonn an tUrramach Alexander Stewart gur fiú an Ghaeilge a mhúineadh sna scoileanna ní ar a son féin ach chun a chinntiú gur féidir leis na daltaí an Béarla a fhoghlaim i gceart. Is dócha gur á chosaint féin ar cháineadh a bhí Stewart anseo, mar a léiríonn na focail seo a leanas i dtosach an ghiota: ‘The utility of a grammar of the Scottish Gaelic will be variously appreciated. Some will be disposed to deride the vain endeavour to restore vigour to a decaying superannuated language…’ (420). Áitíodh go minic nárbh fhéidir dul chun cinn a dhéanamh sa saol gan Béarla, mar a fheictear in eagarfhocal as The Scotsman a foilsíodh in 1824: ‘Teach [the Highlander] English if you wish him to adopt the industrious and enterprising habits of the people of England, and to throw off his hereditary indolence and apathy’ (424). Chuaigh an dearcadh diúltach seo i bhfeidhm ar dhaoine a bhí dílis don teanga agus ghéill cuid acu don tuairim go raibh an teanga ag fáil bháis, mar a chímid sa sliocht seo as réamhrá an leabhair Luinneagan Luaineach le hIain MacGriogair: ‘It is the duty of every Highlander to do his best to uphold the language… in order that, if the heroic language of a heroic people be doomed to die, its last days may be its best; and that it may perish like a gallant man-o’-war sinking in the ocean, with her flags flying and fighting to the last’ (430).

19 Tuar dóchais é John Stuart Blackie, Ollamh le Gréigis in Ollscoil Dhún Éideann, fear a raibh an-suim aige sa Ghaeilge: is mar thoradh ar fheachtas a thosaigh sé a bunaíodh Cathaoir na Ceiltise san ollscoil chéanna in 1882. Tugtar giota as a leabhar The Language and Literature of the Scottish Highlands (1876) ina leagann sé béim ar thábhacht na teanga beo chomh maith le traidisiún liteartha na nGael. Thug an sórt seo tacaíochta ardú meanman don bpobal teanga mar a fheictear sa dán ‘Am faigh a’ Ghàidhlig bás?’ le Niall MacLeòid ina moltar éacht Blackie. Léiríonn giota as léirmheas a scríobh ‘Fiona MacLeod’ in 1900 dearcadh rómánsúil i leith na nGael: ‘The old Gaelic race is in its twilight indeed; but now, alas it is the hastening twilight after the feast of Samhain, when winter is come at last, out of the hills, down the glens, on the four winds of the world’ (430). Ainm cleite leis an scríbhneoir William Sharp ab ea ‘Fiona MacLeod’: bhí sé lárnach san Athbheochan Cheilteach a thosaigh i ndeireadh an naoú haois déag, gluaiseacht a bhí inchurtha leis an Athbheochan Liteartha Angla-Éireannach in Éirinn.

20 Véarsaíocht is mó atá sna téacsanna liteartha sa tríú roinn. Tugann cuid acu léargas ar na Gaeil i Meiriceá Thuaidh: sa dán ‘Craobhsgaoileadh a’ Bhìobaill agus an t‑Soisgeil’, cáineann an tUrramach Seumas MacGriogair gnéithe de chultúr na nGael agus molann sé dóibh gnásanna na mBearlóirí a leanúint; agus tugann ‘A’Choille Ghruamach’ le hIain MacGill’Eathain tuairisc ar chruatan an tsaoil in Albain Nua. Tugann an t‑amhrán ‘Trì fichead bliadhna ’s a trì’ le Dòmhnall Mac a’ Ghobhainn léiriú ar an mbrón a bhíodh orthu siúd a d’fhan in Albain: chum sé é i ndiaidh dá dheartháir dul ar imirce go Quebec. Téama coitianta sa roinn seo ná an t‑uaigneas a lean Fuadach na nGael. In ‘Òran do na cìobairean gallda’ le hAilean Dall Dùghallach, níl ach ‘caoraich is uain’ le feiscint agus tá deireadh le bainiseacha is le hamhránaíocht (‘Dh’fhalbh gach pòsadh, thrèig gach banais/sguir an luchd-ealaidh bhith seinn’) (433–4). Míníonn na heagarthóirí go bhfaightear na tróip sa dán seo i mórán dánta ar an bhFuadach a cumadh ina dhiaidh sin. Rud amháin neamhchoitianta ná guí an fhile go dtiocfaidh na Francaigh is go ndícheannfaidh siad na Gaill (‘B’fhearr leinn gun tigeadh na Frangaich/a thoirt nan ceann de na Gallaibh’) (434): an ghnáththuiscint a léirítear i ndánta den sórt seo ná go mbeidh an tír gan chosaint agus na Gaeil ar iarraidh. In ‘Spiorad a’ Charthannais’ le hIain Mac a’Ghobhainn, cáintear éagothroime an domhain ché agus scothaicme na Breataine a bhí sásta páirc spóirt a dhéanamh den talamh beag beann ar íobairtí na saighdiúirí de chuid na nGarbhchríoch a throid ar a son. Tá dhá amhrán anseo le Màiri Nic a’ Phearsain nó Màiri Mhòr nan Òran: ‘Eilean a’ Cheò’ agus ‘Nuair bha mi òg’ a léiríonn an saol ar an Eilean Sgitheanach nuair a bhí sí óg agus na hathruithe a tháinig ar an áit le linn a beatha; cáineann sí an Fuadach go láidir sa chéad cheann acu seo agus i ráiteas láidir ag deireadh an amhráin, deir sí gurb é an náire a d’fhulaing sí a thug beatha dá cuid filíochta: ‘’S e na dh’fhuiling mi di thàmailt/a thug mo bhàrdachd beò’ (523). Amhrán grá suaithinseach le banfhile is ea ‘Luinneag Anna Nic Ealair’ a tharraingíonn ar eilimintí de thraidisiún amhránaíochta na mban agus ar theanga an Bhíobla.

21 Seánra nua a tháinig chun cinn sa naoú haois déag ná an ‘còmhradh’. D’fhoilsítí na comhráite seo i dtréimhseacháin agus dhéantí iad a léamh os ard ag cèilidhean, rud a d’fhág gur slí an-éifeachtach a bhí iontu chun eolas agus smaointe nua a scaipeadh i measc an phobail. Tugtar an téacs ‘Còmhradh eadar am Maighstir-Sgoile agus Calum a’Ghlinne’ leis an Urramach Alasdair MacGriogair mar shampla dúinn: pléann an bheirt cúrsaí talún. Mar léiriú ar dhul chun cinn an phróis, tugtar giota ón Urramach Tormod MacLeòid, a phléigh ceisteanna sóisialta i nGaeilge. Sampla den scéalaíocht thraidisiúnta atá sa ghiota as ‘Eachdraidh Mhànuis’ a bhailigh an béaloideasóir ceannródaíoch John Francis Campbell ó Donald MacPhie in Uibhist a Deas. Críochaíonn an roinn seo leis an bpaidir ‘Ora nam Buadh’. Tagann sé seo ó Carmina Gadelica le hAlastair MacGilleMhìcheil, fear a ghlac páirt san Athbheochan Cheilteach. Is é atá sna sé imleabhar de Carmina Gadelica ná amhráin, scéalta, seanchas, paidreacha agus orthaí a bhailigh an t‑údar féin ach is minic a d’athraigh sé an bunábhar chun cur le gradam na nGael i measc mhórphobal an Bhéarla.

22 Baineann an ceathrú roinn sa leabhar lenár linn féin. Tá líon na gcainteoirí Gaeilge in Albain tite go tubaisteach ó thosach an fichiú haois agus mar bharr ar an donas, níl ag éirí leis an gcóras oideachais léitheoireacht na Gaeilge a chothú: sa lá atá inniu ann féin, níl léamh na Gaeilge ag trian de lucht a labhartha sa tír. Tháinig feabhas ar stádas na teanga ós na 1980aidí amach, áfach, agus le linn an aonú haois is fiche go háirithe. Tháinig fás ar líon na nuachainteoirí leis agus thosaigh cuid acu ar litríocht a chumadh i nGaeilge. Bhí an lámh in uachtar ag an bhfilíocht mar mheán liteartha fós san fhichiú haois ach tháinig seánraí eile chun cinn de réir a chéile: an t‑úrscéal, an gearrscéal agus na drámaí. D’athraigh stíl na filíochta sa tréimhse seo: ‘nua-bhàrdachd’ a thugtar ar an véarsaíocht nua-aimseartha. Lean filí áirithe orthu ag cumadh sa stíl thraidisiúnta: tugtar ‘bàrdachd baile’ air seo ar uairibh ach luann na heagarthóirí gur téarma é seo a bhfuil seanbhlas gan trácht ar chonspóid ag baint leis.

23 Téama amháin atá le tabhairt faoi deara sna réamhthéacsanna sa chuid seo den leabhar ná ionad na Gaeilge laistigh de náisiún na hAlban. I dtosach an fichiú haois, áitíodh gur chóir go mbeadh sí ina teanga náisiúnta agus go múinfí ar fud na tíre í, mar a léirítear i sliocht as alt le H.C. MacNeacail a foilsíodh in The Scottish Review in 1920: ‘We should endeavour to propagate the language, not as the speech of a mere “Highland” province, but as the language of the whole Scottish nation’ (552). Luann na heagarthóirí go bhfuil tuairimí den sórt seo imithe as faisean sa lá atá inniu ann agus go bhfuil dearcadh iolraíoch i leith theangacha éagsúla na hAlban acu siúd a sheasann ar son na Gaeilge na laethanta seo.

24 Bunaíodh an Comunn Gaidhealach in 1891 chun teanga agus cultúr na nGael a chur chun cinn: léiríonn cuid de na sleachta cur chuige an chumainn seo agus an cáineadh a rinne daoine áirithe air. Ag scríobh dó in 1926 nocht C.M. Grieve, nó Hugh MacDiarmid mar is fearr aithne air, an tuairim gur beag tairbhe a bhain le formhór na n‑iarrachtaí ar an athbheochan chultúrtha: ‘The bulk of the Gaelic movement … is a purely sentimental thing, divorced from reality, and headed by the very people who have eviscerated the economic life of the Highlands and Islands, or acquiesced in its evisceration, while maintaining a pseudo-patriotism in their coteries in grotesque contrast with the actual conditions obtaining in the districts they claim to represent’ (552). Míníonn na heagarthóirí dúinn gur d’obair an Chumainn atá sé ag tagairt anseo cé ná hainmníonn sé é. Mhaígh Fionnlagh I. MacDhòmhnaill i 1958 go raibh an Cumann scoite ó phobal na Gaeltachta in Albain. Léirigh sé dearcadh fíor-dhuairc i leith thodhchaí na Gaeilge mar theanga phobail: ‘[Gaelic] survives among [the people] because it is native and habitual, but as it is slowly replaced by English the vast majority of them will not worry or even notice’ (556). Aisling ghéar í seo gan aon agó.

25 Tá an Ghaeilge mar theanga phobail in Albain fós i mbaol sa lá atá inniu ann. Is cinnte go mbeidh dúshláin mhóra le sárú san am amach romhainn má tá sí le teacht slán. Tá ré nua i stair na hAlban ag tosú anois i ndiaidh Brexit; tá go leor cainte le clos na laethanta seo ar an dara reifreann neamhspleáchais. Ach, níor ghá gur chun leasa na teanga an neamhspleáchas polaitiúil. Tugann na heagarthóirí sliocht as óráid a thug Alex Salmond, iarcheannaire Pháirtí Náisiúnta na hAlban, in 2007: cé gur labhair sé ar son na teanga, is beag athrú atá déanta ar an mbeartas teanga in Albain ó tháinig an páirtí céanna i gcumhacht. Feictear don scríbhneoir comhaimseartha Anndra Dunn as Leòdhas go bhfuil athruithe móra i ndán do phobal na Gaeilge sa tír san am amach romhainn: deir sé gur Gael gach éinne a labhrann an teanga is cuma cad as dóibh agus go mbaineann gach cainteoir anois le ‘diaspora Ghàidhealach’ (560). Is maith an rud é fáilte a chur roimh nuachainteoirí as gach cearn den domhan, gan amhras, ach ní fheadar an leor pobal scaipithe mar sin chun teanga a bheathú.

26 Féachaimis anois ar na samplaí den litríocht atá i gceathrú roinn an leabhair. Tugtar giota ó aiste dar teideal ‘Duatharachd na mara’ a scríobh an tUrramach Coinneach MacLeòid sna 1920aidí mar shampla de scríbhneoir a bhí ina mháistir ar an bprós. Maíonn sé san aiste seo nach ionann ‘litreachas na mara agus litreachas na beinne’ (litríocht na mara agus litríocht an tsléibhe) (561): is féidir taitneamh a bhaint as saibhreas na teanga pé acu an nglacann an léitheoir leis an téis seo nó nach nglacann. Ní raibh na mná an-ghníomhach i saothrú na litríochta sa chéad leath den bhfichiú haois: an t‑aon bhanscríbhneoir atá anseo ón tréimhse sin ná Catrìona NicIlleBhàin. Tá lorg an naoú haois déag fós ar an bhfilíocht sa chuid tosaigh den roinn seo ach feictear na hathruithe a bhí ag teacht ar an saol sa léiriú ar uafás an chéad chogadh domhanda in ‘An eala bhàn’ le Dòmhnall Ruadh Chorùna agus in ‘Ar gaisgich a thuit sna blàir’ le Iain Rothach, a maraíodh in 1918 i ndiaidh dó trí bliana a chaitheamh ar an bhFronta Thiar.

27 Tháinig borradh úr faoin bhfilíocht idir na 1940idí is na 1960idí agus tugadh aird ar leith ar an gcúigear mórfhile Somhairle MacGill-Eain, Deòrsa Caimbeul Hay, Ruaraidh MacThòmais, Iain Mac a’ Ghobhainn agus Domhnall MacAmhlaigh. Tugtar blaiseadh de shaothar gach duine acu, ní nach ionadh. Tá úire agus samhlaíocht le feiceáil in ‘Coin is madaidhean-allaidh’ le Somhairle MacGill-Eain mar a n‑úsáideann sé an tseilg chun an streachailt a bhaineann le próiseas na cumadóireachta a léiriú:

Thar na sìorraidheachd, thar a sneachda,
Chì mi mo dhàin neo-dheachdte,
Chì mi lorgan an spòg a’ breacadh
Gile shuaimhneach an t‑sneachda:
Calg air bhoile, teanga fala… (617)

Trasna na síoraíochta, trasna a cuid sneachta,
chím mo chuid dánta fós gan dréachtadh
chím loirg a lapaí ag breacadh
gile shuaimhneasach an tsneachta:
colg mire, teangacha fola… (Bushe 2013: 211)

28 Tá an-éagsúlacht sna seánraí a bhaineann leis an dara leath den fhichiú haois agus le tosach an aonú haois is fiche: feicimid amhrán nuachumtha agus giotaí as drámaí, gearrscéalta, úrscéalta agus nóibhillí chomh maith le filíocht. Tá cuid mhaith de nuafhilíocht Ghaeilge na hAlban aistrithe go Béarla agus go teangacha eile ach is annamh a aistrítear an prós: is iad na heagarthóirí féin a d’aistrigh formhór na ngiotaí próis sa roinn seo. Tá cuid acu seo thar barr agus is mór an fonn a bheadh ar an léitheoir na saothair a léamh ina n‑iomláine: an noibhille ‘An t‑Aonaran’ le Iain Mac a’Ghobhainn nó an gearrscéal ‘An t‑Àite as Bòidhche fo na Neòil’ le Màrtainn Mac an t‑Saoir, cuir i gcás. Ceist chasta í ceist an aistriúcháin ón Ghaeilge go dtí an Béarla, gan amhras: cabhraíonn an t‑aistriúchán le scríbhneoirí agus filí pobal léitheoireachta níos leithne a shroichint ach bíonn an baol ann go dtabharfaí neamhaird ar na bunleaganacha. Rud spéisiúil a luann na heagarthóirí ná go bhfuil téacsanna i nGaeilge na hAlban á n‑aistriú go teangacha eile seachas an Béarla: tá téacsanna próis ar fáil i Seicis, i bhFraincis, i nGearmáinis agus i nGaeilge na hÉireann nár aistríodh riamh go Béarla.

29 Ba é ‘Ceann Cropic’ le Fionnlagh Mac Leòid an chéad dráma i nGaeilge a craoladh ar an teilifís in Albain. Luaitear i réamhrá na ceathrú roinne go bhfuil dlúthcheangal le tamall anuas idir an litríocht agus na meáin: ‘Particularly in recent decades, Gaelic literature should be understood in the wider context of Gaelic arts and media production, which have been programmatically developed since the 1980s’ (548). Ba mhaith an rud é níos mó a rá faoin ról a bhí is atá ag meáin na teilifíse agus an raidió i gcothú na litríochta. Ceist eile fós is ea an tionchar atá ag nuatheicneolaíocht an aonú haois is fiche ar an litríocht: conas a théann cumadóirí na linne seo i ngleic leis na meáin nua dhigiteacha atá ar fáil dóibh? An féidir leo teacht ar phobail nua léitheoirí, éisteoirí agus breathnóirí trí na meáin shóisialta? Ní phléitear na ceisteanna sin sa leabhar, ach fós tá go leor guthanna úra éagsúla le clos sa roinn seo: san fhicsean eolaíochta a scríobhann Tim Armstrong, i saothar na bhfilí aeracha Crìsdean MacIlleBhàin agus Marcas Mac an Turnaeir, agus i saothar na mban atá níos líonmhaire i dtreo dheireadh an leabhair, mar shampla. Is léir go bhfuil glúin úr in Albain ag roghnú na Gaeilge mar mheán liteartha agus nach bhfuil deireadh ráite fós.

30 I réamhrá an leabhair, cuireann na heagarthóirí in iúl gur roghnaíodar téacsanna canónta agus is fíor gur téacsanna mór le rá cuid mhaith dá bhfuil sa leabhar. Ach, tá téacsanna neamhchoitianta ina measc seo leis agus tá réimse leathan guthanna agus tuairimí le clos ó thús deireadh. Is leabhar é a bhfillfidh daoine air arís is arís eile, dar liom, agus a chuirfidh go mór lena dtuiscint ar Ghaeil na hAlban. Tá áilleacht agus téagar ag baint leis na seoda liteartha sa leabhar a rachaidh i bhfeidhm ar léitheoirí. Bua eile a bhaineann leis an leabhar seo ná go mbeadh sé an-úsáideach d’éinne atá ag foghlaim Ghaeilge na hAlban agus ag tosú ar litríocht a léamh sa teanga sin — is cinnte go dtiocfaidh léitheoirí den sórt sin ar go leor údar a mbeidh fonn orthu a thuilleadh dá saothar a léamh. Locht amháin atá agam ar an leagan amach ná gur i ndiaidh a chéile a thugtar na téacsanna Gaeilge is Béarla — b’fhusa don bhfoghlaimeoir nó don té a chuireann suim san aistriúchán liteartha iad a chur i gcomparáid le chéile dá mbeidís taobh le taobh.

31 Is leabhar an-oiriúnach é seo do léitheoirí a bhfuil cur amach acu ar litríocht Ghaeilge na Éireann agus a bhfuil fonn orthu níos mó a fhoghlaim faoi thraidisiún liteartha na nGael ar an taobh eile de Shruth na Maoile. Tá na ceangail idir an dá thraidisiún liteartha casta mar a léiríonn, gan ach dhá shampla a lua, MacLeod (2004) agus Ní Annracháin (2011), saothair a phléann filíocht na scol agus an nuafhilíocht faoi seach. Ach is cinnte go músclaíonn an chomparáid idir an dá thraidisiún smaointe úrnua faoin dá cheann acu. Maíonn na heagarthóirí nach bhfuil Gaeilge na hAlban is Gaeilge na hÉireann ‘mutually intelligible in any meaningful sense’ (12), tuairim nach n‑aontaímse léi. Sílim gur fearr a oireann an ráiteas caolchúiseach seo a leanas ó Mháire Ní Annracháin:

On a daily basis… the ramifications of centuries of separation can be frustrating when the simplest of greetings elicit blank faces and phonetic differences induce a mild form of something akin to panic. However shallow the historical foundations of such obstacles, it does erect a formidable barrier to human communication. It can, to some extent, be turned to good advantage if approached in a ludic spirit and many entertaining hours have been, and are still, spent trawling wide-eyed through each other’s dictionaries. (Ní Annracháin 2011: 106)

32 Bainfidh an Gael Éireannach a úsáideann na haistriúcháin Bhéarla mar ghluais taitneamh as na bunleaganacha.

33 Chuir eagarthóirí an leabhair seo aidhm uaillmhianach rompu amach: ardán a thabhairt do litríocht na Gaeilge in Albain ón ré is luaithe go dtí an lá inniu chomh maith le léargas a thabhairt ar ionad na teanga féin in Albain ó ré Dhál Riata go dtí anois. Caithfear a rá gur éirigh leo an aidhm sin a bhaint amach.

Síle Ní Mhurchú

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Saothair a ceadaíodh

Bushe, P. (2013) Ó Choill go Barr Ghéaráin: Somhairle MacGill-Eain/Na Dánta. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

MacInnes, J. (1976–78) ‘The Panegyric Code in Gaelic Poetry and its Historical Background’. In: Transactions of the Gaelic Society of Inverness 50: 435–98.

MacLeod, W. (2004) Divided Gaels: Gaelic Cultural Identities in Scotland and Ireland c. 1200–c. 1650. Oxford: Oxford University Press.

MacLeod, W. agus Bateman, M. (eag.) (2007) Duanaire na Sracaire/Songbook of the Pillagers: Anthology of Scotland’s Gaelic Verse to 1600. Edinburgh: Birlinn.

Meek, D. (1996) ‘Saints and Scarecrows: The Churches and Gaelic Culture in the Highlands Since 1560’. In: Scottish Bulletin of Evangelical Theology 14: 3–22.

Meyer, K. (1890) ‘The Oldest Version of Tochmarc Emire’. In: Revue Celtique 11: 433–57.

Ní Annracháin, M. (2011) ‘Affinities in time and space: reading the Gaelic poetry of Ireland and Scotland’. In: Mackay, P., Longley, E. agus Brearton, F. (eag.) Modern Irish and Scottish Poetry. Cambridge: Cambridge University Press: 102–18.

Ní Shéaghdha, N. agus Ní Mhuirgheasa, M. (eag.) (1941) Trí Bruidhne, Leabhair ó Láimhsgríbhnibh 2. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

O’Grady, S. H. (1892) Silva Gadelica (I–XXXI): A Collection of Tales in Irish, Vol. 2: Translation and Notes. London: Williams and Norgate.

Ó Rathile, T. F. (eag.) (1926) Dánta Grádha: An Anthology of Irish Love Poetry (A. D. 1350–1750). Baile Átha Cliath agus Corcaigh: Cló Ollsgoile Chorcaí.

Tobar an Dualchais: http://www.tobarandualchais.co.uk/ [faighte 27 Meán Fómhair 2021]

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2022.
ISSN: 2009-8626